CELT document G402133

Ní tráth aithreachais d'fhuil Conaill

Fearghal Óg Mac an Bhaird

Whole text

    Ní tráth aithreachais d'fhuil Conaill

     p.373

    FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.

  1. Ní tráth aithreachais d'fhuil Conaill
    a gcloch chúil an gcéin do mhair;
    lor do bhoing casnadh do chroidhibh—
    do choill gasradh Oiligh air.
  2. Ar chosnamh cádhais an tuaisgirt
    an tighearnas do thuill sé
    ní fhuair guaisghin Chaithreach Cearmna;
    aithreach d'uaislibh Eamhna é.
  3. Ní hiontaobhtha aicme Conaill
    a gceannas dó ó nar dháil siad,
    níor ghabh guaisneimh re nguin mbaoghlaigh,
    do uaisligh tuir Aolmaigh iad.
  4. An lá nach fuair flaitheas Conaill
    ceann rodhamhnadh Rátha Té
    is ann badh caointe clann Fhéilim;
    níor bh'am faoilte d'Éirinn é.
  5. Bás Aodha is gan é do ríoghadh
    ríoghradh éachtach Átha Liag
    ó Theamhraigh chlaoin na gcoll leonta
    do sgaoil fa fhonn Eorpa iad.
  6.  p.374
  7. A chur fa úir Innse Luighdheach
    's gan fhlaith do ghairm do ghríbh Luain
    dá ní do sgaoil cách ó chéile
    an tráth do shaoil Éire a huaim.
  8. Gan chur ris um ríoghacht Éirne
    do b'fhiu othair aidhbhle a chró;
    do bhí sé idir chách 'n-a Chormac,
    do sgé bláth na ndonnshlat dó.
  9. Ó chur na gcrú is chur na gcathadh
    creideamh d'Aodh an uair do mhair
    fa shíol n-Éanna do b'fhiu a dhochar;
    do-chiu séala a othar air.
  10. Do b'fhiu a fhuarbhoth oidhche shoighnéan
    's a shuan corrach ós chionn sdéad
    do b'fhiu a dhochar i gcoill chaoilshleagh
    gur thuill sochar Gaoidheal nGréag.
  11. Le móradh tuath do thuill flaitheas
    le fírinne—foirbhthe an chairt—
    le rath ríogh, le coingheall gcroidhe,
    le sníomh goirmreann d'Fhine Airt.
  12. Fós ag cosnamh catha Éirne
    uatha gion go n-uair a luagh
    níor thearc ag teacht as gach tachar
    feart is leacht is athar uadh.
  13. Fa múr cloiche do chrích Leithbhir
    a bhas fhuilteach do b'fhearr séan;
    do chathaibh Breagh fa ceall chomhdha
    a ghreagh seang is a ghormgha géar.
  14. Ó nar leis Cruacha is cuan Feabhail
    ní fríoth leis-sean luach ar thuill;
    do b'é fál a gcreach do chaomhna
    each is lámh is caolgha Í Chuinn.
  15. Gion gur hoirdneadh—anba an mhíobháidh—
    mac Í Dhomhnaill Dúin na Sgiath
    ní budh cóir achd caoineadh flatha
    ar róimh aoigheadh chatha Cliach.
  16. Le huaithnibh catha Cláir Laighean
    's i Leith Chuinn iar gcrích a ré
    's i ngach aointeagh do mhín Mhumhan
    caointear 'n-a rígh Uladh é.
  17.  p.375
  18. Gaisgead na cruinne ar n-éag Earchail
    do aithbheodhuigh i n-a fhonn
    ní hé féine a-mhán do mhéaduigh;
    dá chrádh céille éadair ann.
  19. Ní hionmhaoidhte i nInis Luighdheach
    ar lucht caointe na gcóig n-iath
    caoi do dhéanamh go ndeoir dhatha
    tre réallain eoil catha Cliach.
  20. Na cúig cúigidh-se clann Luighdheach
    lán d'eolchuire druim ar dhruim;
    fa léan ní dhiongna na daoine,
    iomdha néal ag caoine Í Chuinn.
  21. Ceithre searbhghaotha iar slait Raoileann
    is réalta dhonn as dearg snas
    ag drud re caithimh a chéile
    tug ar laithibh gréine glas.
  22. Siansa cumhadh ceol na Finne;
    fachain tuirse tá 'gun Mhuaidh;
    ar chuan Daoile ní fhuil áineas;
    faoidhe guil ag ráimhEas Ruaidh.
  23. Cuiridh athtuirse ar fhior gcuarta
    an ceol tuirse tá san gcuan;
    do-bheir caoine ar fhior ainiuil
    faoidhe na sriobh dtaidhiuir dtruagh.
  24. Ag caoine laoich Locha Feabhail
    faoidhe truagha tógbhaidh sí;
