Gofraidh Fionn Ó Dálaigh
Whole text
- Iongaibh thú orm, a Iarla,
mór mh'fhearg ret fholt ngéigniamhdha;
ná tabhair fheirg ar th'fhilidh;
teilg i n-aghaidh th'aindlighidh. - Sul thuileas mo thonn fheirge
do ghríosadh do ghruaidhleirge
do-bhéar robhadh romham féin
gidh foghal oram ei-séin. - Na foghla as a bhfás pudhar
orm, a Iarla DeasMhumhan,
tú do-ní iad ó fhuilnge,
a rí Liag dá leanfuim-ne. - Ní racha sinn seachad féin
dot éagnach, a ucht mínréidh;
red ghnúis mbuig is dú a dhéanamh,
dhuid a-tú dá thaisbéanadh. - Is ort as cóir a chumhal
d'agra, a Iarla DheasMhumhan,
lucht faghla nach rosgar ruibh
do losgadh mh'arbha ar th'ionchuibh. - Gé tharmairt a thoidheacht de
goradh do ghnúise háille
ar son ghairthe gráin leargan
ní cáir aighthe d'imdheargadh. p.339 - Óglách dhuit do-rinne riom
adhbhar móide nach maithfiom;
gníomh té dá dtíosadh don mhóid
mé dod ghríosadh, a Ghearóid. - Dá ndearnainn, a dhreach mar bhláth,
gríosadh th'aighthe tret óglách
mó a chionta don tí dá dtig
gach ní dá dtiocfa treimhid. - Ar ulc riot-sa agus rum-sa
tángas d'fhoghail oram-sa,
a ghéag shúlchar Shíotha Truim,
do rúnchar fhíocha eadruinn. - Feall orm do chaibhdhin charraigh
ní leanabh é ar easurraidh;
'ma íoc ná déanaidh-se doirr;
m'éaraic-se is díot do dhleasoinn. - Ar mbiodhbha d'eadráin oruinn
tar éis meabhla 's míochomhuill,
a leomhan dearccorr fionn Fáil,
leattrom is gan ionn d'eadráin. - Uirre sin gidh saor thu-sa,
éagcóir d'éis na meabhla-sa
lucht a déanmha i dtreise id thoigh
—gé théarna mei-se ón mheab- hail. - Gion gur thuiteas leo is leanta
dhaoibh-se drong an aineachta
mar do dáilte crú mo chuirp;
im shláinte is dú mo dhíoghuilt. - Feall orm, is gan é ar séana,
cuin dhíolfa nó dhíghéala?
dlighidh tú a dhíol nó a dhíoghail
síodh mása dhú i ndoighníomhaibh. - Suidheochaidh mé do mhuin cheirt,
clú th'fhéicheamhnais gidh oirrdheirc,
an gníomh doluigh nach dearnais
oruibh do bhríogh breitheamhnais. - Créad fhuil agaibh 'n-a aghaidh
gan a íoc ret ollamhain?
