CELT document G402126

Le héanmhnaoi cuirthear clú ban

Aodh Mac Diarmuda Mac an Bhaird

Whole text

    Le héanmhnaoi cuirthear clú ban

     p.349

    Aodh Mac Diarmuda Mac an Bhaird cct.

  1. Le héanmhnaoi cuirthear clú ban
    a clú ó choimmeas ga cur;
    ní ríomh do-chóidh ar a crodh;
    i ndíol sgol is dóigh a dhul.
  2. Sí ag comhroinn cruidh mar as dual
    mar do fhoghluim ón fhuil ríogh
    bean do fhréimh Uidhir fa an-iar
    ag réir chliar dar dhoiligh díol.
  3. Siad gan teachta i n-éantoigh óil
    freasdal nochar féadadh dháibh
    rug dá toigh chaithmhe don chléir
    nar léir faighthe a-moigh ó mnáibh.
  4. Le a bhfaicsin 'sa bhfaighthe ón mhnaoi
    dá haighidh do aithrigh gné;
    le sgoil fhuair do hadhnadh í
    ní fhuair sí le hadhbhar é.
  5. Díol dáibh do réidhigh a-rís
    ris an dáimh gan déinimh nóis
    cóir déine go doire cnuais;
    guais na cléire roimhe ar Róis.
  6. Do dhlúthaigh ar dháil a fleadh,
    ar dháimh níor chumhdaigh a cradh
    teagh óil ó chéile ga chor
    tóir sgol ar an mbéinne mban.
  7.  p.350
  8. Féachtar a dúthracht dá mnáibh
    dá dúthchas gan déanamh lóin
    thug deibheadh ar chuirm do chléir
    na cuirn féin fa dheireadh dhóibh.
  9. 'N-a thiomchal do-chuadar cor
    —iongnadh 's gan ghuasacht 'n-a ghar—
    sreabh nar dhomhuin dhóibh go dul
    ag cur omhuin ar bhróin ban.
  10. Bean d'fhuil Uidhir as díon dó,
    ní fhríoth le sgoil righe ria,
    fríoth orra le a car i gclú,
    crú Colla gan bhladh ní bhia.
  11. Mar sgaoiltear ar fhleidh a luagh
    do-gheibh gach aoinneach ler bh'ál
    —ní chuir sí áireamh ar fhíon—
    dáileamh 'ga dhíol go dtí a thrágh.
  12. Sí dá chionn gan chradh ó chléir
    a bladh ós a gcionn do-chuaidh;
    tug 'n-a héanar díol do dháimh
    ar mhnáibh ríogh do-bhéaradh buaidh.
  13. Inghean Con Connacht fa a-niar
    an sgol gidh docar do dhíol
    do chuir sí glas ar a glór
    nach mór go gclas í fa fhíon.
  14. I ngach chéim 'n-a moltair mná
    is obair nar éirigh leo
    barr tar an mbladh thuilleas tú;
    clú ban ód choimmeas fa cheo.
  15. Do ghuais cléire naoidhe a-niogh
    do mhaoine ó chéile 'ga gcor,
    crodh le dáimh ón bhéinne bhan
    gal t'fhéile do-cháidh fan gcrodh.
  16. Don fhuil Raghallaigh ní ró
    daghurraidh le cor do chlú;
    cia as cneasda le a cor id chló
    do thogh do ró teasda tú.
  17. Dod thol i gcrothaibh do-chuaidh
    —ní cosmhail gur codladh sáimh
    tig dot fhaicsin re seal suain—
    fear ag buain id ghaisdibh gráidh.
  18.  p.351
  19. Cliar naoidhe do-cháidh tar ceart
    do mhaoine ód mhnáibh ar a n-iocht
    sgol do-chóidh gan adhbhar ort
    socht ar bhróin mallbhan ós mhiocht.
  20. Tearc, a Róis, ar mhodhaibh mná
    bean as cóir do chora id chló;
    crodh do thabhairt tar ceann chlú
    do mheall tú an mhalairt as mhó.
  21. Mar théid i gcoill crann ós fhiodh
    barr dot fhéile ní bhoing bean;
    súgh cuain ó ollamh do fhan
    cradh far donnadh do ghruaidh gheal.
  22. Beiridh oraibh d'uamhain sgol
    gur thogaibh id ghruadhaibh gal
    folchar róibh ar camháir crodh
    sgor dá ngabháil dod bhróin bhan.
  23. Gnáth le Róis donnadh 'n-a dhiaidh
    's nach dóigh ar a bronnadh béim
    do cuireadh siar duais le dáimh
    far ghuais dáibh i n-a bhfiadh féin.
  24. Budh fada lón aoigheadh uadh
    dá maoinibh ní mór do fhéagh
    bean ag díol aoigheadh fa ól;
