CELT document G402163

A dhuine chaitheas corp Dé

Tuathal Ó hUiginn

Whole text

     p.32

    XVIII

  1.  192A dhuine chaitheas corp Dé
    ar do chroidhe cuir {}
    an t-olc muna nighe a-niogh
    ní dhlighe a chorp do chaitheamh.
  2. Nocha cabhair corp an Ríogh
    chaitheam i gceann míghníomh
    re béal a theachta don toigh
    is beanta fréamh an pheacaidh.
  3. Is dána caitheamh an chuirp
    má tá fúd feacadh d'iarmuirt
    gurab glan gidh bé do bhir
    's go rabh é {}.
  4. An cuirp-se do naomhadh do nimh
    le briathraibh Meic Dé dhúiligh
    ól an chuirp-se i gceann na gcean
    is fearr duid-se ar an Dúileamh.
  5. Dá ndearnta a chaitheamh gan chion
    ní biadh acht corp an Choimdheadh
    mairg do ríne seacha soin
    beatha fhíre {}.
  6. A chaitheamh 's an t-olc im ucht
    is bás {} daonnacht
    is uar dán soghabhtha sin
    gidh tuar cobhartha a chaithimh.
  7. Ní fheadar d'fheabhus a ghnímh
    don {} Aird-rígh
    uch sinn uile ar Dhia dána
    cia an duine budh diongmhála.
  8. Déanamh thort ní tualaing sinn
    a chorp Íosa is é (chuingim)
    {} thuigse ní {} d'fhior
    {} do chaitheamh.
  9. Ní fiú mé re méad mo chean
    ucht ort a chuirp an Choimdheadh
    gion go bhfagha soitheach sunn
    go ngabha ar {}.
  10. Toil na gciontadh im chroidhe
    a chuirp Chríosd i gcomhnoidhe
    dá gcaitheam thú leis an toil
    a-tú ag aithfheall ar mh'anmain.
  11. Fan anam-sa ar ar fheall mé
    iomdha créacht ort ón Aoine
    mar tá tú uainne is ionnsa
    's a fhuaire a-tú id thimchioll-sa.
  12. Ag so an corp lér saoradh sinn
    ar theinidh thighe Ifrinn
    ceadh ná tabhraim é dom óigh
    's é 'n-a abhlainn im onóir.
  13. A dtug an Dúileamh dearbh linn
    daoibh a chlann Ádhaimh d'uirrim
    ag so an corp do fhoráil air
    gidh olc a onáir eadraibh.
  14. Gan thoghairm a-nuas do nimh
    ní thiocfadh corp Dé dhúiligh
    re a chuireadh níor bh'fhoráil d'fhior
    go bhfuigheadh onáir aoidheadh.
  15. Glan an croidhe ar a chionn sin
    más áil onóir don aoidhidh
    ní bhí go dána ar dhuine
    's a námha ní as neartmhaire.
  16.  p.33
  17. Déana agus tiocfa a thoradh
    an t-aoidhidh-se dá chádhoghadh
    is é luibh na sláinte sin
    cuir fáilte ris an aoidhidh.
  18. A-tá agaibh adhbhar cóir
    fá ndligh a t-aoidhe onóir
    a bhfuil uaibh-se don aoidhidh
    uaisle ar chuir dá chomaoinibh.
  19. Ort gion go mb'é budh treise
    díol onóra an t-aoidhei-se
    tugtha dhó í ar a fheabhas
    is ní as mhó ar a mhuinntearas.
  20. Más fá uaisle as áil a mheas
    corp Chríosd rén cubhaidh deithneas
    cia ar an gcor-sain fear 'gá bhfuil
    a theagh cosmhail fá chomhair.
  21. An t-Athair neamhdha do nimh
    Muire máthair an Dúilimh
    a tuigse uaibh-se níor eol
    uaisle an chuirp-se ón dá cheineol.
  22. Tuig ná budh teaghdhais chubhaidh
    dó an croidhe nar chaomhnubhair
    an uair cheise ar an gcroidhe
    smuain gur treise an trócuire.
  23. Íosa Críosd isa chorp sain
    luach a chuarda ag cloinn Ádhaimh
    ní cóir chuingeas ar a chloinn
    do chóidh a cuibhdheas chugoinn.
  24. Do fhágaibh ag cách a chorp
    mar aodhaire ar a n-annsocht
    maith feitheamh Dé ar an duine
    is é ar dteicheadh trócuire.
  25. Dia Dhardaoin i ndiaidh an bhraith
    fríoth an abhlainn ón Ard-fhlaith
    dán déantair feoil agus fuil
    'n-a réaltain eoil dom anmain.
  26. Do dheibhléanaibh Dé nimhe
    san aimsir-se d'áiridhe
    an Rí do roighne ionnladh
    's do ní an Coimdhe ceiliobhradh.
  27. Do gheall an Rí go rachadh
    ar son cháich dá chréachtnachadh
    ar lucht toighe an Ríogh do roinn
    fíon ler oile agus abhloinn.
  28. M'fhuil agus m'fheoil is iad so
    do ráidh an t-Aird-rí Íosa
    a chaithimh mar as cubhuidh
    do aithin dá easbalaibh.
  29. Do mhian chobhartha a chloinne
    a chorp i gcruth abhloinne
    mar shéala ar a shíodh ó shoin
    ag síol Éabha do fhágaibh.
  30. Tabhram onóir 'n-a ionadh
    do chorp dhaonna an Dúiliomhan
    tar éis sgarthana an Ríogh ruinn
    bíodh an t-athchara aguinn.
  31. Beag dá ghaol do ghéabhadh neamh
    dá mbeath thuas corp an Choimdheadh
    obar is a bheith i bhus
    breith na bpobal i bParrthus.
  32. O do fhágaibh Mac Muire
    do thoirbhirt a thrócuire
    é i ndeaghaidh Dé ar an domhan
    deaghail de níor dhealoghadh.
  33. Dia Dhardaoin i n-a dheaghaidh
    tug sa tiomna dhéidheanaigh
    gidh olc do thoill ó thosaigh
    dá chloinn an corp céadna-sain.
  34. Ag imtheacht a-nonn ar neamh
    ó dheibhléanaibh don Dúileamh.
    sochar Dé dhúiligh dhamh-sa
    do núidhigh sé an sochar-sa.
    A dhuine.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): A dhuine chaitheas corp Dé

