Variants
[XXV]
[RIA D ii I, p 59 (D); 23 F 16 p. 16 (F). Both MSS ascribe to D. Mór
O Dálaigh. Text is mainly F. The order of the stanzas is that of D
(except that 66, 73 do not occur in D). The order in F is 1–25, 27–63, 74,
65–73, 75, 64, 76] 1a deachmadh F c ma da g D 2a atá DF b d’ not in
F d nó a yh F 2d man gr D 4a taras me d F, tarad d D-shlat DF 5a
corosa cach damh doigh lem D 5b fríchnamh le D fa nd D, breagae
le D ma nd. F, c suaill DF d is am D, is a (overlined) F; (caithiomh F,
caithemh D 6a uaim D Dainn F b mo dheagh-D c 1. no a luagh F,
l. da luach D 7c a chios do F d s. don d. na nd. D 8 not in F b déis é
F 9a tig díom as F d allo, bhus D 10a biaidh F bhiadh da cach D d
tsas D 11a olc frithailt-D c re taebh ge t. D d fa gach naen D 12a
aichnidh D c siad mar dís ag t. ó tigh D d ní beacht leo ars ag rochtain D
13a uaidhe F an duine téid uaid amach D b fgaice D c cleith D d Bearair
do a F 14a sinde D c bhus a D 16b ma teit D 17a f ris uaim a D b eadh
as ferr le D d beg nindsa fhedur D bhar nionnsa F 19d t. soin aig soin
insaeghal D ma eadh, aicillti D 21a dibh D c allbruach 22b c faice,
sailtir D d ealtain, hóirnibh D 23a Do gheabhthar ar bhar gc an c F;
da gebthi D 2c 4a dib D o gan guin D 25b mar dula df D c leacthach F
leapthach g a gol D d peacach F, g a pechthach ga p D 27a tsont F,
eidchí, tig asturnn D c gabad in D d a aes D, bar c D 28a daibh D c
drochracha a d D, dochmacha F, 29a ceoil D b na hé D 30a faicfeat fir
D b an gc DF c indnasa an D d ’s not in D, ní luagh na ha D 31b gc
ad ci D c libh budh g. do gabhlaibh D 32b as not in D c sa raithigh go
rabhach D d fan a D 33c fa ch D 34a bíthu D b imridin D d falaidh na f.
D 35a irchra D b itaidh D 36a da rat an rí ar bhar r. D c bar r. f. duibh
fo deacht F d mhuin ceil D 37b as gabaid m. D is gabhadh F c l. sa c.
D 38b olc accilim D c s. ar an n. f. ar F; s. (?) n. f. re cach f. D 39a ar s.,
maeil D c s. ris D d mór not in D 40a poing F, b. a foind D 41b in ainm
41 b in ainm D c beim red tolc nír D 42a Mhainn-sea ag ahradh mo D
b sisi gan feghadh D c an crini ag D 44a Cabhradh D b go hinníoll F c rath
tritcibh gingur dligh D d cíche adibh tabhrudh F, cicibh dibh tabradh
D 45a Denadh an D b dfegadh D c cred he acht d. D 46a Sirimse c. ar
F sirium sith ar D b tig D d lagfadh F, laghaidh D 48b ga D 49a Ní for.
D 50a da abstal D b dom th. D c prém ar, ceisibh D 52a Maigian D d um
b. D 53b arcaingil De gan dobrón D 54b mun p. F; Panathial D 55a
seola D d re c. D 56d fobart D 57a feadhbha F c Muire F d buidhe F 58b
fan r. D c dot shódh D d ógh F, fan ch. ng. nógh naitgim D 59b um
Beirbile um F um Dirbile um D c Sh. ch. um F; um gl ris nar gr. baeill
D 60 b a Dhé F, dom th. D d prímh faidheadh D 61a Aimos F d fhior–
faoidheadh F; an primfaidh D 62c dom din D d Griodhair glan F 63a
Luirint D 64a g. na nuile m. D b buan— F c adhbha D 65c ataid far
nuaisne na D d isat uaisle a nimpighidh D 66a rabhach F c madh F 67c
man nGr. ragon mo gran D 68b Findan, Ogamhnan F d ban F 69a
Crumaein D b -chruimin F, Seannan, Crumtein D d Chaeindeach D, 70
a Suanaicigh na slam F c naemhoig ar nimh D d Mailmaegóig 71b shith
F, dom din D c im Eindi D d im gléire D 72c a frímh sa feidhm D
74b deadhail D 75c don aos F; dar naeis aichnidh ar feadhaibh D 76a
ín fad FD; mheras D b ag g. aen meibhreghas D c go nos b. D d ng.
g. F; fear ros gebha a ng. D.
