CELT document G402129

Mithid creideamh do chloinn Néill

Eoghan Mac Craith

Whole text

    Mithid creideamh do chloinn Néill

     p.359

    EOGHAN MAC CRAITH cct.

  1. Mithid creideamh do chloinn Néill
    'gun chloinn ag nar creideadh dhóibh;
    ní fás do-niad tar Íbh Néill;
    ní léir cás nach iad do fhóir.
  2. Bóinn Dá Thí na ndumhach ndonn
    agus Tulach na dTrí bhFionn
    sgarthar feasda re féinn Gall;
    clann Néill as cneasda ós a cionn.
  3.  p.360
  4. Slat orrdhraic ós fhine Néill
    smacht Cormaic ar Mhidhe mhóir;
    Banbha ghealChuinn taoibh re taoibh
    faghla Í Mhaoil Eachluinn do fhóir.
  5. I leith fhaghla ós eadh a-tá
    an Bhanbha gomadh bean dó
    ní budh roghar do chleith Chua
    foghal nua i ngach leith don ló.
  6. Lia sgor an mhongabhraigh mhóir,
    lia crodh ag ollamhnaibh uaidh,
    lia a choin—ní ceilte ar an fhéinn—
    teirce a ngéill soin is a sluaigh.
  7. Lór a mhíonlacht i múr ban,
    lór a ríoghdhacht—ní rún mion
    a chur uilleannach arm sean
    badhbh dhean ní huirreamach d'fhior.
  8. Ua Colmán ó Chruachain chaoimh
    is buachaill d'orlár an áigh;
    tugadh treas gan fhiadhain uaidh
    an treas uair ar n-iarraidh áir.
  9. Béas don deighfhear car a chlú
    an dan bhus deireadh don ló
    éacht uaidh le mallghothuibh mná
    lá an uair do dhaghmhothuigh dhó.
  10. Ní bhéara céim ar a chúl;
    a réir ní ghéabha gan ghiall;
    ní héidir le hucht an ríogh
    díon an chéidfhir i ngurt ghliadh.
  11. Lucht donnbhrat i ndeaghaidh ruag
    ar cheanaibh fa Chormac Óg;
    feidhm ar chrannaibh um cheann nGréag,
    sdéad seang ar bharraibh a bróg.
  12. Lán dearnann do ghormgha ghéar
    is seanlann tromdha re thaobh
    is am crann reamhar dá riar;
    níor iarr 'n-a leanabh crann caol.
  13. Ar bhfuighle re a aghaidh n-óig:
    "blaghaidh bruighne blaghaidh ruaig,
    mín ag dul go toruibh thríd
    gan bhrugh 'n-a mbíd d'fhoghuil uaid."
  14.  p.361Ní charaid socracht ná síodh,
    do-ghabhaid docracht is duadh;
    ní basgadh ar iorghail t'fhian
    asdar cian ná ionmhuidh fhuar.
  15. Réidh bhí ó theachta dod thoigh
    —gá ní as deacra ná dréim ribh—
    Laoich ler bh'áil i ngleo do ghoin;
    ní leo a bhfuil 'n-a láimh acht libh.
  16. Banbha Airt i n-eidhreacht chóir
    tarla id chairt—is deighneart daoibh;
    biaidh fat eidhribh fleadhFhód Fáil;
    do dheimhnigh fáidh neamhóg naoimh.
  17. Lá feadhma ní fás do-niad
    na feadhna re a bhfás do ghrúg;
    bhar n-uaill ná uabhar bhar sdéad
    ní thruaill do chéad sluaghadh súd.
  18. Orrdhraic ó cheanaibh do chlú
    a Chormaic do mheadhair mná;
    fuaradh bhar n-each, a fhir chró,
    creach nó a dhó libh re dá lá.
  19. Lucht tilte uile don iath
    na litre chuire go cách
    fir ris nach soshnadhma síoth
    fríoth comhardha ó dtigh dá táth.
  20. Teas an talmhan is tuar gnaoi
    eas uadh gan bhalbhadh ní bhí;
    tuigthear sin ar síonaibh Dé
    gur shíodhaigh sé ribh, a rí.
  21. Mín gach maighean, mín gach linn,
    gan chagadh re tír ag tuinn;
    druimleabhair gach damhna croinn,
    coill Bhanbha i gcuirmmeabhaidh cuinn.
  22. Clúimh na learggort naoidhe a-níos
    —gá ceardacht as caoimhe gréas?
    a mbia ar choillfhiodhbhaidh do chnuas
    budh sia suas doinnfhiodhraidh déas.
  23. An úir ar n-osgladh dá hioth
    ag brosdadh ar chlúimh na gcleath;
    gidh créad rug an mhuir a-mach
    ní fhuil rath nach tug is-teach.
  24.  p.362
  25. Giolla adhras d'fhagháil chlú
    'n-a anáir labhras an lia
    rí do thagra dá ndeach dhó
    mó d'agra na mbreath 'ma mbia.
  26. Do bhrígh feadhma ghéirreann nglan
    mín Éireann 'ga earla thiugh;
    an ré le ria tar gach bhfear
    sia an seal ó 'né gus a-niugh.
