CELT document G402120

Fuirigh go fóill, a Éire

Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

Whole text

    Fuirigh go fóill, a Éire

     p.321

    GÓFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.

  1. Fuirigh go fóill, a Éire,
    gearr go bhfuighe fírchéile;
    do chéile ní fear foirbhthe,
    a Éire, a threabh théagairthe.
  2. A fhionnráith Teamhra Dá Thí,
    aithnim an fear dá bhfuiltí;
    triath d'óigleanabh do b'áil libh,
    a chláir fhóidleabhair Uisnigh.
  3. Fada nach fuarais, a bhean,
    aoinfhear d'aicme na naoidhean;
    fad do chairde is dubhach dhuit,
    a Thulach Chairbre is Chormuic.
  4. A-tá fear i n-aois leinibh
    —gearr go bhfuighe fóiridhin—
    i ráith na ngéigbheangán ngeal
    a chéidleannán mac Míleadh.
  5. Tánaig an té taoi d'iarraidh,
    a fhinnbhean Néill Naoighiallaigh,
    dar dhual Bóinn bhraontana bhinn;
    aontamha go fóill fuiling.
  6. Eidhre ó gCarthaigh, ceann Gaoidheal,
    gearr bhias i mbeirt ógnaoidhean;
    feith, a Bhanbha, a bhean Tuathail,
    go bhfaghbha th'fhear ionnuachair.
  7. D'éis dealuighthe go réidh ruibh
    d'fhuil Chuinn is d'fhíorfhuil Eoghain,
    a bhean naoidhe an Chláir choimhthe
    an áil naoidhe neamhfhoirbhthe?
  8. Meinic riamh seinbhean mar sin,
    a leannáin Airt Éinfhir,
    do ghnáth ag iarraidh fhear n-óg,
    a threabh dhiamhair na ndeargród.
  9. Líthear ort-sa re hathaidh,
    a fhinnbhean Chuinn Chéadchathaigh,
    caor do mhianaigh Mogha Néid;
    sona an liamhain dod leithéid.
  10.  p.322
  11. Duit do thairngir an fáidh Fionn
    feacht riot i ráithe aoibhioll
    do dhearbh go mbiadh 'gun bhanfháidh
    leanbh a-niar dá nuaghabháil.
  12. Ort, a Bhóinn, ná bíodh tuirse;
    leanbh óg don chloinn Charthaigh-se
    do thileadh Cláir bharrghloin Bhreagh
    do tharngair an fáidh Fítheal.
  13. Dá labhradh éinfhear eile
    leat go teacht don tairngeire,
    a bhean fhionn fhoighéagglan Airt,
    oiréadmhar liom an labhairt.
  14. Do-níd fáidhe Fuinn Ealga
    do-níd síona soineannda
    ar Thealaigh na dTrí gCuradh
    rí leanaibh do lámhnughadh.
  15. Ar a leithéid do leanabh
    sgéala dhuit dá fhoillseaghadh,
    aoighe sgeoil uaignigh annaimh
    d'uaidnibh an eoil fhuaramair.
  16. Lá thoir i gcath Chluana Tarbh
    d'airdrígh Éireann na n-órarm
    tig an uair-se d'fhagháil gliadh
    's a bhranáin uaisle ar aoinrian.
  17. Le cloinn Bhriain na síodhbhrugh seang
    an bhanfháidh darbh ainm Aoibheall;
    gus an mnaoi d'iarraidh fheasa
    tiaghair ar chaoi chairdeasa.
  18. A-dubhairt Donnchadh mhac Briain:
    "cia dhínn thuitfeas san troimghliaidh
    d'uaislibh griandathta chlann gCais,
    a shann iarrata an eolais?"
  19. "Airdrí Fhódla na sreabh seang
    tuitfidh Brian ann" ar Aoibheall
    "tuitfidh Murchadh—gá mó sgéal—
    ní foghthar 'n-a chló a choimhthréan.
  20. "Tuitfidh Toirdhealbhach óg ann,
    mhac Murchaidh bhus cruaidh comhlann
    re cois roghan fhréimhe Cais;
    folamh Éire 'n-a n-éagmhais."
  21.  p.323
  22. "Cia ghéabhas Éire dá n-éis"
    ar Donnchadh ghnúis mar gheilghéis
    "sloinn dúin, a bhanfháidh mBriain,
    súil ní faláir re finnChliaigh."
  23. "Biaidh an tír-sin na dTrí bhFionn
    do réir m'fháisdine" ar Aoibheall
    "i ndiaidh na n-ardshlat oile
    ag Tadhgmhac Briain Bóroimhe."
  24. Gá dám dó, cuirid an cath
    Lochlannaigh is laoich Teamhrach;
    má tá nar shlán clann Chobhthaigh
    ár ann ar na hAllmhurchaibh.
  25. Marbhthar le Donnchadh 'n-a dhiaidh
    urra codhnach síol saoirBhriain;
    reacht na Fódla mairg do mhill
    le fógra Thaidhg do thuitim.
  26. Go hAoibhill d'éis an chatha
    tig Donnchadh gnúis ghealdatha
    go fáidh na ríogh ó Ráith Luirc
    do ráith narbh fhíor a n-éabhairt.
  27. "An tí dar thairngir sinne
    Ráith Teamhra is Dún Duibhlinne
    —a chionta dhíom ní dhlighe—
    dá shíol tiocfa an tairngire.
  28. "I gceannas Críche Teamhrach
    rachaidh mac Taidhg Toirdhealbhach
    ua na ríogh bhus rí eile
    do-ní fíor dar bhfáisdine.
  29. "Beag dtarbha dhuit, a Dhonnchaidh,
    caill do chirt led ghníomharthaibh;
    uait féine i ndiaidh do dhoibheart
    biaidh Éire gan aoghaireacht.
