Eoghan Ruadh Mac an Bhaird
Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird
-
- A leabhráin ainmnighther d'Aodh,
atá libh léighionn neamh-dhaor,
go hInis bhfódghloin na bhFionn,
bhus milis d'ógbhuidh Eirionn. - Atá i dteanguidh ar máthar
sonn —ga saoire soláthar?—
léighionn bhus cian ar cuimhne
i bhfiadh Eirionn iath-ghuirme. - Atá ar na tionól sonna
cnuasach glan déas ndíoghlioma,
do thriath sluaghaidh Gulban Guirt,
as cluanuidh ughdar n-ordhuirc. - Teagasc diadha ar a dhruim sin,
eolus ealadhna an ghaisgidh,
d'iath Eirionn agoibh anois,
léighionn caguidh is cunntois. - Ag ceangal chairdeas a síodh,
ag toirmeasg uilc is fairbríogh,
nó ag triall caguidh gi-bé bheas,
ní habuidh é acht led t-oideas. p.66 - Meic eagailsi gidh iad ann,
tarbhach don lucht ros-léaghann,
'san ord ghaisgidh gi-bé bheas,
bhur bhfaigsin ní hé a aimhleas. - Aodh Ó Domhnaill, dóthchais cáigh,
arnad—léaghadh, a leabhráin,
a bhfuil leibh labhair iar soin,
ná ceil ar dhaghfhuil nDálaigh. - Ar Shíol nEoghain, druim ar dhruim,
nó ar laochraidh chinél gConuill,
ná bíodh t'fhoilcheas, toill a dtoil,
oircheas roinn ris an ríoghraidh. - Ná ar neach don chloinn charfus sibh,
Ír, Éiriomhóin nó Éibhir,
nó Luighdheach mheic Íotha Fhéil,
ní bad sgíotha ód reic riúiséin. - Ní badh sgíotha dot sgéulaibh
na Búrcaigh, na Builtéaruigh,
na Gearoltuigh do thuill toil
tar seanfholtaibh fhuinn Fhionntoin. - Ar neach do shliocht Ghaoidhil Ghlais
ná ceil gach iúl dá bhfurais,
ná ar Sheanghallaibh fóid na bhFionn,
lér cheanglamair óig Eirionn. p.68 - Meic ollamhan Innsi Fáil,
beidh romhuibh lán do lúthgháir,
god choimhreic ó bheól go budh bél,
badh oirdhreic t'eól san oilén. - Tabhair ar gach n-aon umhla
don aos eagnoidh ealadhna;
connailbhe as dú ris an dreim,
tú ar a ccomairghe cuireim. - Ar son go sealbhuighim sibh
d'U Dhomhnaill tar fhonn bhFionntain,
an fonn ar gach taobh tiomchuil,
ronn ris gach n-aon d'Eirionnchaibh. - Ar nGaoidhil ar bFionn—Ghoill féin
beannacht tré dhíograis dóibhséin
beir mo bheannacht go fonn bhFáil
beannacht sonn leibh, a leabhráin.
A leabhráin. p.70 - Truagh do chor a chroidhe tim;
beag an díoth t'olc no t'inghreim:
ón mhéid toirbhire do thoil
téid bhar n-oirbhire a n-asgoidh. - Urusa t'ionntódh ar ais,
mór do-gheibh fios bhar bhforais;
truagh do chor, ní cás do shíodh,
gá ttás do dhol a ndeimbríogh. - Ná seachnadh dhuine ar domhan
bhar ngríosadh, bhar ngortoghadh:
as t'ucht ní hintinn meisi,
gá dulc t'inntinn uaisleisi? - Gidhbé sgél do reacadh ruinn
an tráth-sa a dtaobh I Dhomhnuill,
mo náire 'na amhghar ort,
ádhbhar gáire do ghluasacht. - Do-chím tar chenn gach diomdha
uaim dár thuill mo thighiorna
ar a chneidh nach coduil sibh,
neimh bhar gcogaidh do-cíthir. p.72 - Caidhe an chúis do chuiris róimh,
caidhe an uaisle nó an onóir,
caidhe an fhearg-gomh ané anois,
más é do threaghdadh tárrois? - A ndíaigh a n-abruim oraibh
a chroidhe bocht banamhail,
fá fhlaith sriobhshrotha Sligigh,
maith t'ionghotha im fhoighidin. - Lámh I Dhomhnuill Dúna ós Sáimh
d'easgor más fhíor san Eadáill,
cúis bhur n-amhluaigh ós sí soin,
ní hí an anbhuain gan fhochain. - Gidh eadh, ní hí h'eagla féin
budh cás libh, gér lór d'oilbhéim,
acht don triall tarla roimhe,
's d'iath Bhanbha go mbeanfoidhe. - D'éis a ndearna go nua anois
san easgor fuair flaith Bearnais,
gá dtás robadh soiréidh sinn
acht cás oiléin na hEirinn. - Gidhbé tá ar reacadh ruinn
dá gcluineadh críoch chlann gConuill,
do mheasfadh a míobhuaidh féin,
