Eochaidh Ó hEoghusa
Whole text
- Fód codarsna críoch Bhanbha;
mór d'uaislibh na hathardha
taoth ar sgáth oiléin na n-olc
fan gnáth doimhéin do dhúsocht. - Iomdha leacht Ghoill is Ghaoidhil,
iomdha éacht do b'ionmhaoidhimh,
iomdha oil úir san eing-se
re goimh thnúidh 'n-a timchill-se. - Ríoghraidh Ghall, Gaoidhil Bhanbha,
gnáth leo lot na hathardha
re gomh croidhe dá chéile;
blogh oile dá haimhréidhe. - Meinic a-niodh 's a-nallain
miosgais chroidhe ag cniochtGhallaibh
do chloinn mhéirsheing Ghaoidhil Ghlais
fa Éirinn bhfaoilidh bhfoltchais. - Meanma chroidheamhail chogthach,
aigneadh doiligh díoghaltach
dóibh sin ag saorchath Banbha
fir na n-aolchlach nAllmhardha. - Lucht inghreama Innse Fáil
's clann mhillteach Mhíleadh Easbáin
casmhail a rún dá-roile
fa Mhúr n-arsaidh n-Úghoine. - Eagla cniochtGhall re a gceanaibh
eagla Ghall ar Ghaoidhealaibh
's gan ghlas fa éineing orra
ní has d'Éirinn eatorra. - Gidh eadh ní hionann gach olc
is anbhuain fhairche Chonnocht,
achadh cuaingheal na gcall sean,
ó bhuaidhreadh Ghall is Ghaoidheal. - Sluagh Danar ar dhruim a cean
ar olc re huaislibh Ghaoidheal
tír na sruth bhfaoilidh bhfosaidh,
Gaoidhil san chruth chéadna-sain. p.303 - Tnúthach bhfoghla re fada
Goill is mac Meic Diarmada
—mór d'éintír ionnramh a n- olc—
fa fhionnmhagh gcéichtmhín gConnocht. - Ní choisgid aonlá d'fhoghail
Goill Fhódla d'fhuath Chonchobhair;
bídh amhlaidh ar fhuath na nGall
faghlaidh a dtuath 'n-a dtiomchall. - Ní lugha as mhillteach mac Taidhg
ar iath Cruachna an chláir mhínaird
tír bhreaclongach na mbruach slim
d'fhuath eachtronnach 'n-a inntinn. - Mór longphort do leagadh lais
feadh cogaidh an duinn dearcglais
's níor tógbhadh dún ná diongna
san mhúr fhódghlan oireaghdha. - Gidh eadh is easbhaidh air féin
gach cion gnáth, gach greas aigmhéil,
gach díbhearg dá ndéanann sain,
fa réadhfhonn mhíndearg MaonMhaigh. - Budh aithreach leis uair éigin
iath Cruachna an chláir mhínghéiggil
muighe slaitgheala síon dte
gan aitreabha ríogh roimhe. - Caithfidh cuingidh Cláir Meadhbha
bheith ag ól fleadh bhfíneamhna
—náir don tairngeartach ros togh—
fa ghairbhleachtach cláir Chruachan. - Gach brugh dar bhris go talamh,
gach lios dar loisg Conchabhar
budh saothrach ar a ghruaidh ngil
ag uaim aolchloch 'n-a n-áitibh. - Adamar tar éigceart nGall
budh fuar do dhruim a ndéanann
ráth shéadChruachan na sreabh dte
fa éadnuachar ngeal nGaillmhe. - Seinbhean na ríogh, Ráth Cruachan,
go mbia cuimhne a chreachruathar
saoilim—gion go saoiltir lais—
'gun mhaoilinn bhraointigh bheannghlais. p.304 - Tuigthe dhamh gé deirim sain
do nós bhan nach bí Cruachain
iosdadh úr oileamhna Chuinn;
roidhiomdha dhún mar dearaim. - Luighfidh air d'éis a ndearna;
ní bhia cuimhne a céidmheanma
glac as créachtdomhain ó chath
ag séantolaigh mhac Mághach. - Ráth Meadhbha na múr líggeal
fiú a bhfuair d'ulc dá himdhídean
do bhiodhbhaidh Bruighne na bhFionn
cuimhne ar dhiomdhaidh nach dligheann. - Meinic riamh do rinneadh sain
ag díon Chonnacht d'Ú Eoghain
gníomh neamhthláith i n-uair fheadhma
fa chreachráith bhfuair bhfinnMheadhbha. - Meinic lingeas leirg dtroda
re cathaibh chlann nDiarmuda
tre bhróin ngéirreann síothghlan sean
ar léibheann bhfíochmhar bhféinneadh. - Meinic dhoirtear i ndeabhaidh
d'fhuil chodhnaigh chlann Muireadhaigh
ceatha braon ndorus ndomhain
fan dtaobh solus síodhamhail. - Adhbhar omhain dá dhreich dhuinn
a bhfuil d'airrdhíbh Chon Culuinn
san ghríbh dhreachmhaordha ón Mhuaidh mhir
dá neamhchaomhna ar uair éigin. - Cú Chulainn an chroidhe mhir
níor chuir riamh i rinn éigin
bríogh i gcréachtnughadh a chuirp
síol na n-éachtchuradh n-orrdhuirc. - An tráth fa dtigdis uile
i gCúigeadh chlann Rudhraidhe
níor bh'uamhan le beithir mBreagh
sluaghadh na gceithir gcóigeadh. - Fir Éireann d'aonrún cogaidh
d'éis na Tána tángadair
d'fhios Eamhna na mbánshroth mbinn
ealbha ánrath fa Oilill. p.305 - Lingis i lámhaibh Ultach
an Cú fíochdha fóbartach
tré bhróin gcrannruaidh choille reann
i gcoinne armshluaigh Éireann. - Innlid ar Choin na ceardcha
a gcleasa áigh inneallta
uaisle an chuire chneisghil chaoimh
sa bhreisligh uile d'aontaoibh. - Leathtrom muinntire Meidhbhe
don chur-sa ar Magh Muirtheimhne
téid soin ar chéadfaidh catha
do Choin éachtaigh fhionnMhacha. - Gidh eadh tar éis a ndearna
ar chathaibh Chláir seinMheadhbha
do créichtchiorrbhadh cneas an Chon
sa treas éichtiongnadh uathmhar. - Cuiris láimh—lór do phudhar—
d'eis a chuirp do chréachtnughadh
slat do b'orsa d'fhine Ír
ar cridhe an Chon-sa an chleitín. - "An croidhe ad-chiú ar n-a tholladh
go dul orm ní fheadamar
gur neamhchruaidhe ná cur cloch"
