CELT document G402121

Gach éan mar a adhbha

Tadhg Mór Ó hUiginn

Whole text

     p.325

    Gach éan mar a adhbha

    TADHG MÓR Ó hUIGINN cct.

  1. "Gach éan mar a adhbha"
    oirrdhearc so is 's sé leantar;
    gach ealta mar oiltear;
    ní chleachtfa achd a cleachtadh.
  2. Lachain i laoibh sneachta
    ag snámh eighridh uaine,
    ní fearr leo lá gréine
    as teo ná an chlá as cruaidhe.
  3.  p.326Eoin íochtair na fairrge
    dá nach foghnann faidfhéar
    bíd choidhche gan chadódh
    gach n-oidhche fan aigéan.
  4. Éadána eoin mara
    ar muigh nach múr trágha;
    eoin moighe ná móna
    ar doire ní dána.
  5. Eoin coilleadh ní cleachtaid
    cuaird ar muigh ná ar maighshléib;
    nochan fhaghbhaid dh'anbhuain
    nach adhraid don aimhréidh.
  6. Beathadhaigh an bheatha
    mar bhíd eoin na n-ealtadh,
    gion gob dh'aonchrúdh oiltear,
    gan claochlúdh do chleachtadh.
  7. Cách fa a gcleachtadh bhunaidh,
    bláth dearcan tre dharaigh,
    fir fa cháil a gcionaidh
    is dáibh sin a samhail.
  8. Gach macaomh mar mhúintear;
    Maghnus maith do múnadh,
    slat Breagh, Brian na nGaoidheal,
    mac mar Niall geal Glúndub.
  9. Maith do múineadh Maghnus
    mac Conchobhair Carna;
    gidh tréan nocha toghdha;
    gach éan mar a adhbha.
  10. Maghnus mar do múineadh
    cá Gall glas ó ngéabadh?
    sé ag dul tar gach ndúnadh
    Lugh é is ní hé a éanar.
  11. Lugh é is Cú na Cearda
    —gach cleas 'gá chúl chraob- hach—
    ainm dó im gach mbuaidh Buadhach
    i ngach uair bhus aonach.
  12. Gach buaidh as bhuaidh aonaigh
    fhuair 's ní fhuair gan iarraidh;
    sleagh re sdargha sduadhaigh,
    fear Falgha, fear fiadhaigh.
  13.  p.327
  14. Fear feithmhe gach fhásaigh,
    fear catha agus comhluinn,
    badhbh gheal go ngroigh sheangdhuinn,
    fear 'ga bhfuil gach foghluim.
  15. Oide múinte Maghnuis
    maith ar chách a chomaoin;
    tug druim re gach ndobhuaidh
    Ó Chuinn gion go gcommaoidh.
  16. Do mhúin féin dó dochar,
    do dhruid é i ngach ionadh;
    níor mhúin ón ló as leanabh
    dó achd a shúil re shiobhal.
  17. Do mhúin trá dá throighidh
    théid i n-ágh re n-ógaibh
    ag breith cruidh gach chóigidh
    fuil do bheith 'n-a bhrógaibh.
  18. Do mhúin dá ghlún ghealchorr
    ghabhas beirn re biodhbhaidh
    a fhilleadh go harnaidh
    re himeall i n-iomghuin.
  19. Do mhúin múnadh éagcóir
    dá ucht réidh go riarthair
    bheith i gcomhdháil chaomhthaigh
    re corrgháibh i gcliathchaibh.
  20. Do mhúin béas dá bhrághaid
    —béas aice as ord cagaidh—
    gan ní uimpe idir
    achd muince go madain.
  21. Níor mhúin at achd iarainn,
    nó at cotún craobhach
    ón cam gach craobh líneach
    'n-a bharr as caomh caolach.
  22. Do mhúin bheith ag bogadh
    fan gcleith nó fan gcloidheamh
    bas choirrgheal an churadh
    re toirneamh na dtroigheadh.
  23. Do mhúin meadhón oidhche
    onchú an earla ghlúinigh
    loighe i ndoire dhiamhair
    's gan loighe achd 'n-a lúirigh.
  24.  p.328
  25. Olc d'fhulang ga fhoghluim
    is eadh dhligheas deighfhear;
    fear céadmhaoidhte curadh
    ní héagcaointe a eidhear;
    tig 'n-a thuile a thoradh
    do dhuine fa dheireadh.
  26. Ní tearc toradh iongnadh
    aige d'éis a fhorbhaidh
    do shról dhearg, do dhoinnmhil,
    don ór ceard i gcornaibh.
  27. D'fheoil, do lionn, do luachair,
    do thuathaibh fa threabhaibh,
    do dhíon bó, do bhroghaibh
    d'fhíon is an ló leabhair.
  28. D'éadach agus dh'eochaibh,
    is dh'éideadh mar fhaghlus,
    dh'arm go n-ór, is dh'ionnmhus,
    dhiongbhus Mór do Mhaghnus.
  29. Maghnus mhullaigh Tailltean
    troid ris is réim anáigh;
    gar don rígh ó roBhóinn