    is lór do mhaoithe do mhúsgladh
    glór na gaoithe ag dúsgadh dhí.
  25. Ag dúilibh balbha iar mbás Aodha,
    gidh iomdha cheana caoi thruagh,
    is lia faoidhe badhbh is brainéan
    ag caoine a arm raighéar ruadh.
  26. Do b'iad trí bhrughaidh na mbrainéan
    a bhas fhuilteach nar fhosd séad,
    a dhornchar, 's a dhoire caoilshleagh,
    Murchadh oile Gaoidheal nGréag.
  27. Murchadh Siuire, seabhac Muimhneach,
    mac Briain Bhóruimhe, barr Té,
    níor ghabh for-íor adhbha Cormaic
    gér dhamhna ríogh orrdhraic é.
  28.  p.376
  29. 'N-a dhamhna téarna—tuar neamháidh—
    Naoise éachtach na n-each mbras;
    níor léigeadh faoi róimh na ríghe
    gé do bhaoi dóigh fhíre as.
  30. Do thuit fós suil fuair a ríoghadh
    i Ráith Dá Choga cian uaidh
    Cormac na Loingse, lámh éachtach;
    fa dál toirse an t-éachtbhrath fhuair.
  31. Mac Carraigh chalma an cur éachtach,
    Aonghus Cláire rer chóir súil
    do chall ar dhóthchas a dhraoidheadh
    barr órchas far saoileadh Súir.
  32. Mar na damhna tú do thuireamh
    tug cinneamhain bhus cian goimh
    d'Aodh Eilge gan táth a thíre;
    fáth feirge na síne soin.
  33. Timcheall tighearnais an tuaisgirt
    ní turbhaidh tharla ar tuir mBaoi
    achd olc d'Ibh Cobhthaigh a gcinneadh;
    níor locht orthaibh filleadh faoi.
  34. Ar olc re hógaibh an tuaisgirt
    nar toghadh oirn Aodh 'n-a rígh;
    ar n-eite lúith do chloinn Chraoidhe
    do bhuing tnúith na ndaoine dhínn.
  35. Guais gur díoghladh do dhigh tnútha
    le taobh míleadh Mhúir Dá Thí
    an feidhm do-níodh gleolucht gaisgidh;
    fa beodhacht i n-aisgidh í.
  36. Na catha do chuirdis Ultaigh
    i n-aoinfheacht le háirsidh Liag
    le hAodh Fáil do-bheirthí a mbuidhe,
    fa neimhní dháibh uile iad.
  37. Do-ghéanadh sei-sean sluagh d'aoinneach
    Aodh Bearnais ar bruinne slóigh;
    muna mbeath a each is a ara
    do ba a leath cleath dala dhóibh.
  38. Glún deireanach gaisgidh Gaoidheal
    a ghaol ón tráth tharla i n-uaigh
    mar fhine Róigh iar gCoin gCuluinn
    ó do roigh róimh fhuluing uainn.
  39.  p.377
  40. Dínn do-roighneadh ríoghradh Uisnigh
    iar n-Art Aoinfhear—anba an clódh—
    nó fiodh críon nó tráigh gan torchar
    nó síol dTáil iar Murchadh mór.
  41. Nó Tuatha Dé na nduas líonmhar
    ar Lugh Láimhchian dar an linn,
    nó fine Néill iar Niall n-Oiligh
    nó a fhian féin iar n-oighidh Fhinn.
  42. Nó an Róimh phortghlas iar bPoimp Máighe
    múr duaitheanta Dúin na nGall;
    iar ndul faoi dá fláithibh dílse
    caithir na Traoi an tír-se thall.
  43. Nó an Fhrainc iar Searlas sluaigh Gaoidheal,
    nó an Ghréag uma ngéisid cuill
    do bhí fa bhrón iar n-éag n-Aichil
    —is mór an béad—caithir Chuinn.
  44. Aichill mhac Péil na mbeart mbaoghlach
    do bhí thoir go dteasda sé
    neimh ón ghrian áigh ar a armaibh;
    níor dháigh gliadh dá fhaghlaidh é.
  45. Níor leighis liaigh ná luibh dhíleas
    duine ar ar dhearg—dia do ghlóir—
    Aichill mhac Péil posd an ghaisgidh
    nar fhosd ó chléir aisgidh óir.
  46. Níor leigheasadh go lá a éaga
    éachta a chaolgha ná a chuilg dhuinn;
    do bhí Aodh amhla 'n-a Aichil
    damhna ler fhaomh caithir Chuinn.
  47. Neimh a láimhe ón ló do imthigh
    d'Ultaibh uile is adhbhar cráidh
    —an ceas naoidhean do fhás ortha—
    tre a bhás aoinfhear Tolcha Táil.
  48. Na toirthe ar dtréigean a ndatha
    —ní daoine a-mháin—mór an bhroid;
    a-ta ót éag fa cheas cumhad
    meas na ngéag ar ndubhadh dhoid.
  49. Le glór dhuaibhseach dhíoghlas borbghaoth
    ar bhalbh oighreadh d'fhuighlibh cuain;
