Domhnall Mac Dáire Mac Bruaideadha
Whole text
- p.54
- Ní dúal cairde ar creich ngeimhil:
bíaidh brath úaim gan édeimhin —
dóigh creach gá haird a bfaghar? —
sul deach ós aird mh'fúasgaladh. - Triúr fileadh fada ó ríaghail
dhúinn i láimh lé leithblíadhain:
'na dhíol soin gá geall ghébhthar?
dá mbem a-moigh moithéght[h]or. - Do-ghénsa, acht go bfaghar faill,
sul deachad raibhthi romhainn,
chreich ngeimhle lém dháimh ndoiligh
ar eighre an chláir Chíarroighigh. - Do m[h]ac inghini an íarla
dlighthear íoc na hainnríaghla:
glais núabhairrthi fáoinn a bFainn,
ai chrúadḣfairc[h]e cháoil chumhaing. - Badh íad mh'feadhan ar ḃfilidh,
lucht bheirthi breath n-aindlighidh:
sreath iol̇fáobhair raghlain rann
d'am[h]ruibh ionáonaigh agam. p.55 - Ar chreich ríodhamhna an ruisg mhoill
badh é an t-oineach mh'fear tarroing:
dénta ní an uairsi uirrthi —
badh í an úaisle ar n-eólaichne. - Ní bhía ag bruithion ná ag boigsín
mo chor tar creich Phádraigín:
i bfoithribh nó i gcíogh choille
díon ní f[h]oighthir orainne. - Cúairteÿomchar dhúinn — gá dám ris? —
fá mhíonchlār Mhoighi an Éigis,
's um Ard n-úr bfíonmhar bFearta,
gach múr síodhghlan súaithionta. - Cuirfiom luighi ar Lios Túathail
an ̇fóid bhráontais bhionnchúachaigh,
's loighi ar ghoirm — Leic súairc Snámha —
badh cuairt oirdhreic édāla. - Béraid orainn ógbhadh Grēg,
líon creiche ar chách do choimhéd;
tóir nach édána ar ̇foghlaibh,
dóigh édāla dh'ollomhnaibh. - Ealbha láoch nach loc dochar,
tóir nach éidir d'iomachar,
fir iomc[h]ras tóroighiocht throm,
slóghoiriocht fionnchas Fíanonn. - Nī fras cháoilsleagh chailgios neach,
ní fras ghríobhdha ghlac neimhnioch,
fras dhúan lé ndingébhthar Goill
's a lúagh imért[h]ar edroinn. - Léigfid fáoinne a bfrasa séd,
léigfimíd d'ógbhaidh ̇finn-Ghrég,
frais ndeghmholta 'na ndáil sin,
neamhghonta ór ngáibh na Grégaigh. p.56 - Badh é a chríoch — gá tréine treas? —
go mbrisfimni an t-ord éigius
lér sreith líonmhair mhir mholta
don ríoghraidh ghil ghrúadhchorcra. - Gá hiorghal nach íad do bhris?
ní bhí choidhche ar chloinn M[h]uiris
gúais reann, acht airm a n-ollamh;
maidhm 'na gceann nī chúalamar. - 'San troidsi dā tteagmham ris,
Pádraigín mac Meic Muiris, —
ní hédail é arab áil roinn —
sé i láimh ní hédáigh againn. - Nī díon dó a lámhach nā a lúdh:
ní léigfiom úainn gan ̇fasdúdh,
le a bheirt bfúair nglanmháilligh ngil,
an sdúaigh n-aghnáirigh n-áilghin. - Atád agam oirchill sás
lé bfosdfa mé mac Tomás:
roinn leabhra go lán bfuinnigh;
cládh a ̇feadhma um ámhuillibh. - Oidhre an láoich ó Leic Snámha —
mo chean dan cion édāla —
sdúagh cháomhGāille ar ar chinn cruth,
áonbhrāighi ghill na nGrēgach. - Rédla thúaidh Mhumhan Meic Con,
Pádraigín pór na n-íarladh,
mír glanchrúaidhe, glún ré bfrais,
an t-ath-Ghúaire ó Dhún Durlais. - Lámh chúartaighthi Chlann gCarrt[h]aigh,
uille chrúaidh re Conallchaibh,
slat nach snī tréiṅfine Tháil —
do ní éiṅfili a édāil. p.57 - Sgél leam ar a leithéid soin,
fúair ceannus an chláir Ultaigh,
sgoth chráobhslat Leasa Lughaidh,
áonm[h]ac Neasa a-nallamhain. - Tug a mháthair 'na mac ríogh
lā éigin d'fios a chéidghnīomh,
dár thúar rí Macha a mholadh,
trī clacha do Chonchobhar. - Tug don naídhin súairc suilbhir
chloich in gach láimh leabhairghil —
sdúagh nár ón tseangBhanna tsēimh, —
lán a dhearnanna dhíbhsēin. - Do ráidh Neasa an ̇fuilt ̇fionnghloin,
dā ngabhthá, a mheic mhóirionmhoin,
do ̇fionnfuinn thríd do threisi,
an líg n-iomt[h]ruim eilisi. - Nī thig dhíom, is mo dhorn lán,
a mháthair, ol an macámh,
mo lámh do char mon gcloichsi,
go sgar lán rém lámhuibhsi. - Nī hiongnadh sin, ar sisi,
tuig, a chnú mo chridhisi,
nach ttoillfi acht a lán id láimh,
dámadh ál choidhche a c[h]ongmháil. - Léig chugad an gcloich oile,
léig uaid, a uá Rudhroighi,
an gcloich nglais gcoirrimligh gcruinn,
dod bhais doinningnigh dhíoghainn. - Dad mhúnadh, a mheic Fachtna,
fá dháil na séd sáoghalta —
a srían réd chradh ná congaimh —
as ciall damh 'na ndubhramair. p.58 - Nā híadh do lámh, a ̇flaith Breagh,
do síor um séduibh Gáoidheal:
seóid cáigh ní héidir dh'̇fanadh
gan láimh éigin d'fosgaladh. - Bíoth lámh leat gá légadh úaibh,
a sgaith chruithgheal ón gCraobhruaidh,
's lámh ag gabháil na séd seang,
a bhranáin déd, fád dhíchioll. - Fúair sáormhac Fhachtna Fháthaigh
ór chan ris a rīoghmháthair —
féile an leinbh gá chora i gcion —
a thogha i seilbh na sinnsior. - Do mhér m[h]eadhóin mhíleadh Grég
nī thuigim nár thrácht Mairghrég —
maith cuimhni an ̇feasa 'gan ̇fior —