Donnchadh Mór Ó Dálaigh
Whole text
- p.46
- Gabham deachmhaidh ar ndána
do Dhia mar as díongmhála
mithigh dhó ar ngréas mar do gheibh
béas ro badh mhó ná mithigh. - A-tú riamh is ní riacht uaim
ag geall d' Íosa 'ma éan-duain
nochan fhuil meall as mhó dhamh
ná a gheall dhó is gan a dhéanamh. p.47 - Sinne ag déanamh ar ndána
do chách do chionn éadála
an té do chéas tar ar gceann
far ngréas is é nach áirmheam. - Tárras deigh-ealadhain de
gidh olc bheirim a buidhe
ní fhidir mé an deagh-shlad damh
dearmad an té dá dtárradh. - Córai-de dhamh is dearbh leam
friochnamh re Dia fa ndligheann
gidh suail ó a-né gus a-niogh
as an ré do chuaidh cúiteamh. - D' Íosa nochan fhoráil uann
feasda deachmhadh ar ndeagh-dhuan
deachmhaidh ar leith do luagh croidh
nó duan as na deich nduanaibh. - Tabhram a thruagha a ndligh dhínn
gan imreasain don Áird-rígh
cíos mar do gheabhthair don Ghall
sgíos 'mun ndeachmhaidh ná déanam. - Do dhlighfeadh gach neach fa nimh
d'éis a éadála d'áirimh
an deachmhadh do Rígh na ríogh
acht deachmhadh mír na mí-ghníomh. - Gion go dtí riomsa is mé a-muigh
Dia do dhearmad fá dheachmhaidh
na féich nach cuirim dhó dhíom
do ló an fhuighill badh imshníomh. - Do bhiadh ag cách seanmhóir sonn
dá mbeith a n-aire oram
a-tá an bás re béal gach fhir
mar shás re n-éan gan fhaicsin. - Olc freagarthar an robhadh
gidh meinic a mhothoghadh
an fear red thaobh mar théid as
ní léig dá gach aon anas. - Mar sgarthar an t-aos aithnidh
borba mhór nach mothaighthir
's iad a-rís ag teacht dá dtaigh
ní beacht le dís a ndeaghail. - An fear éirgheas uaid a-mach
ní fhaicfe beo ar n-a bhárach
ceilt gach thaoibh leabhair fa lic
do bhearair d'aoidh go haimhghlic. - Nior chuir sinn i sníomh go se
th'éara-sa a ghnúis Mheic Mhuire
lá an Luain budh hachlán th'éara
athnár an uair aithmhéala. - Re hÍosa is adhbhar móide
teacht tar tuar na Tríonóide
ní leanta ní as sia ná sin
do bhí Dia re n-a dhúilibh. - Ní shaoilim acht ag Dia a dhearbh
má téid óinmhid i nIfearnn
gá breath rug féin ar an bhfear
dá nach tug céill nó creideamh. - Fuighlim d' Íosa amhlaidh so
más eadh do b'áil le hIosa
is cead liom-sa a Dhé mo dhul
beag n-ionnsa é do eadar. - Guth ar bhuidhin bhíos gan neart
ná tabhram tré n-ar dtreiseacht
Mac Muire ní doilghe dhó
luighe oirne ná orra. - An duine ad-chí a-niogh i niort
ag so i márach é i n-ainriocht
an sluagh mar a-droigh ag dul
truagh gan acht soin an saoghal. - A dhaoinei-se nach deachaidh
bídh feasda go fuireachair
bhar dtocht ar cheal is cinnte
gidh eadh is olc oirchillte. p.48 - Do bhéar dhaoibh re ndul san mbeirn
tuarasgbháil tighe Ifeirnn
all bruach-dhubh roi-ghéar riasgach
goibhéal uathmhar il-phiasdach. - Gach fraoch gach fiodhbhadh fhuil ann
gach srath gach áth gach abhann
gach faighthe ar a saltair sibh
mar altain d'aithle a hoirnimh. - Do ghéabhtha ar bhar gcionn don chuairt
eadarnaidh is í an-shuairc
sluagh borb diabhlaidhe i nbhar ndáil
