CELT document G503002

Cóir Anmann

Witness list

  • H: Dublin, TCD H. 3. 18, folios 565a-595b
  • L: Dublin, RIA 23. P. 2. (Book of Lecan), pp. 441-7
  • B: Dublin, RIA 23. P. 12. (Book of Ballymote), folios 249a-255a
  • K: Seathrun Ceitin, Forus Feasa ar Eirinn (ed. William Haliday, 1811), p. 132

unknown

Edited by Whitley Stokes

 p.288

Cóir Anmann

Fitness of names

 565a

Mumu, canus rohainmnighidh?

Ni ansa. A nomine alicuius regis .i. ó ainm righ bái fuirri .i. Eochaid Mumo mac Niadh Feibhis eissidhe.

Eochaid Mumo cidh día tá?

Ni ansa. Eochaid Momó .i. ar ba mó a nert ⁊ a cumachta ina nert ⁊ cumachta cach duine a n-Éirinn bói a comhré fris. Is de sin ainmnighther Mumú.

Muma .i. mó a h-ana nás ana cach coigidh aili a n-Eirinn, ar is innti nó adhradh bandía in t-sónusa .i. Ana a h-ainm-sein, ⁊ is uaithi sidhe isberar Da Chigh Anann ós Luachair Degad.

Muimnigh iarsin .i. mó neich, ar ba mó cach nech díbh 'nás cach nech aile a n-Eirinn intan sín.

Enna Airgthech mac Echach Mumó .i. Enna Airgdidi; is dó doronta scéith airgdidi a n-Airget Ros. Doradad dó airechus Erenn.

Modgaeth Mór Olach indara mac Níadh Feibis. IS é roba mó daeithin dil robái ina aimsir, ar bá mían lais imforcraidh dighi doghres. Nó Modhgaeth Mór Óilech, ar bad mora a óile .i. a di leacain.

 p.290

Conmhael .i. con-mhál. Mál .i. rí .i. rí na con, ár rob é rígh ba conchaire, ⁊ is lía igá m-bídís coin bói a n-Eirinn intansin e.

Eochaid Faeburghlas .i. bád glasa géṙfaebracha a dhi t-sleig ⁊ a ghlaidis.

Nuada Deghlamh .i. Nuadha Deaghlamha(ch) .i. roba maith ⁊ roba láidir a dhí láimh.

Glas mac Nuadat Deghlaimh .i. robo ghlas a ainech ⁊ a ghne doghnath. Anbechtach a ainm a toissigh a aissi go tugad "Glas" fair.

Cas Clotbach mac Fir Ardda. Cloth .i. enech. Ar is é nech robo mó enech ⁊ bá fearr im cach ní do íarfadh nech fair.

Muineamon mac Cais Chlothaig, issé cétduine dochuir muinci óir fó bhraighdibh dáine ar tús a n-Érind.  565b .i. slabra óir eiside. Is de sin aderar Muineamon .i. muin múin .i. main for muinelaib. Maine Mór didiu robe a cétainm-sium go tucad Muineamon fair.

[F]ailderg Dóid .i. is leis dorighnedh failgi oir deirg artús im dóidibh a n-Eirinn, ar ba derg degmhaissech cach dóid ima m-bidis na failghi intan sin. Is aire isberthi Failderg Doid fris. Aedh Derg a ainm aile.

Roan Ri Oilech .i. rí rochuir aile  1 cloch a corthib, ⁊ is do ba h-ainm Aillech .i. ona h-ailltibh  2 cloch dochuirthea h-i coirthibh lais. Is de isberthi Aillech frís.

Rothechtaid Rotha mac Roain Rí Ailech is é cétna rothecht roth na cethri n-ech artús for cairpthibh, ⁊ is dó ba h-ainm Anroth án .i. fír, ⁊ is ó rothan na carpat aderar Anroth fris. Eochaid Urchain cétainm Rothai meic Roain ⁊ do-chóid  p.292 in farainm tar in ainm búnaid annsin tré gnáthúgud in foranma do rádh ris co minic.

Eochaid Urcháin .i. úr ⁊ cain (.i. alaind) e géin bái a [m]-biu.

Failbe Falchoirthech, issed cétna duine lér' togbadh coirthi cloch artús a n-Eirinn do sádha[d] a coicrich. Nó Failbe Ilchórach, ar imat chóra chaich fria linn.

Cass Cétchuimnech .i. Cass Cétcoimgneech .i. is é cétna rothinnscain coimgnedha ⁊ filidhecht a Temhraigh artús.

Eilim Ollfínsnechta .i. sneachta mór fína rofer ina ̇flaithis: is dé isberar Eilim Oll Fin Snechta fris. Nó Eilim Olétechtaide .i. ól étechtaidhe dogníth .i. mór a daithin leanna. Sudet qui legat.

Art Imlech (nó Art Iṅflig) .i. on Imlech Fir Aen Dairti a Cliu...  566a. Is ann robhai a dhunarus artus, conad de isberar Art Imlech dé.

Bres Rígh .i. bá righ ar ríghdacht é .i. roba ríghda a ghnim ⁊ a enech ⁊ a ̇flathius, ⁊ dobhris sé ilchatha for Fomhóire aga n-dichur a h-Éiriú.

Setna Indarraid mac Breis is é cétna dorat tuarustal (.i. indarrad) d'amhsaibh artús a n-Eirinn, conid aire sin isberar Sétna Indarraid fris.

Enna Derg mac Dúach Finn, .i. derg ainech robái, conid é rolil Enna Derg dé.

Lughaidh Láighde .i. a Corca Laigh[d]i ro h-oiledh é. Nó Lugaid Láighde .i. ar choscrad in láigh ⁊ ara bherbhadh adúbhradh Lugaid Láighde fris.

Lugaid Iardonn .i. dúbh donn robhói. Nam iarn .i. duibhe dicitur

 p.294

Rechtaid Ríghdherg .i. ríghderg robhói aigi. Nó Rechtaid Ríghdhercc .i. roba mhór, ⁊ bad righdai a dá deircc .i. a dí súil.

Adammair Flidais[e] Foltcaín .i. Flidhais in ríghan de Thúaith Dé Danann, is í bá ben d'Adamair mac Fir Cuirp, ⁊ is uaithi aderar Buar Flidhaisi, ⁊ is uaithi Adamair Flidhaisi Foltchain aga radh frissin righ.

Niadh Séghamain .i. is ségh a maín, ar is cúma nóblighthea bai ⁊ eillti fon aenchumai cach día ré linn, ar bá mór in main dó na neiche sin sech na righu aili. Ocús is sí in Flidhais sín máthair Níadh Ségamain maic Adamair, ⁊ do bhlightheá a flaith Niadh Ségamhain in búar sin .i. diabúlbhúar .i. bá ⁊ eillti do bhliaghan re linn Níad Ségamain, ⁊ issí a máthair túc in cúmhachta t-sidhamail sin dó. Is dó sin rocan in fili:

  1. Maith toissech mét amain med
    dorinne Niadh Ségamain sen,
    is dó robdar eillti ba,
    do Niadh Ségamain s[i]abra,
.i. siabhartha no sremach robói sé. Nó issé in t-áes sidhe ro timairgdís na h-eillti dia m-bleoghan ina ̇flaith.

Lughaidh Lúaighni .i. a Lúaighnibh Temhrech róhoiledh é, ⁊ issé cétna lé n-dernadh gai ⁊ cruan artús a n-Erinn é.

Coirpri Losc mac Luigdech Lúaigni. Is de bói Coirpri Losc fair. Feachtus dochóidh rí h-Erenn .i. Conghal Claringnech mac Rudraige, do ghabail ghiall Muman iar marbad Luigdech Luaigni do Congal. Cairbri mac Luigdech Luaigni bá rí Muman intan sin. Doferadh cath Chairn in Feínedha eturru fri Rossaigh Ruáigh aníar. Domheabaid in cath sin ar Mhuimnechaibh, ⁊ docuiredh a n-ár ann. Gonais Forthend  p.296 mac Cirb Coirbri isin chath gur'ba bacach géin bói a m-bethaidh, conid aire sín gairther Cairpri Losc de .i. Cairpri baccach.

Dúach Dal[l]ta Deagaid, cidh día tá? Ni ansa. Dá mac maithi bói ag Coirbri Losc .i. DúachDeagad a n-anmanna. Bói imchosnam mór etarru imon righí, ar ba h-ádhbur rí[g] Erenn cach mac dib ar dheilbh ⁊ ar gnim. Ní roibe a n-Erinn días budh chaime na búdh chuchtghlaine 'náid in dí mac sin Coirbri. Deagad mac Coírpri in soísiur, ⁊ bói ac dul tar Duach chum na righi. Rob olc tra la Dúach indí sin, ⁊ dochuir techta uadh arcend a bráthar a bhail a roibhe. Doluidh Degad iarsin co h-airm a m-bái Dúach. Dogabad Deagad annsin la Dúach, gur' bhen a rusca dé, gur roibhe dall. Conid [d]é sin gairthar Dúach Dallta Deagaid dé. Ocus issé cétdall Eirenn insin. Is dó sin rochét in fili:

  1. Dogabad Deagad na thaigh
    ic Dúach aga dhearbbrathair  567a
    ocus do dallad co dían
    in Deagad sin gér' dhrochíall.

Duach Dalta Degaid indara ní de .i. Deagad, mac sin do Érnaibh Muman, is é rus-ail Dúach. Is de rolil Dúach Daltá Deagaid dé.

Eochaid Uarches, cidh día tá? Ni ansa. Ceasa uara bádur aigi ina chobhlaighibh o ro innsaigh forsin n-Gréig, ⁊ is a corraibh a long roghabh cach ní rogabh for cach leth fon doman.

Eochaid Uarches .i. úar-ghaiech, nam cess gai dicitur, ar bói siumh dá bhliadain ar innarba for muir.

Eochaid Fer Fuirmhe mac Dúach .i. fer fora n-dernadh fuirmheth .i. a lagadh ⁊ a laighdiugud ⁊ a aimnertugud co mor. Issíat dorinne in fuírmedh sín faír .i. Clánd Degaid  p.298 mic t-Sin. O dorochair Dúach Dalta Degaid la h-Ulltaib ro fuirimsit ÉrnaClanna Deagaid for Eochaig mac Duach. Conad aire sin isbertí Eochaid Fear Fuirmi fris iarsin.

Muiredhach Muchna .i. a Muchna rohoiledh é, ⁊ is fría Muiredhach aderthái Líath Dairbhri .i. an oilén Dairbri for muir, ⁊ a rennaib órathach ⁊ a n-oilénaibh in mhara ro innarbsat Clanna Deagaid é, gur'bhó liath sean inntibh Muiredhach Muchna, ar robíad r[e]anna ⁊ imli Muman ferann Chlainne h-Ebir intan sin íarna innarba do Chlannaibh Deagaid inntibh.

Enna Munchaín .i. muinél caín (.i. alainn) aigi. Nam muin .i. muinel .i. muinél álainn lais .i. muinci oir nobhíth ima bhraigit, is de ba Muinchain eissium.

Deirgthine mac Enna Muncháin .i. nír'bo dírga grís ar cur a crithri di inná in daiged rúithnech rothaitnemhach 567b bái aigi. ⁊ is fris-side atberthi Corb Úlum .i. rolomadh a ó dia chinn, ar ni roibhe ó fora chiunn intan genair. Is aire sin tra ba Corb Olom é, ⁊ is friu-sidhe aderthí na Deirg .i. é feisin ⁊ a mhac .i. Derg mac Dergthine.

