CELT document G402362

Toitean Tighe Fhind

unknown

Edited by Edward J. Gwynn

Whole text

     p.16 118
  1. Truagh annsin a láithrech lis
    mar a ndernas an aingcis
    atáid ronna bhar séala
    mebhair liom a ndroch-sgéala.
  2. Méala liom do bheith mar sin
    a laithrech bhuadhach bharrghlain
    Clann Morna fa lig 's fa lecht
    tugais comhlomm a láithrech.
  3. Do rádh Ailbhe cuimhin linn
    guais an áith a bhfaghthar sinn
    dá ttigedh aoinnech tar ler
    ní fhágdadh ben dinn 'ga coimhfher.
  4. Do rádhsat na mná go fíor
    re hinghin daithghil an ríogh
    ó nach fuil comhghar dhar gcóir
    féacham conghnamh ar seanóir.
  5. Leigem gáir catha gan cheilg
    fan mbruithchim slaitghil shróilldeirg
    go bhféchamaoid ca posta is fearr
    dhar bhfosta a n-iath Éirenn.
  6. Garaid mac Morna Laoch Lonn
    dá gcluinfedh gair éagcomhlonn
    do thiucfadh gan cheilg fon gáir
    's do beartuighedh leis ar luthgháir.
  7.  p.18
  8. Cenglam a fhionna 's a fholt
    do thaobh na bruighne go docht
    co nach tiubhradh a réir linn
    ó tharla 'na shuain toirchim.
  9. Do chengladar na mná go fíor
    mac Morna ba mór an gníomh
    's do leigset gáir catha gan chóir
    dar bfáthaibh adhbhar dobhróin.
  10. Phreabas Garaidh risan gáir
    fágbhus fholt 's a fheóil go cnáimh
    dochuaidh fona mnáibh amach
    níor bhráth sin dha mbeith díomsach.
  11. Adubhairt dha gcur san dún
    dob é turus gan iompughadh
    bhar ngáir mhagaidh daoibh budh nár
    biaidh sibh ar mhaidin bhar ttenál.
  12. A shenóir chríon bí-se ad shost
    leig-se dhúinne ad thegasg
    dodhéan-sa míodhuaill ar sin
    criothfhúar mná d'éis a foilce.
  13. Cia atáimse am shenóir tréith
    is fada ó ghlacas mo sgéith
    dígheóladh oruibh bhar sgige
    lasfad ceann an athainne.
  14. Éirghes Garaidh thall astoigh
    gabhas n-a láimh tuaigh chonnaidh
    do bhain san gcoill gan tshéna
    naoi ngúala fuinnsiona imthréna.
  15.  p.20
  16. Faduighes tine san tigh mór
    ón lár go soiche a ghurgón
    dochuir mór-dhóith ar an tech
    níorbh é an senóir trócairech.
  17. Iadhas secht ndoirse thighe Finn
    chuir secht nglais ar gach ursain
    doghnídh tine dha marbhadh
    dha ttáinig a moir-dheacra.
  18. Leig mise amach ar m'athair,
    ar inghen ui Choinn chéadchathaich
    orm féin is ar bhuidheachas Fhinn
    a Gharaidh uasail fhoiltfhinn.
  19. Ní leigfed thú amach ar t'athair
    a inghen ui Choinn chéadchathaich
    ort féin ná ar bhuidheachas Fhinn
    thusa amach nocha leigfinn.
  20. Leig-se ben Chonáin an áigh
    amach is ben Chaoilte an chonádhaich
    is ben mhic Reaithe abhus
    cumann cleithe nocha ndernus.
  21. Tar amach a bhen mhic Reithe
    mad áil lat cumann cleithe
    ó nach fuil mac Reithe abhus
    ní bfuilim féin dhom chumus.
  22. Gabh coibhche a Gharaidh na nglonn
    ar deigh-inghen Chormaic ui Choinn
    lán doirn dha bhfuil san dún
    do leigen let gan iompughadh.
  23.  p.22
  24. Do gheall Garaidh coibche chóir
    dona mnáibh gion gur chomhall dhóibh
    go bfeca dúal ó gach mnaoi
    'na glaic chuanna don chéad-mhnaoi.
  25. O d'chonnairc Garaidh nár mhín
