CELT document G402134

Rannam le chéile a chlann Uilliam

Witness list

  • T: Dublin, Trinity College, H.1.6
  • O: Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don

unknown

    Rannam le chéile a chlann Uilliam

     p.379
  1. Rannam le chéile a chlann Uilliam
    Inis Banbha
    ó tharla ag buaidhreadh críoch gConnla
    fíoch bhar bhfaghla.
  2. Do sguir cogadh cur dá choimhthréan
    fa cheann tíre;
    do cleachtadh riamh ag cloinn Créidhe
    roinn na ríghe.
  3. Iomdha roinn do-roinneadh uirre
    aithnidh dhamh-sa
    munbadh mall don oireacht fhionn-sa
    toigheacht tharsa.
  4. Do roinn Éireamhón is Éimhear
    Inis Ealga;
    do roinn Fearon Éar is Orba
    a féar re Feargna.
  5. Do roinn clann daighmhín an Daghdha
    ainmhín fheardha,
    do roinn Eoghan is Conn Cnodhbha
    fonn na feadhna;
    do roinn Sobhairce brugh Banbha
    's an cur Cearmna.
  6. Déanam do nós na ríogh romhuinn
    roinn an achaidh;
    beith dá roinn ní mé nach mothuigh
    's is é m'fhachain
    níor chleacht mei-se, gidh méin meathaidh,
    céim i gcathaibh,
    's ní meisde rí gan a rathail
    ar tí tachair.
  7. Do-bhéar dhaoibh-se, a dhaighshliocht Uilliam
    obas chomha,
    ní fuil acht ar gcroinn do chora
    roinn as rogha.
  8. Rannfa mei-se ós mé do fhidir
    aithne a dtórann
    i ndíbh leithibh críoch fhuar Éireann
    na gcuan gcnódhonn.
  9.  p.380
  10. Do-ním leath do Leitir Maoláin
    nach mín muighe
    tír ar a gceiltear néall nimhe
    fan tréan tuile
    tír i leaghann sneachta ag snighe
    dearca duine;
    do-ním leath mar éineing oile
    d'Éirinn uile.

  11. ⁊ gidh bé i nÉirinn go huilidhe nó go hiomlán
    a-déaradh tré choir n- ionnluigh nó eadarchasaoide
    nó ithiomráidh gurab aincheart éagcomhthrom do-roinneadh
    an roinn-se, a-tá an tsein-bhriathar
    ealadhanta ughdardha ón fhilidh láin-cheart Laidionda
    leam-sa dá lán-chosnamh; ⁊ is í an tsein-bhriathar
    sin: “Quidquid in duas partes dividitur altera
    pars semi dicitur”
    eadhón, gidh bé ní fhodháiltear
    nó ranntar i ndíbh rannaibh, a-dearar leath
    ris an dara rann, gion gurb leath chomhthrom í.
    Ar an adhbhar sain, do chothughadh an chomhráidh-sin
    ⁊ do dhearbhadh na deaghronna do-bheirim-se rogha
    gan fhreasabhra do chloinn an Iarla do na hurrannaibh
    sin. Óir do fheadar nach fuláir dhóibh fairrsinge
    na Fódla dá mbuidhnibh ⁊ imle uicht-leathna
    na hÉireann re hiomchur a n-anmhuirir; is léigid
    damh-sa an eang anshaidhbhir eassádhail anshochair
    iomchumhang úd.

  12. Ótha Éighneach go hucht gColláin
    mar chuid tíre
    beag nach bhfuilid i gcló a chéile
    mun mó míle;
    níor ghabh duine iadh budh fhuaire
    riamh is ríghe.
  13. D'urláimh I Bhriain—beag dá dtug-tha
    toil don dúthaigh—
    gabhaim i mbeinn Fhuinn Fhiachaidh
    eing gcruinn gcúthail;
    léigim gan fhógra gan fhéachain
    Fódla fúthaibh.
  14.  p.381
  15. Ní cúis béime gidh bé mheasas
    méad mo leathtruim
    a léigim d'iath Chuinn tar ceartroinn
    don druing dhreachcoirr.
  16. Gidh bé mheasas mire a bhféinneadh
    's a bhfear ndiombog
    ní mo chean rí ris a ronnad
    í 's a n-iomad.
  17. Gidh bé mheasas méad a gceannaigh
    ar chríoch nGaoidheal
    fulung a n-éacht is a n-áladh
    créacht a gcaoilshleagh.
  18. Gidh bé mheasas mionca a sluaighcreach
    tar slios tíre
    ní guais leam é do bhuing béime
    fan roinn ríghe.
  19. Gidh bé mheasas méad a gconfaidh
    ag cur catha
    beag nach dearna dearg a ndreacha
    fearg a bhflatha.
  20. Dul dá bhféachain ní fiú ceirt-leath
    críche hÉireann
    briocht a sgiath, cailce a gcaollann,
    bailce a mbéimeann,
    a bhfál craoiseach go gceo chródhonn
    leo 'n-a léibheann,
    a sluagh 'n-a n-éanbhróin áigh d'iarann,
    gráin a ngéirreann.
  21. Clann an Iarla ó imlibh Deirg Deirc
    dream as ionnsa;
    ní clann mar gach gcloinn an chlann-sa
    ga roinn riom-sa;
    ní fhuil líon a gcoisgthe go ceannsa
    acht an prionnsa.