lucht cogair fhaghla mh'fhine
agaibh tarla i dtuinidhe. p.340 - Cuma gá conair raghas
an fear re bhfuil mh'fhaltanas
ní bhiú ag cleith dola ar a dhruim,
a fhala is id leith leanaim. - An uair badh chóir dhuit druim ris
nó a mhilleadh, a mheic Mhuiris,
is gníomh dod dhreich mar dheargfhuil
bheith ag díon do dhíbheargaigh. - Mar nach fuigheadh fear dom chloinn
bheith tar th'oirbhire againn
bheith agaibh ciodh 'ma badh cáir
dom fhior chagaidh gá chongbháil. - A Ghearóid, gidh doirbh dhamh-sa
druim do chur red chumann-sa
ceadh 'ma badh ionpháirte inn
is fear mh'iomcháinte ar th'uillinn. - Gé táim ort ag iarraidh ceirt,
gidh ullamh thú dá thoirbheirt,
leasg gan t'agra, a fhleasg Leamhna,
leasg tagra re tighearna. - Tú d'agra gan t'aithghin linn
mo dháil is mó do mhaithfinn;
gidh ionam linn dod leanmhain
ní hionann inn d'fhéicheamhnaibh. - Gidh mé as dírghe cuid don cháir
dá n-agrar thú, a thuir Iomdháin,
budh beag dtaraidh an tulchóir
it aghaidh don agarthóir. - It aghaidh, a fhabhra mall,
gé tá an fhírinne agam
ní íocfa, a ghéag Thoighe Tháil,
acht oile dhéag do dhíoghbháil. - Déantar síodh nó bearar breath
eadrainn, a earla fáinneach;
lór dhúinn a ndobhramair air,
a ghormlannaigh úir éachtaigh. - Nó bíoth cairde leath ar leath
'n-ar ndáil gidh fada an fuireach
nó go dteagmha, a dhaithghil duinn,
dod fhreagra th'aithghin aguinn. p.341 - Tuigim is mar thuar faladh,
gidh iongnadh an t-ordaghadh,
móid agad dhreich raghloin ruinn
ar mbeith a hadhbhair aguinn. - Rum do rinneadh an bine
fa bhfuil oram th'oirbhire;
do-ghéan uime mh'oirbheirt féin;
an buille oirrdheirc ei-séin? - Baramhail do-bhéarar dhi
urchor i n-aghaidh ruaige
dá dtógbha fhalaidh eile
i n-aghaidh ar n-oirbhire. - Má do chiontuigheas rut riamh
i gcúis fa madh cóir mh'aimhriar,
a fholt na bhfinnearladh bhfann,
nocht an t-indearbhadh oram. - Achmhusán nach eagail damh,
gé tú ar thoradh mo theangadh,
gríosadh neich fa a ní féine
ná bheith ar tí toibhéime. - Aimhleas ar Ghaoidheal ná ar Ghall
do mhuin diomdha ní dhearnsam;
is díleas inn dá gach fhior;
sinn fa dhímheas níor dligheadh. - Do-ní mé—ní dá mhaoid-
heamh—
i n-aghaidh bhar n-iolmhaoineadh
dot fhéin dhaoinigh druim ar druim
réir gach aoinfhir fam acmhuinn. - Aithreach a fhad do leanas
díbh gidh maith bhar muintearas
más é as tuar dímhiadha dhamh,
a sduadh mhínfhiadha Mhumhan. - Trem dhiomdha ar do dhreic rachaoin
ní fhuighbhe uainn éantathaoir;
nochan fhuighbhe uaim itghe;
is cuibhdhe uaibh imirce. - Imirce nach áil linne
do-ghéan d'aimhdheoin mh'intinne
tre fheirg ret aighidh nuaidhe,
a dheirg raighil rosguaine. p.342 - Ceileabhradh dhuit—dia do mhóid;
mei-se ag gluasacht, a Ghearóid;
do sheachna ar neach níor dhú dhamh
muna bheath tú dom thréagadh. - Fear aithne na n-uile cheard
dom thréagadh truagh an díbhearg;
gá dú acht ní aithnighe inn
gidh tú as aithnighe i nÉirinn. - Feabhas th'aithne, a fhir Theamhra,
córaide dhamh doimheanma
th'anáir faoi ó nach fuighinn;
fagháil gnaoi do ghnáthuighinn. - Dar leat nocha rabha riamh
id bhrugh, a bharr na bhfinnchiabh,
is ná faca sibh sinne,
a fhir dhathta Dhuibhlinne. - Dá dteagmhainn duid ar druim róid
seocham do ghéabhtha, a Ghearóid,
gan mé ná thú rinn do rádh
agus rinn chlú ar mo chomhrádh. - Beag má do-bheirim aithne
ort gidh adhbhar machtnuighthe
mar do-chuaidh th'aigneadh tar ais
uainn ar gcaidreamh bhar gcádhais. - Ní chongbha th'aghaidh mhóir mhoill
feadh a haithinte oruinn;
deacair dhamh aithne uirre
gan char aighthe oruinn-ne. - Dar leat ní tu-sa a-tá ann
gér dhlúith dá chéile ar gcumann,
nó no ní mei-se mé féin
gidh bé dan treise a thoibhéim. - Baramhail aithne agam
a-tá, a chraobh fhial fhabhradhdonn,
ar do ghlár 's ar ghné th'aighthe
gidh lán mé dod mhearaithne. - Gé aithnim th'aghaidh gcorcra
is th'ucht solus somholta
t'aigneadh ní aithnim a bheag
aithghreim dod chaidreamh caithfead. p.343 - Ní hé a ghuth as ghabhtha orm
mo bhiodhbha, a bharr na bhfiarchorn;
do mhealladh, a bhionnshlat Bhreagh,
d'iomlat teangadh ná tigeadh. - Is faoi leis an bhfear do chum
dhuit sgéal aimhleasa oram
gion go ndéine inn d'ionnlach
sinn dá chéile coimhdhiomdhach. - Ní hé ná badh éidir lat
