CELT document G402173

Lóchrann soillse ag síol Adhaimh

Variants

[XXVIII] 
[OConor Dons Book pp. 3, 43 (O o); RIA 24 L 5 p. 26 (L); 23
G 27 p. 222 (g); 23 G 23 p. 268 (G); 23 D 3 p. I (D); 23 N 35 p. 35
(N); 24 4M 11 ad fin (M); F vi I p. 116 (F); F ii 2 p. 98 (f). Text is
mainly OoL, other MSS being poor. All MSS (except o) ascribe to
Donnchadh Mór.] 1b do Gg c nocha attéid O, nochan t. o 4a nar gc. o
5d ndearthar L 6c sic Gg, fhr. Oo, d sic L, re nathair Gg, ar nathair
Oo 7a c. na ch. o, c. ch. O, c. ar an ch. L d ní d. LoG; a chéadlá O 8c ni
mo O d an tighearna Ggo 11b más í c Lgo; chomhairle O d arcoinghioll
O, an c. LogG 12c a bhean O; da ceannach Oo, réd ch. LgG d cuir LGgo;
a fhear o, rét fhear LgG 15c fallsa LOGog d soiléin LGg 16c re t. o;
cuirigh O 17d go teacht LGgo; sic GgL, do trocuire O, dom tr. o 18b
sinn O 19b red ghualainn D 21c crosadh an GgLo 22a ionadh O 24a
dom ch. LDGg b tré bh. Oo c as mo r. O, as am r LDGo 26a sic o, T
so ch. O, Ag so ch. GgLD d na bhfh. OoLGg, na mfh. D 28b m. leanfuidh
libh a Thr. D 29a t. ar ch. O 31c treas an LGg d ndéar O 32d ndearnaimne
DLGg, 33a na n. O 34d Dia d. O 35a Dleaghthar do gach o c an d. O
36d ná bí DLGOo 38c fa dh. chumais O, fan nd. chumas o, do dheilbh
fa dheilbh a cumais D d do DLGOo; nionannais O, ionannais D. nionannas
o, ionannas G 40a iomann G c ní fhúil O, ní bhí o, nochambí D 41a Níor
O d damhna ar gc. D 45a cheangail L 46a Dá bhfh. o, Go blhfagha
Dúinn ’s ní hé nach ail D. b sic O, go s. ríghthigh ar Ruadháin o, radharc
ríogh dil an domhnáin D c sar mbreith ó D d sic Oo, do leith lochra D,
do linn lochrann LG.


