CELT document G402171

Éisdidh re marbhnaidh Meic Dhé

Variants

[XXVI] 
[RIA D ii 1 p. 60] 1c marbhnaidh 3a marbh— 5b siein c. níor 6a
fhuar 7a Dearga a traigi a t. b doichi as 10d coine (n overlined) 11b n. da
re maeidem 12b fhoill d biadh 13c chroclhadh 14d is gan 15c gín gub d
17a s. adagodh is 18c a sruth 19b cein sl. da cneadhaigh 20d lagadh d da
haimseadh 21b da dil 22b adacluin is 25b caeím 26b r. righ 31a híndladh
32b in tect 35a illegible b cnaidhi (?) 37a cr. ar taisgeadh an t. 38c fa
heangin hí d nach cae in cr. 40a Re daibh (d overlined) 41b tacha, do frith.
c beith 43b lia sa lia d lobadh 45-47 MS very indistinct. 48a pudhair
49d Bhrighid 54a adis (?) d l. do nir 55b amar a 56d peist 57b ceis c as.


Donnchadh Mór Ó Dálaigh

Whole text

     p.51

    XXVI

  1. Éisdidh re marbhnaidh Meic Dhé
    dá creic ar talmhain go dtí
    is tocrádh mór marbhnadh Dé
    ní hé an brón gan adhbhur í.
  2. A thruagha tabhraidh bhar n-óidh
    re marbhnaidh as cuanna ad-chídh
    marbhnat Dé ní treabhadh tnúidh
    garmac dúinn é dleaghar dhínn.
  3. Dleaghar dhínn marbhnadh truagh taoi
    dá ghruadh gé ro marbhadh mé
    ní marbhnat gan achain í
    mo Rí is m'Athair dagh-Mhac Dé.
  4. A lucht an talmhan is truagh
    bhar n-amhladh ar ucht bhar Ríogh
    ionnsa a dhaoine toll 'n-a thaobh
    laogh na bronn saoire is a síol.
  5. Ionnsa treaghdadh a thaoibh ghil
    ionnsa dhaoibh a dheargadh sein
    mór gcneadh ar Mac Moire a-muigh
    brat d'fhuil a chroidhe fá chneidh.  p.52
  6. Ionnsa a throigh im thairnge bhfuar
    ag a ghoin níor ghairbhe pian
    dearna an Choimdheadh im chló ngéar
    sgéal as mhó dá roinneadh riamh.
  7. Dearg a throigh i dtarrla an seim
    an doigh as damhna dom dhoirr.
    dearg a lámh as lámh nar thuill
    dealg tré n-a dhruim i gclár croinn.
  8. Ro b'é a huan-orc Rí na ríogh
    cuanort ar a thí fa truagh
    níor fhead a ionghuire an ógh
    's níor thréad mór d'fhionn-Mhuire a huan.
  9. Ionmhuin uan nar fhás ó mhnaoi
    do bhás go truagh ar a thí
    aithbhidh an meabhail Mac Dé
    gion gur bhac Sé d' fhearaibh í.
  10. Is me a-déaradh do ghuth ghaoth
    re cruth nDé ar ndéanamh mo thráth
    gé aithne oirne gan fhíoch
    do dhíoth aithbhe a choimhghe ar chách.
  11. Ceart do na daoinibh fa dú
    a neart tar maoidhimh gidh mó
    fíoch 'ma dhíoth gá dluigh do Dhia
    cia 'gá bhfuil fíoch fá dhíoth dhó.
  12. Dámadh cóir ag agra fhiach
    ré n-agra ní fóil an fáth
    muna loghtha Dia dá dhíoth
    ní bhia síoth a chrochtha ag cách.
  13. Do reac Dia a chorp tar mo cheann
    mun ba lia mh'olc is gach am
    Dia gé ro crochadh dom chionn
    dar liom ní bhia mh'othar ann.
  14. Gá fios fós nach fuighbheam neamh
    dá bhfuilngeam nós bhus nós glan
    ní shaoil mé m'obadh don fhior
    's gan chion i gcogar Dé dhamh.
  15. Saoilim ris maitheamh mh'olc uadh
    madh ris caithear mo chorp criadh
    mo cholann dó gion gur díol
    síodh as mhó oram ní iarr.
  16. Ná táirthear mh'anam féin faoi
    nó go rabham do réir Dé
    ní ar mo Dhúileamh do ním ní