ord iarnaidhe i ngach éan-láimh. - Éirghid daoibh a haird eile
fir go dteangthaibh teinntighe
mar eimhear is ord dá ghuin
colg teineadh ar gach teangaidh. - A thruagha ní tháinig teidhm
acht dul daoibh d'fhéachain Ifeirnn
éitche a leabthach gráin a ngon
gáir na bpeacthach dá bpianadh. - Gairbhe a leacaigh lór do phláigh
teas agus fuacht a urláir
troma a thairnighe nach te
loma is gailbhighe a ghaoithe. - Éitche an teaghlaigh thig ón tsornn
éitche an bheoil as bhéal d'Iofarnn
eagail an craos dorcha dubh
is aos comhtha 'gá chosnamh. - Inneosud 'n-a dheaghaidh dhaoibh
sgéala an rígh-thighe im ro-laoidh
ní sgeoil droch-ratha a ndearbhadh
eoin cochlacha ag ceileabhradh. - Is ceol dá gceolaibh maithe
oirfideadh na héanlaithe
fosgadh gotha gach eoin fhinn
mar sgotha ceoil a cuislinn. - Gá fios nach faicfe fear uaibh
an gcathraigh neamhdha neamh-fhuair
ionnmhas an talmhan truagh sin
's gan luagh na hadhbhadh d'fhaicsin. - Eadarnaidh d'ainglibh nimhe
ar bhar gcionn do chífidhe
dar libh is grian dá ghabhlaibh
niamh gach fhir don eadarnaidh. - Do chífidhe an clár neamhdha
as teaghdhais an Tighearna
slógh san rathaigh go reabhach
'mun Athair mór muinntearach. - Gairid lá ag lucht an taighe
gan chogadh gan chorraighe
gan aon ag ceilg dá chéile
gan taom d' fheirg ná d'aimhréidhe. - Gan lá bróin tré bheathaidh síor
gan imreasain gan imshníomh
gan ghalar gan tnúdh gan troid
gan rún faladh nó formaid. - Gan orchra ar síodh nó ar sonas
gan íotain gan ocaras
gan mhonar gan ghníomh dar ghein
acht moladh Ríogh an ríchidh. - Do bhéara an Rí mar roghain
na cathracha ad-chualobhair
ar rogha féin dúin budh dheacht
do mhúin dúinn céill is cloisdeacht. p.49 - Gé dearar gur logh Dia dhúinn
is gomadh mionca ar míorúin
loghadh na gcéad ndoibhéas damh
créad fá dtoiréas dá dtugadh. - Eagail leam Dia fá ndéanaim
fo ríor is olc aithfhéaghaim
súil a ní féin ar gach fear
béi ar an tí nach tibhreadh. - Mé ag siobhal ó aois meic mhaoith
go bhfuilim i n-aois óglaoich
sódh ar a dtaisdil mo throigh
ba mór n-aisdir dom anmoin. - Tríocha bliadhan beag do phoinn
thugas ceannas dom choluinn
srian ris an gcolainn badh cóir
's a n-iarr orainn dá honóir. - Gá misde don cholainn chriadh
an t-anam d'faghbháil ilphian
léim let olc ní cóir a chuirp
ní hort as dóigh a dhíoghuilt. - Mh'anam-sa i n-aghaidh mo chuirp
ei-sean gan fhéachain d'iarmuirt
ar gclí-ne ag crádh na hanma
nár líne na lánamhna. - A thaoibh-se ar a dtá mo lámh
gé taoi a-nocht go hóg iomshlán
cinnte daoil ort dot ithe
a thaoibh is olc th'áirithe. - Tabhradh Mac ar seathar sinn
ar chionn éaga go hinill
rath críche gion go ndligh dhamh
ar na cíche ór ibh th'adhbhar. - Dlighidh an Coimdhe rom chum
trócuire d' fhéachain oram
's é 'n-a dhearbhráthair 'n-a dhiaidh
deagh-mháthair Dé 'n-a deirbhshiair. - Sirim ceannsa ar Mhac Mhuire
cia ar nach tug a thrócuire
ó raghar ar gcúl chuga
laghadh dhúnn ar ndroch-ugo.
