CELT document G402142

Tomhus mhúir Chruachna i gCluain Fraoich

Aonghus Mac Cearbhaill Bhuide Ó Dálaigh

Whole text

    Tomhus mhúir Chruachna i gCluain Fraoich

     p.411

    AONGHUS (MAC CEARBHAILL BHUIDE Ó DÁLAIGH cct.

  1. Tomhus mhúir Chruachna i gCluain Fraoich
    fa sduaidh—nocha sduaidh fa mhúith—
    múr na sgiath mbeannbhladhach mbláith
    ráith na gcliath ndealbhdharach ndlúith.
  2. Tomhus mhúir Theamhra ó Lios Fhloinn
    ó chúil chearna go a slios slim
    caithir bhláith charmhoguil chruinn
    mar ráith gCuinn abhradhduibh fhinn.
  3. Tomhus mhúir Oiligh ghlais ghloin
    i bfroighidh úir chais an chluidh;
    samhail daighNéill Ghlúnduibh ghil
    san tigh mhúraigh chlaidhréidh chuir.
  4. Tomhus mhúir Chaisil fa a chois
    no an dúin ghlais-sin go n-a gheis
    ag fior fhuilt chrunnfhailghigh chais
    go mbais Cuirc dhubhmailghigh dheis.
  5. Níor ghabh Meadhbh ná Corc ná Conn
    port ar nar shealbh port na bpeall;
    do bhalla chaomh nó do chrunn
    níor chum saor halla budh fhearr.
  6. Treabh as áille dar fhéagh súil
    a sgáile gheal re a béal biaidh;
    nocha meisde ní dá néimh
    gan léim eisde dhí dá diaigh.
  7. Sreath cláraigh mhín dualaigh dhlúith
    'n-a sduadhaibh do-chím mun gcruaich;
    sliocht uird riondaidhe mun ráith;
    bláith sliombuidhe a buird 's a bruaich.
  8.  p.412
  9. Mar badh meirge slíogdha a snuadh
    nó mar dhíolda as deirge clár;
    mín ón chearamh gach crann caol
    sleamhan a taobh thall ón tál.
  10. A hasnach glan donn le dlús
    níor ghabh tonn lasrach dá luas;
    cá seadh teine ar a tí thíos
    muna thí gríos nimhe a-nuas.
  11. Suairc an daingean anma d'Aodh
    nachar mhainnear madhma riamh;
    ní bhí san léibheann chas chlár
    glas lámh nó géibheann ar ghiall.
  12. Fear ga tealgadh gion gur thearc
    nochar deargadh cneadh 'n-a curp;
    sgeinnidh colg sleighe dá sliocht
    briocht neimhe na n-ord 'n-a hucht.
  13. Mar chathraigh nGreabháin ar ghráin
    nac lamhthair meadháil a múir;
    tréigthear brath na dtreabh re a taoibh
    mar ba clach aoil gach teagh túir.
  14. Ná braitheadh bean go bráth í,
    an ráth gheal ler caitheadh cré
    dá lár do lingeadh an Traoi
    do mhnaoi do cinneadh d'ágh é.
  15. Sleagh tre dhruim fir go lár lás
    ór thil a clár mar do- chuas;
    maol na gualann budh toll thíos;
    ón chronn bhíos nuabharr a-nuas.
  16. Dá dteagmhadh Lugh Banbha Briain
    nó an Daghdha do dhul dá dréim
    mná an táibhlidh mun ba tearc lóin
    gan neart slóigh láinmhir dá léim.
  17. Caithir chuanna ceithre mbeann
    sduagha do-gheibhthe re Goll
    brugh slatac fuinneogach fionn
    bratach sliom duilleogach donn.
  18. Sduadh bhreac dhealbhach um an ndún
    dar leat mar badh ceannrach caomh
    iomdhorus um an dteach i dtám
    sreath clár as tiormsholus taobh.
  19.  p.413
  20. Comhla sholus dá huaim d'ord
    ris an ndorus nar bhuail bard;
    do fuaigheadh cearcall clár ndearg
    gan leathtrom learg d'fhán nó d'ard.
  21. Caithir fhionn as airde múr
    ós a cionn is gairge an ghrian;
    goirmlionn um an lios do ládh
    crios clár gcoimshliom ós chrios criad.
  22. I gcathraigh Aodha an airm nua
    ar ngairm gacha dhaonna dhó
    giolla deaghbhruit duinn gach dia
    níor lia um sheanMhuic Truim Dhá Thó.
  23. Niamh gach dhornchair bhláith san bhrugh
    níor dhorchaigh riamh an ráith gheal;
    gabhthar le trilsibh bróg mban
    an ród glan tirm-sin san teagh.
  24. Fearb gaoithe ní ghéabha greim,
    ní bhéara dlaoithe dá druim
    don chúirt chomhlaigh easnaigh fhinn
    go sging chonnlaigh theasbhaigh thruim.
  25. Teagh ríogh Chruachan cuma a luadh
    is nach uathadh urra um Aodh
    dá ghlaislinn fhada go n-ór
    fairrsing an sódh troda a thaobh.
  26. Teach nach airde finnteach Floinn
    i n-a ghairde slinnteach soinn;
    níor léig Aodh an eatail fhinn,
    ní chlaon rinn deataigh dá druim.
  27. Teach laoch ar nach luigheann smál
    tre nach cuireann gaoth a ghlór
    a froigh mhíolla an doire dhiagh
