CELT document G402242

Bí ad mhosgaladh, a mheic Aonghais

 p.162

unknown

Whole text

    Bí ad mhosgaladh, a mheic Aonghais

  1. Bí ad mhosgaladh, a mheic Aonghais,
    ionnsuigh Fódla na bhfonn sídh:
    dod dearc úaine ní tráth tathaimh,
    a shnáth úaime Achaidh Úr.
  2. Cian le hÉirinn an fheóir mhilis,
    a mheic Aonghuis adhnas goil,
    fad do chadail a gCeann Tíre
    eang abaigh fán míne moir.
  3. Gabh do bhrosdadh, ná bí ad chodladh,
    cabhair Óle, a earla nocht,
    tabhair thíarain do Thoigh Fhéilim
    iarraidh soir ag Éirinn ort.
  4. Ná déna thoir tathamh súaimhneach,
    ar sén tturais tríall a le:
    d'úaim na ríghi gabh do ghormlainn,
    sgar re hÓle ttonnmhoill dte.
  5. Mosgail th'aigneadh, eirg ad lúireach,
    ná léig codladh, a chruth fial,
    do ríoghraidh choirmthinn chláir Óle;
    cáir oirchill na ríghi ríamh.
  6. Beir ar chraoisigh na gcáor neimhe,
    nocht do bhrataigh 'na biasd sróill:
    menic sein a bfeidhm dá féghain—
    beir ar fheilm an énaigh óir.
  7.  p.163
  8. Toir ar deaghuair, a dhreach áilghin,
    eirg san Iobhraigh nár airg chill:
    cuir ar an dtuinn an mbáirc mbréidghil
    do dhruim an tráicht éignigh fhinn.
  9. Cuir an siothbháirc ar sén úaire,
    a ua Colla chorcras thír,
    ó chalaidh, a hucht an Athar,
    tabhair ucht ar Achadh Úr.
  10. Bí ar do choimhéad ar chath nDanar;
    do dháil chuice, a chíabh na ndrong,
    do-chualaidh críoch fhionnchorr Éirionn:
    bíoth ad thiomchall léibhionn long.
  11. Aithnidh d'Éirinn, giodh iúl fada—
    Fionn mac Cumhaill do chan súd—
    do bheith tar sál ar thí teachta;
    Clár Dá Thí ar an eachtra úd.
  12. Ar do leithéid, lór dod mhaoidheamh,
    mac Cumhaill na gcraoisioch ndonn,
    feacht n-aon do labhair a Laighnibh,
    craobh tharaidh do thairrngir tonn.
  13. Laithi a nAlmhain na n-eas ttirmgheal
    do thairrngir Fionn, fíor an sdair,
    go ngébdais Danair Clár Criomhthain;
    glár falaigh ní hionchuir air.
  14. 'Beid Gaoidhil a nglasaibh Danar,'
    adubhairt Fionn, folt na gcorn;
    'líonfuid Saxain ar fheadh nÉireann,
    gasruidh mear na ngéibhionn ngorm.'
  15. 'An bhfuil choidhche', do chan Oisín,
    'ar fhóir nDanar, día do ghúais,
    fortacht a ndán d'inis Eachaidh,
    clár milis go gceathaibh cnúais?'
  16.  p.164
  17. Do ráidh Fionn ag freagra dh'Oisín,
    'D'furtacht Gaoidheal na ngleó mear
    tiocfa cabhlach tar sál sreabhruadh
    go Clár n-abhlach mbeannbhúan mBreagh.
  18. 'Fóirfidh Fódla', ar Fionnmhac Cumhaill,
    'ar chathuibh cniocht chleachtus gúais,
    maicne bhus orra re héachtuibh,
    aicme Cholla éachtaigh Uais.'
  19. 'Cia dá gcreidfid', do chan Oisín,
    'an ealta churadh cholg sídh,
    anoirin a ttráigh mar thríallfuid
    do shoighin Chláir íathbhuig Úr?'
  20. Gég díobh féin', ar Fionnmhac Cumhaill,
    'creidfid dó, ní damhna bróin:
    as fáoi chláonfas Fine Féilim,
    bile sháorfas Éirinn óigh.'
  21. Ar Fionn, 'D'furtacht Innsi Banbha
    bíaidh íar n-uair, nochan iúl claon,
    rí dhíbh féine ar chloinn na gColla,
    croinn réidhe nach orra áor.
  22. Fionn mac Cumhaill nár char máoine,
    a mheic Aonghuis fhuilngios frais,
    do chlú níor úaisligh gan adhbhar;
    tú an úairsin do labhradh lais.
  23. Cuir a gcrích ar chan an fáidhsin,
    fóil ar Bhanbha na mbrogh bfionn,
    ná dearg a ghruaidh um Ghort Éibhir
    ort do lúaidh an féinnidh Fionn.
  24. A Shémais, a shúil le flaithios,
    fóir a hAlbain na n-eas mbinn
    ar Bhóinn ttrédghlain na dtrágh sídhe;
    ná brégnaigh glár fíre Finn.
  25.  p.165
  26. Ná brégnaidh briathra na ndeighfhear,
    ar do dhearc bhós ná bíoth sgís;
    nél ríogh ós do chionn do-cíthear;
    do-chíodh Fionn as Fítheal fís.
  27. Ná brégnaigh Flaithrí fúair creideamh,
    ná Cathbhaidh dár chreidsiod rígh:
    ná héiligh Flann Fíona an file,
    a chrann díona Thighi an Trír.
  28. A Shémais, a sheabhaic Bóinne
    ná brégnaigh choidhche, cúis tnúidh,
    díoghrais glóir Chormaic ná Chiothruaidh
    fá Bhóinn n-orrdhraic n-iothbhuain n-úir.
  29. Deacair thrá, gé tám dod bhrosdadh,
    dod bhais leabhair lingios chrích,
    a mhúr clíachdha Chláir Logha,
    briathra cáigh do chora a gcrích.
  30. Deacair duit trá tabhairt th'aire
    d'Éirinn uile, a earla nocht:
    ó's dá rádh lé frosMhagh bFiachaidh
    cosnamh dhá chlár d'fiachaibh ort.
  31. Deacair duitsi a ndídion uile,
    imle Banna ar bhaidhreadh cáigh,
    is ceann Tíre is dlúthghort Doire,
    Úle is úrphort Mhoighi Máil.
  32. Críoch Bhanbha na mbuinne líggeal,
    is leath Alban, ní hiúl clé,
    do chairt ag labhra ar áon ortha,
    a chráobh abhla Tholcha Té.
  33. Deacair duitsi dol dá maithiomh,
    's as mór ndochar dod dhreich mhín
    an dá íath d'ionnramh ré roile
    a sgiath biodhbhadh Thoighe an Trír.
  34.  p.166
  35. A Shémuis, a shearc na n-áoigheadh,
    a eó Duibhlinni, a dhearc mhall,
    a mhír cruadha dár fháomh Úle,
    a cháor bhúadha an tíre thall.
  36. A chéim romhat, a rinn ghábhaidh,
    a ghrádh einigh, a fhúath séad,
    a dhortadh cru, a omhain áoigheadh,
    a chnú thoraidh Ghaoidheal nGrég.
  37. A bhláth cumhra Chloinne Domhnaill,
    a dhamh dealbhach Innsi Fáil,
    a láogh na hoighi ó íadh Muile,
    a ghrian sgoile Mhuighe Máil.
  38. AShémuis mheardha mheic Aonghuis
    fhóirfios Banbha, bean Dá Thí,
    Ar Bhóinn ghrianaigh na bfeadh bfionnghlan
    ag iarraidh cean bhiodhbhadh bí.

