Fearghal Óg Mac an Bhaird
Whole text
- Fogus furtacht don tír thuaidh,
fogus furtacht dí dom dhóigh,
tiocfa d'Aodh rer-oile a huaim;
don taobh thuaidh is goire an ghlóir. - Broid an chóigidh saorfaidh súd;
fóirfidh ar ghaoltaibh a ghéag
an t-Iarla oirbheartach óg
griangha ó fhód ghoirmealtach Ghréag. - Dá dhaghfhádh fa díleas rún
Fítheal is Dallán na ndámh
i gcuimhne ríomhthair a-raon
fíorfaidh Aodh fuighle na bhfádh. - Muaidh is Doire is Dún na nGall
agus múr Oiligh 's an Fhionn
's ní sa mhó—ní míobháidh leam—
dó do gheall an fíorfháidh Fionn. - Na Conaill fhíre as fhearr buaidh
dar gheall Coluim ríghe róinn
ná saoilidh nach ba dhíobh dhúinn;
bíodh súil gach Gaoidhil re glóir. - Ar labhair Cormac Ó Cuinn
ní samhail d'orchar re haill;
d'Aodh Bhreagh acht go triall tar tuinn
Treabh Chuinn ní ba fiadh ar faill. - Glóir a gharma iarrfaidh Aodh,
triallfaidh le chabhlach tar cuan,
líonfaidh beannBhanbha na mBrian,
fíorfaidh thiar seanlabhra suadh. - Géisfidh an Ana re n-Aodh,
na slata géisfid dá ghrádh,
géisfidh gach ní do-ní nuall,
géisfidh an cuan dá dtí i dtrágh. - An Loch Léin-se léigfidh gháir
an Éirne géisfidh re a ghlóir;
cuirfidh meanma ar gach dúil díbh
Súir mhín agus Bearbha is Bóinn. p.308 - Mar bhóchna bhailbh briathar mall
an griangha dá ghairm a-nonn
ar tí a gharma ceann i gceann
budh teann labhra na dTrí dTonn. - Na feadha ag claonadh dá gcloinn,
na gaotha ag gealladh Í Chuinn,
tug a dháil go domhan Finn
foghar binn re tráigh ag tuinn. - Don sgoith Bhreagh-sa do bhí i ndán
gach ní do gealladh dá ghaol;
an cuire do imthigh uainn
fillfidh a mbuaidh uile ar Aodh. - Clann Dálaigh fan teo gach toil
do-chádair mar cheo do mhuigh;
do sóigh an chrobhuing ór chein
glóir i dtreibh Chonuill do chuir. - Go bhfagha tuir Tholcha Floinn
do chomhdha a chuirp ar gach chaill
an ré do bhean Dia don druing
nach bia d'íbh Cuinn fear ar faill. - Lór go fóill a ndeachaidh dhíbh
pór budh tóir ar Thealaigh bhFáil,
an choimhdhe ar ar cuireadh uaigh;
nár thoirne uainn m'fhuigheal áir. - Creach eile ní fhuighe an tnúth;
meinic budh cuirthe do chách,
fa ruire tilidh na dtuath
sighin luath is guidhe ghnáth. - Lór don fhormad teacht rer dtréan,
's ar gcomhlot do theacht dá thaobh,
rogha ar gcuaine aga i n-úr;
nár ghada an tnúdh uainne Aodh. - Do bhí sochar bánfhuinn Briain
ó Chonga go Máluinn mín
síos re fánaidh ar feadh fúinn
gur bhean tnúidh Í Dhálaigh dhínn. - Dá fhoichne a haonchrobhuing iad
naomhCholuim roimhe i ngach ród
Críosd cáidh le griangha na nGréag;
ní dáigh d'éad an t-Iarla óg. p.309 - Flaith dan cóire Teach Dá Thí
ná meas ar a óige é;
gach glóir fa dheoidh fearfaidh faoi;
leathfaidh a ghnaoi do dheoin Dé. - Dá mhórrath budh fogus fás
is dá mhórdhacht dola i ndlús;
teas caol do-ghabhar re ngríos;
caol bhíos gach tamhan ar tús. - Ní i n-aoinfheacht ghealas an ghrian,
ní i n-aoinfheacht treabhthar an tuar,
biaidh neart Ó nEachaidh ag Aodh;
teacht caol ag deathaigh is dual. - Beanfaidh a chasnaidh d'Fhód Ír;
gidh óg budh harsaidh a threoir;
ar Bhanbha thonnmhaill budh tóir
glóir garma Í Domhnaill fá dheoidh. - Do chleacht go dlúith doghraing reann
ceap Ó Domhnaill Dhúin na nGall;
ag uaim róidlearg na dTrí dTonn
do bhí Conn 'n-a óigleanbh ann. - Conn Céadchathach ceann gach slóigh
fa teann ar éachtAchadh n-Ír
rí Breagh do hanadh re a uaim;
'n-a thamhan fuair Teagh an Trír. - Posd cothuighthe na gcóig sgol
Conaire Mór fa mór seadh
fuair glóir dá thaghadh ó thal
do ghabh 'n-a thamhan Bóinn Bhreagh. - Fós ós chách do-chuaidh 'n-a am
