CELT document G402122

Gaois Ailbhe i n-inghin Domhnuill

Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

Whole text

    Gaois Ailbhe i n-inghin Domhnuill

     p.330

    GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.

  1. Gaois Ailbhe i n-inghin Domhnuill
    ainnre 'mun mbinnghil mbarrdhuinn,
    inghean shaor dhealbhdha Dhomhnaill
    craobh ghormfhuinn Leamhna labhraim.
  2. Geall gaoise is oinigh Ailbhe
    'gun mhnaoi-se oirir Uidhne;
    ní dá méin tre mhéin Shaidhbhe;
    Ailbhe í ar chéill 's ar chuimhne.
  3. Sadhbh inghean Domhnaill Daoile,
    finnbhean a horlainn Áine,
    ceannchadh neamh—gá ní as bhuaine?—
    bean Muaidhe 's do-ní náire.
  4. An bhean 'n-a mnaoi as fhearr inmhe
    do bhean geall do ghnaoi Ailbhe;
    gan ghrádh neith ar chraoibh Choinnle
    coimhdhe do dhreich shaoir Shaidhbhe.
  5. Inghean Domhnaill Óig aghar
    tar gach móid ag a moladh
    díoladh a duain d'éis fhileadh
    re cineadh géis Cuain Choradh.
  6.  p.331
  7. Éisdid sluaigh innbhir Uidhne
    rer nduain d'inghin a n-oidhre;
    éisdid sluaigh iarthair Aidhne
    duain Saidhbhe ó iarrthair oirne.
  8. Céim anshógha ní hionráidh
    tar fréimh Anóra d'fhaghbháil;
    bacadh uilc díorma daghshluaigh
    anbhuain ríoghna Guirt Gabhráin.
  9. Inghean Mhéig Carthaigh Cliodhna
    carthair fa mhéid a meanma
    do sia don toigh bean Banbha
    nó targha a-noir teagh Teamhra.
  10. Dáil a cruidh cian ó thalluinn,
    dáil a sguir sgiamh don choinnill,
    a ndáil uman gceird chumaim
    cáir urraim don deirg dhoinnfhinn.
  11. Gnúis niamhdha ranua roigheal
    ag banua Iarla Uladh;
    do Shaidhbh is cáir a gcuireadh
    cuireadh gairm ar mhnáibh Mumhan.
  12. Rug ó gach mhnaoi buaidh bronnta
    fuair ghnaoi—ní gnaoi as nar theannta;
    do-ní sgol do réir rompa
    bronnta ag féin Dor go ndearnta.
  13. Re taoibh a dtabhair d'airribh
    's a bhfaghair d'aoibh ón ainnir
    sgíos ó chuaird ar gach choinnimh
    bhíos ar choinnil shuairg Shaingil.
  14. Táin do ghnáth i nglas chongna
    do láidh bas mar bhláth n- abhla;
    do thuill san eing an ealbha
    ar chuirr sheaghla sheing Shadhbha.
  15. Do ráidheadh re a dreich ndeighgil
    "do sheich t'áireamh i n-Albain;
    gé fríoth riamh olc ó a n-airgnibh
    gan mhian Cairbrigh ort d'argain."
  16. Mac Dé ní dóigh dod thréigean;
    is é as ghlóir do ghlac ndíggeal;
    is dóigh dá mbé ort éigean
    éideadh bocht Dé dod dhídean.
  17.  p.332
  18. Fial an bhroineach réidh ríobhan
    nach léir tar th'oineach éanar;
    dá ndearnta ag dáimh ibh d'aoradh
    baoghal libh dháibh a dhéanamh.
  19. Re linn mhná bhrogha Bhóinne
    ní thora lá achd lá gréine,
    maidean reoidh fa mhagh Máighe
    eoin áille ag car le chéile.
  20. Sa mhoigh mhín aibhnigh ealaigh
    'n-a tír ghloin aingligh iodhain
    sreabh chaol 's a cuan 'n-a choraidh
    ó bhonnaibh craobh n-uar n-iobhair.
  21. Sruth go mín, eas ag turnamh,
    teas i sín, suth i bhfoghmhar,
    crodh fan mbragh, iasg i n-innbhear,
    damh ag inghear riasg roghlan.
  22. Mionn súl áille gach ubhaill
    ó Dhún Máighe go Manainn;
    a-nuas do sóigh le soininn
    cnuas mar fhoirinn óir d'abhaill.
  23. Druim re fiodh foghnaidh dhúinn-ne
    miodh chuill i gcornaibh uaine;
    caithtear an lá geal gréine
    re chéile is fleadh mná Muaidhe.
  24. Tír bhar sluaigh-se i seilbh Sadhbha
    fuair-se deilbh 'n-a deilbh dhiongna,
    lucht ar leith fa bhuaidh dealbha,
    meanma an tsluaigh ar chleith Cliodhna.
  25. Eala Cuain lochbhuig Luimnigh
    do thuair fhochruig dá hanmain;
    fuath dhí ní bhia achd ga biodhbhaidh,
    ionmhuin le Dia í amhlaidh.
  26. Mo chean don mhoill úir iodhain
    nar thúir doirr achd doirr Deamhain;
    a crodh gé do-chí ag buidhin
    guidhidh sí a ndol gan deabhaidh.
  27. Ráidhte dhúinn d'fhuighlibh aobhdha
    ris an suilbhir n-úir n-óghdha:
    "ní fhuilc achd adhbhar ríoghna
    t'íorna fhannghlan fhuilt órdha.
  28.  p.333
  29. Uathadh bean i mbia t'úire,
    ní lia fear mar fhear n-Áine;
    mór bhur n-éad re clú a chéile
    tú is do chéile, a ghéag Gáille.
  30. Súil Banbha fa bean d'Éibhear
    ret fhear, a fhabhra míondubh;
    an teach i mbí is barr Gaoidheal
