CELT document G402119

Foraire Uladh ar Aodh

Maol Sheachluinn na n-Uirsgéal Ó hUiginn

Whole text

    Foraire Uladh ar Aodh

     p.317

    MAOL SHEACHLUINN NA n-UIRSGÉAL Ó hUIGINN cct.

  1. Foraire Uladh ar Aodh;
    ní hadhbhar eagla d'aontaobh
    bheith d'Aodh ag comhfhaire a gcroidh
    taobh re a fhoraire ag Ultaibh.
  2. Do leigsead Ultaigh uile
    taobh re hAodh an fhoraire;
    fuath suain 'ga dheaghoireacht de
    sealoidheacht ní fhuair impe.
  3. Doras oslaigthe Uladh
    tarla ar sliocht na seanchuradh
    fian Toraighe i dteannta Gall;
    bearnta foraire a bhfearann.
  4. Baoghlaighe iná a bhearnadh dhí
    dá bhfuil aisde agus innte
    críoch Chonaire is Chuirc Chaisil
    puirt fhoraire an Aodhai-sin.
  5. Innbhear Bóinne agus Banna
    is gach fonn dá bhfuil eatorra
    feithidh—gá foraire as fhearr—
    beithir romhaighe Raoileann.
  6. Dún Dá Leathghlas na learg nglan
    Dún Sobhairce Dún Dealgan
    do-ní ag comhfhaire na gcath
    foraire na dtrí dtulach.
  7. Dírim do mhuinntir mheic Airt
    go Baile an Iobhair orrdhairc
    go Rinn Sibhne dhóibh ar ndul
    's nó go róigh imle Uladh.
  8. Leathaidh ar phobal Phuirt Rois
    's ar chaladh gCairrge Fearghois;
    's ar Thráigh mbinncheolaigh mBaile
    imtheoghaidh an fhoraire.
  9. Ó Chúl Raithín na ród nglan
    ní fhuil soir go hAird nUladh
    port dá roimhéad ná caol cuain
    gan choimhéad d'Aodh re haonuair.
  10.  p.318
  11. Ó Aird Uladh an fheoir mhaoith
    go Beinn nÉadair mheic Éadghaoith
    gan fhoraire ó Aodh ní fhoil
    raon maraidhe ná marcoigh.
  12. Ar Mhág Aonghusa uile
    tairgfidh ó tá an fhorfhaire
    drud i ngoire ghlanshluaigh Ghall
    's a bhfoighe d'anbhuain d'fhulang.
  13. Ar sgáth chóigidh chlann Rosa
    fuilngidh Aodh Mág Aonghusa
    cian uadha a ghníomha goile
    síona fuara ag foroire.
  14. Siobhal oidhche 'n-a éanar
    is é as fhearr do fhuiléangadh
    's a lámh um chaolgha nó um cholg
    dá chaomhna lámh le leathbhord.
  15. Síodhuidhe Beinne Boirche
    fuilngidh ar feadh geamhoidhche
    gan cheann fa theach do thabhairt
    fa cheann gcreach i gcontabhairt.
  16. Fuilngidh madh fada an adhaigh
    gan bhais do bhuain d'aradhain;
    fuilngidh le hanbhuain an fhuinn
    i dtuighnigh adhfhuair iaruinn.
  17. Mórán baoghail beagán suain
    iomchraidh Aodh an airm rionnfhuair;
    béas na gcuradh riamh roimhe
    do mhian Uladh d'fhoroire.
  18. Cóir do chuireadar Ulaidh
    eatorra agus Allmhuraigh;
    tugsad geall ar dheighthreoir dhó
    an feithmheoir do b'fhearr aco.
  19. Mág Aonghusa na n-arm ndéad
    ar tí an chóigidh do choimhéad
    méidhe an ghaothmhara do ghabh
    aonchara fhéinne Uladh.
  20. Íbh Eachach na n-abhall bhfiar
    idir fhiodhbhaidh is oirshliabh
    idir fhairrge mhín is mhagh;
    gá tír as ghairde ó ghábhadh.
  21.  p.319
  22. Guaissealbhach Ghleanna Righe
    gabhais ar a gáibhthighe
    greim do chaoimheirr an chóigidh
    'n-a heing aoibhinn urchóidigh.
  23. Ar sgáth shíl Eoghain do an
    Mág Aonghusa i n-eirr Uladh;
    aibche sa chách a chosnamh
    ar sgáth mhaicne a mháthar-san.
  24. Cóigeadh mheic náraigh Neasa
    dídnidh do dhruim bhráithreasa;
    an gort 'ga leithchineadh leis
    feithfidhear gan tocht thairis.
  25. 'N-a bhráthair aca uile
    a-tá rí Ó Rudhruidhe
    tuar conganta le cloinn Néill
    's 'n-a bhronndalta ag droing díbh-séin.
  26. Cú Chuluinn na gcleas ngoile
    mar sin do fhréimh Rudhruidhe;
    díon an tsluaigh-se ar-aon orra;
    dá ghaol uaisle eatorra.
  27. Cineadh mheic Fhachtna Fháthaigh
    ba díbh-séin a dheaghmháthair;
    na slata do fhuaigh Eamhain
    aca fhuair a oileamhain.