go hág ar an uair do b'fhearr
Iath Breagh do chosain dá chionn
do gheabh Fionn ó thosaigh teann. - Ar an nós-sain—ní nós
nár—
acht gidh óg órfaidh a ghaol;
cia an fádh nar tharngair a thréan
séan 'n-a bhládh amhlaidh ar Aodh? - An dream fhuair go hóg tre aoibh
gach fód um Bhuais is um Bhúill
is Cliodhna is Bóinn is Teach Táil
mar do-chóidh dháibh go ndeach dhúinn. p.310 - Gar dar ndoghraing dola ar gcúl;
fogas d'Ú Domhnaill ar ndíon;
leathfaidh ar gcomhtha um gach gcuan,
beanfaidh ar snuadh dorcha dhíonn. - Snuadh dorcha ar gach aoinneach uaidh
orchra Gaoidheal diaidh i ndiaidh;
bláth gach abhla ag dubhadh dhóibh
culadh bróin fa Bhanbha Bhriain. - Snuadh na horchra ar Thealaigh dTé
le dorchacht ní dhealaigh sí;
meadh do Bhóinn tairthigh an Traoi;
do mhnaoi bhróin is aithghin í. - I mbrón na Traoi tarla ciall
an tann-sa do bhaoi gan bhríogh;
múradh a clach damhna déar
tarla léan do rath a ríogh. - Fóir Gréag iar ngabháil na Traoi
dá hanáir nochar fhéach sí;
dá port úr do b'eagar clé,
do leagadh lé go húr í. - Bile réidh dá fiodhbhaidh féin
is é do b'ionchuir dá huaim;
an obair do bhí gan bhrígh
do thogaibh Prímh hí ar n-uair. - Toigéabhaidh toimhse na múr,
toigéabhaidh toighe na naomh,
tulach sgaithmhín Dá thí thiar
dí ar dtriall budh haithPhrímh Aodh. - Cosmhail re cóirgheadh na Traoi
mar fhóirfeas ar Tulaigh dTé;
tír 'n-a loighe tír Dá thí,
dí goma Prímh oile é. - Bóinn bhordbhláith na seintreabh
séimh
do thogbháil a teinnteach mbúidh
le grádh tar grinneal an chuain
filleadh fa bhuaidh i ndán dúinn. - A-táid na toirthe a-tá an úr
mar tá gach foichne 's gach fádh
's an ghaoth ghuithbhinn dár súr siar;
triall tar sruithlinn dún i ndán. p.311 - Cuireadh le mbréagfa i mbrugh
Floinn
tug an Téamhagh go n-a thuinn
is na neoil fhlatha re a linn
's na heoin do rinn catha ó gCuinn. - Mar sin do Laoi 's do Loch Cuan
's don Bhaoill i nglas acht a ghlár;
rg bhailbh ad-bhath a bríogh;
clach na ríogh dá ghairm tre ghrádh. - Aodh Lighean dá ngabhar greim
dá ndlighthear ragha agus roinn
—bíodh a chiall ag cathair Chuinn—
rachaidh tar tuinn go Fiadh Floinn. - Iar ndul tar lear béaraidh buadh,
géabhaidh gach ar ghabh a ghaol,
cuirfidh na talmha fa thréan;
luighfidh séan a anma ar Aodh. - A-tá lais go Fiadh na bhFionn
cairt ó Niall is cairt ó Chonn;
ní bhia taobh re cúirttreibh crann;
fúigfidh thall gach aon 'n-a fhonn. - Fillfid a bhrughaidh le báidh
fillfid a urraidh tre aoibh
go fleisg Éadair san taoibh thuaidh
's ar sgaoil uaidh dá ghéagaibh gaoil. - Biaidh roineart ag dáimh fa dheoidh,
biaidh gach oireacht 'n-a n-áit féin,
biaidh ana ar adhbha gach naoimh,
gabhla im chraoibh dá chara i gcéill. - A croidhibh cáigh cuirfidh fíoch,
suidhfidh le cáir idir chách;
le reacht bhinn báithfidh an fuath;
cinn a thuath táithfidh 'n-a thráth. - Caor bhuadha ler tuilleadh toil
ní chluinim, ní chuala, a sdair,
fíor flatha nach fuair a fhuil;
ní fhuil buaidh gan fhatha air. - Iúl fíorghlan le bhfuigthir saoi,
do ríoghadh re gcuingidh Cé
don tréad darbh iomchubhaidh í
céad acht rí ós thiormThulaigh Té. p.312 - Gach annáil dá laoidheadh linn
branáin Gaoidheal druim ar dhruim
a-táid fa Mhál Fine Floinn
's na Goill as sine i gclár Chuinn. - Mac Brighde fa mbloghthar dair
budh hinmhe an bronnadh do-bheir;
treabh seanAirt ó mhuir go muir
do gheabh fuil Gearailt ór ghein. - Gnáth méin gach con i n-a cuan;
a-tá ag dréim re dol tar sál;
do Rudhroidhe do oir Aodh
craobh chumhraidhe re bhfoil fádh.
Fogus.
Fogus furtacht don tír thuaidh