  22. Óir ní fhuil líon a gcoisgthe nó ceannsuighth-
    nó ceartuighthe na cuideachta sain acht an t-aoine
    Dia adhartha uile-chumhachta; nó prionnsa sochraidh
    sochrotha saidhbhir slóigh- líonmhar Sacsan lé sair-mhínighthear
    gach saor-shluagh dá shíor-chogadh; nó
    guais ⁊ omhan ⁊ imeagla na sé n-onchon n-ainbhle p.382
    n-aigmhéil atáid agam-sa, do céad-tógbhadh
    ag Cridhinbhéal Cáinte, ⁊ do hoileadh as a haitle
    ag Néidhe fhaobhrach fheochair-bhriathrach mac Adhna,
    ⁊ i na dhiaidh sin ag Dallán fhíor-eolach fhíor-fhoghlumtha
    Forghuill, is ag Seanchán shíor-dhoiligh
    shein-fhile; is a-táid agam-sa is an uair-se re
    haghaidh gach aoin d'uaislibh is d'ardmhaithibh na
    hÉireann do shainteochadh m'fhoghail nó m'argain nó
    m'inghreim, dá gcognadh is dá gcnáimh- ghearradh;
    ⁊ is iad anmanna na n-onchon sain On ⁊ Ainimh ⁊
    Aithis ⁊ Gríos ⁊ Glámh ⁊ Goirt- bhriathra; ⁊ muna thí
    m'fhortacht nó m'fhóirithín nó m'eadráin nó
    m'anacal do na huasail-ionnsdruimintibh sin, ní
    hinmheasda gur culadh cumhdaigh nó cosanta nó
    coiméadta ar mo chreach-argain an toicheasdal
    liosda láin-mhíothapaidh, is an fhiann anbhfann
    éagcruaidh ⁊ an
    chuideachta cheann-trom chriothánach
    chomh-anfadhach
    chruinnigheas i n-oireachtas im
    uirthimcheall i n-aimsir eagla nó fuachtana nó
    foiréigin nó
    re linn robhaidh nó ruthaigh do
    rochtain; ⁊ is í as culadh cogaidh nó cathaighthe don
    chuideachta sin .i. a meilleoga meirgeacha
    mainnt-bhéalacha ar n-a gceangal is ar n-a gcruadh-chuibhreach
    dá gcreasaibh cruadh-shúgán tar a
    gcorp-thaobhaibh,
    is a dtuagha coimhleathna caoil-bhráighdeacha
    cúl-chroma coimh-ghearra connaidh,
    is a gcorráin cama cír- ghéara ar n-a gcomh-shuidhiughadh
    fa na gcreasaibh céadna go comh-dhaingean,
    is a bhfiodhbhaca líomhtha leacan- chruaidhe
    ainghéara 'na leath- lámhaibh leo; is ní
    hionann don damhraidh fhaobhraigh arm- chorcra
    ar a n-iarraim-se comhroinn críche ⁊ forba
    fineachais
    ⁊ fearainn uair iadhaid i n-uirthimcheall
    a n-ard-fhlatha sna gcipeadhaibh dá imchosnamh.

