CELT document G402114

Fa ngníomhraidh measdar meic ríogh

Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

Whole text

    Fa ngníomhraidh measdar meic ríogh

     p.296

    GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.

  1. Fa ngníomhraidh measdar meic ríogh
    na bpreabsgor mear taobh re taobh;
    fa dheaghsdair na ndeaghmhac ríogh
    measdair gníomh na seangshlat saor.
  2. Ní breath as cáir uile d'fhior
    ar dhuine fa dháil a shean;
    ní fa fhréimh budh dleasda dol;
    measda fa mhodh féin gach fear.
  3. Fearr d'fhior a chlú 'n-a chlú mhaith
    iná a chrú ós chrú gach neich;
    is fearr modha flatha i bhflaith
    gidh maith rogha datha ar dhreich.
  4. Feirrde fear dá bhfaghbhadh hí,
    gidh eadh nocha n-adhbhar gnaoi
    gach ríoghradh ór chin a chré
    muna bhé gníomhradh fir faoi.
  5. Fear do-ghéanadh gníomhraidh ghloin
    do-ghéanadh míonmhuir don mhuir;
    d'fhiodh gan chnú is cnuaisleigheas sin;
    clú fir uaisligheas a fhuil.
  6. Fear saor is a bhladh dá bhrath
    dá char gion gur caomh a dhreach;
    ar ghnúis bhláith do-bhearthar guth;
    ní ar chruth cáich bearthar breath.
  7. Áille is feidhm calma re cois
    i ndeilbh dhamhna ro budh deis;
    a rádh gomadh saor crú a chnis
    ní taobh ris as dú ach lámh leis.
  8.  p.297
  9. Ag a mheas do-ghéabha ghnaoi
    gion gur feas na fréamha ó mbí
    gníomh arnaidh madh eadh ro-né
    fear gidh bé ar talmhain ó dtí.
  10. Damhna ríoghradh nocha roich
    a ngníomhradh chalma do chleith;
    d'éis gach ríogh méaraidh a mhaith,
    a ghníomh do fhlaith béaraidh breith.
  11. Mac ríogh ó nach rach i bhfad
    dá bhrath ar ghníomh a ghlac mbog
    tar ceann a dtibhre 's a dtug
    rug geall inmhe munar ob.
  12. Mac saoirríogh dá seoltar dán
    d'aoinshíol agus Eoghan Mór
    ní thig re ré an raimheic ríogh
    gníomh ar nar ainic sé an slógh.
  13. Diarmuid Mág Carthaigh Chuain Dor
    na sluaigh 'n-a dhaghthaigh ag dul
    maith gach triath ann is gidh eadh
    gan fhear tar barr gCliach do chur.
  14. Téid a fheidhm do dhearbh gach drong
    tar a dheilbh—gá dealbh as fhearr?
    uaisleacht a bhfoil d'fhíonfhuil Ghall
    ní thall soin dá ghníomhaibh geall.
  15. Báidh leam bhar dteisd ar thuir Chua;
    ar chuir dá ceann ní ceisd dó
    tar méid mílidh gé théid tú;
    sínidh 'gad chlú méid as mhó.
  16. Do rígh gion go rabhtha id mhac
    do sgarfá re sín an sioc;
    dá measda i n-ágh gníomh do ghlac
    cneasda mac ríogh do rádh riot.
  17. Bhar dtuigse ann is bhar n-aoibh,
    a chlann Chuirc-se 's a chlann Táil
    méin mhaith uaibh-se gé do fhuair
    uaidh féin as uaisle flaith Fáil.
  18. Oilill is Corc agus Conn
    is don fhoirinn a fholt fann,
    Dá Thí Theamhra agus Bé Bhionn;
    cré na dTrí bhFionn Eamhna ann.
  19.  p.298
  20. Athair a chomhanma chaoin
    fachain roBhanbha do réir
    Cormac mhac Muireadhaigh mhóir
    slat don fhóir fhuineadhaigh fhéil.
  21. Cormac Mór athair an fhir
    i gcathaibh níor clódh a sdair;
    do dhoirt dream armach a fhuil
    i Muigh thamhnach do fheall air.
  22. Giall dá dhaghmhac ro ba dú;
    Cormac ó nar chian a lá
    ríoghaid fuineadhaigh fear Cua
    Ua Muireadhaigh do mhear mná.
  23. Ag coimhdhíoghail Cormaic Mhóir
    dá roghlaic shoighníomhaigh shaoir
    do thuit foirionn úr le fhéin
    ó Fhéil go Dún gcoidhfhionn gCaoin.
  24. Ua fialBhloid gér chabhair cách
    Diarmuid aghaidh ar gach iath