Mog Néid .i. Nét ainm an aide ron-alt, ⁊ ic frithailimh a oide nobhíth gu gnáthach intan ba h-og. Is de ba Mog Néit. Aengus a ainm bunaid, ⁊ ba gnathaighi in forainm do radh fris inná in t-ainm dílis, amal isrubairt in fili:

  1. Aenghus cétainm Mogha Néid
    a tús a betha[d] gin bréig,
    is Mog Néit a ainm iarsin
    gurus-marbh Goll gu n-gnimaibh.
.i. mac Morna.

 p.300

Eoghan mac Moga Néit, cethri h-anmanna ro thecht .i. Eogan MórEogan FidhfeccachEogan TaidhlechMog Nuadat, día n-debhairt in fili isin fursunduth:

  1. Cethre h-anmanna gan bhron
    dobhadar for Eogan Mór,
    Eogan Fidḣfeccach fíal gart,
    Eogan Táidhlech, Mog Nuadhat.

Eogan a ainm ó thuistigeine .i. éogenesis .i. gein maith ara .i. eu .i. bona, genesis uero genirati[o] Eogain. Eogan didiu bona geniratio a thaithmech.

IS de sin ata Eoghanacht do rádh friú tre thoradh na m-bennacht tucsat fir Eirenn fair ara ghart ⁊ ara ̇féile fríu ⁊ ara tesargain don nuna a rabhadur. Eoganacht desidhe .i. bona acht[io] .i. acht maith dó fir Eirenn do saerad ar ghorta.

 568a

Eoganacht .i. Eogan icht .i. icht Eoghain for feraibh Erenn. Nó Eogan-necht .i. necht Eogain .i. necht clann .i. clann Eogain na secht n-Éoghanachta.

IS dé sin tra rob ainm dó Eogan Mór .i. mór é ós chách ⁊ a chlann ⁊ a chinél ina dhiaidh.

Eogan Taidhlech do radh ris .i. fecht dochoidh Eogan Mór ind Esbain for ceilidhe. Issé ba rí Espain intan sin .i. Eber Mór mac Midhna. Fuair tra Eogan gradhugud mór ind Espain don toisc sin. Do bhói didiu ingen aire[g]dha ag in rígh a n-áentuma intan sín .i. Bera ingen Ébir a h-ainm. Ocus tuc sí gradh égmaisi d'Eogan sú dochuaid a n-Espain ara  p.302 urscélaibh. Tug tra Eogan in ingin íarsin, ⁊ rug sí clann t-sainemhail dó .i. mac amra .i. Oilill Olomm, ⁊ días ingen .i. ScoithniamCaimill a n-anmanna.

Dothigedh isin aimsír sin Ebir bradan builidh brecdhathach do t-Sruth na n-Dúl a Parrthus cacha bliadne go Sruth Tibir, ⁊ tigedh ó Thibhir go Sruth n-Ebir a n-Easpain. IS amhlaid do bói in bradan sin ⁊ tlacht olla fíraille co cinél cacha datha trít. Fofrith tra in bradan sin la h-Éber i n-aimsir sin Eóghain a n-Espain, ⁊ dobenadh in tlacht olla sin dé, ⁊ tucadh do ingin Ebir in olann sin. Doríghnedh tra laisin ingin brat taidhlech taithnemach d'Eogan don tlacht sin robhói forsin m-bradan. Ocus in brat sin is é ro bhói fá Eogan intan tainic a n-Erinn. Conn Cétchathach a righi n-Erinn intan sin. Robo tháidhlech taithnemach in deallradh bói for Eogan ón brat sín. Conid de sin rod-gíul Eoghan Taidhlech de.

Eogan Fidḣfeccach do rádh fris, [cid dia tá?]. Ni ansa. Badar tri dunaidh la h-EoganFideg ainm cach ae díbh. Bói trá Eogan ac cur ⁊ ac feccadh ⁊ ac figi ind fedha  568b la cách. Conid dé sin asberar Eogan Fid[̇f]egach de .i. ó ̇feccadh ind ̇fedha iga chur. Nó fighfecc .i. o ̇fighi ind ̇feda cétna.

Mogh Nuadat, cidh día tá? Ni ansa. Daire Barrach mac Catháir Mháir is é ros-ail Mogh Nuadat .i. Eogan mac Mogha Nét. Dorighnedh cumdach Dúin Aillinne fecht ann la Dáire m-Barrach mac Cathair. Robhói tra ráthmhoghaidh amra a n-Érinn intan sin .i. Núadha Sál̇fada mac Aengusa mic Fir Da Crích a crich Cuailgne, nert céit ann, sáith cóicait nomheleth. Tucad co Dáire m-Barrach in mogh sin do chumdach Dhuine Aillinne. INtan badar isin cluidh iga thochailt dorala íarsin cloch mhór dóibh isin cluidh ⁊ foṙfeimidh in mogh  p.304 a tógbáil. Dobhadar maccraidh in dunaidh ⁊ Eogan etarru ar in claidhe na rátha ig fechain in mogaidh ag locad in ̇fedhma. Do íarr in mogh for in maccraidh in chloch do chur assin chlaidh. Rus-eitigh in maccraidh inní sin acht Eogan a aenur. Dochuaidh tra Éogan isin cluidh ⁊ do íadh a dhí laimh iman cloich, ⁊ rus-tógaibh 'na aenur in chloch, ⁊ do chuir ar uillinn deiscertaigh in dúini. Conus fil ann o sin a leth.

IS ann asbert in drái frissin mogh: “Is saér do mogh aníu, a Núadha!” or in drai. Conid dé sin rolil Mog Nuadhat de, ⁊ is úaidh rohainmnighedh iarsan slicht sin.

Oilill Olomm, cidh 'ma n-apur fris? Ni ansa: ar ní roibhe croicinn na feóil for a chluáis íarna lomadh d'Aíne ingin Eogabhail a n-Druim Eoghamail. Ina chodlud dano robhói Oilill intán rus-lom an ingen a ó for a chinn, ar nír' ̇fág an ingen día chlúais for Oilill acht colum na cluaissi namá. Duíscis Oilill iarsin asa chodlud, ⁊ do airigh go mór a ó 'arna lomad dond ingin, ⁊ ba h-annsum lais. Isbert Oilill: “Is ger in póg sin, a ingen!” ar Oilill, “as lóm dȯfágais mó ó for mo chinn”. ISbert Aine  569a fri h-Oilill: “Do mharbhaisi mh'athairsi anocht, a Oilill!” or Aine .i. Eogabal Sídhach. “Ocus agsin mo chuit-si do dhighail mh'athar fort, a Oilill!” or Aíne, “⁊ bid ainm sloinnti duit co brath, Oilill Olom”, Cona[d]dé sin rolil Oilill Olomm dé.

Oilill Aulom .i. aula regis .i. ríghthech ind rígh .i. lom a aula .i. a righdúi .i. a rí[g]thech, ar ní roibhe fíal tairís ar a bheódacht .i. ní roibhe fál na cumdach timcholl a thighi ar a omhan la cách.

 p.306

Ailill cidh día tá? Ni ansa. Bá fergach Ailill fría h-Aíne ingin Eogamail don aithis tug aír, ⁊ bá tinn láis a lethchinn co mór iar lomadh a ó. Gabhais a t-sleigh coígrinn chuigi ⁊ saidhis triasan ingin gu talmain, gurus-bea in cóicedh rinn dí a cloich, gur'ba cam 3 dé. Bá geis don t-sleigh sin a beín a cloich. Trí geassa robadar for in sléig sin Oilella .i. ba geis dí a beín a cloich: geis aile dí a cur fo dét día dirghuth: geis aile di bén do mharbad lé. Rocoilled na geassa sin la h-Oilill intan sin, ar rochuir Oilill in rinn bói cam 4 for in sleigh sin Oilella fo dhét día dírghuth. Ind neim ⁊ in duabhais dobhói a rinn na sleighe nemhi do chuaidh a n-dét Oilella. Rob olc tra la h-Oilill indí sin ⁊ dorinne olc mór dó, ar ró chorb a anáil ⁊ ro dhubh a dhét, ⁊ do lom an ingen a ó for a chiunn. Tri h-aithisi Oilella sin gein bhói a m-bíu. IS aire sin adubhrad Ailill frís .i. aíl oll .i. is oll in ail fil forsin fer. Ailill Olom a ainm iar sin la cach. Mais mac Moga Nuadat a ainm gó sin. IS de sín trá robhoí in fiacail fidba (.i. neime) a cinn Oilella iarsin. Ind neim dobhói a rinn na sleighe dochúaidh a n-dét Oilella, ro dhubh in dét ⁊ do mhorg a anáil ó neimh dochuaidh ina dhét. Tainic olc na fiacal sin ré h-Oilill co mór íar sin, ar bá bailedhach é co minic o neim na fiaccal, 569b ⁊ ba dall e fó dheóidh.

Fíacha Muillethan cíd dia tá? Ni ansa. Munchaí ingen Dil mic úi Chreagga in druí, mathair sin mic Eogain. Bá torrach tra Munchai ó Eogan mac Oilella ré n-dul chum catha Muighi Mhucruma. Ind adhaigh ré tuismedh a toirrchísa, dochúaidh isin Siuír, ⁊ do t-suidh for cloich a m-bruach na h-abhann, ar adubairt a h-athair fría go m-béredh mac ⁊ da m-beredh sí a n-aidhchi sin é gu m-bá drúi dingbhala, ⁊ día m-beredh iarnamharach bad ríg é ⁊ bid righdha air dhá choígedh  p.308 Muman a chlann ⁊ a chínél día éis. Adubairt Monchai annsin: “Muna thí trem thaebh, ní tharga5 in conair choír”. Ba fír tra don ingin inní sin. Do bhói sí adh na h-oidhchi go maidin íarnamhairech forsin cloich ina suidhe. Rug an inghin mac íarsin a mucha na maidne, ⁊ rolethnaigh mullach a chind frisin cloich. Is de sin rodn-gíul Fiacha Muillethan dé.

Fiacha Fear Da Líach do rádh rís. Ni ansa. Liách .i. scel no doilig .i. bá doilig don mac bheg in dí sgél rohinnissed dó intán rógenair .i. romarbad th'athair aníu, a mic bhig, a cath Mhuighi Mucraime, ⁊ is marbh do mhathair dot bhreith. Is aire sin aderthaí Fíacha Fer Dhá Líach frís.

Oilill Flann BegOilill Flann Mór .i. nam flann ruádh dicitur .i. Oilill BecOilill Mór, is dé ro h-ainmnighedh in dí mac sin Fiachach Mhuillethain.

Nat FráichMac BroccMac Iáir, cidh día táit na h-anmanna sin fortha? Ni ansa. Nat Fraich .i. ag Áth Fraich rogenir, is de rohainmnighedh. Mac Brocc .i. a m-broicenaigh na  570a m-br[o]cc rogenir, is de rohainmniged. Mac Íair .i. íar cach n-déidhinach, ar is é mac is deidinchu rugaib inn in rigan é, is dé rohainmniged.

Crimthan Sréb .i. sríabha derga búi a timchill a mhuineóil intan geinir é. Nó Crimthan Srém .i. sreamach robhoí.

Aedh Flann Cathrach .i. nam flann ruadh dicitur ⁊ h-i cathair Duine h-Iascaigh for Siuir robhoí a arus. Nó dá ainm badur fair .i. AedhFlann

 p.310

Cú Cen Mháthair .i. ic cúi fá mháthair roboí intán coneibilt in mháthair. Cú Cen Máthair a ainm iarsin.