  28. Mac Deichtine dearc uaine
    dar bh'ainm Cú na Craobhruaidhe
    'n-a thiomchall-san do thuill bladh
    ag iomchosnamh fhuinn Uladh.
  29. Coimhdheas do thír is do thuinn
    do feithtí le Coin gCuilinn
    do ghrádh chombráithreach na Con
    do chlár fhonngháibhtheach Uladh.
  30. Do cuimhnigheadh uair oile
    comhaltas chlann Rudhroidhe;
    níor léig faghail na feadhna
    i n-aghaidh a n-oileamhna.
  31. Níor luigh ar leith a mháthar,
    do-ní seacha soláthar;
    níor shanntuigh an frosmhagh fionn
    ag cosnamh alltair Éirionn.
  32.  p.320
  33. Do chloinn Eoghain amhlaidh sin
    do-ní cosnamh an chóigidh
    Aodh go hionChon na hEamhna
    an chaor iothmhar fhíneamhna.
  34. Mág Aonghusa an earla thruim
    ní lamhthar lucht a leathtruim
    folt na ndual snáthfhailgheach saor
    'n-a mháthairleath uadh d'éantaobh.
  35. An uair nach aithrighid soin
    a ghaol Í Chonaill Chearnaigh
    gaol na ríogh do fhréimh Chonaill
    do shíol Néill ní neamhchomhaill.
  36. An uair chuirid i n-a chionn
    ceithre hollchóigidh Éireann
    folt claon ar chur na n-idheadh
    Aodh 'n-a Lugh dá leithchineadh.
  37. Lugh nó Cianmhac an Cháinte,
    nó Naoise a fhear éanpháirte
    slat dá ndleaghair corrDhruim Caoin
    d'fhearaibh comhluinn Mhac Miodhchaoimh.
  38. Tairrngeartach Teamhrach Midhe,
    leannán lochta ar gceirdei-ne,
    taisdealach Trágha Dá Bhan,
    gaisgeadhach ágha Uladh.
  39. Abhartach aonaigh Tailltean,
    síodhuidhe nach seachaintear,
    caisgidh fhaghla dá fhine,
    taisgidh anma Eimhire.
  40. Coiléan caomh Caithreach Fhíona,
    croidhe gan fhuath n-eissíodha,
    rún faobhrach ag faicsin chean,
    aonroth gaisgidh na nGaoidheal.
  41. Coimhéadaidh cloinne Rosa,
    Aodh mac Airt Mhéig Aonghusa,
    sleagh glaisbheann i n-a ghoire
    fear fairseang foroire.
    Foraire.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Foraire Uladh ar Aodh

Author: Maol Sheachluinn na n-Uirsgéal Ó hUiginn

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1645 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402119

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 3, 124 (alias 23 L 17: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 703, 54 (alias 23 H 8: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 17).
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 488, 13 (alias 23 N 12: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 11).
  4. Dublin, Royal Irish Academy, MS 270, 118 (alias F iv 4: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 6).
  5. Dublin, Royal Irish Academy, MS 252, 319 (alias F vi 2: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 5).

The edition used in the digital edition

‘Foraire Uladh ar Aodh’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 317–320.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402119,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Foraire Uladh ar Aodh},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {317–320}
}

 G402119.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Maol Sheachluinn na n-Uirsgéal Ó hUiginn, an Irish bardic poet c.1200–1600

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry

Revision description

(Most recent first)

  1. 2010-11-11: New wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2008-10-10: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  4. 2005-08-04T16:10:09+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  5. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  6. 1997-05-27: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402119.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top