    níor sguir fa athair a fhíoch
    gur chuir díoth ar chathaibh Chliach.
  25. Tug go huathadh iolar sluagh,
    a shiobhal fa ruathar ríogh,
    do dhíthigh náimhde i ngort ghliadh
    gur iadh im Phort Láirge a líon.
  26. Ar síol mBriain do ba beart doirbh
    ar dteacht i ngliaidh níor ghníomh meirbh
    do chuir im Ghleann Maidhir maidhm
    i sbairn fa cheann blaighidh beirn.
  27. Mac Cormaic Mhóir do ghabh greim
    ris nar ghabh tóir 'n-a tóir thim;
    a rian budh cartha dá chloinn;
    riar Goill ní lamhtha re linn.
  28. Mór gclach do claonadh re chois,
    mór gcath budh bhaoghal do bhris,
    d'aithle thugha gach Ghoill ghlais
    budh lais Mumha gan roinn ris.
  29. Ag sin Diarmaid más lór libh
    is an Diarmaid Mór nach mair;
    rí Breagh trá fa tairm an fhir,
    fear ór chin a-tá a ainm air.
  30.  p.299
  31. Ionann dáibh arm, ionann gníomh,
    ionann tarm áigh, ionann séan,
    ionann ainm a n-aithreach saor,
    acht gairm na gcraobh dtairtheach dtréan.
  32. Fear é as inDiarmada Mhóir
    ar ghné, ar bhinnfhialbhuga, ar bháigh;
    a ghníomh san Diarmuid fa dheoidh
    agus treoir ríogh fhialbhuig Fháil.
  33. na feadhna ar a bhfoil sliocht
    léir soin i n-earla na n-alt,
    feidhm na mBrian, laomhdhacht na Lorc,
    rian na gCorc, aobhdhacht na nArt.
  34. Gidh uaisle an glan faltúr fial
    ó Artúr dána gar a ghaol
    méin Éireannach ní holc dhún
    fa fholt úr chéimeannach chlaon.
  35. Trí Domhnaill theas im ua dTáil
    —i dtreas budh doghraing a ndréim—
    trí Toirdhealbhaigh don taoibh thuaidh
    mun sduaidh saoir roighreadhnaigh réil.
  36. Dá Chonchobhar, dá Thadhg thall
    dá dtard tromthoradh an tonn,
    trí Cormaic theas ceann i gceann
    im an seang n-orrdhraic ndeas ndonn.
  37. Dá cheinnbhile nar chríon dos,
    dá dheirbhfhine an ríogh ó Rus,
    sódh na leomhan bhfial ro feas
    Eoghan Mór theas, Brian i-bhus.
  38. Airde a chrú is comhardha dhúin
    ar chlú na rodhamhna ón fhréimh;
    ní bhí ar mearughadh é uaim;
    fuair sé a mheadhughadh dá mhéin.
  39. Méin an chomhanma ór chin sé
    sa rodhamhna a Tigh Dá Thí
    —fa gein bhuadha oile é—
    is é as ghloine ad-chuala i gclí.
  40. A thréidhe i nDiarmaid as dluigh
    —fa réidhe thiaghmaid 'n-a thoigh,
    réidh an céidDiarmuid ór chin—
    fan gcéibh dtigh ngéigfhiarbhuig ngloin.
  41.  p.300
  42. Mac mheic Domhnaill athlaimh Óig
    ris nach gabhthair radhruim róid
    's a chaomhchrú do chin mun ngéig
    fa aonchlú acht méid an fhir óig.
  43. Casnaidh báidhe gidh bé dhíbh;
    áille ná gach cré an dá chraoibh;
    geall fhir dá chéile níor cháir
    do dhá chéile cláir ghil ghaoil.
  44. An té aca as aithnid dhamh
    nocha bhfaca a aithghin d'fhior;
    ós ag luadh saorchlann a sean
    sduadh Bhreagh an t-aonchrann ós fhiodh.
  45. Ó do-chóidh comhainm an laoich
    —níor chomhainm ris nach cóir tnúith—
    gan fhear gcoimhghníomha an fhéil áith
    fa chéibh dtláith ndoinnmhíolla ndlúith.
  46. Rí ó theaghlach ar a mbia bladh
    lia Teamhrach Dá Thí a theagh;
    uathadh a ghlóir a fhiú d'fhior;
    "is liú sriobh iná Bóinn Bhreagh."
  47. Ní hionann rí is Diarmaid díbh,
    ní ó Dhiarmaid dá gach dháimh;
    "ní meadh mínleach agus móin"
    fírbhreath as cóir ar fear bhFáil.
  48. Is é tarbhdhamh thuairfeas ghnaoi;
    adhnadh a nuaichleas do-ní;
    ní samhalta re cruth a chré;
    is é an sruth rabharta an rí.
  49. Is é an bile ós chronn chuir;