ar cur fearchuaine Ultach. - "Gé a-tá a-niogh 'n-a chosair chró
ní shaoil mé—móide mh'iarghnó—
narbh iarann cruaidh mo chridhe"
ar sduaidh ghrianfhonn Gháiridhe. - "Bheith dom chroidhe d'fheoil nó d'fhuil
dá saoilinn" ar Cú an chleasraigh
"fa chlár sreabhghlas na mbeach mbinn
leath a ndearnas ní dhingninn." - Mar sin narab séad samhail
bheith i gcath, a Chonchabhair,
gan ghuais fhuileachaidh d'arm ort,
a bhadhbh fhuireachair éadtrocht. - Saoiltear leat le linn deabhtha
croidhe iarainn aithleaghtha
's gan sgáth a chréachtghoine id chorp,
a bhláth céachtMhoighe Connocht. p.306 - Dar leat bídh lúireach Logha
i gcath fad chneas míontana
red dhimbríogh i ndíon do chuirp,
a ghríobh na n-ilghníomh n-orrdhuirc. - Nó saoilidh tu-sa, a thaobh slim,
go mbí airm Uair mheic Tuirinn
id bhais tslim ghéiggealtais ghloin
i rinn éigeantais agaibh. - Munab eadh, is iongnadh linn
mar thig tu-sa toisg innill
saor i gcéidrinn gach chatha,
a chraobh ghéigshlim ghormMacha. - A aigneadh fosaidh feithmheach,
a ghus reachtmhar ríbheithreach,
a dhreach shlim níamhsholuis náir,
a ghrianfhorais fhinn Fhuaráin. - A éigne ón Charraig chladhaigh,
a phosd catha, a Chonchobhair,
a ghnúis ghairthe re dtéigh tol,
a réim aithbhe dá hanfadh. - A leac thairsigh na troda,
a choiléin chlann nDiarmoda,
a bholg fichigh fionnshroth dtréan,
a chrithir shiobhlach shoighnéan. - A-tá im chunnradh re a chéibh dtigh
rann do ghnáth d'Aodh Mhág Uidhir,
géag armghonta ón mhínFhinn mhuill
d'fhírrinn adhmholta oruinn. - Fiacha oram-sa amhlaidh sin
inghean Domhnaill, dreach fhaoilidh,
dlighidh sin míonrais molta
dá síodhbhais dhil dhonnchorcra. - Díoghrais mholta dá dreich dhuinn
ní fuláir d'inghin Domhnaill;
clú a saorathar is dual dí
sduadh ó chaomhachadh Chairbre.
Fód.
Fód codarsna críoch Bhanbha
p.302EOCHAIDH Ó hEÓGHUSA cct.
Document details
The TEI Header
File description
Title statement
Title (uniform): Fód codarsna críoch Bhanbha
Author: Eochaidh Ó hEoghusa
Responsibility statement
Electronic edition compiled by: Margaret Lantry
Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.
Edition statement
2. Second draft
Responsibility statement
Proof corrections by: Margaret Lantry
Extent: 1845 words
Publication statement
Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt
Date: 1997
Date: 2008
Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.
CELT document ID: G402115
Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.
Source description
Manuscript source
- Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, 393.
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 3, 64 (alias 23 L 17: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
The edition used in the digital edition
‘Fód codarsna críoch Bhanbha’ (1938). In: Dioghluim Dána. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 302–306.
You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:
@incollection{G402115, editor = {Láimhbheartach Mac Cionnaith}, title = {Fód codarsna críoch Bhanbha}, booktitle = {Dioghluim Dána}, editor = {Láimhbheartach Mac Cionnaith}, address = {Dublin}, publisher = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]}, date = {1938}, pages = {302–306} }
Encoding description
Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling declarations
All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.
Editorial declarations
Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.
Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.
Quotation: Quotation marks are temporarily retained.
Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.
Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.
Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.
Reference declaration
The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.
The title of the text is held as the first head element within each text.
div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).
The numbered quatrains provide a canonical reference.
Profile description
Creation: By Eochaidh Ó hEoghusa, an Irish bardic poet c.1590–1617
Language usage
- The text is in Classical Modern Irish. (ga)
Keywords: bardic; poetry; 16c; 17c
Revision description
(Most recent first)
- 2010-11-10: New wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
- 2008-10-15: Header updated; file validated. (ed. Beatrix Färber)
- 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
- 2005-08-04T16:09:54+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
- 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
- 1997-05-27: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
- 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))