Fearghal Óg Mac an Bhaird
Edited by Osborn Bergin
- Beannacht siar uaim go hÉirinn,
críoch mín sleachta saoir-Fhéilim:
buime ar n-oileamhna is í soin,
ní doidhealbha í ar fhéchoin. - Siar ó Albain na n-eas mbinn
beannacht uaimse go hÉirinn:
críoch bhreicmhín as mhín moighe,
seintír mar thír tarngoire. p.38 - Beannacht go baile Phádruig,
Ard Macha an mhúir mhíonfhádbhuig,
'sgo ríoghDhoire na sreabh seang,
treabh as líonmhaire léigheann. - Lé díoghrais go Dún na nGall
beannacht nó dhó arís romham:
sí shaoilim do fhóir mh'aicme,
róimh aoibhinn ar n-adhlaicne. - Beannacht go hEas rámhach Ruaidh,
go sruth Sligigh 's go seanMhuaidh:
buaidh tar gach n-innbhear aige,
's go cuan mbinngheal mBuannaide. - Beannacht go Loch Éirne uaim,
's go Loch Gile an fhóid ionfhuair,
's go Loch ngeal bhfíonmhar bhFeabhail
na sreabh bhfíorghlan bhfoithreamhail. - Beannacht chuca ceann a gceann
go hinnbhearaibh fhóid Éireann:
folchuid siad tráigh le toradh,
ní cáir gan iad d'adhmholadh. - Mo bheannacht ós aird uile
go hUlltaibh acht aonduine:
caor slóigh as neambocht aniogh,
mo bheannacht is dóibh dlighthior. - Beannacht chuca, ní cúis nár,
idir fhear is mhnaoi is mhacámh:
laoich fhearchonta as fhíorghlan smacht,
ríoghradh chleathchorcra Chonnacht. - Beannacht uaim 's ní hiongnadh dhamh,
go sluagh mórdhuasach Mumhan:
críoch a riaghla is nár anois,
acht amháin iarla an Fhorghais. - Bhós muna bheidís Dubhghoill
san Mhidhe thais thobarmhoill,
tiar ní dhingninn a ndearmod,
an fhinnshlim fhial oirearbhog. p.39 - Sluagh Laighean nach beag bronnadh,
siad fós gion go bhfacamar,
laoich uaisle go n-ágh n-oinigh,
slán uaimse dá n-ionnsoighidh. - Tréd geildearg na ngruadh gcorcra,
beannacht do dhruim dúthrochta
an drong ógnáir fhuair gach geall,
uaim go hógmhnáibh na hÉireann. - Ó chroidhe tar fiadh bhfuinidh
beannacht uaim dá n-ionnsuighidh,
lucht dénta na nduan molta,
sluagh brégtha gach bantrochta. - A ndearmad dúinn ní dleaghair,
lucht sgaoilte gég ngeinealaigh,
tearc file dá rádh reampa,
grádh mo chridhe an chuideachta. - Lucht fóirthe cneadh gan chairde,
beannacht siar tar seanfhairge
ón chrích chuirr fhínfhleadhaigh fhinn
go ríghleaghaibh Fhuinn Fhéilim. - Ar mbeannacht do thaobh thoile
go cléirchibh Fhóid Iughoine,
drong shéimhidhe nach borb mbreath,
an t-ord céillidhe cráibhtheach. - Beannacht róm, ní rún folaigh,
go lucht an cheóil charthonaigh,
tearc fáidhfhile as fearr fá a bhfuair,
's go háiridhe a gceann Chiothruaidh. - Tar éis gach druinge dhíobh soin
beannacht gus an óigh n-arsoidh,
dán céile Cormac ua Cuinn,
Éire na ndonnbhrat ndíoghuinn. - Gorm fallán fér na hinnse,
dlúith a coillte cnóimhillse,
cnuas toghtha is iomdha orra,
tolcha tiorma taobhchorra. p.40 - Triall uaithe as adhbhar doghra,
snoighthe a cúirte clárghorma,
grádh fíre aca uaimse,
míne a slata saoruaisle. - A fágbháil is fáth maoithe,
binn foghar a fannghaoithe,
an ghormBhanbha fá bhfill fiodh,
's is binn orlabhra a haibhniodh. - Labhra a hén gclúimhgheal gcorcra
ní beag do cheól chodolta:
gan mé aniogh san mhín mhaighrigh!