    dá maoidheamh ann rí is ríoghan.
  31. Fuair an ríoghain-se robhladh
    do fhíoraidhbhsigh uaill ndeaghbhan;
    sí céad nó dá chéad fionnbhan
    ní hiongnadh dhí méad meanman.
  32. Gaoth dhaith ar ndruim na foirne,
    flaith i gcuirr gacha cairbhe,
    lucht loingse ó Lios na Beirbhe
    d'fhios deilbhe soillse Saidhbhe.
  33. 'Ma súil gcuirr-se do cumadh
    a coimse do chlúimh mhalldubh;
    im rosg mhall Sadhbha ag silleadh
    filleadh mong n-abhra as andubh.
  34. Gnúis réidh gheal i n-a goire
    dá nar bhean béim ná bine
    abhra mná Moighe Ruidhe
    duibhe tá i ngoire gile.
  35. Buaile clúimh as lór liobhra
    súil mhór uaine fan abhra
    dlúthmhong cheart 'n-a dá colbha
    comhla dearc súlchorr Sadhbha.
  36. Gan locht cuma ar craoibh n-Aise
    truma a taoibh, truma as deise,
    crios mar soin budh díor dhi-se
    'n-a cris-se fhoil díol deise.
  37. Treabha as lór daingne is dlúithe
    far Saidhbh-ne ag slógh na críche;
    gach treabh dá treabhaibh bláithe
    snáithe geal feadhaigh fíthe.
  38. Gasradh ghlan ógbhan uimpe
    tres an magh bhfódghlan bhfinnte;
    ag dul don romhaigh reimpe
    eillte ag cur omhain innte.
  39.  p.334Inghean Méig Carthaigh choirnghil
    tar nach barrthair ar bhiodhbhaidh
    mar do bheath le géis nGabhraigh
    cabhraidh neach d'éis a hionnlaigh.
  40. Dlighidh sí anáir óighe
    d'fhagháil óir is í as cáidhe;
    is lia náid na laoi saoire
    aoine re Dia ag mnaoi Mháighe.
  41. I dteach nDé do ria an ríoghan
    Dia lé i leath ris an saoghal;
    do-ní is gan chleith nGlaoi i ngábhadh
    crábhadh neich do bhaoi i mbaoghal.
  42. Inghean Domhnaill Dúin Luimnigh
    ag foghluim 'gan úir fhinnghil;
    cian ó bhaois airrdhe amhlaidh
    cabhraidh gaois Ailbhe an inghin.
    Gaois.
  43. Gaois Domhnaill Óig a athar
    i n-Eoghan an airm cheannghlais;
    bláth is mil re a ré is raitheas
    —níor bh'é sin flaitheas Fearrghais.
  44. Gaois Dunlaing ag díon Buadhaigh
    cách do shíol Domhnaill daoraidh
    taoiseach cuaine úir Éibhir
    féinnidh Uaine an chúil chraobhaigh.
  45. Art Ó Caoimh do char bandál
    a aoibh dhamh 's a dhaonaigh
    fíon le túr 'n-a theagh mhiodhfhuar
    diombuan greagh i n-úr aonaigh.
  46. Cóir Ó Donnchadha a-déarmais
    do chomhthogha im Bhóinn mbraonghlais
    Tadhg Sionna ós gach mugh maoidhim
    giolla a Brugh aoibhinn Aonghais.
  47. Ar feirg nDé díneadh mei-se
    Míchéal aingeal dá n-éada;
    sinn don aingeal 'gar n-aithne
    daingean linn d'aithle éaga.
    Gaois.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Gaois Ailbhe i n-inghin Domhnuill

Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1910 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402122

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Dublin, Trinity College, MS 225, 1 (alias C. 1. 3.: see Catalogue of the Manuscripts in the library of Trinity College, Dublin, compiled by T.K. Abbott (Dublin 1900)).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 3, 137 (alias 23 L 17: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 766, 99 (alias 3 C 10: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 19).

The edition used in the digital edition

‘Gaois Ailbhe i n-inghin Domhnuill’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 330–334.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402122,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Gaois Ailbhe i n-inghin Domhnuill},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {330–334}
}

 G402122.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotation marks are temporarily retained.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Gofraidh Fionn Ó Dálaigh, an Irish bardic poet (1320–1387) c.1340–1387

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; 14c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2012-06-21: Header modified. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-11: New wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-15: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:10:19+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1997-05-28: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402122.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top