CELT document G402570

An Síogaí Rómhánach

Unknown author

Edited by Cecile O'Rahilly

Whole text

     p.17

    An Síogaí Rómhánach

  1. Innisim fís is ní fís bréige í.
    Le ar súile dúinn ba léir í,
    le mo chluasa do-chualas féin í,
    í ní cheilim, deirim, déarad.
    Lá dá rabhas ar maidin am aonar p.18
    annsa Róimh ar órchnoc Céphas,
    lán do ghruaim ar uaigh na nGaol san,
    sínte ar lic ag sileadh déara,
    fá bhfuil dias dob' fhial fá shéadaibh,10 
    le n-ar grámhar ábhar m'éagnaigh,
    Iarla mór Thíre Eoghain Neill mhir
    is Ó Domhnaill na n-órlann bhfaobhrach
    cé do chífinn ar mhaoilinn an tsléibhe15 
    acht fíormhaighdean bhraighidgheal bhéasach
    do bhain an bárr go bráth do Vénus
    is do Mhinerva i ndeilbh 's i ndéanamh.
    Is maith do figheadh a braoithe caola,
    do bhí an t-ór i meon a céibhe,20 
    do bhí an sneachta 's a' lasair 'na héadan.
    Adubhairt liomsa san mball chéadna
    do ghlór mhilis ba bhinne ná téada
    druidim suas ó uaigh na dtréinfhear.
    Ba fada a caoi 's a croidhe dá réabadh.25 
    Fá dheireadh thiar i ndiagh a saothair.
    do thog sí uaill ba trua le héisteacht,
    do bhainfeadh deóir go leór as cléircibh
    's do bhainfeadh osna as clocha dá mb'fhéidir.
    Leis an bhfaoidh sin do shín si a géaga p.1930 
    ag dearcadh suas go cruaidh ar néallaibh,
    's do labhair sí le Rí na spéire,
    lán do channtlamh annsa réim si:
    A Dhia mhóir, an deóin libh m'eisteacht,
    nó an misde ceist bheag éigin35 
    do chuaidh i ndaingean ar mhacaibh léighinn
    d'fhiafraidhe dhíot ós díbh is léir í.
    Atáim ar mearbhall i n-ainbhfios sgéala,
    óir más ionann do tharraing gach éinneach
    coir na sinnsear do rinne an chéidfhear40 
    Ádhamh ar n-athair do mealladh le hÉabha,
    créad fá n-iarthar trian na péine
    ar aonphór níos mó ná 'chéile?
    Créad fá saorthar gach daor éigceart
    is nach bí saor nach daorthar é seal?45 
    Créad nach baintear le dair bhréin bhig
    is crann an toraidh dá chrothadh 's dá réabadh?
    Créad fa gcrochtar bocht gan aonchoir
    is sliocht na n-olc i dtoice an tsaoghail?
    Créad an tocht nach sgriostar éircigh50 
    's gur buan a dtóir i ndeóigh na gcréidmheach:
    Créad nach feanntar clann Luitéarus
    is clann Chríost dá gclaoi go n-éagaid? p.20
    Créad nach trua na huain dá dtraochadh
    is na mic tíre ag inghreamadh an tréada?55 
    Créad an ceart fá leagtar Éire
    is le n-a gleó nach mór go n-éistear?
    Créad an choir noch tugtar ar Ghaeulaibh,
    dream do dhiúltaigh d'iúlaibh géilleadh?
    Óir ó tháinig Pádraig naomhtha60 
    leis an gcreideamh go hInis Éilge,
    níor bhain traochadh, gaoth ná éclips,
    fóirneart eachtrann ná leatrom dá ghéire
    creideamh Chríost as croidhe na nGaol so.
    Do bhí a gcoinneall mar loinnir na gréine,65 
    do bhí a n-athainne gan chaigilt ag spréachadh,
    is níor thuit smál ná cáidh ná aonspot
    ar feadh na Fódla ar phór Mhilésius.
    Och, a Chríost! is fíor an méid sin.
    Créad tá uait nó an rún leat m'éisteacht?70 
    Nó an é is áil leat go bráth gan féachain
    ar an gcuaine is buaine ' dréim leat
    fá na Gallaibh dá bhfeannadh le héigceart?
    'S gurb é a n-agallamh glafarnach Bhéarla, p.21
    lucht an fhill do thuill a dtréigean,75 
    do chuir druim le cuing na cléire
    is do-ní cnáid fá mháthair an Éinmhic.
    Is leo nach mian do Dhia seal géilleadh
    acht an creideamh do sgriosadh le héirceacht.
    Ní áirmhím Henrí an chéidfhear80 
    do léig go truaillidhe uaidh a chéile
    ar Anna Builín a hinghean chéadna,
    is d'imthigh ón eaglais ar theagasg Luitéarus.
