CELT document G402568

Measgra Dánta

Unknown author

Edited by T. F. O'Rahilly

Measgra Dánta

     p.1

    1.

  1. Mo-chean do theacht, a sgadáin!
    druid liom, a dhaltáin uasail;
    do chéad beatha 's do shláinte!
    do thuillis fáilte uamsa.
  2. Dar anam h'athar, a sgadáin,
    gidh maith bradáin ná Bóinne
    is duit labhras an duain-se,
    ó's tú is uaisle 's is óige.
  3. A fhir is comhghlan colann, 10 
    nách déanann comann bréige,
    cara mar thú ní bhfuaras;
    ná bíom suarach fá chéile.
  4. Dá bhféachdaois uaisle Banbha
    cia is mó tarbha don triúr-sa, 15 
    iasg is uaisle ná an sgadán,
    idir bradán is liúsa.
  5.  p.2
  6. Is é ar bhféachain gach cósta
    go crích bhóchna ná Gréige,
    iasg is uaisle ná an sgadán 20 
    ní bhfuair Conán Chinn-tsléibhe.
  7. A sgadáin shéimh shúgaigh,
    a chinn chūmhdaigh an Chārghais,
    a mhic ghrádhaigh mo charad,
    leam is fada go dtángais!.
  8. 25 
  9. Gidh mór do thuit a-nuraidh
    dod ghaol bunaidh fán méis-se,
    ná cuimhnigh fíoch ná fala,
    ó's tú cara ná cléire.
  10. A sgadáin shailltigh shuilbhir 30 
    nach bíonn go duilbhir dúinte,
    leamsa do theacht ní hanait,
    súil ar charaid an tsúil-se.
  11. I dtús an Charghais chéasta,
    a fhir le ndéantar comhól, 35 
    ortsa, go teacht ná Cásga,
    is mór mo ghrása 's is romhór.
  12. 2.

  13. Mug, cupán, agus píopa
    tá annso sgríobhtha ar a leabaidh;
    is olc a bpáirt re Maoilre,
    nách leigeadh dhóibh sgíth ná colladh!
  14.  p.3
  15. 'Ní misde liom féin,' ar an Mug,
    'má bhíon sé gan musgailt chuíche;
    is minic d'fhág sé mo bholg
    folamh lá fada agus uíche.'
  16. 'Mise mar an gcéanna,' ar an Píopa, 10 
    'cé gur minic a níodh mo phógadh,
    do loisgeadh sé mo bhéal gach am,
    is do chaillinn mo cheann ina phóca.'
  17. 'Éistigí!' ar an Cupán,
    'a dhís breallán gan tuigse; 15 
    éireó sé arís go folláin;
    níl air ach crithán beag misge.'
  18. 3.

  19. Mairg agá mbí meanma mhear!
    tosach fuaras nár chleacht cách:
    taobh re haonlocht ní bhí daoi;
    minic do bhí saoi re dán.
  20. Ní hionráidh aifreann gan fhíon;
    annamh curthar síol ná sméar;
    tig Máirt i ndiaidh gacha Luain;
    tearc, dá threise, nách fuair léan.
  21. Ní coimseach coite gan tóin; 10 
    truagh, a Mhuire, tóir gan arm;
    atá sgológ i nGleann Gó
    nách tabhair muc mhór ar bhanbh.
  22.  p.4
  23. Ní teirce uisge ná fíon
    san bhaile bhíos gan chuan long; 15 
    ar talmhain dá siubhladh súd,
    ní badh moille cú ná corr.
  24. Ní hiondulta i luing gan lón;
    ionann díbh an t-ór 's a luach;
    itear arán ar bórd Gall; 20 
    feirrde crann ar a mbí cnuas.
  25. Ag pápa dá raibh san Róimh
    do bhí saidhbhreas óir, más fíor;
    innsim so dá gach neach,—
    feirrde teach ar a mbí díon.
  26. 25 
  27. Annamh itear muc gan dódh;
    is minic fear mór go meirbh;
    gach fear dá léighfe mo dhán
    ní bhfuighe bás do bhreith leinbh!
  28. Is tearc duine théid ón bhás, 30 
    innsim sin do chách os aird;
    an uair do mhair Fionn ná bhfian
    do bhíodh a shealg ar Sliabh Mairg.
  29. 4.

  30. Iomchair beannacht go Móir Chéir,
    a fhir do théid don taobh thuaidh;
    minic bhíos an ghaoth a-ndeas;
    ar an Éirne atá Eas Ruaidh.
  31.  p.5
  32. Atá pápa san Róimh thoir;
    do bhídís coin ag an bhFéin;
    do-níthear tinte don mhóin;
    iomchair beannacht go Móir Chéir.
  33. San mhainistir bhíos na cluig; 10 
    ní bhíonn na bruic ar Loch Léin;
    bídh easbairt san Nás um nóin;
    iomchair beannacht go Móir Chéir!
  34. 5.

  35. Ní binn do thorann rem thaoibh,
    a mhacaoimh shaoir ná bhfonn ngarbh!
    giodh deacair dúinn gan a chleith,
    do bfhearr liom thú do bheith balbh.
  36. Do dhúisgeóbhthá mairbh a huaigh
    leis gach fuaim dá dtig ód shróin;
    a chaomhthaigh luigheas im ghar,
    is doiligh damh bheith dod chóir.
  37. Dá mbeith ceachtar díobh im chionn, 10 
    do badh lugha liom do ghuais
    gáir chaoilcheann ag tolladh chrann
    ná do shrann ag dol im chluais.
  38. Binne liom grafainn na muc
    ná gach guth lingeas ód shróin; 15 
    binne fós—ní bhiam dá cheilt—
    gaineamh agá meilt i mbróin.
  39.  p.6
  40. Binne bodharghuth lag laoigh,
    díosgadh drochmhuilinn mhaoil bhrais
    nó géis gairbheasa chaor mbán, 20 
    re lingeadh do lár tar a ais.
  41. Binne bloisgbhéime ná n-all
    ná gach srann dá dtig ót ucht,
    's is binne donál ná bhfaol
    ná gach claon chuireas tú id ghuth.
  42. 25 Binne guth lachan ar linn
    ná glothar do chinn id shuan,
    agus is binne fá seacht
    fuaim garbhthonn ag teacht i gcuan.
  43. Is binne búirtheadh na dtarbh, 30 
    gáir chlogán, giodh garbh an dōrd;
    gul leinbh, giodh siabhradh cinn,
    is binne linn ná do ghlór.
  44. Mná i n-iodhnaibh go ngoimh ag gul,
    gan árach ar sgur dá mbrón, 35 
    caoi chadhan i n-oidhche fhuair,
    is binne ná fuaim do shrón.
  45. Sgeamhghal sgine re sgrios práis
    ní mheasaim gur páis dom cheann
    ná géim cairte re cloich chruaidh, 40 
    ón dord tig uait ar mo pheall.
  46. Ceannghail tonn re creataibh long,
    uaill fhearchon, giodh lonn a sian,
    is míle binne céad uair
    ná gach fuaim lingeas ód chliabh.
  47.  p.745 
  48. Árach ní fhaghaim ar shuan,
    do tógbhadh leat gruag mo chinn:
    gach bolgfadhach tig ód cheann,
    dar Brighid, dar leam, ní binn!
  49. 6.

    Tadhg Ruadh Ó Conchobhair

  50. Saoi le searbhas Eóin mac Eóin,
    daoi ler dearbhadh cóir na locht;
    mar chráin ag crónán dá cluinn
    fuinn a lámh, dōrdán a dhocht.
  51. Is mó do-geibhthear i nguaillibh Eóin
    do shult ceóil ná i luas a lámh;
    alpa a dhá amhchrobh 'na bhfeidhm
    mar chreim dá chlamhchon ar chnámh.
  52. Mar bhíos céis ag coin ar chluais 10 
    i nguais ag ceisneamh a cáis,
    ó n-a chlos is céasta cluas,
    crobh gan luas ag pléasgadh práis.
  53. Ní aithneann aon a phort féin,
    an tan théid i gcaschrobh Eóin; 15 
    tuar tuirse tafann a lámh,
    blas na gcrann gafann 'na ngeóin.
  54. Faghairt caorthainn ar a chrobh,
    'na ladhraibh do leagh an creamh,
    sás marbh do mhosgladh a huaigh 20 
    cosgradh cruaidh ná n-arm n-amh.
  55.  p.8
  56. Iongnadh, is méid saothair Eóin,
    nách seinntear leis cóir ná ceart;
    baca ar a dhochtaibh ní bhí,
    's tapa do-ní do lochtaibh leacht.
  57. 25 
  58. Prap do-ní praiseach do phort,
    an tan theagmhas fá n-a smacht;
    mar bhíos muileann maol ag meilt,
    ceilt ní chuireann go raob reacht.
  59. Mar umha dá sgrios le sgiain, 30 
    mall rian a iongan ar chruit chaoin;
    saoth liom a sgreadach 's a chás,
    mar phrás dá ghearradh le gaoin.
  60. Truagh do thoisg, a chláirseach bhinn,
    dod ghriolladh le rinn a ghlac; 35 
    níor fhág sé cuisle id chorp
    gan rian docht tuisle agus tacht.
  61. 7. Conspóid Dhonnchaidh Mhic Labhra agus Ghiollamhuire Chaoich Mhic Cartáin.

  62. 'Cia an traghna so san ghort
    shinneas dúinn port ar sliabh?'
    'Mise Giolla 'na bhfaghthaoi spéis,
    Oisín mé tar éis ná bhFian.'
  63.  p.9
  64. Ní 'traghna' do ghoirdís díom
    ríghshliocht Chonaill is síol Néill;
    'na measg súd ba mhór mo luach,
    ba bhinne mé ná an chuach féin.
  65. Muintir Chléirigh 's Clann an Bhāird 10 
    's ná hOlltaigh, gé táid gan fhréimh,
    saoithe sin nách bhfaghadh locht
    ar aon phort dá sinninn féin.
  66. Iomdha ceól i bhflaitheas Dé,
    ní haoibhneas gan é gach uair; 15 
    duine marbh nach sinneann ceól,
    tuirseach é 's a dheór re a ghruaidh.
  67. Ceól ainglidhe, ag teacht do Chrióst
    dár bhfuasgladh ó chíos an chuil,
    do chualaidh go ceólmhar caoin 20 
    an lucht do bhí ag faire an chruidh.
  68. Bocht an eaglais bhíos gan cheól,
    Dáivídh rí do sheól an reacht;
    cia an pápa tháinig riamh
    nár mhol dá chliar an ceól ceart?
  69. 25 
  70. Ní bó bhíos i dteampall mhór
    ag géimnigh, ná bró bheag bhreac,
    acht orgáin, cláirseach is sailm,—
    aoibhinn a dtairm gach re feacht.
  71. Teithidh an diabhal ria gceól, 30 
    dearbhaid ughdair eól gan locht;
    follas sin ar Dháivídh rí
    is ar Shaul do bhí go holc.
  72.  p.10
  73. Clann Ádhaimh, Donnchadh 's an t-ab,
    atáim lag ó táid i gcill; 35 
    níor chríon mo chruth ná mo bhrat,
    an dá mhac dá maireadh linn.
  74. Brian Mac Mathghamhna ná n-each,
    fear nach dearna creach ar chill,
    is ua Í Ruairc na gcuach n-óir, 40 
    ó theasta im chóir ní bhead binn.
  75. Ní thuigid mise an aois óg,
    lánmhar iad ó bhród na nGall,
    is ní mó thuigid iad féin;
    ní bhfuilim gan chéill im rann.
  76. 45 
  77. Ní thuigir-se an phaidear féin,
    a Dhonnchadh chléibh chognas mill;
    ní bhfuil ionnad acht brughaidh bocht,
    bí id thocht, is ná labhair linn.'
  78. 'Éist, a Ghiolla, liom go fóill: 50 
    saoilir féin gur cóir do dhán;
    do-ghéana mé praiseach díbh,
    bí ar mire nó bí slán.
  79. Róard an ghairm duitse cuach,
    ní bhfuil don cheól a luach leat; 55 
    níor thuill Éamonn féin a hainm,
    gé'r mhór a ghairm san cheól cheart.
  80. San dá éan-sa is mór mo dhúil;
    tuaraid arán dúinn is im;
    ní bhfuil don ealtain a luach,— 60 
    an traghna 's an chuach bheag bhinn.
  81.  p.11
  82. Anadh iolar i bhfad suas,
    anadh seabhac na ruag ngéar,
    anadh gach éan i bhfad siar;
    ní cosmhail iad lem dhá éan.
  83. 65 
  84. Éan an bhainne bhinn an chuach,
    truagh a luadh led cheapán cuill;
    is tur tirim lúth na meór;
    binne í ná ceól críoch gCuinn.
  85. Binn, a Ghiolla, traghna an ghuirt; 70 
    níor bh'iarrtha dhuit breith a gill;
    an cumhain leat gorta, a ghrádh?
    atá is atá an t-arán binn.
  86. 'Chugaibh! chugaibh! gruth is im,
    éistear linn!' adeir an chuach; 75 
    rádh na traghna do ghlór cheart:
    'Atá an eórna ag teacht go luath!'
  87. Aon phort riamh is fearr ná sin
    níor sinneadh libh le lúth meór,
    Colla, Naoise, is Nioclás Dall, 80 
    's a raibh sibh ann riamh le ceól.
  88. Ní mharbhann siad cearc ná gé,
    ní mó ithid féar ná gort;
    ní bhfuair biatach fairsing fial
    aon locht riamh ar chéill a bport.
  89. 85 
  90. Ar an gceól nach dtuigim uaibh
    créad fá dtiubhrainn duais gan chéill?
    Acht an bhó, 's an bhró, 's an gort,
    don deamhan port thuigim féin!
  91.  p.12
  92. A Ghiolla-mhuire is binn meóir, 90 
    seanchas ceóil giodh ionmhain leat,
    a lán bainne 's a lán mēidhg
    ní thiubhrainn féin ar do cheap.
  93. Annsa leam géimneach ná mbó
    ag teacht fá dhó in gach lá 95 
    chugam le gruth is le him
    ná an ceap nách bia binn go bráth.
  94. An ceól is binne fán ghréin,—
    dar liom féin is creite uaim—
    binne liom ná dōrdán salm 100 
    crónán na dtarbh ris na buaibh.
  95. Más ait leatsa 'draoill ó dró,'
    ró-ait liomsa bó san bhféar;
    más milis leat 'draoill ó druth,'
    milse liomsa gruth im bhéal.
  96. 105 
  97. Guth téad má líonann do bhrú,
    ní hionann thú is mé féin;
    ná hiarr orm 's ní iarrfad ort
    ceól do chrot, a chláirseóir chléibh.
  98. An traghna ghlórach 's an chuach, 110 
    ní iarrann siad luach ar cheól;
    ós tusa is seirbhe le cluais,
    ná hiarr duais ach uiread leó.
  99. Ní bhfuil san cheól uile acht gaoth,
    's is duine baoth shinneas é; 115 
    annsa leam go mór an taos,
    ó' sé choisgeas fraoch mo dhéad.
  100.  p.13
  101. Cláirseach caimfhiaclach ná dtéad
    olc an séad ag duine bhocht,—
    fiche preabán ar a toll, 120 
    's dá fhichid poll ar a corp.
  102. Olc a lámhchrann, olc a corr,
    measa a com mar chriathair beach;
    mór a leac, luaimneach a gléas;
    suaimhneach an fear téad nár mheath.
  103. 125 
  104. Luch ag sgeilleadh airgid rí
    ar leic mhín, is cosmhail ribh;
    cuirim spéaclóir ar mo chluais,
    's ní chluinim uaibh acht 'big, big!'
  105. Sinn, a Ghiolla, go teann tréan; 130 
    maith mo chomhairle ar séan duit;
    ó táid gotha an umha fann,
    cuir-se téad charr in do chruit.
  106. Muintir Chléirigh is Clann an Bhāird
    ní fiú a n-eagna ná a ndán bró; 135 
    an brughaidh is mó ba is laoigh
    isé sin an tsaoi bhrón (?).
  107. An borb 'gár lia caora is cruach,
    's 'gá bhfuil a luach d'airgead gheal,
    ní bodach é nách déan meall; 140 
    isé is uaisle 's is fearr ceap.
  108. Reac do chláirseach, ceannaigh píob,
    leig díot an druimseach gan āird;
    róbhinn feadán re cois brón,
    's is binn an dos mór ar sráid.
  109.  p.14145 
  110. Nach gcualais go bhfuil i n-úir
    Brian mac Con, gan úidh ar cheól,
    's Ó Seachnasaigh gan bheith san nGort;
    gread do bhos, ná hiarr bheith beó.
  111. Ná déan uaill as an Chalbhach Ruadh; 150 
    ca fios duit an buan a bhláth?
    ní chanaim díbh leath mo sgéal,—
    uch! ní mhaireann séan do ghnáth.
  112. An cheard ris nach bhfaghthar bróg
    acht mire is bród, mairg 'gá bhfuil! 155 
    tarbhach toradh ceóil ná brón,
    's is maith an stór thig ón mbuin.
  113. Is mór mheathas ris an gceól,
    caillid leis a seód 's a mbláth;
    uch! mo thruaighe mar tá siad, 160 
    mar nách bhfaghaid a riar ó chách.
  114. Ná caill i-bhus agus thall;
    ó tá tú dall, ná tréig Dia;
    tuair flaitheas Dé do chuid,
    ó 'sé mhairfeas duit go cian.'
  115. 8.

  116. A bhean do-ní an lionn,
    ná déan lionn dá éis!
    aithne dhamhsa thú,
    is tusa thú féin.
  117.  p.15
  118. Mo chomhairle dhuit—
    ná hól cuid dod lionn,
    is ceannaigh lionn cháigh,
    's ól do sháith do lionn.
  119. Ibh-se féin do lionn, 10 
    dar liom isí an chóir;
    nó tiodhlaic do lionn,
    's ceannaigh do lionn d'ól.
  120. Ná hiarr airgead air,
    olc an bhraich dá bhfuil, 15 
    olc a shean 's a úr,—
    slán gach brú dá gcluin.
  121. Atá sé dubh ruadh,
    atá sé fuar bog,
    atá sé searbh géar, 20 
    measa é ná olc.
  122. Atá sé reamhar marbh,
    atá sé garbh glas,
    atá sé 'na mhuirt mhéith,
    ní choisgeann sé tart.
  123. 25 
  124. Ní bhia mé dá cheilt,—
    ní cóir a reic linn;
    fuair sé a dhódh ar clé,
    ní deoch é is ní grim.
  125. Trom is caorthann glas 30 
    (olc a mblas i mbéal!)
    hóp do leanna bhuig;
    ag sin duit mo sgéal.
  126.  p.16
  127. Sul chaithfir do chlú,
    má tá tú re maith, 35 
    dhuit is biseach mór
    do lionn d'ól na bhraich.
  128. Dá bhfaghthá go luath
    lá gan fuacht gan teas,
    uisge is teine mhór 40 
    's urradh badh lór leat,
  129. Ní dhéantá acht lionn géar,
    is sin féin do mheath;
    ó tá sin id chionn,
    sguir dod lionn, a bhean.
  130. 9.

  131. Aoibhinn beatha an sgoláire
    bhíos ag déanamh a léighinn;
    is follas díbh, a dhaoine,
    gurab dó is aoibhne i nÉirinn.
  132. Gan smacht ríogh ná rófhlatha
    ná tighearna dá threise;
    gan chuid cíosa ag caibidil,
    gan moicheirgne, gan meirse.
  133. Moichéirghe ná aodhaireacht 10 
    ní thabhair uadha choidhche,
    's ní mó do-bheir dá aire
    fear ná faire san oidhche.
  134.  p.17
  135. Do-bheir sé greas ar tháiplis,
    is ar chláirsigh go mbinne, 15 
    nó fós greas eile ar shuirghe
    is ar chumann mná finne.
  136. Maith biseach a sheisrighe
    ag teacht tosaigh an earraigh;
    isé is crannghail dá sheisrigh 20 
    lán a ghlaice do pheannaibh.
  137. 10.

  138. Ar maidin, a mhacaoimh óig,
    iarr teagasg ar an dTríonóid,
    ionnail go cáidh, gabh go glan
    gan sal id láimh do leabhar.
  139. Féach gach líne go glinn glic,
    déan meabhraghadh go minic;
    ceacht bheag is meabhair ghéar ghlan;
    a leanaibh, féagh gach focal.
  140. Bheith ag féachain cháich ná cleacht, 10 
    tabhair t'aire dot éincheacht;
    taisigh í ó chúl do chinn,
    bí lé, gidh cruaidh an choimhling.
  141. Gé madh cruaidh í, ná géill di;
    ná stad choidhche go gcuire 15 
    go socair caoin re chéile
    caoimh (?) fhocail dá aimhréidhe.
  142.  p.18
  143. Ar mhuir mhóir an léighinn láin
    bí id loingseóir mhaith, a mhacáimh;
    bí, madh áil, it fháidh eagna 20 
    i ndáil cháigh do choimhfhreagra.
  144. Don eagna áin is dá fios
    an tan gheabhas tú toircheas,
    biaidh gach cleath fá chíos id chairt,
    biaidh in gach leath dod labhairt.
  145. 25 
  146. Ibhidh gach laoi láindigh dhi,
    tobar na heagna uaisle;
    ní badh searbh id bheól a blas;
    badh sealbh aoibhneasa an t-eólas.
  147. 11.

  148. Gabh, a mhic, mo mhúnadh-sa
    ré dtoichim uaim ar eachtra;
    do dhol as an dúnadh-sa
    is de thiocfas do leas-sa.
  149. Gé chanaid na míodhaoine
    aitheasg nách téid i dtarbha,
    briathra diana díomhaoine
    nárab mian leat a labhra.
  150. Ná bíodh ort 'na dhubhachas 10 
    sgéal dá olcas dá bhfuighe;
    nárab mó do shubhachas
    fán sgéal is fearr dá gcluinfe.
  151.  p.19
  152. Lucht na mbréag gan chomaoine (?)
    ná faghaid uaibh bhar n-urraim; 15 
    na ríogha is na rodhaoine
    gurab iad do lucht cumainn.
  153. Déshearc uait badh marthanach
    d'éis imtheacht ar do thuras;
    bí red chairdibh carthanach 20 
    gach uair dá roichfid chugat.
  154. Déana, mar a-dubhart-sa,
    a mhic bheireas gach éanbhuaidh,
    mar bhadh airdrí cumhachtach,
    toil gach fir don aois éagcruaidh.
  155. 25 
  156. Comhaill fós go fírinneach
    do ghealladh, a ghéag fhionnghlan
    badh glic sibh ór sírchinneadh (?);
    mo mhúnadh ort ná hiomghabh.
  157. 12.

