CELT document G402295

Féach féin an obair-se, a Aodh

unknown

Edited by Thomas F. O'Rahilly

Whole text

     p.55
  1. Féach féin an obair-se, a Aodh,
    a mhic Bhriain, a bhláth fionnchraobh,
    a ghéag amhra is uaisle d'fhás,
    san uair-se tharla ar Thomás.
  2. Luathaigh ort, ainic mise,
    má tá tú ler dtairise;
    ag so síodhruire bruaigh Bhreagh
    uaibh dom fhíorghuidhe ós íseal.
  3. A mhic Bhriain, a bhrath mh'éigse,
    más díth leat mo leithéid-se,
    dom chabhair, a chaomhshlat ghráidh,
    labhair le saormhac Siúrtáin.
  4. Innis dó, re gcur 'na cheann,
    nách mór dhaoibh, d'éigsibh Éireann,
    mar ghné sheise ó chraoibh Charadh
    meise dhaoibh do dheónaghadh.
  5.  p.56
  6. Ar mo thí an tan-sa ó tharla
    mealltóir an uird ealadhna,
    bíodh go ngeallfadh sé mar soin,
    nách meallfadh mé ná measaidh.
  7. Da meastá, ní meastar liom,
    gadaighe fhileadh Éireann,
    béidleómhan do thuair mo thoil,
    nách éigneóbhadh uaim mh'aontaidh.
  8. Dá mealltaoi ar aoi n-annsa
    na háith, a Aodh, oramsa
    le brath soibheart cuaine Cuinn,
    toidheacht uaidhe ní fhéadaim.
  9. Minic tig ar thí ar mbréagtha
    Tomás i dtlacht uaithbhéalta,
    do cheilt ar saoireachtra sunn,
    i mbeirt dhraoidheachta im dhóchum.
  10. Minic tig athaidh oile
    rem ais d'eitill sheabhcaidhe
    i measg cáigh d'fhuadach mh'annsa
    'na ghruagach cháidh chugamsa.
  11. Mar mhnaoi tháidhe i dtuighin fir
    minic tig sé dár soighin
    le briocht druadh, le diamhair ndán,
    dom iarraidh uam ar éaládh.
  12. Tig i ndeilbh dhaonna dhuine,
    tig fós i bhfoirm síodhaighe,
    tig uair i n-ionnas taidhbhse;
    cionnas uaidh do anfainn-se?
  13.  p.57
  14. I gcéin ar chogadh clann Néill
    gluaistear leis, cuid dom chaithréim;
    sínidh ar óigh dhearbhtha dhe
    i ndóigh go meallfa mise.
  15. It éagosg-sa, a Aodh Uí Ruairc,
    minic tig sunn ar saorchuairt,
    draig ciúntláith ór doilghe dol,
    oighre Siúrtáin dár siabhradh.
  16. Tig dá theacht 'na Thomás féin
    mo chur seocham ar saoibhchéill,
    nó gur sguch mh'annsa dhá halt;
    damhsa ní guth a ghluasacht.
  17. Muna bhfuil intleacht éigin
    agaibh d'fhurtacht mh'fhoiréigin,
    a sheise, a sheangadh ar ngráidh,
    do mealladh meise, a mhacáimh.
  18. M'iomlat eadraibh níor fhéad sinn:
    do shearc-sa, a Aodh, im intinn
    ar aoi gur hiarnadh 'na shás,
    dom shiabhradh a-taoi, a Thomás.
  19. Da mbeith sochar ruibh a rádh,
    coisg dhínn, a dheighmhic Siúrtáin,
    a rún cháigh gan chlaon n-irse,
    ná cráidh Aodh fám aithghin-se.
  20. A Thomáis, a thocht meanmnach,
    a bhráighe ghill Ghoisdealbhach,
    sguir dhín, ní fheallabh ar mh'fhior,
    sín ar mhealladh na maighdean.
  21.  p.58
  22. Ní hionann mé is mná málla
    mhealltaoi, a óig andána;
    mo shiabhradh ní dáigh dhuibhse,
    a ghrianghal sháimh shamhraidh-se.
  23. Ná creid cách, ní meirdreach mé;
    óg fuaras fios mo chéile;
    fada ó tharla Aodh ormsa;
    th'fhabhra ná claon chugamsa.
  24. Bhar bhfé fia ní feirrde dhuit,
    aithnim thú d'aimhdheóin h'iomlait;
    a bhradaire, ná mill mé;
    fill, a ghadaighe an gháire.
  25. Cosg th'álghais uaim ní bhfuighe,
    a bhraidín, a bhréagaire;
    let uaisle ná mearaigh mé;
    buail-se um cheanaibh gach críche.
  26. A shaoirmhic Shiúrtáin bhuidhe,
    a bhláth coilleadh cumhraidhe,
    ar ghaol, ar chrodh ná ar choimse
    dol ó Aodh ní fhéadaim-se.
  27. Ar n-aonta ó nách uair tusa,
    crom ar do cheird dúthchasa;
    móraigh brígh an Chraoi-se Cuinn,
    a Naoise ó nÍr ar fhoghlaim.
  28. A Mhanannáin múir Logha,
    a Aonghais an fhionnBhrogha,
    a Shioghmhaill na gceard gcuimse,
    a Fhionnbhairr chealg gcogair-se.
  29.  p.59
  30. A eagna Chormaic uí Chuinn,
    a fháithchiall oighre Cumhaill,
    a sheinm cor, a cheard Guaire,
    a fhearg Con na Craobhruaidhe.
  31. A thuairgnidh coitcheann catha,
    a mhéadaightheóir mórratha,
    a linn na n-uile n-ana,
    a chinn uidhe an eangnamha.
  32. A chrann seasmhach seóil troide,
    a rún díobhaidh dochraide,
    a bhrúcht buinne, a bheadhg nimhe
    a fhearg tuinne tairpighe.
  33. A theanchair ghríosaighe an ghráidh,
    a ghlór le mbréagthar bandáil,
    a phost gáidh cagaidh d'íbh Cuinn,
    má táim agaibh, ní admhaim.
  34. A Thomáis, d'aithle mh'ionnlaigh,
    a chuingidh chrú Choisdealbhaigh,
    atá ar gcridhe dhá rádh rinn,
    do ghrádh d'ibhe, dhá n-ibhinn.
  35. Mo bheannacht leat óm lántoil,
    a dheaghua dil Dubháltaigh;
    a bhúidh bharrghloin, ná bréag mé,
    ná damnaigh d'éad ar nAoidhne.
  36. Sgarthain libh gidh tuar tuirse,
    ag so Aodh dom fhéachain-se;
    luathaigh thoram (truagh an airc!),
    mo-nuar, oram ná hamhairc.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Féach féin an obair-se, a Aodh