Gabham. - Inghean Iaichim is Anna
conair molta míorbhalla
dá dtrian impidhe aice
finn-tighe na fochraice. - Gabhaim greim maith do Mhuire
meinic sionn dá síor-ghuidhe
a cuid do dhuain Dé dlighidh
do chuaidh mé 'n-a muinighin. - Gá foráil flaitheas nimhe
d'fhagháil tré 'n-a himpidhe
gan bheith fa ghlóir éarlaimh ann
ón óigh ghléa-ghlain ná gabham.
Gabh. - Aitchim an dá dheagh-fháidh dhéag
fam thabhairt do Dhia ar deigh-shéad
slóigh ar nach ceiseabh chuige
dá sheisear do shochruide. - Im Aindrias im Eóin nglan-ógh
im Philip im Pharthalón
im Mhatha mór as mhór bhladh
im Thatha im Phól im Pheadar. - Im Thomás im Mhaithias mór
im Shean-Iacobh im Shiomón
dá fhear déag nach seachain sinn
rem beathaidh rem éag aitchim. - Guidhim an móir-sheisear mór
fam thabhairt a Dhé ar dheagh-shódh
lughai-de is omhan eisean
ó moladh na móir-sheisear. - Im Mhíchéal mbláthmhar mbith-fhial
im phríomh-fhlaith im Phanithial
im Ruimhial ris nach sgar sgiamh
im Uirial nglan im Ghaibhrial, p.50 - Im Sairial seolta caingean
im Raifial n-ard árchaingeal
uaisle an tsamhaidh aingligh fhinn
rem chaingnibh gabhaidh guidhim. - Guidhim ceathrar sgríobhtha sgéal
im Lúcas liom go láin-tréan
in Eóin im Mhatha im Mharc
treoin na flatha dar bhfóbart. - An triúr fheadhbh im Mhartha móir
's im Mhuire máthair Iacóibh
's im Mhaire Magh-da-léana
báidhe dhamh rom dhídéana. - Guidhim na hógha uile
'mun ríoghain im ro-Mhuire
do shódh móideadh an Ríogh rinn
an cóigear gríobh n-ógh aitchim. - Im Chaitir-fhíona as fhearr thig
im Dheir-bhile is im Bhrighid
cóig glan-chroinn ris nach gráin poing
im Shamhthainn gcáidh im Chaoluinn. - Aitchim an dá dheagh-fháidh dhéag
fam thabhairt do Dhia ar dheigh-shéad
do gheabhthar ionn dá n-áireamh
an ceathrar fionn fíor-fháidheadh. - Im Amos im Iosa hÉal
im Isahias im Aiséar
ceathrar glain-fhial i mbiadh báidh
im Dhainial bhfial an bhfíor-fháidh. - Guidhim liom go dian díreach
an chéad míle mairtíreach
díon damh gan chionaidh gan chrádh
im Ghrioghair nglan im Ghearmán. - Im Sdeafan im Laibhrint lonn
im Chlement dar chóir tearmonn
tréan i dtoigh Dé na deigh-fhir
as a bhfoil mé ag muinighin. - Guidhim an sluagh mór manach
im Bheinidheacht mbuanbhladhach
gach manach bhus adhma orm
do thabhach mh'anma a hIofarnn. - Guidhim Auguistin óghach
go 'n-a chéadaibh canónach
íocfa ar nduais-ne na deigh-fhir
as uaisle is na himpidhibh. - Guidhim Martain réidh reabhach
go 'n-a shluagh fhionn fhaoiseamhach.
go ndeach mé san magh neamhdha
más é tal mo Thighearna. - Guidhim Pádraig Puirt na reann
im naomhaibh uaisle Éireann
im Ghrinne rom ghonann grádh
im Cholam Cille im Chiarán. - Im Arannán im Odhrán
im Fhinnéan in Adhamhnán
gach naomh dá ndéanam dán díbh
im Bhréanann mbán im Bhaoithín. - Im Fhéichin Cunga im Chuimín
im Sheannach im Shean-Chuimín
beid go luinneach im láimh thall
im Choinneach gcáidh im Chomhghall. p.51 - Im Ó Suanaigh na salm ngrod
im Ghiolla Aodha Easbog
gach naomh gach naomh-óg dá gcluin
im Mhaol Maodhóg Ó Monguir. - Im naomhaibh Éireann uile
dom shíoth le Mac mór-Mhuire
im Bhéinne ngléa-ghlan nach gann
im Éinne éarlamh Arann. - Gach ní as cumhain 's nach cumhain
liom d'ainglibh is d'éarlamhaibh
a roineart a ngníomh 's a ngreim
dom dhíon ar oireacht Ifrinn. - Ní hiad naoimh an bheatha bhí
thig díom d'áireamh acht éin-ní
gach naomh dar naomhadh ar nimh
dom shaoradh ar taom dtuisil. - Eoin Bruinne is im Eoin Baisde
dom dheaghailt re díochaisge
eoin oile Pól is Peadar
Muire ógh dom fhoircheadal. - Rob sgiath dídin an duan-sa
do mharbhaibh na mór-shluagh-sa.