Coirpri Crom mac Crimthain Srem .i. a Cill Chromghlaisi a Muigh Feimin rohailedh é: is de rohainmniged.

Fedlimith Uillethan .i. Fedlimith Úi Líathain .i. a n-Uíbh Líathain rohailedh. Is aíre rohainmniged Fedlimid Uillethan dé. Nó Fédhlimid Olleathan .i. oll ⁊ lethan ro bhoí, is de rohainmniged.

Fearghus Scandal .i. scandal roferadh imme ind aidhchi genair é dús cia óadhibh nusn-alath.

Coirpri Cruithnechán .i. a Cruithnechaibh Alban rucad é ⁊ rohoiled. Moinġfinn ingen Feradhaigh Fenct, righ Alban máthair Choirpri Chruthnigh, is dé rohainmniged. Cairbri Cruithnechán de án .i. tormach sillaéibhe (.i. formoladh) tucadh fair do ̇faidiugud ind anma.

Cairbri Luachra .i. a Luachair Dheagad a arus ⁊ a aittrebh.

Conall Corcc, cidh día dá? Ni ansa. Fecht día m-boí in rí .i. Lugaid mac Oililla Flainn Big, inna thaigh a Femiun doluid banchaínti do thigh in rígh intán sin .i. Bolc Banbretnach a ainm sein .i. ban-chainti do Bhretnaibh issidhe. Dolád in benchainti ailgis forsind righ im feis lé  570b. Faemaís in rí inní sin, ⁊ luid a comlebaid na banchainti. Ba torrach in bhanchainti ón rí intan sin, ⁊ ruc mac dó .i. Conall mac Luigdech. Lair Derg ingen Mothaire mic Clithaire de Chorca Oiche a h-Úi[b] Fidh[g]intiTorna Eigis in fili remráiti, is síat rus-ail Corc mac Luigdech. Ocus is ón Láir sin aderar Corc mac Laíre frís. Bá síúr don Laír sin Feidlim ingen Mothaire, ban-aimit issidhe, ⁊ luidh sidhe do thigh in rígh i n-aidhchi rogenair  p.312 Corc. Tangadar aimididhi Mumhan gusin tech a n-aidhchi cétna rucad Conall. Ban-aimiti íat-sidhe nóbhíth aga imitecht ⁊ agá idhmilled mac m-beg. Ocus ba díbh sin Féidlim ingen Mothaire, inn amait. Ro h-ómhnaighedh co mór a m-bai astigh o'dchualadar na h-amaide aili isin dorus. Docuiredh in mac beg a fuin la cách fo bhel in choire bhoí isin tigh ⁊ for faesom Féidlimid na h-amaide. Rodhlighsit na h-amaide forcell di gin chumairci do ghabháil forra gibé maighin a coimhreígdís fri araile. Conad aire sin rȯfuráil Fedlim in amait in mac beg do chur fón coire día ̇folach for na h-amidibh. Rofoillsighedh tra dona h-amidibh in ní sin. Isbert amait díbh: “Cía choillfedh día fil astigh?” Asbert a sétchi: “a fuil a fuin fon coire”. Iársin bruinnith araile díbh bréo don teni forsin mac m-beg, gurus-loisc a eó ⁊ gurus-corcc. Is aire sín asberar Corcc friss.

Fiachu Fer Mara, cídh día tá? Ni ansa. Aengus Tuirmech dorighne in Fiacha sin réna ingin tré mheisci íar n-ól ̇fína co mór dó. Bá h-annsamh la h-Aenghus inní sin .i. á ingen feisin do breith mic dó. Is í comairlé dorighne intí Aenghus, in mac do chleth co maith ardaigh ná budh mac dó, ⁊ dorighnedh amlaid. Dolád in mac beg íarsin a náe aenseichedh for muir  571a co slonduth meic rí[g] laís .i. brat corcra co cúach oír ann. Fúaradur iascairidha rí[g] Alban íarsin é i Traigh Bhráena fona fiachaibh, conid [d]esin rodn-giúil Fiacha Fear Mara dé iarsín. Ocus roghabhsat a chlann righi n-ErennAlban día eís feisin .i. Etersgel Mór mac úi IaírConaire mac EtersceoilConaire mac Mogha Lámha cliamhain Cuinn, ⁊ rl.

Oilill Érann mac Fiachach Fir Mhara .i. Oilill Érna .i. a n-Érnaibh Muman rohoiled intí Oilill. Is dé sin rohainmniged Oilill Érann de.

 p.314

Caírbri Cromchenn .i. robhoí cruime mhór ina mhuinél co m-bith a smech fora bhruinne la cruime a chinn. Is dé rohainmniged Cairpri Crom[chenn] dé.

Lughaidh Alldathach .i. Lugaid Illdathach .i. datha imdha ticdís día gnúis in cach than.

Eochaid Ilchrothach .i. crotha ile tigdís ara chaime amal robhoí Lugaid Alldathach. Ocus is fría h-Eochaig Ilchrothach aderthaí Mogh Lama .i. ba dalta do rí[g] Laighen é, ⁊ ag tabairt uisci tar lamhaibh in rígh ⁊ aga frithailemh nobíth intan bá h-óg. Is dé rohainmniged Mogh Láma dé.

Conaire Caem mac Mogha Lama .i. ara chaimhe sech cach n-aen a comré [isberthe] frís. Cliamhain Chuinn Cétchathaigh eissidhe.

Coirbri MúscCoirpri BaschainCairpri Rígḣfoda, cidh día n-apar na Cairpri fríu ⁊ cach forthormach anma fil forra? Ni ansa. Día tardadh cath Chind Abrad etar Lugaid Mac ConEogan mac Oilella Óluimm, romharbsat na Cairpri Nemhedh mac Sraibhcinn rígh Erenn, fear a mathar feissin, etar a dí laim. Ar i toirithin Mic Con robhoí Nemedh ⁊ síat som i toirithin Éogain  571b mic Oilella. Conid [d]é sin aderar na Cairpri friu .i. corbaire .i. lucht coirpthi íad .i. na corbairidha. Is dé sin aderar na Cairpri fríu.

Coirpri Musc .i. mo a aisc (.i. miaisc) indaite a bhraithre aili, ar is é dochóidh co Duib[̇f]inn ingin Conaire, có[a] derfiaír dia n-derna Corc Duibhne fría.

 p.316

Coirpri Rigḣfoda .i. righ ̇foda bái aigi. Nó righ ̇foda .i. rigid h-i fod doríghne .i. fagbháil Eirenn dó ⁊ dul a n-Albain, conid uadh Dail Ríattai a n-Alpain íartain.

Cairpri Báschaín .i. bás caín fuaír, ar iss aire asberar Cairpri Báscaín frís, iss é aen dochúaidh bás fri h-adhart díbh é.

Oenghus ar Choirpri Musc. Eochaid ar Cairpri Riadai. Oilill ar Chairpre m-Baschaín. Is dé rochét in filí:

  1. Oengus ar Chairpre Musc m-binn,
    Eochu ar Chairpri Riadai ón rinn,
    gairgi 'sind ̇fairinn co n-áibh,
    Ailill ar Chairpre m-Baschain.

Corcc Duibhni .i. Corc Duibhinne, ar is fri Duibḣfinn ingin Conaire dorighne Cairpre Musc é, ⁊ ona mhathair rohainmniged é .i. Corc Duiḃfinne.

Daíre Sírchréchtach .i. ro crechtnaighthi co mór é isna cathaibh doberedh. Nó Daíre Sírdhrechtach .i. sírdhúanach, nam drécht dúan dicitur. Nó sírchrethach, creth .i. eigsi, ar a mhét do dán dogníthi dó is aíre sin aderthaí Daíre Sírchrethach de, nam creath eígsi dicitur.

Daire Fine6 dano .i. dúar ̇fine .i. fine dhúar fine focul, ar duár focul. Duaṙfine .i. fine bhís ag ordugud ̇focul. Nó Dair 572a-̇fine .i. fine Dhaíre mic Dheagath íat. Ocus ní dílsi do chlainn Dáire mic Deagad Daiṙfine do rádh ríu oldás do chlainn Daíre Doimthig, ar is Daiṙfine aile íat sein.

Daire Doimthech .i. domatech .i. robhoí daibhris ⁊ terci bhídh co mór fría lind.

Cóig meic Dhaíre Doimthigh .i. na cóig Lugdaig, cidh día táit na tuillti anmann-sa forra .i. Lugaid Láighe a  p.318 a quo Corca Láighe, Lugaid Cal, día taít Callraige, Lugaid Corc día taít Corcraidhe, Lugaid Corb dia táit Dáil Mhes Corb Laighen, Lugaid Cosc, día taít Cosgraidhe na n-Déisi.

IS aire tug DaíreLugaid” for cach mac dia maccaibh, ar robhoí h-i tairngaire dó go n-gebad mac día macaibh ríghi n-Erenn ⁊ bát “Lugaid” a ainm. IS ann isbert Daíre fria dhruí: “Cia mac dom maccaibh gebhus ríghi darm eís?” Isbert in druí: “Tiucfa lóegh co néimh órdai fair isin aenach”, or in drái, “⁊ in macc díbh ghebhus in laegh is é ghebis in righi dit éis”.

Doroich in lóegh iársin isin ae[n]ach ⁊ lodar fir Erenn ina dhiaidh ⁊ maccní Dháire, go rangadur Beinn Étair. Atnagar céo druídhechta etarru ⁊ fir Erenn. Lodar meicc Dhaíre a n-díaidh in láigh óthá sin co Daíl Mos Corb Laighin, ⁊ tárthis Lugaid Láighi in laegh, ⁊ coscrais Lugaid Cosc, conid [d]é rolil Lugaid Cosc é. Dogní Lugaid Láegḣfes a ímmaine .i. feis doib dhe, conad[d]e rodeat Lugaid Laigḣfes dé.

Teít Lugaid Orcde for cenn uisci ⁊ cilarn lais, conad[d]e raidhter Lugaid Orcc de 572b.

Cach ní no fuinte de no ithid Lugaid Laighi. Cach fuighell dochuiredh uáidh nóchaithedh Lugaid Corb, conid de rolil Corb de .i. coirbthi de.

Codlais Lugaid Cál, conid de roghabh ainmniugud.

Gnít sealga iarsin isin dithreibh. Ferais snechta mór dóibh, gur'bh'obair doibh a n-airm do chongbáil. Tét nech dibh d'iarraid thighi, ⁊ fogeibh tech n-amhra ⁊ tene mhór ann ⁊ linn ⁊ imat m-bídh ⁊ miassa airgdidi, ⁊ tolc finnruine. Fogabhait forais sentuinne moíre istigh, ⁊ etnech impi, ⁊ a curach fiacal fría  p.320 cenn anechtair, ⁊ senbriscai salcai móra impi. Isbert sí frisin macc .i. fri Lugaid Corb: “Cidh connaighi?” or sí. “Iarthuim 7 lepaidh”, for eissium. “Dia tís im chomhlepaid-si, for sí, rot-fíadh”. “Nathó”, or in macc. Luidh có a bhraithribh ⁊ isbert na fuáir tech. Luidh cách díbh a n-díaidh a chéli isin tech ⁊ rob edh in cetna uadhaibh. Luidh Lugaid Láighi fódheoidh. ISbert in chaillech in cétnai frís. “Oentudaid [fi]fet-sa frit”, or Lugaid. Luidh in chaillech isin tolc. ⁊ luidh Lugaid ina díh. INdar-lais bá grían ag turgbháil a mís Mhái soillsi a gnúisi. Fúan corcra corthorach, folt dath-alainn impi. Ba samhaltá fri lugbort cumra a boladh. Teít ina gnaís iarum. “Maith do thurus”, or sí. “Missi in flaithius, ⁊ gébhthar rige n-Erenn úait”.

