Eoghan Mac an Bhaird
Whole text
- Leannáin fileadh síol Suibhne
treoin nach tráigh le cianchuimhne
caor shlóigh ren doiligh deabhaidh,
róimh an oinigh d'oileamhain. - Lóchrainn oinigh Éireann Cuinn,
sliocht an Athlamháin áluinn,
an táin ó Thulaigh na n-Art,
curaidh gan ghráin re nguasocht. - Ní chlaochlóidh cuing a n-oinigh
's iad don éigse as fhóiridhin
ioldánaigh gan oil 'n-a gceann
le goimh iombádhaidh Éireann. - Is riú bheanas a bhríogh sin
"gnáth rath re cois an chaithimh";
tréad Suibhneach na saoirfhear mbras
fuighleach aoigheadh a n-ionnmhas. - Laoich as cisde do chliaraibh,
leomhain síl Néill Naoighiallaigh,
slata cumhraidhe Crú Airt,
as urlaimhe clú ó ar gcosaint. - Na Suibhnigh-se ó Bhrogh Banbha
téid tar cách a gcomhardha,
fréamh ríogh ar nach ceiltear cion,
síol ó ngeintear an gaisgeadh. p.345 - Eangnamh is oineeach Gaoidheal,
tréidhe as cóir do chommaoidheamh,
slata nach claon re comhaidh
aca ar-aon ar arodhain. - Mairidh aca go nua a-niodh
flaith leanas lorg na sinnsear
ar chuing réidhe a nduas do dhíol
ar fhéile 's ar chruas gcaithghníomh. - Ruaidhrí mac meic Mhaol Mórdha
d'éifeacht is d'ainm onórdha
is oidhre don chuaine ór chin
ar choimhdhe uaille an oinigh. - Méin oinigh aicme Suibhne
fa ngaisgeadh ar ghlanchuimhne;
is sgath uaisleachta Chláir Chuinn
fa nguaisbhearta áigh d'acmhuing. - Arsaidh cródha an chroidhe bhí
dan hainm Ruaidhrí mac Ruaidhrí,
aoibhealltuir dar ghiall an gal,
saoileachtain cliar is curadh. - Airrdheanna flatha fíre
's fós rath a fhréimhdhíne
aobhghlac dá n-aghthar gach ní
i saormhac rathmhar Ruaidhrí. - Réim tairrngeartaidh tarla faoi
ó aois leinbh an duinn dreachnaoi;
toil úr 'n-a mhéin mar mheasdair;
céim ar gcúl níor chuireasdair. - Aitheantar 'n-a fhéile sin
bheith dó ag diall re a aithribh
'n-a dhearbhghoil lúidh is lámhaigh
's 'n-a mheanmain úir ioldánaigh. - Síol Suibhne na dtachar dte
mar bhíos 'n-a bheartaibh féile
dá dteinnleanmhain ní treoir ghearr
i seinleabhraibh eoil Éireann. - Sgéal fiadhnaighthe fada ó shoin
fhríoth ar féile na bhfear-soin;
ní sgéal é ar nach cleachtar cion
's ar fheartaibh Dé dá ndídion. p.346 - Ua Mhurchaidh Mhir Maol-Mhuire
lá éigin ar amhsoine
do-chí cléir 'n-a aghaidh air;
fa dainimh céim 'n-a gcomhair. - Iar dteacht leo dá láthair sin
ráidhid ris an bhfial bhfaoilidh
nach géabhdais gan fhíon 's gan ór
's gach díol 'n-a éagmhais d'urmhór. - "Tigidh don treibh i bhfuil m'ionnmhus
liom" ar an t-óg aisdearbhras
"ní cuibhidh ibh d'éara dhamh
's do-ghéabha sibh bhar sásadh." - Diúltaid uile deoidh i ndeoidh
dul leis ar áis ná ar aindeoin
muna aomhadh gidh bé a mbreath
acht é d'aoradh gan fhuireach. - "Fíon ná ór, ionnmhus ná
crodh,
ní fhuil agam ar iomchar
ní do dhíoladh dhámh budh dhéin"
ar an ríodhamh sámh soiléir. - "Do chím-se" ar duine don dáimh
"fáinne óir fad mhéir mheadháin;
ód ghruadh ghléadhonn go ngné bháin
ní ghéabham gan é d'fhagháil." - Cloch uasal go n-iomad buadh
do bhí san bhfáinne bhfionnfhuar
is fa séad ríogh an chlach chorr
dá dhíon i gcath nó i gcomhlonn. - "Badh libh" ar sé "choidhche, a chliar,
mo chloch is m'fháinne ar aoinrian
's gan mh'aoradh dá aithle dhuibh
do shaoradh m'aighthe oruibh. - Ann sin do rad Maol Muire
a láimh 'mun idh órdhuidhe
's níor fhéad cor do chur dhi
ar gcur a chrobh 'n-a chéile. - "A bhuain díot dá ndeachadh dhuit"
ar duine don dáimh orrdhruic
"is í ar mionaithne, a ghruaidh gheal,
nach tiobhairthe uaibh ei-sean." p.347 - Imdeargthar im Mhaol Mhuire
re comhrádh an chliaruidhe
nach biadh sgéal 'mun fháinne air
méar a láimhe gur leadair. - Tug a mhéar 's a fháinne óir
re cois a chéile i gcéadóir
do réir a oinigh fhortuil
don chléir dhoiligh dhíogholtaigh. - "Do-chímid i gcomhghar dhuibh
cuideachta, a mheic mheic Murchaidh,
ag so ar gcomairce far gcoir
ón ollaicme" ar na hollaimh. - "Bíodh libh comairce agus ceall"
ar sé ag silleadh 'n-a thimcheall
"a dhreichfheadhna go ngné ghil,
gidh bé ceithearna ad-chíthir." - Sillis ar an gcléir gcéadna
's ní fhuair an geal gnúisdéadla
ar ndéicsin fa seach mar sain
neach dá éigsibh 'n-a fhochair. - Mar do fhéach ar a ghlaic ngil
iar n-imtheacht don dáimh dhoiligh
fuair méar a láimhe ar a láimh
's a fháinne—fa séan sodháin. - Geall oinigh tar gach aicme
fhuair ei-sean 's a thiodhlaigthe
—níor thais a ndéagsain don dáimh—
's an séad-sain ar ais d'fhagháil. - Clann Shuibhne na dtachar dte
ag leanmhain luirg a chéile
laoich as cruaidhe ar chúl a gcleath
ón húr gach n-uaire an t-oineach. - Aithbheodhadh guail a ghrís-se
a-nois do-ní an Ruaidhrí-se
ón beo a-nú a hanam uaidhe