    Seán Ó Neachtain

  158. Tá cuach i n-éisteacht asail
    roimh fhear faire ná n-éanlaith;
    is fearr le muic an raithneach
    ná cíor mheala mar mhéile.
  159. Do tharla pónra is péarla
    i n-ionad éigin ar chuileach;
    do thóg an gráinne pónra,
    d'fhág an tseóid, is d'imigh.
  160.  p.20
  161. Mór unga óir is corrán 10 
    chas ar Thomás mac Lóbais;
    do b'fhearr leis cab ná déise
    ná ór Éireann 'na phóca.
  162. Is fearr le fiach dubh ablach
    is cead a tharraing ó chéile 15 
    ná arán cróch is meala,
    's ba dual athar dhó féin sin.
  163. Do canadh salm don tsaltair,
    do canadh glafar Mhic Lóbais;
    ba binne rann ná daoithe, 20 
    mar do síleadh le hÓrla.
  164. Is binn le cat an sgeāmhghail
    do-ní a mháthair is a athair;
    ní thugann cluas ná éisteacht
    do ná téadaibh ag labhairt.
  165. 25 
  166. An tí nár chleacht acht duairceas,
    beag a shuairceas i gceólta;
    do b'fhearr leis duine ag drantán
    ná ceól iomlán ná Fódla.
  167. Quod scit, quisque colit, 30 
    bíodh gur chóra dhó a sheachna;
    quod nescit, spernit et odit,
    donas mór ar a mhalairt.
  168.  p.21
  169. Bídh gach éan mar a huiltear,
    rádh file nách camghlór, 35 
    iolar i mbarr na píne,
    bíodh an traona sa neanntóig.
  170. 13.

    Tadhg an Ghadraigh Mac Aodhagáin

  171. A lucht chumas bréag san dán,
    dá dtí an bráth budh aithreach súd;
    dígheólaidh, dá n-éirghe a fhearg,
    bréag do chur air, Ceard na ndúl.
  172. Gach ar cheannaigh Críost i gcroich,
    gach ar chruthaigh dhá thoil féin,
    gach ar dhealbh Breitheamh laoi an Luain,
    a n-athchuma is cruaidh an chéim.
  173. An dúil ghránna gan bheith mór 10 
    cumaidh sibhse (lór do phléid):
    'Áille súd ná gach mac mná,
    ós gach míleadh a-ta ar méid.'
  174. Cuirthí urla cruthach caomh
    ar éadan mhaol, mór an oil; 15 
    cumthaoi d'fhior chriothshúileach cham
    go mbí a rosg mall mar an ngloin.
  175. Fear na gcos bhfionnfadhach bhfiar
    nachar sgar a-riamh re gáig,
    'sé duine is áille dhá chois 20 
    idir cholpa is troigh is tsáil.
  176.  p.22
  177. Don duine chartbhuidhe chrón
    cumaidh sibhse, gidh glór truagh:
    'Cneas mar eala nó mar aol
    atá 'gan ghéis is caomh snuadh.'
  178. 25 
  179. Ní tuigthear súd acht 'na spórt;
    cumaidh sibhse, gidh glór saobh,
    fear gadtha caorach is cearc:
    “Beidh Éire fo neart a mhaor.”
  180. Tréan i gcill, neimhthréan i dtuaith, 30 
    ní thógbhann don luaith a thón
    ceann feadhna an dá ghlac go leith;
    bronnaidh súd eich agus ór.
  181. An fear do-ní istigh a ——
    's nách beireann amach a ——, 35 
    adéarthaoi re giolla an tuill:
    “Biaidh Banbha Chuinn aige súd.”
  182. Do gach aon ó mbeirthí duais
    do thuilleabhair fuath is fíoch;
    isé a mholadh an lá leóin, 40 
    is ifreann fá dheóidh a chríoch.
  183. Is mairg do-chuaidh re bhar gceird,
    a dhaoine atá ag deilbh ná dtlus;
    i n-uaimh ifrinn (dorcha a dreach!)
    do chuireabhair fear 's a lucht.
  184.  p.23

    14.

    Muiris (mac Dháiví Dhuibh) Mac Gearailt

  185. Do bronnadh damh cara cuilg,
    ollamh glan tana nách teilg;
    slán don ghríbh bhaisleithin bhuirb,
    glaisbheithir chuilg mhín gan mheirg.
  186. Lann fhíorfhuilteach fhaobhrach lonn
    thaobhghlan chīorrbhaightheach nách cam,
    colg dár ndáigh ro fríoth ag Fionn;
    ní díoth liom im láimh an lann.
  187. Do sgar méidhe is bas re bonn 10 
    mo chéile is glas glan fám chom,
    an ghlasfhaobhrach ghéar nár fheall,
    beann bhrasbhaoghlach thréan nách trom.
  188. Colg gan fuireach i n-am áigh,
    lann bhorb dá nách buidheach liaigh, 15 
    do sgar re Bolcán go mbuaidh,
    cruaidh re car corpán i gcriaidh.
  189. Glaislíneach fhíorolcach fhuar
    bhaisdíreach dhíoghaltach dhaor;
    adhnadh fala a buille buan, 20 
    buinne fuar is tana taobh.
  190. D'fhuil nathrach fuair folcadh dlúith
    an chruaidh dhathghlan olcach áigh,
    gríobh fá chléir chathlann nách tréith,
    ag béin fá chléith chathbharr cháigh.
  191.  p.2425 
  192. Áith éachtach comhlainn nár chaill,
    do ghéabhadh re gormlainn Ghuill,
    an lann shaor nár sheachna sinn
    nár aomh re linn deabhtha a druim.
  193. Ag Heachtor ba líomhtha a lorg, 30 
    is ag Hearcul fhíochmhar ard;
    mian mo chridhe an bhaismhín bhorb;
    is colg nimhe an ghlaismhír gharg.
  194. An lann áithmhín ghlan nách garbh
    ag mac Dáivídh Dhuibh 'na dhorn;, 35 
    fuair buaidh i n-oileamhain arm,
    an bhadhbh chruaidh ghoimheamhail ghorm.
  195. Mar chomthach rem thaoibh-se a-tá
    an gormghas is caoimhe cló;
    tuar meanma dhamh mar is dú, 40 
    gar clú is buadh ndealbha dhó.
  196. Fóm thaobh-sa ní héidir nách feárrde sinn
    Seóid éadrom shéimhchuilg shásta shing;
    Cóip créachtach ó a béal tana is gnáth i gcill,
    'S is mó baochas an éin duibh ná an leá ar an luinn.
  197. 15.

    Muiris (mac Dháiví Dhuibh) Mac Gearailt

  198. Fuaras each nách duaibhseach doirbh,
    each uaibhreach bhuacach san spairn,
    doinnghreagh ait 's a hionmhain oirn,
    draic nách doirbh i n-iorghail airm.
  199.  p.25
  200. Láineach mhór bhorbaistreach bhuan
    do bhronn an donnmhailgheach dún,
    searrach lonn coirpreamhar caomh,
    mo dhonn tsaor fhoiltleabhar úr.
  201. Each chruthghlan nách gealtach garg, 10 
    don chubhar nách beanfadh balg,
    san chorrach is luaimneach lorg,
    an mhongach bhorb uaibhreach ard.
  202. Geall leam ar luas as a los
    an bheann is fearr cluas is cos, 15 
    stéad mhārbhas an míol go deas,
    gríobh na gcleas fhágbhas an t-os.
  203. Tar gach ārd dá shlēimhne slios,
    tar fán is tar céimibh clas,
    gan chruas go coimhréidh do ros 20 
    do luas cos gan oilbhéim as.
  204. Dá mhire i ló gréine gal,
    dá tréidhibh i dtós na sgor
    gan bheith fann aillseach fá fhear
    acht bann mear taidhbhseach tar tor.
  205. 25 
  206. Sgairt i bhfalach ná gráin ghliaidh,
    gáir bhratach ná dath ar dhúil,
    omhan as uirre níor léir,
    mo bhuinne bras, mo léim lúith.
  207. Dá crobh dheas tiomchal ar dtocht 30 
    tug an ghreagh is sliomghlan slacht
    go meanmnach ó chridhe i gcorp
    sidhe docht greadhnách san ngart.
  208.  p.26
  209. Fear fuilt bhāirrshlīm is bas gcorr
    do mhac Dáivídh Dhuibh do bhronn, 35 
    dreagan súgach síleach seang,
    mo bheann lúbach dhíreach dhonn.
  210. M'onchú bheódha, ar seabhac saor,
    leómhan re leadradh na sluagh;
    cuid dá cheird, re hur ná n-ágh 40 
    go cur a n-ár d'fheirg níor fhuar.
  211. Do bronnadh dam each, i bhfad is feárrde sinn,
    Is fonnamhar tapa ag teacht i bhfáinne chruinn,
    An cuilgneach cleasach cneasta ceáfrach caoin,
    Gan tolg, gan stailc, gan stad, gan sgáth, gan sgim.
  212. 16.

  213. Fada leam an lá a-márach
    gan chara gan chompánach,—
    tar és an chuire rom-char
    gan spés i nduine ar domhan.
  214. Ó Dhoire Mhic Lachtna i le
    triallfad le teacht ná maidne
    tre Chlár slim na sleagh bhfiuchair
    feadh mo chinn i gCúileachaibh.
  215. Uchan! fúigfe mé a-márach 10 
    mo chuire saor soghrádhach,
    drong mhíonnaoidhe ghríobhdha ghlan,
    díorma is díomhaoine ar domhan.
  216.  p.27
  217. Daoine is binne beóil chorcra
    's is caoimhe cruth éadrochta, 15 
    drong shéimhidhe naoidhe nár,
    daoine is céillidhe comhrádh.
  218. Daoine is taise taoibh gheala,
    daoine is cunnla croidheadha,
    daoine gan aithne ar an olc, 20 
    aighthe is caoimhe do chonnarc.
  219. Gi-bé ad-chífeadh a gcruth nár,
    nó do chluinfeadh a gcomhrádh,
    dar lais ní daoine an dream glan
    ón fearr gach aoighe d'iomchar.
  220. 25 
  221. Gile a mbráighdeadh mar bhláth sgoth,
    gloise a ndearc, duibhe a malach,
    cuirp niamhdha, trillse tromdha,
    briathra millse miochardha.
  222. Dá mbeth gan éanmhaith ele 30 
    do bheth ionnta dh'áiridhe,
    do bfhiú urraim Innse Fáil
    millse a gcumainn 's a gcomhráidh.
  223. Fionnghuala is cách ar cheana,
    mairg fhúigfeas na hingheana, 35 
    sgor soidhealbhdha ógh iodhan;
    sódh doimheanma an deleaghadh.
  224. Ionmhain dias fhúigfidhear ann,
    Fionnghuala is Giolla an Ghabhann;
    truagh mar tá an cridhe ar a gcor, 40 
    na mná is dile ar domhan.
  225.  p.28
  226. Cuimhne ar a mbriathraibh binne
    's ar áilghine a n-intinne,
    aighthe sídheamhla ar snuadh sgoth,
    badh tuar mímheanma a-márach.
  227. 45 
  228. Mairg fuair a siansán síthe
    's a mbeóil chráite chruibhfhíthe,
    beóil nár dhiomolta do dháimh,
    's a sgeóil ionganta d'fhágbháil.
  229. Inghean lághach Í Lochlainn, 50 
    gnúis ríoghdha an ruisg abhrathruim,
    más í do chráidh mo chroidhe,
    ní hí a-bháin don bhanchuire.
  230. Mairg bheas ar comhair a gcruth;
    mairg dhúinn mhairfeas a-márach, 55 
    tré aoibhneas ná hoidhche a-nocht
    san shaoirlios fhoirfe éadrocht.
  231. Fada leam an lá geamhraidh
    d'éis imtheachta ón ingheanraidh;
    gearr ó anamhain aca 60 
    an ghamhadhaigh ghamhrata.
  232. Ríghe an bheatha ó thuinn go tuinn,
    saoghal Fionntain dá bhfaghainn,
    biaidh choidhche ag crádh mo chridhe
    dál na hoidhche d'áiridhe.
  233. 65 
  234. Is mairg rug eólas orra,
    is mairg nár an eatarra;
    mná an tighe is teagh na mban
    mo-chean cridhe nách gcarfadh.
  235.  p.29

    17.

  236. Duibhe id mhailghibh, gríos id ghruadhaibh,
    gurma id rosgaibh, réidhe it fholt,
    gaoth ag iomramh do chúil chraobhaigh,
    úidh fionnbhan an aonaigh ort.
  237. Mná fear nách aidmheóchadh t'fhéachain
    ar h'aghaidh ag fighe a bhfolt;
    slighe ag méaraibh tre dhlaoi dhaghfhuilt
    ag mnaoi ag déanaimh amhairc ort.
  238. 18.

    Tadhg Ó g Ó Huiginn.

  239. Mairg neach do-ní dearbháile,
    fearr Críost ioná gach cara;
    mar theagaid ná gearrláithe,
    teagaid na láithe fada.
  240. Mairg neach do-ní a thaisgeadha,
    féaghar leat mar atú-sa;
    guth beag is é aitheanta—
    'Ní thig ní san dorn dúnta.'
  241. Barr ná coille ceanntruime 10 
    gidh lór a threise thuiteas,
    féaghar leat, lá Bealtaine,
    an géagach dosach duilleach.
  242.  p.30
  243. Mar ránag an caladh-sa
    soir go hochras na n-airdtreabh, 15 
    níor mhaireastar agamsa
    lón aonoidhche dom airgead.
  244. Do-chí sin an Saoirbhreathach,
    Íosa Críost, ceann an phobail;
    seabhac gléghlan Gaoidhealach 20 
    do chuir chugainn dár gcobhair.
  245. Gidh mór d'fhearaibh sochraide
    fuaras ó aois mo leanaibh,
    mó do fhuaslaig orainne
    Giolla Cuibhneacht Ó Ceallaigh.
  246. 25 
  247. Ó Ceallaigh, mo chompánach,
    cuimseach mé ar an bhfial bhfaoilidh,
    go mbeire buaidh gcomhdhála
    ó dheamhnaibh is ó dhaoinibh.
  248. An gcéin mhairfeas Éireannach 30 
    agus coimhéaltar cairdeas,
    madh mise bhus déidheanach,
    ní ba hí an mhalairt mhairgneach.
  249. 19.

  250. Caith a bhfuighe re daonnacht;
    bí fán saoghal go suarach;
    do mealladh lucht an doichill
    bhíos ag coigill a gcnuasach.
  251.  p.31
  252. Mairidh gach cnuas dá gcaitear,
    ná bí faiteach dá sgaoileadh;
    bídh fear coigilte an tsaidhbhris
    fá lán daidhbhris nách saoiltear.
  253. An Té do riar ar bheagán 10 
    cách i gceartlár an fhásaigh,
    an rath i mbun na caithmhe
    isí m'aithne gur fhágaibh.
  254. Seóid an bheatha dá n-áille
    acht mar sgáile ní mhairfid; 15 
    ag dul san uaigh ón gcróchar
    duit badh dóchas a gcaithfir.
  255. Ciodh maith turas is trosgadh,
    crábhadh gan osnadh bhréige,
    ré ndul duitse don tsaoghal 20 
    is fearr daonnácht is féile.
  256. Do-bhéaraidh Airdrí nimhe,
    do réir dhlighidh ná n-ughdar,
    neamh agus clú re chéile
    d'fhear na féile do chumhdach.
  257. 25 
  258. Ó nách bhfaghthar ré a dhearbhadh
    go bhfoghnann meanma chumhang,
    ná bíom go doichleach doilbhir,
    bímíd go soilbhir subhach.
  259. Córaide dhúinn bheith soichleach 30 
    's gan bheith doichleach fán saoghal,
    go dtéid do dhíth a chaithmhe
    biadh nách gcaitear re daonnacht.
  260.  p.32
  261. A fhir an dorais dúnta
    len háil cūmhgach id chomhrann, 35 
    an biadh curthar san gcamra
    caidhe an tarbha dá bhfoghnann?
  262. Cumhdaigh do chlú go haireach,
    ná bí failleach i ndaonnacht;
    ní beó tar éis a náire 40 
    neach dá shláine san tsaoghal.
  263. Déana mar do-níodh Guaire,
    tréinfhear do b'uaisle croidhe;
    is buaine bladh ná saoghal;
    caith re daonnacht a bhfoighe.
  264. 45 
  265. Colam Cille mac Féilim,
    do bhí i nÉirinn 'na bhiatach,
    tug ar shaoghal an chlacuill (?)
    caitheamh an chapaill iasacht.
  266. Aoibhneas an tsaoghail bhréagaigh 50 
    ó nách béarthar don tsaoghal,
    le Dia tabhair a bhuidhe,
    's caith a bhfuighe re daonnacht.
  267. 20.

  268. Meinic sin, a ghealltanais!
    ná tairg mo mhealladh feasta;
    ní héanuair do dhearbhamair
    nár chrete dhúinn do ghealladh.
  269.  p.33
  270. A ghealltanais mhinic-se,
    níor thuigeas tú ar tí mh'éartha;
    mór gealltar nách inchrete;
    ní thuigeann Ulltach éara.
  271. Do ghealltanas bhéalbhlasta, 10 
    dar leam féin is mé folamh,
    do bhéarthá-sa ar mh'éanfhocal
    dá madh leat uile an domhan.
  272. Má tá cion ar ghealltanas
    nách dtéd i gcrích fá dheireadh, 15 
    slán carad nó neamhcharad
    a dhul uaibhse fá eiteach.
  273. Níor chreideas ar gheallaise
    ar tús, go bhfuaras eólas;
    álainn ór an chleasaidhe, 20 
    dar leis an tí nách eólach.
  274. Do bhámair go soimheallta
    red ghealladh lán do lúthghair,
    ag imtheacht go soineannta
    amach re ceann an tsúgáin.
  275. 25 
  276. Mise ris do bharánta
    gur iomdha fear a rádha,
    fan talamh go rachthá-sa
    do mhealladh aoinfhir dána.
  277. Nós sparáin na sgillinne 30 
    atá agad 'mun eneach;
    gan tiodhlacadh pinginne,
    's gan éanduine d'eiteach.
  278.  p.34

    21.

  279. Cionnas sin, a fhir na mbréag,
    ós tú féin do fhéach a mbuaidh,—
    cionnas do-gheibh tú do dhíol,
    is a léigeann tú dhíobh uait?
  280. Gidh iomdha re hiarraidh neith,
    beir a bhuidhe sein re Dia,
    nách deachaidh aonduine ód bhréig
    nách bhfuair dhíobh an mhéid do iarr.
  281. Dóchaide liom rath na mbréag 10 
    do leanmhain díot, a dhéad geal,
    dá mbeitheá ar aoinbhréig a-mháin,
    isé a caitheamh badh áil leat.
  282. Ó nách lughaide do bhréag
    tú dá roinn fó chéad ar chách, 15 
    dona d'aonduine tar th'éis
    srian do chor re bréig go brath.
  283. Dona don té choigleas í;
    fán mbréig is mairg do-ní olc,
    's an bhréag tugais uair a-réir 20 
    agad 'na cruth féin anocht.
  284. Muca Manannáin mhic Lir,
    uirsgéal sin bheanas re bréig;
    aréir dhíobh dá marbhthaoi muc,
    a beith iniu 'na cruth féin.
  285.  p.35

    22.

  286. Tuar beannácht bheith i bpríosún!
    cóir do chách síorthnúth rinne;
    gi-bé ar a bhfuil díth beannacht
    go bráth, teagadh don tigh-se.
  287. A fhir do thuill trét anolc
    bheith id chrann mallacht doitse,
    beir an uair-se id chrann beannacht
    acht go dteaga don toigh-se.
  288. An uair chuirim neach éigin 10 
    d'iarraidh déirce fán bpobal,
    ní thig chugam rem theachta
    acht míle beannácht fholamh.
  289. Ait an déirc duine shaidhbhir
    beannacht go braighdibh bochta, 15 
    's go dtiubhrainn féin céad beannacht
    ar phionta leanna dhá olcas.
  290. Ag reic beannacht go saidhbhir
    bíd braighde bochta an uair-se;
    créad do b'áil linn don earradh 20 
    nach gnath dhá cheannach uainne?
  291. Tír Chonaill mhic Néill niamhghloin
    ní dóigh diabhail dá mealladh;
    ní bhíonn duine san tír-sin
    acht lán do mhíltibh beannacht!
  292.  p.3625 
  293. A gcrábhadh san re haithigh
    gé nachar thaitin rinne,
    ní fhaicim pobal beannacht
    mar mhuintir Ghleanna Finne.
  294. An chuid eile dár gcāirdibh 30 
    go nach dtáinig ar dteachta,
    más iad so ar lucht cumainn,
    ná cuirdís chugainn beannacht.
  295. Cuirdís chugainn déirc oile
    ar gcairde croidhe cruaidhe; 35 
    ní shásann beannacht fholamh
    duine ar dhomhan an uair-se.
  296. Dá mbeidís mar tá sinne
    Colum Cille agus Pádraig,
    ní ghéabhdaois beannacht fholamh, 40 
    gér mhór moladh a gcrábhaidh.
  297. 23.

  298. Cruaidh an cheard an compántas,
    ní uaim féin aithnim oram;
    tearc duine sa domhnán-sa
    do chongaibh é san gcothrom.
  299. Compánaigh ná haimsire-se
    truagh a fhusacht cheanglaid comann,
    's nách fusa le haimhghliocas
    ná leó a sgaoileadh go hobann.
  300.  p.37
  301. A lucht cheanglas compántas, 10 
    cuartaidh féin croidhthe a chéile,
    sul léigfe sibh go hantráthach
    le cách fios bhar méine.
  302. Agam do bhí an compánach
    do b'annsa leam d'iath Éibhir; 15 
    do bhí umam go roghrádhach,
    má b'fhíor do bhéal ná bréige.
  303. Níor cheil mé ar an gcompán-sa
    aon rún {}
    's do cheileadh sé go drochfháthach 20 
    a rún {}
  304. Tiucfaidh don ghníomh ghránna-sa
    d'imir mo chompán oram,
    nach biaidh meall mo bhrághad-sa
    ar iocht móráin san domhan.
  305. 25 
  306. Ní hiontaobhtha an aimsir-se;
    ná léig do rún le mórán;
    is duine lán d'aimhghliocas
    'gá mbí iomad na gcōmpán.
  307. Níl éinneach san saoghal darb aithne dham beó 30 
    Le léigfinn mo chonséit ná fachain mo bhróin,
    Ach an té sin ar a smaenim don tarsna don ród,
    Ar ar thréigeas gach céile dá bhfacas go fóill.
  308.  p.38

    24.