    dá dtí dom Rígh múineadh mé.
  17. Sbéis i dtagadh is dall dúnn
    a n-abar ann dámadh fíor
    cuma gan mo chradh go mór
    lór a thruma dhamh ré dhíol.
  18. Ní bhí an saoghal acht fa seach
    baoghal don chlí ris nach crioth
    téid mar théid sruthán i sruth
    uchán uch do bhréig an bioth.
  19. Mo ghlór re Dia is treabhadh taoi
    cia an slógh dar cneadhadh do chlí
    a phríomh-achain duid a Dhé
    ní thuig mé a fhíor-Athair í.
  20. Tabhair a gnúis Dé ba dheacht
    gidh clé an chúis laghaidh don lucht
    sluagh na sé n-aimsear ar th'iocht
    i riocht Dé do h-aimseadh th'ucht.
  21.  p.53
  22. Cuanna ar n-a leadradh a lámh
    freagradh ar nduana do dhíol
    cuanna ar n-a threaghdadh a thaobh
    ag cealgadh craobh uadha d'fhíon.
  23. Fuighleam re Dia is fuigheall faoi
    re Dia ad-chluineann is do-chí
    th'fhíon-fhuil mar dhlighim a Dhé
    íobhaidh mé go hinill í.
  24. A Sbiorad Dé fa docht rún
    ní hé do chorp an corp criadh
    corp Moire rod léig n-a lár
    mar théid tré chlár ngloine an ghrian.
  25. A cholann Iosa fhuair gaoith
    do chíos-sa ní ba suail síth
    an Dall is domhain rot sáith
    crann áith 'n-a chomhair fad chích.
  26. Ní bhiadh féin i láimh dar linn
    acht gomadh áil lé céibh gcaim.
    níor bhuidheach don umhla inn
    fuireach fa rinn dubh-gha an Daill.
  27. Síol nEabha ag toibhéim tré thnúth
    is fíor ceana is roiréidh ríoth
    cumas n-a láimh níor chreid cách
    an tráth ro leig dáibh a dhíoth.
  28. Cách do dhíoth Dhé is dál nar dhú
    's é 'gá dhíoth a slán ros sia
    anam gach fhir 'n-a dhíoth dhó
    gá síoth as mhó ro dhligh Dia.
  29. Doiligh liom-sa a leagadh leo
    ní eadar gá ionnsa as mhó
    dámadh áil do Dhia dar Dia
    nach badh lia dháibh ioná dhó.
  30. A chuirp Mheic Dhé is diúmhas tréan
    do reic d'Iúdhas fa clé an chiall
    ní fhríoth ort is teannta truagh
    luagh fa mbudh feallta an corp criadh.
  31. Céad-aoin ro mairneadh Mac Dé
    ro ba slat chaill-gheal tré chnaoi
    gach neach dá n-éagcaoin díol Dé
    ná bíodh sé Céad-aoin gan chaoi.
  32. Do hinnleadh dia Dard-aoin Cásg
    an ... ag Dia nochar dhíosg
    gidh sochar ní saoibhe a thásg
    Aoine Chásg do crochadh Críosd.
  33. Dia Domhnaigh a-dreacht go luath
    ar dteacht a comhrair go cách
    ní heasbhaidh liom an Rí ríoth
    ar n-a shíoth i gcionn trí dtráth.
  34. Mac don óigh bharr-ghloin go beacht
    ó mharbhaibh do chóidh a chorp
    cneadha Dé is créachta 'n-a churp
    do lucht an éachta is é as olc.
  35.  p.54
  36. Iosa Chríosd ceann na naomh nua
    ar ar fheall gach aon dar lia
    lámh fá othar mádh áil leo
    is beo ar n-a chrochadh dháibh Dia.
  37. Mairg do bhraith ar mbraine saor
    mairg craidhe do chaith a luagh
    léim i gceann Dé is diúmhas tréan
    gearr do fhéagh sé Iúdhas uan.
  38. Mairg do chogair Dia re ndul
    mairg dar bh'obair cia nach can
    mo ghéanar dá dtairg a theagh
    mairg fear do ghéabhadh nach gabh.
  39. Mairg croidhe ar ar taisgeadh tnúdh
    mairg 'gar laisgeadh Moire mhór
    ionnsa saor-shlat gan a síol
