CELT document G402140

Teallach einigh iath Laighean

Eochaidh Ó hEoghusa

Whole text

    Teallach einigh iath Laighean

     p.402

    EOCHAIDH Ó hEOGHUSA cct.

  1. Teallach einigh iath Laighean;
    mór gceardcha 'n-ar cumhdaigheadh
    an ghairm nach gnáth i n-asgaidh;
    ní hainm gan fháth fhuarasdair.
  2.  p.403
  3. Teallach einigh Innse Néill
    do bhí dá rádha riui-séin
    an síol fionn-sa Nuadhadh Neacht
    sluaghadh do b'ionnsa d'imtheacht.
  4. Aighthe éigeas Innse Fáil
    a-tá ó thús an domhnáin
    —ní diombuaine a ndál a-niodh—
    ar chlár lionnuaine Laighean.
  5. Cúigeadh chloinne Cathaoir Mhóir
    baisdear air—ní hainm éagcóir—
    múr roidhil síthbheannach sliom
    prímhtheallach oinigh Éireann.
  6. Cia do-chluin nó do-chualaidh
    maith mar mhaith an mhórshluaghaidh?
    do b'iontogha olc na bhfear
    um ghort lionntana Laighean.
  7. Caidhe i n-éanaird d'Inis Breagh
    a coimmeas re crích Laighean?
    níor feas úir an oirir fhinn
    gan dúil oinigh 'n-a inntinn.
  8. Tarla tar éintír eile
    dochar deiridh aimsire
    is trom céadaslaigh na gcliar
    ar fonn ngéagarsaidh nGailian.
  9. Gár bheag dhúinn dá dhearbhadh sin
    geall Athairne uair éigin
    i n-am anaslaigh gach aoin
    don talamh-soin chlann gCathaoir.
  10. Don chuaird thimchill thug orra
    a bhreith féin fuair eatorra
    dream do aithigh anbhuain gliadh
    ó mhaithibh glanshluaigh Gailian.
  11. "Dream budh chuirthe i mbar gcumaidh
    ní chluinfeam ní chualamair;
    a-tá an geall libh, a Laighne,
    sibh as fhearr" ar Athairne.
  12. Tug Féidhlim mór mac Criomhthain
    geall oinigh tar Éireannchaibh
    don droing náir oirbheartaigh fhéil
    dáil do oirdhearcaigh iaid-séin.
  13.  p.404
  14. Toisg dar thriall a Caisiol Chuirc
    mac Criomhthain—fa cuaird orrdhuirc—
    d'fhagháil gliadh a ngéirreann gcruaidh
    is giall Éireann i n-éanuair.
  15. Fríoth leis ar lorg a chéile
    ar feadh Fódla finnréidhe
    géill gach Éireannaigh dar iarr
    go féin ngéirreannaigh nGailian.
  16. Tar éis réidhthighe riu sin
    feadh bliadhna do bhí i Laighnibh
    ar chuireadh an uair do fhill
    an bhuidhean ler fhuaigh Éirinn.
  17. D'éis breathnuighthe Banbha Breagh
    ar gcur cúil re cath Laighean
    maith don droing-sin tar gach ndreim
    ar fhoillsigh an flaith Féidhlim.
  18. "Ní fhaca mé" ar mac Criomhthain
    "meadh dá n-uaisle d'Éireannchaibh
    gémadh iad aithigh Laighean
    siad ós mhaithibh measfaidhear."
  19. Geall cháich ón ló-sain i-le
    gnáth aca d'éis a chéile
    na Laighin ó bheannráth Breagh
    mairidh seanghnáth a sinnsear.
  20. Béim orra d'éis a n-aithreadh
    a-niodh féin ní foghaibhthear
    na deighfhir ga ndubhradh geall
    ar dturnamh einigh Éireann.
  21. A-tá fear díobh go nua a-niodh
    théighfeas teallach na sinnsear
    i measg sluaghfhairche bhfear bhFáil
    gan seal n-uaraighthe d'fhagháil.
  22. Eidhre Fhiachaidh mheic Aodha
    croidhe nar char míothaomha
    fear comdha céadanma a shean
    comhla ghéagabhla Ghaoidheal.
  23. Dá mbáidhtí oineach Fhóid Fhloinn
    do-ghéabhthaoi gríos san gcogoill
    fear gan amhluadh einigh air
    ag eidhir armruadh Fhiachaidh.
  24.  p.405
  25. Dá mbeidís righnigh re a linn
    gan d'iomrádh acht ainm Fhéidhlim
    do aithbheodhaigh an ainm sin
    gairm an chaithleomhain cheirdigh.
  26. Ar gcaitheamh einigh Fear bhFáil
    téid-sean i dtús a iomráidh
    uain an ualaigh-sin ní fhuil
    'ga ghruaidh nualuisnigh náraigh.
  27. Mar fhéachas dá onóir féin
    féachtar leis—lór dó dheighmhéin—
    croidhe as fhraochaibche i gcrú chleath
    do chlú laochaicme Laighneach.
  28. Nach mór d'Fhéidhlim mhac Fhiachaidh
    díon Laighneach ar lainnfhiachaibh
    coimhfhéagaidh ó eing go heing
    don eing fhoighéagaigh fhairrsing.
  29. Ní fhuigheadh Laighneach re a linn
    béim ris nach beadhgfadh Féidhlim
    méad a imnidh fa chúis cháigh
    'n-a ghnúis tibhrigh 'n-a teannáil.
  30. Do bhí an gnáith-sin uair eile
    'gun mhílidh mhac Deichtire
    troigh fa siobhlaighe ag cur cath
    ar son ionghaire Ultach.
  31. An t-aoinfhear do b'fhaide uaidh
    i gcrích Eamhna an fhuinn fhionnfhuair
    do dheargfadh a dhímhiadh sain
    ríniadh ceardchan an chleasraidh.
  32. Cú Chuluinn na gcleas ngoile
    Cnoc Fionnchairn na Foraire
    fa ráith choimhfheithmhe don choin
    i ndáich oireichle d'Ultaibh.
  33. Fiú éinchreiche níor fhiu leis
    gá dámaid do dhul thairis;
    leor é fan am-sa d'fhaire
    sé ar an gcarn-sa i gcomhnaidhe.
  34. Níor ghnáth leis—ní léigeadh sain—
    aghaidh deoraidh fa dhiomdhaidh;
    fa deaghcangnamh dál na Con
    fa chlár eatalghlan Uladh.