  309. Tuirseach mé dod chomann-sa,
    a fhir an chomainn bhréige!
    mise fear a chomhalta,
    agus tusa fear a thréigthe.
  310. Ní do nocht ar gcomainne
    do chonnarc riamh rem chuimhne
    tarla idir Fhionn romhainne
    agus Diarmaid ó Duibhne.
  311. Mas fíor comann Chonchobhair 10 
    agus Naoise mhic Uisneach,
    a chomholc do chonncamair,—
    adhbhar dár mbeith tuirseach.
  312. 25.

  313. Mairg 'gá lagaid a lámha!
    ní hiongna a rádha uaimse,
    an uair lagaid na lámha
    lagaid na grádha an uair-sin.
  314. Na daoine saidhbhre carthar
    nó go lagaid a lámha;
    gradh do neach gan mhaith aige
    ní thóir cara ná námha.
  315.  p.39
  316. Mar do-chím an lámh shaidhbhir 10 
    's an lámh dhaidhbhir 'na farradh,
    beanaidh dhíom bheith go dána
    faicsin na lámha lagthar.
  317. 'Foirtile mé ná mh'athair' (?),
    an rádh-so cé rádh fíre, 15 
    is lór a dhuarca d'fhocal,
    ós follas fios a bhríghe.
  318. Focal eile is é seanda
    (misde mo mheanma a thuigsin):
    'Ón dá mhaith do bhí béaraidh 20 
    an éanmhaith atá uirrim.'
  319. Tig i láimh an tí chleachtas
    an seabhac 'gá mbí aithne;
    an lámh dá bhfuighe falamh,
    ní dá dheóin anas aice.
  320. 25 
  321. Gi-bé bhíos gan maith aige
    bíodh go madh maith a bhéasa,
    gé bheith go tuigseach tréitheach,
    annamh éistear a sgéala.
  322. An té braitear i mbochtacht 30 
    'na fhocal ní bhí acht searbhas;
    briathra an té 'gá mbíd séada
    binne ná téada meannchrot.
  323. Gi-bé thaisgeas a fhuidheall
    ní maith thuigeas an saoghal; 35 
    nách é féin bhias dá chaitheamh
    don té thaisgeas is baoghal.
  324.  p.40
  325. Crodh na cruinne 's a maoine
    ciodh éigneach daoine iompa,
    fá dheóidh is amhlaidh aithnim 40 
    nách fuil acht aisling ionnta.
  326. Méad a ratha ná a uaisle
    ní hadhbhar uaille d'aoinneach;
    rí na bPears dár bh'ainm Dáire
    is Poimp Mháighe do claoidheadh.
  327. 45 
  328. Samson geur mhór a chéadfadh,
    Aicil éachtach, is Eachtar,
    Earcail nár sháraigh aoinfhear,
    féach gur claoidheadh an ceathrar.
  329. A dtiocfa dhíobh 's a dtáinig, 50 
    is a n-áireamh go haoinneach,
    a mná, agus fir na cruinne,
    cia dhíobh uile nách claoitear?
  330. Ós mar sin atá an saoghal,
    dul dá thaobhadh is dochar; 55 
    gá fearr dúinne bheith saidhbhir
    ná bheith daidhbhir i mbochtacht?
  331. Ós buidheach Dia don dealbhas,
    acht go ndearntar a fhulang,
    má 'sí a thoil mise i ndaidhbhreas, 60 
    nár léige an saidhbhreas chugam.
  332. Eadram 's an Mac-sin Mhoire
    an tráth is goire an gábhadh,
    cuirim mo chara Maitias,
    an t-easbal glainfhial grádhach.
  333.  p.4165 
  334. Mór is docraide ar ndaoradh
    dom shaoradh liom dá labhra,
    acht go mbia Caitir-íona
    ar cumas díona mh'anma.
  335. 26.

    Maoilín Óg Mac Bruaideadha.

  336. Bráthair don bhás an doidhbhreas!
    ní dhligheann foighdheach faoilte;
    dúisgidh foilmhe fuath carad,
    ní carthar neach gan mhaoine.
  337. Ní chuala riamh 'gá radha
    gur gránna neach madh soidhbhir;
    bídh, 'na sheasamh 's 'na shuidhe,
    gráin mhairbh ar dhuine dhoidhbhir.
  338. Minic bhíos damhna flatha 10 
    soidhbhir ratha óg álainn,
    's a mhac i bhfeidhm an tsúiste,—
    trí glúine ó rígh go rámhainn!
  339. Mar bhíd ag ól 's ag aoibhneas
    fóir Ghaoidheal na ngleó neamhlag, 15 
    bídh túis suidhte ag an soidhbhir,
    's bídh an doidhbhir ar dearmad.
  340. Ní miste an té bhíos saidhbhir
    bheith aimhnirt tréith i dteagmháil,
    bheith balbh túitmheach i dteangaidh, 20 
    bheith ar leathchois nó ar leathláimh
  341. Ní feirrde an duine daidhbhir
    bheith raighlic foirfe i bhfoghlaim,
    bheith fosaidh dearbhtha i ndeighchéill,
    bheith neimhthréith ag cur comhlainn.
  342.  p.4225 
  343. Ní feirrde dhó a bheith maordha,
    bheith fraochda nó bheith ceannsa,
    bheith do threibh Chuinn nó Chathaoir,
    bheith sochoisg dathchaoin dealbhdha.
  344. Ní feirrde dhó a bheith suilbhir, 30 
    má cluintear a bheith folamh;
    mar atáim-se mairg tárraidh,
    lom ar mbreith áraigh oram.
  345. Gur measadh mé as mo neamhstór,
    do b'fhiú deargór mo labhairt; 35 
    iniu ní fhaghaim éisteacht,
    do thréigsead mé mo charaid.
  346. Dígheóla mé mo thréigean
    ar neach éigin nách aibéar
    d'uaislibh Gaoidheal ghuirt Mumhan 40 
    dár dhual m'fhurtacht óm ainshéan.
  347. Ós deadhail dúinn re chéile,
    ar bharr áigh fréimhe fionnBhloid,
    triath Fhorghais na bhfonn lígheal,
    do-ghéan mo dhíthcheall iomlait.
  348. 45 
  349. Inneósad air bheith bronntach,
    ní dá dtig tromlot tíre,
    's a bheith congháireach creachach,
    mar do chleachtadh Mic Míleadh.
  350.  p.43
  351. Adéar go dtabhair anóir, 50 
    ursa cathshlóigh Chláir Chliodhna,
    do dhaoinibh nách díol ceana,
    i n-aghaidh reachta an Phrionnsa.
  352. Adéar go n-adhrann d'íomháigh
    ua ríoghTháil na ruag bhfeardha; 55 
    adéar go dtéid fá thobar;
    ní badh hé an cogadh ceannsa.
  353. Adéar iar ndul 'na dhánacht
    go mbí bádhach re biodhbaidh
    is coimhitheach re caraid; 60 
    tearc mo shamhail d'fhior iomlait.
  354. Adéar gurab é is buirbe,
    sódh fuilngthe gacha fuarghaoil,
    's nách gabhann áis gan éigean,
    's go n-éistfeadh dán is duanlaoidh.
  355. 65 
  356. Adéar go ndéineann coinnmheadh,
    gur líon d'fhoirneart is d'anaoibh,
    go dtógbhann sreath is sobhadh;
    beidh foghar cháich rem chasaoid.
  357. Adéar nách leó acht go Luimneach, 70 
    síol Luighdheach Meann na míntréad;
    dá gcur don chrích-sin Chonnacht,
    badh dochar dóibh a ndingéan.
  358. Adéar geall Gaoidheal Teamhra
    ag Leath Chuinn feardha feadhmchruaidh 75 
    tar Leath Mogha na míonmhagh,
    súil re gríosadh a ghealghruaidh.
  359.  p.44
  360. Do-geibhthear treise iar dtréithe,
    do-geibhthear téigle iar dtroimchioth,
    do-geibhthear síoth iar siosma; 80 
    lia 'sas lia fiorta an Choimdheadh.
  361. Do-geibhthear síon iar ngairbhshín,
    dlighthear ainmhín do riadhadh;
    do-ghéabh-sa séan iar ndoishéan,
    coiléan gach cú go fiadhach.
  362. 85 
  363. Brisfidh sé doirse ar ndaidhbhris,
    ua an Taidhligh dár bh'ainm Eóghan,
    fear riartha gach fir oile,
    beanfaidh dom chroidhe ceóbhrat.
  364. Dár nglanadh do ghabh daonnacht 90 
    Mac Dé is gaolmhar i ngrásaibh;
    luibh chabhra cháich a chréachtghon;
    mo-ghéanar 'gá mbí bráthair.
  365. 27.

     1

    Tadhg Ruadh Ó Conchobhair

  366. 'S do chleasaibh an tsaoghail tslim
    d'fhear shaidhbhir nách baoghal táir
    más daidhbhir, atá gan chéill,—
    fáth nách téid an ceart 'na cháir.
  367. Damhsa do fíoradh an sgéal:
    an tan do b'aoibhinn mo sheól,
    ba mór mo chairdeas 's mo ghaol;
    ós bocht, ní thig aon dom chóir.
  368.  p.45
  369. Cé chím iad, ní fhaicid mé, 10 
    's má chíd mé, ní fhaicid mé;
    saoilid siad, ar ndul dom spréidh,
    ciodh mise mé, nách mé mé.
  370. Lá samhraidh ó éirghe don ghréin,
    (tuigeadh gach aon créad an fáth) 15 
    muna bhfaicinn mo sgáth féin
    nó sgáth éin, ní fhaicim sgáth.
  371. Dá madh mise mise a-rís,
    badh gile ná an ghile mo nós,
    anois cé nách cuirid cás 20 
    im bhás, ná im bheathaidh fós.
  372. Isé meas an tsaoghail mhóir
    ó bhraithid mo stór go gann,
    dá dtagrainn an ceart 's an chóir,
    nách fuil acht glór amaide ann.
  373. 25 
  374. Dá madh líonta d'ór mo thrunc,
    's mo bheith gan unsa don chéill,
    adéaradh an mhaith 's an t-olc
    mh'eagna tar Sholamh go dtéid.
  375. A Dhé do chuir iad san riocht 30 
    is mise san chruth i dtáim,
    cion ar chaill mise do mheas
    aitchim ort, dom anam dáil.
  376.  p.46
     2

    Seán Mac Criagáin

  377. Truagh, a Thaidhg, mar caointear leat,
    ó tharlais gan bhrat gan bhú, 35 
    ná faicid daoine thú féin;
    is damhsa is léir gur tú thú.
  378. Dearbhaim dhuit gur tú Tadhg
    a Cruachain ó Mheidhbh do chin,
    is do bhí id Thadhg roimhe riamh; 40 
    do-bheirim sliabh gur tú sibh.
  379. Nách tú an Tadhg do chin ó Chorc,
    noch chumas mór port don ghreann,
    nó an sluagh sídhe tarla ort
    dod bhreith ar fud chnoc is gleann?
  380. 45 
  381. Mar nách faicthear thú le neach,
    anois ó do mheath do mhaoin,
    is ródhall gach aon nách tuig
    gur is-tigh atá do chaoin.
  382. Saoithe Leithe Mogha móir 50 
    ar teirce stóir atáid siad;
    dar liomsa do b'olc an bhreith
    gan tusa do bheith mar iad.
  383. Ní fhuil agad crodh ná séad,
    ní fhuil agad tréad ná táin; 55 
    do chlaochlaigh do chion a-nos,
    ní fhuil agad ros ná ráib.
  384.  p.47
  385. Gabhaim-se thú it aon re lár,
    ó táimíd ar sáil na suadh;
    aitchim ort, dod chumhaidh coisg, 60 
    ós liomsa do thoisg is truagh.
  386. 28.

  387. Gabh mo chomhairle, a chara;
    ná bí i ngalar ná i ngéirnimh
    fá mhóran do mhaoin fhallsa
    nách dtug annsa dod thréithibh.
  388. Mo chomhairle dhuit an tan-sa:
    ná glac-sa 'na chúis dóláis,
    an feadh mhairfeas do dhaoine,
    easbhaidh maoine ná móráin.
  389. Do b'fhéidir go mbfhearr dhuitse, 10 
    do réir tuigse agus aithne,
    bheith i mbanna na n-ógán
    ná mórán do bheith ar h'aire.
  390. An drong agá mbí an saidhbhreas,
    iomdha daidhbhreas is dochar 15 
    do-gheibh siad fán tsaoghal;
    móide is baoghal a shochar.
  391. Marcus Crassus, tré uabhar,
    an gcuala tú, a dhuine,
    a bhás do theacht tré shaidhbhreas; 20 
    cár mhó aimhleas san chruinne?
  392.  p.48
  393. Is breith chámhaill tré shnáthaid
    (mar ráidhid isna leabhraibh)
    fear an tsaidhbhris do tharraing
    ná a bhreith don Chathraigh neamhdha;
  394. 25 
  395. Mar sin nách beite dhuitse
    lán do thuirse fá mhórán,
    ó tá gach duine i mbaoghal
    do-bheir don tsaoghal róghrádh.
  396. Locht eile ar an tsaidhbhreas 30 
    (móide is aimhleas a fhagháil)
    nách fearr leis ag na saoithibh
    ná ag na daoithibh gan daghcháil.
  397. Teacht le beagán maoine
    níor bh'adhbhar maoithe dhuitse, 35 
    is gan bualadh fá mhórán
    tar gach ógán dot fhuil-se.
  398. 29.

  399. Don bhothán is deacair bóin,
    is mairg théid dá dheóin 'na pháirt!
    ceard is doilghe dár chum Dia,
    gi-bé thairgfeadh a riar go bláith.
  400. Bean bheag mhíothairbheach bhorb
    is sgaoi ghárlach is doirbh mian—
    is mairg dár cuideachta an drong
    i n-éadach lom is iad gan bhiadh.
  401.  p.49
  402. Is soiléir gach lá dhá dtig 10 
    é bheith ar easbhaidh an bhig 's an mhóir,
    súil le furtacht nách bí i ndán,—
    don bhothán trá is deacair bóin.
  403. 1Do rinne an bothán bochtán bocht buartha dhíom,
    Thilg sé mo sgafántacht go hanásta suas is síos, 15 
    Do rinne sé loisgreán go hiomlán is gual dom chruí,
    Is ní fhuil ach leanbán ins gach mácamh dá mbuaileann faoi.
  404. 30.

  405. Dána dhamh gan bheith im thocht,
    is nách tuigim port go cóir;
    mh'inntleacht ó tharla go mall,
    ní gheabha mé acht rann nó dhó.
  406. Guth mo chinn ó ta go searbh,
    dearbh nách cuirfead é le téid,
    is guth m'ochta thíos ar meath;
    ní innsim díbh leath mo sgéil.
  407. Ní thuigim téada ná puirt, 10 
    ní fhaghaim mo ghuth go sámh;
    díoghbháil gotha is cumhgach cléibh—
    is tríd nách gabhaim féin dán.
  408.  p.50

    31.

  409. Ciamhair cráite an croidhe-se,
    an croidhe-se is ciamhair cráite;
    ní bhfuil sláinte im ghoire-se,
    im ghoire-se ní bhfuil sláinte.
  410. Do marbhadh an t-anam-sa,
    an t-anam-sa do marbhadh;
    atá adhbhar agamsa,
    agamsa atá adhbhar.
  411. Ciamhair atá m'intinn-se, 10 
    m'intinn-se atá ciamhair,
    ciamhair gion go n-innsim-se,
    gion go n-innsim-se is ciamhair.
  412. 32.

  413. Tuirseach mé don tuirse-se,
    don tuirse cé táim tuirseach;
    truagh, is méid mo thuirse-se,
    mé ón tuirse go tuirseach.
  414. Tuirse thuirseach atuirseach
    atá oram 'na tuirse;
    tuirse tré mbím rathuirseach,
    isé is adhbhar dom thuirse.
  415.  p.51
  416. Tuirse thréan mo thuirse-se, 10 
    tréan mo thuirse gidh tuirseach;
    tré roimhéid mo thuirse-se
    ní mór nách fuilim tuirseach.
  417. Cé túirseach fann me, clamprach cumasónna,
    Go cúthil ceanntrom seanda singilchlócach, 15 
    Is tú gan cham gan chall dom uile dhóchas
    Cú mo chabhra i n-am ar dtrioblóide.
  418. 33.

    Diarmaid Bán Ó Hanglainn

  419. Saoghal so nách saoghal damh,
    ní hé an saoghal-sa ar saoghal,
    saoghal ó nách saoghlach sinn;
    baoghlach an saoghal, saoilim.
  420. Níor thuigeas (ba thuigse shlim;
    truagh nár thuigeas mar thuigim!)
    nách í an tuigse do thuig mé;
    tuig nár thuigse mo thuigse.
  421. Anois tuigim nár thuig mé, 10 
    giodh mall do thuig mo thuigse;
    ní fhaghaim lem thuigse ar dtoil,
    tuigse do adhair d'antoil.
  422. Mo thuigse ar thoil mo thoile
    le toil do thoil mh'antoile; 15 
    mo thoil-se ar thoil na tuigse,
    toil dár foigse fíorthuigse.
  423.  p.52
  424. D'éis a dtuigim (truagh mo thoisg)
    dar leam is duine díochoisg
    nách géill ó thoil do thuigse 20 
    le céill oimh ná hantuigse.
  425. Mo thoil, a Dhé, ar do thoil-se,
    coisgeadh dá toil mh'antoil-se;
    mo thoil, mo thuigse mar so
    tuig-se gan oil, a Íosa.
  426. 34.

  427. Truagh do thoisg, a fhir ná sgéal!
    olc an séan le dtáinig sibh;
    ní chollaim oidhche ná lá,
    do fhágbhais mé lán do nimh.
  428. An nimh-sin do chuaidh im cheann,
    is gearr uaithi dul im chois;
    do shiobhail sí mo dhá láimh;
    och, a Dhé! mar táim a-nois.
  429. Ní beó mé, ní bhfuaras bás, 10 
    truagh an cás ina bhfuil sinn;
    ní bhfuigheadh an tsnáthad chaol
    ionad im thaobh gan bheith tinn.
  430. Ní aithnim airgead tar ór,
    ní mór go n-aithnim an sluagh, 15 
    bím ar meisge gan fhíon;
    do thuras, fa-ríor, is truagh!
  431.  p.53

    35.

    Criostóir Pléimeann

  432. Triallam go caisleán an cheóil
    mar dtigid ná seóil is-teach;
    ba minic i n-aimsir óil
    meadhair a shlóigh ag déanamh chreach.
  433. Ionmhain brugh fá mbuailid báirc,
    ionmhain tráigh is aoibhinn tonn,
    ionmhain faoidhe finnéan ngeal,
    ionmhain treabh is fíonmhar tonn.
  434. Trí dúnta is oirdhearca clú,— 10 
    is díobh thú, a dhún an tslóigh,
    deaghdhún Chon cCulainn na gcleas,
    is an múr theas, Dún an Óir.
  435. Go dúnadh fíonmhar na bhfleadh
    inar lia greagh agus giall, 15 
    go hasard ós an lear lán
    do ba minic dámh ag triall.
  436. 36.

  437. Trí gártha is gnáthach 'na dhúnadh,
    dúnadh ard i n-ibhthear corm,—
    gáir na stéad i ndáil na ndeighfhear,
    gáir théad, is gáir geimheal ngorm.
  438.  p.54
  439. Trí neithe chuireas 'na gcolladh
    cobhlach í Dhuach ó Dhruim Ceit,—
    gotha téad is faoidhe faoileann,
    laoidhe géag Raoileann dá reic.
  440. Trí neithe dhúisgeas 'na dheaghaidh,— 10 
    deabhaidh luingse láimh re port,
    gáir na sluagh ar muir dá maoidheamh,
    guil san chuan ag caoineadh corp.
  441. Trí neithe aoibhnigheas ortha
    d'aithle éachta fhéinnidh Lí,— 15 
    uaill na sealg, is gníomh ná nglainghreagh,
    fíon dearg do tairngeadh fá thrí.
  442. 37. Oisín cct.