    Cuirim leis Elizabeth phéisteach
    nár phós fear is nár stad ó éinneach.85 
    Iomdha dream ar ar fheall an mhéirdreach.
    Do rinne sí fásach do Chlár Éibhir.
    A mná 's a bhfir do sgriosadh léithe.
    Tug sí bás do Mháire Stéabhard.
    I ndiaigh na mná so tháinig Séamas.90 
    Níor thuar faoiseamh do chríocha Fhéilim,
    an fear do thógaibh a bpór as a bhfréamhaibh
    is d'órdaigh a dtalamh do thamhas le téadaibh,
    do chuir Saxanaigh i leabaidh na nGaol nglan
    is transplantátion ar chách le chéile. p.2295 
    Is gearr 'na diaigh gur thionnsgain Séarlas
    ar nós a athar le cleasaibh 's le bréagaibh.
    Ar Leath Chuinn an chuing dob' éigceart
    is ar Leath Mhogha dá bhfoghairt go héinfhear.
    Do bhain sé díobh a gcíos 's a mbéasa,100 
    a maoin 's a gclann, a n-arm 's a n-éadach,
    trian a bhfearainn 's a ngairme i n-éinfheacht.
    Leis do hiarradh Dia do thréigean
    's gan labhairt i dteanga na Gaelge
    's gan 'na háit ag cách acht Beárla.105 
    Órd is aifreann do bacadh leis d'éisteacht.
    Tré gach gráin dá ndeárnaidh ar Éirinn,
    buan a mallacht ag fearadh go héag air.
    Marab é is cionntach, ní haithne dham féin sin.
    Créad ba cúis ar dtúis dá phéinbhruid110 
    far dheónaigh Dia an triath so 'shéana
    leis an lucht do thug do géilleadh,
    Parliamentárians na dtárr maothlach
    ler baineadh a cheann le lainn fhaobhraigh. p.23
    Don rí do baineadh an ceann céadna115 
    is lena linn do thionnsgain Éire.
    I gcúige Uladh do mhusgail an chéidfhear,
    Mág Uidhir, fuigheall na Féine
    is Mac Mathghamhna amhail a bhéas do,
    an dá leómhan chródha mhéinnmhaith120 
    nár chuir suim i maoin an tsaoghail si
    's nach dearnaidh ceangal le Danaraibh saobha,
    nó gur dóirteadh leó i n-éinfheacht
    do ghrá an chreidimh ba leisge leo 'thréigean
    ar shráid Lonnduin na dtonn dtaosgach125 
    a gcuid fola 'na locha craorga.
    Ní le fuath nach luaidhimse Féilim,
    an t-óg uasal ruaidhgheal péacach,
    an fear ler baineadh as eachtrannaigh méileach
    is lán na gcartach as Albanaigh d'aoileach.130 
    Ag so an uair do ghluais an tréinfhear
    as an Spáinn fá lán éarma,
    Eoghan ruadhghlan na sluagh mbaoghlach.
    Laoch na gcreach é, mac Airt éachtaigh,
    mac mic oirdheirc Chormaic Néill mhir,135 
    lámh ghaisge nár sáraigheadh i n-aonghoil. p.24
    Bíodh ar mh'fhallaing gur dearbhtha an sgéal soin.
    Iomdha guais ina bhfuair sé 'fhéachain
    ón lá dob' eol do a shrón do shéide
    nó gur chríochnaigh Críost a théarma.140 
    Cuirim 'fhiadhnaise ar Dhia nach bréag so,
    is ar an Spáinn ata lán dá ghéarghol,
    is ar an bhFrainnc ba teann a' dréim leis,
    is ar Thír—fá—thuinn atá tinn dá fhéagmuis,
    is ar chlanna Mhíleadh i dtír na hÉireann.145 
    Leath a ghníomh a ríomh ní fhéadaim.
    Do chúige Uladh tug furtacht ar éigin.
    Do chuir sé Gaill do dhruim a chéile.
    Do chuir se Lesley ar teitheamh go héasgaidh.
    Do chuir sé ar chosaibh Mhontgomery géibheann.150 
    Do chuir sé meatacht ar Albanaigh mhaola.
    Do chuir sé a ndaoine tríd a chéile.
    Do bhris sé brú an Mhúraigh bhréagaigh.
    Baile Átha Cliath do iadh an tréinfhear.
    Leis do sgiúrsadh an chúnntae chéadna155 
    's an Mhidhe mhealltach Ghallda Ghaolach. p.25
    As Port Laoíse do dhíbir éircigh,
    i bPort Leastair do leagadh leis céadta,
    as Port Fáchland cách do spréidh sé.
    Do bhain sé giodar as Biorra 's as Aonach160 
    is as súd suas go Tuamhain Éibhir.
    Do rug sé creach gan chead don mBéarla
    ó Innis Cuinn tar bhinn an tsléibhe.
    Tug Port Láirge a lámh go léir leis,
    is Dún Canáin na gcanál dtaosgach,165 