  35.  p.406
  36. Ag cosnamh a gclú 's a gcreach
    do bhíodh an bheithir nimhneach;
    ag coimhfhéagsain do chrú Ír
    fa troighéasgaidh Cú an chleitín.
  37. Coimhéad dan mac samhla sain
    do-ní Féidhlim mac Fiachaidh
    do Laighneachaibh toir is tiar
    ar moigh ghlainleathain Ghailian.
  38. A mbiodhbhaidh do bhreith a ngill
    ní guais leo le linn Féidhlim,
    ná lotadhnadh a ngruadh nglan
    d'fhocalghamh druadh ná deoradh.
  39. Cúis béime le a mbeadhgfadh sin
    ní fhuighe aonmhac Laighnigh
    tre lios eithreach bhfoighéag bhFinn
    tar coimhéad bhfeithmheach bhFéidhlim.
  40. I ndoras báis, i mbreith gill
    fear a saortha is sé Féidhlim,
    eo saorchuain bhailbhealtaigh Bhreagh
    tairngeartaidh laochshluagh Laighean.
  41. Fear ler hóradh a aicme,
    fear as truime tiodhlaicthe,
    fear as mheasardha do mhodh,
    fear as easumhla d'uabhar.
  42. Fear as leomhanda ag léim treas,
    fear as réidhe ag riar éigeas,
    fear as aimhréidhe i n-uair cean
    do chruaidh ghlainfhréimhe Gaoidheal.
  43. Ní hónna acht re haighthibh cliar,
    ní lonn acht ag léim caithghliadh,
    ní frithir acht feadh smachta,
    sreabh fhichidh na hannsachta.
  44. Cruaidh fa rún, réidh fa mhaoinibh
    aigneadh an duinn dreachfhaoilidh;
    mín re héidtréan, teann re tréan
    géigfhréamh as ceann dá chinéal.
  45. Bradán Life na learg sean
    posd einigh íochtair Laighean
    brat caomhdhaigh fásfhairche Fáil
    aonghoin bhásaighthe bandáil.
  46.  p.407
  47. Ursa cogaidh, ceann síodha,
    dídean cirt, cosg fairbríogha,
    doras céadágha cláir Breagh,
    dáigh éadála na n-aoigheadh.
  48. Cinnlitear clú na mBranach
    tús teasda tá ar neamhfhalach
    dortadh créachtfhuile i gcrú sleagh,
    clú nach féadfaidhe d'fhilleadh.
  49. Donn failgheach fine Chathaoir,
    gnúis dil nar dhearg gríostathaoir,
    fíorbhun labhartha Mo-Ling,
    díoghbhadh anorchra d'Éirinn.
  50. Mac meic Aodha na n-arm ngéar,
    mórádh ceall, cumhdach éidtréan,
    draig shuilbhir, troigh re teannta,
    muir go ndruimnibh díleannta.
  51. Labhairt as lugha ná a ghníomh
    sníomh easaonta na n-airdríogh,
    séad robhuadha ráithe Néill,
    snáithe comhuama a cheinéil.
  52. An dá Aodh do imthigh uam
    m'aos cumtha, crobhuing dhiombuan,
    do imthigh mo thréan le a dteann
    mar éan ór imthigh eiteall.
    Teallach.
  53. Inghean Fhiachaidh earla lag
    níor oircheas dúinn a dearmad
    meanma chobhsaidh nar char séad
    níor chosmhail damh, ní dheirméad.
  54. Ní dheirméad-sa an deaghbharr slim
    ná an glór féata focailbhinn
    ná an sdíom chorramhlaigh cúil chais
    ná an tsúil mhongfhabhraigh mhallghlais.
  55. Searc aoidheadh, iomchar ainbhreath,
    gein bhuadha ban ríoghLaighneach,
    rosg glainshliom fa ngrianlas síon
    nach ainghionn fhiabhras airdríogh.
  56. Fuair Úna ó ógmhnáibh Banbha
    barr éagcoisg is urlabhra;
    tearc meadh don bhriatharthaoi bhinn
    ar feadh iatharchraoi Fhéidhlim.
    Teallach.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Teallach einigh iath Laighean

Author: Eochaidh Ó hEoghusa

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1974 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2010

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402140

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 3, 139 (alias 23 L 17: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 156, 358 (alias 23 D 5: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 4).
  3. Dublin, Trinity College Library, 1288, 123 (alias H. 1. 14; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921)).

The edition used in the digital edition

‘Teallach einigh iath Laighean’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 402–407.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402140,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Teallach einigh iath Laighean},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {402–407}
}

 G402140.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotation marks are temporarily retained.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Eochaidh Ó hEoghusa, an Irish bardic poet c.1200–1600

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry

Revision description

(Most recent first)

  1. 2010-11-18: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2008-10-15: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  4. 2005-08-04T16:11:26+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  5. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  6. 1997-05-28: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402140.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top