  443. Binn sin, a luin Doire an Chairn!
    ní chuala mé i n-aird san bhith
    ceól ba binne ná do cheól
    agus tú fá bhun do nid.
  444. Aoincheól is binne fán mbith,—
    mairg nách éisteann ris go fóil,
    a mhic Arphluinn ná gclog mbīnn,
    's go mbéarthá a-rís ar do nóin.
  445. Agat, mar tá agam féin, 10 
    dá mbeith deimhin sgéil an eóin,
    do dhéanta déara go dian,
    's ní bhiadh th'aire ar Dhia go fóil.
  446.  p.55
  447. I gcrích Lochlann ná sreabh ngorm
    fuair mac Cumhaill na gcorn ndearg 15 
    an t-éan do-chí sibh a-nois—
    ag sin a sgéal doit go dearbh.
  448. Doire an Chairn an choill úd thiar,
    mar a ndéindís an Fhiann fos;
    ar áille is ar chaoimhe a crann 20 
    iseadh do cuireadh ann an lon.
  449. Sgolghaire luin Doire an Chairn,
    búithre an daimh ó Aill na gCaor,
    ceól le gcolladh Fionn go moch,
    lachain ó Loch na dTrí gCaol.
  450. 25 
  451. Cearca fraoich um Chruachain Chuinn,
    feadghail dobhráin Druim Dhá Loch,
    gotha fiulair Ghlinn na bhFuath,
    longhaire cuach Chnuic na Sgoth.
  452. Gotha gadhair Ghleanna Caoin, 30 
    is gáir fhiulair chaoich na sealg,
    tairm ná tuinne ag triall go moch
    isteach ó Thráigh na gCloch nDearg.
  453. An tráth do mhair Fionn 's an Fhiann,
    do b'annsa leó sliabh ná cill; 35 
    fá binn leósan fuighle lon,
    gotha ná gclog leó níor bhinn.
  454.  p.56

    38. Oisín cct

  455. Mian mhic Cumhaill fá maith gnaoi—
    éisteacht re faoidh Droma Deirg,
    colladh fá shíodh Easa Ruaidh,
    fiadh Ghaillmhe ná gcuan do sheilg.
  456. Sgolaidheacht luin Leitreach Laoigh,
    Tonn Rudhraighe ag buain re tráigh,
    dordán an daimh ó Mhoigh Mhaoin,
    búithre an laoigh ó Ghleann Dá Mháil.
  457. Foghar seilge Sléibhe gCrot, 10 
    fuaim na n-os um Shliabh gCua,
    monghar faoileann Iorrais thall,
    gáir na mbadhbh ós cionn na sluagh.
  458. Coigeadal na mbárc re tuinn,
    donál conairte i nDruim Lis, 15 
    briathra Brain i gCnoc na nDáil,
    gáir na dtrí sreabh um Shliabh Mis.
  459. Faoidh buabhaill ar sgur do sheilg,
    guth gadhair ar leirg na bhFian,
    fleadh Almhaine i measg na ndámh,— 20 
    fá hiad sin go brách a mhian.
  460.  p.57

    39. Oisín cct

  461. Dubhach sin, a Bheann Ghualann,
    a bheann na nuabharr gcruthach;
    roimh thoidheacht an Táilginn
    do b'álainn bheith ar do mhullach.
  462. Do b'iomdha cú agus giolla
    ar do shlios, a Bheann Ghualann;
    do b'iomdha ort laoch láidir
    agus beann bhláithbhinn bhuabhaill.
  463. Gotha gadhar id ghleanntaibh, 10 
    is muca allta dá bhfiadhach;
    gach féinnidh dá raibh do láthair
    go gconaibh áille ar iallach.
  464. Fa hiomdha ort cruit cheóilbhinn
    ós leirg ná bhfód mín bhféarghlas, 15 
    is ór dá bhronnadh an uair-sin
    re gabháil duanta is dréachta.
  465. An uair-sin, a Bheann Ghualann,
    níor bh'fhuath linn bheith fád thaobhaibh,
    anocht gé tearc mo charaid, 20 
    fa-ríor! ní mhairid mo ghaolta.
  466.  p.58
  467. Nuallán do chorr san oīdhche,
    is cearca fraoich do shléibhe
    le chéile, agus ceól caoince,—
    do b'aoibhinn bheith dá n-éisteacht.
  468. 25 
  469. Is dúinne do b'adhbhar meanma
    éisteacht re gothaibh bhar n-iolar;
    ba bhinn cannrán do dhobhrán
    agus comhrádh do shionnach.
  470. Séis bhar lon 's bhar smaolach 30 
    is dúinne is adhbhar cumhadh;
    ba tógbháil bróin do bhantracht
    fearáin do chrann gcluthair.
  471. Fa hiomdha cnuas do chuilleadh
    le mnáibh fionna na Féine: 35 
    do chaora go mblas gcumhra,
    do shubha agus do sméara.
  472. Mónóga caomha corcra,
    biolar, folacht, is gleórán;
    is triar inghean Chais Chuailnge, 40 
    fa binn uatha a ndōrdán.
  473. Subha craobh agus āirne,
    cna go n-áille, agus féithleann,—
    do b'iomdha sin a dtairmis
    thall i n-aimsir Fhian Éireann.
  474. 45 
  475. Álainn inbhear h'uisge,
    agus leirg ná sruth saoirbhinn;
    anocht gé táim go harsaidh,
    do chaitheas aimsir go haoibhinn.
  476.  p.59

    40. Oisín (nó Caoilte) cct.

  477. Arann ná n-oigheadh n-iomdha,
    tadhall fairrge re a formna;
    oiléan i mbearntar buidhne,
    druimne i ndeargthar gaoi gorma.
  478. Ard ós a muir a mullach,
    caomh a luibh, tearc a tonnach;
    oiléan gorm groigheach gleannach,
    corr bheannach dhoireach dhrongach.
  479. Oighe baotha ar a beannaibh, 10 
    mónainn mhaotha ina mongaibh,
    uisge uar ina haibhnibh,
    meas ar a dairghibh donnaibh.
  480. Míolchoin ghéara agus gadhair,
    sméara is airne dubh droighin, 15 
    dlúth a froigh ris na feadhaibh,
    doimh ag deabhaidh 'na doiribh.
  481. Díoghlaim chorcra ar a cairrgibh,
    féar gan lochta ar a leargaibh,
    ós a creagaibh caon cumhdaigh, 20 
    surdghail laogh mbreacraidh mbeadhgaigh.
  482. Mín a magh, méith a muca,
    suairc a guirt (sgéal is creite),
    cna for bharraibh a fiodhcholl,
    seóladh ná siothlong seice.
  483.  p.6025 
  484. Aoibhinn dóibh ó thig soineann,
    bric fá bhruachaibh a habhann;
    freagraid faoilinn 'má fionnall;
    aoibhinn gach ionam Arann!
  485.  p.119

    41.

  486. Aoibhinn bheith i mBinn Éadair,
    fírbhinn bheith ós a bánmhuir,
    cnoc lánmhar longmhar líonmhar
    beann fhíonmhar fhonnmar ághmhar.
  487. Beann i mbíodh Fionn is Fiana,
    beann i mbíodh cuirn is cuacha;
    beann i rug ua Duinn dána
    lá Gráinne do ruinn ruaga.
  488. Beann tomghlan seach gach tulach, 10 
    's a mullach crunnghlas corrach,
    cnoc lannach creamhach crannach,
    beann bhallach mhíolach mhongach.
  489. Beann is áille ós úir Éireann,
    glébheann ós fairrge faoileann, 15 
    a tréigean is céim cruaidh liom,
    Beann álainn Éadair aoibhinn.
  490.  p.120

    42. Colum-cille cct.

  491. Meallach liom bheith i n-ucht oiléin
    ar beinn cairrge,
    go bhfaicinn ann ar a meince
    féth na fairrge.
  492. Go bhfaicinn a tonna troma
    ós lear luchair,
    amhail chanaid ceól dá nAthair
    ar seól suthain.
  493. Go bhfaicinn a trácht réidh rionnghlan 10 
    (ní dál dubha);
    go gcloisinn guth na n-éan n-iongnadh,
    seól go subha.
  494. Go gcloisinn torm na dtonn dtana
    ris na cairrge; 15 
    go gcloisinn nuall re taobh reilge,
    fuam na fairrge.
  495. Go bhfaicinn a healta ána
    ós lear lionnmhar;
    go bhfaicinn a míola mára, 20 
    mó gach n-iongnadh.
  496.  p.121
  497. Go bhfaicinn a tráigh 's a tuile
    ina réimim;
    go madh é m'ainm, rún no ráidhim,
    “Cúl re hÉirinn.”
  498. 25 
  499. Go n-am-tíosadh congain cridhe
    agá féaghadh;
    go ro chaoininn m'ulca ile,—
    annsa a réaladh.
  500. Go ro bheannachainn an Coimdhe 30 
    con-ig uile,
    neamh go muintir gráidh go ngloine,
    tír, tráigh, tuile.
  501. Go ro sgrúdainn aon na leabhar,
    maith dom anmain; 35 
    seal ar sléachtain ar neamh n-ionmhain,
    seal ar salmaibh.
  502. Seal ag buain duilisg do charraig,
    seal ar aclaidh,
    seal ag tabhairt bhídh do bhochtaibh, 40 
    seal i gcarcair.
  503. Seal ag sgrúdain flatha nimhe,
    naomhdha an ceannach;
    seal ar saothar ná badh forrach;
    ro badh meallach!
  504.  p.122

    43. Deirdre cct.

  505. Gleann measach iasgach linneach,
    a thulcha corra is áille cruithneacht;
    bheith dá iomrádh damhsa is deacrach,
    gleann beachach na mbuabhall mbeannach.
  506. Gleann cuachach smólach lonach,
    buadhach an fhoraois do gach sionnach,
    gleann creamhach biolrach mongach
    seamrach sgothach barrchas duilleach.
  507. Binn gotha fiadh ndruimdhearg mballach 10 
    faoi fhiodh darach ós maoil mullach;
    oighe míolla is iad go faiteach
    na loighe i bhfalach san ghleann bhileach.
  508. Gleann na gcaorthann go gcnuas corcra,
    go meas molta do gach ealta; 15 
    parrthas suain do na brocaibh
    i n-uamhchaibh socra 's a gcuain aca.
  509. Gleann na seabhac súlghorm séitreach,
    gleann iomlán do gach cnuasach,
    gleann na mbeann sleasach bpéacach, 20 
    gleann sméarach airneach ubhlach.
  510.  p.123
  511. Gleann na ndobhrán sliomdhonn smutach
    ós cionn iasgaigh is binn bocach;
    is iomdha géis thaoibhgheal shocrach
    's éigne iuchrach re taobh leacach.
  512. 25 
  513. Gleann na n-iubhar gcas gcraobhach,
    gleann braonach is mín lulghach,
    gleann aoldathach réaltach grianach,
    gleann ban sgiamhach bpéarlach bpuncach.
  514. 44. Deirdre cct.

  515. Ionmhain tír an tír-úd thoir,
    Alba go n-a hiongantaibh;
    nocha dtiocfainn aisti i-le,
    muna dtíosainn le Naoise.
  516. Ionmhain Dún Fiodhgha is Dún Fionn,
    ionmhain an dún ós a gcionn,
    ionmhain Inis Droighean de,
    's is ionmhain Dún Suibhne.
  517. Coill Chuan! 10 
    gus' dtigeadh Ainnle, mo nuar;
    fá gar liomsa do bhí an tan,
    is Naoise i n-oirear Alban.
  518.  p.124
  519. Gleann Laoidh!
    do chollainn fán mboirinn chaoimh; 15 
    iasg is sidheang is soill bruic,
    fá hí mo chuid i nGleann Laoidh.
  520. Gleann Masáin!
    ard a chreamh, geal a ghasáin;
    do-nímís colladh corrach 20 
    ós inbhear mongach Masáin.
  521. Gleann Éitche!
    ann do thógbhas mo chéidtigh;
    álainn a fhiodh, iar n-éirghe;
    buaile gréine Gleann Éitche.
  522. 25 
  523. Gleann Orchaoin!
    fá hé an gleann díreach dromchaoin;
    níor uallcha fear a aoise
    ná Naoise i nGleann Orchaoin.
  524. Gleann Dá Ruadh! 30 
    mo-chean gach fear dána dual;
    is binn guth cuaiche ar chraoibh chruim
    ar an ndruim ós Gleann Dá Ruadh.
  525. Ionmhain Inis Droighean de,
    ionmhain a uisge gainmhe; 35 
    nocha dtiocfainn aisti an-oir
    muna dtíosainn lem ionmhain.
  526.  p.125

    45.

  527. Fada dhamh druim re hÉirinn,
    rom-sgar do thuinn re a tárainn;
    mo shúil tar mh'ais i nÉirinn
    fá a léibhinn ghlais úir álainn.
  528. Inis iomlán ghlan ghrianach,
    dá hiomrádh dhamh is déarach,
    tír na dtulach gcorr gcraobhach,
    fonn braonach ughach éanach.
  529. Fonn is caoimhe um chlár ndíleann, 10 
    naoidhe dá lár a léibheann,
    tír iobhar mín is mhónann,
    tír chnódhonn iodhan Éireann.
  530. Tír ghlan fhoithreamhail ughach
    na magh sgoithleabhair sgorach, 15 
    tír na ród gcraobhach gcreamhach,
    fód ealach laoghach lonach.
  531. Fód caomh na gceall bhfeartach,
    na bpeall gclaon is na gcolcthach,
    oileán mín séadach searcach, 20 
    tír ealtach thréadach thorcach.
  532. Tír na laogh is na loilgheach
    is mín taobh 's is mín murbhach,
    tír na ngort n-airgheach n-oibhneach,
    port droighneach airneach ubhlach.
  533.  p.126

    46. Colum-cille cct.

  534. Dá madh liom Alba uile,
    óthá a broine go a bile,
    ro b'fhearr liomsa áit toighe
    agam ar lár caomhDhoire.
  535. Is uime charaim Doire,
    ar a réidhe, ar a ghloine,
    's ar iomad na n-aingeal bhfionn
    ón gcionn go soich ar-oile.
  536. Nochan fhuil duilleóg ar lár 10 
    i nDoire chuanna chomhlán
    gan dá aingeal go n-óige
    i n-aghaidh gach duilleóige.
  537. Ní fhaghaid ionadh ar tír
    d'iomad na n-aingeal maith mín; 15 
    ar naoi dtonnaibh amach dhe
    is eadh ghabhaid ó Dhoire.
  538. Truagh liomsa na gáirthe guil
    dá gach taobh do Loch Feabhail;
    gáir Conaill, gáir Eóghain trá, 20 
    ag eólchaire im dhiadh-sa.
  539.  p.127
  540. Ó fhúigfead mo bhráithre fén,
    inneósa mé fios mo rúin:
    ní bhead aonoidhche—ní chéal—
    nách tiucfa déar ar mo shúil.
  541. 25 
  542. Mo dheadhail re Gaoidhealaibh,
    ionnta tarla mo spéis-se,
    cuma liom gidh aonadhaigh
    mo shaoghal tar a n-éise.
  543. Do Ghaoidhealaibh mé féne, 30 
    's do Ghaoidhealaibh mo náire;
    do Ghaoidhealaibh mo léigheann,
    is d'fhearaibh Éreann mh'áille.
  544. Ó na gáirthibh-se ad-chluinim
    créad fá bhfuilim im beathaidh? 35 
    gáir mhór muintire Doire
    do bhris mo chroidhe i gceathair.
  545. Fágtha dhúinn Doire dearcnach,
    dubhach déarach doimheanmnach;
    sgaradh ris is crádh cridhe, 40 
    is dul uaidh go hainbhine.
  546. Ionmhain fiodh
    asar cuireadh mé gan chion;
    dainimh dainnribh cloinne Néill
    mo chur i gcéin 's dá gach fior.
  547. 45 
  548. Is anba luas mo churaigh
    agus a dhruim re Doire;
    saoth liom mo thoisg ar ardmhuir
    ag triall go hAlbain mbroinigh.
  549.  p.128
  550. Faoileanna Locha Feabhail 50 
    romham agus im dheaghaidh,
    ní thigid liom im churach,
    uch! is dubhach ar ndeadhail.
  551. Mo chos im churchán cheólach,
    mo chroidhe truagh taidheórach; 55 
    fann duine mar nách treórach,
    dall uile gach aineólach.
  552. Mo radharc tar sál sínim
    do chlár na ndarach ndíoghainn;
    mór déar mo ruisg ghlais ghlémhoill 60 
    mar fhéaghaim tar mh'ais Érinn.
  553. Fuil súil nglais
    fhéachas Érinn tar a hais;
    nochan fhaicfe iarmho-thá
    fiora Éreann nách a mná.
  554. 65 
  555. Mochthráth is um nóin caoinim,
    uchán an turas théighim!
    is é m ainm-se, rún no ráidhim:
    “Cúl re hÉrinn.”
  556. Do-chím Í! 70 
    beannacht ar gach súil do-chí;
    an té do-ní leas a chéle
    is é a leas féne do-ní.
  557. Beir mo bheannachtain leat siar;
    is briste mo chroidhe im chliabh; 75 
    dá dteagmhadh éag dála dhamh,
    is ar mhéad grádha Gaoidheal!
  558.  p.129

    47. Colum-cille cct.

  559. Ceileabhradh uaimse d'Árainn,
    ceileabhradh truagh, mar shaoilim;
    mise 'gom chur soir go hÍ,
    ise fá dhlaoi ón dílinn.
  560. Ceileabhradh uaimse d'Árainn!
    is eadh chráidheas mo chridhe
    gan bheith thiar ar a tonnaibh
    idir dhrongaibh naomh nimhe.
  561. Ceileabhradh uaimse d'Árainn 10 
    do chráidh mo chroidhe creadhail;
    isé an ceileabhradh fá dheóidh;
    uch! ní dom dheóin an deadhail.
  562. Ceileabhradh uaimse d'Árainn,
    isé an ceileabhradh dubhach; 15 
    ise lán d'ainglibh fionna,
    mise gan ghiolla im churach.
  563. Uch! is cian
    rom-cuireadh ó Árainn thiar
    go ria slógh Monaidh a-mach 20 
    ar ionchaibh na nAlbanach.
  564.  p.130
  565. Mac Dé bhí,
    isé rom-chuir-se go hÍ,
    sé tug d'Éanna, mór an rath,
    Ára, rómh na n-oilithreach.
  566. 25 
  567. Ára naomh!
    mairg is biodhbha dhi mar aon,
    's go dtigid aingil do nimh
    dá fios gach aonlá is tseachtmhain.
  568. Gion go mbeith do bheathaidh ann 30 
    acht éisteacht aingeal Árann,
    fearr ná gach beatha fá nimh
    éisteacht rena gceileabhraibh.
  569. 48.

    Muiris (mac Dháiví Dhuibh) Mac Gearailt.

  570. Beannaigh an long-sa, a Chríost cháidh,
    an tsíon, an tonn-sa, 's an tír;
    bíd t'aingil 'na gcléith dár gcóir
    is róinn mar sgéith ndaingin dín.
  571. Síthigh gairbhshín goimh dá glór,
    mínigh gach moir ainmhín fhuar,
    fraoch an earraigh cuir ar gcúl
    dún go dul tar ceannaibh cuan.
  572. Doiligh mé fám chúl do chur 10 
    re Múr Té, 's is doiligh dhamh,—
    múr fianbhothach na sleagh sean,
    treabh na sreabh ngrianshrothach nglan.
  573.  p.131
  574. Cuir mé go seasgair chum seóil,
    a Dhé, gan easbaidh ar n-iúil, 15 
    ón tsín gharbhfhuair tar moir mhóir
    re cóir ghloin go gcalmuain gciúin.
  575. Maith mo churach aidhbhseach úr,
    taidhbhseach a tura is a taobh,
    long ghéagach bhonnógach bhuan, 20 
    stuagh théadach chronnógach chaomh.
  576. Long gan tlás i dtachar arm,
    gan sgáth i sgathamh na storm,
    seóltóir tré chlár na gceann ngarbh
    mar badh sál marbh gach gleann gorm.
  577. 25 
  578. Tré ghrianbhádh gach toinne tráth,
    ar fiarlán, dá ghoinne an ghaoth,
    lingidh ó chabhlach na gcríoch;
    armach a fíoch is a fraoch.
  579. Slios fadúr foileimneach tréan, 30 
    roineimhneach mar dhragún ndúr,
    breaclong na srólbhratach saor,
    taobh creatlom órshlatach úr.
  580. Brú dhealbhnathrach ghríobhach gharg
    bheannbhachlach chíorach na gcolg; 35 
    slios snaschaomh is faobhrach fearg,
    na bhfraschaor ndearg mbaoghlach mborb.
  581. Tionnlaic sinn, a Rí na rann,
    tar linn, is gach líon bhus leam,
    gan bhaoghal ó bholgaibh tonn 40 
    a-nonn seach bhordaibh na mbeann.
  582.  p.132
  583. Sirim ar aonMhac, Íosa, d'fhuiling an pháis
    Nár bhristear don luing ná don bhuín 'na bhfuile go brách;
    Buinne ceart gaoithe tríthi, is tuile 'na deáig,
    Ó imlibh Baoi go crích na Cruinne sa Spáinn.
  584. 49.

    Tadhg Camchosach Ó Dálaigh.

  585. Dá grádh do fhágbhas Éirinn
    im bráthair bhocht beigléighinn,
    gé'r dheacair fonn fádghlas Fáil
    's an drong do fhágbhas d'fhágbháil.
  586. Do fhágbhas Éirinn na ríogh
    ar ghrádh Dé 's ní dá dimbríogh;
    ní d'álghas fiadha badh fearr
    do fhágbhas fhiana Éireann.
  587. Maoith chroidhe, gé'r chéim diadha, 10 
    tocht i dtíribh imchiana
    ón fheadhain gár hoileadh ionn,
    deadhail re hoirear Éireann.
  588. Rugas (do b'fheirrde mh'eachtra)
    céim i n-aghaidh mh'aigeanta 15 
    tar an muir ngairgmhir ngábhaidh
    óm chairdibh, óm chompánaibh.
  589.  p.133
  590. Gurab tarbha damhsa is dáibh
    mo mháthair, mh'athair d'fhágbháil,
    's a n-aicme ar-aon leath ar leath, 20 
    an mhaicne gé'r chaor chairdeach.
  591. Ní aibeórainn (innis dóibh,
    mo lucht cumtha agus comhóil)
    a n-abraim, gé madh ionráidh,
    muna n-abrainn d'eisiomláir.
  592. 25 
  593. Ní hé gurab aithreach leam
    ceileabhradh do chrích Éireann;
    ní ar son toirrse dom tholladh
    na roinn-se dorónamar.
  594. Do fhidir Dia 'gá dá a fhios 30 
    aithreach a fhad gur thréigeas,
    d'fhagháil onóra badh fearr,
    roshlógha is anáir Éireann.
  595. Doilgheas 'gár ndaoinibh bochta
    do-chuala (is cúis daonnachta), 35 
    tré n-ar ndol fá chuing chrábhaidh,
    druim do chor rem chompánaibh.
  596. Dá madh mise macaomh óg,
    aonmhac tighearna thuasód,
    san fhód bhunaidh i mbíodh mé, 40 
    do badh cubhaidh tríom tuirse.
  597. Mór ríogh féin (fochain ratha),
    mór mac ríogh is rofhlatha
    rug ar chuing nár chuing fhallsa,
    tug druim ris an domhan-sa.
  598.  p.13445 
  599. Do fhágbhas fhine Ghaoidheal
    ar Chríost (ní dá chommaoidheamh),
    daoine ler bhálghas lámh linn;
    dá grádh do fhágbhas Éirinn.
  600. Ar ghrádh Muire agus a Meic 50 
    do fhágbhas Éirinn oirdhreic,
    earla claon an chuirp óghdha,
    craobh dhealbhdha an fhuilt fhorórdha.
  601. 50.

    Giollabrighde Ó Heódhusa.