dom aos aithnidh don fheadhain
dar n-aithribh dar n-oideadhaibh. - Guidhim fós an bhFáidh bhéaras
neamh dá gach neach mheibhréabhas
go rod beara ar neamh a-nonn
gach fear dá ngeabha a ngabham.
Gabham.
XXV
Document details
The TEI Header
File description
Title statement
Title (uniform): Gabham deachmhaidh ar ndána
Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh
Responsibility statement
Electronic edition compiled and proof-read by: Beatrix Färber and Hilary Lavelle
Funded by: The HEA via the LDT Project and School of History, University College Cork
Edition statement
2. Second draft with variants.
Extent: 3500 words
Publication statement
Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt
Date: 2014
Date: 2020
Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.
CELT document ID: G402170
Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only. CELT would like to thank the Irish Province of the Society of Jesus for granting permission to reproduce this work in electronic form.
Source description
Manuscript sources
- Dublin, Royal Irish Academy, 1225 (alias D ii 1, alias Book of Uí Maine), fo. 59b; c. 1394. See R. A. S. Macalister (ed.), The Book of Uí Maine, otherwise called The Book of the O'Kelly's, with a descriptive introduction and indexes (Dublin 1942). Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.
- Dublin, Royal Irish Academy, 1134 (olim 23 E 29), Book of Fermoy, 15th c.
- Dublin, Royal Irish Academy, 2 (olim 23 F 16), O'Gara MS, 1655-59.
- Edinburgh, National Library of Scotland, Advocates 72 2 14, dating uncertain. Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.
- Dublin, National Library of Ireland, G 45 E, a transcript by O'Reilly of RIA 1134, c. 1803.
Literature
- This poem is listed in the Irish Bardic Poetry Database (see http://bardic.celt.dias.ie/main.html) and dated to the early 13th century.
- An English translation is available in Dá Dé, 113–117.
The edition used in the digital edition
‘Gabham deachmhaidh ar ndána’ (1940). In: Dán Dé. Ed. by Lambert McKenna. Dublin: The Educational Company of Ireland, pp. 46–51.
You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:
@incollection{G402170, editor = {Lambert McKenna}, title = {Gabham deachmhaidh ar ndána}, booktitle = {Dán Dé}, editor = {Lambert McKenna}, address = {Dublin}, publisher = {The Educational Company of Ireland}, date = {1940}, pages = {46–51} }
Encoding description
Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling declarations
All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Editorial annotations have not been reproduced in this edition.
Editorial declarations
Correction: Text has been checked and proof-read twice. All corrections and supplied text are tagged.
Normalization: The electronic text represents the edited text.
Quotation: Quotation marks are rendered q. They are not used within lines of poetry.
Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word.
Segmentation: div0=the whole poem. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.
Standard values: Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.
Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.
Reference declaration
The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.
The title of the text is held as the first head element within each text.
div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).
The numbered quatrains provide a canonical reference.
Profile description
Creation: By Donnchadh Mór Ó Dálaigh c.1200–1225
Language usage
- The text is in Classical Modern Irish. (ga)
Keywords: bardic; poetry; religious; 13c
Revision description
(Most recent first)
- 2020-01-06: Variant readings added in front matter. (ed. Beatrix Färber)
- 2014-11-19: File proofed (2); corrections entered; SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
- 2014-11-11: Separate file for individual poem created; TEI header created. (ed. Beatrix Färber)
- 2014-10-01: Text re-coded for poetry, with verses and metrical lines; mid-dot eliminated; page-breaks added; supplied text encoded; more proofing. (ed. Beatrix Färber)
- 2014-09-26: TEI header created. Encoding revised/updated. (ed. Beatrix Färber)
- 2006: File proof-read (1). (ed. Hilary Lavelle, LDT Project, University of Ulster at Coleraine)
- 2006: Text scanned, as part of Dán Dé; basic XML prose markup applied. (Text capture Data capture company)