CELT document G402141

Teasda easgcara an fhiadhaigh

Fearghal Óg Mac an Bhaird

Whole text

    Teasda easgcara an fhiadhaigh

     p.408

    FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.

  1. Teasda easgcara an fhiadhaigh;
    tug ar chroidhibh ceoidhiamhair;
    easgcara ní fhuil ag oigh
    i Muigh chneastana Criomhthoin.
  2. Easgcara fhiadhaigh Éireann
    Ábhartach na n-airdchéimeann;
    níor ghein cú a sáruighthe sain
    i gcrú fhánfhoirbhthe Fhionntain.
  3. Fáth tuirrse aca ní fhuil
    subhach feasda na faolchoin
    i gcrích mhín bhánacraigh Bhreagh
    do bhrígh Ábhartaigh d'oigheadh.
  4. Do-ghéabhtha ar faighthibh a bhfios;
    ag mucaibh allta i n-uaigneas
    ní ba hiomdha feasda fail
    ó theasda a mbiodhbha bunaidh.
  5. Cnuic oireachtais fhóid na bhFionn
    leabtha suain fhiadhaigh Éireann;
    daimh Chláir Chodhail tres an gcoin
    dáibh ní homhain acht urchoir.
  6. Níor bh'iongnadh buaidh do bhreith dhí;
    uasal an t-altrom fhuair-se;
    ar ghlúin bheithreach bhruaigh Eanaigh
    feithmheach fhuair a hoileamhain.
  7. Díol a caointe í as a n-ucht
    ar ghlúin 's ar ucht Chon Chonnacht
    —dá ní do dhúisigh mo dhéar—
    do bhí an chúi-sin 'n-a coiléan.
  8. Níor chuir Mág Uidhir fhuair clú
    dalta ortha acht an t-éanchú;
    clann Cholla fa dine dhó;
    righe orra ag a n-iarghnó.
  9. Dalta oile acht coiléan con
    nó leanbh budh oidhre d'ollamh
    brón do shíor orra re headh
    ar shíol gColla ní chuirfeadh.
  10.  p.409
  11. Cú dearg Osgair nar ob cath,
    nó Sgeolang, nó Bran buadhach,
    nó Adhnuall do b'aithghin dí
    ag flaithghin armshluagh nÉirne.
  12. Re linn Ghofraidh fháthaigh Fhinn
    san Mhumhain na múr n-aoibhinn
    do bhí cú ren samhail sain
    do thabhaigh chlú d'Íbh Carrthaigh.
  13. Cú Mhéig Carthaigh Chuain Line
    iomad a héacht n-oirdnidhe
    don triathchoin do thobhaigh geall
    ó chonaibh iarthair Éireann.
  14. Ar dhumha sealga ós Loch Léin
    tuitid lá—lór do chaithréim—
    ceithre doimh ós gheilleirg ghlain
    leis an gcoin gceinndeirg gcréachtaigh.
  15. Faolchú neimhe d'éis an áir
    tarla dhi—dia do neambáidh—
    tug ar an gcoin créacht go neimh;
    a goin níor bh'éacht i n-aisgidh.
  16. Tuitid ar-aon—anba an ghomh;
    do dhoirt sí fuil na faolchon
    's do dhoirt an faolchú a fuil
    gér ghoirt le caomhchrú Charrthaigh.
  17. Mág Carthaigh do chosain seilbh
    tug dealbh dearsgaighthe ar dhoidheilbh;
    néal bróin fan éachtchoin do b'fhearr
    do sóigh ós réaltain Raoileann.
  18. Gofraidh Fionn do ullmhuigh í
    marbhna na con ad-chluintí;
    táinig d'oide Tighe Táil
    a fighe d'oige iomshláin.
  19. Do mharbhnaidh chomthaigh chiallaidh
    do chuir drong rann roidhiamhair
    fáthGhofraidh Fionn muin ar mhuin;
    snáthghlanfaidh sionn a samhail.
  20. Do chumas don choin-se thoir
    marbhna do Ghaoidhilg ghréasaigh
    mar chéadmharbhna na con thiar
    ar son gréagdhamhna Ghailian.
  21.  p.410
  22. Ar measadh don mharbhnaidh thiar
    dá maireadh tuir fhear nOirghiall
    a buaidh do-bhéarainn dá thail
    do-ghéabhainn uaidh a urdhail.
  23. Ní marbhnaidh í gan fhachain;
    cú cnis Í Chuinn Chéadchathaigh
    tug fa fhonn n-easbhán nEamhna
    teasghrádh trom dá tighearna.
  24. Cuarta meince—mór an tsearc—
    dá iarraidh iar n-a imtheacht
    tug an cú croibhdhearg corcra
    fa bhrú bhfoinnlearg bhfochanta.
  25. Lé do cuartuigheadh na cnuic
    's na tighe óil d' Ú Cormuic
    agus bruaigh na dtiormshroth dte
    's gach uaimh fa fhionnLoch Éirne.
  26. Níor fhágaibh leaba 'n-ar luigh
    fa Loch Éirne gan iarraidh
    ná mín ná suidhe seilge
    do ghríbh Muighe mínDeirge.
  27. Fa dheoidh teasda—tuar déire—
    do chumhaidh a cneischéile;
    gá dú acht do-chuaidh as a cruth
    mar nach fuair an cú a caomthach.
  28. Teasda an chú-sa iar gcéibh na sgath;
    ní hamhlaidh d'uaislibh Teamhrach
    feasda im Bhóinn mbliochtchraobhaigh mBreagh;
    ní hiontaobhaidh glóir Gaoidheal.
  29. Ionann fáth bróin dóibh is dí
    Ábhartach cú fhir Éirne;
    fada iar gcraoibh Line gach lá;
    a fhine dá thaoibh teasdá.
    Teasda.
  30. Mág Aonghusa do dháil dhamh
    a chú 's a each 's a órbhrat
    a-tá craobh Céise dom chrádh;
    an fhéile dá thaobh teasdá.
  31. Ní dhiúltfadh Conn Maisdean mé
    um choin ná um bhrat ná um bhuairsbré;
    a-tá craobh Cruachan dom chrádh
    ar n-uabhar dá thaobh teasdá.
  32.  p.411
  33. Ní bás don té théid dá fhios
    flaitheas na n-óg 's na n-aingeal;
    mairidh Beadar iar n-a bhás
    acht gé theasda ní theasdá.
    Teasda.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Teasda easgcara an fhiadhaigh

Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry and Margaret Lantry

Proof corrections by: and Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1498 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2010

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402141

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript sources

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 625, 423 (alias 3 C 12: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 16).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 5, 107 (alias 23 D 4: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 888, 43 (alias 12 F 8: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 21).

Secondary literature

  1. Pádraig Ó Macháin, Poems by Fearghal Óg Mac an Bhaird, Celtica 24 (2003) 252–263. [Survey article about Mac an Bhaird's oeuvre with further literature.]
  2. Lambert McKenna, 'To Mag Uidhir's hound', Irish Monthly 57 (1929) 107–110.

The edition used in the digital edition

‘Teasda easgcara an fhiadhaigh’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 408–411.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402141,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Teasda easgcara an fhiadhaigh},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {408–411}
}

 G402141.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the poem. Page-breaks, metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Fearghal Óg Mac an Bhaird, an Irish bardic poet

Date: 1608 (see P. Ó Macháin)

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; 17c; Cú Chonnacht Óg Mág Uidhir

Revision description

(Most recent first)

  1. 2010-11-18: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2008-10-14: Header updated; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  4. 2005-08-04T16:11:30+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  5. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  6. 1997-05-29: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402141.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top