  602. Truagh an t-amharc-sa, a Éire!
    lem chroidhe is cúis deirbhéile
    learga t'fhuinn ghéagaigh ghairthe
    d'fhéagain do dhruim dealaighthe.
  603. Siar tar mhuinchinn na muire
    do-chiú-sa, a chríoch Laoghaire,
    guaille do ghormtholach ngeal;
    orchradhach uaidhe mh'aigneadh.
  604. Beag thrá nár threaghd mo chroidhe, 10 
    do athnuadhaigh mh'eólchaire,
    do dhruim ar ndeaghlai-ne ribh,
    do bheannmhoighe, a fhuinn, d'fhaicsin.
  605. A chríoch Bhriain na mbuinneadh ngeal,
    ní fheidir mé (móide ar n-imneadh 15 
    's ar sgís fan radharc-sa rinn)
    h amharc-sa a-rís an roichfinn.
  606.  p.135
  607. Ós éigin dúinn deadhail ruibh,
    lór leam do loise an tsaoghail
    faicsin t'fhuinn ghéisealtaigh ghloin 20 
    don tuinn ghéiseachtaigh ghlonnmhair.
  608. Measa mar tá, a Thulach Bhreagh,—
    ní faicthear leam, lór d'imneadh,
    fairche faltshoilse th'fhuinn ghloin
    ón tuinn atmhair-se ar mh'aghaidh.
  609. 25 
  610. Ní dom arthrach is olc leam,—
    truagh liomsa, a inis Éireann,
    sgeith don tuinn altdorcha im ucht
    do bhuing h'ardtolcha as mh'amharc.
  611. Do chuadar as rinn mo rosg 30 
    do thulcha is álainn éagosg;
    is tuar orchra dá n-éise
    dromchla fhuar na háibhéise.
  612. Uchán! a inis na nArt,
    tugas—gá truaighe malart?— 35 
    taisteal h'uilleadh gclúimhthiogh gcorr
    ar bhúirtheadh bhuinneadh mborblonn.
  613. Tug mé ar mhonghar na muire
    oirfideadh héan neamhdhaidhe
    's teas ndonnmhálla mbruachdhubh mbinn; 40 
    uathmhar orghránna an aisling.
  614. Dursan damhsa deadhail ribh,
    d'éis mh'oileamhna ó aois leinibh
    le grian do gheilchíoch gcorcra,
    a sheinchríoch fhial éadrochta.
  615.  p.13645 
  616. T'fhágbháil gidh cruaidh an croidhe,
    ní dubhradh tír thalmhaidhe
    dá dtréigfinn do thrilis nduinn,
    a inis chéichtshlim Chriomhthainn.
  617. Dá dtréiginn-se, a Threabh Chonnla, 50 
    seal aithghearr, d'fhonn ealadhna,
    learga buadha do chíogh gcorr,
    do shíor uadha ní anfam.
  618. Ionmhain ceard ba chéidcheard damh!
    dá mbeinn thrá gan a tréagadh, 55 
    a dhrúichtinnse léar fhaoi Art,
    ní fhúigfinn-se ar aoi h'amharc.
  619. Tar gach toil dá dtugsam di,
    mairg fhuair an iomlaoid gceirde
    rom-dheiligh-se rú agus ruibh, 60 
    a sheininnse chrú gCobhthaigh.
  620. Na cnuic-se do-chím a-noir
    comhaidheach leam iad d'fhéachain;
    rachaidh t amharc-sa uam dhe,—
    truagh an t-amharc-sa, a Éire!
  621. 51.

    Brian (mac Toirdhealbhaigh) Mac Giollapádraig.

  622. Truagh t'fhágbháil, a inis Chuinn,
    a adhbha na n-eas n-álainn,
    a thrillseach iasgach éanach
    riasgach innseach oiléanach!
  623.  p.137
  624. Fúigfe mise, 's is leasg liom,
    th'amharc-sa, a iath Éireann;
    guais dúinn gurab adhaint uilc
    do mhalairt, a úir ordhairc.
  625. Ní hannsa dh'éinchrích oile, 10 
    ní d'fhuath ort acht d'ionmhaine,
    tug ar mh'óidh triall ód thuinn-se,
    a fhial an tshlóigh shéaghainn-se.
  626. Ní fhúigfinn tú, a Threabh na Niall,
    d'fhonn aoibhneasa nó ainmian, 15 
    a chríoch ghargumhal Ghabhra,
    acht dardughadh mh'ealadhna.
  627. Ar Dhia uile agus ort féin
    fhágbhaim sibh, a Ráth ríNéill,
    's i ndóigh thfhaisgeana fá ádh, 20 
    a róimh taisgeadha tromdhámh
  628. Saoth leamsa (lór do dhoghra)
    fágbháil tfhuinn is t'athardha
    do ghrádh ceard gcaomhnuaidhe ngeal,
    a learg thaobhuaine Thailltean.
  629. 25 
  630. Cá truaighe, cá truime ceas,
    dá meastaoi a mhéad do dhoilgheas,
    a chríoch eóil na n-amharc sean,
    gan radharc th'fheóir ná h'inbhear?
  631. Truagh fós gan faicsin t'fhiodhbhadh 30 
    liom ar los mo cheileabhradh,
    a threabh na nduas roinntear rum,
    ná cnuas do choillteadh gcnódhonn.
  632.  p.138
  633. Giodh é fós, is fáth maoithe
    gan clos fhoinn na hardghaoithe, 35 
    théid siar tar chéidibh do chnoc,
    a fhiadh nách éidigh iomlat.
  634. Bheith dá n-éis is damhna deóir,—
    binneas t'éan, aoibhneas t'aeóir,
    gáir do shealg, congháir do chon, 40 
    is comhdháil do learg líonmhar.
  635. A thír Bhreagh 'nar buan finnfhéar,
    gan graifne ar ngreagh n-inginghéar,
    ná súil oraibhse i n-am áigh,
    is barr doghailse is diombáigh.
  636. 45 
  637. Dá n-áirmhinn t'áineas uile,
    créad é acht adhbhar eólchaire?
    do b'fhearr dhúinn gan iomrádh ort,
    a úir dánb iomlán mhannsacht.
  638. Acht so a-mháin maoidhfe mise,— 50 
    mo ghrádh dhod dhroing dhílis-se;
    a threabh tholach do chleacht coim,
    mo shearc d'fholach ní fhéadaim.
  639. Ní tú, a chríoch, chaoinim uile
    acht do mhná 's do mhacraidhe, 55 
    dream fá haoibhne aigneadh ruinn,
    caoimhdhe a gcaidreabh 's a gcumainn.
  640. A inis Bhreagh na mbeann mbog,
    mór gcompán fhágbhaim ionnad,
    drong nách fallsa cló ná coir, 60 
    'gá r mó mh'annsa iná agaibh.
  641.  p.139
  642. Ag so chugad, a chríoch Bhreagh,
    tós ós dual díbh is deireadh,
    a ráith neammbocht ler dhial druadh,
    beannacht ó Bhrian go biotruagh.
  643. 52.

    Maolmhuire Ó Huiginn.

  644. A fhir théid go Fiadh bhFuinidh,
    mo-chean toisg dá dtriallfaidhir!
    críoch naomhdha thirmlinnte the,
    maordha an fhirminte uaiste.
  645. Do-bhéara cúl (mo-chean duit!)
    don Róimh, don Eadáil ordhraic,
    cúl don Spáin ngairgbheódha ngrinn,—
    dáil re n-airdeóbha thintinn.
  646. Cúl don Fhrainc na ród dtairtheach 10 
    do-bhéara (beart neamhaithreach!)
    iath nách samhail d'iath oile,
    's aghaidh ar iath Úghoine.
  647. Nát-congbhadh go soiche sibh
    fuacht earraigh ná gaoth gheimhridh, 15 
    fuinn mhíne na magh ndata,
    ná gal síne samhrata.
  648. Gach feidhm dá bhfuileónga sibh,
    is thaghaidh ar Iath Fhuinidh,
    cuimhnigh féin ar áille an fhuinn 20 
    's ní sáimhe céim ar chearchaill.
  649.  p.140
  650. Dá bhfaicfe uaid ochta a beann,
    céadradharc innse hÉireann,
    beanfaidh dhíot ciaigh do chroidhe,
    biaidh i n-íoc bhar n-eólchaire.
  651. 25 
  652. Ar fhuilngis riamh roimhe soin
    dolc idir thír is tonnmhuir,
    ní badh cumhain led chroidhe,
    ná pudhair dá pudhraighe.
  653. Ní thréigfe tú ar dtocht a-nonn 30 
    Inis Fáil na bhfiodh gcnódhonn,
    do chríoch siar, seal a-bhusain,—
    mo-chean triall san turas-sain.
  654. Fairgse a sreabh, siobhal a fuinn,
    fairgse a coillteadh ndlúith ndíoghainn, 35 
    radharc um cheann a calaidh,
    amharc is fhearr uarabhair.
  655. Ní fhaicfe nathair nimhe
    san chrích álainn ainglidhe;
    rogha leaptha clúimh a cladh, 40 
    úir tara deacra déanamh.
  656. Aoibhne a hoirear, áille a sreabh,
    cnuas a fiodh, iasg a hinbhear,
    lúth a greagh is caoimhe a con,
    saoire na bhfear, cá bhfaghthar?
  657. 45 
  658. Tír nár thréig a cuing chreidimh,
    tír is umhla d'fhoighidin;
    measardha a tír is a tonn,
    tír is easumhla d'fhorlann.
  659.  p.141
  660. Ar Dhia amháin badh anta d'fhior 50 
    i n-éagmhais innse Gaoidheal,
    's ní ar dhocamhal dá dhocra,
    ná ar shocamhal shaoghalta.
  661. Fuilngidh Dia dúthaigh a sean
    tre anuabhar Mac Míleadh, 55 
    tír ainglidhe fá n-iadh tonn,
    fá rian ainbhfine eachtrann.
  662. Gan fhágbháil oirir Bhanbha,
    gan anmhain ón athardha,
    mo-chean len héidear é a-nois 60 
    gan tréigean Dé ná a dhúthchais.
  663. I ngioll ar Dhia is deimhin linn
    gi-bé do fhúigfeadh Éirinn
    le triall gan tocht tar a ais,
    go madh rian go port Pardhais.
  664. 65 
  665. Maith do thuig Tadhg Ó Dálaigh,
    do rad cúl dá chompánaibh,
    do thuig an iris do bfhearr,
    do dhruid ó inis Éireann;
  666. Do threabh le hiathaibh oile, 70 
    do thogh bheith i mbochtaine;
    do thréig a thuile 's a thráigh,
    do léig do dhuille an domhnáin.
  667. Méad ar n-annsa ag fearaibh Fáil,
    d'oilithre is feirrde a bhfágbháil; 75 
    cúl re fréimh fhionnGhaoidhil d'fhior
    céim ionmhaoidhimh re a áireamh.
  668.  p.142
  669. A dhocracht anmhain uaidh sin,
    móide is anta ó Fhiadh Fhuinidh,
    gé madh leasg aigneadh d'fhuireach 80 
    i measg chaidreabh gcomhaidheach.
  670. Adeir an chlí i gcogar riom,
    dá n-anar ó iath Éireann,
    badh náir an céim re a char rinn
    damh féin a-mháin dá mairinn.
  671. 85 
  672. Mo leas féin is foghnamh cáigh
    go bhféadfainn innte d'éanláimh;
    do-chiú a lán re a dhéanamh dhún,
    dá féaghadh madh ál iompúdh.
  673. Do-chiú thoir don taoibh eile 90 
    beathaidh n-aonda n-ainglidhe,
    gan rún i gceilg ná i gcionaidh,
    gan tnúdh, gan fheirg n-eisiodhain.
  674. Gan raon do rochtain an uilc,
    gan chúis, gan chaoi ar a fhóbairt, 95 
    acht an chlí fá chuing choidhche,
    gan bhuing re ní neamhfhoirfe.
  675. Gan ualach oile d'fheidhm throm,
    gan cuing ionghaire anmann,
    lór an chlí is collaidhe im bun, 100 
    tromoire í re a hiomchar.
  676. Iompúdh go hÉirinn tar mh'ais,
    nó mé d'anmhain 'na héagmhais,
    stiúr, a Dhé, ar an iúl inne,
    gi-bé iúl is innille.
  677.  p.143105 
  678. Idir Mhuire Mhaghda-léan
    's Marta mar so san soisgéal,
    rug an Coimdhe breith mbunaidh;
    a bhreith oirne is iomchubhaidh.
  679. Is iontuigthe dháibh is dún, 110 
    na cairde ler fhearr mh'iompúdh,
    giorra an ré róm is reampa;
    fám chlódh is é is inleanta.
  680. Mo charaid is caraid Dé
    go dtuillid beatha is buainré 115 
    san chrích fhionnghlain fán mín muir;
    ionmhain an tír i dtiaghair!
  681. 53.

    Maolmhuire Ó Huiginn.

  682. Slán uaim don dá aoghaire
    'gá bhfuil an R 'na dtosach;
    d'uamhan fhear na saobhthuigse
    ní bhiú níos sia dá nochtadh.
  683. Ar eagla na buaidheartha
    géabhad an raon is réidhe;
    créad fá mbeinn re fuairleitribh?
    do-chímíd croidhe a chéile.
  684. Tig saoirse i ndiaidh róbhruide, 10 
    tar éis dubhaidh tig soineann;
    fuilngeam feadh an ōrlaigh-se
    mar do caitheadh an choinneal.
  685.  p.144
  686. Tig, an uair nách saoilfidhe,
    grás is cabhair ón gCoimdhe; 15 
    gearr uainn am an fhaoithighe,
    fogas lá don ré dhoirche.
  687. Ag Dia atá gach ordachadh;
    ní feas dúinn tráth tar neamhthráth;
    ól na dighe domblasta 20 
    meinic fhóireas an t-easlán.
  688. 54.

    Fearflatha Ó Gnímh.

  689. Mo thruaighe mar táid Gaoidhil!
    annamh intinn fhorbhaoilidh
    ar an uair-se ag duine dhíobh,
    a n-uaisle uile ar n-imshníomh.
  690. Baramhail do-bearar dóibh—
    fuidheall áir d'éis a ndíobhdhóidh,
    'gá sníomh ó chróluighe a gcneadh,
    nó is líon tóraimhe ar dtilleadh.
  691. Nó is lucht báirce fár bhrúcht muir, 10 
    nó is drong fuair fios a saoghail,
    nó is géill i ngéibheannaibh Gall
    Éireannaigh fá fhéin eachtrann.
  692. Tugsad a dtréine ar thaise,
    tugsad maise ar mhíomhaise, 15 
    tugsad meanma ar mhaoith mheirtnigh,
    laoich fheardha nách aithintir.
  693.  p.145
  694. Atá brat ciach ós a gcionn
    mhúchas glóir Ghaoidheal Éireann,
    mar néall gceath ghrianbháitheas goil 20 
    do leath d'iarghnáicheas orthaibh.
  695. Tarla ó Bhóinn go bruach Lighean
    dligheadh is fhiú aindligheadh,
    gur bhreath shaor le fianaibh Fáil
    an riaghail chlaon do chongbháil.
  696. 25 
  697. Ní bhí ag mac ríogh ón riaghail
    aire ar lúth eich óirshrianaigh,
    nó ar sheilg oighe fá chíogh cnuic,
    nó ar ghníomh soidhe nó seabhaic.
  698. D'fhearaibh Fódla is fáth orchra,— 30 
    do threabhsad daimh dhanartha,
    i n-áit graifne a ngroigheadh seang,
    gach faithche um oirear Éireann.
  699. Treóid Ghall i gcluaintibh a gcean,
    túir aolta i n-áit a bhfoirgneadh, 35 
    margaidh uatha in gach oirear,
    cruacha ar ardaibh aonaigheadh.
  700. Ní aithneann inis Logha
    ni dá faithchibh fonnmhara,
    cnuic dhlaoiréidhe i ndiaidh a n-air; 40 
    biaidh saoirÉire 'na Saxain.
  701. Ní aithneann aicme Ghaoidheal
    Banbha, buime a macdhaoineadh,
    's ní aithneann Éire iad soin;
    tiad re chéile as a gcrothaibh.
  702.  p.14645 
  703. Is í an drong dhligheas d'aithne
    d'inis Chuinn is comhaithghe;
    ní Goill is aoighidh aca,
    Gaoidhil 'na ndroing dheórata.
  704. Do léig Éire an tonn tríthe 50 
    d'iomchar fhoirne coigcríche;
    arthrach Dhá Thí do tolladh,
    sí i n-anchruth do fheadamar.
  705. Mar thimcheallas tonn anfaidh
    le stoirm laoi lucht caolarthraigh, 55 
    saithe Gall ar tí a dtiomchail,
    muna dtí ann dÉireannchaibh.
  706. Bruid Bhalair go n-a bhráithribh
    Tuatha Dé do dhíoláithrigh;
    dar lat is neimhthreise a-niogh 60 
    na beithre-se Mac Míleadh.
  707. Mar lucht na Traoi ar n-a toghail
    dá ndíchleith i ndíothrabhaibh,
    fian Teamhra a-táid ó Thailtin;
    a bhfáid sealbha seachaintir.
  708. 65 
  709. Cosmhail re Cloinn Isra-hél
    thoir san Éighipt ar éidréan,
    Mic Mhíleadh um Bhóinn a-bhus
    ag síneadh dhóibh ó a ndúthchas.
  710. Mar do bhí Magh Tuireadh Thuaidh 70 
    i ngeall mhic Céin an chéaduair,
    lá a sgarthana re teidhm dtinn,
    feidhm an athLogha ar Éirinn.
  711.  p.147
  712. Ag sluagh Éireann an fheóir ghloin
    truagh gan ionamhail Eachtoir 75 
    mic Prímh re pobal Saxan,
    cogadh dhíbh go ndiongbhatsan.
  713. Truagh, a Rí rátha nimhe,
    do theacht dúinn ór ndaoirse-ne,
    an t-athMhaoise nár fhéag ruinn, 80 
    tréad an chathchraoi-se Criomhthainn.
  714. A Thríonnóid 'gá dtá an chumhacht,
    an mbia an dream-sa ar deóradhacht
    níos sia ó chathaoirlios Cuinn,
    nó an mbia an t-athaoibhneas againn?
  715. 85 
  716. Nó an dtiocfa is-teach ar thairngir
    do shluagh Danar ndúraingidh
    naomh fíréanghlan, fáidh Ó gCuinn,
    an prímhéarlamh cáidh Coluim?
  717. Má thug an Deónaghadh dhi, 90 
    Saxa nua dan hainm Éire,
    bheith re a linn-se i láimh bhiodhbhadh,
    don innse is cáir ceileabhradh.
  718. Muna gcuirid dóigh i nDia
    síol Éibhir Sguit ón Sgithia, 95 
    a gclár foirne—gá dám dhó?—
    ní clár doighre ná diarmhó.
  719.  p.148

    55.

    Fearflatha Ó Gnímh (?).

  720. Beannacht ar anmain Éireann,
    inis na gcéimeann gcorrach!
    atá treabh Bhriain na mbogglór
    dom dhóigh ar dhobrón torrach.
  721. Ionann is éag na Fódla
    ceilt a córas a creidimh,
    táire a saormhac 's a saoithe,
    más fíor laoithe nó leitir.
  722. Deacair nách bás don Bhanbha 10 
    d'éis an treóid chalma churadh
    do thriall ar toisg don Eadáil;
    mo thruaighe beangáin Uladh.
  723. Ní léigeann eagla an ghallsmaicht
    damh a hanstaid do nochtadh; 15 
    atá an chríoch réidh-se ríNéill
    do chrú fíréin dá folcadh.
  724. Ní fhuil cion innte ar fhéiltibh,
    ní fhuil ar chléircibh caingean,
    ní mhaireann greann a dáimhe, 20 
    ní mhaireann náire a hainnear.
  725. Atáid gan lúth gan lámhach,
    (mór an t-árach ar Éirinn)
    gan ágh gan innmhe, ógáin
    i n-inis fhódbháin Fhéilim.
  726.  p.14925 
  727. Dursan milleadh na macaomh,
    díorma ghlacshaor chleas nguile,
    craosól ag clódh a gcéille,—
    ag sin a dtréidhe uile.
  728. Ní mhaireann aicme Chonaill, 30 
    dream ba rothoil i n-iomrádh,
    nó síol Eóghain na mbéimeann:
    d'fhearaibh Éireann is iomnár.
  729. Ní mhaireann acht a n-iarmhar,
    crú na n-iarladh ó Sheanaid, 35 
    laochraidh Mháighe is Mhéinne;
    mo thruaighe gléire Gearailt.
  730. Clann Charthaigh gan cheann feadhna,
    mór na teadhma re a n-aithris;
    ag so na síona saobha, 40 
    do badh baoghal teacht tairis.
  731. Do badh mór an meall dearmaid
    gan saoirshliocht seanBhloid d'fhaisnéis,
    caor rathmhar gan rún cionta,
    gion go bhfuil ionnta aithspéis.
  732. 45 
  733. Ó Ruairc agus Mág Uidhir,
    laoich nár fhuirigh ó ghábhadh,
    is calg a ccroidhe an ciothshluagh,
    mo bhrón biothbhuan a mbádhadh.
  734. Síol gConchobhair, rádh rodhocht, 50 
    ríoghraidh Connacht an-allód,
    giodh saoithe saora a slata,
    gan rígh aca acht ar anshódh.
  735.  p.150
  736. Sliocht Murchadha is Ó Mórdha,
    féinnidh fá cródha i ngliadhaibh, 55 
    tearc aoinneach don tsíol tsaoróg
    'gá bhfuil aonfhód dá n-iathaibh.
  737. Síol na saorchlann ó Bhéarra,
    laochraidh gan éara i ndeabhaidh,
    do chuir mé ar chaoi mearbhaill, 60 
    Ó Cearbhaill is Ó Ceallaigh.
  738. Déag a huaisle 's a hoireacht,
    gan toidheacht aici ón oilbhéim;
    dá lamhadh sinn a mhaoidheamh,
    d'fhine Gaoidheal is oilchéim.
  739. 65 
  740. Atá fá anshúil Balair
    i dteidhm ghalair an Gealghort,
    gan ioth gan bhláth i dtalmhain,—
    bíodh ar a hanmain beannacht!
  741. 56.

    Maolmuire (mac Con-uladh) Mac an Bhaird.