    Loch Garman na n-arm bhfaobhrach,
    Ros Mhic Thriúin is Dún Bhinn Éadair.
    Do Chill Chuinne bhain uirrim ar éigin.
    Cois na Sionna ba neartmhar a ghéaga,
    Cois Abhann Móire is Feóire i n-éinfheacht,170 
    Cois na Bearbha ag marbhadh méirleach,
    Cois na Siúire a thrúp ba saothrach
    is as sin síos arís go hÉirne.
    Do rinne sé áthas i Ráth Méidhbhe.
    Ó Bhaile Átha Luain do fuair sé géilleadh,175 
    is ó sin siar go hiarthar Bréifne.
    Do bhris sé an balla ag Baile Shéamais.
    Do chuir sé Sligeach ar crith len' fhéachain.
    Is leis do ceangladh an Ghaillimh le chéile.
    Dar Mac Duach, ba suairc an sgéal soin p.26180 
    ar gach cuan do chuantaibh Éireann,
    dá rádh, dá luadh, dá thuar, dá léaghadh,
    Eoghan Ruadh ar ghuallaibh Gaodhal
    dá chur suas ar uachtar an Bhéarla.
    An t-óg uasal uanach aerach,185 
    bratach buanach buadhach béimneach,
    creachach cuantach cuartach créachtach,
    dreasach duadhmhar dualach déarcach,
    feasach fuadrach fuaidhteach féasdach.
    Gaisgidheach gluasda guasmhar gléasda,190 
    lannach luaimneach luathmhar léimneach.
    Marcach muardha muadhghlan méinnmhaith,
    neartmhar nuallach nuachrach néata,
    reachtmhar ruagthach ruaimneach réimneach,
    searcach snuadhach stuatach saothrach,195 
    teastach tuaiseach tuarthach tréanmhar.
    Do-ním daithne, dá maireadh an t-éan so,
    nach biadh an ealta so i leabaidh na bhfoenix
    is nach faigheadh Gaill ná Crombhuil géilleadh
    amhail mar fuair an uair d'éag siod.200 
    Acht gidh crádh liom a thásg san d'éisteacht,
    liom ní cás a bhás ar aonchor
    's nach le Gallaibh do gearradh a shaoghal p.27
    acht le Dia lér mhian a shaoradh
    is gairm go neamh i measg na naomh air.205 
    Is gearr 'na dhiaidh go dian gur éirigh
    an leomhan catha, an t-easbog Éibhear,
    fear rug bárr ar chách san léigheann,
    fear an chloiginn chomthroim éachtaigh,
    fear ba díreach croidhe do Ghaeulaibh.210 
    do bhris boinéad an bhroiméin mhéallaigh,
    do ghearr gúta an Chútaigh ghaothaigh
    's do chuir ruaig ar shluaite Shéarlais.
    Uch mo chreach gur gearradh a laethe!
    Tré Easbog Dhúin ní lugha mh'éagnach215 
    's tré uaisle Uladh na gcuradh laochda:
    Henrí Ruadh dár dhual tréine,
    is Mac Mheg Uidhir an chroidhe Ghaolaigh,
    Ó Catháin an coileán léimneach,
    is laoch na ruag, mac Tuathail Féilim.220 
    Beannacht leó, a gcóireamh ní fhéadaim,
    is ó táim cráite, fágtha, céasta,
    fiafraidhim díot arís, a thréin-Mhic,
    cár ghabh tárrngaire Phádraig Naomtha,
    rádh Bhearcháin nó Sheanáin shéimhghil, p.28225 
    Chiaráin Chluana do fuair géilleadh,
    Choluim Cille an oinigh aeraigh,
    rádh Chaillín nó Ultáin shaothraigh,
    nó Cholmáin Eala dár bheatha féar glas,
    is gach fáidh feasach dár labhair ar Éirinn?230 
    Uch ochón! mo bhrón géarghuirt!
    mo ghol, mo chaoi, mo dhíth céille!
    mo lom, mo ghleó, mo cheó, mo léana!
    monuar, mo mhilleadh, mo mhire, mo phéinbhruid!
    Trian a ngalair go follus ní léir dham235 
    acht na Gaoil dá sníomh 's da réabadh,
    dá gcur síos, dá gclaoi, 's dá ngéarghoin,
    le pláigh, le gorta, le cogadh dá léirsgrios.
    Cóir do Dhia ní hiad nár saoradh.
    Ní raibh a nglaca i nglacaibh a chéile.240 
    Ní raibh an tuath go fuaighte d'aontoil
    is ní raibh an chliar ariamh acht réabtha.
    Do bhí cuid líonta dhíobh do bhréagaibh,
    cuid nó dhó le pór na n-éirceach
    is dá chuid eile do Ghallaibh ag géilleadh.245 
    Cuid le cleasaibh ag mealladh na nGaol so,
    cuid ós árd i bpáirt na hÉireann
    is iad go bráth fá láimh dá tréigean.