mo chion don tír thobairghil. - Mag Aonghusa nár dhiúlt dán,
céd beannacht uaim tré fhíorghrádh
dá mhíonbhais is dá ghruadh gheal,
dual an díoghrais fa dheireadh. - A bhille atá ag triall tar tuinn
go feart Chuinn Ó Ruairc romhuinn,
a shamhail níor chein a gcorp,
tabhair is beir mo bheannocht. - Fear cumainn do char meise
Peadar mo chnú chridheise,
dlighthear dhúin dul ina ucht
do shúil re brugh na mbeannocht. - Fúarus iongnadh, a fhir chumainn,
cádhus úatha ní fhúair mé,
na dáoine dar dhúal ar n-ionramh,
as úar náoidhe an t-iongnadh é. - Meisi folamh, féch nach diongna,
's dáoine dáora ar nár dhúal gean
sunna ón Spáin ag agháil ionnmhuis
a n-anáir chláir bhionnghlais Bhreagh. - Mná anúaisle buirb is bathluigh
a mbeartaibh óir san aird thall
atáid trá agus sinn gan édáil,
dar linn atá égáir ann. p.42 - Re foluibh ísli fhuinn Luighdheach
dár las um chorp crithir thnúidh,
a mhic Fíthil ó íadh Énna,
grían do dhíchil déna dhúin. - A cheinnbhile chathrach Túama,
tuig cheana nach cubhaidh rinn
gan bheith a ngoire d'fuil úasail,
cuir ó chroidhe súasuin sinn. - Thíar do fhágbhus earr mo chonáigh,
mo chéidní ó do chaith mé
má atá do thal leam, a Fhlaithrí,
budh geall damh ré haithní é. - Nír bheag let athair mar iongnadh
gan m'ana ag fás, foirfe an coll,
is toice ag fás ag mac moghadh,
a shlat dár fhás toradh trom. - Cing Artúir, úaithne na talmhan,
trén ar an mbioth do bhí sé
teacht 'na dhál do dhligh gach duine,
do thil clár na cruinne cé. - Bíadh ná cuirm ní chaitheadh Artúr
gan iongnadh núa, núaidhe in barr,
go hég íar rúachtain san ríghe,
gég úachtair na tíre thall. - Ní léigfind dó, díochra an bhríathar,
dá mbeinn ann an úair do mhair,
rí an chruine na ccosgar ccoimhthe,
luighe is trosgadh oidhche air. - San Bhord Chruinn ar chomhair Artúir
do inneósuinn a hucht m'ord
mé fá bhrón tré bheith a n-anchruth,
is ór ar breith bathlach mborb. p.43 - Do chaithfiodh a chuid ó'd-chluinfeadh
clanna ladrann lán do mhoirn,
is méd mh'anshóidh fá fhuil nGáoidheal
ní fhuil anóir áoidheadh oirn. - A ccúirt Labháin na learg ccorcra
ar comhroinn thoir atá mé,
mar tám is ionnsa lem aithghin,
nár liomsa dom aithribh é. - Atá seanbháidh ag slait Thúama
risin ttreibh ó ttáinig sinn,
má tá sin a mbun na báidhe,
do dhligh cur a láimhe linn. - San aimsir dob ollamh fileadh
Flaithrí mac Fíthil fúair áoibh,
do bhíadh connailbhe 'na chroidhe,
sgíath comairghe Mhoighe Máoin. - Reulta eólais érlamh nUisnigh,
airdeasbag Connocht, cruth fíal,
sáoi do mhol gach file fíre,
cridhe sgol na tíre thíar. - Éigne Bhúille, bradán Chonga,
craobh do lubhghort leasa Té,
ésga órrtha ar nár fhás dubhadh,
sás mórtha na n-umhal é. - Sruith díadha nach dearna formad,
flaith corónta chosnus tnúdh,
buinne milis a táobh tolcha,
iris náomh nach ronnfa a rún. - Ua Cuinn chédchathaigh Cnuic Mhaisdion,
mac Onóra, eineach búan,
tamhan úr ón Bhanbha bhráointe,
rún m'anma, fáoilti nach fúar.