  742. A dhúin thíos atá it éanar,
    mairg tárraidh do thaisbéanadh!
    an cruth do cuireadh dod dheilbh,
    a bhruidhean na sruth seingmheirbh.
  743. Do múradh taibhle do thor,
    do éirigh úir na talmhan
    tar fhaolaibh do bhánchloch mbog,
    an láthrach aonair umad.
  744.  p.151
  745. Tairnig tú, tugadh do leacht, 10 
    do beanadh dhíot do dhraoidheacht,
    do teilgeadh caoin do chlach gcuir
    don taoibh a-mach dod mhúraibh.
  746. Ní bhí, i n-áit bhar bhfleadh bhfinnte,
    acht sruth fuar na firminte 15 
    ag dul treamhaibh ar gach taoibh,
    a bhrugh mar Eamhain orchaoin.
  747. Is é dúnadh do dhoras,
    i n-áit chomhladh gclársholas,
    clocha aoil do bhairr fád bhun 20 
    don taoibh ar-aill dot fhionnbhrugh.
  748. Ós taisibh bhar bhfuinneóg bhfionn
    is é i-niugh is ceól cuisleann
    béarla na n-éan 's an ghaoth ghlan,
    is fraoch na néall dá nochtadh.
  749. 25 
  750. A chúirt doirseach Dhúin na nGall,
    aisling dhuit, doirbh a fhulang,
    a bhrugh na mbraonchlár mbleidheach,
    dul san chlaochládh choimihdeach.
  751. Fá tú, a mheadhrach an mhúir chuirr, 30 
    port oireachais chlann gConaill;
    Teamhair comhdhála crú Cuinn
    fá tú, a orghánna álainn.
  752. Fá tú meadh Eamhna i nUltaibh
    nó no Cruachna i gConnachtaibh, 35 
    nó an bhraoinleasa ós Bóinn bhinn
    ba róimh aoibhneasa d'Éirinn.
  753.  p.152
  754. Ionnad, a ghéagshlatach ghlan,
    do caití cíoscháin Uladh,
    do dhála gidh neimhthní a-nocht, 40 
    's do-beirthí cána Connacht.
  755. Uait do-chímís (cúis mheanma!)
    sreath long i láibh céideamhna
    do bharraibh do bheann gcorcra
    go gcrannaibh eang n-éadrochta.
  756. 45 
  757. Do bheannaibh do ghairéad ngeal
    do-chímís lúth each n-óigmhear,
    lucht na sealg, coimhling na gcon,
    a thoinnbhinn na learg líonmhar.
  758. Istigh ionnad fá ól fleadh 50 
    do-chímís catha Gaoidheal,
    is ar t'fhaithche mhóir mhoighigh
    daithle an óil i n-aonaighibh.
  759. Truagh an dáil-se, a Dhúin na nGall,
    tú it aonar d'éis na saorchlann 55 
    a-nocht gan mhoirn gan mheadhair;
    doirbh an tocht 'nar thuiteabhair.
  760. Cé a-taoi id chodchaibh fán gcriaidh nduinn,
    tángadar do chrú Chonaill,
    a mhúir ghil na saoirshreabh slim, 60 
    fir do chaoinfeadh do chréidhim.
  761. Do bhiadh, dá gcluineadh do chaill,
    meanma Mhaghnusa Í Dhomhnaill,
    a leas fá tirmríogha tuir,
    i gceas imshníomha umaibh.
  762.  p.15365 
  763. Dá bhfaiceadh Aodh mhac Aodha
    mar táid do mhúir mhíonaolla,
    ní badh lugha, a rómh na ríogh,
    a bhrón fád dhula i ndimbríogh.
  764. Tú fós dá bhfaiceadh mar soin 70 
    Aodh Ruadh, an triath rod-thógaibh,
    níor bh'iongnadh nár bh'aoibhinn lais,
    a lionnghlan aoilshlim fhéarthais.
  765. Fada go saoilfidís so,
    a theacht, gé tháinig uatha, 75 
    a phort sruithgheal na sreath gcuir,
    neach rod-chuirfeadh san gcruth-soin.
  766. Ó Domhnaill Ruadh, do rí féin,
    de tháinig, gidh teidhm aigmhéil,
    lot do mhúir, toghail do thuir, 80 
    a dhúin fholaimh ós Iasgaigh.
  767. Gidh eadh, ní ar ulca ruibhse
    rod-cuireadh sna crothaibh-se,
    a ghealaitreabh fán mín muir,
    le rígh dheaghaicmeadh Dhálaigh.
  768. 85 
  769. Do b'é adhbhar do thoghla
    deagla Dubhghall ndanardha,
    a shlaitleabhar na mbrugh mbog,
    do dhul d'aitreabhadh ionnad.
  770. D'eagla go n-aibeórthaoi sin, 90 
    'Dún na nGall,' ribh dá-ríribh,
    tug dhaoibh, a dhúin na nGaoidheal!
    caoin do mhúir do mhionsgaoileadh.
  771.  p.154
  772. D'éis na ríogh do riacht sonna,
    fá ilphiastaibh eachtranna 95 
    mairg dhún do-chighseadh do chor,
    a shlisgheal na múr míondubh.
  773. Do dhíobhadh leis Ó nDomhnaill
    fearr dhuitse ná Danarghoill
    do tháth tiormthor is crios gcloch 100 
    tiomchal do lios 's do leargshruth.
  774. An té tug thú in bhar dtaisibh
    cneiseóchaidh na créachtaisin,
    guais t'easláinte dhíbh go ndeach,
    a mhín leasbháinte loinnreach.
  775. 105 
  776. Dála an leagha, madh liaigh glan,
    an uair fhéachas an t-othar,
    do ríghthriath do roinne ruibh,
    a dhínchliath chloinne Cobhthaigh.
  777. Aithnidh liaigh leigheas na mball 110 
    ar fhéachain fhir na dteadhmann,
    cáit i mbí bláth a shláinte,
    's gach ní is fháth dá easláinte.
  778. Cuid do na ballaibh bhíos slán
    gearraidh don othar easlán, 115 
    do dháigh i leigheas a locht,
    sul gheibheas gráin ná guasacht.
  779. Ní léig dúnadh a ndoras,
    go mbeana a mbí d'amharas
    is-toigh do thaobhaibh na gcneadh, 120 
    gan ghoin mbaoghail go mbíthear.
  780.  p.155
  781. An liaigh ó chuireas ar gcúl
    (is an t-othar trá ag téarnúdh)
    a thoirse, a ghábhadh, a ghoimh,
    doirse na n-áladh iadhaidh.
  782. 125 
  783. An easláinte is iad na Goill,
    's is é an deighliaigh Ó Domhnaill;
    a threabh chrothghlas chrú Dálaigh,
    tú othras an éagálaidh.
  784. Biaidh ón triath lé dtáir do rath, 130 
    do dheóin Dé, Dia 'na thosach;
    id chúirt shuaithnidh, taoibh re taoibh,
    do chaoin uaighfidh re t'eascaoin.
  785. Ó's é lot do lios mballach
    Aodh Ruadh, rí na gConallach, 135 
    sgaoilfidh sé ciaigh do cheasa,
    badh é liaigh do leigheasa.
  786. 57.

  787. Tuar guil, a cholaim, do cheól!
    mo chroidhe ní beó dá bhíth;
    do bhréagais mo dheór óm rosg;
    is truagh nách id thost do bhís.
  788. A fhágbháil 'na aonar fúibh,
    iostadh fairsing múir uí Róigh,
    an é do-bheir meanma ort
    ag nách éidir cosg do ghlóir?
  789.  p.156
  790. Nó an í an chumha dod chrádh, 10 
    a cholaim cheannsa, is fáth dhaoibh,
    ó nách faice an úrbhas fhial
    do chleachtais dod riar gach laoi?
  791. Cosmhail nách don tír-se thú,
    a cholaim bhúidh thig ón Spáinn, 15 
    i n-ionad ar thárbhaidh dhún
    nách faiceam acht tú a-mháin.
  792. An múr na aonar a-nocht
    'na gcluininn gáir chrot is chliar,
    gáir na bhflaith bhfairsing fó fhíon, 20 
    gáir bhrughadh ag díol a bhfiach.
  793. Gáir laoch ag líomhadh a n-arm,
    gáir na stoc i n-am na gcean,
    gáir rámhadh isteach san gcuan,
    gáir fhaoileann i n-uaimh na sreabh.
  794. 25 
  795. Gáir fithcheall dá gcur i luas,
    gáir na suadh as leabhraibh sean,
    gáir bhionnfhoclach na mban séimh,
    dream do thuigeadh céill ar gceast.
  796. Inghean Domhnaill do mhear mé 30 
    's do chuir mo chéill ar mo mhuin;
    a beith gan oighre, gan ua,
    cá beag dhamhsa mar thuar guil?
  797. A chuilm an cheóil bhrónaig san dúna thall,
    Is duilibh an róimh nósmhar so fúibh go fann; 35 
    Tulach uí Ró mhórga na múrtha mbeann,
    Gan chuirm, gan cheól seólta ná lúba lann!
  798.  p.157

    58.

    Tuileagna Ó Maolchonaire.

  799. A mhná, guileam tre Ghlais Áir,
    is tugam ar dtreas 'na dhiaidh;
    combáidh ghuil is déanta dhúin,
    's créachta an dúin gan luibh gan liaigh.
  800. Och, ochán! adhbha na sluagh
    'na bhfaghbhadh gach bochtán biadh;
    níor bh'fhiú cách a cur ar gcúl;
    ag gul fán dún go bráth biam.
  801. Binneas is eól gach re n-uair 10 
    san tigh-sin ar dtós do-chínn;
    é mar tá is damhna dár ndeóir;
    mór lá leóin tarla dár dtír.
  802. Do b'é mo ghrádh bheith san bhrugh,
    ní badh slán mé ó nách mar; 15 
    is é fá liaigh dom lionn dubh;
    bun 's cionn gan dul 'na dhiaidh dhamh.
  803. San teach nduasbhog gan díoth lóin
    do bhíodh cead cuarta ag gach cléir,
    's gan triall tar ais, dá madh áil, 20 
    ó Ghlais Áir ina bhfiadh féin.
  804. Do bhíodh ag laochraidh san lios,
    gur traothadh ar dtír a-nos,
    súgh caor i gcuachaibh gan ghlas,
    's luachair ghlas go caol a gcos.
  805.  p.15825 
  806. Minic fá meanmnach mic ríogh
    san tigh-sin tarla fá bhrón;
    mímheanmnach a-nocht, mo nuar!
    port na sluagh míndealbhach mór.
  807. Sí riamh ag dula ós gach dún, 30 
    mar do bhiadh umha fá ór;
    do Ghlais Áir do beanadh bríogh;
    táir, fa-ríor, gach meadhar mhór.
  808. Do b'é ar dteas i n-aimsir uair
    an teach san aimsin an óil; 35 
    do b'é ar bhfuarán geal ón ghréin
    an teagh réidh nuabhán gach nóin.
  809. Bhar n-aithne is ceard deacair dún;
    dar leam do leagadh do sheól;
    más tú an baile 'na mbínn riamh, 40 
    caidhe an chliar do chínn ná an ceól?
  810. Atá agam iongnadh nua,
    go gcaithfeam, dá liobhra lá,
    gan triall ó thoil re n-ar ló
    don toigh dár mó ar mian, a mhná!
  811. 59.

    Seán Ó Coileáin.

  812. Uíche dham go doilig dúch
    cois faraige na dtunn dtréan,
    ag léirsmaoine is ag lua.
    ar choraibh crua an tsael,
  813.  p.159
  814. Bhí an ré is na reulta suas,
    níor chlos fuaim tuinne ná trá,
    is ní raibh gal ann don ghaoith
    do chrothfadh barr cruinn ná bláth.
  815. Do ghluaiseas i machtnamh mhaon, 10 
    gan aire ar raon mo shiúil,
    doras cille gur dhearc mé
    san gconair réig ar mo chiunn.
  816. Do stad mé san doras tsean
    'nar ghnáth almsana is aoi 15 
    dá ndáil don lobhar is don lag,
    an tráth do mhair lucht an tí.
  817. Do bhí fora fiar ar a thaoibh
    is cian ó cuireadh a cló,
    ar a suíodh saoithe is cliar 20 
    is taistealaig thriallta an róid.
  818. Shuig mé síos le machtnamh lán,
    do leigeas mo lámh fám ghrua,
    gur thuit frasa diana déar
    óm dhearcaibh ar féar anuas.
  819. 25 
  820. Adúirt mé annsan fá dhíth,
    agus mé ag caoi go cûch:
    'Do bhí aimsir ina raibh
    an teach so go soilbh súch.
  821. Sunn do bhí cluig agus cléir, 30 
    dréachta agus díocht dá lé,
    cora ceatal agus ceól
    ag mola mórgachta Dé.
  822.  p.160
  823. A fhotharach fholamh gan áird,
    a árais seo is aosta túr, 35 
    is iumdha easgal is gaoth
    do bhuail ar mhaoil do mhúir.
  824. Is iumdha fearthainn is fuacht
    is stuirm cuain do chuiris díot,
    ó tíolaiceadh tú ar dtúis 40 
    do Rí na ndúl mar thíos.
  825. A mhúir naomhtha na mbeann nglas,
    do b'órnáid don tír seo tráth,
    is diomá dian liom do sgrios
    agus cuir do naomh ar fán.
  826. 45 
  827. Is uaigneach ataoi anois,
    níl unnat cora ná ceól,
    ach sgréachach ghéar na gceann gcat
    i n-ionad na salm sóil;
  828. Eidhean ag easgar ós do stua, 50 
    neantóg rua it úrlár úr,
    tafann caol na siunnach seang,
    is crónán na n-eas id chlúid.
  829. Mar a nglaeudh an fhuiseóg mhoch
    do chléir bhíodh ag cana a dtráth, 55 
    níl teanga ag corraí anois
    ach teangtha gliugair na gcág.
  830. Atá do phruinnteach gan bia,
    do shuainlios gan leaba bhláth,
    do thearmann gan íobairt cliar 60 
    ná aifreann do Dhia dá rá.
  831.  p.161
  832. D'imig do luamh is do riail,
    is do chuallacht fá cian cáig;
    och! ní fhionnaim anois fát ia
    ach cárnán criata cnámh.
  833. 65 
  834. Och! anfhorlann is anuaill,
    anbhruid anuais is aindlí,
    fóirneart namhad is creacha cruaig,
    tug uaigneach tu mar taoi.'
  835. Do bhíos-sa féin sona seal; 70 
    fó-ríor do chlaochlaig mo chló,
    tháinig táir an tsael im aghaig,
    níl feidhm orm ach brón.
  836. D'imig mo luail is mo lúth,
    radharc mo shúl agus mo threóir; 75 
    atáid mo cháirde is mo chlann
    san gcill seo go fann ag dreó.
  837. Atá duairceas ar mo dhriuch,
    atá mo chrui 'na chrotal cró;
    dá bhfóireadh orm an bás, 80 
    ba dhearbh m'fháilte fá n-a chóir.
  838. 60.

    Cúchonnacht Ó Dálaigh.

  839. Lámh ar th'aigneadh, a Úna;
    léig díot, a dhearc neamhlúdha,
    (gnáth orchradhach inghean ghlan)
    t'imneadh confadhach cumhadh.
  840.  p.162
  841. Tréigthear libh trá bhar dtuirse;
    tuig, a ghnúis mar ghlanluisne,
    dod ghruadh ghairthe gur bh'omhan
    snuadh bhar n-aighthe d'athraghadh.
  842. Fill t'aigneadh, méadaigh meanma, 10 
    cuimhnigh, a sheang shoidhealbhdha,
    gul tré dhaoinibh nách dleaghar,
    dul aoinfhir dá fhoillseaghadh.
  843. An cheard-sain do thogh tusa
    teacht uaithe ní hurasa; 15 
    an dubha fán bhfoirm 'na bhfuil,
    doirbh an chumha do charthain.
  844. Ball dár dhealbh Ceard na cruinne
    ná searg tré éag aonduine;
    saobh an bhreath dá siabhradh sibh; 20 
    do dhreach grianmhar ná geimhrigh.
  845. Soilsigh t'fhabhra ód cheas cumhadh,
    foigh ót aigneadh ardaghadh;
    ná measg, gé tharla ar do thoil,
    do labhra leasg, ná luathaigh.
  846. 25 
  847. Claochládh do chrotha neamhdha,
    díbh cá goimh is goimheamhla?
    lór dod dhamnadh ná tairg trá,
    do mhairg gidh adhbhar iargná.
  848. Ná tabhair dorchra t'aire, 30 
    gidh mór h'adhbhar eólchaire;
    a hadhnadh ní tarbha ó thoil;
    marbhadh tanma ná haontaigh.
  849.  p.163
  850. I n-áit gach athar eile
    gabh le Mac na Maighdine; 35 
    cuir doilghe a chneadh id chridhe
    dod Choimdhe eadh h'aimsire.
  851. Tomás, breitheamh na mbreath bhfíor,
    easbal iodhan na ndeiggníomh,
    dár dtriall is-teagh ó ghníomh ghlan 40 
    go teagh an Ríogh le rothol.
  852. 61.

    Giollabrighde Mac Conmidhe.

  853. Déan oram trócaire, a Thríonnóid,
    tug radharc i rosg an doill;
    féar tres an gcreig, a Dhé, is doilghe;
    ná leig mhé, a Choimdhe, gan chloinn.
  854. Cuire bláth tre bharr an fheadha,
    a Athair mhóir (mairg nách tuig!);
    bláth tre bharr na gcrann-sa, a Choimdhe,
    clann damhsa gár dhoilghe dhuid?
  855. Dair don dearcain, déas don fhoichnín 10 
    ní usa ná an chlann ad-chiad,
    fochan tana ag teachta a gráinne,—
    fearta glana áille iad.
  856. Bradán as gach bailg don iuchraidh,
    éan a huigh (ní hinn nách tuig), 15 
    agus call tres an gcnaoi, a Choimdhe,—
    clann dár mnaoi gár dhoilghe dhuid?
  857.  p.164
  858. Tugais dom chealgadh cloinn álainn
    d'fhaicsin a mbláith,—beag an phoinn!
    trócaire déan, a Dhé, oirne; 20 
    féagh mé, a Choimdhe gan chloinn.
  859. Láithreach folamh ag fear fheadhma
    gan éinghin chloinne is creach mhór;
    tabhair giodh aonduine im ionadh,
    a naomMuire iodhan ógh.
  860. 25 
  861. Dream gan iarmairt, giodh aos conáigh,
    ní cluintear acht an gcéin bhíd;
    giodh caomh é áille gan sholadh,
    gráinne is é gan toradh tríd.
  862. Ní fhuil ann mar ifearn bunaidh 30 
    acht bheith gan chloinn (cia nách smuain?);
    líog lom idir fhádaibh fiadhghuirt
    drong nách bhfágaibh iarmairt uaibh.
  863. A Thríonnóid is a thrí Mhuire,
    nár múchtar láithreach mo lis! 35 
    neamh re gach n-itche is é is toghtha,
    a shé litre fromhtha fis.
  864. A Dhúileamhain, déach ar mh'éigean,
    a Fhir théachtas tonna an chuain,
    fóir, a Rí thuileas is thráigheas, 40 
    an ní chuireas mh'áineas uaim.
  865. A Thríonnóid, tara dom fhurtacht,
    a Eó fis ar nách bhfuil ball,
    i dtoirchim ní coimse, a Choimdhe,
    soillse oimchinn choinnle ar gclann.
  866.  p.16545 
  867. Dias inn gan aonduine cloinne
    ag casaoid riot, a Rí na naomh;
    go dtí do chridhe ar ar gcloinn-ne,
    a Rí nimhe, is oirne ar-aon.
  868. Cuir im láithreach, a Fhlaith nimhe, 50 
    neach dom chloinn bhus cubhaidh ris,
    a Chnú bheó ris nár bhean críne,
    a Threabh na n-eó bhfíre bhfis.
  869. Rugais, a Choimsidh na cruinne,
    mo chlann uaim is iad 'na nús; 55 
    buaidh gcloinne ar fhear do badh usa,—
    neamh do roinne tusa ar tús.
  870. An talamh is tú do chruthaigh
    idir chloich gcruaidh is chriaidh mbuig;
    ní lugha a fheidhm, ní mó a mhonair, 60 
    deilbh na cnó ná an domhain duid.
  871. Tú do chum do chriaidh is d'uisge
    Ádhamh gan lus gan linn táith,
    Éava as a thaoibh réidh do roighnis
    do bhéin, a Shaoir choimhdheis cháich.
  872. 65 
  873. Tú tháinig fád thoirrcheas buadha
    i mbroinn Ríoghna i ráith na ndíog,
    ar phéin gur fhóiris na huile;
    do róinis féin duine dhíod.
  874. Tú do rad dár gcionn an cholann 70 
    i gcloich nduaibhsigh, dáil gan cheilg;
    tú do chuaidh san gcroich dár gcobhair,
    fá chloich i n-uaimh dhomhain dheirg.
  875.  p.166
  876. Tú do airg iar n-éirghe as talmhain
    teach ifrinn fá huathmhar gné: 75 
    leigheas do chrú don fhuil easláin;
    tú do shuidh ar dheasláimh Dé.
  877. Clár na talmhan is tú loisgfeas
    go mba luaithreadh gach leac bhláith;
    a Shlat is mó cnú san choille, 80 
    is tú do-ró i gcoinne cháich.
  878. Tú bhias isan bheathaidh shuthain,
    a Shaoir cháigh ar nách fuil feidhm;
    leathan do líon, a Mheic Muire;
    gá bríogh dheit duine do dheilbh?
  879. 85 
  880. Tú an Saor gan saothar gan obair,
    a Fhir dhírgheas gach dáil gcoim;
    níor usa a mbreith mar cheó coinnle
    ná bheith beó, a Choimdhe, dár gcloinn.
  881. Nochar usa an oidhche dhorcha 90 
    dealaighthear leat 's an lá glan;
    gár dhoilghe ná dall go súileach
    clann, a Choimdhe dúileach, dhamh?
  882. Sneachta is grian, a Íosa, i n-aonló
    níor usa dhuit ioná ar nduas; 95 
    falach na criadh fúinn is fearta,
    gur shúidh grian an sneachta suas.
  883. A Rí an ríchidh, rugais mh'aonmhac;
    nar bh'oircheas dhuit féachaidh féin;
    do sháithis dealg ar fhud mh'anma, 100 
    a Cheard tug gabhla fán ngréin.
  884.  p.167
  885. Dearchaoineadh fá dhul a gcloinne
    cúich do dhligh, a Dhearc mar rós?
    liom gé madh maith an cor chuinghim,
    más maith a ndol, fuilngim fós.
  886. 105 
  887. Mo dhá itche, a Airdrí nimhe,—
    neamh an chéidní chuingheas mé;
    madh áil lat is lór a rádha,
    mac i lógh mo dhána, a Dhé.
  888. Faghaidh dhamh, a Mhuire Mháthair, 110 
    mac ré ndul don domhan ché;
    im chrú nochar fhuirigh aonarc,
    a bhrú ar dhuinigh daonnacht Dé.
  889. Guidh liom clann do bheith 'na mbeathaidh,
    a Bhrighid ór baisteadh mé; 115 
    ná léig t'fhear dána fá dhímheas,
    a bhean ghrádha dhíleas Dé.
  890. 62.

