CELT document G402109

Do thuit meirge catha Cuinn

unknown

Whole text

    Do thuit meirge catha Cuinn

     p.279
  1. Do thuit meirge catha Cuinn
    a-rís—ní rádh gan fhochuinn—
    gé fuair soin a rádh roimhe
    san ágh ar Mhoigh Mucroimhe.
  2. Cóir a-rís a fhriotal sin
    a ndubhairt draoi Airt Éinfhir
    comhrádh truagh a haithle Airt
    ar Chairthe an Druadh a-dubhairt.
  3. A-dubhairt mar a-deir sinn
    "meirge ó gCuinn do-chiú ar dtuitim"
    an dá sgéal do sgailt croidhe
    léan Airt is ar n-orchrai-ne.
  4. Art gémadh adhbhar toirse
    fa ríor ní hé m'fhochoinn-se;
    ní chuir sinn i gcás chumhaidh
    go bás chinn Ó gConchubhair.
  5. Tug ar n-anbhuain 's ar n-olc féin
    a ndubhairt—dia do mhíchéill—
    go bhfoil im chridhe a chumha
    an file ar Mhóigh Mucrumha.
  6.  p.280
  7. Dá thurnamh tháinig an n-olc
    meirge marcraidhe Connocht;
    ó a thuitim ní bhíd ar bun;
    dá dtuitinn is tríd thiocfadh.
  8. Re hucht a thrialla i dTeamhraigh
    móide um mharbhadh Thoirdhealbhaigh
    far gcaraid-ne mo chumha
    anaibghe na heasbudha.
  9. Do b'aidhbhseach adhbhar ar neirt
    go bhfuair an t-easgar oirrdheirc
    clann Luirc 's a dteachta dá thaigh
    ar dteachta a chuirp san chomhraidh.
  10. I gcaladh Bearbha do bhiadh
    i gcoinne re cath Gailian;
    dá maradh ar n-a mhárach
    do budh caladh conghárach.
  11. Do toirmisgeadh—truagh an cion—
    le síol Néill ar n-a-noirthear
    a choinne fa Chaol nUisge;
    do-roinne taom tubuisde.
  12. Mac Aodha, nar éar dámha
    suil fríoth fios a theasdála,
    i ndiaidh a thóroimhe tig
    Ó Briain Bóroimhe i mbráighid.
  13. Mac meic Toirdhealbhaigh—truagh linn—
    do bhí—níor bheag an inntinn—
    gion go raibhe i ndán da-san
    ar Thrágh mBaile a bhárda-san.
  14. Dá ghaol féin—ní fiadhach gar—
    nach truagh an treabhadh meanman?
    dá lár do lingeadh an Traoi
    dá milleadh d'ágh i n-aonlaoi.
  15. Is leo torchair—truagh an béad—
    an dream dar chóir a choimhéad;
    ní cóir gan chuimhne ar Chadaigh
    duilghe dhóibh a ndearnadair.
  16. A fhine ann gan fhuireach
    mar budh cineadh comhuidheach
    téid ar bhfaicsin na faille
    go géig n-aisdrigh nEochaille.
  17.  p.281
  18. Do ráidhsead ar gcur chuige
    tre bheith beagán sochruide
    'n-a aonar go raibh a-rís
    baoghal air nochan fhuighdís.
  19. Téid neach dá náimhdibh bunaidh
    aca i gcoinne Í Chonchubhair;
    gonais an tuir ó Chluain Caoin
    —ní guin do-chuaidh gan chomaoin.
  20. Fa goire bás dá bhiodhbhaidh
    gér luaithe lot Toirdhealbhaigh;
    do bhí sé 'n-a chosair chró
    's ní hé an rí ar tosaigh theasdó.
  21. Guin ó gach aoinfhear do fhuair
    dá dtigeadh—trom an anbhuain;
    do rad an rí goin fa ghoin
    an fad do bhí 'n-a bheathoidh.
  22. Ar dtuitim dá thaobh mar chailc
    gion gur bh'é a dhíol do dhíoghailt
    do bhí a bhiodhbha bonn ar bhonn
    is rí Cliodhna san chomhlonn.
  23. Níor fhulaing laoch Locha an Sgáil
    aithris marbhtha meic Damháin;
    ní fhuair an dream é i n-asgaidh
    ceann a ré gé rángasdair.
  24. A loit is lór do phudhair
    tír cháigh ar n-Ó gConchub- hair;
    dá chlannmhaicne is é do fhuair
    ré a adhlaicthe go n-anbhuain.
  25. Fear do mharbhtha, a mheic Aodha,
    tar éis maoidhte an mhíothaoma
    níor fhéad as do dhearnoinn deis
    an seanloinn ndéad far dhúinis.
  26. Mac Subhaltaigh is mar sin
    a bhas fa cheann a chloidhimh
    gan dol fa a dhéis do dhuine
    d'éis na Con 'n-a chróluighe.
  27. Níor beanadh a bais na Con
    le marcraidh Meidhbhe Cruachan
    sealbh a dhornchla re trí thráth;
    do bhí ortha 'n-a ursgáth.
  28.  p.282
  29. Gur cumadh—is cúis truaighe—
    cealg ar Choin na Craobhruaidhe
    mar budh beo corp an churadh
    gan tocht leo dá lámhughadh.
  30. "Éan" ar cách—ní cleasradh beag
    —is í cealg ar ar chinnsead—
