CELT document G402172

Dia dom fheitheamh ar fheirg Dhé

Variants

[XXVII] 
[RIA 23 D 14 p. 18] 1a ar f., ndé 2b díol 3a neimh b is a fhail 4d
r. na r. 6a chorcra, chíogh 10d sa ghr. 17c ar 19a romhadh 22c an not in
MS 23c neimh. d chnaoi 24a lámh, greim 29a mh. is mh. 31b is raithnidhe
anma 32d an ríogh 35a ag t. tonn.


Donnchadh Mór Ó Dálaigh

Whole text

     p.56

    XXVII

  1. Dia dom fheitheamh ar fheirg Dhé
    go bhfeithear ar cheilg mo chlí
    a searg go mothuighe mé
    fearg Dé dá rothuile a Rí.
  2. Fearg Dé do bhéara go buan
    a éara is gan é dá dhíol
    cóir ar gclí do dheargadh dhún
    Rí na ndúl do treaghdadh thríom.
  3. Crioth ar na néallaibh fa nimh
    béaraidh an bioth as a fhail,
    croch dhearg ré ghéag-ghualoinn ngil
    do bhir fearg éadtuloing air.
  4. 'San bhráth ar bhéalaibh na slógh
    'mun bhfáth ag féaghain mo ghníomh
    gníomhradh ar gcolla is sinn slán
    badh nár linn i rolla an Ríogh.
  5. Badh trom dhamh ó dhíle an bhraith
    ar Rí-ne do char fá chloich
    níor chuir sionn sníomh is an mbreith
    bheith an Ríogh dar gcionn i gcroich.
  6. Fuil na slabhradh gcorcra ón chígh
    ag adhnadh an ochta uainn
    mairg ar a dtá a hoil i n-úir
    goin nach dúin go lá an Luain.
  7. Fá cheann ní céaltair a n-iocht
    an dream do chréachtnuigh a chorp
    dá mbeith sé ar séana 'gun lucht
    a shéala ar ucht Dé ní docht.
  8. Sneachta is reodh i nIfearn fhuar
    bith-shearbh a cheol ní ceol naomh
    deirg-theine a-noir is a-niar
    moir dhian teintighe re a thaobh.
  9. Crith-leagfair mo chroidhe ón chiort
    min-pheacaidh oile rem ucht
    droch-thonna óna deacair teacht
    seacht bpeacaidh comhthroma im churp.
  10. Dá lóchrann ar nach luigh smál
    dá chróch-bharr thoir agus thiar
    coinnle caithmhe Dé na ndúl
    an ré úr gair-the is an ghrian.
  11. Breith ar iúl go dtúirear thuas
    is triúr an Dúileamh 's is dias
    fás le gach lá do ní a nós
    mar tá fós do bhí agus bhias.
  12. Reacthair 'gun droing-se re Dia
    ar reachtaibh ní coimse a clú
    ag díon naomh munab ní as mhó
    a haon 's a dó is a trí thú.
  13. Tú ar nAthair tú ar gCoimdhe cáidh
    tú ar n-oidhre i ngach fhachain díbh
    is tú an tí ris nach dú dréim
    tu féin an Rí ós gach rígh.
  14.  p.57
  15. Gidh tréan thú ní chuinge acht ceart
    mar fhuilnge do chrú réd chorp
    bheith do chloinn Adhaimh ar th'iocht
    níor bhoing sliocht an álaidh ort.
  16. D'fhearann na cruinne is dá crodh
    dar mbruinne go mbeanam sal
    léig ar mhaithmhighe mé ar cheal
    feadh na haithrighe a Dhé dhamh.
  17. Gan mhearbhall gan fhíoch gan uaill
    do shíoth go ndearnam fa dheoidh
    i dtráth sguir a Dhé don dáil
    go dtáir mé th' fhuil agus th' fheoil.
  18. Fuil do sheang-bhonn sháidheas goimh
    fuil do dhearnann dháileas neimh
    lochta ar mo chridhe ní chuir
    fuil th'ochta ag snighe 'mun sleigh.
  19. Gan deachmhaidh gan almsa uaim
    ní teagair ón chrann-sa an chígh
    socht nocha bhia ar phláigh ná ar phéin
    a cháin féin go ria don Rígh.
  20. Gach brugh gach ro-mhagh gach rath
    don domhan ag dul 'n-a rioth
    teach Dé 'gá thréagadh ar theach
    neach mé 'gam bréagadh don bhioth.
  21. Do dhola i rígh-theach na ríogh
    díthleach gach rogha acht a riar
    ceannach an toighe is dleacht dún
    múr as seacht ngloine ná grian.
  22. Mairg nach ceannghann an teagh thuas
    neamhghann an treabh ní treabh fhás
    mairg ag a ndeachaidh sé síos
    cíos Dé ó bheathaidh go bás.
  23. Ar ndeachmhaidh-ne ó mhion go mór
    ó chion go gceannchaim-ne ar gcúl
    luach é ar an deachmhaidh do dhíol
    do gheabhthair síodh Dé na ndúl.
  24. Slad croinn na deachmhaidhe dhí
    do bhoing mear-chraidhe ar gach mnaoi
    tré néimh aon-chroinn aithne Dhé
    ní bhraithfe mé i gcraobh-choill cnaoi.
  25. Mairg láimh do ghrádhuigh an ngreim
    mairg do cháidh fan gcánaigh dtruim
    tig rér síol cumhracht an chroinn
    do bhoing lubh-ghort an Ríogh ruinn.
  26. Aithrighe chomhlán is caoi
    gabhlán dar n-aithnei-ne é
    sal nocha cheachraidh mo chlí
    mádh glan í ó dheachmhaidh Dé.
  27.  p.58
  28. Leanam naomhadh gacha naoimh
    ón tsaoghal go mbearam buaidh
    is bádhadh coire an dá chéim
    croidhe réidh is crábhadh cruaidh.
  29. Dia ghéabhas sinn is ar sliocht
    Dia sgéaras inn ris gach n-olc
    cóir breith a bhuidhe an dá bheart
    ceart ag duine is bheith go bocht.
  30. Do sguirfeadh sruth locha láin
    do chuirfeadh clocha i gcruth óir
    muir do ghéanadh don mhuigh mhín
    's do ghéanadh tír don mhuir mhóir.
  31. Idir thráigh mín agus muir
    idir thír nachar bháidh bail
    a-tá an chruinne 'n-a ghlaic ghil
    gan sbraic fhir uirre ná air.
  32. Bheith ar forbhas is díoth dhún
    gan a shíoth is tadhbhás truagh
    íocfaidh sinn i síosa an Ríogh
    gan síodh Íosa linn do luadh.
  33. Aithrighe agus adhradh ceall
    's raith-nighe anman ón fhioll
    madh glan an corp don taoibh thall
    ball ar a chaoin níor locht liom.
  34. Umhla go ndearnam fa dheoidh
    ar mearbhall go dturna thrínn
    neamh tré oirísle do fhuair
    fear nar thuair roidhísle ón Rígh.
  35. Gach fáth as a bhfuighbheam neamh
    go bhfuilngeam seach cách a chion
    síodh Dhé 'gá ceannach ar chrodh
    ní dol d'eallach é ó fhior.
  36. Do ghéan a guidhe trém ghaol
    ní sgéar agus Muire mhór
    mo dheala agus Rí na ríogh
    ná tí dhíom cheana do chlódh.
  37. Mé ó phurt ag taisdeal na dtonn
    as a n-ucht ní haisdear liom
    mo sdiúir tar buinne an bhean mhall
    crann siúil mo luinge an Fear fionn.
  38. Iosa Chríosd led thuirimh tú
    ní díosg don bhuidhin lé mbia
    a dtabhair do thuile bó
    mó cabhair gach dhuine ó Dhia.
    Dia.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Dia dom fheitheamh ar fheirg Dhé

Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Beatrix Färber and Hilary Lavelle

Funded by: The HEA via the LDT Project and School of History, University College Cork

Edition statement

2. Second draft with variants.

Extent: 2040 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2014

Date: 2020

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402172

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only. CELT would like to thank the Irish Province of the Society of Jesus for granting permission to reproduce this work in electronic form.

Source description

Manuscript sources

  1. Dublin, National Library of Ireland, MS G 992, Nugent MS, folio 14r6, c. 1577. Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.
  2. Dublin, Trinity College Library, MS 1340 (H. 3. 19, The Tinnakill Duanaire), f. 14v (p. 22); 16th c.; 17th century additions. Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.
  3. Brussels, Bibliothèque Royale, MS 20,978–9, 1616–1618?
  4. Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 D 14, p. 18-20; 17th c. Co. Offaly. Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.

Literature

  1. This poem is listed in the Irish Bardic Poetry Database (see http://bardic.celt.dias.ie/main.html) and dated to the early 13th century.
  2. An English translation is available in Dá Dé, 121–123.

The edition used in the digital edition

‘Dia dom fheitheamh ar fheirg Dhé’ (1940). In: Dán Dé‍. Ed. by Lambert McKenna. Dublin: The Educational Company of Ireland, pp. 56–58.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402172,
  editor 	 = {Lambert McKenna},
  title 	 = {Dia dom fheitheamh ar fheirg Dhé},
  booktitle 	 = {Dán Dé},
  editor 	 = {Lambert McKenna},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {The Educational Company of Ireland},
  date 	 = {1940},
  pages 	 = {56–58}
}

 G402172.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Editorial annotations have not been reproduced in this edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked and proof-read twice. All corrections and supplied text are tagged.

Normalization: The electronic text represents the edited text.

Quotation: Quotation marks are rendered q. They are not used within lines of poetry.

Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word.

Segmentation: div0=the whole poem. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Standard values: Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Donnchadh Mór Ó Dálaigh c.1200–1225

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; religious; 13c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2020-01-06: Variant readings added in front matter. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2014-11-21: File proofed (2); correction entered; SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2014-11-15: Separate file for individual poem created; TEI header created. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2014-10-01: Text re-coded for poetry, with verses and metrical lines; mid-dot eliminated; page-breaks added; supplied text encoded; more proofing. (ed. Beatrix Färber)
  5. 2014-09-26: TEI header created. Encoding revised/updated. (ed. Beatrix Färber)
  6. 2006: File proof-read (1). (ed. Hilary Lavelle, LDT Project, University of Ulster at Coleraine)
  7. 2006: Text scanned, as part of Dán Dé; basic XML prose markup applied. (Text capture Data capture company)

Index to all documents

Standardisation of values

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402172.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top