dá marann clú an chéadchuaine. - Ar tí óigfhir Aird na nGlas
ní tearc le n-iarrthar ionnmhas
ag so cailg na fine ó bhfuil
file gach aird dá fhéachain. p.348 - Lorg a shean—ghá niamhdha ní—
leanaidh Ruaidhrí mac Ruaidhrí
cruth fial ón faide meabhail
dial aige re a n-airrdheanaibh. - Mian leis-sean ar chóir gconfaidh
dáil a airm ar eachtronnaibh;
's í áil an diombrais donnghloin
dáil a ionnmhais d'ollamhnaibh. - Ní theasda ó bheithir Bhanbha
bheith lán d'eagna ughdardha
—ceadh acht túr teasda dá rath—
's ní theasda lúdh ná lámhach. - Ní theasda oineach iomlán
ón óg fhaoilidh aighiodhnár
gnúis ghruadhnocht go bhfáilte ag fleidh
is láinte a ghruamdhacht gaisgidh. - Lámh thréan as tréithe le fann,
múr cloiche le hucht n-eachtrann,
troigh sheangbhán as tromdha i dtreas
comhla is dearbhfhál re ndoilgheas. - Bás cró ar a gceiltear fala,
mionn curadh Chláir ríoghLogha,
gus draige óna deacar dul
gan fheacadh aige acht d'ollamh. - Fuil Néill Naoighiallaigh na gcath,
fuil Briain Mhóir mheic Eachach
id ghruadh mhíonghlan eang ar eing
—gá ríoghradh do b'fhearr d'Éirinn. - A mheic Máire nach muidh mionn,
rogha Gaoidheal tá id thimchioll
coill gan chuimhne crann dtoraidh
clann Shuibhne is clann Chonchobhair. - A sbraic ó n-anann t'fhoghlaidh,
a thráigh toraidh d'ollamhnaibh.
dan deoin gan éinfhear d'oba,
a threoir fhéineadh n-ánroda. - A mhealltóir seirce seangbhan,
a dhraig as cian cheileabhradh,
a chongbháil na gcleas ngoile,
a sheas urláir iorghoile. p.349 - Cairt 'ga féile ar fagháil gill
Mairghréag óg inghean Féilim,
doighir do dhoinnfhiodh ó nAirt
coinneall an oinigh d'adhaint. - Cur a clú rug do roghain
pailm chubhra chlann gConchobhair
ciabh chloidheach dan cóir moladh
soidheach óir na n-ollamhan.
Leannáin.
Leannáin fileadh síol Suibhne
p.344EOGHAN MAC AN BHAIRD cct.
Document details
The TEI Header
File description
Title statement
Title (uniform): Leannáin fileadh síol Suibhne
Author: Eoghan Mac an Bhaird
Responsibility statement
Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry
Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.
Edition statement
2. Second draft.
Extent: 1918 words
Publication statement
Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt
Date: 1997
Date: 2008
Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.
CELT document ID: G402125
Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.
Source description
Manuscript source
- Stoneyhurst MS.
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 257, 218 (alias 23 G 24: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 6).
The edition used in the digital edition
‘Leannáin fileadh síol Suibhne’ (1938). In: Dioghluim Dána. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 344–345.
You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:
@incollection{G402125, editor = {Láimhbheartach Mac Cionnaith}, title = {Leannáin fileadh síol Suibhne}, booktitle = {Dioghluim Dána}, editor = {Láimhbheartach Mac Cionnaith}, address = {Dublin}, publisher = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]}, date = {1938}, pages = {344–345} }
Encoding description
Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling declarations
All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.
Editorial declarations
Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.
Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.
Quotation: Quotation marks are temporarily retained.
Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.
Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.
Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.
Reference declaration
The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.
The title of the text is held as the first head element within each text.
div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).
The numbered quatrains provide a canonical reference.
Profile description
Creation: By Eoghan Mac an Bhaird, an Irish bardic poet c.1200–1600
Language usage
- The text is in Classical Modern Irish. (ga)
Keywords: bardic; poetry
Revision description
(Most recent first)
- 2010-11-11: New wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
- 2008-10-15: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
- 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
- 2005-08-04T16:10:31+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
- 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
- 1997-05-28: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
- 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))