  30. "Ní laibhéar go laithe an bhráith
    d'éis shíol mBriain" ar an bhanfháith
    "gidh doiligh linn gan leanmhain
    don bhuidhin fhinn ildealbhaigh."
  31. Do b'fhíor d'Aoibhill a ndubhairt
    fuighle ar nach fuil contabhairt;
    ráinig ríghe is reacht Teamhrach
    neart na tíre ag Toirdhealbhach.
  32.  p.324
  33. Do thairngir fáidh fada ó shoin
    go mbiaidh neart Oirir Fhionntoin
    ag Domhnall do chloinn Charthaigh
    roinn ghormlann ar ghníomharthaibh.
  34. Muna thí an tairngire is-teach
    don Domhnall-so fa dheireadh
    —biaidh lá bhus ard a eire—
    do Thadhg a-tá an tairngire.
  35. Fáisdine athar más fhíor
    tiocfa is-teagh d'oidhre an airdríogh
    más fhíor labhradh gach fhir eoil;
    ag sin adhbhar m'uirsgeoil.
  36. Tréig, a Thaidhg, do trealamh leinbh,
    ná luaidh feasda feidhm roimheirbh
    —súil Mumhan ribh dái- ríribh—
    sir do chuladh gcaithmhílidh.
  37. Gabh umad th'úirbheart iarainn,
    a rosg glas mar ghoirmniamhainn,
    caomhthruaill do ghlanlúirigh ghil
    gharbhghlúinigh dhaolchruaidh dheilgnigh,
  38. Gabh do loinn gcorrghlais gcumhdaigh,
    a mheic na mná ó ríogh Lundain,
    samhail smuail do dhrithlinn deirg
    fhichlinn chruaidh led chéidfheirg.
  39. Gabh mar so le séan uaire
    dá shleigh Con na Craobhruaidhe;
    fa baoghlach brath na bhfoghadh
    i gcath fhaobhrach Fhionnchoradh.
  40. Minic ród fhuair a fhéaghain
    mionn litreach lán d'óiréanaibh,
    sgiath fa cruaidh i gcath Ghabhra
    's do-chuaid ón chath chathardha.
  41. Ná beir leat i gceann chatha
    achd airm adhbhair ardfhlatha;
    t'fhailm fhionn dhathómra ós do chionn
    do mhionn clachórdha cloichfhionn.
  42. Tairg do thobhach do chóra;
    go meala, a mheic Onóra,
    th'airm curadh go gceo nimhe
    ler chumhan gleo Gáirighe.
  43.  p.325
  44. Ní mholaim dheit, a leinibh,
    —cóir dhuit Éire d'fhóiridhin—
    bheith éigcríonna id leanbh go léir
    dearbh do chéidghníomha, a choiléin.
  45. Mór gcath chuirfeas do dheoin Dé
    mhac Domhnaill, gnúis mar ghlainré;
    cóir súil re sealgaire an luin
    dhúin gidh leanbaidhe a luaghail.
  46. Cuirfidh cath Mhullaigh Maisdean
    gleo re bhféachfaidh fíorghaisgeadh;
    brisfidh calg fa mhagh Midhe;
    gar do thadhg an tairngire.
  47. Cath díbheirgeach Dúin na Sgiath
    cuirfidh oidhre fhóid fhinnChliach;
    re a ré muidhfidh gach mearchath
    is cuirfidh sé an Saingealchath.
  48. Dá ró Tadhg i dtréan Bhanbha
    biaidh ar-ís 'n-a n-athardha
    gach aoinneach san riocht reimhe
    do shliocht daoineach Deirgtheine.
  49. Dlighidh ollamh uirrim ríogh,
    reic a áithis 's a fhéilghníomh:
    gabh ar tós m'fhorfhuighle, a fhir,
    rem chomhairle fós fuirigh.
    Fuirigh.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Fuirigh go fóill, a Éire

Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1830 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402120

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, 355.
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 626, 808 (alias 3 C 13: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 16).

The edition used in the digital edition

‘Fuirigh go fóill, a Éire’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 321–325.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402120,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Fuirigh go fóill, a Éire},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {321–325}
}

 G402120.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotation marks are temporarily retained.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Gofraidh Fionn Ó Dálaigh, an Irish bardic poet (1320–1387) c.1340–1387

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; 14c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2012-06-21: Header modified. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-11: New wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-10: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:10:12+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1997-05-28: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402120.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top