CELT document G402128

Maith an locht airdríogh óige

Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

Whole text

    Maith an locht airdríogh óige

     p.355

    GOFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.

  1. Maith an locht airdríogh óige
    tnúth cáigh ris is romhóide;
    a thriath 'n-a óigrígh do bfhearr
    dá gach iath fhóidmhín fhairseang.
  2.  p.356Do thréig Mág Carrthaigh Chláir Bhreagh
    ar chosnamh críche a shinnsear
    eich do ghéagshlataibh chleath gcuill
    ar sdéadmhacaibh each n-áluinn.
  3. Do thréig bonnsacha bláithe
    ar ruaidhshleaghaibh rionnáithe
    —tuar annála don ghéig ghil—
    do thréig camána ar chloidhmhibh.
  4. Mar sin do thréig trealamh leinbh
    d'fhurtocht Teamhra—toisg neimmeirbh—
    fear fonnmhar na bhfonn sgathach
    re ndobhradh Conn Céadchathach.
  5. Lá do-chuala-sa an Conn-sain
    i gCruachain ghuirm ghealdorrsaigh,
    lucht altruim Chuinn agus Conn
    go macraidh thruim 'n-a thiomchall.
  6. Conn Céadchathach na dtreas dte
    do-chonnairc ar gcur bháire
    san mhagh fhear go n-eirreadh druadh
    an seingfhear fa mear marcshluagh.
  7. Gluaisis an draoi go dána
    chuca i gceann na hiomána;
    tug ar fhonn na faithche an fáidh
    ar Chonn aithne san iomáin.
  8. Beannaighis 'n-a dheaghaidh dhó
    do ghlór fhéata nar ónna
    an draoi do eagair Fonn Fáil;
    do fhreagair Conn i gcéadáir.
  9. "Cia thu-sa nó gá tír dhuid"
    ar Conn an chrotha nuabhuig
    "gér chóir grádh do ghné th'aighthe
    is lán mé dod mhearaithne."
  10. "Do b'iongnadh oidhre th'athar,
    a mhic, i n-ar mearachadh;
    fuair sinn gnaoi 'n-a ghnaoi choimse;
    fa draoi inn dot athair-se.
  11. "Is é do mhearuigh mei-se
    an feidhm-sin re bhfuilei-se;
    fuair míonBhanbha fa chách cor
    nach tráth ríoghdhamhna reabhradh.
  12.  p.357
  13. "Teamhair Bhreagh i mbíodh Féilim
    dá bhfeasda, a Chuinn chneisshéimhshing,
    glóir an bhaile mar do bháidh
    ní badh dóigh th'aire ar iomáin.
  14. "Treabh dá daingne ní dheachaidh
    gan losgadh ó Laighneachaibh
    mun ráith gcuirr saorchlochaigh sin,
    a Chuinn chaomhchrothaigh chneisghil.
  15. "An bhóromha fa dú dhaoibh,
    ga tabhach a-tá Cathaoir;
    gan tocht re Cathaoir, a Chuinn,
    is tathaoir ort a n-abruim.
  16. "A-tá—gá truime comha—
    ga breith leis an mbóromha
    bró bhan mallabhrach gruadh ngeal
    ag sluagh lannarmach Laighean.
  17. "Le huabhar airdríogh Laighean
    múr Teamhra do trochlaigheadh
    an port i suidheochthaoi sibh;
    is olc fhuileongthaoi a fhaicsin."
  18. Ó 'd-chuala Conn chríoch Muaighe
    orchra Teamhra taobhuaine
    tug dá chamán orchar uadh
    an conchar fallán fleadhfhuar.
  19. Tug Conn an chroidhe mheadhraigh
    béim dá dhruim le domheanmain
    mun bhfroighidh slaitleabhair saoir
    dtaitneamhaigh roighil rochaoin.
  20. Fear ga raibhe ciall chaide
    Conall Cruachna a chaomhoide
    tug ruathar ar a chúl Conn
    go múr Cruachan go Conall.
  21. "Créad mar choisgis dod reabhradh?
    caidhe cúis do dhoimheanman?
    ná séan" ar Conall re Conn
    "do sgéal oram, a anam."
  22. Do ráidh Conn do ling loingse
    "is mór adhbhar mh'athtoirrse,
    Teamhair gan teaghlach gan teagh
    meadhair Theamhrach ar dtoirneamh.
  23.  p.358
  24. "A-tá ag cur orm, a oide,
    Teamhair mar tá i ndochroide;
    tarla cor don lios rem linn;
    gan dol dá fhios ní fhuilngim."
  25. "Léan Teamhra ná tabhair d'aoidh"
    ar Conall re chéibh mbarrchlaoin
    "I gcléith chogaidh ní dú dol
    's gan tú go habaigh aosmhar.
  26. "Léig fós d'iomchosnamh Éireann,
    a Chuinn na mbas mbairrshéimhsheang,