Donnchadh Mór Ó Dálaigh

Whole text

     p.58

    XXVIII

  1. Lóchrann soillse ag síol Adhaimh
    nach léir dá lucht míochrábhaidh
    nochan théid ar neamh a-nonn
    an mhéid nach lean an lóchrann.
  2. Río-choinneal an bheatha bhí
    Mac Dé Athar an tAird-rí
    cúis toirrse na dtrí Muire
    Rí na soillse suthuine.
  3. Slánuightheoir na sé líne
    aon-mharcach na haird-ríghe
    na naoi míosa do bhí i mbroinn
    do badh Rí Iosa oruinn.
  4.  p.59
  5. Do bhaoi 'n-a chionn cúis omhain
    an rí don fhréimh Iodhalaigh
    gur aguill Dia na daoine
    cia aguinn do b'iontaoibhe.
  6. Tiocfa an Breitheamh do bhaisd Eoin
    lá coinne Sléibhe Síeoin
    sluagh nimhe gurab díobh dhamh
    dá fhine díon dá ndearntar.
  7. Síol Adhaimh d'éis a chéile
    leanaid lorg na céid-fhréimhe
    gé a-táid a bhfréamha ar bhfeall air
    níor bh' fhearr Éabha re hAthair.
  8. A-tá créachta ar a chíogh ndeis
    nach faghthar liaigh a leighis
    i leith fheirge is eadh a-tá
    nach deirge an cneadh an chéad-lá.
  9. Bheith umhal ní hionmhuin libh
    a chlann uaibhreach Dé dhúiligh
    san Cháisg níor mhó bhar meanma
    ná i ló tháisg bhar dTighearna.
  10. A criaidh ar tús tháinig sinn
    an úir chéadna is lé luighim
    mo chur fan lia an lá bhus áil
    ag Dia a-tá agus mo thógbháil.
  11. A Mhuire ógh nar aomh cion
    Mac díleas duit an Dúileamh
    ní mac tabhartha dheit Dia
    a bhanaltra Mheic Mhairia.
  12. Fagháil mná do mhuin suirghe
    trom d' fhior más í a comhairle
    cor gan chomhairle 'n-a chionn
    rodhoilghe an col ar choinghioll.
  13. Leigheas air ní haithnidh dhamh
    acht ceachtar dhíobh do dhéanamh
    cuir an bhean chuil do cheannach
    coir don fhear d'aithearrach.
  14. Do chluin Íosa a n-abraim ris
    tuigsin cáigh ní théid thairis
    fearr do chí ná do chím féin
    gach ní do ním dá neimhréir.
  15. Más éigin damh a Dhúilimh
    faicsin Ifrinn iomthnúidhigh
    gan uamhain ní bhear san bhrugh
    teagh an uabhair teagh talmhan.
  16. An teagh ard i bhfuile féin
    múin dhamh céimeanna an chaisléin
    ní soiléir le fear bhfallsa
    teagh soiléim an saoghal-sa.
  17. Mo chean théid don tigh neamhdha
    mairg thréigeas a Thighearna
    mairg a-tá le teagh gcoirigh
    do fhleadh an lá locfuidhir.
  18. Ón ló do cailleadh do cháin
    cúis dod réir a Rí an domhnáin
    do bhean ceart díot an duine
    do theacht tríot don trócuire.
  19. Níor bh'iongnadh d'éis do ghonta
    sibh d'éagcaoine th'umhlochta
    ar mbuain re gonaibh géara
    do bhuail oraibh aithmhéala.
  20. Silfid do chréachta a Dhé dhuinn
    biaidh an Chros dearg id dhearnainn
    biaidh 'n-a sgáth ar Mhuire mhóir
    do ghuidhe i dtráth an tionóil.
  21. Laibheoraidh Iosa ann soin
    éisdfid cách is cúis omhain
    Dia linn san Luan ag labhra
    nach truagh inn gan urlabhra.
  22.  p.60
  23. Ná léig orm aithbhear do chneadh
    a chros chréachtach an Choimdheadh
    a Dhé dar chros an choimdhe
    mé a chros ar do chomairghe.
  24. Go dtí mh'itche 'n-a hionadh
    lá díbheirge an Dúiliomhan
    dod chuid ranna go rua sinn
    a Ua Anna agus Iaichim.
  25. Ar chairdeas ná ar luach leasa
    mairg neach do ní an t-aighneas-sa
    tagra as a n-ucht is ónna
    lucht agra na héagcóra.
  26. A-tá an chruinne dá cur dhí
    mar théid bláth do bharr craoibhe
    is im rioth a-tám tríthe
    an bioth as clár coigcríche.
  27. Bheith i n-ainbhios Mheic Mhuire
    olc an fagháil trócuire
    dul i dtuigsin nar dhual damh
    truagh an chuid-sin dom chrábhadh.
  28. Teagaidh chugaibh céim tar ais
    a-déara Rí Phuirt Pharrthais
    bhar lochta do chara ar gcúl
    docra ná a fhala d'iompúdh.
  29. Rath d'éignibh an mhara mhoill
    a-nuas thig dá dtí ar abhoinn
    ní thoir a-níos acht do nimh
    a bhfoil thíos do na toirthibh.
  30. Gaol na ndaoine dia do mhóid
    maith do chomhaill tú a Thríonóid
    cuimhne a ngaoil a Rí rut-sa
    ní bhí ag do chaoir charad-sa.
  31. Tugais tar ceann do chloinne
    fuil croidhe is clár ndearnainne
    ceannach a n-anma a Dhé dheit
    gá tarbha is é dá aithreic.
  32. Do bhaoi oruibh d'éis th' fholaigh
    coimhéad don fhéin Iodhalaigh
    an leac far bh'éigin dheit dul
    fan leic níor bh' fhéidir th' fhosdadh.
  33. Dod rochtain a Rí neamhdha
    dá mbeinn fa chuing gcreideamhna
    tríd an sgéal ba losgadh linn
    trosgadh ná déar ní dhlighfinn.
  34. Cuir ionnainn inntinn síodha
    tabhair fúinn fuath míghníomha
    seachain mé ar chol a Choimdhe
    logh a Dhé dá ndéanaim-ne.
  35. Congnamh do chosg a nimhe
    cuing urnuighthe is aithrighe
    cú chonfaidh an chalann chuil
    gabham orthain 'n-a haghaidh.
  36. Ionmhus do Dhia a dhaoine féin
    díoth leis a lucht míréire
    éag buidhne nach bia dá réir
    duilghe le Dia ná a dheibhléin.
  37. Do dhlighfeadh gach neach fa nimh
    d'éis a éadála d'áirimh
    gach deachmhadh do Rígh na ríogh
    acht deachmhadh mír na míghníomh.
  38. Féach a dhuine an déine ar chill
    i n-am fhaghála an Aifrinn
    má do ní cionnta ar cheallaibh
    ní bhí ionnta ag Aifreannaibh.
  39. Ná léig uait am na guidhe
    do ghrádh suain ná sádhaile
    móide do luagh ann éirghe
    madh fuar am na hIairmhéirghe.
  40. Dá dhúil gan diall ré chéile
    do ní Dia ar áit éin-fhréimhe
    do ní deilbh fa dheilbh chumais
    do ní dá fheidhm ionannais.
  41. Do ní tráigh do thuinn leabhair
    do ní aigéan d'innseadhaibh
    do ní an Rí úir dá gach fhior
    do ní gach ndúil fa dheiriodh.
  42.  p.61
  43. Ionann tig is téid uain
    maith bhréige an bheatha dhiombuain
    nochan bhí acht cioth san chruinne
    gach ní 'n-a rioth romhuinne.
  44. Ní tugadh d'aithne ar Iosa
    i n-éiric a aird-chíosa
    cnuas na habhla d'aithne dhó
    damhna caithmhe don chéad-ló.
  45. Muire máthair na soillse
    bain-cheann ban an domhuin-se
    mé ar ionchuibh uain a hochta
    truaill iomchuir na hóghachta.
  46. Abhall bheannuighthe an bhláith ghil
    cathaoir dhearg-óir an Dúilimh
    folt cas 'n-a dhoire dhualach
    Moire as níor bh'anualach.
  47. Soillse é ná gach aingeal
    Míchéal aingeal árchaingeal
    mairg as fhaghluidh a Dhé dhó
    dom anmuin is é as ullmha.
  48. Do cheannuigh sé an soillse síor
    's a chuid d'impidhe an Aird-ríogh
    bheith do réir Eoin go heolach
    is céim eoil don aineolach.
  49. Go bhfaghar dul i n-a dáil
    soillse an rí-thighe robháin
    beir sinn ó ghéar-ghoin an gha
    a éarlaimh do linn Lothra.
    Lóchrann.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Lóchrann soillse ag síol Adhaimh

Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Beatrix Färber and Hilary Lavelle

Funded by: The HEA via the LDT Project and School of History, University College Cork

Edition statement

2. Second draft with variants.

Extent: 2580 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2014

Date: 2020

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402173

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only. CELT would like to thank the Irish Province of the Society of Jesus for granting permission to reproduce this work in electronic form.

Source description

Manuscript sources

  1. UCD-OFM A 25 B (olim Franciscan Library Killiney), MagNiallghuis 1610–1628, p. 1–4. Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.
  2. Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, c. 1631. Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 502 (alias 23 D 3) 1681.
  4. Edinburgh, National Library of Scotland, Advocates 72 2 14, dating uncertain. Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.
  5. Dublin, National Library of Ireland, MS G 117, Eoghain and Art Ó Caoimh 1693-. Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.

Literature

  1. This poem is listed in the Irish Bardic Poetry Database (see http://bardic.celt.dias.ie/main.html) and dated to the early 13th century.
  2. An English translation is available in Dá Dé, 123–125.

The edition used in the digital edition

‘Lóchrann soillse ag síol Adhaimh’ (1940). In: Dán Dé‍. Ed. by Lambert McKenna. Dublin: The Educational Company of Ireland, pp. 58–61.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402173,
  editor 	 = {Lambert McKenna},
  title 	 = {Lóchrann soillse ag síol Adhaimh},
  booktitle 	 = {Dán Dé},
  editor 	 = {Lambert McKenna},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {The Educational Company of Ireland},
  date 	 = {1940},
  pages 	 = {58–61}
}

 G402173.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Editorial annotations have not been reproduced in this edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked and proof-read twice. All corrections and supplied text are tagged.

Normalization: The electronic text represents the edited text.

Quotation: Quotation marks are rendered q. They are not used within lines of poetry.

Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word.

Segmentation: div0=the whole poem. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Standard values: Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Donnchadh Mór Ó Dálaigh c.1200–1225

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; religious; 13c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2020-01-06: Variant readings added in front matter. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2014-11-21: File proofed (2); SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2014-11-17: Separate file for individual poem created; TEI header created. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2014-10-01: Text re-coded for poetry, with verses and metrical lines; mid-dot eliminated; page-breaks added; supplied text encoded; more proofing. (ed. Beatrix Färber)
  5. 2014-09-26: TEI header created. Encoding revised/updated. (ed. Beatrix Färber)
  6. 2006: File proof-read (1). (ed. Hilary Lavelle, LDT Project, University of Ulster at Coleraine)
  7. 2006: Text scanned, as part of Dán Dé; basic XML prose markup applied. (Text capture Data capture company)

Index to all documents

Standardisation of values

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402173.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top