    ní gloine niamh fhíona a hór.
  28. Mar threabhradh ar thaobhaibh eang
    deallradh caolaigh ós a cionn;
    an darbh daol thríthe níor tholl
    gach drong chaol don fhíthe fhionn.
  29. Luaidheam cúilteagh na gclár ngorm
    tre n-a smál ní dúintear dealbh;
    teach fionn is fraoch ar a arm
    is balbh gaoth ós chionn a chearn.
  30.  p.414
  31. Faiceam tomhus na gcleath gcorr,
    na sreath solus, na sreath sliom,
    sreath do chaolach bhán go a barr
    clár ball gcraobhach ós a cionn.
  32. Teach Í Chonchobhair Chnuic Luain
    go lonchoraibh ar chruit chaoin,
    go gcloich buabhaill, go mbuilg sréin
    tuaraim do néimh a chuilg chaoil.
  33. Títhe láintreabhradh ós lionn
    do tráichtdealbhadh d'fhíthe fhionn;
    do sduaighdhírgheadh an teach thall
    go mbarr cleath snuaidhmhíngheal sliom.
  34. A díol innigh fúithe fríoth
    d'ingir gomadh dlúithe an sgiath
    saor ga treabradh is ga táth
    re dealbhadh snáth gcaol na gcliath.
  35. An bhruidhean nach cuirre cnoc
    do tuigheadh nach luime leac;
    ní léir san chur claochládh slat
    aonchlár dar lat an brugh breac.
  36. Sreath cúpladh gcorcra ós a cionn
    ar dtochta búcladh fa a barr;
    gréas gach gallghabhla ní gearr;
    allmhurdha leam gléas na nGall.
  37. Dá chomhlaidh chrios n-amhlach n-ard
    —tarbhach a slios ní slios borb—
    mar chaoin aighthe cúpa ó cheard
    gach learg dhlúthta d'aithle a hord.
  38. Fuair a caoilfhiodh a sháith shaoir
    ar n-a dhaoineadh san ráith réidh,
    a buird 'n-a n-áitibh ga n-uaim
    mar táithtir truaill cuilg re céir.
  39. Mar chaoin mbuabhall as bhreac fiodh
    breac nuabharr gach taoibh don teagh;
    fighe na coirrmhéise a cur
    brugh bile goirmdhéise is geal.
  40. Gurab buan an teach mar tá
    gach neach ag a luagh ar ló
    dá fhoghail gidh cuin do-chiu
    liu don choraidh do dhluigh dhó.
  41.  p.415
  42. Pailís bhríoghmhar as bhláith brugh,
    ráith na ríoghradh, ráith na sgol,
    Muimhnigh Ulaidh fa bharr Breagh
    fear gann sa tulaigh níor thomh.
    Tomhus.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Tomhus mhúir Chruachna i gCluain Fraoich

Author: Aonghus Mac Cearbhaill Bhuide Ó Dálaigh

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1847 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2010

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402142

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 744, 49 (alias A v 2: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 18).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 3, 48 (alias 23 L 17: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 2, 92 (alias 23 F 16: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  4. Dublin, Royal Irish Academy, MS 626, 677 (alias 3 C 13: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 16).
  5. Dublin, Royal Irish Academy, MS 735, 87a (alias A iii 2: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 18).
  6. Dublin, Royal Irish Academy, MS 935, 103 (alias C i 1: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 21).

The edition used in the digital edition

‘Tomhus mhúir Chruachna i gCluain Fraoich’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 411–415.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402142,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Tomhus mhúir Chruachna i gCluain Fraoich},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {411–415}
}

 G402142.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Aonghus Mac Cearbhaill Bhuide Ó Dálaigh, an Irish bardic poet c.1200–1600

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry

Revision description

(Most recent first)

  1. 29-May-1997: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  2. 2010-11-18: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-15: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:11:33+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402142.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top