Gofraidh Fionn Ó Dálaigh
Whole text
-  p.73
- Mór ar bfearg riot a rí Saxan,
 a sé a dhamhna,
 do-raduis, gér mhór a meanma,
 brón for Bhanbha.
- Ma a leannán d'fosdadh na hégmuis,
 d'uaim lé mór-rath,
 inis Éirionn an gheal ghríanach,
 as bean bhrónach  p.74
- Fúar iompa inntinn mo chridhe,
 crúaidh an cosnamh,
 gén gur b'eagail do shearg Shaxan
 mh'̇fearg is mh'osnadh.
- Tré chúairt Mhuiris mhic an íarla
 a n-égmais Bhanbha,
 ní théid a bhrón dí nā a dhiomdha,
 mŌr dí a dhamhna.
- Brón ar éicsibh innsi Fódla
 's ar a bfionnmhnáibh,
 ó do ̇fáguibh dún geal Gabhráin
 fear úr Iomdháin.
- Ōn ló do ghlúais mac mic Thomáis
 an táoibh leabhair,
 gan féchain síar acht súil soirin
 dhúinn 'na dheaghaidh.
- Nó go bfaiciom seól Sior Muiris
 do mhuin chnairre,
 mé ag féchain ar lucht gach luingi
 d'ucht gach aille.
- Iongnadh dhúinn reacht ré rígh Saxan
 na slógh meanmnach,
 tré bheith aigi go mear muirnioch
 don gheal ghreadhnach.
- Dalta rīgh Saxan Sior Muiris
 maith a chaomhna,
 trēn ina mhúr mac an íarla,
 slat úr aobhdha.
- Ní hiongnadh d'feabhas a mhúinte
 maith dá ndingne,
 ní hiongnadh le méd a mhuirni
 éd rí a inmhe.  p.75
- Aóibhnios Saxan, sáorchúairt Éirionn,
 'gá fhult níamhda
 fear fá mbía deinmni gach díorma,
 eigre an iarla.
- Lé a oide, lé hairdrīgh Saxan,
 siobhal díoghainn,
 téid isan bFraingc n-ealaigh n-áloinn
 bfleadhaigh bfíonduinn.
- Sgéla na Fraingce, fios Saxan,
 suairc an comhrādh,
 do-gébhthor 'gan ghasda ghealmhór,
 bhlasda bonnbhán.
- Buidhioch inn dá oide múinte,
 mūnadh thaisgios,
 'sas diomdhach mé dá ̇fod ̇fosdus
 an bog baisdeas.
- Fúair búaidh gcéille is gcrotha is gconáigh
 ceann an ̇fionnshlóigh
 gá ttám acht do-̇fuair gach iolbhúaidh
 go mbúaidh mbionnghlóir
- Nocho ttabhar a gheall gaisgidh,
 ná a gheall gáoisi,
 ná geall a dheilbhe ná dhúaisi,
 d'eighre a áoisi.
- Treisi fá rath, rath go gconách,
 croidhe adhnáir
 cíall dá choimhéd,
 ciabh na bfoighég arna bfaghbháil.
- A aimhlios an uair do-níthear,
 do-ní a dhearbhadh
 an fód tegaimh fá a bhonn bairrgheal
 don donn dhealbhghlan.  p.76
- Na hairdrionnaigh agá ̇faisnēis
 dá ̇fult ngēiġfíar
 d'fior a anbhraith
 cion ar an arḋflaith as égciall.
- Lugh Lámhfada leithéid Muiris,
 mhóras dámha,
 comhmór bfeasa an conchlann cródha,
 comhthrom gcána.
- A n-áois Muiris mic an íarla
 do ̇fóir Banbha,
 dá ttug leagadh d'̇fine Fomhra
 bile Bladhma.
- Tadhbhas do Lugh, leannán Teamhra,
 thoir a nEamhain,
 dá ránaig sé ar súr gach domhain,
 múr Té Teamhair.
- Dúnta an chathair ar cionn Logha,
 láoch ro thoghsom,
 téid gusan múr sleamhain slioschorr,
 beanaidh baschrann.