a chosg, a chiabh na bhfionnshlat;
a mbí im cheann gion go gcoisge
do-sní dream as díochoisge. - Gion go gcoisge an gcaibhdhin mbig
do-ní orm cion nach ceilid,
cogadh na gcuradh coisge,
pobal Mumhan míonfhoisde. - Do choisgis cogadh chlann Luirc,
do cheartuighis chloinn shaorChuirc;
ceadh fa gcoisge na ríogha
's nach coisge mh'fhear eissíodha? - Eadram agus mh'fhear cionadh
libh gion go reich réidhioghadh
réidh uaibh UrMhumha is Éile,
sluaigh urlamha aigmhéile. - Laighnigh i leith do dhroma
fraoch mar éirgheas eatorra
tú don chéadghuth ga gcosg soin
do bhrosd ar n-éagnach oruibh. - Do réidhigh do neart a-niar
snaidhm cogaidh Chloinne Uilliam;
truagh ar réidhigh do rosg glan
's gan chosg ar n-éinfhir fhaladh. - Mar sin dámadh loinn libh-se
do choisgfidhe an gcaibhdhin-se;
tig dhíbh Í Chairbre do chosg
is airge an tír le a dteagosg. - Ní chluinim cogadh dá mhéad,
a Iarla Inse finnGhréag,
nach coisge ó nach ceile
gion go gcoisge ar gcoillidhe.
Iong. p.344 - Saor, a Eilionór, ar mh'fheirg
th'aghaidh leathain mhóir mhíndeirg;
gé tá míndeirge id ghnúis ghloin
ní i gcúis díbheirge deargthair. - A Chondaois Cóigidh Mumhan
nar luigh ar lucht ealadhan
gidh tuar mo dhoirre a-dire
ní thoille uam oirbhire.
Iongaibh.
Iongaibh thú orm, a Iarla
p.338GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.
Document details
The TEI Header
File description
Title statement
Title (uniform): Iongaibh thú orm, a Iarla
Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh
Responsibility statement
Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry
Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.
Edition statement
2. Second draft.
Extent: 2180 words
Publication statement
Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt
Date: 1997
Date: 2008
Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.
CELT document ID: G402124
Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.
Source description
Manuscript source
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 743, 665 (alias A iv 3: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 18).
The edition used in the digital edition
‘Iongaibh thú orm, a Iarla’ (1938). In: Dioghluim Dána. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 338–344.
You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:
@incollection{G402124, editor = {Láimhbheartach Mac Cionnaith}, title = {Iongaibh thú orm, a Iarla}, booktitle = {Dioghluim Dána}, editor = {Láimhbheartach Mac Cionnaith}, address = {Dublin}, publisher = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]}, date = {1938}, pages = {338–344} }
Encoding description
Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling declarations
All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.
Editorial declarations
Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.
Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.
Quotation: There are no quotations.
Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.
Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.
Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.
Reference declaration
The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.
The title of the text is held as the first head element within each text.
div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).
The numbered quatrains provide a canonical reference.
Profile description
Creation: By Gofraidh Fionn Ó Dálaigh, an Irish bardic poet (1320–1387) c.1340–1387
Language usage
- The text is in Classical Modern Irish. (ga)
Keywords: bardic; poetry; 14c
Revision description
(Most recent first)
- 2012-06-21: Header modified. (ed. Beatrix Färber)
- 2010-11-11: New wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
- 2008-10-15: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
- 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
- 2005-08-04T16:10:27+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
- 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
- 1997-05-28: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
- 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))