    Cuid ag seasamh le Saxaibh don taobh 'muigh
    is iadsan leó fá thoin na méise.250 
    Biaidh mo mallacht ag fearadh ar an gcléir sin. p.29
    is ar gcuaine go Luan an tsléibhe,
    lucht gan dísle chroidhe dá chéile,
    lucht na bhfeall, na meang 's na n-éigceart,
    do thug náire do Chlár Éibhir255 
    's do chuir suas d'uaislibh Gaodhal,
    ar ar thuit cunntracht an Nuncio dhéidheanaigh,
    Eóin Baisde, ardeasbog Féarmo,
    aonfhear áite an Phápa i n-Éirinn,
    Ag so an chúis is cúis dom dhéaraibh260 
    ag so an cás do chráidh go léir me,
    do chuir folach ar sholas na gréine,
    do chuir buaire is gruaim ar spéiribh
    's do chuir an Eóraip fá cheó éclips.
    Mo mhallacht go deó le pór na bhfaolchon!265 
    Gidheadh fós, mo dhóigh níor thréigeas
    's ní bhiaidh mise gan misneach éigin.
    Is treise Dia ná fian an Bhéarla.
    Mairidh fós do phór Mhilésius
    an t-Aodh Buidhe se d'fhuigheall na nGaolfhear,270 
    an fear do thárrngair fáidh nach bréagach p.30
    chuirfeas Gallaibh i ndeireadh na péice.
    Mairidh an ruaidhfhear gruaidhgheal Féilim,
    is Colonel Fearghail, an gaisgidheach éachtach,
    is Aodh Ó Broin le dtuitfeadh céadta.275 
    Mairidh an chóip nach dóigh d'éinneach:
    Ruarcaigh, Raghallaigh is Branaigh le chéile,
    is Síol gConchubhair sturrumhail stéadmhar,
    Síol gCeallaigh nár fionnadh bheith tréithlag,
    Síol Mheig Carrthaigh nach dearnaidh clébheart,280 
    Dál gCais na ngníomh, Síol gCinnéide,
    sliocht Éireamhóin is mórshliocht Éibhir.
    Mairidh Leath Mogha fuair togha na héigse,
    is Leath Cuinn mhuair do bhuaidh céad cath,
    Ó Maoileachlainn, an preabaire laochda,285 
    is Ó Maolmhuaidh na ruathar n-éigneach,
    Mac Cochláin na gcaisléan nglégeal,
    Ó Cearbhaill trúpach ó Dhúithe Éile,
    Ó Súilleabháin ó chlár Bhéarra,
    Ó Mórdha, Ó Floinn is Ó Duinn an tSléibhe. p.31290 
    Do-dhéanaid an dáimh si go gearr aonchorp
    is do-bhéaraid lámh i láimh a chéile.
    Bualadh ar Ghallaibh i Saingeal do-bhéaraid,
    i Mullach Maistean ar Danaraibh réabfaid.
    Ní bhiaidh ceangal le Gallaibh ag éinneach,295 
    ní bhiaidh caidreamh le hAlbanaigh mhaola,
    ní bhiaidh marthain ar eachtrannaigh i n-Éirinn.
    Biaidh céad cómhrac i dtóin lucht Bhéarla
    is Chailbhin chleasaigh bhradaigh bhréagaigh.
    Biaidh gáir fá tholl i dtoll Luitéarus.300 
    Biaidh an buadh ag sluagh na nGaol so.
    Biaidh a n-uaisle i n-uachtar éirceach.
    Biaidh a gcreideamh gan mhilleadh gan éclips.
    Biaidh a n-eaglais ag teagasg an tréada,
    bráithre is easbuig, saguirt is cleir mhaith.305 
    Guidhimse Dia, más mian leis m'éisteacht,
    guidhim Íosa do-chí an mhéid se,
    is an Spiorad naomtha arís d'aontoil,
    Muire mháthair is Pádraig naomtha,
    Colum croidhe is Bríghid déidgheal, p.32310 
    go ndaingnighid sin Gaoil dá chéile
    is go dtigidh dhíobh an gníomh so 'dhéanamh:
    Gaill d'ionnarbadh is Banba 'shaoradh.
    An tráth do chríochnaigh an tsíbhean phéacach,
    mar adubhras ar dtúis san méid sin,315 
    ar mbualadh a bas go prap fá chéile,
    do-chuaidh sí suas do ruaig go néallaibh,
    is d'fhág sí mise ar an lic am aonar
    gan ghlór, gan tapadh, gan spreacadh, gan aonchor,
    sínte ar thuama ar uaigh na nGaol san.320 
    Aois an Tighearna i mbliana 'déarad:
    míle go leith, cúig deich is céad leis. 1
    Ag sin díbhse críoch mo sgéil se.
    Slán don mhaoi bhí araoir ar uaigh Uí Néill,
    le crádh croidhe ag caoine uaisle Gaol.325 
    Gidh d'fhág sí mo chlí go suaite tréith,
    moi ghrá í 's gach ní dá gcualaidh mé.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): An Síogaí Rómhánach