Author: Tuathal Ó hUiginn

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Beatrix Färber

Funded by: The HEA via the LDT Project and School of History, University College Cork

Edition statement

1. First draft.

Extent: 1607 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2014

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402163

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only. CELT would like to thank the Irish Province of the Society of Jesus for granting permission to reproduce this work in electronic form.

Source description

Manuscript sources

  1. Dublin, Trinity College Library, 1318, (alias H. 2. 16 alias Yellow Book of Lecan); an Duanaire; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921). Digital images and the description from Abbott and Gwynn are available on http://www.isos.dias.ie.
  2. London (private possession), Sir Con O'Neill's MS (see Éigse 13), c. 1681 (National Library Microfilm, NLI Positive 6671).

Literature

  1. This poem is listed in the Irish Bardic Poetry Database (see http://bardic.celt.dias.ie/main.html) and dated to the mid-15th century.
  2. An English translation is available in Dá Dé, 99–101.

The edition used in the digital edition

‘A dhuine chaitheas corp Dé’ (1940). In: Dán Dé‍. Ed. by Lambert McKenna. Dublin: The Educational Company of Ireland, pp. 32–33.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402163,
  editor 	 = {Lambert McKenna},
  title 	 = {A dhuine chaitheas corp Dé},
  booktitle 	 = {Dán Dé},
  editor 	 = {Lambert McKenna},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {The Educational Company of Ireland},
  date 	 = {1940},
  pages 	 = {32–33}
}

 G402163.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked and proof-read twice. All corrections and supplied text are tagged.

Normalization: The electronic text represents the edited text.

Quotation: Quotation marks are rendered q. They are not used within lines of poetry.

Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word.

Segmentation: div0=the whole poem. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Standard values: Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Tuathal Ó hUiginn (died 1450).

Date: mid-15th century

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; religious; 15c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2014-11-07: File proofed (2). (ed. Beatrix Färber)
  2. 2014-10-31: Corrections on p. 152 entered; file parsed and validated; SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2014-10-13: Separate file for individual poem created; TEI header created. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2014-10-01: Text re-coded for poetry, with verses and metrical lines; mid-dot eliminated; page-breaks added; supplied text encoded; more proofing. (ed. Beatrix Färber)
  5. 2014-09-26: TEI header created. Encoding revised/updated. (ed. Beatrix Färber)
  6. 2006: File proof-read (1). (ed. Hilary Lavelle, LDT Project, University of Ulster at Coleraine)
  7. 2006: Text scanned, as part of Dán Dé; basic XML prose markup applied. (Text capture Data capture company)

Index to all documents

Standardisation of values

  • Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402163.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top