CELT document G402220

Éistidh riomsa, a Mhuire mhór

Muireadhach Albanach Ó Dálaigh

Whole text

     p.94

    Éistidh riomsa, a Mhuire mhór

    Auctor huius Muireadhach Albanach

  1. Éistidh riomsa, a Mhuire mhór,
    do ghuidhe is liomsa badh lúdh;
    do dhruim réd bhráthair ná bíodh,
    a Mháthair Ríogh duinn na ndúl.
  2. Sgél do mháthar meabhair liom,
    'na dheaghaidh atáthar treall,
    inghean mhilis mhalach ndonn,
    trilis trom chladhach fá ceann.
  3. Anna sein, seanmháthair Dé,
    óa gealbhráthair do ghein rí,
    níor ghiall a meadhair do mhnaoi,
    gur fhaoi lé triar d'fhearaibh í.
  4. Rug inghean gach dheighfhir dhíobh,
    geibhidh aca an fhinngheal úr,
    teóra inghean a clann chaomh,
    slimgheal a dtaobh, cam a gcúl.
  5. Gorma a súile, suairc a ngné,
    a gcuairt nochar chuairt gan ghnaoi,
    na sluaigh uile atá ar a dtí,
    trí mná agus Muire ar gach mnaoi.
  6.  p.95
  7. Tugsad trí fir thoighe a dtriúr
    na trí Mhoire ó nimh na naomh,
    gur thráchtmhall torrach an triar
    na gciabh ndrongach snátrom saor.
  8. Rugsad trí maca na mná,
    aca roba lia 'sa lia;
    (cá seisear mín doba mhó?)
    eisean roba só dhíbh Dia.
  9. Máthair Iacóibh inghean díbh,
    sgiathdóigh ar gach n-imneadh fhuair,
    bean díobh Muire máthair Eóin,
    sgeóil nár ghnáthaigh duine i nduain.
  10. Tusa Muire Máthair Dé,
    duine níor ghnáthaigh do ghnaoi,
    ríghbhile arna roinn ar thrí,
    Rí fírnimhe id bhroinn do bhaoi.
  11. Mise ar bhar n-aithnibh ar-aon,
    id dhaighthigh agus id dhún,
    a anam, a Mhuire mhór,
    a ór buidhe, a abhall úr.
  12. A bhiadh, a édach ar h'iocht,
    a chiabh ghégach mar an ngort.
    A Mháthair, a Shiúr, a Shearc,
    stiúr go ceart an bráthair bocht.
  13.  p.96
  14. Bráthair dhamhsa do Mhac mór,
    a shlat mhallsa, a Mháthair shaor,
    deaghbhráthair cóir ar bhar gcúl,
    seanmháthair úr róibh a-raon.
  15. Go ndearna m'ionghaire ar h'Fhear,
    a fhionnMhuire, a earla tiogh,
    iomdha im chridhe crithir dhubh,
    mithigh dul dá nighe aniogh.
  16. A Mháthair Dé, dénam síodh,
    ósa ghlédhonn gné do chiabh,
    ciúnaigh h'fhearg, a Mhoire mhór,
    a ór dear i gcoire chriadh.
  17. Do nimh thánaig, a thaobh geal,
    a láraig, saor mar an sriobh.
    Cá beag liom do dhúthchas damh,
    a chúlchas ghlan fhionn, ót Fhior?
  18. A Thríonóid, a Mhuire mhín,
    tuile gach glóir acht bhar nglóir;
    a Cheathrair, caistidh rém dhuain,
    ní geabhthair uaibh aisgidh óir.
  19. A ÓghMhuire, a abhra dubh,
    a mhórmhuine, a ghardha geal,
    tug, a cheann báidhe na mban,
    damh tar ceann mo náire neamh.
  20.  p.97
  21. Do chloinn Dáibhíodh thú, a mhall mhór,
    gan chrann mar thú rébhar dtúr,
    do chloinn Abhrán h'urla claon,
    gabhlán craobh gcumhra ar do chúl.
  22. H'Fhear is do Mhac ar do mhuin,
    geal a ghlac is geal a righ,
    t'Fhearathair réd thaobh as-toigh,
    ag soin taom d'ealathain t'Fhir.
  23. Dalta iongnadh dot ucht bhán,
    agus dot fhult fhionnghlan úr,
    do Mhac agus t'Fhear ar-aon,
    a shlat shaor gheal ar do ghlún.
  24. Do bhábhair dias aobhdha ann
    dábhar gcaomhna ó ghlionn do ghlionn,
    Mac malachdhubh dóidgheal donn,
    óigbhean trom anathlamh fhionn.
  25. Do-ní sé casadh do chiabh,
    do dhuadh é ar t'asal dá dhíon.
    do bhas, a ógMhuire úr,
    do chas cúl ródbhuidhe an Ríogh.
  26. Tú do shíor doba shámh leis,
    is do chíogh bán ar a bhois,
    an uair do nightheá an gcraoibh gcais,
    do lightheá an mbais gcaoimh 's an gcois.
  27.  p.98
  28. Fraoch buidhe ar h'úrbharr mar ór,
    a Mhuire shúlmhall, a Shiúr,
    cíoch geilmhín trom as do thaobh,
    Leinbhín saor donn agá diúl.
  29. Mairg do oiligh h'earla glan,
    doiligh, ór ní dhearna cion;
    munab ionnraic do bhrú, a Bhean,
    ní headh cnú ar fionnshlait i bhfiodh.
  30. Easbach clann ladrann do luadh,
    a lagbharr fleasgach cam claon,
    amharas dob olc an chiall
    ort, a chiabh chladhsholas chaomh.
  31. Do bhrú aníos ba lomlán leat,
    mar bhíos a bhronnlár 'san bhrioc,
    an Coimdhe 's gan loighe lat,
    Mac Moire do-roighne riot.
  32. Acht tú féin, a Mhuire mhór,
    nochar léir do dhuine dhaor,
    suaimhnighe ar fhear, a fholt fiar,
    nach biadh is bean olc ar-aon.
  33. Cosmhail h'aonMhac réd chúl gcam,
    a shaorshlat an dá shúl chorr,
    do ghlaca ag an Ghiolla shiong,
    is t'ionga fhionn data dhonn.
  34.  p.99
  35. Coinnleach gormshúileach do ghruadh,
    abhra donnghlúineach 'gá dhíon,
    geilghégach leabhair do lámh,
    dán neimbrégach dleaghair dhíom.
  36. Glan fallán buidhe do bharr,
    mar mhuine camán fád cheann,
    glan do bhas chaoilmhérdha chorr,
    a chas donn shaoirdhénmha sheang.
  37. Ní dheachaidh d'ég h'aithghin mhná,
    do shaighthin - ní brég - ní bhia,
    níor bhlas beathaidh bean mar thú,
    a bhrú gheal i ndeachaidh Dia.
  38. Tugaidh dhún leabaidh is lionn,
    a chúl ris nach teagaimh tonn,
    an bhréigfhleadh ar nach bí ceann,
    nárab leam í a dhéidgheal donn.
  39. Guidheadh go hán h'abhra dubh,
    ar ghrádh bhar n-anma, a ghrádh glan,
    a Mhuire, ní hédmhar h'Fhear
    fád ghuidhe, a gheal dédghlan, damh.
  40. A fholt buidhe cladhach cam,
    a Mhuire na malach seang,
    ná leig do bhreith oile ionn,
    feith lionn do chroidhe fár gceann.
  41.  p.100
  42. Dénam feis, a mheardha mhór,
    dod deis dealbhdha, taobh ré taobh,
    gabh m'fhorthain deaghrann is duan
    uam, a ghealmhall shochraidh shaor.
  43. Ná rabh bean acht tusa im thigh,
    gomadh tusa bhus fhear air,
    na mná fallsa ad-chiú 's na cruidh,
    a bhfuil damhsa riú ná raibh.
  44. Gan sbéis i gconaibh ná i gcrodh,
    ná i sgoraibh, a ghéis ghlan,
    easbhaidh chorn cáich is a gcon,
    orm is a sgor mbláith 's a mban.
  45. Tógaibh an malaigh nduibh dhúin,
    is an aghaidh mar fhuil laoigh,
    tógaibh, go ros faicinn féin,
    an gcéibh ródaigh slaitfhinn saoir.
  46. Tógaibh dhún an bonn 's an mbois,
    agus an cúl donn go ndeis,
    'gus an súil n-ógcruinn ngéir nglais,
    réd chéibh dtais go bhfóbrainn feis.
    Éistidh.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Éistidh riomsa, a Mhuire mhór