  891. Mairg chailleas géag ghlanchumhra
    badh cumhdach croinn gan chríonadh;
    anois ar n-éag Mathghamhna
    do thuit a bharr i n-íochtar.
  892. Craobh mhaothálainn fhíneamhna
    do chailleas i dtós fhoghmhair;
    dardaigh fós mo mímheanma
    gan súil agam re a fhoghnamh.
  893.  p.168
  894. Gamhain maith don ghamhanraidh 10 
    do b'áirmheach idir sgolaibh
    'na chaoir chruthghlain chabharthaigh,
    do thuit mar bhláth roimh thorthaibh.
  895. Tug díth an dil dealbhchrothaigh,
    ag lucht feasa do foighreadh, 15 
    deóir im dheirc 'na ndeargshrothaibh
    nách báidhfeadh reódh ná oighreadh.
  896. Tig chugam im thaidhbhrithibh
    ag seargadh seal le sáimhe
    i gcruth álainn ainglidhe 20 
    bheanas díom gol is gáire.
  897. Mar thig i gcruth naomhnuaidhe
    dom mheadhradh seal le siabhradh,
    caillim ar feadh aonuaire
    dá mbeith oram úir bhliadhna.
  898. 25 
  899. Leisge is doille is brónbhuidhre,
    's gan lámh ag iomlat mh'éadaigh,—
    tug a éag i gcōmhnaidhe
    mhé gan ionnramh chóig gcéadfadh.
  900. Mar léighim a léigheann-san, 30 
    mar do-chím a aos comtha,
    bím do nós na nÉireannach
    fá mhaoith ag dul i ndoghra.
  901. Ar ndíth mo sheacht nglanghárlach
    sirim grás ort, a naoimhThriath; 35 
    maith damh féin a n-achlán-san,
    is fág beó agam aointriar.
  902.  p.169
  903. Mar dháil ins an eólchaire
    do-rinneas fán ógh amhra,
    naomhaingil is óghMhuire 40 
    guidhim do choimhéad mh'anma.
  904. 63.

  905. Ní buan bláth i gcionn bliadhna,
    madh lán biadhmhar a dhuille;
    comhartha an choill ar gcríonadh
    barr na fīodhbha dá dtuite.
  906. An crann chailleas a ghéaga,
    bhíos gan éadach gan toradh,
    is é a chríoch uile choīdhche
    lámha daoine dá losgadh.
  907. Atáim go cumhthach ciamhair 10 
    bliadhain anocht ó 'nuraidh,
    trém dhuille 'na bhláth bréige,
    gan lán céille dá chumhaidh.
  908. Do chráidh mo chroidhe ar dteastáil
    rogha deasgáin dom dhíoghlaim; 15 
    ós dó do bhí mo rothol,
    do-bhéar tosach don díoghrais.
  909. Gnáth mo charaid im aghaidh
    seal tré'n mac-soin do chaoineadh;
    mé i nglas re feadh a eachtra; 20 
    ní measa an cat re laoidheadh.
  910.  p.170
  911. Cian ré gearr damh i ndoghra,
    cidh mó mh'orchra fán dtráth-so;
    sé mhí fá dhó mhé i bpiantaibh,
    nách mó bliadhain mar Phláto.
  912. 25 
  913. Mé ar nós deiridh an domhain
    (glóir is moladh don naoimhRí!),
    mo bhláth mór ar bheag dtoraidh
    do thuit orainn, cidh daoirní.
  914. 64.

    Féilim Má Cártha

  915. Caoinfead féin, má thig leam,
    mo chlann chruí gan míghreann;
    ós mé do chaill iad seach cách,
    caoinfead iad go diomách.
  916. Lag mo chúnamh ar dteacht don chás
    do ghuin mo chruí le huathbhás,—
    im aonar i n-iathibh Fáil,
    's gan neach dom ghaol im chôdháil.
  917. Ós éigean dam trí thuirse chléibh 10 
    tiunsgain caoi le hiairmneil,
    is teinn atá mo cheann a-nocht,
    mo ghuth is fann gan furtacht.
  918. Ní trua bean ag caoine a céile,
    ná fear ar díth a bhainchéile; 15 
    's is trua mé mar éan gan nid
    tar éis na n-óg ná mairid.
  919.  p.171
  920. Nó mar ghéis ar sleasaibh tonn
    ag cantain ceóil le neamhfhonn:
    ar dteacht don bhás fá n-a déin 20 
    canan ceól ba truaimhéil.
  921. Canfadsa lem ré go brách
    ceól nách binn gach aontráth;
    ó thárla go tráite fann,
    caoinfead féin mo chéadchlann.
  922. 25 
  923. Creach lium Ceallachán i gcill,
    taobh le Cormac cneismhín;
    Anna agus Máire, mo shearc,
    mo nuar fá lic i n-aoinfheart!
  924. Mo cheathrar cluinne gan bhéim 30 
    nár bh'iarmhar cré i n-aoinchéim,
    abhar créacht mo chruí go deó
    bheith dá gcaoine i n-aonló.
  925. Ba bhinn lium a nglór rem theacht,
    is iad ag rith i n-aoinfheacht; 35 
    cé bheir fáilte dham ná póg,
    ós marbh iad fá aonfhód?
  926. Muna bhféachainn do Chríost i gcruis
    do fuair ó Iúdaibh athis,
    do leanfainn iad gan mhuill fán lic, 40 
    nó bheinn le baois 'na n-éiric.
  927. I meán uíche 'na dtrom suain
    (creach mo chruí go róchruaig!)
    mo cheathrar cáig do chailleas iad
    i nóimeant uaire ar aoinrian.
  928.  p.17245 
  929. Is mó do shíleas ar dteacht dom aois
    mo chlann im thimpeal go mbeidís,
    ná a ndul uaim go luath i gcill,
    is mé dá n-éis ar neachrích.
  930. Ba dlithe dham urraim óm chluinn, 50 
    dá dtugas searc mo chéadmhaoin;
    ós mé ba sine ná iad,
    ba dham ba dleacht an chéidrian.
  931. Is trua dhóibh do thréig mo pháirt
    is d'imig uaim i n-aondáil, 55 
    nár léig lium tús na slí,
    ós mé do rin na peacaí.
  932. Beag mo shuim i gceól ná i sult;
    is uaigneach mé le tamall;
    ní binn lium duain ná dán; 60 
    is cosmhail mé le hamadán.
  933. D'imig uaim mo ghné 's mo neart;
    atáim gan chéill gan toirbheart;
    ní heagal lium an bás dom fhios,
    tar éis na gcáirde chailleas.
  934. 65 
  935. I n-am suain, i meán uíche,
    is bocht bhím ag éagcaoine,
    's mo chlann as mo chôir ag teacht
    dá iarraig orm gluaiseacht.
  936. Is cumann dóibh teacht im dháil, 70 
    is iunmhain lium a ngriansgáil;
    gearr go rachad leó san tslí
    le toil naomhtha an Áirdrí.
  937.  p.173
  938. Do chím iad san uíche thall,
    ní sgaraid lium i n-aonbhall; 75 
    beid im dhiaig amuich 's istig
    go leanfad iad fán mbéillic.
  939. Is trua lium fá sgíos an bhean
    do thug don chluinn a róghean;
    tug dóibh grá agus lacht a cruí; 80 
    is trua lium ise ag ceasnaí.
  940. Is trua lium a lâ go lag
    ó bheith ag buala a bánghlac;
    is fliuch bhíd a ruisg um nóin;
    do sgoilt a cruí le hanbhóin.
  941. 85 
  942. Ní hiúna lium í go bocht,—
    isí do chaill a cuallacht;
    isí tar mhnáibh Inse Fáil
    do chonnaic críoch an tromáir.
  943. An gleann 'na ndearnadh mo chreach, 90 
    's do choisg mo mheadhair gan fuireach,
    mallacht Dé do ghnáth 'na bhun
    i n-éiric áir mo chumann.
  944. Gleann an Áir ó so suas
    baistim air go biothbhuan; 95 
    nimh an fhill do rin oram
    'na dhiaig do shíor le míochothram.
  945.  p.174
  946. Nár fhaice grian ná solas glan,
    nár fhaice ré ná reultan,
    diomua séin do shíor na chóir 100 
    tug mé gan aois im sheanóir!
  947. 65.

  948. Caoin tú féin, a dhuine bhoicht!
    do chaoineadh chách coisg do shúil;
    ná caoin inghean, ná caoin mac,
    dár cuireadh fá bhrat i n-úir.
  949. Caoin ar tús do pheacadh féin,
    ré ndul i gcré dod chorp;
    caoin, ós éigean duit a híoc,
    an pháis fuair Críost ar do shon.
  950. Caoin ar fhulaing ar do sgáth 10 
    Críost, do cheannaigh cách i gcrann;
    caoin a dhá láimh 's a dhá chois,
    's an croidhe do sgoilt an Dall.
  951. Dá bhfaictheá a ndeachaidh uait,
    is mar táid na sluaigh-se fúinn, 15 
    tar ar cuireadh riamh i gcré
    do chaoinfeá thú féin ar dtúis.
  952. Teachtaire Dé ós é an bás,
    dá raibh ortsa 'na chás chruaidh,
    do-ghéana tú h'aimhleas féin 20 
    is aimhleas an té do chuaidh.
  953.  p.175
  954. Ar chruthaigh lámh dheas an tSaoir,
    idir mhac is mhnaoi agus fhior,
    ní bhfuil againn truagh ná tréan
    nách rachaidh uainn d'éag mar sin.
  955. 25 
  956. Ar shliabh Síóin, lá na Sluagh,
    badh duibhe ná gual do ghné,
    anois giodh álainn do chruth,
    muna gcaoine a-bhus tú féin.
  957. Truagh sin, a bhochtáin gan chéill, 30 
    dá dtuigtheá-sa féin mar taoi,
    do léigfeá do chaoineadh chách,
    's do bheitheá go bráth ag caoi.
  958. 66.

    Muiris (mac Dáiví Dhuibh) Mac Gearailt.

  959. Mallacht ort, a bháis bhrónaig!
    a ladrainn leóinte gach iathe;
    chúig mhíle is seacht do chéadaibh
    ataoi dár n-éirleach do bhlianaibh.
  960. Olc h'éirim i dtúis h'aoise,
    tosach an fhill ar Ábel;
    an mac do b'fhearr do ghoinis,
    an mac ba dona d'fhágbhais.
  961. Mar sin duit ris gach líne, 10 
    dá ndíochur is dá léirsgrios;
    don olc is sia do cháirde
    ná don té do chráifeadh céadta.
  962.  p.176
  963. Mallacht duit agus míle,
    a chú na sgríbe gan féachain 15 
    do neach dá fheabhas fuadar
    seoch an fuaicle nó an sméirle.
  964. Cosmhail le beithir nimhnig,
    le gríbh thú, nó le faolchuin;
    is tú mille gach críche 20 
    a bhíobha an chine dhaonna.
  965. Cosmhail tú le fear speile
    nách teibean ó gach feóithne,
    gan trua gan taise d'éinneach
    seoch a chéile dá n-óirleach.
  966. 25 
  967. Tú an reithe do chonnairc Dónall
    ag côrac ris gach nduine,
    ag beartú a adharc go gcráifeadh
    cheithre háirde na cruinne.
  968. Cosmhail tú le fear ósta 30 
    'gá mbí deóra fá chathis;
    ar n-imeacht adeir, dá lámhú:
    'Tabhair sású 'nar ghlacais!'
  969. Aonmhac do bhreith ón athir
    cuid dod chleasaibh, a mhéirlig; 35 
    mac ná iníon don mháthir,
    a chneámhaire, níor caomhnais.
  970. Olc do chumann, a chladhaire;
    do dheadhlais mé lem aonmhac;
    beag mo ghreann 'na dheóig sin 40 
    i ngleann na ndeór im aonar.
  971.  p.177
  972. Is damhsa ba chóir tosach,
    is mé fann folamh ar fiara,
    's an té do bfhearra d'fhágbháil,—
    níor bh'é an beagán do riaradh.
  973. 45 
  974. Mallacht ort agus fiche
    dam nár chuimirc an séaghann
    do b'fhearr i dtig 's i dtáirne,
    's nár chuir cáirde ar an bhféile.
  975. Is trua nách mise rugais, 50 
    is gan mé d'fhulang 'om piana;
    ní beó dham, bíodh nách éagaim,
    gan ró céille 'na dhiaig sin.
  976. Mo shlán feasta fád dhícheal,
    cé táim i n-íochtar agat; 55 
    cé ráinig leat mo dhíobháil,
    ní thig leat m'aonghrá d'aiseag.
  977. Mallacht don bhás mar iarsma
    nách Dia chruthig ná d'órdaig,
    ach smáilc sean agus sinsear 60 
    atá gach aimsir dár n-óirleach.
  978. Minic dochum a bhuailte
    théid duine do bhuain slaite;
    mathim é muna dtárla
    don té sháraig an aithne.
  979. 65 
  980. Mar sin táinig an peaca;
    isé do tharraing an sgiúirse
    atá gach lá dár loma,
    mar do sloigeadh an t-úbhall.
  981.  p.178
  982. Isé seo an sáilín seire 70 
    (ó 'sé is deire do gach flathas)
    bhias ag seilg ar chluinn Ádhaimh,
    ós de tháinig an mhallacht.
  983. 67.

    Maolmhuire Ó Huiginn.

  984. A fhir threabhas an dtulaigh,
    smuainidh féin an bhfeadabhair
    an tú bhias ag buain a bhairr
    i n-uair a dhias do dhíoghlaim?
  985. Dá dteagmhadh duit, a dhuine,
    go dtóigéabhthá an treabhaire,
    ré a caithmhe féag an bhfuighthe
    ón éag d'aithle a hullmhaighthe.
  986. Dá bhfuirgheadh Dia do dhealbh neamh 10 
    tú ris an gcuid do chaitheamh,
    nach léir duid d'aithle th'amhairc
    an chuid chaithmhe i gcontabhairt?
  987. 68.

  988. A fhir na heagna d'iarraidh,
    bheith ria is obair éigciallaidh
    gan grádh is eagla an Athar,
    madh ál t'eagna d'ullmhachadh.
  989.  p.179
  990. Díomhaoin do dhuine ar domhan
    bheith ag iarraidh ealadhan,
    ná a mheas go bhfuighe sé sin
    gan guidhe nDé do dhéinimh.
  991. Ceard gach suadh is é do-ní 10 
    Mac Dé Athar, an t-airdRí;
    fá luach na ceirde is é is fhearr;
    ní feirrde an té nách tuigeann.
  992. Dá bhfaghadh duine ar a dhán
    an mhéid iarras go hiomlán, 15 
    ní bhiadh sé ar bhail do bhunadh
    gan tail nDé dá dheónaghadh.
  993. D'éis a dhéanta 's a dhíola,
    re Dia ar ndéanamh eisíodha
    bhar bhfreagra do-bhir gan bhail, 20 
    a fhir na heagna d'iarraidh.
  994. 69. Cathal Croibhdhearg agus Muireadhach Albanach mar aon, iar ndul sna bráithribh dóibh, cc.

  995. 'A Mhuireadhaigh, meil do sgín
    go mbearram inn don airdRígh;
    tabhram go milis ar móid
    's ar dhá dtrilis don Tríonnóid.'
  996.  p.180
  997. Bearrfa mise do Mhuire
    (an bhreath-sa is breath orchraidhe);
    do Mhuire bearr an barr-sa,
    a dhuine seang súlmhall-sa.
  998. Annamh leat, a leaca ghlan, 10 
    sgian tar do bharr dod bhearradh;
    fá mionca ríoghan bhinn bhog
    ag cíoradh a cinn chugad.
  999. Gach re n-uair do fhoilcthí dhúinn
    is d'Ó Bhriain an bhairr chladhúir, 15 
    is do fhoilcinn uair oile
    re stuaigh bhfoiltfhinn Bhóraimhe.
  1000. Do-nínn comhshnámh is ua Chais
    ar linntibh fuara Forghais;
    ar dteacht i dtír lais ón linn 20 
    do-nínn is ua Chais coimhling.
  1001. 'An dá sgín-se leath ar leath
    do rad dúinn Donnchadh Cairbreach,
    níor bh'fhearr dá sgín do sgeanaibh;
    bearr go mín, a Mhuireadhaigh.'
  1002. 25 
  1003. 'Meil do chloidheamh, a Chathail
    chosnas Banbha mbraonsgathaigh;
    ní chuala gan fhachain t'fheirg,
    a Chathail chuanna Chroibhdheirg.
  1004. 'Díon ar fhuacht 's ar ainteas inn, 30 
    a inghean uasal Iaichim;
    déana ar gcoimhéad san tír the,
    a roighéag mhín, a Mhuire.'
  1005.  p.181

    70.

  1006. Bí fúm, bí, a Mhic, ar mo mhuin;
    bí, a Dhúileamhain, im dheaghaidh;
    bí romham, a Rí neamhdha;
    bí toram, a Thighearna.
  1007. Toirinn im béal, bí im theangaidh;
    gabh chugam im chuisleannaibh;
    ling im chluasaibh 's im chridhe,
    a Fhinn uasail ainglidhe.
  1008. Gion gur cubhaidh, a Rí, ruibh 10 
    bheith 'na ionamhail d'adhbhaidh,
    a Chnú chroidhe mo chroidhe,
    gan Tú im chroidhe i gcomhnaidhe!
  1009. Braon dod rabharta ratha
    fhóireas, a Dhé, ar ndeacracha, 15 
    go gcuire im chroidhe ar gach cor,
    im loighe, im shuidhe, im sheasamh.
  1010. An braon-soin, a Mhic Muire,
    ar siobhal ná ar sádhaile,
    ná deach uam go madh cré ar gcorp, 20 
    im shuan, a Dhé, ná im dhúsacht.
  1011.  p.182

    71. Oisín cct.

  1012. Is fada anocht i nOil Finn,
    fada linn an oidhche a-réir;
    an lá i-niu gidh fada dhamh,
    do ba leór fad an laoi i-né.
  1013. Fada liom gach lá dá dtig;
    ní mar sin ba cleachtadh dhún;
    mo bheith i n-éagmhais na bhFian,
    do chuir sin mo chiall ar gcúl.
  1014. Gan aonach, gan cheól, gan chruit, 10 
    gan bronnadh cruidh, gan gníomh greagh,
    gan díol ollamhan ar ór,
    gan ealadhain, gan ól fleadh.
  1015. Gan bheith ag suirghe ná ag seilg—
    an dá cheird le a raibh ar súil— 15 
    gan deabhaidh, gan déanamh creach,
    gan bheith ag foghlaim chleas lúith.
  1016. Gan earradh gaisgidh do ghnáth,
    gan imirt mar badh ál linn
    gan snámh re laochraidh ar loch,— 20 
    is fada a-nocht i nOil Finn.
  1017.  p.183
  1018. Fada ar saoghal d'éis na bhFian;
    ní cneasta ná badh cian linn;
    fá hiad an laochradh gan locht;
    is fada a-nocht i nOil Finn.
  1019. 25 
  1020. Is don tsaoghal mar tá mé;
    is truagh, a Dhé! mar tá sinn,
    im aonar ag tarraing chloch;
    is fada a-nocht i nOil Finn.
  1021. Sir, a Phádraig, dhúinn ar Dhia 30 
    fios an ionaidh a mbia sinn,
    nó an saorfa m'anam ar olc;
    is fada a-nocht i nOil Finn!
  1022. 72.

    Seán (mac Muiris) Ó Hurthaile.

  1023. Is aithreach liom bheith go hóg,
    as mo thós do mealladh mé;
    féach anois mar do chuaidh m'uaill;
    is gairid uaim ceann mo ré.
  1024. An óige, mo mhallacht lé!
    d'fhág sí mé i ngeall mo locht;
    ní thiocfa sí dom bhreith as,
    ní sgaoilfe sí glas mo chos.
  1025. Ní bhia tuilleamh buidhe ruinn, 10 
    biaidh sise fá mhuirn ag cách;
    uch! dá mbeinn ag dul re sruth,
    ní chuirfeadh sí a guth im dháil.
  1026.  p.184
  1027. Mairg do loisg a thiompán ré;
    mairg do char a gné ba glan; 15 
    mairg nár aithin, a Dhé bhí!
    go raibh sí dom chur a-mach.
  1028. An óige go n-iomad gcealg,
    minic lé bheith dearg is geal;
    giodh é a dath is áille ar chlí, 20 
    do fhágaibh sí ar mh'anam sal.
  1029. A bhuidhe re haonMhac Dé
    mar do sgar mé re n-a cás;
    is ós liath foirfe mo lí,
    mo mhallacht lé go dtí an bráth.
  1030. 25 
  1031. Clann Éava do thuit 'na cion;
    mairg 'na riocht do gheibh bás;
    ní haithreach do Mhuire mhóir,
    sinn uile do fhóir ón gcás.
  1032. 73.

  1033. Do bhádhas-sa uair
    fá fholt bhuidhe chas,
    is nách fuil trem cheann
    acht fionnfadh gearr glas.
  1034. Ro badh luinne leam
    folt ar dhath an fhiaich
    do thoidheacht trem cheann
    ná fionnfadh gearr liath.
  1035.  p.185
  1036. Suirghe ní dluigh dhamh, 10 
    óir ní mheallaim mná;
    m'fholt anocht is liath;
    ní bhia mar do bhá.
  1037. 74.

  1038. An seisear,
    triúr i dtigim (?) ar deiseal;
    triúr frithir fallsa focham,
    agus triúr coirpsheang cneisgheal.
  1039. An Deacair,
    is ise an bhean rom-thachair;
    taibhseach sliocht a dhá géagbhonn,
    ní héadrom mar a saltair.
  1040. An tSuirghe, 10 
    macámh meallta gach buidhne;
    gér bh'annsa í ná an t-anam,
    agam ní bhfuil a cuimhne.
  1041. An Réidhe,
    mo-chean neach dárab céile; 15 
    dhi riamh ní dheachaidh rogha;
    fearr ná gach togha spréidhe.
  1042. An Éigean,
    púdarlach ó ló an chéidfhir;
    treise náid mná na cruinne; 20 
    smacht uirre nochan éidir.
  1043.  p.186
  1044. An Mheanma,
    ríoghan is bhuilidh breaghdha;
    gidh ionmhain an bhean bhunaidh,
    dhamh ó 'nuraidh ní tharla.
  1045. 25 
  1046. An Chumha,
    uimpe bhíd na bruit dhubha;
    ní mo-chean bean a léara;
    ní hiad a sgéala is lugha.
  1047. 75.