    sníomh liom-sa th'Aon-mhac a ógh.
  40. Mairg do chráidh deagh-mháthair Dé
    mo dhearbhráthair cáir a chaoi
    mairg do airg fá hAon-mhac í
    mairg dá dtí an chraobhshlat gan chnaoi.
  41. Mairg rér crochadh Dia fa dhéin
    mairg dá ria othar an áigh
    mairg do sháith arm i n-a fheoil
    a sgeoil ghnáith is garbh do ghráin.
  42. Ré dhéaraibh do róigh an Rí
    méaraidh a ghlóir is a ghnaoi
    níor dhíomhaoin ualla im dhioth nDé
    síoth é mar do chuala a chaoi.
  43. Truagh liom nach faca an bhFlaith mór
    i dtaca a bhraith mar do bhíodh
    d'aicsin Dé is ní dom breith buan
    truagh gan mo bheith re ré an Ríogh.
  44. Truagh gan mé is Dia gnúis ar gnúis
    truagh a Dhia gan mé fá mhéis
    mairg do raghadh uadh ar áis
    truagh an pháis anadh dá éis.
    Éisdidh.
  45. Éisdidh re cuid Moire a mhná
    cloig a thoighe is lia is as lia
    báigh dháibh ag moladh a mhná
    i dtá loghadh dháibh ó Dhia.
  46. An bhean chamtha ós chionn a laoigh
    is urchra liom gach ar luaidh
    táinig cridhe Dé ar a deoir
    inne gan treoir is é i n-uaigh.
  47. Ón uair nochar fhéad ar áis
    gan éag dá ghruaidh mar an ngéis
    ... ón tí téid gnúis
    chuin ... dá éis.
  48. Díol an dá absdal déag dáibh
    a gcasgradh créad budh cóir
    tuitim clí d'armaibh is d'ágh.
    is amhlaidh ro bhí i ndán dóibh.
  49.  p.55
  50. ... mór a ngnaoi
    gach sódh sa glantir is a gné
    ag cur ar creidil deirg dáibh
    ... gan fheirg fa dhíoth nDé.
  51. Dícheannadh Póil pudhar libh
    mar dhubhadh gach nóin do nimh
    crochadh Peadair ar ndíol nDé
    nach fíor gur cheadaigh sé sin.
  52. Do marbhadh Maidhian d'arm uar
    go garbh is go raidhian fa ríor
    torchair Pilip an fhis d'arm
    Brighid leis is garbh an gníomh.
  53. Marbh Matha d'arm gidh buan beo
    marbh Tatha gidh truagh an cua
    Tomás Ainnrias d' arm ar aon
    is marbh an daigh-dhias naomh nua.
  54. Díol na nIacóbh d'armaibh áigh
    gliadh-dógh lem anmain 's lem fheoil
    gan neach don dá dhuine dhéag
    ma seach uile d'éag acht Eóin.
  55. Eoin Bruinne i mbeathaidh ro bhí
    go ndeachaidh don chruinne ché
    áluinn séad na hóighe d'Eoin
    do róine éag do dheoin Dé.
  56. Eoin Baisde ag Ioruath ar áis
    m'ionuath a aisde dá éis
    tig do dheoin deamhain feall faoi
    bearair ceann Eóin dá mhnaoi ar méis.
    Eisdidh.
  57. Sdeaphan mór tré dhochar ndis
    Pól dá chlochadh is níor cheis
    teaghlach Póil go monar mhór
    gan loghadh dhóibh níor lór leis.
    Eisdidh.
  58. Ionmhuin martradh ghlan go ngaois
    an mhachradh i mar a sbéis
    'n-a rathaigh ní bhiad fa bhrón
    's iad 'ga n-Athair mór fá mhéis.
    Eisdidh.
  59. Míchéal maraidh sé is ní sísd
    is é im aghaidh is rom éisd
    a rann ní dhíchéal im dhuain
    Míchéal thall ro bhuail an mbéisd.
    Eisdidh.
  60. Go ngabhadh sin inn re ais
    i dtigh an Ching ar n-ar gceis
    ní fearr líon as lia 'n-a measg
    dom shíodh re Dia gidh leasg leis.
    Éisdidh.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Éisdidh re marbhnaidh Meic Dhé

Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Beatrix Färber and Hilary Lavelle

Funded by: The HEA via the LDT Project and School of History, University College Cork

Edition statement

2. Second draft with variants.

Extent: 2900 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2014

Date: 2020

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402171

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only. CELT would like to thank the Irish Province of the Society of Jesus for granting permission to reproduce this work in electronic form.

Source description

Manuscript sources

  • Dublin, Royal Irish Academy, 1225 (alias D ii 1, alias Book of Uí Maine), fo. 59b; c. 1394. See R. A. S. Macalister (ed.), The Book of Uí Maine, otherwise called The Book of the O'Kelly's, with a descriptive introduction and indexes (Dublin 1942). Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.

Literature

  1. This poem is listed in the Irish Bardic Poetry Database (see http://bardic.celt.dias.ie/main.html) and dated to the early 13th century.
  2. An English translation is available in Dá Dé, 117–120.

The edition used in the digital edition

‘Éisdidh re marbhnaidh Meic Dhé’ (1940). In: Dán Dé‍. Ed. by Lambert McKenna. Dublin: The Educational Company of Ireland, pp. 51–55.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402171,
  editor 	 = {Lambert McKenna},
  title 	 = {Éisdidh re marbhnaidh Meic Dhé},
  booktitle 	 = {Dán Dé},
  editor 	 = {Lambert McKenna},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {The Educational Company of Ireland},
  date 	 = {1940},
  pages 	 = {51–55}
}

 G402171.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Editorial annotations have not been reproduced in this edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked and proof-read twice. All corrections and supplied text are tagged.

Normalization: The electronic text represents the edited text.

Quotation: Quotation marks are rendered q. They are not used within lines of poetry.

Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word.

Segmentation: div0=the whole poem. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Standard values: Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Donnchadh Mór Ó Dálaigh c.1200–1225

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; religious; 13c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2020-01-06: Variant readings added in front matter. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2014-11-14: File proofed (2); SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2014-11-13: Separate file for individual poem created; TEI header created. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2014-10-01: Text re-coded for poetry, with verses and metrical lines; mid-dot eliminated; page-breaks added; supplied text encoded; more proofing. (ed. Beatrix Färber)
  5. 2014-09-26: TEI header created. Encoding revised/updated. (ed. Beatrix Färber)
  6. 2006: File proof-read (1). (ed. Hilary Lavelle, LDT Project, University of Ulster at Coleraine)
  7. 2006: Text scanned, as part of Dán Dé; basic XML prose markup applied. (Text capture Data capture company)

Index to all documents

Standardisation of values

  • Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402171.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top