CELT document G402130

Mór an lucht arthraigh Éire

Fearghal Óg Mac an Bhaird

Whole text

    Mór an lucht arthraigh Éire

     p.363

    FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.

  1. Mór an lucht arthraigh Éire;
    siar tar sleasaibh seinBhéirre
    do-chuaidh an tonnbhán tráichtte
    uainn i n-urlár éinbháirce.
  2.  p.364
  3. Do ghad a hanam aisde
    Éire na gcuan gciomhaiste
    dá éan uachtair chuaine Chuinn
    do ruachtain uain-ne i n-aonluing.
  4. Dá eite lúith Leithe Chuinn
    rugadar san bháirc bheannchuirr,
    críoch na Niall d'éanlucht uile,
    siar ó fhéarGhurt Úghoine.
  5. Ó Néill, Ó Domhnaill díon sgol,
    Ó Domhnaill, Ó Néill neartmhar,
    glóir Banbha i mbáirc na deise;
    tráicht fhalmha dá inneise.
  6. Aodh rathmar, Rudhraidhe dil,
    do-chuaidh 's gan iad-san d'áirimh
    cuire san luing-sin tar linn
    do thuirrsigh uile Éirinn.
  7. Rugsad Éirinn is iad sain,
    rugsad leo ar fhuirigh uathaibh,
    an dá iarla d'fhuil na bhFionn
    tre a bhfuil an ghriangha i ngéibhionn.
  8. Bíd cách a bhaile i mbí a dtail;
    ana Gaoidheal Ghuirt Fhionntain
    is toirthe craobh Fhuinn Uisnigh
    ar-aon san luing luchtmhair-sin.
  9. A bhfuil san luing-sin do lucht
    ní dhearna—dia do chumhucht—
    ar Mhúr Dá Thí Teach Lughaidh;
    creach mar í ní hionnshamhail.
  10. A leithéid d'éinchreich oile
    níor ghluais Conn ná Conaire
    Fád Fuinidh ó thráigh go tráigh
    le Mág Uidhir don Easbáin.
  11. Caithréimeach an chreach-sa siar
    le codhnach catha Oirghiall;
    rug dá choróin Chláir na bhFionn
    don Sbáin is onóir Éirionn.
  12. Caithréim mar an gcreich-se a-nonn
    ní dhearna Tuath Dhé Danann
    fa chreachBhanbha na gcall sean
    ná clann mhearchalma Mhíleadh.
  13.  p.365
  14. An chreach rothrom rug tar muir
    ní thiocfadh aon dá hiarraidh
    sgiath comhairghe crú na neart
    tre chonnailbhe acht Cú Connacht.
  15. Fa truagh leis cheana a chomhghaol
    fa ainbhreith eachtronnmhaor
    dá dtug Mág Uidhir a ucht
    ar Fhád Fuinidh dá bhfurtocht.
  16. Fa truagh leis treabhadh Teamhra
    's clann Mhíleadh fa mhímheanma
    dar ghluais tuir fionnMhuighe Fáil
    do mhuin ionmhuine ón Easbáin.
  17. Gá dás acht an tráth tánaig
    cuirthear leis ó leachtFhánaid
    —eachtra do uaisligh a rath—
    teachta ar uaislibh na nUltach.
  18. Conall Eoghan Inse Breagh
    gluaisid ainn-séin ós íseal
    fa fhios caithleomhain Cláir Sreing
    —dáil do aithbheodhaigh Éirinn.
  19. Do roighnibh Éireann ann sin
    Cú Connacht Óg Mág Uidhir
    rug lucht a mhórluinge a-mach
    tar ucht glórbhuinne ngrianach.
  20. Do shaor Mág Uidhir oile
    a rug leis d'fhuil Úghoine
    's a bhfuil dí san Bhanbha a-bhus;
    go dtí tarbha dá thurus.
  21. Tar bóchna na mbuinneadh ngeal
    táinig d'fhurtocht mac Míleadh
    long Naoi nó a aithghin oile
    le flaithghin Craoi Conaire.
  22. Eathar muirneach badh mhó fiach
    long neartmhar Naoi mheic Láimhfhiach
    re mbraondortadh do bhuain de
    do-chuaidh aonochtar innte.
  23. Long Naoi ó gach linn do lionn
    ar fheadh dháilte na díleann
    níor léig braon tuile tairsibh
    dar shaor uile an t-ochtair-sin.
  24.  p.366
  25. Fearg Íosa fo-deara a dáil—
    neach beo ar an talmhain tonnbháin
    níor léig an tuile throm-sa
    don uile acht an t-ochtar-sa.
  26. Sgaoilid ochtar na hÁirce
    lán d'aoibhneas is d'fhorbhfháilte
    iar ndílinn fan gcruinne gcé;
    na sgríbhinn uile mh'fhínné.
  27. Lucht na loingei-se an lucht thall,
    an díle fós fearg eachtrann;
    an Áirc reimhe an bhárc a-bhus
    teine i ngach trácht ó a thurus.
  28. Ar dhílinn feirge Fian nGall
    do chaomhuin sí sluagh Fréamhann
    's na cúig tíre im Fhonn nUisnigh
    an long shídhe shiobhlaigh-sin.
  29. Gidh ionmhuin ní hionann sin—
    do shaor míle do mhíltibh