    a-tá a luach d'fhailmhe san fhiodhbhaidh
    aibhne ós bhruach re n-iodhnaibh uaibh.
  50.  p.378
  51. Diasa fása is fiodhbhadh fholamh
    d'easbhaidh eire ag éirghe suas
    a luach soin d'ísle san fhochan
    go ngoil tríbh-se ag crothadh cnuas.
  52. Soighnéan fiuchaidh, aoibhle teine,
    fan dtuaisgeart ag téaghadh líog,
    a-tá a lógh d'fhuaire san oighreadh;
    lór do thruaighe ar toirneadh tríod.
  53. A sil a innibh an aieoir
    d'fhearthain líonmhair san leith thall
    teasda soin do bhliocht ón bhuarchrodh;
    ní fhuil achd riocht uathmhar ann.
  54. Éachta mionca, míne is burba,
    boga is cruas, is cumann sáimh,
    na síona dá gcaoi ó chroidhe,
    a dhlaoi dhíona Mhoighe Máil.
  55. A mhaoidheamh beag iar mbreith cosgair
    a chnú chroidhe, a chathach Ché,
    a leonadh gnáth daoine ndearbhtha,
    a bhláth naoidhe Tealcha Té.
  56. A Aodh Óg mhac Aodha Í Dhomhnaill
    nar dhiult iorghail, nar éar duain;
    a dhúsgadh cealg, a cheo shídhe,
    a breo dhearg an tíre thuaidh.
  57. A mheic Máire, a mhóradh éigeas,
    an uaigh i bhfuile, a fhleasg lí,
    ní beag do mheath fuile Féilim;
    is creach uile d'Éirinn í.
  58. Mág Aonghusa ón uair do imthigh
    an t-eineach uile fuair bás,
    iomdha gan riar dámh dá dhearbha;
    triall tre Chlár Teamra ní tráth.
  59. Teasda gaisgeadh Ghaoidheal gConnacht
    Conn Aolmhuighe mar fhuair bás;
    ní cluintear tnúdh le cor gcosgair;
    dol do thúr tochair ní tráth.
  60. Fuair a oirdneadh i n-áit Pápa
    Peadar cráibhtheach, ceann na ngrás,
    lán do bhuaidh do bhaoi san ríoRóimh
    fuair gnaoi ón Tríonóid 'n-a thráth.
    Ní tráth.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Ní tráth aithreachais d'fhuil Conaill

Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

1. First draft, revised and corrected.

Extent: 2300 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland— http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402133

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  • Dublin, Royal Irish Academy, MS 727, 222 (alias 23 C 33: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 18).

Secondary literature

  1. Pádraig Ó Macháin, Poems by Fearghal Óg Mac an Bhaird, Celtica 24 (2003) 252–263. [Survey article about Mac an Bhaird's oeuvre with further literature.]
  2. Lambert McKenna, 'Elegy on Aodh Óg Ó Domhnaill', Irish Monthly 48 (1920) 207–209.

The edition used in the digital edition

‘Ní tráth aithreachais d’fhuil Conaill’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 373–380.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402133,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Ní tráth aithreachais d'fhuil Conaill},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {373–380}
}

 G402133.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the poem. Page-breaks, metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Fearghal Óg Mac an Bhaird, an Irish bardic poet.

Date: 1618 (see P. Ó Macháin)

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; 16c; 17c; Aodh Óg Ó Domhnaill; elegy

Revision description

(Most recent first)

  1. 2008-10-14: Header updated; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  3. 2005-08-04T16:11:01+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  4. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  5. 1997-05-28: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  6. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402133.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top