Luidh Lugaid co[a] bhraithribh, ⁊ dobeir gusin tech lais íat, ⁊ fogabait nua bídh ⁊ sen leanna inn, ⁊ cuirn ina n-áenar ic dáil dóibh.

ISbert sí fri fer díbh: “Cidh dorala dhuit?” or sí. “Dorala laegh dam”, or sé, “⁊ don-úadhus m'oenur é”. “Bid Lugaid Laighé th'ainm cot chinél”, for sí.

Roíarfacht 573a didiu diaraile cidh dorala dó. “Orcc allaith”,forsé, “⁊ don-uadhus mh'oenur”. “Bid Lugaid Orccdhai th'ainm cot cinel”, or sí.

Rȯfíarfacht dano d'̇fir aile in cétna. “Ni tharla ní damh itir”, or sé, “acht codlud doronus.” “Is cáldai sin”, or sí, “bid Lughaidh Cál th'ainm dé sin.”

Rȯfiarfacht d'̇fir aile in cétna. “In ro laídhsit na ̇fir aili uadhaibh”, orsé, “issed rochaithius”. “Bid Lugaid Corb t'ainm”, ol sí, “ar is coirpthi an ro chaithis”. Is úadh Corbraidhe.

 p.322

Rȯfíarfacht d'̇fir aile béous an cétnai. “Atrulla lóeg allaid damh”, or sé. “Bidh Lugaid Loegh Fes” .i. loegh ̇fás, “th'ainm”, or sí.

Conid [d]é sin rolean na tuillti anmann dona Lughadhaibh.

“Foíedh nech úaibh lium-sa anocht”, or sí.

“Fífit-sa lat”, or Lugaid Láighi, “ar is damh rorath”.

Fuidhis Lugaid Láighe lé in aidchi sin fría si. Is and conacus dóibh, fúan corcra darsin mnái ⁊ dar Lugaid, ⁊ mong órbhuidhe fuirri, ⁊ is í bá caimiu do mhnáibh.

Cuich thú, a ingen?” ol síat.

“Missi baṅflaith h-Erenn”, or sí, “⁊ bám udmhall o dhinn do dhinn, ⁊ gébhthair ríghi n-Erenn úaitsi, a Lugaid Láighi”, or sí.

IS amhlaid robhadar meic Dhaíre arnabharach, for maigh réidh gin tech, ⁊ a coin a tuil a leanmhain día sleghaibh. Lodar iarum co h-áenach Taillten, ⁊ innisit a sgéla ⁊ a n-echtra d'feraibh Erenn intan sin. Sgailit fir Erenn iarsin assin aénach.

Aplaid Dáire iartain, ⁊ gabhais Cond Cétchathach ríghe n-Erenn, ⁊ gabhais Eogan Táidhlech righi Muman, ⁊ gabhais Lugaid Láighi 573b ríghdhamhnacht Muman, ⁊rl.

Mac Con, cidh día dá? Ni ansa. Cú ro bói ag Oilill Olomm .i. Eloir Derg a ainm, intan ro bói Mac Con ina náidhin i tigh Oilella. Ró étla iarum ara lamha[can] do saighi na con. Rothimairged in cú ina glotain in macc bec, ⁊ nís féta a theasargain arin coin gin techt dó día saige. Unde Mac Con dicitur.

Eochu Apthach .i. ara mét atbailedh fría linn .i. támh cach mís .i. dá thamh déc isin bliadain. Unde dicitur Eochu Apthach, conid do thámh atbath feissin.

 p.324

Eochu Edghudach .i. is dó dorontá imden[u]m ar étaighibh artús a n-Eirinn. Unde dicitur Eochu Étghudhach.

Eochu Fíadhmhuine .i. máine fedha .i. fíadhmíla noghnathaighedh do t-seilg.

Dartraíghi .i. Daire traighi .i. traigh [Dáiri.] Nam traigh .i. cland no cinél .i. cinél Daire Doimthich íat.

Connachta cidh día ta? Ni ansa. imarbhaigh dhruidhechta dorala iter dá dhrúi do Thuaith Dé Danann .i. Cithnellach drúi ⁊ Conn drái a n-anmanna. Dorat Conn sneachta mór a timchell Connacht, ⁊ combad[d]esin ro lean in t-ainm is Connachta in coigedh ó sin gusaníu .i. Cuinn-sneachta .i. sneachta Cuind drúidh.

Connachta .i. coin echta .i. écht con. Issíat romharbh AilbheMic Da Thó. Is dé rohainmniged Condachta díbh. Nó Condachta .i. Cunn achta .i. achta Cuinn .i. gnimrad Cuinn, ar issé dorígne tír chlaidhimh di ar eígin, ar is inann acht ⁊ gnim.

 574aConnachta .i. Cuinn iuchta .i. iuchta Cuinn .i. clann Chuinn. Nam icht clann nó cinel.

Coígedh Olnécmacht do rádh ríu. Ni ansa. Fleadh dotairged doibh-sium ⁊ do Chlannaibh Degaid i tigh Dommad druádh, co rangadar Connachta a toíssech ⁊ ní randsat ré Clainn Degaid in linn na in bíadh co maith, acht atibhsit a dá trían co mór. Co n-debhairt in draí intan sin: “Is écmachta in t-ól-so dogníthí”, or sé, .i. is éc[u]machta .i. is écumtha. Conid dé sin rolil Coígidh Ol-n-écmachta do choigedh Connacht ó sin ille.

h-Eremón macc Míled, is fris aderthaí Gede Ollghothach. Gede Ollgothach, cidh día tá? Ni ansa. Is é nech robu mó labhra robhoí a n-Erinn é, ⁊ ba binniudh a ghuth amal bid téta mennchrot fogur a ghotha. Ar robhái sídh ⁊  p.326 samhchaire ⁊ cáinchomhrádh ⁊ cairdine ag cach duine a n-Eirinn diarailiu ina ̇flaith, ⁊ isberait ba h-ollguth [la] cach duine ind Eirinn inda ̇flaith-sium. Is dé bá h-ollghothach-som.

h-Irél Fáidh .i. bá fáidh, ba feinnid, ⁊ roba rí Erenn íarsin, ⁊ iss eissidhe in Núadha Airgétlam bái do maccaibh Miled, ⁊ ní ̇fétamair cidh día tá.

Fiacha Labhrainne, ar robí cétna airisiu a ̇flatha tómaidhm Labhrainne fó thír, conid [d]é ainmnigther Fiacha Labhrainne dé íarsin.

Aengús Ólmuccaid .i. Aengus oll muca .i. roba mhór turcu in rígh. 7rl.

 574bOilill Ollchaín .i. bá h-oll ⁊ ba caín (.i. alainn) e. Nó Oilill Olchaín .i. ba cáin carthanach agin ól é sech cach. Núadha Finn Feimin a ainm a tossaigh a aíssi .i. a Finnmhagh Feimin rohoiled é. Is de rohainmniged.

Núadha Finn Fáil iarsin .i. fer finn é, ⁊ nothaidhledh co minic in Lía Fáil ic cluici fria ⁊ ag suirghi, ar ro thirchansat na fáidhe dó co m-bá rí Erenn é, conad aire sin aderthái Núadha Finn Fáil frís íarsin.

Aedhán Glás, cidh día n-apar?

Símón Brecc, cid dia tá? Ni ansa. Brecc-ainech robhoí .i. aiged bhrec lais on ardbhruth, conid [d]e sin rolil Símon Breac de.

Muiredhach Bolgrach

 p.328

Fiacha Tolgach, iss é cétna lé n-dernadh tolg prius.

Doach .i. Doaig Ladgra .i. lúath agrai .i. issé na tabrad dáil do neoch íar n-denum écóra gin agra fóchétoír.

Sirna Saeghlach .i. ar ̇fod a saeguil sech ̇firu na h-aimsire a m-bói .i. coiga for cét m-bliadan fod a saeguil. Is aire sin atberthe “Sírna Saeghlach” dé.

Eochu Buadhach. 575a

Ughaine Mór .i. robu mór é sech rigu na h-aimsire a m-bái. ⁊ roghabh sé righi iartháir Eórptha ó Mhuir n-Iucht anair co h-Erinn, ⁊ Eíre feissin.

Cessair Chruthach inghen rígh Frangc. Isí ba seitigh do Ugaine iarsin, ⁊ issí rug in chlann remraíti di Ugaine .i. XX. mac ⁊ tri h-ingena. Ughaine Mór é íarsin .i. ar mhét a thigernais ⁊ ara mhét feissin.

Cobthach Cael Bregh, cidh día tá? Ni ansa. Searg galair romhoir ro gabh é tré fúath ⁊ format fá sinnserbrathair .i. Laegaire Lorc mac Ugaine, is é bá rígh Erenn intan sin, ⁊ Cobhthach Cáel a righdhamhnacht Erenn. Rȯfoirmtigh Cobhthach fri Laeghaíre ara beith a ríghe ⁊ Cóbhthach 'na rídhamhna. Ró gabh galar mór intí Cóbhthach de sin a Muigh Bhregh, ⁊ dosearg co mór, co n-deachaid a ̇fuil ⁊ a ̇feóil dé, gur' bó cáel é íarsin serg mór a m-bái, conid aire sin dogarar Cobthach Cáel Breg dé.

Meilge Molbthach, cidh día n-apar?

IArunngléo Fáthach .i. bád fathemail glic gaesmar  p.330 é, ⁊ bád rígh Erenn eissein, ⁊ bád fathagdai in fer sin. Is de sin isberar Iarunngléo Fáthach friss.

Connla Cruaidhchealgach.

Oilill Cassfiaccluch.

 575b

Eochaid Altleathan.

Oengus Turbech .i. ba torbech (.i. nár) lais in mac doríghni fri ingin .i. Fíacha Fear Mára. Nó Aengus Turmech, ar ís chuígi tuirimtir sáerclanna síl h-Eirimóin meic Míled. Is aire sín [as]berar Aengús Turmech frís.

Enna Aignech .i. óg a enech .i. lán a einech, ar ní bíd gradh neich sech arailiu do innmhusaibh in domain aigi. Nó Énna Aignech .i. ágh nech .i. rob ághmar é sech ógu na h-aimsíre a m-bói.

Easamhain Eamna .i. a n-Eamhain Mhacha rohoiled é. Is dé isberar Easamain Eamhna fris.

Eochaid Fedlech, is ina remhis arricht fedil fría boin artus a n-Eirinn. Nó Eochaid fedhil-̇fích. Fích .i. ferann .i. a ferann co feidhil rusgabh. Nó Eochaid feidhil-uch .i. fada .i. feidhil .i. fada .i. uch co mór minic lais, ar ní dheachaid a thinnius asa chridhiu ó romharbhait a maccu lais a cath Droma Críadh, co fuair feín bás, cona[d] ar in fotha sin asberar Eochaid Feídhlech fris.