Author: Muireadhach Albanach Ó Dálaigh

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Beatrix Färber

Funded by: School of History, University College Cork

Edition statement

1. First draft.

Extent: 1570 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland.—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2012

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402220

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript sources

  1. Edinburgh, National Library of Scotland, Advocates 72 1 37 (Book of the Dean of Lismore), 16th century.
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 1237 (olim D i 1) Vellum, a fragment.

The edition used in the digital edition

‘Éistidh riomsa, a Mhuire mhór’ (1970). In: Irish Bardic Poetry‍. Ed. by Osborn Bergin. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies, pp. 94–100.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402220,
  editor 	 = {Osborn Bergin},
  title 	 = {Éistidh riomsa, a Mhuire mhór},
  booktitle 	 = {Irish Bardic Poetry},
  editor 	 = {Osborn Bergin},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Dublin Institute for Advanced Studies},
  date 	 = {1970},
  pages 	 = {94–100}
}

 G402220.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed.

Normalization: The electronic text represents the edited text.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole poem. Metrical lines and quatrains are marked and numbered; page-breaks are marked.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: Muireadhach Albanach Ó Dálaigh, an Irish bardic poet c.1200–c.1225

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; 13c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2012-06-26: Queries resolved using information from the Bardic Poetry Database at the DIAS website; SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2012-06-23: Header created; file converted to TEI-conformant XML; markup completed; file parsed. (ed. Beatrix Färber)
  3. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402220.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top