CELT document G402244

Ceannaigh duain t'athar, a Aonghas

unknown

Whole text

     p.170

    Ceannaigh duain t'athar, a Aonghas

  1. Ceannaigh duain t'athar, a Aonghas,
    agad atá teach an ríogh:
    as tú fréamha is bláth an bhile,
    adéara cách dlighi a dhíol.
  2. Agad do fhágaibh a láithreach,
    leat gach lúireach leat gach séad,
    a áit a luirg 's a chloidhmhe corra
    dhuit 's a fhoirne donna déad.
  3. Leat slabhraidh cáola con t'athar,
    gach arg cumhdaigh ar do chuid,
    a thoighi 's a cháin gan chomhroinn,
    táin is groighe Dhomhnuill duid.
  4.  p.171
  5. Agad do fhágaibh gá thiomna
    gach teach ó Mhuile go Maoil;
    leat a longa uadh, a Aonghais,
    a stuagh Droma craobhghlais Chaoin.
  6. Leat a oiriocht 's a eich lúatha,
    leat a bhíataigh gan bhúain díot:
    as tú an mac as ceann dar gcathuibh,
    as lat ar gheall h'athair d'íoc.
  7. Adaimh go ndlighi díol mh'éicsi,
    a onchú Banna, a bharr nocht:
    gabh sgél eile mona admha,
    do-bhér th'eire d'agra ort.
  8. Tnúth leamsa édáil na n-ollamh
    úait, a leómhain Locha Cé:
    gá fios an tnúth cáir, a chara,
    do mhúch gráin an mhara mé.
  9. Coire dhá Ruadh, a rí Túama,
    atá eadroinn, eagail linn,
    Coire Bhreacán blagh dar gconair,
    do ghabh creatán omhain inn.
  10. Ní lugha as cás Coire Bhreacáin
    do bheith romhainn, a rí Ceóil:
    a úabhar an tann as teasbhach
    ag sdúaghadh crann seasmhach seóil.
  11. Canaim ar omhan an anfaidh,
    a fhir Chola charuid mná,
    tar an gcúan go hÁonghas Íle
    trúagh nach áonfhras tíre atá.
  12. An dara cos 'gá cur romhum,
    a rí Leódhais, isin luing,
    an dara troigh thíar ré taca,
    ag tríall soir, a dhata dhuinn.
  13.  p.172
  14. Dobadh olc meisi ar mhuir ngáibhthigh
    do ghabháil ráimhe, a rosg gorm
    bím ar abhainn chiúin ar creathaibh,
    mar ghabhuim sdiúir eathair orm.
  15. Gá córughadh budh cóir orum
    ní fhedar ré ttocht tar tuinn:
    ní fheadar an budh fhearr suidhe,
    eagal leam luighi san luing.
  16. As é mo ghreim ghabhuim chugum
    chongmhas an loing, a fhlaith Fáil:
    go nach brisi tolg na tuinne,
    misi is bord na luingi um láimh.
  17. Fiarfaighthior 'nar fearann dúthaigh
    dénamh na loingi, a fhlaith Gall:
    ní mór as léir as don fhairrgi
    don thsléibh chas as airde ann.
  18. Dámadh tír go turgbháil gréini,
    gáibhthighi leam dar do láimh,
    a bhfuil, a Áonghais, go hAlbain
    do mhuir bhráonghlais bhalgaigh bháin.
  19. Targuidh h'athair, áobhdha an brégadh,
    mo bhreith um luighi 'na luing:
    peall fúinn ó Albain go hÉirinn
    targuidh dúinn ó céibhfinn Cuinn.
  20. Mo ghoid as gan a fhios agum
    do fhóbair rí na rosg ngorm
    cealg ro cogradh 'gon mhór mhíolla
    codladh íar n-ól fhíona orm.
  21.  p.173
  22. Miosguis leam na láoidheng seólta,
    slat do luingi nochar lúb:
    a mheic Domhnaill a Céis Cairrgi,
    do ghéis tonndruim fairrgi fúd.
  23. Bualadh cladaidh, creacha minca,
    mían libhsi ar an luchtsa thall:
    meinic ón linnsi lán fala
    lámh re hInnsi glana Gall.
  24. Tánaguis a ttimchiol Éirionn;
    uathadh tráigh nach ttugais bhú:
    seoltar lat longbhárca leabhra,
    dobhránta, a shlat Teamhra, thú.
  25. Do Loch Fheabhail, d'Iorras Domhnann,
    dírioch úaibh a hInnsibh Gall:
    caladh Iorruis, is fúar fíre,
    do fhionnais slúagh Íle ann.
  26. Sluagh Íle leat láimh lé hÁroinn,
    d'fios a lámhaigh go Loch Con:
    bearar 'gon tslúagh fhinnsin Íle
    búar a hInnsibh míne Modh.
  27. Corcum-rúadh ráinig bhur gcobhlach
    Corca Baisginn ar a brú:
    Ó Bhun Gaillmhi go Cúil gCnámha
    maighre súir gach trágha thú.
  28. [Oighre] Manannain mac Domhnaill
    fá Dhun Balair do bhí a throid:
    [ó] ttánuic, a shlat gheal Ghabhra,
    an mac do bhean Banbha a broid.
  29.  p.174
  30. As úaibh táinig Colum Cille
    afar gcabhair thairis fo thrí:
    fir Éirionn do dhíol an dúainsi,
    léighionn do shíol úaibhsi í.
  31. Bhar seanathair síol gColla
    Coirbre Lifiochair, laoch Mis:
    do bhás uí Chuinn catha Gabhra
    druim ratha Banbha do bhris.
  32. Turcuill, Íomhair, agus Amhláoimh
    iomad, a láoich Locha Ríach,
    tonn bhrátha an talmhan ar troimnimh,
    damhradh Atha coillghil Clíath.
  33. Clanna Somhuirle, síol nGofraidh,
    ór ghin tú, nár thaisigh bhú,
    a lubhghort cuir, a chráobh abhla,
    sáor gach fuil ó a ttarla thú.
  34. Síol gCeallaigh iomad a hÉirinn,
    Oirghiallaigh a hInnsibh Líag,
    na cráobha caibhniosa ad-chluine,
    do thaidhliossa uile íad.
  35. Ní fhuil a nÉrinn ná a nAlbain
    Aonghas mar thusa, a tháobh seang:
    Aonghais fháid bhráonghlais an Bhrogha,
    láid, a Aonghais, comha ad cheann.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (firstline): Ceannaigh duain t'athar, a Aonghas

