CELT document G402136

Rogha na cloinne Conall

Whole text

    Rogha na cloinne Conall

     p.390

    GIOLLA BRIGHDE MAC CON MIDHE cct.

  1. Rogha na cloinne Conall,
    togha na droinge a-dearam;
    tolg dar seoladh rug romham,
    Conall tug d'Eoghan fhearann.
  2. Lais thángadar a Teamraigh
    rángadar re a ais Eidhnigh;
    do shín a éill go harnaidh
    re damhraidh shíl Néill neimhnigh.
  3. Toghthar Conall na gcuradh
    —nochar thorann gan toradh—
    an tslat réidh fheardha iodhan
    ionadh Néill Teamhra ar toghadh.
  4. Laoghaire ag tnúdh—fa toillchiall—
    rer n-aoghaire n-úr n-armchaol
    craobh ris ar easbhach iomthnúdh
    fionnchúl caomh fleasgach fannchaomh.
  5. Aoghaire do réidh roiréidh
    Laoghaire—fa léim sodháin—
    ríghe laoi 's oidhche d'fhagháil
    ar ngabháil choidhche an chonáigh.
  6. Teagar lá is adhaigh Éire
    dar gcabhair mar do-chuala;
    Conall achd gér chruaid lámha
    gránna an comhall fhuair uadha.
  7. Ar Laoghaire "Is leam Teamhair;
    aonduine im cheann ná cuiridh"
    "Acd lá riamh ann is adhaigh
    faghaidh" ar barr fial Fuinidh.
  8. Truagh do Laoghaire a luaighill
    aonduine uadh for Éirinn
    crobhuing do líon mo lámhainn
    síol áluinn Conuill chéibhfhinn.
  9. Síol Laoghaire ní leanann
    saoruidhe na ríogh romham;
    do-chuaidh fa a chró a fhearg d'fhulang
    dulann dó a chealg ar Chonall.
  10.  p.391
  11. Deich rígh don tsíol óg áluinn
    —a ród is do shíor shíolaim—
    fuair ó linn Conuill chéibhfhinn
    romhuinn Éirinn bhfinn bhfíonduinn.
  12. Ainmhire a arm do lúbadh
    garbh re hainbhfine an t-óigfhear;
    a mhóid níor mhín i n-éigean
    céidfhear dhíb na gCóig gCóigeadh.
  13. Do badh dhíbh Domhnall doinnmhear
    nar mhín comhlann a chrannghal;
    do chuir an cath re Conghal
    ar Muigh fhonnghlan Rath raghlan.
  14. Aodh díb ro b'fhogha uilleach,
    Maol mín Cobha gan chrannach,
    Conall fial caomh is Ceallach
    na gciabh ngleannach gcaol gclannach.
  15. Baodhán Liag, Loingseach Dobhair,
    coimseach iad ar na huilibh,
    Conghal caisChinn mhóir Mhaghair,
    cabhair shlóigh fhairsing Fhuinidh.
  16. Laithbheartach laoch nar sguchadh,
    gaoth tre chlaichshneachta chiothmhar,
    fir Breagh a brón do bheanfadh
    an deachmhad fear mór miodhchar.
  17. Go Domhnall Óg dá n-áirmhear
    dá bhfoghnann gach fód líonmhar
    do chloinn Néill an tréad taoibhgheal
    aoinfhear déag san réim ríoghradh.
  18. Deich gcéile ad-chím don chineadh
    tar ar shín Éire a hionar,
    fir go mbuaidh dhí ar a ndeireadh;
    fuair deighfhear í 'n-a n-ionadh.
  19. Domhnall ó Dhún chas Cnucha
    gan súgh mar bhlas a bhracha,
    ní thoghfa mé méin seacha,
    breatha Dé réim a ratha.
  20. Mac Domhnaill duille ar gcraoibhe
    Ó Domhnaill Tuinne Tuaidhe
    mac d'fhíonLasair a hÁine
    gráinne a míonfhrasaibh Muaidhe.
  21.  p.392
  22. Ó Domhnaill chéibhfhinn Codhail
    comhrainn d'Éirinn ní fhuirigh;
    go mbeire an fear fál droighin
    lámh re froighidh bhfear bhFuinidh.
  23. Do líon gach linn ar dtrághadh
    mar do ríogh sinn an saoirfhear;
    níor lia bó is lacht ga líonadh
    sa ló ar ríoghadh Art Aoinfhear.
  24. Bláth gach tíre 'n-a thoradh,
    gnáth díle mar a dubhadh,
    gach fiodh cnó mbán ag bloghadh,
    gach domhan lán bó is brughadh.
  25. Gach coill mhín choimhthe chomhlán,
    toirthe 'n-a thír ga dtuilshníomh,
    tonna an chalaidh ar comhshnámh
    lomnán maghair is muirmhíol.
  26. Maighre geal solas Sionna
    dar lean gach sonas sunna;
    do shaoirchleith mhín Deirg Droma
    tonna i dtír do theilg tunna.
  27. Fíon garg go tonnDruim Tuama
    nach tard d'Ua Dhomhnuill daonna;
    tonna an chuain ag cur fíona,
    go bun Síodha fhuair Aodha.
  28. Clann Dálaigh, Domhnuill Teamhrach
    tárraid go tonnDruim Dairbhreach
    fir do chloinn líonmhair Lughdhach,
    coill ubhlach, míonghloin mhaighreach.
  29. Mear toghdha glór na ngiolla
    colbha na slógh sleagh 's leanna,
    sona a gcnuic chasa chorra,
    donna a mbruit, glasa a ngleanna.
  30. Géill ba thuaidh 'n-a n-idh uain-ne
    gach ré n-uair na fir fúin-ne,
    ní bhí uann cáin dá chéile,
    dual Éire dháibh is dúin-ne.