  23. Comhdhlúith a gcath 'n-a mbróin bhodhbhdha
    nach dóigh diomdha;
    bearn a himeal na bhfear bhfeardha
    ní bhean biodhbha
    re dlús lúireach ngarbh is gormgha
    agus arm n-iomdha.
  24.  p.383
  25. Iomdha leo ag léim gacha troda
    —budh tuar buaidhridh—
    searrach seang ag bleith a béalbhaigh
    's beann eich uaibhrigh;
    mo chion budh réidh ris an ríoghraidh
    mir séimh suaimhnigh.
  26. Iomdha cotún coiléir rionnta
    go ró deallraidh
    is feilm chorr tar dheirc go duilbhir
    's beirt trom treabhraidh.
  27. Iomdha ar droing nach dóigh do fhreasdal
    don fhréimh Bhúrcaigh
    sgiath le n-aincear com ar créachtghoin
    donn ó dhrúchtfhuil,
    caomhthach sging ag loinn nach leontar,
    croinn 'n-a 'gcúplaibh
    'ga mbí iolar arm i n-éachtaibh
    's badhbh ag brúchtaigh.
  28. Iomdha donnshlat dhíobras saighde
    is sreang ga lúbadh,
    biorchrainn caola as réidh do ruagadh
    céir dá gclúdadh,
    gunna chuireas d'fheidhm ar óigfhear
    sgeinm gan sgrúdadh,
    ó mbí fear a gléasda gruadhdubh
    pléasga púdar.
  29. Iomdha le a gcois—cia ar nach leathtrom—
    laoch mar Oghmha
    le gcuirthear cuairt ar feadh feadhma
    fear duairc dorrdha,
    gille nar ligh dlaoi ar a dhiomdha,
    saoi fhir fhoghla,
    fear croithte craoiseach go calma,
    taoiseach tromdha.

  30. Is gidh tromdha tathaoireach tarchuisneach atáim-se
    ar an dtulán sruithmheirgeach sléibhe so, ní
    mó ná meanma is mór-aigneadh cloinne ionnsaighthighe
    éicht-bheodha oirdhearca urramhanta an
    Iarla go n-a n-óigríoghraidh uaibhrigh alláta i n-a p.384
    n-uirthimcheall an uair shuidhid ar sleasaibh réidhe
    a ríogh-bhruighean ag ól a bhfleadh bhfíor- uasal
    bhfíneamhna ⁊ a ndeochann ngarbh ngabháltach, ar
    bhfás ruithneadh is ruamannachta i n-a ríoghgnúisibh
    ag éisteacht re dréachtaibh ⁊ re duan-laoidhibh
    a sean is a sinnsear gá soluis-reic
    i mbéalaibh reacaireadh is ríogh-bhard; ná mór-aigneadh
    na muinntrei-se an uair shuidhid i n-a
    mbothógaibh crom-lúbánacha creat-lomnochta ag
    comhól ar a chéile dá gcoidhinibh béil-fhliucha
    blaithche is dá dtobannaibh mór-chluasacha
    meidhge bruidearnaighe, ⁊ ag éisteacht re
    hagallaimh is re holl-ghlór a n-ainminnteadh n- éigciallaidh
    'na n-uirthimcheal is gach aon aca ag
    tabhairt aithne go hurmhaisneach ar uraghall is ar
    fhoirbhéicigh gacha hainmhidhe seach ar oile; is
    éirghid a bhfonn is a bhfíor-aigneadh le n-a bhfrais-ghéimnigh
    sin ⁊ tógbhaid coimh- shéis crónáin i n-a
    gcoinne. Is ar an adhbhar sain
    ó tharla ceart-rogha
    chinnte don ordughadh sin ag gach aon fa leith
    dar laoch-mhuinntir, is eadh as indéanta ann
    daingniughadh go cinnte ar an gceart-roinn ⁊
    snadhmadh solus ar an síothcháin ⁊ cuir ⁊ teannta ⁊
    treabhaire do ghabháil ar gach taobh ré tréan-chomhall
    dá cheile gan ghabháil baile nó brághad
    gan ghluasacht ceana nó creiche ó neachtar uainn
    ar ar oile amhlaidh.