Eochaid Airem .i. Eochaid ar damh .i. is leis doradadh cuing for muinélaibh damh artús, ar is fria n-édnu na n-damh dobhíth a feidm gó sin. Nó Eochaid ar uámh, ar is leis rotochladh talamh artús do dhenum úamha innti.

 p.332

Trí Finneamhna .i. BreasNár 576aLothar, trí meic Eochach Feidlig. Is airi atberthí na Finneamhna fríu, ar is d'aentoirbirt ruc a bhen íat d'Eochaig, ar cidh dias nó tríar bertair a n-áen[̇f]echt is [e]amhan atberar fríu. Eamhan .i. amh-áen .i. amh fó dhiultadh, ni h-áen acht a dó nó a tri.

Lugaid Réo n-Derg .i. sriabh n-dearg .i. dá sreibh dhearga bátar tairis .i. cris fó braigit ⁊ cris dara mhedhon. A cheann fri Nár rodhíall, a bhruinne fri Bres, ó chris sís fri Lothar rodell.

Crimthan Nía Nár . Níadh .i. trén .i. tréṅfear Naíre .i. Nár thúathach a sídhibh, ben Chrimthain . Is sidhe rug Crimthan lé a n-echtra n-ordhairc a Dún Chrimthain a n-Édur.

Feradhach Fechtnach .i. ar ̇feachtnaighi a ̇flaithiusa for Eirinn, nam feachtnach .i. fírén .i. ar ̇fírinne a ̇flaitha adubhradh Feradhach Fechtnach fris, ar is a n-aimsir Fearadhaigh robói an Idh MhorainnMorann feissin. Issí an Idh sin Morainn nóghléedh fírinne do chách. Iss aire sin adubradh ind aghnomen fris.

Fiacha Finn[̇f]olaidh [.i. Fiacha na m-Bó] Finn, nam foladh bó dicitur .i. finna urmhór bhó Eirenn ina reimís.

Túathal Techtmar .i. ar imat a sealbha. Nó ar thechtadh cach maithiusa fría reimhis a n-Érinn asberar Techtmar dé. Nó ar theachtadh cháich co coitchinn dósom, ar nír' ̇fagaibh-sium in fóich fóghlas  8 a n-Erinn gin rechtghi flatha .

 p.334

Fedlimid Rechtaidh .i. bretha rechta dȯfoghnaidís  576b dó, uar talio bo aige .i. similis uindcan9 .i. inneachadh cosmhail dogníthí laís .i. suil h-í suíl ⁊ cos h-i cois ⁊ lámh i l-laimh, et cetera síc .i. ara mhét dȯfoghnaidis bretha rechta dó is aire isberthí Fédhlimid Rechtaid rís.

Conn Cétchathach, cidh día n-apar? Ni ansa. Cét cath robhris for Mumhain ⁊ cét cath for Ulltu ⁊ .lx. for Laighnibh, dia n-debairt in fili:

  1. Cét cath[a] for Mumain moír
    robhris Conn Cétchathach coír,
    cét cath for Ulltaibh gren[n]ghail,
    sesca cath for Laíghnechaibh.

Art Aeṅfer, cidh dia n-apar? Ni ansa. Ar ní bhoí mac fódheóidh oc Cunn acht esseam 'na aenur, ar dorochradar ConnlaCrinna, da mhac aili Chuinn, lé h-Eochaig Finn ⁊ la Fíacha Súigh[d]i, día n-debairt in fili isin fursunnuth:

  1. Da bhráthair Chuinn gin chor dé,
    Eochaid Finn, Fíacha Suigh[d]i
    ro mharbhsat Connla is Crinna
    da mac Cuinn, dá chaemhgilla.
  2. Eochaid Finn ba fúath lé h-Art
    a h-aithle mharbhtha a dá mac,
    Art Aenur in t-ainm rus-gabh
    tareís bhaís a dhá brathar.
Nó dano is é aenmac toghaidhe bái oc Cunn Art, ar dorochair Crinna la h-Eochaig ⁊ la Fiachaig Suighde. Ocus doluidh  p.336 Connla for eachtra lé mhnaí sidhe co Sidh m-Boadhaigh, amal innister a n-Eachtra Cunlai feissin, día n-débhair[t] in fili:
  1. Do bhás Crinna la h-Eochaig,
    d'eachtra Connla madheochaid ,
    doluidh in graidḣfer dar lear,
    dé doráidhedh Art Aeṅfer.

Cormac Ul̇fada .i. ulchai ̇fadai laís. Nó ullt ̇foddai .i. is é rodláidh 577a Ulltu h-i fod .i. a n-innarba dar muir fri ré .uí. m-bliadan n-déc. Nó Cormac Cúl̇foda .i. cúl foddai fair, amal robhadar a seind rémráiti roime.

Coirpri Lifechair .i. ara mhét rochar Liphe, nó i l-Liphe a mathair .i. Eithne ingen Chatháir Móir . Nó Coirpri Lifechair .i. i l-Liphe Laighin ro h-oiled é. Is de sin adubhrad Coirpri Lifechair friss. Is dé isbeir in fili:

  1. Tri maic do chloinn gin dul
    ac Coirpri dochar Life,
    Fiacha Sroibtinenosrainfe na sén,
    Eochaid is Eochaid Domlén.

Fiacha Sroibtine .i. sráib tenedh tucad inna longaib intan bói for muir isin doman tair. Nó a n-Dún t-Sraibtine i Connachtaibh ronalt. Nó dono frossa tenedh tigdís ina ré. Nó Fiacha Roibtine .i. garg é. Fiacha Roibtine didiu .i. Fiacha garg. Nó Fíacha Sraibtine .i. sráb tinedh nomhoidís asna saighdibh dergaibh badar acú dia rus loiscit in dun isin domhan táir. No

  1. Sraftine (.i. cathbarr) bá ditin neich
    do bói ag Midhir ima dhreich,
    is úadh t-sloinnter in rí dhe
    dárbh' ainm Fíacha Sraiftine.

 p.338

Muirethach Tírech mac Fiacha Sraiftine, is é bá tuairgnidh catha friá laim a athar a[g] gabáil tíre ar éigin dó. Is de bá tírthech eissem.

Eochaid Muighmedhon .i. medhon mogad lais .i. Eochaid Moghmedon a cheann ⁊ a bhruinne frissin rí[g] rodell, a mhedhon frisin mogh .i. fría Mingadhach . Cosa oigtigern (.i. echtigern) lais. Nó muin medon .i. muinél remur laís. .i. bá remur medón a mhuineóil. Nam muin .i. muinél nó braighi dicitur. 577b

Níall Nóighiallach .i. nói n-géill roghabh .i. a coíg a h-Erinn ⁊ a cethair a h-Albain. Is dé sin isbert in fíli:

  1. Mac Echech, ard n-ordan,
    Níall nár in cach ardbhladh,
    gabhais righe reimenn
    Erenn ocus Alban.
  2. Ethais giall cach coigid
    fó thír n-Erenn n-ardda,
    tuc fri reír gin terba
    cethri geill a h-Alba.
  3. Go m-bad e bói dó-sain
    i tóraib fian fiathach (nó frithach),
    fria h-or (nó riad) na rígh ráthach
    Níall Nóigíallach níathach (nó níthach).
Luidh dano Níall do saigid ríghi co Letha ⁊ co h-Etail, conid aire asrubhrad Nóighiallach de .i. coic geill h-Erenn ⁊ giall Alban ⁊ giall Saxan ⁊ giall Bretan ⁊ giall Franc etc. Lebur Glinne Da Locha in bec sin.

Nía Nái n-Graínde .i. nái tulcha filit a Corca Trí, ⁊ Grainne ainm cach tulcha dibh, ⁊ co m-bad úaidhibh sin ro h-ainmnighthá som .i. Nía Nói Grainne, etc.

 p.340

Domhnall Ilchelggach.

Aedh Uaridhnach .i. uara idna tigdís dó gur tidhnaicfed in doman día m-beth fó mhámus [dó]. Nó Aedh Fúaridhnach .i. fúar a idhna .i. a ghai, ar sluaighedh geimrid nognáthaighedh. Nó dano uara tigdís dó ina chodlud, conid edh isberid [Fín] coirm crech cruit.

Aedh Ollán .i. oll lán in mhara .i. lán rabarta ann intan rugadh. Nó Aedh Allán .i. Alltan ainm  578a na h-aíti inar' h-oiled é. Nó Aedh Allán .i. Aedh Ildán .i. ildána dogníthi dó. Is dé isberar ind agnómen.

Aedh Oirdnide .i. Aed Dorndine .i. a dhornn do dhenedh iárna bhéin dá chighib [a máthar], conid de sin isberar Aédh Dorndine friss.

Níall Frasach .i. tri frassa roferadh la gein .i. frais airgit for Othain Móir, ⁊ frais chruithnechta for Othain m-Bigfrais [̇f]ola for Gleann Laighen. Inde dicitur Niall Frassach.

Niall Caille, cid día n-apur friss? Ni ansa. Laa didiu taínic Níall Caille márcsluágh mór d'innsaighi na h-abhann dianad ainm Caille. Bái tuile mór isin abhainn intan sin. Luidh tra gilla óg de mhuinntir in rí rempu d'̇fis na h-abhann ⁊ dobháidh ind abhann é fóchétoir. Doráidh in rígh fri cách dul d'foirithin in ghilla, ⁊ ní fuaír ó neoch. Dochuaidh in rígh feisin dá ̇foiritin ⁊ sé fora each. Mar dobhen cossa cinn ind eich risin m-brúach róbhrisit in brúach ⁊ rug ind abhann in rígh lé ⁊ dobháidh é. ISsed sin tra dorairngiredh  p.342 dó a bhadadh i Cailli. Unde Niall Cailli dicitur. Unde quidam cecinit:

  1. Mallacht fort, a Caille chrúaidh,
    a sruaim amail cheó tar sleibh,
    dorimart [lia] de cach leith
    for dreich níathaigh niamghlain Néill.

Conall Err (.i. laech) Bregh .i. gaisgedhach Breg. Nó Conall Err (.i. deredh) Brec .i. eiti brec baí 'na mhatal intan bá h-óg , conid [d]e rolean ind aghnomen. 578b

Conall Cremthainne .i. a Cremhtainne la h-Airghialla rotnalt. Nó dano dá ainm badar fair .i. ConallCrimhthan. Is de rolil in t-ainm fair.

Conall Guthbhinn, ideo dicitur Guthbinn quia optimus cantator (.i. cantairi) fuit. Cleiricus et sacerdos (.i. sacart) Chluana h-Iraird fuit.

Conall Grant .i. Conall líath, ar itberar grant go gnáthach fri cach liath. Ut dicitur crontsaile [.i. grantseli] .i. saile líath nó glas.

Cearnnach Sotal .i. ara uallchai ⁊ ar mhét a mheanman lais atberthí Sotal fris.

Feargus Cerrbhel .i. [cirre .i.] caime bái ina bhél. Nó Fergus Gerrbhél .i. girra robhói ina bhél. Is de rolean in senainm de.

Fínachta Fleadhach .i. ar imat turgnum fleadh ina reimis, ⁊ bat fledach fuirigech feissin.