- Ar an doirseóir ris an deaghlaoch,
 fá doirbh rúaiġfearg,
 cáit as a ttig an fear áith ógard
 bláith geal grúaiddearg.
- Ris an doirseóir adubhairt Lugh,
 nár loc iomghuin
 file meisi a hEamhain abhlaigh
 ealaigh iobhraigh.
- Nocha dhlighi, ar doirseóir Teamhra,
 tocht díar ndaighthigh,
 atá fear réd cheird san chathraigh,
 a dheirg dhaithghil.  p.77
- Teach Miodhchúarta ag macuibh Eithlionn
 um an am-soin
 tréidhe an tighe ̇feactha fhinn-sin,
 teactha tharrsaibh.
- Do thréidhibh Thighe Miodhchúarta,
 as mín críochbhuird
 nach leigthior dís inn re háoincheird,
 a ̇finn ̇fíochbhuirb.
- D'iomat ceard ag Túaith Dé Danann,
 dháilios bruta,
 ceird ar nach bfuil aithne aca,
 caithfe chuca.
- As dum cheardaibh,
 nā ceil is tigh a ttá an bhuidhion,
 léim ar bhailg is gan a bloghadh,
 tairg dá thuireamh.
- Snámh ós éttreóir,
 iomchor dabcha ar drumuibh uillionn,
 atá dhá cheird ar mo chumhang,
 eirg dá ̇fuighioll.
- Fíafraigh an bfuil fear a ndénmha
 don druing neamhlaig,
 ríagh éineich san bfaithchi bfionnbhuig,
 graifne gheallmaid.
- Atá sonn d'iomurcaidh orra,
 an uiriod tuirbim,
 's ní ̇fuil ina gceird mo choimhghrinn,
 ní d'feirg ̇fuighlim.
- Ar gcluinsi ar chan an macáomh,
 mór a thairmsēin,
 d'agallaimh Thúath Dé don doirseóir
 lúath é ainnséin.  p.78
- Fear san doras, ar an doirseóir,
 rén doirbh coimeas,
 atá an uile cheard ar a chommus,
 an dearg doinndeas.
- Damadh é Lugh, leannán Fódla
 na bfonn sriobhfann,
 do bheith ann, ar Túath Dé Danann,
 dob é a ionam.
- Geall n-égaisg ón ̇fior san doras,
 damhna leisgi,
 nocha ndearnadh d'úir nā d'uisgi,
 dúil dán dleisdi.
- A tháobh, a aghaidh, a earla,
 eochair thogha,
 tríar ar snúadh áoil agus umha
 agus ̇fola.
- Binni a theanga iná téda meannchrot,
 agá míndeilbh
 ón sádhail súan,
 a lámhaibh suadh agá sírsheinm.
- Asé sin, ar slúagh na cathrach,
 ar gceann báidhe,
 aonmhac Eithni,
 saorshlat ar nach beirthi báire.
- Brosdaighthear, ar Túath Dé Danann,
 doirseóir Teamhra,
 d'ionnsoighi na cráoibhe cubhra,
 aoídhe Eamhna.
- Māsa thú an t-Ioldánach oirrdearc
 an airm ghlaisgéir,
 as mo chean duid, ar an doirseóir,
 a bhuig bhaisréidh.  p.79
- Tair san dúnadh, ol an doirseóir,
 Día do bheatha.
 Ac, nā hosluig,
 ar an tslat lér cosnaid creacha.
- Teamhair Airt go hēirghi gréini,
 geis don dúnadh
 oslugadh an dúin do dhénamh,
 arná dhúnadh.
- Nír mhill geasa ghríanáin Teamhra
 an teaghlaigh airmdheirg,
 tug céim ar gcúl,
 rug léim isan mhúr don mhaighleirg.
- Ní bhrisfeadh ar bhailg ós abhainn,
 d'aighthibh ógbhonn,
 léim áith éttrom
 a dhá ghégbhonn réidh mbláith mbrógdhonn.
- Mar sin táinic go Teagh Miodhchuart
 na múr ngreadhnach,
 dár fhóir a fholt gleannach gabhlach
 teallach Teamhrach.
- Aithghin Logha nó Lugh a-rís,
 go ráith Luimnigh,
 a thréidhi acht gan teacht go Teamhraigh,
 ceart ro chuimhnigh.