an easghlan shíodhfhuar shoilléir. p.74 - Dá gcluineadh sliocht Ghaoidhil Ghlais
a gcuala ó mhac mheic Maghnais,
budh mór bhfáth gcomhrúin fá a cheann
ag bláth fhionn-mhúir na hEireann. - As sé adéara gach duine,
da bhfillti réim Rughruidhe
cia linn do laoidhfidhe anocht,
ó saoilfidhe inn d'fhurtocht? - An Coimsidh do-chí bhar ndáil,
a chríoch Mhac Míleadh Easbáinn,
go bhfégha ort is oirne,
sgéla ar olc nár fhaghaim-ne. - Bíodh nach cás ar dearbhadh dhúinn,
bíodh nach budh filleadh fortúin,
iomdha anoss fá dhoghruing de,
's ní a los I Dhomhnaill Daoile. - Easgor láimhe laoich Éirne
tug ar chridhibh coimhéirghe:
an teidhm tárra go dtí uadh,
ní bhí acht námha léan neamhthruagh.
Truagh. - Dá gcluineadh a gcuala mé
inghean iarla fhóid Mháighe
truagh an bedhgadh do bhéaradh,
truagh an treaghdadh tairreaghadh. p.86 - Dána an turas tríalltor sonn,
fada atá ag tocht 'na thimcholl,
geall re hoighidh an eachtra,
doiligh earr na huaisleachta. - Re leathtrom cogaidh Chráoi bhFloinn
do mealladh mac Uí Dhomhnaill,
ag thriall ré haigneadh n-anba
i gcaidreamh fhian n-eachtronna. - Dána an chúis do chuir roimhe,
gá dtám acht tug Rudhroidhe
aighidh ar an lucht ros ling,
lér airigh d'ulc 'na oirchill. - Deacair aghaidh orra soin,
iomdha ar a cheann cúis bhaoghail,
lucht cruadhaighthe caingneadh réidh,
gruamaighthe airgeadh n-aigmhéil. p.88 - Atáid re a ucht i n-Áth Clíath
óig ar ar himreadh mídhíach,
mór ngoimhfhéchsin ré a ghnúis ngloin,
cúis roidhéisoin a rochtoin. - Iomdha cúis imnidh aca,
iomdha mairg mná deórata,
iomdha leacht as a losain,
diongna a theacht ón turus-soin. - Na róid ina roicheadh soin
go dtráasda i dtreallaibh coguidh,
taigh ligh go síothchánna sonn
fiochnámha aingidh eachtronn. - Taisbentor sonn seal oile
gnúis uathmhar na hamhsoine
'na dreich roighil saordha sáimh,
'na haighidh mhaordha mhacáimh. - Gibe an tráth sa theagmhus dó,
iomdha foireann fuair anró,
do tháirtheghadh a dtocht sin
ag fáithléghadh olc idir. p.90 - Atáid, narab díth dhosan,
croidthe a chomthach bhfoghla-san
ag léim d'urghráin na heachtra,
ní céim d'faghbhail aigeanta. - Iomdha ag úaislibh Innsi Bhreagh,
ag mnáibh, ag macoibh fileadh,
ré léghadh leóin as a los,
meoir da dtéghadh fan turos. - Gidheadh measuid óig Eamhna,
do dhruim toice a dtighearna,
an turus-sa fa dtéigh mé,
'nachcéim urusa aige. - Foghla gráineamhla an ghille
ní chuimhnigh cath Duibhlinne,
lé fonn a shíothoighthe soin
fa fhonn bfíochfoirbhthe bFionntoin. - A ndearna orra, as é a shuim,
maithtear do mhac I Dhomhnaill,
gur thaisentor tocht 'na gceann,
ní aisecthar olc na hEireann. p.92 - Tugadh leo a bhfioch sa bhformad,
ar rún ceannsa ar cháon chomhrag,
fuath aroile, rún cogaidh,
ar rún toile tugadair. - Tiad gnúisi giolladh ndorrdha
roimhe i reachtaibh searcamhla,
meanma goimheamhla Gall ndúr
le barr soimheanma ag síothlúdh. - Móide a ro-fháilte roimhe
go bhfúair siad síoth Rúdhraighe,
an gartoirear far glé Conn,
nar haltoigheadh é ag eachtronn. - On tráth fa dtáinig na gceann
fear ionaid áirdríogh Eireann,
briagh na gcéimionnaibh ní chuir,
sídh Eirionnaigh ní híarthuir. - Leis an ngealladh ghealltar lais,
lé humhla mic mic Mághnais,
do reactha rún gacha fir,
do feactha glún gach Gaoidhil. p.94 - Faigsin codhnaigh chlainne Dálaigh
i nAth Cliath a gcomhdhálaibh
dáil chaomhanta do chrích nGall,
aon-shompla síth na sáor-chlann. - Gibé tráth thí 'na fhritheng,
mór gcúis n-égnuigh d'oirichil
ag Rudhraighe, ga dulc dhó?
