CELT document G402105

Do bhriseas bearnaidh ar Bhrian

Maol Sheachluinn na nUirsgéal Ó hUiginn

Whole text

    Do bhriseas bearnaidh ar Bhrian

     p.261

    MAOL SHEACHLUINN NA nUIRSGÉAL Ó hUIGINN.

  1. Do bhriseas bearnaidh ar Bhrian;
    ní gabhtha dhó mar dhímhiadh
    gidh bearna do brisde leam
    ar chisde fheadhma Éireann.
  2. Gé bhrisim air im aonar
    beirn le beagán iolfhaobhar
    brisidh caithbhearna ar chéad fear
    géag as aithreamhla aigneadh.
  3. Ní hionann agus é féin
    meinic bhriseas beirn n-aigmhéil,
    ar tuir mBearbha níor bhlaghas
    bearna as a bhfuil foltanas.
  4. Urchar beirne do bhriseadh
    dom iomarcaidh aigei-sean
    is béimeanna ar a mbí neimh
    is trí géirreanna gaisgidh.
  5. Dá mhanaois bhrisde bearna
    aige agus lann loinneardha;
    an tsoighead gémadh í ann
    nocha bí a hoiread agam.
  6. An t-arm ler bhriseas bearnaidh
    ar chuingidh clann dToirdhealbhaigh
    ní fhuil ag an dearccorr dhonn
    leathtrom nach cuir i gcomhthrom.
  7. Do-ríneas beirn do bhlaghadh
    air a hucht na healadhan
    cóir labhra dá char i gcéill
    mar tharla dhamh is doi-séin.
  8.  p.262
  9. Seacht leithbhliadhna do léigeadh
    gan chánaigh gan choimhéigean
    Magh Inghine an Sgáil far sgoil
    ó fhinnbhile Chláir Chobhthoigh.
  10. D'ionadh a n-áirgheadh nó a n-each
    ní coigillte ar chionn Chairbreach
    fear uaim i n-oirchill a gcruidh
    ná cluain oirchinn dá n-eachaibh.
  11. Mac Raghnailte an rúin chéillidh
    gabhais fearg an bhflaithfhéinnidh
    mar nar seachnadh uaim don fhior
    cluain a eachradh nó a áirgheadh.
  12. Ní nar bh'iongnadh dhó dá dhruim
    mh' fhearg mhór-sa re mac Domhnuill;
    lasaim go fear ar bhfeithmhe
    gur bhean asainn imirche.
  13. Brisdear agam 'n-a aghaidh
    bearna ar Bhrian Ó Conchobhair;
    a bhaile ránag a-rís
    tánag a bhaile i mbímis.
  14. Níor briseadh—beag dá uaisle—
    bearn air acht an aonuair-se
    ó aois leinbh gus an lá a-niogh
    gé tá re beirn do bhriseadh.
  15. Mar sin nach aithrisdir uaidh
    go ndearna an Cú ón Chraobhruaidh
    bas ghéigshlim far ghrádhach mná
    lámhach éigrinn acht aonlá.
  16. Lá dá raibhe i nDún Dealga
    Cú Chuluinn cruth naoidheanda
    óidh na gcuradh ar an gCoin
    slóigh Uladh i n-a fhochair.
  17. D'éis an óil ar n-éirghe a-mach
    dá bhfacaidh an fhian Ultach
    crann go nduille fheactha fhaon
    ealta ag luighe dá leathtaobh.
  18. Líonaid dá n-annsacht uile
    mná Cúigidh chlann Rudhruidhe;
    gá cur do budh deacra dháibh
    cur ris an ealta d'fhagháil?
  19.  p.263
  20. Do dhóigh a lámhach an laoich
    iarraid ar athair Chonlaoich;
    teilgthear uadh na heoin áille;
    fa tuar leoin is lúthgháire.
  21. Marbhthar le Coin an chleasraidh
    ar itghibh na n-inghean-sain
    na heoin don dírim dheaghbhan;
    fírrinn ceoil a gceileabhradh.
  22. Ar roinn na healta don fhior
    níor dhearmaid umpa acht Eimhear;
    do bhí ar Eimhir reacht fan roinn;
    deimhin nar chleacht an chomhroinn.
  23. Gealltar uaidh 'n-a éiric sin
    na céideoin eile d'Eimhir
    do thornfadh ar thaoibh an chnuic
    ó chraoibh na n-orchar n-orrdhruic.
  24. I gcionn trill teagaid go cách
    dá éan go n-éagcosg neamhghnáth
    —cia nach tabhradh óidh orra?—
    go slabhradh óir eatorra.
  25. Tug bainchéile Chon Culuinn
    grádh dearmháireach dofhuluing
    don cháraid iongantaigh éan
    thánaig d'fhionnochtaibh oiléan.
  26. Agrais Eimhear an fhuilt truim
    a chunnradh ar Coin gCuluinn
    fan dá éan gér dhainimh dhó
    gan sgéal 'n-a haighidh umpa.
  27. Dá uair nó a thrí teilgthear lais
    na heoin áille is níor amais;
    do bhí ar confaidh mar do chuir
    trí horchair tar na héanaibh.
  28. Feadh bliadhna ní dheachaidh dhe
    athtuirse na n-éan síthe;
    ní hiad imtheachta na n-éan
    as inleanta acht an t-uirsgéal.
  29. Gan éinéan riamh roimhe sain
    do dhul do dhaltán Chathbhaidh
    gan bheirn ar Bhrian do bhlaghadh
    riamh acht d'fheidhm na healadhan.
  30.  p.264
  31. Ní gabhthar géill na teangadh;
    bearn ar Bhrian do bhriseamar;
    níor thadhaill bheirn nachar bhris
    dá lamhainn a fheidhm d'aithris.
  32. Líon timchill gacha tíre
    i n-oirchill na hairdrighe
    rí Sligigh is sé sheolas;
