CELT document G402214

A chláirsioch Chnuic Í Chosgair

Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

Whole text

     p.66

    A chláirsioch Chnuic Í Chosgair

    Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cct.

  1. A chláirsioch Chnuic Í Chosgair
    chuirios súan ar síorrosgaibh,
    a nuallánach bhinn bhlasda,
    ghrinn fhuaránach fhorasda.
  2. A chlár buadha as bláith mínlearg,
    a mhonghárach mhéirfhírdhearg,
    a cheóladhach do chealg sinn,
    a dhearg leómhanach láinbhinn.
  3. A bhrégadh eóin a healta,
    a fhionnfhuaradh aigionta,
    a dhonn bhionnfhoclach bhallach,
    lonn iongantach iodhlannach.
  4. A leighios gach laoich ghonta,
    a shógh brégtha banntrachta,
    a eól gnáthach ós goirmlinn,
    a cheól fáthach foghairbhinn.
  5.  p.67
  6. A bháthadh gacha croinn chiúil,
    a chrann taitneamhach taidhiúir,
    a chomhnaidhi eidir chloinn gCoinn,
    a chroinn donnbhuidhi dhíoghainn.
  7. A aoinleannán na n-eólach,
    a chorrach bhláith bhinncheólach,
    a rélta chorcra ós cionn síodh,
    a mhionn ochta na n-airdríogh.
  8. A sgatha binne boga,
    a chláirsioch dhonn Diarmada,
    a chruth gan fhúath ó fheadhain,
    a ghuth cúach a gcéiteamhain.
  9. Ní chúala ceól mar do chronn,
    tar éis Túaithi Dé Danann;
    a chraobh dhonnloghach dhata,
    chaomh fhorbharach allata.
  10. A fhúaim trágha ré toinn cciúin,
    a chrann fosgadhghlan fírchiúil,
    fleadha 'gá n-ól it fhochair,
    a ghlór eala ós fhionnshrothaibh.
  11. A núall ban sídhe a Síth Lir,
    's gan ceól do chor at aighidh,
    ód threóir as téidbhinn gach teach,
    a chéidrinn cheóil na gcláirsioch.
  12. Nó no as tú an Áisioch Fhalláin,
    an Mhíonghlórach Mhanannáin,
    ríoghna súarca ag tríall it theach,
    do mhían do chúarta, a chláirsioch.
  13.  p.68
  14. Nó as tú do bhí ag Aonghus Óg
    i mBrugh Bóinni na míonród —
    cuirfidh sé snaidhm ar eólach —
    fa hé th'ainm an Ilcheólach.
  15. Ó Mhanannán tar muir mall
    cláirsioch mar thú fúair Fionnbharr —
    nír féadadh snaidhm badh socra —
    darbh ainm Brégadh Banntrachta.
  16. Tú Ballchaomh Bhuadha Bhuidhbh Dheirg,
    iomdha ball corcra id chaoimhleirg,
    ballchaomh ód thochta gach teach,
    a lannchraobh chorcra, a chláirsioch.
  17. Féithchiúin Ilbhreic Easa Ruaidh,
    cláirsioch chruthach cheóil fhionnfhuair,
    ciúin do labhair ar gach leath,
    samhail do chiúil, a chláirsioch.
  18. Badh í an Téidbhinn th'ainm oile
    ag mac Donnchaidh Dhormhaighi;
    tug tú do thédaibh 'na theach
    gur mhédaigh do chlú, a chláirsioch.
  19. Do-bhéram ainm nua anosa
    ort, a chláirsioch chéadnasa,
    réidh ód chlú troimfhearg troda,
    as tú Doinndearg Dhiarmada.
  20. Ag Diarmait as dócha dhuit
    bheith fa chlú, a chláirsioch orrdhruic;
    ní haigionta tnúdh ré a theach,
    ní múr caigiolta cláirsioch.
  21. A Í Chonchobhair chathrach Coinn,
    a mheic mheic Í Mhaoil Eachloinn,
    daoine sona ag tnúdh réd theach,
    do mhúr as cora cláirsioch.
  22.  p.69
  23. Adhmholadh Coluim Chille,
    ní fhuil ceól as coimmbinne,
    béraidh sé re seal nguidhi
    mé go Teagh na Trócaire.
  24. Aoghuiriocht Pheadair Phuirt Grég
    lór liom ar chion dum choimhéd,
    ar ar gcúl do chrann smachta,
    thall i ndún na diadhachta.
  25. Ar mhéid meadhrach a mhúir chuirr
    Mháig Eochagáin fhúair urruim
    biaidh cnoc lomnán ar gach leath
    d'orghán a chrot 's a chláirsioch.
    A chláirsioch.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): A chláirsioch Chnuic Í Chosgair

Title (firstline): A chláirsioch Chnuic Í Chosgair

Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Beatrix Färber

Funded by: School of History, University College Cork

Edition statement

1. First draft.

Extent: 1075 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland.—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2012

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402214

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript sources

  1. Edinburgh, NLS Adv. 72 1 37 alias the Book of the Dean of Lismore.
  2. Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don. This manuscript was written 1631 by Aodh Ó Dochartaigh.
  3. Dublin, RIA, MS 743 (A iv 3), 17th century.
  4. Maynooth, Russell Library, B8, written by Heinri O Carraic 1701-8.
  5. Maynooth, Russell Library, C 59 early 18th century.

Literature

  • Pádraig Ó Macháin (ed), The Book of the O'Conor Don (Dublin: DIAS 2010).

The edition used in the digital edition

‘A chláirsioch Chnuic Í Chosgair’ (1970). In: Irish Bardic Poetry‍. Ed. by Osborn Bergin. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies, pp. 66–69.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402214,
  editor 	 = {Osborn Bergin},
  title 	 = {A chláirsioch Chnuic Í Chosgair},
  booktitle 	 = {Irish Bardic Poetry},
  editor 	 = {Osborn Bergin},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Dublin Institute for Advanced Studies},
  date 	 = {1970},
  pages 	 = {66–69}
}

 G402214.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed.

Normalization: The electronic text represents the edited text.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole poem. Metrical lines and quatrains are marked and numbered; page-breaks are marked.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh, an Irish bardic poet (1320–1387) c.1375–1387

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; 14c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2012-06-26: SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2012-06-20: Header created; file converted to TEI-conformant XML; markup completed; file parsed. (ed. Beatrix Färber)
  3. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402214.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top