  1048. Triúr atá ag brath ar mo bhás,
    gé atáid do ghnáth im bhun—
    truagh gan a gcrochadh le crann!—
    an diabhal, 's an chlann, 's an chnumh.
  1049. Ní thiobhradh aoinneach don triúr
    don dís eile, giodh iúl claon,
    an chuid do roichfeadh 'na ghéig
    dhóibh ar a gcuid féin ar-aon.
  1050. An diabhal is dordha dáil, 10 
    an fear leis nách áil acht olc,
    ar an anam soilbhir séimh
    ní gheabhadh sé an spréidh 's an corp.
  1051. Do b'fhearr le mo chloinn mo spréidh
    do bheith aca féin a-nocht, 15 
    dhamhsa giodh fogas a ngaol
    ná mh'anam ar-aon 's mo chorp.
  1052.  p.187
  1053. Na cnumha, giodh amhgar súd,
    dá gcurthaoi mo chúl san gcré,
    do b'fhearr leó aca mo chorp 20 
    ná mh'anam bocht is mo spréidh.
  1054. A Chríost do crochadh le crann
    's do gonadh le Dall gan iúl,
    ó 'táid ag brath ar mo shlad,
    is truagh gan gad ar an triúr.
  1055. 76.

  1056. Malairt ó bhfuilim déarach,
    a déanamh dhamh is aithreach;
    gé táim tar éis mo mheallta,
    damhsa ní gealltar aiseag.
  1057. Malairt re bhfuil mo mhíréir
    do chuir ar míchéill mise;
    díom do baineadh mo lomradh;
    damhsa ní connradh cliste.
  1058. Malairt do dligheadh dínne 10 
    úire ar chríne 's ar choise,
    bláth na hóige ar léithe,
    neart ar thréithe 's ar loige.
  1059. Tugas mo ghruag ar mhaoile,
    radharc ar chaoiche 's ar dhoille; 15 
    ar lúth, ar léim 's ar lámhach
    agamsa fágthar moille.
  1060.  p.188
  1061. Tugas aiéar is aoibhneas
    (ní nár shaoileas do thabhairt)
    ar mo bheith ceanntrom cumhach; 20 
    damh ní subhach an mhalairt.
  1062. Gé thug mise mo dhúthracht
    seal re cūmhdach na hóige,
    damhsa ní beag an saobhnós
    nár shaoileas claochlódh glóire.
  1063. 25 
  1064. A bhláth bréagach na hóige
    dá bhfuaras sóidhne tamall,
    do thréigean liom gidh cruadhchás,
    beag an t-uathbhás dom anam.
  1065. Mar chrann i ndeireadh aoise 30 
    ar ghné baoise nó buile,
    uaimse gach olc ag síoladh,
    is mé ar gcríonadh mo dhuille.
  1066. Mo chuid don bheathaidh naomhtha
    ar ndol don tsaoghal chleasach, 35 
    gabhaim ó Rígh na Glóire
    ar sgáth na hóige feasta.
  1067. A Rí carthannach créachtach,
    ós dá éagnach re caraid,
    tabhair ar ndol don talmhain 40 
    neamh dom anmain mar mhalairt!
  1068.  p.189

    77.

  1069. Uch! is truagh
    dá maireann ar lorg na sluagh,
    's gan fios, giodh amhghar an sgéal,
    cáit ar ghabh an tréan ná an truagh.
  1070. Uch! a Dhia,
    is mairg fuair an cholann chriadh
    atá ag fiadhach ar gach olc,
    agá mbreith go port na bpian.
  1071. Uch! mo léan, 10 
    a shaoghail mheabhlaigh na mbréag,
    mar do ghabhais mise id líon
    dom tharraing ó Chríost na gcréacht.
  1072. Uch! is mairg
    atá fán saoghal ag spairn, 15 
    dá chumhdach do mhac nó mhnaoi;
    dá n-abrainn fá naoi é, is mairg.
  1073. Uch! mo bhrón,
    a Rí Nimhe nár chan gó;
    dá ndearnainn-se riamh do réir, 20 
    do chaithfinn go léir mo lón.
  1074. Uch! is uch!
    dá measainn a ndearnas d'ulc,
    tar mo bhéal, go bhfaghainn bás,
    ní thiucfadh go bráth acht 'Uch!'
  1075.  p.190

    78.

  1076. Osgail romham, a Pheadair,
    ós díot dleaghair a dhéanamh;
    isteach nó go dtí an chalann,
    léig an t-anam 'na éanar.
  1077. Dá bhféadainn dol don tigh-sin,
    léig an tslighe dom chomas;
    atáid anois re tamall.
    triar dom tharrang ón doras.
  1078. Is don triar-san an diabhal, 10 
    agus miana na colla,
    is an saoghal dár lingeadh;
    a Dhé, go gcinnear orra!
  1079. Ón triúr atá dom fheitheamh
    ní leam teitheamh ná foras; 15 
    ní husa d'fhior gan éideadh
    dul ar éigean san doras.
  1080. Osgail, a Mhuire Mháthar,
    freagair láthar mo chosgair;
    dá raibh Peadar go feochair, 20 
    gabh an eochair is osgail!
  1081.  p.191

    79.

  1082. Ceathrar do bhí ar uaigh an fhir,
    feart Alaxandair uaibhrigh;
    ro chansad briathra gan bhréig
    ós cionn na flatha a finnGhréig.
  1083. Adubhairt an céidfhear díbh:
    'Do bhádar iné 'man rígh
    fir an talmhan, truagh an dál!
    gé tá iniu 'na aonarán.'
  1084. 'Do bhí iné rí an domhain duinn 10 
    'na mharcach ar talmhain truim,
    ciodh é an talamh a-tá i-niugh
    'na mharcach ar a mhuin-siumh.'
  1085. 'Do bhí,' arsan treas ughdar glic,
    'an bith iné ag mac Philip; 15 
    iniugh aige nochan fhuil
    acht seacht dtroighthe do thalmhain.'
  1086. 'Alaxandar muirneach mór
    do bhronnadh airgead is ór,
    iniu,' arsan ceathramhadh fear, 20 
    'ag so an t-ór, is ní fhuil-sean.'
  1087. Comhrádh na n-ughdar do b'fhíor
    i dtimcheall uaighe an airdríogh;
    níor bh'ionann is baothghlór ban
    ar chansadar an ceathrar.
  1088.  p.192

    80. Envoi.

  1089. Anois, a leabhráin, imig rôt;
    is áirithe dhuit fáilte na huile
    san uile réghión thiar is tuir
    ó chríostaithibh na cruinne.
  1090. Is trua nách damhsa atá sé i ndán
    (tráth bhead aosta, mar tá tusa)
    bláth na hóige chur orm arís,
    sul a mbeinn críon aosta liosta.
  1091. Má tá do chóta casta buí, 10 
    tá do chruí geal id chraiceann;
    tráth cuirfear tusa arís i gcló,
    beig bláth na hóige ar do mhalainn.
  1092. Ní mar sin damhsa! Caife mé
    géille 'on éag is dul don bhaile; 15 
    seachain thusa, a léthóir shéimh,
    gan cluain an tsael bhoicht dod mhealla.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Measgra Dánta

Title (translation): Miscellaneous Irish Poems

Editor: T. F. O'Rahilly

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Beatrix Färber and Ruth Murphy

Proof corrections by: Hilary Lavelle, University of Ulster at Coleraine

Funded by: University College, CorkThe HEA via the LDT Project and The IRCHSS via the Digital Dinneen Project

Edition statement

2. Second draft, revised.

Extent: 26900 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of the Department of History, University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2008

Date: 2011

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402568

Availability: Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching only.The electronic edition was published with the kind permission of the O'Rahilly Trust who owns the copyright.

Notes statement

The editor notes: “The spelling employed in the text is in general a normalized and slightly modified form of the orthography in common use some three centuries ago. It should be carefully borne in mind that the pronunciation required in reading most of these poems is often very different from that of the Irish of to-day; thus every consonant (including dh, gh, bh, and mh) must, as a rule, be as fully pronounced in the middle or end of a word as at the beginning. On the other hand, in the occasional supplementary stanzas in accentual metre, as well as in a few of the dánta, a frankly modern pronunciation is required, and accordingly in these the orthography has been somewhat modernized. Here and there a macron has been employed to indicate that the metre requires the modern pronunciation of a word spelled in the old way.” [T. F. O'Rahilly, p 61.]

Source description

Manuscript sources

  1. Poem 1: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 I 4, p 41. A second, incomplete version, identical with the first, except for the spelling, is found at p 115.
  2. Poem 2: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 I 4, p 43 [=J]; MS 23 I 23, p 109 [=K]; National Library of Ireland, xviii, p 36 [=N].
  3. Poem 3: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 D 4, p 225; Royal Irish Academy, MS 23 L 27, p 89; Royal Irish Academy, MS 23 G 25, p 335 bis.
  4. Poem 4: Dublin, Royal Irish Academy, MS 24 P 29, p 356.
  5. Poem 5: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 D 4, p 120; Royal Irish Academy, MS 23 B 37, p 3.
  6. Poem 6: Dublin, Royal Irish Academy, MS 24 B 28, p 339; Royal Irish Academy, MS 23 G 20, p 241; Trinity College, MS H 6 17, p 163; Trinity College, MS H 6 14, p 153; Royal Irish Academy, MS 23 L 24, p 274; Royal Irish Academy, MS 23 L 13, p 72; British Library, Egerton 133, fo 86b (Robin Flower, Cat. 39).
  7. Poem 7: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 A 45, p 16; Trinity College, MS H 6 11, p 146; Royal Irish Academy, MS F v 3, p 50; Royal Irish Academy, MS 23 D 25, p 9; Royal Irish Academy, MS 3 B 9, p 303.
  8. Poem 8: Dublin, Royal Irish Academy, MS F v 3, p 334; Royal Irish Academy, MS 23 K 24, p 366.
  9. Poem 9: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 D 4, p 226; Trinity College, MS H 5 1, p 3; Royal Irish Academy, MS 23 B 38, p 152; Royal Irish Academy, MS 23 G 24, p 38; Royal Irish Academy, MS 3 B 9, p 250.
  10. Poem 10: Gadelica i, 260-262; Ms. written by Seán Ó Murchú na Ráthíneach in 1722.
  11. Poem 11: Edinburgh MS. xlviii printed in Reliquiae Celticae i, 127; Dublin, Royal Irish Academy, MS F v 5, p 172; British Library, Egerton 187, fo 29b (Robin Flower, Cat. 22).
  12. Poem 12: Dublin, Royal Irish Academy, MS G vi 1, p 66; Royal Irish Academy, MS 23 Q 2, p 29; British Library, Egerton 139, fo 101 (Robin Flower, Cat. 96).
  13. Poem 13: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 L 34, p 178.
  14. Poem 14: Dublin, Trinity College, MS H 6 7, p 41; Royal Irish Academy, MS 3 B 5, fo 41b; Royal Irish Academy, MS 24 C 13, p 69; Royal Irish Academy, MS E iv 3, p 173; Royal Irish Academy, MS 23 M 16, p 209.
  15. Poem 15: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 D 4, p 95; Royal Irish Academy, MS E iv 3, p 174; Royal Irish Academy, MS F vi 2, p 143; Royal Irish Academy, MS 23 G 24, p 57.
  16. Poem 16: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 I 40, p 38.
  17. Poem 17: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 L 17, fo 141a.
  18. Poem 18: Clonalis House, Castlerea, O'Conor Don's MS., fo 24a.
  19. Poem 19: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 I 40, p 3; Royal Irish Academy, MS 23 A 8, p 197; Royal Irish Academy, MS 23 O 35, p 38 (margin); 23 L 34, p 179.
  20. Poem 20: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 I 40, p 47.
  21. Poem 21: Clonalis House, Castlerea, O'Conor Don's MS., fo 27a.
  22. Poem 22: British Library, Add. 40766, fo 14.
  23. Poem 23: Dublin, Trinity College, MS H 5 9, p 20.
  24. Poem 24: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 D 4, p 397.
  25. Poem 25: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 D 38, p 55; 23 N 15, p 152.
  26. Poem 26: Maynooth, MS 2 g 14, p 509; Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 N 14, p 112; Royal Irish Academy, MS 23 E 14, p 20; London, British Library, Add. MS 29614, fo 31.
  27. Poem 27: Dublin, Royal Irish Academy, MS E iv 3, p 175; Royal Irish Academy, MS 23 G 23, p 197; Royal Irish Academy, MS 23 H 30, p 124; Ms. written by Seán Ó Murchú na Ráthíneach in 1722.
  28. Poem 28: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 Q 2, p 89; London, British Library, Add. MS 40766, fo 20 (Robin Flower, Cat. 165).
  29. Poem 29: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 A 45, p 68; Royal Irish Academy, MS F v 3, p 184; Royal Irish Academy, MS 23 O 35, p 173.
  30. Poem 30: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 D 4, p 123; Nieders. Staats- und Universitätsbibliothek Göttingen MS. 773, fo 1a.
  31. Poem 31: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 F 16, p 126.
  32. Poem 32: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 D 38, p 67; UCD, Franciscan MS 35, p 441.
  33. Poem 33: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 D 4, p 404.
  34. Poem 34: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 D 4, p 214.
  35. Poem 35: UCD, Franciscan MS A 34, p 127.
  36. Poem 36: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 F 16, p 88; Royal Irish Academy, MS 23 N 11, p 131; O'Molloy's Grammar (1676), pp 184–7; Royal Irish Academy, MS F vi 2, p 366; Royal Irish Academy, MS 3 B 39, p 292.
  37. Poem 37: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 D 38, p 59.
  38. Poem 38: Dublin, Royal Irish Academy, MS G vi I, p 35; Universitätsbibl. Giessen, 1267 (ca 1685) fo. 56v; Royal Irish Academy, MS A iv 2, p 50; Royal Irish Academy, MS 23 C 26, part 2, p 180; British Library, Egerton 133, fo 75b (Robin Flower, Cat. 38).
  39. Poem 39: Dublin, National Library of Ireland xix pp 116 seq.; Royal Irish Academy, MS 3 C 4, fo 171; Royal Irish Academy, MS 12 I 16, fo 43; London, British Library, MS Egerton 164, fo 30b; British Library, MS Egerton 208, fo 79 (Robin Flower, Cat. 347, 136).
  40. Poem 40: Chatsworth, Book of Lismore (at Chatsworth since 1930); Agallamh na Seanórach, ed. Stokes, Lives of Saints from the Book of Lismore, ll. 340sq.; UCD, Franciscan MS text; Royal Irish Academy, MS 24 P 5, p 17z; Royal Irish Academy, MS 23 L 34, p 258.
  41. Poem 41: Dublin, Trinity College, H 6 7 p 14; Royal Irish Academy, MS 23 A 45, p 66.
  42. Poem 42: Bibliothèque Royale, Brussels MS. 5100–4, p 34; Edinburgh, MS. v, fo 10a.
  43. Poem 43: A MS. in private hands; Royal Irish Academy, MS 23 B 38, p 57; a copy in the Black Book of Clanranald, printed in 'Reliquiae Celticae.' ii, 306.
  44. Poem 44: Whitley Stokes, The death of the sons of Uisnech, Irische Texte, ser 2, ii, 127–9.
  45. Poem 45: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 D 13, p 174; A MS. in private hands.
  46. Poem 46: Poem pieced together from various verses quoted in Maghnus Ó Domhnaill's life of the saint (ed. O'Kelleher and Schoepperle, pp 188–200, 290–294); 'Obind beith ar Beind Edair' by Columcille, Reeves, Adamnan's Life of Columcille, pp 285 sq; Rawl. B 512 (Stokes, Tripartite Life, i, p xxxix).
  47. Poem 47: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 D 5, p 335; H 1. 11, fo 143a (copied in 1752 from Add. 30512, fo 34b, in British Library); Transactions of the Gaelic Society of Dublin (1808), pt. 3, pp 180 sq., ed. by T. O'Flanagan.
  48. Poem 48: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 D 4. p 96; Trinity College, H 6. 7, p 16; Royal Irish Academy, E iv. 3, p 173; Mur. 48, Maynooth.
  49. Poem 49: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 I 40, p 189; Royal Irish Academy, MS 23 F 16, p 89; p 141.
  50. Poem 50: Eleanor Knott, Gadelica i, pp 10 sq. (corrections pp 300–1).
  51. Poem 51: Dublin, Trinity College, H 3 19, p 57.
  52. Poem 52: Clonalis House, Castlerea, O'Conor Don's MS., fo 410a ("O"); Dublin, Royal Irish Academy, MS A iv. 3, p 697; Royal Irish Academy, MS 23 I 40, p 181.
  53. Poem 53: Clonalis House, Castlerea, O'Conor Don's MS., fo 25b ("O"); 23 F 16, p 191; 23 D 4, p 136.
  54. Poem 54: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 F 16, p 14; Royal Irish Academy, MS 23 I 40, p 192.
  55. Poem 55: 2 g 14, Maynooth, p 427, in the hand of Eóghan Ó Caoimh, 1704 ("M"); Dublin, Trinity College, H 4 5, p 160; Royal Irish Academy, MS 23 N 12, p 30.
  56. Poem 56: Dublin, Royal Irish Academy, MS A v 1, fo 75b; Royal Irish Academy, MS 24 P 27, p 133; Clonalis House, Castlerea, O'Conor Don's MS., fo 178a; Royal Irish Academy, MS 23 L 17, fo 88b.
  57. Poem 57: Royal Irish Academy, MS E iv 3, p 48; Royal Irish Academy, MS 23 A 17, p 26; Dublin, National Library MS. 12, p 65.
  58. Poem 58: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 F 16, p 127; 23 G 23, p 211.
  59. Poem 59: Dublin, Royal Irish Academy, MS 24 A 22, p 255; Mur. 48, Maynooth, p 66; 24 C 13, p 81.
  60. Poem 60: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 M 28, p 300.
  61. Poem 61: H 4. 5, p 93.
  62. Poem 62: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 D 4, p 142.
  63. Poem 63: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 D 4, p 144.
  64. Poem 64: Dublin, Royal Irish Academy, MS 24 L 38, p 4; 23 C 3, p 62; 23 M 16, p 111; 23 N 15, p 176.
  65. Poem 65: Dublin, Royal Irish Academy, MS 24 L 6, p 2; Royal Irish Academy, MS 23 L 34, p 154; Reliquae Celticae i, 126; Keating's Poems ed. Rev J.C. MacErlean, p 46; Royal Irish Academy, MS A iv 2, fo 23b; Trinity College H 2 5, p 344; Royal Irish Academy, MS 24 P 29, p 347; Trinity College H 5 13, p 76; Trinity College H 4 10, p 52; Trinity College H 4 10; Trinity College H 2 5; Trinity College H 5 13; Maynooth MS 2 g 14, fo 7a.
  66. Poem 66: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 N 13, p 243; Royal Irish Academy, MS 3 B 5, fo 43b.
  67. Poem 67: Clonalis House, Castlerea, O'Conor Don's MS., fo 79a; Royal Irish Academy, MS 23 F 16, p 75; Royal Irish Academy, MS 23 A 8, p 274; Oxford, Bodleian Library, MS Laud 615, p 135.
  68. Poem 68: Dublin, Royal Irish Academy, MS 24 L 13, p 7.
  69. Poem 69: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 M 28, p 285.
  70. Poem 70: Dublin, Royal Irish Academy, MS 24 L 6, p 31.
  71. Poem 71: UCD, Franciscan MS., Duanaire Finn, fo 73b; Royal Irish Academy, MS 23 M 4, p 131.
  72. Poem 72: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 N 14, p 200.
  73. Poem 73: UCD, Franciscan MS., Duanaire Finn, fo 43.
  74. Poem 74: UCD, Franciscan MS., Duanaire Finn, fo 57b.
  75. Poem 75: O'Molloy's 'Grammatica Latino-Hibernica' (1676), p 204; Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 I 40, p 4; Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 L 34, p 158.
  76. Poem 76: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 D 13, p 155; Trinity College MS H 6 14, p 169; Royal Irish Academy, MS 23 G 27, p 206; Royal Irish Academy, MS 23 N 14, p 98; National Library xii, pt. 2, p 170.
  77. Poem 77: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 L 34, p 155; Royal Irish Academy, MS 23 G 24, p 184; Trinity College, MS H 5 13, p 78.
  78. Poem 78: Clonalis House, Castlerea, O'Conor Don's MS., fo 77b; Royal Irish Academy, MS 23 C 19, p 287; Royal Irish Academy, MS 24 B 31, p 111.
  79. Poem 79: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 L 34, p 208; Royal Irish Academy, MS 23 B 35, p 10.
  80. Poem 80: Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 B 35, p 32.

Editions

  1. Thomas Francis O'Rahilly, Measgra Dánta. Reprinted. Dublin: Brown and Nolan 1960.
  2. Thomas Francis O'Rahilly, Measgra Dánta, miscellaneous Irish poems. Reprinted. Corcaigh: Cló Ollscoile Chorcaí [=Cork: Cork University Press] 1972.

The edition used in the digital edition

O’Rahilly, T. F., ed. (1927). Measgra Dánta (Miscellaneous Irish Poems)‍. 1st ed. ii + 277 pp. Cork: Cork University Press.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@book{G402568,
  title 	 = {Measgra Dánta (Miscellaneous Irish Poems)},
  editor 	 = {T. F. O'Rahilly},
  edition 	 = {1},
  note 	 = {ii +  277 pp.},
  address 	 = {Cork},
  date 	 = {1927},
  publisher 	 = {Cork University Press}
}

 G402568.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

The present text represents pp. 1–60 and 119–192 of the volume. The editorial introduction, notes and indexes have been omitted.

Editorial declarations

Correction: The text has been proof-read twice.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Addenda and Corrigenda from p 276–277 are integrated into the electronic text.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editor's hyphenation has been retained.

Segmentation: div0=the poem miscellany; div1=the individual poem; stanzas are marked lg.

Interpretation: Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles.

Reference declaration

A canonical reference to a location in this text should be made using “poem”, eg poem 1.

Profile description

Creation: By various Irish authors. 1100–1799

Language usage

  • The text is in Middle to Modern Irish. (ga)
  • Some phrases are in Latin. (la)

Keywords: bardic; poetry; medieval ; 16c; 17c; 18c; miscellany

Revision description

(Most recent first)

  1. 2011-08-04: Minor changes to header made, new SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2008-10-10: Header modified; keywords added; line-breaks rearranged; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-02-23: Header completed; file parsed; SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2007-12-15: File proofed (2); structural and content markup modified; more markup inserted; manuscript details inserted. (ed. Ruth Murphy)
  5. 2007-12-05: Provisional header constructed, some XML markup of body text modified and checked. (ed. Beatrix Färber)
  6. 2006-07: Text proof-read (1); some markup added. (ed. Hilary Lavelle)
  7. 2006: Text scanned, basic XML markup applied. (data capture Data Capture Company)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402568.xml

Search CELT

  1. This verse is entitled “An t-Amhrán” 🢀

CELT

2 Carrigside, College Road, Cork

Top