CELT document G402223

Tomhais cia mise, a Mhurchaidh

Muireadhach Albanach Ó Dálaigh

Whole text

     p.108

    Tomhais cia mise, a Mhurchaidh

    Muireadhach Albanach cct.

  1. Tomhais cia mise, a Mhurchaidh;
    maith do dhúthchas deaghurchair;
    do chinn t'athair ar aithne
    ar na cathaibh córaighthe.
  2. Cá healadha fhoghnas damh?
    tomhais, mása thú Murchadh;
    eirg is iarfaigh d'Ú Dhálaigh,
    a dheirg lianchair leannánaigh.
  3. Tomhais damh cá baile i mbím,
    a fhir nach uis re hairdrígh;
    tomhais a dtúirim i dtigh,
    a sholais chúilfhinn chneisghil.
  4. Tomhais cá hainm fhuil ormsa,
    a chuilén saor súlghormsa;
    a ghille mhín sholais sheing,
    tomhais cá tír as dtigim.
  5.  p.109
  6. Tigim, a fholt fleasgach fiar,
    tar Muir dtaobhsholas dToirrian;
    atú ag tiomcholl an domhain,
    a chnú d'fhionncholl fhoghamhair.
  7. Muireadhach Albanach mh'ainm,
    a ghille náraigh neamhghairbh;
    gairid Clann Bhloid inn ré n-ais,
    dar linn, gidh goid do-ghénmais.
  8. Falmaire agus fear dána
    labhras réd ghnúis ghealmhálla;
    tabhair ní dhamhsa ar mo dhuain,
    is almsa í i n-énuair.
  9. Donnchadh Cairbreach is Clann Táil
    do-ní ar dtarmann 's ar dtógbháil;
    tusa mac athar is fhearr,
    a shlat d'achadh na hÉireann.
  10. Ní fhaca riamh a rosg corr,
    níor cheanglamar ar gcomann:
    a Mhurchaidh, a mhinn na súl,
    budh cumthaigh inn ag iompúdh.
  11. Suidhfe i Mumhain, a Mhurchaidh,
    sgothaigh fhéraigh fhionntulchaigh;
    suidhfe, a Mhurchaidh, sa Mumhain,
    ar a tulchaibh tiobradhaigh.
  12. Urthain t'einigh nochan fhuil
    ar maigh Mhumhan, a Mhurchaidh;
    ní shaoilim t'urthain d'eachaibh,
    a Mhurchaidh, ag Muimhneachaibh.
  13. Do-bhér anmanna oile
    ortsa, a í Bhriain Bhóroimhe;
    dot ainm baiste atáim re treall,
    a ghaiste áigh na hÉireann.
  14.  p.110
  15. A Chú Chulainn ar chleasaibh,
    a Osgair ar imreasain,
    a í Dhuibhne an táidhe theinn,
    ar áille ar shuirghe ar shoicheill.
  16. A Chearmaid ar chaoine nglóir,
    a mheirge dhualach dhonnshróill,
    a Ábhartaigh, a shaoir sheing,
    a chaoimh ábhachtaigh fhoirteill.
  17. A Bhuidhbh Dheirg ar dheirge ngruadh,
    a Mhanannáin ar mharcshluagh,
    a chiabh fholláin ar fhighe,
    a Mhongáin ar mhaisighe.
  18. A Mhidhir mheic an Daghdha
    ar ábhacht, ar urlabhra;
    id chéibh fhighigh nochan uil
    acht réim Mhidhir, a Mhurchaidh.
  19. A Mhurchaidh, a mhala dhonn,
    do-bhér do chédainm chugam;
    cóir fuilleadh mór dod mholadh,
    ní bruinneadh d'ór aonghoradh.
  20. Gorm do shúil, bán do bhráighe,
    a rí Sionna sreabháille,
    geal do ghlac, tana do throigh,
    ragha na mac 'gud mháthair.
  21. Gile do thaobh ioná an tonn,
    buidhe th'urla ioná an t-ubhall,
    caise t'urla ioná an snas slán,
    blas an chumhra ar do chomhrádh.
  22. Fraoch an earraigh ar th'armaibh,
    ar h'innsgne 's ar h'urlabhraibh;
    fraoch gríbhe id cholainn i gcath,
    míne cholaim red chumthach.
  23.  p.111
  24. Beirse leat uaim it ainm féin
    a Mhurchaidh mheic Bhriain bhuinnréidh,
    beir go daith athdroing oile,
    maith an acmhaing fhalmaire.
  25. Do-bhér do dhearbh, a dhéd glan,
    aor agus í 'na moladh,
    a shlat chuanna na gciabh dtrom,
    nocha gcuala riamh romham.
  26. Oineach Ghuaire, a ghnúis leabhar,
    rét éigsibh, rét fhileadhaibh;
    time Chonaill chaoimh Chearnaigh
    id cholainn shaoir shoidhealbhaigh.
  27. Mineas Chonchubhair na gcath,
    is Con Raoi na rosg mongach,
    is Con Culainn na gceardadh,
    nár fhulaing a imdheargadh.
  28. Ainm iarmhaoi Almhaine ort,
    míndealbh Oisín dá adhart,
    is anáir an fhir Osgair,
    a bhranáin ghil ghormrosgaigh.
  29. Mineas Meic Lughach na lann,
    a rí Cliach, ar do chumann,
    is meic Lir do luaidh greagha,
    mo chin fhuair na haisgeadha.
  30. Béra aisgeadha áille,
    nós is cruth is comhláine;
    mac brughadh nocha bhí it toigh,
    acht rí Mumhan, a Mhurchaidh.
  31. A Mhurchaidh mheic Bhriain í Bhriain,
    a chrann fíneamhna a finnChliaigh,
    a gcuire d'armaibh tar ais,
    duine ar talmhain ní thomhais.
  32.  p.112
  33. Ceadaigh dhamhsa dul dom thír,
    a Dhonnchaidh Chairbrigh chneismhín,
    i nAlbain bhfeadhaigh bhféraigh
    bhfleadhaigh n-ardaigh n-oilénaigh,
    mo ruaig i nÉirinn tar mh'ais,
    ní huaid téighim, is tomhais.
    Tomhais.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Tomhais cia mise, a Mhurchaidh

