CELT document G402143

Tosach féile fairsinge

Aodh Ollabhar Ó Carrthoidh

Whole text

    Tosach féile fairsinge

     p.415

    AODH OLLABHAR Ó CARRTHOIDH cct. ?

  1. "Tosach féile fairsinge"
    —d'fhuighlibh Fíthil an focal;
    ní hiomdha dar n-aithnei-ne
    neach as urra don tosach.
  2. Ní thig tosach fadhálta
    don tí dhligheas dán díom-sa;
    ní budh mór dá bharánta
    tosach an teagaisg ríoghdha.
  3. Dó as fhearr thig an tosach-sa
    Ó Maol Ruanaidh rí Céise;
    tearc neach ar an domhan-sa
    as fhairsinge ná as fhéile.
  4. Do-bhéaradh Mac Diarmuda
    a shúil tar ceann a einigh;
    dá mbeith fear a hiarrata
    níor bh'ei-sean fear a heitigh.
  5. Ní ar domhan ní shanntuigheann
    acht dá dháil dá gach duine;
    nochan fearr an gallmhuileann
    ó léigtear é fa uisge.
  6. Tomhaltach Mac Diarmuda
    mac na ríoghna ó Ráith Chruachan
    gá seadh méad a iarrata
    's gur mó sa chách a chnuasach.
  7. Rí maicne Maoil mhórRuanaidh
    'ga dtá an t-eineach i gcartaigh
    fíon dá ól a hórchuachaibh
    uime ó mhadain go madain.
  8.  p.416
  9. Is uasal an t-aoghaire,
    a-tá aca ar a n-eineach;
    ní fhacas fós aonduine
    ag dul uadha fa eiteach.
  10. Gearr budh lón a ionnmhus-san
    muna bheith Dia dá cosnamh,
    lámh aige dá thiodhlacadh
    is lámh oile dá bhronnadh.
  11. Ní hí cuid na céadoidhche
    do-bheir Dia dá dhreich mhínghil
    acht é ag riar gach éanchoinnmhe
    bhíos 'n-a chás air dar-íribh.
  12. A dtabhair mac Conchobhair
    agus a bhfaghann chuige
    aige ní fhuil comhchosmhail
    acht trághadh agus tuile.
  13. Dá mbeith gan bhád ionlocha
    's a dhámh i bpurt an locha
    do rachadh flaith Fiodhnacha
    dá bháthadh d'eagla ghotha.
  14. Tomhaltach mac Conchobhair
    mheic Aodha—dia do thoice—
    mheic Chonchobhair chomhramhaigh
    mheic Tomhaltaigh óig oile.
  15. Mheic Mhaol Ruanaidh romhasglaigh
    ris nach raibhe feidhm formaid
    mheic Ghiolla Chríosd chomhchubhaidh
    mheic Conchobhair mheic Cormaic.
  16. Sgéal beag ar an gCormac-sa
    a-tá agam re n-a aithris;
    d'eagla gomadh domblasda
    dleaghar réilioghadh gairid.
  17. Lá éigin dar éirghiosdar
    ar tulaigh láimh re a longphort
    oireacht i ngach éinionadh
    dá chumhga 'n-a mbíodh Cormac.
  18. Go tulaigh na comhdhála
    do-chí chuca mun dtráth-sain
    bean leathchaoch ruadh roghránda
    's aonbhrat lín ar a brághaid.
  19.  p.417
  20. Gabhais tres an aonach-sain
    nó go ráinig sí an baile;
    dí níor fhiafraigh éanduine
    cia hí nó cáit a raibhe.
  21. Go Carraigh Meic Diarmada
    an tráth do-chuaidh an bhean-so
    níor shuidh an dúil diabhalda
    gur cóirigheadh lé leaba.
  22. Oileachán beag éagcosmhail
    do-ní i n-uillinn an tighe;
    bliadhain dí ar an ndéarghadh-sain
    gan easbhaidh bídh ná dighe.
  23. Gur caitheadh an bhliadhain-sin
    —mo chean do-rinne an ainmne—
    bean ná fear dá fiafraighe
    ní fhuair ar feadh na cairrge.
  24. Téid an chaochruadh chiabhfhada
    ar gcor na bliadhna thairse
    d'ionnsaighe Mheic Diarmada
    's beannaighis dó as a haithle.
  25. Innisidh a himtheachta
    dó ó thosach go deireadh;
    ní sgéal so nach inleanta,
    sgéal as uaisle ar an eineach.
  26. "Bliadhain gus an aimsir-se
    dhúinn it shíth, a rí Dhuibhe,
    ar bhfógra ó Thír Thairrngire
    bean mé ar ar cuireadh cluiche.
  27. "I mbrugh Eamhna abhlaighe
    do cuireadh mé fa gheasaibh
    gan dul go Tír Thairrngire
    go mbeinn bliadhain 'n-a heasbhaidh.
  28. "Níor gabhadh an bhliadhain-se
    uaim gan mo bheith i n-éantaigh