Title (firstline): Féach féin an obair-se, a Aodh

Author: unknown

Editor: Thomas F. O'Rahilly

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Beatrix Färber

Funded by: University College Cork, School of History

Edition statement

1. First draft.

Extent: 1329 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland— http://www.ucc.ie/celt

Date: 2015

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402295

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only. The text is reproduced with the kind permission of the estate of Thomas F. O'Rahilly.

Source description

Manuscript source

  • Dubin, Royal Irish Academy, 1382 (olim H 5 9), Toirdealbhach O'Reilly 1684.

Editions and translations

  1. Thomas F. O'Rahilly, Dánta Grádha: an anthology of Irish love poetry (A.D.1350-1750), second edition (Cork 1926).
  2. E. J. Gwynn, 'Thomas Costelloe and O'Rourke's Wife', Ériu 9 (1921–23), p. 2.

The edition used in the digital edition

‘Féach féin an obair-se, a Aodh’ (1926). In: Dánta Grádha‍. Ed. by Thomas F. O’Rahilly. Cork: Cork University Press, pp. 55–59.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402295,
  editor 	 = {Thomas F. O'Rahilly},
  title 	 = {Féach féin an obair-se, a Aodh},
  booktitle 	 = {Dánta Grádha},
  editor 	 = {Thomas F. O'Rahilly},
  address 	 = {Cork},
  publisher 	 = {Cork University Press},
  date 	 = {1926},
  pages 	 = {55–59}
}

 G402295.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked; and proof-read once.

Normalization: The electronic text represents the edited text.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the poem. Page-breaks, metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By an unknown bardic poet. 1625–1675

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry

Revision description

(Most recent first)

  1. 2015-06-09: Header created; file proofed (1) and encoded, parsed and validated, SGML and HTML versions created. (ed. Beatrix Färber)
  2. 1998: Text captured by scanning. (ed. Students at the CELT project)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402295.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top