    a raibh astigh do chlannuibh rígh
    a ndiaigh na dála gan ghus
    do iadh go dána an dorus.
  26. Narab beó Garaidh go bráth
    ó táthaoi-se astigh go teann
    ma leigenn duine astech
    ná duine amach dha bfuil ann.
  27. Gluaisighes Garaidh isin ghlenn
    mar bhí an tigh ag tuitem
    a nglenn Cuaich san Mumhain amuigh
    do choduil 'na dheghaidh-sin.
  28. Iongnadh an ní tarfás dam
    do ráidh Fionn Féinne Gaodhal
    gáir con is ban is daoine
    dha losgadh 's ag éagcaoine.
  29. Créad an ceó-so chugainn aniar
    do ráidh Fionn flaith na bFian
    is ceó éagcosgartha dha chur
    nó tighe dha géarlosgadh.
  30. Tugamar léim iongantach áigh
    fágbhamaoid ar seilg gach áird
    's ní bfuaramar dhar ttighthibh shoir
    acht bun gach cleithe a ttalmhuin.
  31. Do chuir gach fer crann a shleighe
    fán mbantracht is fán móirthine
    's ní bfuaradar dha mnaibh ghrádhach
    acht oirdinid dubha tóiteáin.
  32.  p.24
  33. An bás-sin fuair Lughaidh
    níor bhás cnesda do churaidh
    a éag do chumhaidh a mhná
    Lughaidh géar mac Lúchormáin
  34. Ní raibh Fionn na Féinne
    'na bhethaidh gé bhí dhá héise
    nert mná seólta fá n-a chéile
    ní raibh san bflaith Féinne,
  35. Loisgther annsin mbruighin shiar
    ben is fearr do bhí ag Fionn riamh
    fa solus a gruaidh 's a glac
    Ailbhe áluinn ghruaidhbhrec.
  36. Do loisgedh ann dhá each Fhinn
    agus a charbad ard aoibhinn
    budh mhór esba an tighe
    do mhac Cumhaill Almhuine.
  37. Do loisgedh céad sgiath dualach
    is céad cotún cathbhuadhach
    is dha chéad lúithrech is dhá chéad lann
    is dha chéad sgabal is cathbharr.
  38. Do loisgedh céad ech díola
    fa eachuibh an áird-ríogha
    gona n-uchtachuibh gloine
    gona srianuibh ór-dhaithe.
  39. Do loisgedh thrí chéad cuileán con
    fa mór an esba iad-san
    le Garaidh a mbruighin Fhinn
    do chonuibh áille mhic Cumhaill.
  40. Do loisgedh thrí chéad cisde mór
    do choimhéadach airgid is óir
    do loisgedh 's ní bréag a rádh
    thrí chéad corn 's trí chéad copán.
  41.  p.26
  42. Dobheirim briathar dham Dhia
    fám chloidhemh agus fám sgía
    gur éag dho chumhaidh a mban
    deich gcéad mar Lughaidh Lámhgheal.
  43. Do loisgedh ann cruit Dháire
    do loisgedh suanán Saighne
    an tan do seinntí iad gan gheis
    Fianna Fhinn do chodhla leis.
  44. Do loisgedh thrí chéad senóir seng
    do ríogh-mhaithibh Fhiann Éirenn
    do chlannuibh Griogóil maille
    do chlannuibh bríoghmhara Baoisgne.
  45. Do loisgedh thrí chéad caillech
    san mbruighin álainn ardbhladhach
    is altrom mac righ fa leith
    ar mhac Cumhaill Almhaine.
  46. Do loisgedh thrí chéad inghen maol
    budh sholusda ucht agus taobh;
    budh áluinn an bhantracht chain
    dha loisgedh is dha n-iomghain.
  47. Naoi n-oidhche dhúinne iarsan
    is sinne ag lorgairiocht Gharadh:
    fuaramar Garaidh gairbhliath
    annsin gcarruic ós Chraoibhliath.
  48. Mar chonnarcadar a chéile
    Garaidh is Fionn na Féinne
    días fa calma ar gach casán
    amgar thugsat achmusán.
  49. Sgáth uainne is aithis ort a fhis
    a Gharaidh ghairbh ghnúisghil
    do loisgis ar mná ferda
    dhuit is aibhéis a troimcheasda.