le a lucht furnaidhe is fada. - Mór ríoghan um Ráth Logha
tárla do nós Nualadha
fan gcéim do-chluinsin 'na ceann
a bpéin tuirsi 'na timcheall. - Fúaras lé a los a shiúbhail,
ó's doilghe na déighionaigh,
nach smuain an t'imneadh oile
fuair inghean ar nAodhaine.
Dana. p.106 - Rob soraidh t'eachtra, a Aodh Ruaidh,
an Coimsidh do-chí ar n-anbhuain,
gabhaidh sé th'innfheitheamh Air,
go mbé ag rinnfheitheamh romhaibh. - Ná tí ribh, a rí Suca,
triall sonna i sín gheamhruta,
amuigh on chuainsin Chlíodhna,
tar muir nduaibhsigh ndoighiordha. - Dia dot eadráin san amsa
ar ghluasacht ngaoth gcodarsna,
ar ghoimh n-ainchridhigh gach fhir,
's ar muir n-ainbhthinigh idir. - Go dtréigid a dtrealbha laoch
dea séite na síonghaoth;
go dtille an ghaothmhuir a geoin,
nach saobhthuir inne an aiir. p.108 - Go mbé an toice, a thriath Gaillmhe,
duit-se ag crúdh gach comhairle;
ná deach faoibh fréamh ar ndoibheart,
rob sén daoibh bhur ndheóraidheacht. - Rob suilbhir aghaidh gach fhir
róibhsi, a rí rátha Sligigh,
títhe urláir do ghruadh ngeal,
rob tuar soghráidh a silleadh. - Gi-bé rabh a rí Conaill
i n-aincheas bhar n-urfhoghaill
go mbé a chroidhe gá chrúdh sin
le rún toile dot thuigsin. - Rob gar leigheas dar leónadh,
sgeoil da dtiocfa ar dtaithbheodhadh,
go mbeidh oraibh dá reic ruinn,
rob soraidh dheit gach dodhuing. - An eanlong lér imthigh sibh,
na coill bhárc bhréideadh suaithnidh
go dtargha an luing sin tar lear,
go hadhbha dtuirsigh dTailltean. p.110 - Gá dtú acht as tingheall sláinte
do thoisg, nó as tuar anbhfáilte,
gibé thí do thaobh t'eachtra,
do shní, a Aodh, ar n-aigeanta. - Na laoich, a llos a n-annsa,
na mná, na meic eagalsa,
clanna ar saor, meic ar moghadh,
dheit, a Aodh, fá énomhan. - D'furtacht shleachta Gaoidhil Ghlais
tar muir ón tráth do thriallais,
atáid croidhe sonn gá sníomh
le trom n-oire gach áirdríogh. - Atáid m'ionnsamhla eile,
atúsa, a Aodh, d'áiridhe,
dom bhuing do bhithin t'eachtra
i dtuinn fhichidh mh'aigeanta. - Ní chorraigh muir nach measg sinn,
ní éir gaoth nach gluais mh'intinn,
ní aithrigh síon séis mbuinne
nach sníomh dot éis oruinne. p.112 - Ní hé aithbhear bhar n-olc féin,
ní hé ainbhthine an aeéir
do chor ort budh urlamh linn,
acht turbhadh d'olc na hEireann. - Inis Chuinn do chleacht leónadh,
- Do cuireadh clódh a teadhma
- Mór da haos cumtha ar cheana
do chuir a n-áit oidheadha
an bhréig-insi ler fhaoi Art,
ar aoi a héiginsi d'fhurtacht. - Iomdha imshníom fhuair fá a ceann
Tuathal Teachtmhar, triath Eireann,
ar dtocht tar muirchinn muire
d'oirchill a holc d'iomghuire. p.114 - Cuairt dar chosain a heineach
do-rad Conghal Cláireineach,
go dtug gle eidir ghleanntaibh tonn,
nár theó i dteanntaibh na tiomcoll. - Eoghan Mór mhac Mogha Néid,
do-chuaidh trá toisg a leithéid,
don talamhsoin gar thriall sibh,
ó fhiadh fhalarsaidh Uisnigh. - Ríghe chogthach Chláir na Niall,
lingis Mac Con mheic Maicniadh
rinn ghlas-mhara ar aba a huilc,
amhsoine as fhada iarmhuirt. - Tusa, a rí fhréimhe hEachaidh,
ag triall ar iocht éin eathair,
gé meastoir do thocht a dteann,
do dheasgaibh olc na hEireann. - Atá san luing sin tar lear
oireachas Insi Gaoidheal,
a síodh, a guaisbhearta, a glóir,
díon a huaisleachta, a honóir. p.116 - Go bhfille ar sliocht nGaoidhil nGhlais,
a mhic Aodha, a ua Mhaghnais,
rob dimbríogh gach tonn dá dtuil,
gach imshníomh sonn rob soraidh.