- Cosmhail cúairt Logha ó lios Eamhna
 d'̇foghluim ghairggníomh,
 as cúairt Muiris go lios Lonndún,
 d'fios an airdrīogh.
- Comhachta mheic Lir is Logha
 ag leannán Manann,
 cían úatha é
 'sa dhíall ré Túatha Dé Danann.  p.80
- Mac Eibilín, airgnioch Gaoidhiol,
 gearr go ttora,
 dár gcabhair tar mearthuinn mhara,
 leathchuing Logha.
- Ag deaghoil Éirionn re hurchra
 da ̇folt cloidḣfionn
 ar Lugh 's ar Thúath Dé Danann
 é 's a ̇foirionn.
- Do líonadh a los a athar
 as úr méine,
 an dá oilén arda úaine,
 Alba is Éire.
- Cuimhnigheadh céimionna a athar
 as úr deighsén,
 as amhlaidh as cóir gach coilén,
 mar a cheinél.
- Tiomna do ̇fāguibh a athair
 ga ̇folt cráobhnocht,
 a rath 'sa ainm is a íarlacht
 is a áobhdhacht.
- Bíaidh, madh aithreamhail a aigneadh,
 dá ̇fíos téidsi,
 tuilleadh buidhe an íarla óigsi
 ris an éigsi.
- Nā grádoigheadh mac meic Gearailt
 na nglac saoírdheas,
 go ttuga ucht na slógh síairdheas,
 ól nā áoibhneas.
- Fuilngeadh ag fóirithin Banbha
 da bharr taistiogh
 siobhal mara aidhbhle as uisgeadh
 ainmni is aisdear.  p.81
- Mumha í Luighdioch nā léigeadh,
 gomadh leis féine
 an fonn úr úaine,
 Gúaire súl gcorr ara chéili.
- Íarla óg Deasmhumhan dlighidh
 díon na ttrumshlógh
 tugsat do ghéig Ruidhe roghrādh
 uile d'urmhór.
Mór ar bfearg riot a rí Saxan
Gofraidh Fionn Ó Dálaigh cc.
Document details
The TEI Header
File description
Title statement
Title (uniform): Mór ar bfearg riot a rí Saxan
Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh
Responsibility statement
Electronic edition compiled by: Beatrix Färber
Funded by: School of History, University College Cork
Edition statement
1. First draft.
Extent: 1850 words
Publication statement
Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
Address: College Road, Cork, Ireland.—http://www.ucc.ie/celt
Date: 2012
Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.
CELT document ID: G402216
Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.
Source description
Manuscript source
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 743 (olim A iv 3), 17th century.
The edition used in the digital edition
‘Mór ar bfearg riot a rí Saxan’ (1970). In: Irish Bardic Poetry. Ed. by Osborn Bergin. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies, pp. 73–81.
You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:
@incollection{G402216,
  editor 	 = {Osborn Bergin},
  title 	 = {Mór ar bfearg riot a rí Saxan},
  booktitle 	 = {Irish Bardic Poetry},
  editor 	 = {Osborn Bergin},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Dublin Institute for Advanced Studies},
  date 	 = {1970},
  pages 	 = {73–81}
}
Encoding description
Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling declarations
All the editorial text with the corrections of the editor has been retained.
Editorial declarations
Correction: Text has been checked, proof-read and parsed.
Normalization: The electronic text represents the edited text.
Quotation: There are no quotations.
Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.
Segmentation: div0=the whole poem. Metrical lines and quatrains are marked and numbered; page-breaks are marked.
Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.
Reference declaration
The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.
The title of the text is held as the first head element within each text.
div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).
The numbered quatrains provide a canonical reference.
Profile description
Creation: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh, an Irish bardic poet (1320–1387) c.1356–c.1358
Language usage
- The text is in Classical Modern Irish. (ga)
Keywords: bardic; poetry; 14c
Revision description
(Most recent first)
- 2012-06-26: Queries resolved using information from the Bardic Poetry Database at the DIAS website; SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
- 2012-06-23: Header created; file converted to TEI-conformant XML; markup completed; file parsed. (ed. Beatrix Färber)
- 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))