Author: Muireadhach Albanach Ó Dálaigh

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Beatrix Färber

Funded by: School of History, University College Cork

Edition statement

1. First draft.

Extent: 1255 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland.—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2012

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402223

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript sources

  1. Maynooth, Russell Library, C 83 (i), by Eugene O'Curry; 19th century.
  2. London, British Library, Additional 19,995; 15th century.
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 493 (olim 23 C 18), M. mc P. Uí Longáin; 1766.
  4. Dublin, Royal Irish Academy, MS 253 (olim F vi 2), M. Óg Oacute; Longáin; 1813.
  5. Maynooth, Russell Library, M 1, Micheal Óg Oacute; Longáin; 1818.

The edition used in the digital edition

‘Tomhais cia mise, a Mhurchaidh’ (1970). In: Irish Bardic Poetry‍. Ed. by Osborn Bergin. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies, pp. 108–112.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402223,
  editor 	 = {Osborn Bergin},
  title 	 = {Tomhais cia mise, a Mhurchaidh},
  booktitle 	 = {Irish Bardic Poetry},
  editor 	 = {Osborn Bergin},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Dublin Institute for Advanced Studies},
  date 	 = {1970},
  pages 	 = {108–112}
}

 G402223.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed.

Normalization: The electronic text represents the edited text.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole poem. Metrical lines and quatrains are marked and numbered; page-breaks are marked.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: Muireadhach Albanach Ó Dálaigh, an Irish bardic poet, after his return to Ireland from exile. c.1200–c.1225

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; 13c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2012-07-04: Queries resolved using information from the Bardic Poetry Database at the DIAS website; SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2012-06-26: Header created; file converted to TEI-conformant XML; markup completed; file parsed. (ed. Beatrix Färber)
  3. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402223.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top