    tír nar ghabh do ghabháil;
    maith dá bhfuair ní furáil
    do fhlaith ar n-uair d'fhagháil.
  30. Rí gaisgidheach nGaoidheal
    gorm a chloidheamh crosghlan;
    rí na n-each a each-san
    do-ní an chreach do chosnamh.
  31. Ní héagcosmhail aigneadh
    dá eoch 's d'fhior a druimne;
    lán Éire dá n-inmhe;
    re chéile isad cuibhdhe.
  32. Each geal, gruagach doinnfhionn,
    dias a-tá ar tí fuadaigh;
    creach fhear is each n-éididh
    re n-each ngeal an ghruagaigh.
  33. Gruagach go méad míleadh
    do-éid ar gach n-aoinfhear;
    each gráineamhail gléigheal
    re ngáidhfhearaibh Gaoidheal.
  34.  p.329
  35. Manannán an mharcshluaigh,
    Maghnus Muighe Muaidhe
    fear eich sheinggil shídhe
    agus eirridh uaine.
  36. Níor chumhga neart námhad
    ní do-san ná di-se;
    Dia deisiol na deise
    ei-sion agus i-se.
  37. Is í an Liath Mhór Macha,
    mór n-anbhuain ro fhuluing;
    tug sei-sean bú a Boirinn
    is ei-sean Cú Culuinn.
  38. Is i-se an t-eac oirrdhearc,
    Each geal Taidhg ghloin ghraifnigh;
    ó a cholg thei-sean teithtir;
    Tadhg ei-sean nó a aithghin.
  39. Is i-se an Liath luirgneach
    lingeas cách i gcathaibh;
    sei-sion mhac Maoil Mhithigh
    as phrap re taoibh tachair.
  40. Si-se re sluagh nGaoidheal
    Gob na Sgéal sgeamh sholamh;
    sei-sean Murchadh Mumhan
    nach tomhthar do thomhadh.
  41. Sei-sean Síoda Odhar
    dar bh'aithnidh gach aonach;
    si-se leath re Lámhach
    a each achd nach aondath.
  42. An Blár Aodháin i-se
    agus Aodhán ei-sean;
    léigthe an magh dhí is do-san
    dá rabh sí agus sei-sean.
  43. Sei-sean Lugh lá an tachair
    ler thuit fine Fomhra;
    triall teithidh ní tarbha
    ris an mbeithir mbodhbhdha
    fa fhonn Mhuighe Meadhbha
    ar Dhonn groidhe Garmhna.
  44.  p.330
  45. Conall Cúigidh Chonnacht
    chosnas Magh n-Aoi n-armghlas;
    is cathaighe coimhdheas
    fan machaire Maghnus.
  46. Maghnus mhullaigh Cruachan
    croidhe brodla bághach;
    doirbh fa mhúr Sainbh srianach
    sbairn re lúdh 's re lámhach;
    re ghleic ní ghabh lúireach
    fa Mhagh mhac meic Mághach.
    Gach.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Gach éan mar a adhbha

Author: Tadhg Mór Ó hUiginn

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1702 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402121

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 137, 34 (alias 23 N 28: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 4).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 1080, 94 (alias B iv 2: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 24).

The edition used in the digital edition

‘”Gach éan mar a adhbha”’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 325–330.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402121,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {"Gach éan mar a adhbha"},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {325–330}
}

 G402121.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotation marks are temporarily retained.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Tadhg Mór Ó hUiginn, an Irish bardic poet c.1200–1600

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry

Revision description

(Most recent first)

  1. 2010-11-11: New wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2008-10-15: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  4. 2005-08-04T16:10:15+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  5. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  6. 1997-05-28: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402121.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top