  31. Seacht ndaighfhir díbh a-dearaim
    rígh 'n-a n-aighidh ní fhaghaim
    ar son na seacht ríogh romhainn
    síol gConaill ag teacht tharainn.
  32.  p.393
  33. Brian, dá Aodh, Niall cas Caille,
    Niall na bhFras fa caomh gcloinne,
    tug geall do Chonall Cime
    Colam Cille ar gceann coinne.
  34. Ó Domhnaill shaoir ó Shionnainn,
    a mhaoir ar dhonnDruim Dabhaill;
    do fhóir geiléan caomh Coruinn
    ceinéal gConuill saor Sabhaill.
  35. Nós ríogh Eamhna gur éirigh
    a ghníomh go feardha fáilidh
    nochar dhéanta 'n-a nduanaibh
    sluaghaidh náid éachta d'áirimh.
  36. Gidh áluinn rabh laogh lachta
    nó damh caomh nocha chreapfa;
    abaigh bláth na gcnó gcorcra;
    tráth molta dhó badh dheachta.
  37. Ó Duib-dhíorma an tarbh tuilmhear
    do mharbh an ríoghdha rinngheal;
    ní cuirthe i ndán go ndearnadh
    eangnamh ná dál nach dingneadh.
  38. Tug teach Fordroma fíonduinn
    gan ardlonga gan ógluing;
    do mharbh Ó Maoil aird Fhábhuill,
    's do airg Máluinn gcaoin gcnódhuinn.
  39. Do ionnsaigh fear saor Sligigh
    Aodh gur lean as a leabaidh;
    fa ruathar suairc cruaidh cagaidh
    cuairt chladaigh uair an Eabair.
  40. Rug beo—is doiligh fa dheireadh—
    Mág Uidhir leo gur leanadh;
    lom gach teach as a dtabhar
    go caladh creach long leabhar.
  41. Goill go mín ó a chéim chagaidh,
    a ngéill 'gun rígh 'n-a ribibh;
    do fhromh deabhaidh an dreagain
    tor eagair sleamhain Sligigh.
  42. Ruaig 's a rionnlán áigh uirre
    d'iomrádh nochan áil linne;
    do ba ruadh colg ón choinne
    do-roinne im bhord bhfuar bhFinne.
  43.  p.394
  44. Ruaig gharg an leomhain loinnmhir
    go hArd Eoghain do fholmhuigh;
    do-chuaidh dá breith a Boirnibh
    le coinnlibh creich gcruaidh gcodhnaigh.
  45. Gé rug bú iomdha uain-ne
    a dhiomdha níor dhú dhúin-ne
    —is é linn táith ar dtíre—
    i ríghe cinn bhláith Bhúille.
  46. Is cáineadh dháibh dá ndearnuinn
    áireamh a áigh shaorloinn;
    gan srian re hágh ní fhuilngim,
    ní thuirmhim trian dál Domhnaill.
  47. Mac Domhnaill Domhnaigh Cobha
    nochar odhraigh a fhola
    ag Brian do bhí 'n-a thogha
    rí an bhrogha riamh a rogha.
    Rogha.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Rogha na cloinne Conall

Author:

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1820 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland— http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402136

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, 159.
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 625, 158 (alias 3 C 12: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 16, 1963).
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 1080, 65 (alias B iv 2: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 24, 3021).
  4. Dublin, Royal Irish Academy, MS 2, 212 (alias 23 F 16: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1, 6).
  5. Oxford, Bodleian Library, Rawlinson MS 67.

The edition used in the digital edition

‘Rogha na cloinne Conall’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 390–394.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402136,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Rogha na cloinne Conall},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {390–394}
}

 G402136.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotation marks are temporarily retained.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the poem. Page-breaks, metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Giolla Brighde Mac Con Midhe, an Irish bardic poet c.1200–1600

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry

Revision description

(Most recent first)

  1. 2008-10-15: Header updated; keywords added, new wordcount made, file validated. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  3. 2005-08-04T16:11:14+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  4. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  5. 1997-05-28: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  6. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402136.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top