    ní mé idir fhoillseoghas.
  33. Do-fheadar budh éigean damh
    cúl re cineadh a mháthar
    ar Bhrian muna bhear dá cheilt
    ar bhean a Trian an Tuaisgcirt.
  34. Fogus d'fhéin Mhurbhuigh mi-se,
    ní fhéadaim a innise
    mar do bhlagh a gclacha chuir
    's a chatha fa mhagh Murbhaigh.
  35. Ar Mhagh Luirg na learg solas
    dá n-áirmhinn a urradhas
    a ndearna Brian d'fhoghail ann
    do bhiadh 'n-a fholaidh oram.
  36. Na táinte bó do bhean díbh
    dá n-áirmhinn ar an airdrígh
    Fir Mhonach ní budh réidh rinn;
    i bhfolach go léir léigim.
  37. Síol Muireadhaigh is Manaigh
    do chuirfeadh im cheartaghaidh
    bheith ag tuirimh na dtreas thug
    bheas gidh duiligh a ndearmud.
  38. Goill Connacht do chur dom dhruim
    nó a n-iarmhoireacht ní fhéadaim
    a bhreatha troma ar a dtigh
    ná a chreacha orra d'áirimh.
  39. Ní fhuil éintír aca so
    nach bí cuid éigin aca
    ag gabháil le a chneas mar chailc
    d'fhagháil treas nó dá dtabhairt.
  40. Ní bhí anbhuain i nUltaibh
    ná coimhéirghe i gConnachtaibh
    nach é triath an Tobair Ghil
    as cliath chogaidh dá chairdibh.
  41.  p.265
  42. Cara ná deargnámha dhíbh
    ní fhuil d'urradh ná d'airdrígh
    d'fhine Chuinn dá gcuir leis-sean
    gan tuinn dá fhuil uimei-sean.
  43. Le foluibh uaisle iomdha
    is le tréidhibh tighearna
    do chosain Brian clanna Cuinn
    ó Bhanna siar go Sionuinn.
  44. Ní mionuighthear a Mumhain
    bearna ar Bhrian Ó Choncubhair;
    ní thig fian Eamhna dá fhios,
    bearna ar Bhrian gé do bhriseas.
    Do bhri.
  45. Bás inghine Í Bhriain do bhlagh
    mo chroidhe—créad nac blagh- fadh?
    do ghnáth ní lugha do lá
    mo chumha an tráth fa dteasdá.
  46. Móide do bhriseas bearnaidh
    m'onóir a hucht Toirdhealbhaigh
    gan chur ris i dtráth tugha
    ar chách do bhris bearnadha.
  47. Na trátha le mbrisinn beirn
    a chroch Dé, ar dheamhnaibh Ifeirn
    uaim ar dhearmad ag dola
    ní neamhlag uaidh m'arodha.
    Do bhri.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Do bhriseas bearnaidh ar Bhrian

Author: Maol Sheachluinn na nUirsgéal Ó hUiginn

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft

Extent: 1845 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Date: 2016

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402105

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript sources

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 3, 51 (alias 23 L 17: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1, 19).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 703, 69 (alias 23 H 8: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 17, 2134).
  3. Stonyhurst College, Stonyhurst MS (A ii 20), written by Conchubhar Ó Corbain 1701.
  4. Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, c. 1631.

The edition used in the digital edition

‘Do bhriseas bearnaidh ar Bhrian’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 261–265.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402105,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Do bhriseas bearnaidh ar Bhrian},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {261–265}
}

 G402105.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Maol Sheachluinn na nUirsgéal Ó hUiginn, an Irish bardic poet c.1400–1425

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic poetry; praise of patron; attack on poet; Maol Sheachluinn na nUirsgéal Ó hUiginn; 15c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2016-07-04: SGML and HTML versions created. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2016-06-30: Queries resolved using information from the Irish Bardic Poetry Database. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2010-11-10: New wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2008-10-13: Header updated; keywords added. (ed. Beatrix Färber)
  5. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  6. 2005-08-04T16:09:06+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  7. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1997-05-26: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  9. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402105.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top