Author: unknown

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Beatrix Färber

Funded by: School of History, University College Cork

Edition statement

1. First draft.

Extent: 1380 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland.—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2012

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402244

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript sources

  1. Dublin, Royal Irish Academy, MS 743 (olim A IV 3 (A)), pp 859-60, paper, 17th century.
  2. Dublin, Royal Irish Academy, MS 490 (olim 23 N 15), p 166, written in 1761 by Mícheál mac Peadair Uí Longáin.
  3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 256 (olim 23 G 23), p 75, written in 1801 by Mícheál Óg Ó Longáin.
  4. Dublin, Royal Irish Academy, MS 253 (olim F VI 2), p 246, written in 1813 by Mícheál Óg Ó Longáin.

The edition used in the digital edition

‘An Address to Aonghus of Islay’ (1970). In: Irish Bardic Poetry‍. Ed. by Osborn Bergin. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies, pp. 170–174.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402244,
  editor 	 = {Osborn Bergin},
  title 	 = {An Address to Aonghus of Islay},
  booktitle 	 = {Irish Bardic Poetry},
  editor 	 = {Osborn Bergin},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Dublin Institute for Advanced Studies},
  date 	 = {1970},
  pages 	 = {170–174}
}

 G402244.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read and parsed.

Normalization: The electronic text represents the edited text.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole poem. Metrical lines and quatrains are marked and numbered; page-breaks are marked.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By an unknown Irish bardic poet.

Date: c.1250

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; 13c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2012-07-10: Queries resolved using information from the Bardic Poetry Database at the DIAS website; SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2012-07-10: Header created; file converted to TEI-conformant XML; markup completed; file parsed. (ed. Beatrix Färber)
  3. 1995-96: Text captured by scanning and proofed. (ed. School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402244.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top