Aed Sláini, cidh día n-apar? Ni ansa. Ben ghnóiech robhoí ag Diarmaid mac Cerbhaill .i. Mughain inghen Concraidh meic Dhuach a h-Airgetros. Roba imrit tra in Mhugain sin, ⁊ ní ruc clann don rí. Roboí Diarmaid ag tréigin na righna de sin.

 p.344

Dochuaidh in righan iarsin co Finnén Mhuighi Bile ⁊ co h-espoc Aedha mac Bricc, ⁊ accáinis friú a beith aimrit. Ro bhennachsat na cleírigh uisci di conus-ibh digh ass, ⁊ bá torrach sidhe. Issed ruc don toirrchis sin .i. uán finn. “Am mairg-si de seo”, ar Mugain “.i. ceithir do choimpert”. “Ní h-edh bhías ann,” or Finnen, “acht bidh coisergud dod broinn indí sin .i. innsamhail an Uain nemhlochtaigh rohedbrad tarcenn in chiniudha dáenna.” Robhennach in cleirech uisci aile dí ⁊ ba torrach sidhe 579a dé sin. Issed rochoimpir, bradán airgdidhe co n-eithribh órdha. “Am mairg-si de seo”,ar Mugain, “⁊ is mis-di damh a n-dénait na cleírigh frium, ar bid airdhairc ic feraibh Erenn in sgél sa”. “Ni h-edh bhías ann”, or in cleirech, “acht béra-su mac de, ⁊ bérat-sa in bradán lium, ⁊ dogéntar fethla lium de, ⁊ berair-siu mac díachinn ⁊ forberait a bhr[á]ithriu, ⁊ bidh lía rí uadh for Erinn innás óna macaibh aile.” “Maith lium”, or Mugain, “acht gura chomhaillter”. “Comhaillfither”, or in cleirech. Dogní Finnén ⁊ espoc Aedha bennachadh na ríghna ⁊ bennachadh in t-síl rogheinfedh uaithi, ⁊ atnaig uisci don ríghain ⁊ ibidh digh ás, ⁊ fothraigis inn, ⁊ ro toirrchid in ríghan de sin, ⁊ beridh mac, ⁊ dobreth ainm dó .i. Áedh, ⁊ dob eissein Áedh Slaíne .i. roslánaigedh é ó na nethibh mínádúra rug an righan reime. Conid [d]esin asberar Áedh Slaine fris.

Maith tra in mac rucad ann íarsin .i. Áedh Slaine, ⁊ roba mhaith a chlann ⁊ a chinél déa eís .i. fir Bhregh.

ISberait foirenn aile co m-bad forsan abhainn díanad ainm Sláine rugadh Aed, conid [d]e rohainmniged Aedh Sláne. Nó coma[d] ó Aedh Slaine feisin isberar Slaine frissin abhainn dianadh ainm Slani asberar Slaine fria.

Diarmaid Ruanaidh .i. Díarmaid derg, ar ruán lus  p.346 lus dobeir cucht fair super faciem co m-bi derg de, ut est Ruanaidh dicitur. Nó Rúanaidh didiu .i. rȯféinnidh, ar bid laechdha-sium intan robói. Diarmaid Rúanaidh dano .i. íarsandí intan ro innarbsat maic Aedha Slaine Mo Chuta a Rathain, dobhadar ag iarraid 579b Diarmada léo. “Ní rach”, or Diarmaid, “ar ní dhingen ní bhús olc lé Mu Chuda.” Is ann isbertsat a braithri fri Dia[r]maid “Is ruanaidh (.i. is rí[g]da) sin, a Dhiarmaid”, or síat. Conid [d]e sin asberar Diarmait Ruanaid ris iarsin slicht sin.

Colmán Rimhidh, is aíre isberar, ar nóairmedh sé fó a cosaibh in lín ech nóbíth a n-aenach Taillten. Ar ní raibhe a n-Érinn ina aimsir nech doghéneth in rimh amail dogníth. Dá derbbrathair tra Aedh SlaineColman Rimid. Cethrí bliadhna dóibh male a r-ríge n-Érinn.

Duach Galach .i. gal ⁊ uch lais .i. fó ghal ⁊ fó uch doberdís maic aili Bhriaín maic Echach Muigmedoin é intan bói ná mac óg.

Enna Emalach mac Briaín, ⁊ Conall Oirinsi. Is Sen mac Briain. Occus Ercc Derg mac Bríain. Cidh día táit na forthórmaighi sin forro?

Dúach Tenga Umha .i. ar bhinne a ghotha itberthí Tenga Umha fris .i. indar lé cách bá tenga umhai nóbhíth ina chiunn, ar ní bo binne fogur tét h-i crot iná fogur a irlabra la cách.

Dearbbhráthair do Dhúach Eochaid Tirmcharna. Is aire ba h-ainm dó Eochaid Tirmcharna. Intan robhói Eochaid ar indarba o Dúach Tenga Umhai ní ithedh saill acht carna tirim ⁊ ní contibh linn no midh.

 p.348

No Eochaid muin fethan .i. robói cercuil imma medhon amail cnis  12 ̇fir chollnaigh reimhithir medón ind ̇fir. 580a Is de rohainmniged Eochaid muin methán de .i. methain nobhídis timcholl a mhedhóin ara mhéd.

Eochaid Domlén .i. damhlén .i. [rodam] ar lén gin ní d'innsaigi d'Eirinn, ar nir'leíg Fíacha Sraiftine dó aen chuid d'Eirinn do ghabáil dó, ar ba siniu in Fiacha inná in t-Eochaid, ⁊ bat rídhamhna Eirenn Eochaid geín bói a m-biu. Is de sin adubairt in fili:

  1. Eochaid rodhamh lén ré linn
    gin ní d'innsaighi d'Eirinn:
    athair na tri Colla cián,
    or'chinsit airecht Airghíall.

Eochaid Domplén .i. domus (.i. tech) plena (.i. do giallaibh) .i. tech lán do ghiallaibh aigi. Is de rohainmniged Eochaid Domplén de.

Na tri Colla cidh día táit? Ni ansa .i. [na] colaigh, ar bá col mór dóibh derbbráthair a n-athar do mharbad .i. Fíacha Sraftine. Coll ní in uétustís librís dicitur .i. ní coll ní is coír do rádha go fada sed corrupti, acht co gerr is coír a n-ainm do rádh .i. na Collai.

Colla Uais .i. Cairill .i. ara úaisle, ar is é roghabh righe n-Erenn sech na Collaibh aili. Nó Collai Os .i. os é ara luaithi. Nó issí os bansegainn ron-alt. Nó oss-sédguine é ois allta nót geóghnadh , nam sed (.i. os) .i. agh allaid dicitur.

Colla Menn [.i. Aed] .i. Mennait Cruithnech ron-alt .  p.350 Nó dano is guide bói ann. God .i. mend is de rohainmniged Colla Mend de.

 580b

Colla Fó Chrí [.i. Muiredach] .i. Chrínenn cerd dorighnedh lé h-Eochaig n-Domléne fría h-Ailigh inghin rígh Alban. Nó dano fó chrí .i. fó chriaidh .i. cré doberedh ben na cerda ime día díamhlugud . Nó Colla Oichre .i. Oichre ainm na h-aíti inron-alt. Nó Connla Forcraidh, ar líter fair ben Chrínraidh cheird ó Sláine ut est a Rathann. s. q. l.

Conaing Beġfiacclabeg-egla .i. ní thaínic uair n-omhain nó egla dó ríamh, ar bá níadh in cach irghail é, día n-debairt in fili ig a derbad:

  1. Conaing mac Conghail, cleath ghlan ,
    rígh nár' omhnaigh nech riamh ,
    fiche rochaith for cach leth
    nogur' mharbh Art mac Luighdhech.

Aerghialla .i. daérghialla .i. Cinél [n]-Eóghain meic Néill ruscuir fo daérchís iát ó chath Beithichaim amach. Nó Aerghialla .i. sáerghialla, ar bat sáer iát sech cach áen aile, uair ní dhligh rí Temhra agrai no cengal [forru na] for a n-giallaibh-seom sech cach n-giall aile a n-Erinn, dí andebairt in fili:

  1. Nói n-ġeill do rí[g] Fódla ar fecht
    do dheoín rí[g] Airghíall aeṅfecht,
    i l-laímh rí Temhra na tor
    gin agrai ocus gin cheanghol.

Airghialla tra .i. ar ghialla .i. ar ghiallaibh dóibh ó rígh Temhra ⁊ géill uatha som do rí[gh] Teamhra. Is de sin isrubhairt in fili:  p.352

  1. Géill ar ghiallaibh do rí Airghiall
    ó rí Teamhra tre nert níadh,
    ara n-uaislecht, ara mordhacht,
    ara crodhacht a[c] cur ghlíadh.

Fiacha Foltsnáithech .i. samaltá fri snáth ordhai in folt leabar 581a lanalainn bói fair, ar bad fada fathmunncháel a ̇folt. Conid [d]e sin rolil Fiacha FoltsnáithechFoltleabar fair.

Dathí .i. Feradhach mac Fiachrach a cétainm. Ocus intán roghabh ríghi n-Erinn dochóidh isin doman sair do ghabaíl righe, ⁊ doghabh sé righi iarthair na h-Eórpa go h-Elpa.

Robhoí tra fear fírén a n-ucht t-Sleibhe h-Elpa intansin .i. Fer Ménia a ainm. Boi tor daingin díthoghail ag Fer Ménía. Roghabh tra Feradhach mac Fiáchrach cona sluagh ag toghail a thuir for Fer Ménia, ⁊ nír' ̇fétsat ní dó. Toingis in righ nách fuícfed in tor nogo n-[g]abad é. Roghabhsat na slóigh co díchra ag toghail in tuir ⁊ ag díubhrugud in cháich bói annsa tor. Cácha n-diubraigdís na slóigh úathaibh frisin tor, eter chlochu ⁊ armu, is beg ní rosoichedh lár díbh sech in rígh gan ghabail ina lamhaibh ⁊ in righ feissin aridhisi iga fodhail do chach, conidh ed isberdís cách fris: “Is daithi in ghabaltaighi dogní in rígh forsna h-armu.” “Fír, tra”, or in drái, “bid [D]athí a ainm on mhudh sin.” Conid [d]e sin rolil Dathi de ósin alle. Fuair tra in rí bás annsin tréna úabur ⁊ tréna indliged frisin fer feidhil. Ar taínig saighnen tenedh do nim chuigi ann sin, gurus marbh ⁊ gurus loisc in rígh ann. Amal asrubhairt in fili:

  1. Nír'ghabh ré thoisc áel naeim[̇f]ir
    gur' loisc caér thenedh Dáthí.

Oilill Molt .i. mián féola muilt bói fora mháthair .i. for Eithne inghin Conrach. 581b Ocus Fíal inghen Echach, sétigh in rígh, dorad in leasainm fair iarsin. Nó Ailill  p.354 Molt .i. Ailill mó a ̇folt, ar bá mó in folt bái fair inná fora bhraithribh aili.

Oilill Inbhanna .i. bá cosmhail fri deilbh mhná a dhealbh som .i. gin ulchai robhói geín bái a m-bíu.