  50.  p.28
  51. Tiaghaidh uainn isin uamhaigh
    drong romhór d'ar sluaghaibh
    gabhaidh an féitech fionnach
    is tabhraidh amach an seinsionnach.
  52. Ós tú fein atá dhom sheilg
    a dheighmhic Cumhaill airmdheirg
    tar isin uamhaigh dham fhionnadh
    is gabh go cruaidh mo sheinfhionna.
  53. Do rádh Fionn flaith Féinne Fáil
    tabhraidh Garaidh libh a láimh
    déanaidh a luighe is a lecht
    mar do loisgedh leis an bantracht.
  54. Deichnemhar is fithche céad
    ochtar agus sé fir dhéag
    do thuit le Garaidh san uamhaigh
    mór an t-armaigh aonuaire.
  55. Thre fhad bhí Garaidh gan bhíadh
    thug urchor uaidh dha sgíath
    do chuir lámh fá n-a bhroinne bháin
    is táinig amach 'na aonarán.
  56. Mían cluiche nó gáire
    's gan a thoil d'aoinní dhá áille
    ní raibh ar Garaidh gharbh
    go bhfeca an bantracht lánmharbh.
  57. Mar do chonnairc Garaidh garbh
    an bhantracht loisgthe lánmharbh
    léiges gáire ós a gcionn
    do chlos fa Fhiannuibh Éirenn.
  58. Aoibhinn liom bhar mbeith mar sin
    an bhantracht do rádh Garaidh
    ionnus nach gnáthóchadh sibh go búan
    fonamhadh fa shenóir lantrúagh.
  59.  p.30
  60. Iarruim d'athchuinge ort a Fhinn
    do rádh Garaidh ó Chroimlinn
    gan mo mhille mór an modh
    go tráth éirghe ar n-amhárach.
  61. Is let an athchuinge sin uaim
    do rádh mac Cumaill armruaidh
    gan do mhille ar an maighin
    go tráth éirghe ar maidin.
  62. Garaidh an oidche sin gan bhíadh
    is dhá choiméad do bhí an Fhíann
    ag éirghe dhon ghréin go moch
    do éaluigh Garaidh fán éadach.
  63. Do éaluigh Garaidh ón bhFéinn
    's níor bhfes do nech díobh a réim
    gan fhios aca ar talmhuin troim
    cár ghabh Garaidh ó Liatroim.
  64. Thar slíabh Tulchon dhó go fíor
    go rainig Tuaigh Inbhíor
    ó Thuaigh Inbhíor na nglonn
    uchán is damhna déarthrom.
  65. Go Magh an Róid thar gach raon
    go Dún Mhacha na mórnaomh
    go Carn Éile inghine Echdach
    gluaisighes Garaidh géir-ethach.
  66. Go Mag an Bhoill bheó 'na réim
    láimh deis le Dún an Laoich Léith
    tarla a nGlenn Beacáin bhinn
    láimh re cenn Locha Liatroim.
  67. Iarsan dhó go hárd ós muir
    do Gharaidh garbh mhalachdhuibh
    teid san uamhaigh do léim
    codlus ann Garaidh gairbhléith.
  68.  p.32
  69. Níor mhothaigh Garaidh an Fíann
    gur chruinnighedar anoir 's aníar
    léigset san uamhaigh gáir chatha
    a chodla fa codla nemhthrátha.
  70. Comraiges Aodh is Garaidh géar
    san uamhaigh fa damhna déar
    gur bhain a chenn dha athair
    fa gníomh uathmar anaichnid.
  71. Don láimh sin do mharbh Garaidh
    do líon fuacht is do líon galar
    fuil Garadh dochuaidh fan láimh
    budh chóir gach galar do ghabháil.
  72. Tháinig Aodh amach 'na réim
    ní bhfuair sé duine dhon bFéinn
    bádhas é féin san bfairrge na ttonn
    Aodh fa damhna déarthrom.
  73. Adhluicther Garaidh is Aodh
    ar shlios an chuain taobh re taobh
    tre smuaineadh orrtha gach n-úair
    is tinn mo chroidhe 's as trúagh.
  74. Ag sin dhuit a Phádraig sgéal
    is mé Oisín go n-iomad n-éacht
    tre mhéid do shnímh dha luadh
    is tinn mo chroidhe 's as trúagh.