p.307FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
Document details
The TEI Header
File description
Title statement
Title (uniform): Fogus furtacht don tír thuaidh
Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird
Responsibility statement
Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry
Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.
Edition statement
2. Second draft.
Extent: 2271 words
Publication statement
Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
Address: College Road, Cork, Ireland— http://www.ucc.ie/celt
Date: 1997
Date: 2008
Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.
CELT document ID: G402116
Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.
Source description
Manuscript source
- Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, 197.
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 625, 277 (alias 3 C 12: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 16).
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 4, 80 (alias 24 P 27: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 564, 57 (alias 23 N 26: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 14).
Further reading
- Pádraig Ó Macháin, Poems by Fearghal Óg Mac an Bhaird, Celtica 24 (2003) 252-263. [Survey article about Mac an Bhaird's oeuvre with further literature.]
- Lambert McKenna, 'To Aodh Ó Domhnaill', Irish Monthly 55 (1927) 468-73.
The edition used in the digital edition
‘Fogus furtacht don tír thuaidh’ (1938). In: Dioghluim Dána. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 307–312.
You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:
@incollection{G402116, editor = {Láimhbheartach Mac Cionnaith}, title = {Fogus furtacht don tír thuaidh}, booktitle = {Dioghluim Dána}, editor = {Láimhbheartach Mac Cionnaith}, address = {Dublin}, publisher = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]}, date = {1938}, pages = {307–312} }
Encoding description
Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling declarations
All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.
Editorial declarations
Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.
Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.
Quotation: There are no quotations.
Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.
Segmentation: div0=the poem. Pagebreaks are marked pb n="". Metrical lines and quatrains are marked and numbered.
Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.
Reference declaration
The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.
The title of the text is held as the first head element within each text.
div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).
The numbered quatrains provide a canonical reference.
Profile description
Creation: By Fearghal Óg Mac an Bhaird, an Irish bardic poet
Date: c.1627 (see P. Ó Macháin)
Language usage
- Whole text in Early Modern Irish. (ga)
Keywords: bardic; poetry; 17c
Revision description
(Most recent first)
- 27-May-1997: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
- 25-August-1997: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
- 2010-11-11: New wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
- 2008-10-12: Header updated; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
- 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
- 2005-08-04T16:09:58+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
- 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))