Fuar. p.44 - Mag Aonghusa, aigneadh faoilidh,
fáilte ghnáth do-gheibhinn úadh,
do bhíodh a thoil ar tí a dáilte,
nírbh í soin an fháilte fhúar. - Conn mac Ó Rúairc na renn ndoinnte,
damhna Connocht, cneas mar úan,
a dhá chaomthach re feadh bfaghla,
cáolshruth sean is adhbha fhúar. - Téighim tar teaguscc na n-easbal
tre aithighidh na n-olc mbúan,
eagal mo char as a chumann,
ná rabh Peadar umam fúar. - Slán agaibh, a fhiora Mumhan,
meanma fhuirigh ní fhuil fúm:
do-ghéan an uairse ar fhiadh nOiligh,
triall uaibhse gé doiligh dhún. p.45 - (Mo shlán agaibh) re hucht m'eachtra,
ós éigean damh dul budh thuaidh:
re dul go Doire, is dál abaigh,
slán ó chroidhe agaibh uaim. - Fiora Mumhan na múr sochraidh,
sluagh síthe ag nach saoghlach fíon,
laoich danab dual dál a mbleidheadh,
slán uam ag gach deighfhear dhíobh. - Tearc tír badh cuirthe 'na coimeas,
clár Mumhan is míne gné,
uaidh ó tám ag clódh don chúigeadh,
gan slán d'ól ní fhúigeabh é. - Ó táim ag triall go Tír Conaill—
críoch mic Maicniadh na múr dtais,
slán don tír fhionnbhothaigh ealaigh
mhín tiormshrothaigh greaghaigh glais. - Slán dá dúintibh is díol seirce,
slán dá haibhnibh nách ard nglóir:
meinic dámh uaidhe gan easbaidh,
slán uainne dá heasgraibh óir. - 'Na mbothaibh do bhínn im luighe,
mo lucht cumainn, cead a luadh;
trágh ar a n-inntleacht ní fhaca,
slán ré n-imtheacht aca uam. p.46 - Beireadh Peadar is Pól easbal
d'fhéachain nimhe na naoi ngrádh—
bíd tar cheart ag labhradh linne—
tar neart m'fhaghladh sinne slán. p.46 - Truagh liom Máire agas Mairgrég,
ní beó bláth na n-umhailghég:
do chuir siad a nduilli dhíobh,
dá bhuime iad don imshníomh. - Fa ríor, fa ríor, nocha nfhuil
braon 'na ccroidhibh ón chumhaidh:
dá sheisi shuadh fhóid Uladh,
truagh mar táid ar ttiormughadh. p.47 - Ionand toirrsi dhamhsa is dóiph,
Aodh Ruadh céd-damhna ar cciachbhróin,
Rughroidhe Cabha dár ccrádh,
mana turbhuidhe a thérnádh. - Tréd bhocht gan aodhaire inn.
Cathbharr, cend einigh Éiriond,
fá líg thrá, ga truaighe dál,
atá uainde san Eadáill. - San Eadáill na n-eas dtana,
ionand is ég Nualadha,
atá géis chnómhoighe Chuinn,
cróluighe dhá héis oruinn. - Nualaidh dhuaislíonmhar, dóigh cháigh,
mairfidh go laithe an luanbhráith,
tosach garma chrú gCriomhthain,
clú a hanma idir Eiriondchaibh. - Do beanadh dhínn, dia do chor,
abhus ar tús, tuar cumhadh,
súil mhallghlas dar chreite a ccath,
Maghnas eite na uUlltach. - Ar Mhaghnas mac Ó Dhomhnoill,
a ccrích Uisnigh iobhardhuind,
cuire a chomhaoisi nír chinn,
ro-Naoisi fola Feidhlim. - Ceithre héigneadha ón Bhóinn bhrais,
ceithre mic d'Aodh mac Maghnais,
cuan dreagan nár dháil a rún,
dháibh nír bh'eagal acht iomthn'údh. - Ní faicfidhear, foirbhthe an béd,
lorg a ccraoitheadh ná a ccroimsdéd
fán Eithne, fán Máigh mallfhuair,
ceithre cráidh an Chonallshluaigh. p.48 - Seabhaic uaisli Innsi Fáil,
ceithre creacha chnuic Chruacháin,
ceithre troimchreacha Teamhra
na doindchleatha doigheardha. - Iongnadh Máire do mharthain,
'sna haibhne nach ionarthroigh,
as fiodhbhaidh chríon chraoi Uisnigh
do shíor ag caoi an cheathrair-sin. - Ní filltear fiodhradh abhla
le hubhlaibh feadh fionn-Bhanbha,
ná fiodhradh chaillghég le cnoibh,
iongnadh Mairgrég do mharthain. - Ní hí Mairgrég ná Máire
chaoinim, is cúis diombáighe,
acht an cor-sa ar cró na bhFionn,
mó sa mhó osna Éiriond. - A gceithre dearbhbhráithre ar ndol,
Máire is Mairgrég mhúir Chruachan,
cosg ag dol do shíor ar shuan,
a ccor fa ríor is rothruagh.
