CELT document G402127

Mairg chaitheas dlús re dhalta

Maolmhuire Mac Craith

Whole text

    Mairg chaitheas dlús re dhalta

     p.352

    Maolmhuire Mac Craith cct.

  1. Mairg chaitheas dlús re dhalta
    más fhíor d'éis a dheaghsgagtha;
    bheith dar ndaltai-ne ag dréim rinn
    céim fa lagfaidhe ar luaighill.
  2.  p.353
  3. Ceard Ghofradha as ghlan cridhe
    ag cumhdach ar gceirdei-ne;
    maith bláth a oideachta air
    do b'fháth coigealta ar chiontaibh.
  4. rinn bheireas a buidhe
    gloine ghréasa ar ndaltai-ne;
    mallacht gach dhalta uadh air
    snuadh a nglanta ar a ghréasaibh.
  5. Adhnadh orm do b'fheidhm deacrach
    dom charaid dom choimhleabthach;
    doidhéinmhe cion—budh cion dúin—
    dom fhior choimhéirme is chaomhrúin.
  6. Má tá díoghrais an dalta
    ar tí cor re a chomhalta
    'n-a fhior chonganta is cáir damh
    náir do bhronndalta ar mbráthar.
  7. Bheith d'Ua Dhálaigh ag dréim ruinn
    d'éis a oileamhna aguinn
    mar shaoilim a theacht tiocfa;
    maoidhim neart is neimhchionta.
  8. Ionann dúinn gliocas is gaois
    ionann leabhair do léaghmaois
    'gun mhóroide do mhún sinn;
    córaide cúl rér gcointinn.
  9. Cia an compánach nó an cara
    as iontaoibh d'éis Ghofradha?
    do léig 'n-ar n-ucht a aithne;
    do thréig lucht a leasaighthe.
  10. Má do gheall gabháil rem throid
    —deacair cointinn re caroid—
    dá ghealladh is docar dul
    tar focal teangadh thuathadh.
  11. Sgéal beag leam a los Ghofraidh
    dá leantar dá labharthaibh;
    is ar an dTánaigh táir sain
    cáir d'Ua Dhálaigh a dhéachain.
  12. Tionólais Meadhbh—meabhair leam—
    ceithre hollchóigidh Éireann
    i ndeoidh na tána ó dtighibh;
    sgeoil a hádha uaislighidh.
  13.  p.354
  14. I nUltaibh go n-iomad fear
    nocha gcuala ón cheas naoidhean
    re hucht bhféinneadh mear Meadhbha
    fear acht éinfhear infheadhma.
  15. Fir Éireann ó Mheidhbh a-mach
    Cú Chuluinn a hucht Ultach
    buaidh a gcéimeann ag an gCoin
    is sluaigh Éireann 'n-a fhochair.
  16. Cú Chuluinn an chrotha bhuig
    níor fhágaibh áth an chomhraig
    gan éacht gach aonlá uadh air
    do shluagh na caomhmná a Cruachain.
  17. Ní fhuair fa dheoidh—deimhin leam—
    Meadhbh ar ngríosadh fhear nÉireann
    neach sa bheirn ar bhéal an fhir
    —sgéal ag Meidhbh ar a muinntir.
  18. Cuiris fios uaithe ar Fhear Diadh
    Meadhbh Chruachan na gcreach n-imchian,
    tugadh gin go ndearna ar dhligh
    go pubal Meadhbha an mílidh.
  19. Gealltar lé a lán do shochar
    d'Fhear Diadh ar a dheonochadh
    dul san áth ar Choin gCuluinn;
    ag soin fáth ar n-uraghuill.
  20. Geallais Fhionnabhair fhuair bloidh
    d'Fhior Diadh ar dhruim gach sochair;
    do ba searbh leis ar labhair
    Meadhbh go feis le Fionnabhair.
  21. Dá ngealladh Éirinn d'Fhior Diadh
    ní mheasaim ná budh míchiall
    ar chosg bhfeadhma chliathcha an Chon
    briathra Meadhbha dá mhealladh.
  22. Inntleacht Meadhbha Mhuighe an Sgáil
    meallais mac díomsach Damháin
    do léim a chomhalta Con;
    céim as rodhocra rugadh.
  23. Fear Diadh agus Cú Chuluinn
    lucht aonfheadhma is aonfhuluing,
    lucht aonlúidh i ngurt ghaisgidh,
    lucht aonrúin is aonaisdir.
  24.  p.355
  25. Ionnsaighis áth an chomhraig
    Fear Diadh go ndlús iomfhormaid;
    sé 'n-a chlú mheabhla mairidh
    Cú na hEamhna d'ionnsaighidh.
  26. Caithid ainn-séin rer-oile
    rinn a n-áigh 's a n-iorghoile,
    diamhair a gcéimeann 's a gcleas;
    d'fhianaibh Éireann do b'áineas.
  27. Cú Chuluinn do chardaois mná
    do choigil-sean an chéadlá;
    Fear Diadh ní choigleadh an gCoin;
    ciall 'n-a gcoigleadh níor chosmhoil.
  28. An ga bulga nó gur bhuing
    i bhFear Diadh ó Choin Chuluinn
    troid bheo fa comhthroime cor
    gleo na conchloinne curadh.
  29. An ga bulga ag Coin Chuluinn
    iomarcaidh narbh ionfhuluing;
    Fear Diadh níor chlisde ar an gcleas,
    cisde ris nar chiall coimmeas.
  30. Rug Dia breith i na bhreith chóir;
    tuitis mac díomsach Damhóin
    mar fhuair sé an géargha dá ghoin,
    is téarna an té le dtorchair.
  31. Mar do chuaidh d'Fhior Diadh a dhruim
    re comhaltas Chon Culuinn
    guais liom a dhul d'Ua Dhálaigh
    cur i gcionn a chompánaigh.
    Mairg.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Mairg chaitheas dlús re dhalta

Author: Maolmhuire Mac Craith

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1370 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402127

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 3, 41 (alias 23 L 17: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 744, 69 (alias A v 2: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 18).
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 703, 48 (alias 23 H 8: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 17).

The edition used in the digital edition

‘Mairg chaitheas dlús re dhalta’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 352–355.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402127,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Mairg chaitheas dlús re dhalta},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {352–355}
}

 G402127.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Maolmhuire Mac Craith, an Irish bardic poet c.1200–1600

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry

Revision description

(Most recent first)

  1. 2010-11-11: New wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2008-10-15: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  4. 2005-08-04T16:10:38+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  5. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  6. 1997-05-28: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402127.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top