  75. Truagh.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Toitean Tighe Fhind

Title (firstline, Irish):

Author: unknown

Editor: Edward J. Gwynn

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Beatrix Färber

Funded by: School of History, University College, Cork

Edition statement

1. First draft.

Extent: 2450 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2016

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402362

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript Sources

  1. Dublin, R.I.A., 23 A 47, 18th century, p. 118ff (on which the edition is based).
  2. Dublin, R.I.A., 23 C 26, 18th century, p. 208ff.
  3. Dublin, R.I.A., 23 O 32, 19th century, p. 119ff.

Editions and related versions of this poem

  1. See below.
  2. J. F. Campbell, Leabhar na Feinne: heroic Gaelic ballads collected in Scotland chiefly from 1512 to 1871 (London 1872, reprint Shannon: Irish University Press, 1972), p. 177.
  3. John Smith, Galic antiquities: Consisting of a history of the druids, particularly of those of Caledonia; a dissertation on the authenticity of the poems of Ossian; and a collection of ancient poems, translated from the Galic of Ullin, Ossian, Orran, etc. by John Smith, minister at Kilbrandon, Argyleshire (Edinburgh 1787; 1780).
  4. More details are available on the CODECS website at http://www.vanhamel.nl/codecs, when you search for Tóiteáin Tighe Fhinn.

The edition used in the digital edition

‘The Burning of Finn’s House’ (1904). In: Ériu‍ 1. Ed. by Edward J. Gwynn. 13–37: 16–32.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@article{G402362,
  editor 	 = {Edward J. Gwynn},
  title 	 = {The Burning of Finn's House},
  journal 	 = {Ériu},
  number 	 = {1},
  address 	 = {Dublin },
  publisher 	 = {Royal Irish Academy },
  date 	 = {1904},
  note 	 = {13–37: 16–32}
}

 G402362.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

The present text represents even pages 16–32 of the published edition. The English translation is available in a separate file, T402362.

Editorial declarations

Correction: Text has been proof-read twice.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Manuscript foliation is not marked in the printed edition.

Quotation: Direct speech is tagged ".

Hyphenation: Hyphenation was introduced. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word. Soft hyphens are silently removed.

Segmentation: div0=the poem. Stanzas are numbered; page-breaks are marked pb n="".

Interpretation: Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles.

Profile description

Creation: By one or more Irish scribes.

Date: Medieval Irish period

Language usage

  • The text is in Middle Irish. (ga)
  • English occurs in the translated title. (en)

Keywords: poetry; Finn cycle; medieval; Burning

Revision description

(Most recent first)

  1. 2016-06-07: SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2016-05-20: File captured by keyboarding, proofread (1,2); encoded; header created; file parsed and validated. (ed. Beatrix Färber)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Other languages

T402362: The Burning of Finn's House (in Irish)

Source document

G402362.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top