  27. Clann Chathaoir is Cholmáin mhóir
    'n-a comhdháil go cathaoir Néill;
    gidh cara ceall ceann an tsluaigh
    do shmuain Ceall Dara do dhréim.
  28. Féinnidh Theamhra ó thighibh sgol
    dlighidh gan bhearna ar a bhladh;
    iomdha sealg is éachta ón fhior
    ciodh ná budh ceard bréagtha ban?
  29. Gach ní dá bhfuighe is dá bhfuair
    an rí ar gach nduine ag a dháil;
    i mbrat Chormaic sul do-chóidh
    slat óir an donnbhrait ag dáimh.
  30. Gá beag bheith go gar dá ghnaoi?
    tar a bhladh nocha reich rí;
    frioth 'n-a dheighéadáil uaidh é;
    fuair sé go neimhéagáir ní.
  31. Donnaidh sleagha gorma i ngádh,
    bronnaidh greagha ollmha ag ól,
    gealltar mallbha ag Aifreann uadh,
    do aithgheall sduagh Annla ór.
  32. Do mhaoidh tromdháimh ar thuir Chua,
    gobhláin gaoil do chuir a chlú;
    fogus gaol deaghUisnigh dhó;
    laogh bó ón tealaigh-sin thú.
  33. Téid re hoighreadh dath do dhearc
    gan dath as coimhgheal red chorp
    a ghnaoi tar nar bh'iarraidh Art
    sa tlacht do bhaoi ar fhiadhain ort.
  34. Ní bhia fós teach ós do thoigh
    gan do nós ar neach dá mair;
    íocfa féin re seanóir sin
    neamhóidh gach fhir dot fhéin air.
  35.  p.363
  36. Sleagha reamhra Bhéinne Bhriot
    a chéile Leamhna budh lat;
    fuarais corn beannchraobhach breac
    'mar fheac Dolbh gealchaolach glac.
  37. I bpurt an Daghdha ós Bhóinn bhailbh
    do-chóidh re hucht Samhna a seilbh
    tapracha ar chúl gacha chuirn
    cuirm ag túr daghcrotha ar dheilbh.
  38. Mór file ón bhronnadh do-bheir
    bile dar donnadh gach dair;
    go deoradh le duasaibh cruidh
    seoladh ón fhuil uasail air.
  39. Mac Duibhe Cobhlaigh ó Chliaigh
    dá gach dhuine congbhaidh cóir;
    tug d'anáir do chineadh Chéin
    a ngéill d'fhagháil idheadh n-óir.
  40. Clann Cholmáin—ní cineadh mion—
    cineadh re congbháil na sgol
    na cláir brannaimh 's a mbró ghreagh
    mó a seadh i gclannaibh a gcon.
  41. Cuid dá riar an miodhfhann mór
    i n-a dtriall Sionann 's a sál;
    cuid fhineachais dóibh gach dún
    'ma ndún Bóinn bhileathais bhán.
  42. Craobh darab ceard ceannach gnaoi,
    caor dhearg a Teallach Dá Thí,
    cleachtaidh faire Thoighe Té
    gidh bé oile baile i mbí.
    Mithid.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Mithid creideamh do chloinn Néill

Author: Eoghan Mac Craith

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork. and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1746 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402129

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 3, 81 (alias 23 L 17: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 2, 173 (alias 23 F 16: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).

The edition used in the digital edition

‘Mithid creideamh do chloinn Néill’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 359–363.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402129,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Mithid creideamh do chloinn Néill},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {359–363}
}

 G402129.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Eoghan Mac Craith, an Irish bardic poet c.1200–1600

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry

Revision description

(Most recent first)

  1. 2010-11-11: New wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2008-10-12: Header updated; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  4. 2005-08-04T16:10:46+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  5. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  6. 1997-05-28: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402129.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top