Tuatha Dea (.i. Donann) .i. dée in t-áes dána ⁊ andeé in t-áes trebhtha; amail asrubhairt .cc. for Taín Bó Cúailnge, día m-bái a toirrsi ⁊ a n-ítaidh mhóir déis Lóich meic Mofeidbis do mharbad. INtan bói Cú Chulainn isin comrag sin Lóich, taínic chuigi In Mhórríghan inghen Ernmhais a richt anaichnidh a sidhibh do bhasgadh Con Culainn isin comhrag. Tug Cú Chulainn root n-urchuir don Mhórrighain gura bhris a lethrosc. Taínic sí aridhisi a richt t-seantainne d'innsaighi Chon Culainn, ⁊ dobhí sí ag bleghan bó tri sine ina ̇fiadhnaisi. IS ime tra táinic sí arbíthin a foírithnech do Choin Culainn, daigh ní ghonadh Cú Chulainn nech araterná[d] co m-beth cuid dó fein ina leighis. Conaitecht Cú Chulainn in bleóghan fuirri iarna dhéchradh d'ítaidh. Dobreth sí blegan sine dó. “Rob slán an neim damh-sa só!” ar Cú Chulainn. Bá slán didiu lethrosc na ríghna annsin. Ar Cú Chulainn robhris a lethrosc roime sin. Conaitecht som bleoghan sine aile fuirri. Dobert sí dó. “An neimh rob slán intí doridhnacht”, or Cú Chulainn. Conatach som in tres n-digh ⁊ dobert bleghan sine dó. “Bennacht dée ⁊ anndée fort, a inghen”, or Cú Culainn. Batar é a n-dée in t-aés cumhachta 582a ⁊ a n-andée in t-aes trebaire, ⁊ bá slán in righan iarsin.

Dagda .i. dagh dé .i. día soinemhail ag na geintíbh é, ar do adhradháis Tuatha Dé Danann dó, ar bá día talmhan dóibh é ar mhét a chumachta.

Eochaid Ollathair .i. uilliu é inna a athair. N[ó] ollathair .i. athair oll do Thuathaibh Dé Danann é.

 p.356

Ruadh Rȯfesa .i. is aigi robhoí óighi ind ̇fessa g[e]inntlidhe, ⁊ is aigi bádar na tréidhe ildealbhaidhe.

Eochaid Bres .i. Eochaid cruthach, ar cach ní caem ⁊ cach ní cruthach atcíther ind Erinn is co Bres samhlaither .i. Breas mac Ealadhan meic Dhelbaith is fris atberar, ⁊ Eochaid ainm aile dó.

Núadha Airgetlámh, cidh día tá? Ni ansa. A lamh dheas doben Sreng mac Senghainn de a comracc a cath Muighi Turedh Cunga, intan tangadar Túatha Dé Danann a n-Eirinn. Dochuiridar leagha Thúaithe Dé Danann lámh airgit co lánlúth cacha laimhe for Núadhait. Is aire sin tráth aderthi Núadha Airgétlámh friss iarsin.

Tuirenn Beggreann .i. grenn beg bhói fair .i. ba beg a ulcha. Dealbháeth ainm aile dó, ⁊ is do Thuirinn bá clánd in chlann remhraíti .i. clann Tuirinn .i. BríanEochaidIucharbha.

Manannán mac Lir .i. Oirbsin a ainm 13 .i. cendaighi amhra robí 582b a n-Inis Manann .i. issé lúamhaire is dech robhí for muir a n-iarthar domain. Rofinnadh triana engnacht  14 .i. tría dheicsin ghné índ neime .i. ind aeoir, ind airet nóbhith in t-soininn nó in doininn, ⁊ intan conclaechlobadh cechtarde araile, ⁊ is aire sin rothoimnetar Bretnaigh ⁊ fir Erenn eissiumh gur' bhá dée in mhara é ⁊ Mac Lir aderthi fris .i. mac in mhara. Manannan dano do rádh ris a Manainn.

Dían Cecht .i. ainm suithe leigís Eirenn, dían na cumachta, nam cecht cumhachta dicitur, unde Néidhe mac Adhnai dixit: Cechtsam derca áthsgeanmaim ailcne .i. cumhachtaigsium ailcni .i. sceillec romhebaid don ailig condombí  p.358 fri[a] súil-seom. Coni cáecsom .i. imrubhairt a chumhachta. Non est ut imperiti dicunt Cechtsum .i. cáechsum. Nó dian (.i. deus) caech (.i. sui). Ut est deus salúitis.

Maccecht .i. mac dorighne écht n-annsom .i. domharbh sé a dhearbhbhrathair feisin a comhracc .i. Tinne mac Connrach. Rí Connacht tra Tinne intansin ⁊ domharbh Monodhar mac Conrach é. Conid iarsin n-echt sin doríne Monodhar tucadh 'Maccecht' fair. Conodhur proprium nomen eius.

Dealb Aeth .i. delb aedha .i. teneth, dolb-aed .i. tene doilbthi doróine intan ro innarb a chliamhain feissin .i. Trad  583a mac Taissaigh, tría cheird t-seoín drái[d]echta é assin ferann h-í filet Tradraighi aníu. Issed luidhe for teichedh i crich Ua Néill. Luidh i Carn Fiachach meic Néill, ⁊ addaís tenidh [n]-draídhechta ann, gur' mhuidhset cóig srúamanna tenedh ass, gur' chuir-sium mac dó fri cach sruaim [dib], conid [d]íbh atáit na coíg Dealbna. Conad [d]esin rolíl de sium Dealbh-aedh .i. dealbh aedha .i. dealbh thenedh. Lugaid a ainm co sin. Nó Dealbh-aedh .i. dealbh aedha fair, ar a chaime, ar ba derrscai[g]thech a dhealbh som.

Ol n-gúalai .i. dabhach umhai issidi. Is sí tuc Conchubar mac Nessa a dún Geirg [mic] Faeburdil íar n-argain in dúine ⁊ iar marbad Geirg. Ol n-gúalai dorádh fría, fobíth is tene ghúail nobhíth a n-Emain Mhacha astigh a n-ibhtheá í. Is uadh sin rohainmniged Loch n-Gúalai a n-Daiminis crichi Ulad, ar is fái atá aníu i n-díamhraibh. Gearg mac Fæburdil, meic Cathaír, meic Glais, meic Inderccaigh, meic Srúibh, meic Rossa, meic Rudhraige.

Ferghus Folcthech .i. Fergus mantach. Nó sréṅfíaclach robói .i. sénusach robói.

 p.360

Aedh Gnái Fer in ghai leathain .i. gai leathan lais .i. laighne lethanmhóra dobói aigi. Aedh G[n]ái in t-ainm bunaid, ⁊ nin do gait ás goma h-Aedh Gái é. Aedh Gnái, trí h-anmanna badar fair .i. FeidlimidAithinbhleithFergna. Da mac na dá Aithinbleith la Daíl Medruaidh .i. Aithinbleith mac Aedha GnáiAithinbleith mac Medrúaidh. 15

 583b

Conall Ech-Lúath .i. Conall ech lúaidh .i. eich rolúaidhedh go minic intan ba h-óg.

Mac Táil .i. dalta sáir é, is aire isberthi Mac Táil fris. Cass in t-ainm bunaid, ⁊ dochóid in forainm tairis. Ocus a dúthcus ó senathair tucad Cass fair .i. ó Chormac Cass mac Oilella Oluim.

Cormac Cás .i. Cormac crúaidh .i. ara chródhacht. Nó Cormac Cás .i. lúath, ar bá luáithin é 'ná cach nech ina aimsir, ⁊ deismirecht air día n-débairt arailiu cruitire ag foghlaim día dhalta 'seinn co cass é' .i. co lúath.

Fotharta .i. fúath arta .i. fuath (.i. dealb) dee, nam art deus dicitur, amail asberar Eochaid Finn Fúath n-Airt.

Eochaid Finn Fúath n-Aírt .i. fuáth (.i. delb) dé fair, ara cháimhe, ar is inānn artdeus (.i. día), ar bá fer cáin (.i. alaind) sochraidh intí Eochaid Finn. Nó Eochaid Finn Fuath n-Airt, ar bá fuáth lé h-Art mac Cuinn é, ó romharbh sé dá brathair Airt maic Cuinn .i. ConnlaCrinna.

Fiacha Súighthi .i. so-ghuithi ar bá h-urusa a etarghuidhe ara mhíne, ⁊ so-áentadhach é co sír, ⁊ bá suilbhir dogrés.

 p.362

Deíssi .i. difoissi, ar ní bhói airissem forro fria ré chíana acht a ̇m-beith for faeindel as cach inadh i n-arailiu. Nó Deíssi .i. duáisi, ar is a tinnscra mhná tucad dóib ferann iar techt de Mhuigh Breg .i. a tinnscra Eithne Uathaighe inghine Crimhthain, maic Énna Cheinnselaig, [ba dalta doib], ar is íat na Deísi ros-ail Eithne Uathaigh.  584a Aengus mac Nadfráich rígh Muman, is é tuc dóibh in ferann forsa táit na Deísi indíu a tinnscra Eithne Uathaige.

Eithne Uathach, cidh dia n-apar? Ni ansa. Intan rugsat na Déissi in ingin léo dia h-altrum, feóil lenum doberdís dí co m-bád praipi-ti nȯfoirbredh, ar is ina tinnscra dobhoí a cinnedh dóibh ferann ⁊ foistine d'̇faghbáil. Nó dono cinn lútaingén a clainne feissin do thescadh sí co m-bád suth[a]naidi íat. Ar nír' leígedh clann a tossach di. Doberdís na leinip fúath mór di arindí adhbar sin. Is aire sin tra isberar Eithne Uathach fría.

Art Cearb .i. Art tesctha , nó cirrthi, namh cearb cirriudh dicitur, ar is cirrthi robhói. Is de bá h-Art Cea[r]b.

Fiacha Tort .i. Fíacha bairghinach , nam tort bairghin dicitur, ar is é cétna las ra cummadh bairghin prius.

Fíachra Tuirtri in fear cétna. Is é ronaisc tortgabháil Conailli Muirthemni fó h-Erinn.

Laighin cidh día n-apar? Ni ansa. Ona laighnibh lethanghlassaibh tugsat na Dúbhghaill léo a n-Erinn, muinnter Labradha Loingsigh dia tangadur máraen ré Labhraidh co tech Cobthaigh Cháil a nDinn Righ . Dá cét ar fichit cét Gall a  p.364 lín. Romarbad tra intí Cobhthach Cáel léo, ⁊ ro h-ortadh in ríghrad. Ocus is óna laighnibh lánmhóra tugsat intan sin isberar 584b Laighin fríu ó sin alle. Día n-débairt in fili:

  1. Da cét ar fichit cét Gall
    co laighnibh lethna léo anall,
    dena laighnibh sin gin ail
    díbh rohainmnighthea Laighin.

Labraidh Loingsech .i. robói sein for longais (.i. indarba) co fada iarna innarba ó Chóbhthach Cháel. Labraid Ollda a ainm a tossaigh. Labraidh Maén iar suidhiugud. Labraidh Loingsech íarsin ó doluidh forsin longais. s. qui l. IS de sin isrubhairt Fercertne fili:

  1. Labraidh Loingsech, Ollda, Máen,
    mac do Ailill Aíne aén.

Laeghaire Lorcc .i. Laegaire garg, nam lorcc garg dicitur. Nó lorc .i. sladach . Lurcos enim dicitur .i. rapax deuorator . Laegaire Lorcc tra .i. finghalach .i. fingal doríghnedh fair ⁊ dorinne for nech. Nam lorcc .i. finghal. Ar is é Laegaire domharbh Badhbchadh mac Echach Búadhaigh ag cosnamh ríghi n-Erenn fris ⁊ Cobhtach Cáel mac Ugaine meic Echach Búadhaigh issé romharbh Láegaire Lorc ag cosnam na ríghe fris. Mac rucadh do Laegaire Lorc .i. Ailill. Is ann genair sén, oc Tipraid Da Ech n-Aine, Is de bói dósom Ailill Aíne do rádh friss.

Oilill Braccáin cidh día tá?

