CELT document G402144

Turnamh dóchais díoth muirne

Fearghal Óg Mac an Bhaird

Whole text

    Turnamh dóchais díoth muirne

     p.419

    FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.

  1. Turnamh dóchais díoth muirne,
    muirn docar i ndíothainmne;
    lór do chládh uabhair tar ais
    is uamhain dál an dóchais.
  2. Sealg thorthach níor tuirmheadh dhí
    an chú cuirthear i neimhní;
    muna rabh anáir ar each
    ní gar a fhagháil uaibhreach.
  3. An treabhadh ar nac téid leas
    ní hé trá as taosga gheineas;
    gort gan fhál is é ar slighidh
    dá mbé slán ní saoilfidhir.
  4. Saidhbhreas díomhaoin do dhuine
    innile gan aoghaire;
    ní fhuil tarbha 'n-a dtairthibh
    abhla cuir nach cumhdaighthir.
  5. Gabháil fa chuirm go gcuirthir
    a hibhe ní horduighthir;
    bídh gríos an ghuail gan ghoradh
    an uair bhíos gan bheathoghadh.
  6. Baramhail damh-sa is dom dhán
    a ndubart—dia do chlaochládh;
    cnú fholam nó each gan srian
    neach nó domhan fa dhímhiadh.
  7.  p.420
  8. Ní théighim mar badh díor dham
    tar ollamh ná tar ánradh
    —sé 'n-a chréachtghoin im chroidhe—
    éantroigh re ré Rudhroidhe.
  9. Náir dhúinn—'s ní dúinn as ranáir—
    mo sgol más iad m'uachtaráin
    tre ghoimh míleadh Mhuighe Fhloinn
    gach duine ag síneadh seachoinn.
  10. Ós chionn éigeas fhear nUlad
    teacht san tuighnigh ollamhan
    ní thig díom, gidh dainimh dhún,
    sion im aighidh ag iompúdh.
  11. Do mheas éirghe amhlaidh soin
    os chionn airdríogh fhear ndomhain
    Poimp mearchalma fa mó seadh
    gér neamhtharbha dhó a dheireadh.
  12. Ag Séasar na siorthadh mbras,
    ag Poimp Máighe is ag Marcas
    do bhí an cruinne ó mhuir go muir;
    ní rí duine gan dúthaigh.
  13. Riasan dá áirsidh oile
    Marcas Cras ceann sochuidhe
    —iul re bhfaghar gach fádh fis—
    do ládh an talamh thairis.
  14. Fan treas rann don talmhain tais
    do éirigh ar n-éag Marcais
    fíoch an dá ursan oile;
    dursan críoch a gcéalmhoine.
  15. Poimp agus Séasar sluaighmhear
    do chuireadar combuaidhreadh
    i ngach leith don chruinne ché
    do bhreith an uile fhínné.
  16. An cath cathardha do chuir
    dá uaitne theanna an talaimh
    do b'é críochrún a gcagaidh
    dé ón fhíochrún do adhnadair.
  17. "Uch! gan mé" ar Poimp "ós chionn cháigh
    dom fhaicsin d'fhearaibh domhnáin"
    glóir na flatha fhuair umhla
    uair an chatha chathardha.
  18.  p.421
  19. Bheith uiríseal 'n-a dhiaidh sain
    gairid d'aimsir gur orduigh;
    do radadh fatha déar dhó
    a shéan catha do chlaochlódh.
  20. Mé an Poimp dá dtarla an tuisle,
    an t-Iarla is sé an Séasair-se,
    ar bhfearg rer-oile is é an cath
    gomadh hé ar gcroidhe an caomhthach.
  21. Mar Phoimp Maighe ag teacht san treas,
    bheith céim ós chionn na n-éigeas
    do bhí uair 's do aontaigh mé;
    claontair gach uaill dá háirde.
  22. Mar Phoimp a-rís d'aithle an áir,
    bheith íseal—anba an diombáigh—
    dar m'éig-se do ba lór linn,
    ór ar m'éigse ó nach aithnim.
  23. Ó tá an maidhm oruinn badh-éin
    aontuighim tre Ua saoirNéill
    beith fa oideadhaibh Craoi Chuinn;
    faoi ní hoideamhail m'urruim.
  24. Tuir fhuluing fhola Dálaigh
    ní fiu dá méin mórdhálaigh
    —ní hé an doigh nach dursan linn—
    a bhfuil d'osnadh im intinn.
  25. Náir dói-séin agus damh-sa
    a bhfuil d'anaoibh oram-sa
    ar dheoradhacht—dáil nar dhligh—
    i n-Eoghanacht Cláir Chaisil.
  26. Dá gcuireadh díoth toice treall
    ollamh flatha ar fud Éireann
    ní cóir dhó ar a dhán diomdha;
    dá mhó a thár dá thighearna.
  27. Do dhearbh sé seanfhocal cáigh
    —do léig an t-Iarla ar n-anáir
    uile fa lár as a los—
    "ní fádh duine 'n-a dhúthchas."
  28. Iarla Ó gConaill, slios re saoidh,
    ní fhuil fáth ag a anaoibh;
    im dhán níor dheargas duine
    do Chlár leargglas Laoghaire.
  29.  p.422
  30. Ar airdríoghaibh Inse Néill
    a ndearnadar do dhíthchéill
    ar maithe trá druim ar druim
    a-tá dáhe oruinn.
  31. Cuirm Éingrinde is an t-each geal,
    súil Eochaidh, ainnre Laighean,
    —ní théid mo sheise ríogh róm—
    mei-se dá dhíol 'n-a dhobrón.
  32. Shleagh na Con, 's an Chearc Bhoirche,
    flaitheas Banbha beannfhoirbhthe
    rug sé don dul-sa ar a ndíol
    an té as ursa don imshníomh.
  33. A-tá uabhar m'aicme féin
    ar chloinn Chonaill mheic mhóirNéill
    fa phosd ríoghshluaigh fola Floinn
    dá shíorbhuain uile asuinn.
  34. Groighe is táinte clann gConuill
    tús is earr an uraghuill
    —fa-ríor níor haltoigheadh liom—
    im ghortoirear ríogh Raoilionn.
  35. Ag íoc na muirne nach mé
    fhuair ó phór chaithreac claoinTé
    a-tá sé ag crádh mo chroidhe
    mar táim re ré Rudhroidhe.
  36. Buain a dhúthchais do dhuine
    ní breath ríogh do Rudhroidhe;
    is liom-sa a chogar ó chiort
    ionnsa m'obadh óm oidhreact.
  37. Go buan is fearr an fonn-sa;
    ní hé a-tá d'fheidhm oram-sa
    muirn mar shriobh tuile ag toigheacht
    ná cion duine ar deoroidheacht.
  38. Mac éachtach Aodha Í Dhomhnaill
    Ua Séamuis, tuir treasfhorlainn,
    mo rí go rabh ar mo shon;
    ná tí a thal ar mo thurnamh.
    Turnam.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Turnamh dóchais díoth muirne

Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Margaret Lantry and Margaret Lantry

Proof corrections by: and Margaret Lantry

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1622 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland— http://www.ucc.ie/celt

Date: 1997

Date: 2010

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402144

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  • Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, 194. Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.

Secondary literature

  1. Lambert McKenna, 'To Rudhraighe Ó Domhnaill', Irish Monthly 51 (1923) 586–589.
  2. Pádraig Ó Macháin, Poems by Fearghal Óg Mac an Bhaird, Celtica 24 (2003) 252–263. [Survey article about Mac an Bhaird's oeuvre with further literature.]
  3. Pádraig Ó Macháin (ed), The Book of the O'Conor Don (Dublin: DIAS 2010).

The edition used in the digital edition

‘Turnamh dóchais díoth muirne’ (1938). In: Dioghluim Dána‍. Ed. by Láimhbheartach Mac Cionnaith. Dublin: Oifig an tSoláthair [Government Publication Office], pp. 419–422.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402144,
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  title 	 = {Turnamh dóchais díoth muirne},
  booktitle 	 = {Dioghluim Dána},
  editor 	 = {Láimhbheartach Mac Cionnaith},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Oifig an tSoláthair [Government Publication Office]},
  date 	 = {1938},
  pages 	 = {419–422}
}

 G402144.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation: Quotation marks are temporarily retained.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the poem. Page-breaks, metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Fearghal Óg Mac an Bhaird, an Irish bardic poet

Date: c.1603[?] (see P. Ó Macháin)

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; 16c; 17c; Rudhraighe Ó Domhnaill

Revision description

(Most recent first)

  1. 2010-11-18: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2008-10-14: Header updated; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  4. 2005-08-04T16:11:39+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  5. 1997-08-25: Text parsed using NSGMLS. (ed. Margaret Lantry)
  6. 1997-05-29: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified. (ed. Margaret Lantry)
  7. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402144.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top