Editor: Cecile O'Rahilly

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by : Beatrix Färber

Funded by: University College, Cork and The HEA via the LDT Project and PRTLI 4

Edition statement

2. Second draft, revised and corrected.

Extent: 3340 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of the Department of History, University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2008

Date: 2020

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402570

Availability: Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching only.The electronic edition was published with the kind permission of the Dublin Institute for Advanced Studies who owns the copyright.

Notes statement

This text is taken from Five seventeenth-century political poems which can be purchased via http://www.celt.dias.ie/publications/cat/. 29 manuscripts in the RIA contain the poem; 25 of these have full versions. The poem occurs in MS M 86 and MS R 69 in Maynooth, in four MSS each in TCD, the NLI (Phillips Collection), and the BL. For the edition of this poem, eight MSS were used.

Source description

Manuscript sources

  1. Dublin, Royal Irish Academy, 23 K 36, scribe Muiris Mac Thaly, 1704.
  2. Maynooth, Russell Library, M 86, scribe Aodh Buidhe mac Cruitín, 1714.
  3. Dublin, Trinity College Library, H 4 19, scribe Aodh Ó Dálaigh, 1742–46. In this MS, the poem is attributed to Eoghan Ruadh mac an Bháird.
  4. Dublin, National Library, MS 32, formerly Cheltenham, Phillips 9774 , scribe Proinsias Ó Mulloone, 1747–56.
  5. Dublin, National Library, MS 296, formerly Cheltenham, Phillips 14163, scribe Donnchadh Ó Floinn, Ennis, 1763.
  6. Dublin, Royal Irish Academy, 23 I 20, scribe Tadhg mac Ceártheigh, 1771.
  7. Dublin, Royal Irish Academy, 23 B 38, scribe Seumas Ó Murchúghadh, 1778.
  8. London, British Library, MS Egerton 155, scribe Fearghal Ó Raghallaigh, 1790–96.