    fonn a chridhe nachar cheil;
    is é an fíon dearg ós gach dhigh;
    ceard gach fhir do dhíol a-deir.
  50. Is é géag dhean as doirbh ngleac;
    ar theagh séad ní soirbh a lot;
    is é ar mbunadh bói-ne 's brat,
    mac Móire agus curadh Crot.
  51. Fríoth Solamh dá char i gclí;
    an damh i n-a rodhamh Ré;
    giolla a hoirear bhraonghlan Bhaoi
    mar laoghdhamh naoi n-oigheadh é.
  52.  p.301
  53. Gan síoth meabhla 'gun fhial ard
    do dhíoth feadhna dá mbiadh borb;
    an sruth as mhó is moille fearg
    ní dearg i ló coinne a cholg.
  54. Ar fhios mheic mheic Domhnaill dún
    do badh doghraing gleic re ghníomh
    feilm chathardha 'n-a dá clár
    ó fheidhm lámh rachalma an ríogh.
  55. A lámh dheas re díoth gach laoich,
    lámh nar fríoth i dtreas go tláith,
    lámh chlé re congmháil a sgéith
    is é i gcléith re corrgháibh cháich.
  56. Cóir do chách a chíos dá chionn;
    is gnáth bhíos idir bhróin reann
    a ghlac roigheal chaomh fa chrann
    barr saor a throigheadh re teann.
  57. Mac Cormaic béilgheabhaidh beirn
    le a chorrshlait ngéirleabhair nguirm;
    téid tar feartais mara ag maidhm
    re baidhbh ndearcglais Bragha Boidhbh.
  58. Fear dá thoigh ag tarraing deoch
    a gallaing is a groigh each;
    mar leagar bréid longa ar loch
    tonna ar dhá roth théid 'n-a theach.
  59. Deoch le bhfalchair gile a ghruadh
    d'Ú Charthaigh 's a hibhe a hór;
    badh dearg gruaidhlearg gnúise an ríogh
    re a crúi-se ó fhíon fhuairdhearg d'ól.
  60. Ríoghdhámhna ar nach céaltar clú
    féaghtar tre mhíonabhra mhná;
    ní cian uadh an t-ainm as mhó
    a ghairm dhó is dá thuar a-tá.
  61. Diarmuid Cliach, cara na ndámh,
    ar dtriath is ar ragha ríogh,
    ní d'fhaghbháil teasda gan tuar
    measda sduadh Ghabhráin fa ghníomh.
    Fá ngíomhraidh.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Fa ngníomhraidh measdar meic ríogh

Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft

Responsibility statement

Proof corrections by: Margaret Lantry

Extent: 2355 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402114

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 3, 7 (alias 23 L 17: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 2, 157 (alias 23 F 16: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).

The edition used in the digital edition

‘Fa ngníomhraidh measdar meic ríogh’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 296–301.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402114,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Fa ngníomhraidh measdar meic ríogh},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {296–301}
}

 G402114.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotation marks are temporarily retained.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Gofraidh Fionn Ó Dálaigh, an Irish bardic poet (1320–1387) c.1340–1387

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; 14c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2012-06-21: Header modified. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-10: New wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-13: Header updated; keywords added. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:09:50+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1997-05-27: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402114.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top