fuighle Neasa 's an náoidhion. - Do-ghébhsa i láimh é, 's giod[h] eadh
ní lémhdáois gasradh Gháoidheal
ucht ar slógh Grég dá ghabháil,
an ghég do phór Pharthaláin. - Sul cuirthior linn lámh 'na cheann,
énlān beóil ̇fileadh Éireann,
ann as f[h]earr gach áit d'fégadh,
mo gheall cáit a gcoimhédabh. - Nī dhingne mé ar maicne Luirc
leis choidhche nā ar cloinn nGearuilt:
ní taobhtha rú a ngáol i ngioll,
a chrú ar gach taobh 'na thimchioll. - Fían Shaxan do seachna lais
caithfead fós, is fían Durlais —
ga seadh falta acht a bfráoch ruinn? —
dalta na láoch ó Lonnainn. p.59 - Gúais leam a rún dá rochtain,
ní dú a chor i gConnachtuibh
mná áobhdha finngheala a bfear
ingheana máordha a míleadh. - Mac meic Émainn nár ér sgoil,
gúais dá mbeirinn é i nUlltaibh:
báidh ar ̇féile 'gan aicme
lé céile ar gcláir Chormaicne. - Anta leis i Lios Túathail
an m[h]úir ̇fairsing órchuachaigh,
brugh seang na bfoighég bfíthi —
ga fearr coimhéd coigcríc[h]e? - Sáor an braighdionus do-bhér
d'úa Sémuis na sleagh rinnghér,
san chÿumirt g[h]roighigh ghealmhóir ghloin,
seanróimh oinigh an íarthair. - Suirghi a bfionnbhan, fuighle a súadh,
cruin[n]ighthi minci a marcslúagh,
a sgaith ̇fīneamhna a hór glan,
sódh mímheanma do mhúchadh. - Gébhthor dhó 'na dheaghaidh soin,
brágha láoch Leasa Túathail,
roinn sáora as ar sochuir geall,
go ngothaibh cáola cáoincheann. - Do-bhér lais a láoibh áille —
sochar nach bfúair ēnbhráighi —
cúairt learg n-ioṅfúar na n-oirior;
diombúan fearg a bfíadhoighiodh. - Do-bhér dó ré ndol istteach
seal ar ghníomhradh ghreagh n-úaibhreach,
seal snámha ar slios gach calaidh,
fios gach trágha torcharaigh. p.60 - Do-chífe bárc a mbeól chúain,
do-chífi coimhling mharcslúaigh,
is gúais sadh siobhalghrod seang
ó bhioradhmad dhamh ndíleann. - Sruth Féile na bfinnsreabh gciúin
do-chluinfi, budh ceól taidhiúir,
ag labhradh, lór a binni,
mór an t-adhbhar inntinni.
Ní dúal cairde ar creich ngeimhil:
Domhnall Mac Dáire
Document details
The TEI Header
File description
Title statement
Title (uniform): Ní dúal cairde ar creich ngeimhil
Author: Domhnall Mac Dáire Mac Bruaideadha
Responsibility statement
Electronic edition compiled by: Beatrix Färber
Funded by: School of History, University College Cork
Edition statement
1. First draft.
Extent: 1700 words
Publication statement
Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
Address: College Road, Cork, Ireland.—http://www.ucc.ie/celt
Date: 2012
Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.
CELT document ID: G402210
Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.
Source description
Manuscript source
- Dublin, RIA, MS 743 (A iv 3), 17th century.
The edition used in the digital edition
‘Ní dúal cairde ar creich ngeimhil’ (1970). In: Irish Bardic Poetry. Ed. by Osborn Bergin. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies, pp. 54–60.
You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:
@incollection{G402210, editor = {Osborn Bergin}, title = {Ní dúal cairde ar creich ngeimhil}, booktitle = {Irish Bardic Poetry}, editor = {Osborn Bergin}, address = {Dublin}, publisher = {Dublin Institute for Advanced Studies}, date = {1970}, pages = {54–60} }
Encoding description
Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling declarations
All the editorial text with the corrections of the editor has been retained.
Editorial declarations
Correction: Text has been checked, proof-read and parsed.
Normalization: The electronic text represents the edited text.
Quotation: There are no quotations.
Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.
Segmentation: div0=the whole poem. Metrical lines and quatrains are marked and numbered; page-breaks are marked.
Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.
Reference declaration
The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.
The title of the text is held as the first head element within each text.
div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).
The numbered quatrains provide a canonical reference.
Profile description
Creation: Domhnall Mac Dáire Mac Bruaideadha, an Irish bardic poet c.1550–1600
Language usage
- The text is in Classical Modern Irish. (ga)
Keywords: bardic; poetry; 16c
Revision description
(Most recent first)
- 2012-06-26: SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
- 2012-06-20: Header created; file converted to TEI-conformant XML; markup completed; file parsed. (ed. Beatrix Färber)
- 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))