    's gan neach ann dom fhiafraighe
    ar feadh an dá mhíos dhéag-sain.
  29. "Do bhádhas an bhliadhain-se
    i gcúirt Locha Ché chornbhláith
    gan neach ann dom fhiafraighe
    —is do bhíodh uile an tromdháimh.
  30.  p.418
  31. "A n-áireamh ní féadfaidhe
    leath ná trian a mbí id bhaile,
    's ní shaoileann díobh éanduine
    nach air féin bhíos bhar n-aire.
  32. "Ar bhéasaibh ná ar mhíbhéasaibh
    ní diúltar neach ód thigh-se
    —'s ní léigthear acht fíréanaigh
    amháin i dteaghdhais nimhe.
  33. "A Chormaic mheic Tomhaltaigh,
    an bhfuil ar feadh an bheatha
    teach i mbeinn an comhfhad-sain
    gan fhiafraighe acht do theach-sa?
  34. "Beannacht agus bithbheannacht
    fágbhaim uile 'gad theaghlach;
    ní dearnadh 's ní dingeantar
    céim as uaisle ná a ndearnsad.
  35. "Do ním-se dhuit fáisdine
    gé táim im beathadhach ghránna
    go mbia an t-oineach d'áiridhe
    'gat shíol go laithe an bhrátha."
  36. A geasa ó do fuasgaladh
    ar n-innisin a heachtra
    imthighis an ruadhchailleach;
    ní dí támuid budh-easda.
  37. A airdrí fial foighideach
    is riot bheanas an sgéal-so;
    id bhrugh ní bhí coimhidheas
    re duine do shíol Eabha.
  38. Níor bh'usa don chailligh-sin
    bheith mar do bhí i mbrugh Cormaic
    iná bheith id bhaile-se,
    a rí Locha Ché chollbhuig.
  39. Do-ghabhthaoi id bhrugh bhiothbhuan-sa
    sgol ris gach gceird i nÉirinn
    's ní bhíodh i dTigh Mhiodhchuarta
    acht duine ris gach éincheird.
  40. Do ghreasa, do mhadhmanna,
    ní fhéadaim bheith dá bhfaisnéis;
    ní thuillfeadh san adhmad-sa
    an deachmhadh cuid dod chaithréim.
  41.  p.419
  42. Ad theagmháil, a Thomhaltaigh,
    ní thiocfadh duine ar domhan,
    a Chú Chuluinn churata
    a Chonaill Chúigidh Chonnacht.
  43. A-tá ag dúsacht th'adhmholta,
    a rí ceirtbhreathach Céise,
    nach foghnann don adhmad-sa
    tosach acht tosach féile.
    Tosach féile.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Tosach féile fairsinge

Author: Aodh Ollabhar Ó Carrthoidh

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1622 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2010

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402143

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 3, 136 (alias 23 L 17: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 1).
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 743, 764 (alias A iv 3: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 18).

The edition used in the digital edition

‘Tosach féile fairsinge’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 415–419.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402143,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Tosach féile fairsinge},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {415–419}
}

 G402143.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotation marks are temporarily retained.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Aodh Ollabhar Ó Carrthoidh, an Irish bardic poet c.1200–1600

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry

Revision description

(Most recent first)

  1. 2010-11-18: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2008-10-15: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  4. 2005-08-04T16:11:36+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  5. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  6. 1997-05-29: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402143.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top