  39. Bí.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Bí ad mhosgaladh, a mheic Aonghais

Author: unknown

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Benjamin Hazard

Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CELT Project

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 1525 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland.—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2003

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402242

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript source

  • Dublin, Royal Irish Academy, MS A. IV. 3, pp. 820-22.

The edition used in the digital edition

‘Bí ad mhosgaladh, a mheic Aonghais’ (1970). In: Irish Bardic Poetry‍. Ed. by Osborn Bergin. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies, pp. 162–166.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402242,
  editor 	 = {Osborn Bergin},
  title 	 = {Bí ad mhosgaladh, a mheic Aonghais},
  booktitle 	 = {Irish Bardic Poetry},
  editor 	 = {Osborn Bergin},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Dublin Institute for Advanced Studies},
  date 	 = {1970},
  pages 	 = {162–166}
}

 G402242.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text.

Quotation: Quotations appear within single inverted commas.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the poem. Pagebreaks, metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By an unknown Irish bardic poet. 1200–1600

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry

Revision description

(Most recent first)

  1. 2012-07-07: Minor correction made to header. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-11-11: New wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-11: Minor changes to header, keywords added; linebreaks re-arranged; dates added. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T16:12:27+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 2003-05-15: Minor changes to header; HTML file created. (ed. Beatrix Färber)
  7. 2003-05-14: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified; text parsed using NSGMLS. (ed. Benjamin Hazard)
  8. 1995: Text captured by scanning and proofed. (ed. Staff at the School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402242.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top