Editions/translations

  1. James Hardiman, Irish Minstrelsy, or, Bardic remains of Ireland, with English poetical translations (London 1831) vol. 2, 306–338. [The translation by Henry Grattan Curran is a free rendering. It is also printed in 'Specimens of the early native poetry of Ireland, in English metrical translations', ed. Henry R. Montgomery, new edition, Dublin 1893, 239–247 available on www.archive.org.]
  2. The Irish Vision at Rome, ed. by John T. Gilbert, A Contemporary History of Affairs in Ireland from 1641 to 1652, Volume 3, 190–196. Available on CELT.
  3. Douglas Hyde, Lia Fáil 4, 195–211.
  4. P. H. Pearse, Songs of the Irish Rebels: Being a Chapter from an Irish Anthology, The Irish Review (Dublin) 3/35 (Jan 1914) 576–581. Available on CELT.
  5. Cecile O'Rahilly (ed.), Five seventeenth-century political poems, Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies 1952 (reprinted 1977).

Secondary literature

  1. R. B. McDowell, 'The problem of religious dissent in Ireland, 1660–1740'. Bulletin, Irish Committee of Historical Sciences 40 (1945).
  2. Jane H. Ohlmeyer (ed.), Ireland from independence to occupation 1641–1660 (Cambridge: Cambridge University Press 1995).
  3. Joseph T. Leerssen, Mere Irish and Fíor-Ghael: studies in the idea of Irish nationality, its development and literary expression prior to the nineteenth century (Critical Conditions: Field Day Essays, Cork University Press 1996) 248f.
  4. Jane H. Ohlmeyer 'The civil wars in Ireland'. In: John Philipps Kenyon; Jane H. Ohlmeyer (eds.), The civil wars: a military history of England, Scotland, and Ireland 1638–1660 (Oxford: Oxford University Press 1998) 73–102.
  5. Micheál Ó Siochrú, Confederate Ireland 1642–1649: a constitutional and political analysis (Dublin: Four Courts Press 1998).
  6. Jane H. Ohlmeyer (ed.). Political thought in seventeenth-century Ireland: kingdom or colony. (Cambridge: Cambridge University Press in association with the Folger Institute, Washington, DC, 2000).
  7. Pádraig Lenihan, Confederate Catholics at War 1641–49, (Cork: Cork University Press 2001).
  8. Michelle O'Riordan, Irish Bardic Poetry and Rhetorical Reality (Cork 2007).

The edition used in the digital edition

O’Rahilly, Cecile, ed. (1952). Five seventeenth-century political poems‍. 1st ed. reprinted 1977. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@book{G402570,
  title 	 = {Five seventeenth-century political poems},
  editor 	 = {Cecile O'Rahilly},
  edition 	 = {1},
  note 	 = {ix + 181 pp},
  address 	 = {Dublin},
  date 	 = {1952},
  note 	 = {reprinted 1977},
  publisher 	 = {Dublin Institute for Advanced Studies}
}

 G402570.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

The present text represents pp. 17–32 of the volume. Editorial introduction, variant readings, notes and indexes have been omitted.

Editorial declarations

Correction: Text has been proof-read twice.

Normalization: The electronic text represents the edited text.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editor's hyphenation has been retained.

Segmentation: div0=the poem; stanzas are marked lg; and metrical lines l. Line-breaks are marked lb.

Interpretation: Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles. Foreign words are tagged.

Profile description

Creation: By an Irish bardic poet. Sometime between June 1650 and end of February 1653.

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)
  • Some words are in English. (en)

Keywords: bardic; poetry; 17c; vision; political

Revision description

(Most recent first)

  1. 2020-02-17: Additions made to bibliographic items in Header; file re-processed. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2020-01-14: References to English translation added, new wordcount made, file reparsed. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2011-01-15: Minor changes made to header; new wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2008-10-11: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  5. 2008-04-08: File proofed (2). Header completed; file parsed; SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  6. 2008-03-13: Provisional header constructed. (ed. Beatrix Färber)
  7. 2008-03-07: File proofed (1), structural markup applied. (ed. Beatrix Färber)
  8. 2008-03-07: Text keyed in. (data capture Beatrix Färber)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402570.xml

Search CELT

  1. After l. 321 some MSS have a line or lines added: o dfhuiling go craidhte an pháis nar dtaobhna / go maidin an laoi si crioch mo sgéilse (A): gus an uair do chuala an béith sin / o ttugas daoibhse críoch a sgéala (B): gus an lá air thárla an spéirbhean (G). 🢀

CELT

2 Carrigside, College Road, Cork

Top