    fan ngortmhagh do ghabh re hArt
    dar an ar n-ochtar d'fhurtocht.
  30. Long eile as aithghin di-se
    Argho saor a snoighei-se
    —ní riar far dhual a dearadh—
    uadh do iarr a hainmneaghadh.
  31. Tríd sin fhuair an t-ainm oirrdheirc
    bárc nar lia lucht uabhairneirt;
    "long Argho" ón uair-sin i-le
    tarla ag na huaislibh uirthe.
  32. "Long Mhéig Uidhir" amhla sain
    bhias ar an athluing éachtaigh
    fuair ón Mhanchach baisdeadh binn
    arthrach na n-aisdear n-aoibhinn.
  33. I luing Argho—anba an rath—
    do-chuaidh an ghasradh Ghréagach
    caor chonfaidh fa teo tionól
    dá dtorchair leo Laimheadhón.
  34. Bárc nar bh'fhéidir righe ria
    aisde do hionnradh Aissia
    le neart slóigh ghasraidhe Gréag,
    amhsaine as cóir do choimhéad.
  35.  p.367
  36. Innte do-chuaidh cian ó shain
    an lucht do b'fhearr d'fhuil Ádhaimh
    ag dul do thaghail na Traoi;
    cur 'n-a aghaidh ní fhéadtaoi.
  37. Caithréim eile amhla sain
    do-ghéantar más fhíor d'eolchaibh
    le géagaibh Moighe Midhe,
    Gréagaigh oile a n-aimsire.
  38. Do-chuaidh athfhoireann eile
    i luing Argho a haimsire
    do Ghréagachaibh ó Ghurt Airt
    lucht céaddachair do chosaint.
  39. Ón lucht-sain luinge hArgho
    níor iomchuir bárc bheannamhra
    lucht mar cholumhna Chláir Bhreagh;
    comhumhla dháibh do dligheadh.
  40. eath innte acht iad sin
    dá phrímhIarla mac Mílidh
    sgoth luinge le lucht badh mhó
    tar ucht tuinne ní théarnó.
  41. Do chuir fháilte ar croidhibh cáigh
    toisg na nIarladh don Easbáin;
    's tug a ndul tar fairrge bhfinn
    gul gacha hairde i nÉirinn.
  42. Mar mheasdar trá a dtocht le séan
    nó a n-anamhain madh éidtréan
    bídh don chuir-sin glóir is gruaim
    ar fhóir Uisnigh i n-éanuair.
  43. An long-sa do imdhigh uann
    cluinnsin a heachtra n-ionnfhuar
    tug a bhríogh im churp do chlódh;
    a lucht fa-ríor is romhór.
    Mór.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Mór an lucht arthraigh Éire

Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1694 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland— http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402130

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  • Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, 140. Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.

Secondary Literature

  1. Pádraig Ó Macháin, Poems by Fearghal Óg Mac an Bhaird, Celtica 24 (2003) 252–263. [Survey article about Mac an Bhaird's oeuvre with further literature.]
  2. Lambert McKenna, 'The flight of the Earls', Irish Monthly 54 (1926) 471–475.

The edition used in the digital edition

‘Mór an lucht arthraigh Éire’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 363–367.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402130,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Mór an lucht arthraigh Éire},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {363–367}
}

 G402130.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotation marks are temporarily retained.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the poem. Pagebreaks are marked pb n="". Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Fearghal Óg Mac an Bhaird, an Irish bardic poet

Date: 1607 (see P. Ó Macháin)

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; 16c; 17c; Flight of the earls

Revision description

(Most recent first)

  1. 2010-11-11: New wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2008-10-12: Header updated; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  4. 2005-08-04T16:10:51+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  5. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  6. 1997-05-29: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402130.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top