Duanta Fearghal Óg Mhic An Bhaird
1. Beannacht siar uaim go hÉirinn
Fearghal Og Mac an Bhaird cct.
Beannocht. p.41
2. Fúarus iongnadh, a fhir chumainn
Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
Fúarus. p.44
3. Slán agaibh, a fhiora Mumhan
Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
4. Truagh liom Máire agas Mairgrég
Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
Document details
The TEI Header
File description
Title statement
Title (uniform): Duanta Fearghal Óg Mhic an Bhaird
Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird
Editor: Osborn Bergin
Responsibility statement
Electronic edition compiled by: Benjamin Hazard
Funded by: University College Cork and Professor Marianne McDonald via the CELT Project
Edition statement
2. Second draft.
Extent: 2600 words
Publication statement
Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt
Date: 2003
Date: 2011
Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.
CELT document ID: G402567
Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.
Source description
Manuscript sources
- Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don.
- Royal Irish Academy, Dublin, MS. 23 F 16.
- Royal Irish Academy, Dublin, MS. 3 C 12.
- Brussels, Bibliothèque Royale, MS. 6131–6133.
Further reading
- Pádraig Ó Macháin, Poems by Fearghal Óg Mac an Bhaird, Celtica 24 (2003) 252–263. [Survey article about Mac an Bhaird's oeuvre with further literature.]
The edition used in the digital edition
‘Duanta Fearghal Óg Mhic An Bhaird’ (1970). In: Irish Bardic Poetry. Ed. by Osborn Bergin. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies, pp. 37–48.
You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:
@incollection{G402567, editor = {Osborn Bergin}, title = {Duanta Fearghal Óg Mhic An Bhaird}, booktitle = {Irish Bardic Poetry}, editor = {Osborn Bergin}, address = {Dublin}, publisher = {Dublin Institute for Advanced Studies}, date = {1970}, pages = {37–48} }
Encoding description
Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling declarations
All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.
Editorial declarations
Correction: Text has been proof-read twice and parsed.
Normalization: The electronic text represents the edited text.
Quotation: There are no quotations.
Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.
Segmentation: div0=the whole text; div1=the individual poem. Pagebreaks, metrical lines and quatrains are marked and numbered.
Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.
Reference declaration
A canonical reference to a location in this text should be made using “Poem”, eg Poem 1.
Profile description
Creation: By Fearghal Óg Mac an Bhaird, an Irish bardic poet c.1580–c.1626 (see P. Ó Macháin, Celtica 24)
Language usage
- The text is in Classical Modern Irish. (ga)
Keywords: bardic; poetry; 16c; 17c
Revision description
(Most recent first)
- 2011-01-15: New wordcount made; conversion script run. (ed. Beatrix Färber)
- 2008-10-10: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
- 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
- 2005-08-04T16:12:45+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
- 2003-05-13: Minor changes to header made; HTML file created. (ed. Beatrix Färber)
- 2003-05-12: Header constructed, structural mark-up entered and checked. Lineation checked and verified; text parsed using NSGMLS. (ed. Benjamin Hazard)
- 1995: Text captured by scanning and proofed. (ed. Staff at the School of Celtic Studies (Dublin Institute for Advanced Studies))