    lór an fíon do sgaoileadh sgéal.
  25. Do cheird ríoghna a cur i gcéill
    an gníomh-san do ghabh do láimh
    coinne ríogh far bhaoghlach buain;
    a síodh d'uaim d'aonghuth do b'áil.
  26. Bean don fhuil Uidhir-se ag cuan
    i n-uireasbhaidh cruidh 'ga clódh
    gémadh aithghearr í fa fhíon
    ní bhí díol Aifreann gan ól.
  27. Níor bh'iongnadh bladh d'fhagháil uadh
    a crodh do rodháil 'ga riar
    sgol i n-ucht ar-oile ag ól
    gur mhór an lucht toighe a dtrian.
  28. Díol cruidh níor chosmhail dá éis
    sa mhodh-sain acht do mhuin nóis;
    fiú a bhfuil dá díoghbháil re duais
    guin cruais i ríoghmhnáibh ó Róis.
  29.  p.352
  30. Tánaig soin do chumhga cáigh
    nochar urmhais dul 'n-a deoidh;
    le a dtéid 'n-a teagh i n-am óil
    ní hóidh le a fear a chrann ceoil.
  31. A thoil dóibh dá éis níor aomh
    mar do léig le Róis a rún;
    i n-a eachtra ní fhuair bríogh
    teachta ríogh do-chuaidh ar gcúl.
  32. D'éis a dhol don dáimh a-rís
    dá crodh 'n-a láimh ní léig Róis;
    tarla ag an gcléir ón chronn chnuais
    a duais trom go réidh ó Róis.
  33. mhnáibh ar bhladh béaraidh sí
    a béal ar réaltain ag ré
    dá rabh i n-a goire ar ghnaoi
    is bladh do mhnaoi oile é.
    Le.
  34. Fiú ar dháil Mág Mathghamhna dhóibh
    dámh as rodhocra do réir;
    riar sgol is doiligh 'n-a dhiaidh
    oidhir Briain gan chrodh ón gcléir.
  35. Ar chur treasa beirid buadh
    deighfhir as deacra do chládh
    go rug doinnghrian ar gurt gliadh
    fian Oirghiall fa Art san ágh.
  36. Tarrsa nó go dtéid ar ghnaoi
    ar gach chéim do chosain
    d'fhóir Uladh 'n-a bhéim do bhí;
    do chléir fa ní is umhal é.
    Le.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Le héanmhnaoi cuirthear clú ban

Author: Aodh Mac Diarmuda Mac an Bhaird

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1676 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402126

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript sources

  1. Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, 229. Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 625 (3/C/12) O'Curry's transcript of the Book of the O'Conor Don.

Translation

  • Lambert McKenna, 'Poem to Róis, Daughter of Mág Uidhir', in: The Irish Monthly 51 (no. 604, October 1923) 529–533 (available online on JSTOR).

The edition used in the digital edition

‘Le héanmhnaoi cuirthear clú ban’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 349–352.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402126,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Le héanmhnaoi cuirthear clú ban},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {349–352}
}

 G402126.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Aodh Mac Diarmuda Mac an Bhaird, an Irish bardic poet c.1550–1600

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic poetry; eulogy; Aodh Mac Diarmuda Mac an Bhaird; patron

Revision description

(Most recent first)

  1. 2016-06-28: Queries resolved using information from the Irish Bardic Poetry Database. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-11: New wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-15: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:10:35+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1997-05-28: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402126.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top