    a fholt laigleabhar chladh gcam,
    an ret aibgheaghadh agam."
  27. Do ráidh-sean—fa rádh soraidh—
    nach anfadh ar éanchomhaidh
    port fa dion d'fhearaibh re headh
    Teamhair na ríogh go roiseadh.
  28. Ráith Cruachan na gcladh sgathach
    do fhágaibh Conn Céadchathach;
    neamhuis a dtorann ó a dtoigh,
    leanais Conall an Conn-soin.
  29. Tionólaid a-noir 's a-niar
    Connachtaigh na gcorn mbairrfhiar;
    'n-a mbróin truim mheanmnaigh san magh
    ag leanmhain Chuinn do-chódar.
  30. Iadhaid go n-iomad tionóil
    an chuid-sin d'fhiadh Éiriomhóin
    mun óigfhear nar bh'ónna smacht
    's an cóigeadh cródha Connacht.
  31. Go hoirear mBóinne buige
    tiad sin—suairc a sochruide—
    tóir throm ag drud re a ndalta
    mar rug ar Chonn Connachta.
  32. Do bhí ag Cathaoir don taoibh theas
    slógh Laighean i na loingeas
    láimh re Bóinn mbreacclochaigh mbláith
    'n-a mbróin neartchathaigh neamhthláith.
  33. Mar rángadar ucht re hucht
    Laighnigh is cóigeadh Connacht
    fa reachtmhar deas a ndeabhaidh
    san treas neartmhar náimhdeamhail.
  34.  p.359
  35. Ar ndol dá n-áireamh uile
    ní áiréobhadh éanduine
    ár trom ar tolchaibh re a dtaoibh
    go dtorchair le Conn Cathaoir.
  36. Suidhis féin i dtigh Tuathail
    gabhais Éirinn n-órchuachaigh
    tar éis Fhéilim do bhí i mbroid
    an rí ar Éirinn gur fhuasluig.
  37. Do ghéis tonn Rudhraidhe ruadh
    is tonn Chliodhna na gcaomhchuan
    do ghéis tonn mhear na Maoile
    res an ndonn ngeal ngruadhnaoidhe.
  38. Ar feadh fiodhbhaidhe Uladh
    is choillteadh ndluth nDeasMhumhan
    do chrom gach dlúthcholl dathach
    re gConn gcúlcham gCéadchathach.
  39. Géabhaidh Domhnall mac Domhnaill
    mar sin Éirinn n-iobhardhoinn,
    sgéaraidh go séimh re Sacsaibh
    an réidh bhféaraigh bhfleadharsaidh.
  40. A-tá éinchéim d'aithris Chuinn
    nach diongna mac mheic Dhomhnaill
    dámadh í a thír tír a shean
    sí re rígh nocha roinnfeadh.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Maith an locht airdríogh óige

Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1625 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402128

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 2, 177 (alias 23 F 16: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 743, 674 (alias A iv 3: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 18).
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 1, 38 (alias 23 D 14: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).

The edition used in the digital edition

‘Maith an locht airdríogh óige’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 355–359.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402128,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Maith an locht airdríogh óige},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {355–359}
}

 G402128.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotation marks are temporarily retained.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Gofraidh Fionn Ó Dálaigh, an Irish bardic poet (1320–1387) c.1340–1387

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; 14c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2012-06-21: Header modified. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-11: New wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-12: Header updated; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:10:43+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1997-05-28: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  8. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402128.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top