1. Leabhran Gaedhilge
Eoghan Ruadh Mac An Bhaird cct.
2. Sgeala Craidhte
Eoghan Ruadh Mac an Bhaird cct.
3. Comhdhail Siothchana
Eoghan Ruadh Mac an Bhaird.
4. Aodh Ruadh Ó Domhnaill
Eoghan Ruadh Mac an Bhaird cct.
gá dtám as dí theigeómhadh,
dá dtíste ruibh god rochtain
tar muir ngríste nguasachtaigh.
uaibhsi a n-ucht na cinneamhna,
do fhéch sibh do chríchsi Chuinn,
dá ndigh díbhsi, a Uí Dhomhnuill.
Rob soraidh.
Document details
The TEI Header
File description
Title statement
Title (uniform): Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird
Author: Eoghan Ruadh Mac an Bhaird
Responsibility statement
Electronic edition compiled by: Benjamin Hazard
Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CELT Project
Edition statement
2. Second draft, revised and corrected
Responsibility statement
Proof corrections by: Benjamin Hazard
Extent: 2890 words
Publication statement
Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
Address: College Road, Cork, Ireland.—http://www.ucc.ie/celt
Date: 2003
Date: 2008
Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.
CELT document ID: G402365
Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.The electronic edition was published with the kind permission of the O'Rahilly Trust who owns the copyright.
Source description
Manuscript sources
- Brussels, Bibliothèque Royale MS 6131-6133.
- Dublin, Trinity College, MS H. 1. 6: see T. K. Abbott and E. J. Gwynn (eds.), Catalogue of Irish manuscripts in the library of Trinity College, Dublin (Dublin: Hodges and Figgis, 1921).
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 N 26: see K. Mulchrone, T. F. O'Rahilly et al. (eds.), Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 14.
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 24 P 27: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 18.
Literature
- Breandán Ó Buachalla, 'Cúlra is tábhacht an dáin A leabhráin ainmnighthear d'Aodh,' Celtica 21 (1990) 410–13.
The edition used in the digital edition
(1930). In: Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird. Ed. by Tomás Ó Raghallaigh. Galway: Ó Gormáin, pp. 64–116.
You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:
@incollection{G402365, booktitle = {Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird}, editor = {Tomás Ó~Raghallaigh}, address = {Galway}, publisher = {Ó~Gormáin}, date = {1930}, pages = {64–116} }
Encoding description
Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling declarations
All the editorial text with the corrections of the editor has been retained.
Editorial declarations
Correction: The text has been checked, proofed twice, and parsed.
Normalization: The electronic text represents the edited text.
Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.
Segmentation: div0=the whole text. div1=the individual poem. Page-breaks, metrical lines and quatrains are marked and numbered.
Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.
Reference declaration
A canonical reference to a location in this text should be made using “Poem”, eg Poem 1.
Profile description
Creation: By Eoghan Ruadh Mac an Bhaird, an Irish bardic poet (c.1570?–1630?). c.1600–1610
Language usage
- The text is in Classical Modern Irish. (ga)
Keywords: bardic; poetry; 17c; Aodh Ruadh Ó Domhnaill
Revision description
(Most recent first)
- 2010-04-10: Conversion script run; addition to bibliography made; file parsed; new wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
- 2008-10-15: Header updated, linebreaks removed, keywords added, file validated. (ed. Beatrix Färber)
- 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
- 2005-08-04T16:12:41+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
- 2003-05-08: Header modified, HTML file created. (ed. Beatrix Färber)
- 2003-05-08: Text parsed. (ed. Benjamin Hazard)
- 2002-11-14: Header constructed, structural mark-up entered and checked, text checked and proofed (2), lineation checked and verified. (ed. Benjamin Hazard)
- 1997: Text captured by scanning and proofed (1). (ed. Margaret Lantry)