    "níor ghabh riamh ós cionn na Con
    nach biadh i ngioll dá ghábhodh."
  31. Clann Cailitín—cleas neimhe—
    ós cionn chéile Eimhire
    dá fhéaghain an beo do bhí
    na n-éanaibh leo do leigthí.
  32. Ingheana an druadh i ndeilbh éan
    do dhul idir é is ai-éar
    Cú Chulainn, gidh bé do bhraith,
    do fhulaing é don éanlaith.
  33. As do haithneadh a éag soin
    aonmhac inghine Cathbhoidh
    mar nar ghoill cleas an chleitín
    san treas ar chloinn Chailitín.
  34. Meadhbh mar do maoidheadh an bás
    dírim laoch—fa lór d'uathbhás—
    do Leath Mogha do mheall sin
    dá gcora ar ceann an chloidhimh.
  35. Do b'é iomthús a ndála
    tríocha laoch gan leathlámha
    do-chuaidh don laochroidh ón loinn
    gan bhuain re caoimhChoin gCuloinn.
  36. Fágbhaid mar sin—samhail cháir—
    do loinn mbuadha id bhais ghéagbháin
    lucht doirtthe t'fhala i n-iorghail
    —mana a dtoitme, a Thoirdhiolbhaigh.
  37. Faobhar do loinne id láimh dheis
    dóigh go ndiongnadh a aithris
    —meisde a ngeall dá seachna sin—
    dá ndeachtha ar cheann an chloidhimh.
  38. D'iomarchaidh an fhir roimhe
    do lann, a laoich Bóroimhe,
    gá dtú acht do leigeadh id láimh
    gé do creideadh thú ar dteasdáil.
  39.  p.283
  40. Ag cosnamh an chuilg neimhe
    dhuit i ndeireadh aimsire
    gan neart iomromha id ghlaic ghil
    sbraic na hiomghona it aighidh.
  41. Ar ndul d'éag ní dheachaidh dhe
    an ghráin do gabhadh roimhe;
    do-chuaidh le laoch Locha an Sguir
    a fhraoch catha san chomhroidh.
  42. Ioth an talmhan ar ar thuit
    do-chuaidh uain-ne 'n-a éaruic
    ó do shúigh fuil na flatha
    an úir fhuil mar fhiadhracha.
  43. Don chumhaidh is cneasda sin
    a beith mar bhias a dainimh;
    a-tá toil cháigh le a chaoinimh
    le a bhfoil dháibh do dhomhaoinibh.
  44. Ar mo thoirse ní théid faill,
    mar sin fuaras a fochainn;
    meabhaidh ar mo ghuth ón ghol
    —uch ní le meadhaibh múchtor!
  45. Meisde bhím tre bhile Ó gCuinn
    ar mh'osnaidh an uair ghabhuim
    gidh mé as toirsighe dá thocht;
    ar dtoirsei-ne is é mh'annsocht.
  46. Beag do shíol Chuinn dá chumhaidh
    oidhre chloinne Conchubhair
    nar thruaill fíoch agus falta;
    dá dhíoth do-chuaidh Connachda.
    Do thuit.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Do thuit meirge catha Cuinn

Author: unknown

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft

Responsibility statement

Proof corrections by: Margaret Lantry

Extent: 1777 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402109

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 3, 125 (alias 23 L 17: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 703, 71 (alias 23 H 8: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 17).

The edition used in the digital edition

‘Do thuit meirge catha Cuinn’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 279–283.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402109,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Do thuit meirge catha Cuinn},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {279–283}
}

 G402109.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotation marks are temporarily retained.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By an unknown Irish bardic poet c.1200–1600

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry

Revision description

(Most recent first)

  1. 2010-11-10: New wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2008-10-13: Header updated; keywords added. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  4. 2005-08-04T16:09:23+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  5. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  6. 1997-05-26: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402109.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top