  31. Gabhthar geall ag na mnáibh muile
    re cnáimh coire;
    ní gnáth ar meisge ó fhíon d'ibhe
    an míol muighe;
    meinic do ligh le fear faire
    bean fhir oile;
    cuirthear neamhdháil duas ar dhuine
    'n-a chruas croidhe.
  32. Léigeam dínn ar saobhnós seachráin;
    snadhmam connradh;
    bíodh re gach gcuma dar ceangladh
    urra urrlamh.
  33.  p.385
  34. Géabhad chugam mar chor síthe
    saorchlann Uilliam
    fir nach bronn a ngort do Ghallshluagh
    folt ndonn ndruimfhiar.
  35. Géabhaidh mé—ní mhaithfead Seaán—
    fan síoth thoingead
    tar druim gach gheallaidh dá ngeallad
    d'earraidh Uilleag.
  36. Dá mhac Riocaird rogha ar sluaighidh
    slata failmghéag
    fir as fheardha gleic ós ghormród
    meic do Mhairghréag.
  37. Géabhadh chugam sa chor chéadna
    clann shéimh Shuibhne
    chuireas gleo gan ghruaim go ngairbhe
    go mbuaidh mbuidhne,
    dream dhligheas cur thar ar gcinn-ne
    bun gach buidhne.
  38. Síol Seachnasaigh sluagh Ó bhFiachrach
    —fraochdha an mhéinne—
    na cuir daingne as dual dar ndín-ne
    sluagh go séimhe;
    fir sin do ghabhluigh ó Ghuaire
    d'adhbhaidh fhéile.
  39. Clanna Uadhach, aicme Hoibeard
    ní haos doibheart,
    's iad tar cách dom chaomhna ar ainiocht,
    aobhdha an t-oiriocht.
  40. Ní hiad a-bháin, biaidh gach aoinfhear
    ó fhiadh Ghaillmhe
    mar budh dalta cíogh dom choimhdhe,
    díol ar ndaingne.
  41. Beid a marcaigh, beid a mbantracht,
    beid a ríoghna
    do ghuth éinchinn cáigh dom chaomhna;
    ní dáil díoghna.
  42. Biaidh mo roinn re ríoghraidh Chonnacht
    choidhche ar chuimhne;
    siai-de mhairfeas fa mhagh Mheidhbhe
    bladh na buidhne.
  43.  p.386
  44. Biaid a laoich dá luadh ar tosaigh
    i dtigh bainnse;
    biaidh maith agus olc gacha haimhse
    ag tocht tairse.
  45. Biad-sa im rígh ar ríoghraidh Bhúrcaigh,
    beid fam antail;
    fás ar mh'inmhe béin re a mbronntaibh
    don fhréimh Fhranncaigh.
  46. Maith an geall re gabháil ríghe
    mo roinn orra;
    beanfa mei-se d'fhéin chnuic Chonga
    sduic réidh ronna.

  47. ⁊ is iad sduic ronna na ronna réamhráidhte,
    dteagmhadh fonn aithearraigh nó imeirce im
    aigneadh nó im inntinn-se, oiread an fhearanntais
    do {}
    uatha-sain agam-sa gan oirbhearnadh,
    gidh bé ionadh d'Éirinn i mbudh mian lem meanmain
    anadh nó oiriseamh, ⁊ cuairt timchill gan tairisiomh
    gan toirmeasg maille na gcomhartha aird-cheannais
    d'fhagháil éadála go háiseach aontadhach
    amhail as iomchubhuidh d'fhior mo gharma.

  48. Iomdha fa chnoc gcríochruadh gCnodhbha
    síothshluagh Samhna;
    cluintear fuaim na dtonn fa Thromhra
    as lom labhra;
    ní lucht déanta cúntair corma
    Búrcaigh Bhanbha.
  49. Fine Bhúrcach na mbrugh sochraidh
    saor a n-aicme;
    lán a maith 's a saith dar seirc-ne;
    maith a maicne.
  50. Maith a dtighe i dtiobhram cuarta
    as cian cluintear;
    maith a ngníomh don fhlaith dá leantar;
    maith a muintear.
  51. Maith a laochraidh lán do ghaisgeadh
    gníomh go bhflathtraigh;
    maith a mná nach caith acht corcair;
    maith a marcraidh.
  52.  p.387
  53. Is maith ar lúth lucht a bhfeadhma
    —ní feidhm leisgfhear;
    maith a bhfleadha gan déir ndeasgadh
    gan mhéin meisgeadh;
    i láimh a ríoghbhan seang slistiugh
    fearr a bhfeisteagh.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Rannam le chéile a chlann Uilliam

Author: unknown

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 2780 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402134

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, 29
  2. Dublin, Trinity College Library, 1280, 128 , alias H. 1. 6. See Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921).

The edition used in the digital edition

‘Rannam le chéile a chlann Uilliam’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 379–387.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402134,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Rannam le chéile a chlann Uilliam},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {379-387}
}

 G402134.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotations are tagged with q.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the poem. Page-breaks, metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By an unknown Irish bardic poet c.1200-1600

Language usage

  • Text in Classical Modern Irish. (ga)
  • One phrase in Latin. (la)

Keywords: bardic; poetry; prose

Revision description

(Most recent first)

  1. 2008-10-15: Header updated; keywords added; new wordcount made, file validated. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  3. 2005-08-04T16:11:06+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  4. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  5. 1997-05-28: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  6. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402134.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top