Aengus Ollum .i. ollum a filedacht eissium, ⁊ bád rígh Erenn íarsin. Is de sin isberar Aenghus Ollam.

 p.366

Fergus Fortamhail .i. bát láechdha fortill in fer sin fri cach n-aén nóthegmadh fris.

Féidlimid Forthren .i. ba niadh (.i. tren) in cach cath ⁊ a cuibhlengaibh Erenn eissium.

Cremthan[n] Coscrach .i. ara mhét doberedh coscur ⁊ buáidh cacha chatha a m-bídh ⁊ in cach inadh aili a m-bíth. 585a

Mogh Airt .i. ag moghsaine ⁊ ag frithailemh a maic nóbíth intan bá h-óg .i. Art mac Mogha Airt, ar bá diliu lais é inná cach nech aile.

Núadha Fullón .i. Fullón ainm in drúadh rotn-alt, ⁊ is eisein cétna druí rolái bricht for dluí riamh do chuir dhuine for foluamhain. Inde dluí fulla dicitur ó sin alle apud Scotos. Nó fullon ainm do mhaissi. Inde Nuadha Fullón dicitur .i. Núadha maissech.

Bressal Brec .i. bá brec a einech .i. a aiged. Is ime dogairthái Bresal Brec de.

Lugaid Lóth finn .i. lóth ainm d'allus .i. sód chnis roboí for allus. No lóth ̇finn .i. lóth ainm d'̇fésoíg .i. fésóg ̇finn bai fair.

Sétna Sithbacc .i. sídhbacc, ar ig toirmesc ⁊ ag bacadh t-sídha do bíth dogrés ⁊ ag tabairt chogaidh mánair etar na dáinibh.

Eithne t-Sithbacc .i. sídhbhacc .i. baccadh sidha do. Gníth .i. ig a thairmesc t-sidha dobhith in Eithne seo etar a clainn feissin .i. Cairbri Cluithech mac ConcorbLáidir Ara mac Concorb, ar bad clann d'Eithni íat sidhe díbh línaibh. Nó bac sídh[a] ⁊ Eithne ig a astadh doghnáth etar a clainn ag toirmesc in chogaidh dogrés.

 p.368

Núadha Necht .i. Núadha nicht, onní is nix snechta. Nó nox .i. adhaigh .i. fer nó imthighi aidhchi, ar is é Núadha cétna dorinne fogail aidhchi ar tús a n-Eirinn. O ní is nox Núadha Necht. Nó ó ní is nix .i. snechta .i. bá gilithir fri snechta Núadha Necht . 585b

Ferghus Fairrgi .i. óndá[ra]rúathar rodn-ug chum na [fairge nó chum na] righi [do gabail]. No Ferghús Fairrgi .i. for longais robhoí co fada, nó is for fairrgi rugadh. Is de isberar Ferghus Fairrgi fris.

Conchubar Abhradrúadh .i. rosc rúadh co mailgibh rúadha ro thecht, nam brai mala dicitur.

Cú Corb .i. coirb in charpait a m-baí. Nó ar a beith co fada gin bhaistedh h-á coirbthi de. Nó corb ar is cerb tesctha. Cú Corb .i. cúi corb .i. coirb in charbait a m-bái rus-bris fái ⁊ sé ina mac beg. Roghabh in mac ag cuí fon coirb ro brissed. O'tchonnaic a athair in mac ig cuí dochuir feín coirb isin carbat intan sin. Is ón mhoghsaine dorighne día mac isberar Mogh Corb fris, ⁊ Cú Chorb .i. caí chorb indara de.

Níadh Corb. Níad .i. trén, ⁊ a duthchus a athar ⁊ a seanathar rolil in fortormach anma é .i. Níadh Corb.

Meissin Corb .i. romhesemhnaigh go mór inní sin, ⁊ dorinde feissin a innamail. Is aire sin tra isberar Meissin Corb fris iarsin. 17

Coirpri Cluithechair .i. a Cluithri Clíach ⁊ a Maigh Clíach is ann rus-gabh iar fágbháil chrich Laighin dó gu rus-aitreb la maithri íarsin.

Clothrén i Maigh Chliach atá. Is úadh Cluithri Chliach.

Féidhlimid Fer Urghlass no íarghlás .i. folt ghlás bái fair. Is de isberar Feidhlimid Fer Urghlas 586a fris. íar .i. folt.

 p.370

Cormac Gealtai Gáeth. Ní ̇feadamair coleíg.

Fiacha Baicidha mac Cathair Mhair, cidh día n-debhrad? Ni ansa. Día tarla cath Mhuighi h-Agha etar Catháir MárConn mac Fedlimid Rechtada, dochomhraig Fiaca mac CatháirOilill Gabra do Thúathaibh Temhrach isin chath. Gonais Oilill Fiacha gur' thesc lúithech a choisi, co m-bái bacach de, conid [d]e robaí Fiacha Baicida fair. Fíacha Aiccidha do rádh rís .i. a n-aice a bhraithrech [.i. Rosa Failgi] do bí se, gin ferann do ghabhail ara óigi. Is dé sin aderthaí Fiacha Aicedha fris.

Lughaidh Rúamna mac Cathair, cidh día tá? Ni ansa. Comrac tarla etar Chétghein Cruachna mac Conaill isin chath ⁊ Lugaid mac Catháir. Roba ruisti rúamanta Lugaid ón chomhrag sin Chétgein. Is aire sin tráth isberthí Lugaid Rúamna fris.

Eochaid Cupa mac Catháir, cidh día n-debrad fris? Ni ansa. Comhrac dorala etar EochaigAssal Échtach mac Ind Feinedha isin cath cétna. Tromghonais Assal Lugaid18 isin comhrac, co taínic tonn do chuip ̇fola a chuirp trena chathétedh. Conad[d]e asberar Eochaid Cupa fris.

Bressal Ainechghlass mac Catháir .i. glass robhói a ainech .i. aighed ghlas lais .i. comarthada glassa bídís for a aighidh dogréss. Is dé ba Bressal Ainechghlas eisium.

Eochaid Timine mac Cathair, cidh díatá? Ni ansa. Intan tug 586b Cathair ferann día chlainn bói tra Eochaid ina chodlud intan sin. Luidhsit a bhraithri chuigi gusan inadh a m-boí ⁊ dúiscit asa chodlud é. Is ann isbert cach fris: “Is tim sin, a Eochaid”, ol síat .i. as sádhail in codlud a fuilidh. Conad[d]e sin rolil Eochaid Timine de.

Aenghus Nig mac Catháir, cid día tá? Ni ansa.  p.372 Intan bói Aenghus ag iarraid forba for Catháir, “Neg ”, ol Catháir fris .i. “ní bhía ferann duit, a Aenghais”. Ocus isbert Catháir fris ag timna ferainn dia macaib aili:

  1. Neg, níd-bíadh sealbh senorba, ⁊ rl.
Is aire sin tra isberar Aenghus Nig de.

Oilill Cethach mac Catháir. Cethach .i. beimnech .i. buillech, ar bát móra a bheíminna a cath ⁊ a comhrach. Is aire isberar Oilill Cethach fris.

Forgull Monach .i. cleasuch robhói, ab eo quod est mon .i. cleas, ar[ba] fer cumachtach eissium, co téighedh a n-ilrechtaibh. Ar cach fer dogníth cleas bat monach a ainm, amail rochan in fili:

  1. Do choígedh Choirpri Níadh Fer
    Forgull Monach modh miled
    cach cleasach dochanadh ceilg
    monach isin t-senghaedheilg.

Bresal Bregoman .i. a oman for Bregaib. Nó Bresal breaghmain .i. dia m-[b]dar maine na Brega.

Bressal Belach .i. Bressal béodláec[h] .i. láech béodha, ar a beódacht aderthí Bresal Beólach fris. Nó is bel mór bái aige: is uadh aderar Bresal Belach fris.

Bressal Bronnchaín .i. ba caín (.i. alaind) a bruinne. Nó Bressal Bronncaín ar a mhét dobronnadh a chaín rígh do chách.

Enna Ceinnselach, cidh díatá? Ni ansa. Cath roferadh 587a etar Eochaid MuigmedónLabhraidh mac Bressail Bhelaig .i. cath Cruáchaín Chláenta. Ro mhemhaidh in cath for Eochaigh Mugmedón annsin, ⁊ dogabad eíges Eachach ann .i. Cétnathach fili, ⁊ dohainceth in fili la cách co torracht  p.374 Enna chucu. Dosaídh Enna gai trít in filid ann, ⁊ doríghne gaire de, co n-debhradar ind ̇fir: “Is salach in gen contibhe iarnar sárugud, a Enna”, or síat. “Bidh é a ainm”, or in t-éigis, “Énda Gen Salach”. Conad[d]esin rolil ind agnomen de ó sin amach .i. Énda Gean Salach.

Enna Bóguine .i. guin na m-bó .i. cethra a mháthar ⁊ a athar do mharbh. Ag iarraidh ferainn fora athair robhói intan rus marbh. Ideo Boguine dicebatur

Rumul Déríar. Ideo 'dé ríar' dicitur .i. ar a mhét dogníth ríar 19 a dhée. Is eissidhe ⁊ Dera a bhen rosn-ail Lugaid Réo n-Derg20, ⁊ aidde muinti gaiscid dó Cú Chulainn. Is aire atberar comadh aide do Lugaid Cú Chulainn. Rí Laighen, tra, in Rumul sin. Issé cétrí do Láighnibh doghabh ó Bhoinn co Buaidnig21.

Gailioin (.i. Lagin) .i. Galleóin, ar[ba] dalta do ghallaibh intí Labhraidh Loingsich o filit Laighin. Nó Gailíoin .i. galleoin .i. cloth 22, nam gall cloth dicitur.i. ar imat a cloth ⁊ a m-búadh Lagen for feraibh Erenn ráiter Gailíoin díbh on mhudh sain.

Osairge .i. oséirghe .i. eirghi amail ossu allta leó ic teiched rásna Deíssibh dia rȯfagsat in ferann h-i filit na Deíssi indíu. Nó Osairgi .i. os-fríthi .i. etir ossaib alltai fríth 587b Aengus Osairge .i. sen Osairge . Cinṅfinn ingen Daire maic Degad, máthair Aengusa intan boí inn ingin fri lamhnadh roela sí isind aidhchi ón inghenraidh baí 'na farradh icá coimét. Rolean cach an inghen iar sin gusan inat a m-bai. Iss ann fríth an inghen etar ossaibh alltai intan sin, ⁊ sí 'ar m-breith meic etar na h-ossu, ⁊ dobreth ainm dó .i. Aenghus, ⁊ is éissidhe Aenghus Osairge o fil ríghrad Osraidhe.

 p.376

Cú Cercca cidh día tá? Ni ansa. Bói caillech noem d'Ibh Losgaín Midmine ic Noitiu .i. Cearc a h-ainm. Fechtus dochóidh Finnchadh mac Fáelaín, mac rí Osraidhe, do mhílrad a fogus do chill na caillighe. Duísgit na gadhair míl intan sin. Bái cú ag in chaillig ⁊ marbhaís in míl. Romharbhsat coin ̇finnchad cú na cailligi. “Truágh sin, a Finnchad!” or in chaillech, “do marbhais mo chú coiméta, ⁊ benfat nemh dít ina h-éiric”. “Ná gad neamh dím”, or Finnchadh. “Bíatsa am choin choimhéta agat co cenn m-blíadhna a n-éiric do chon”. “Gabhaim”, or in cháillech, “⁊ bidh Cú Chearca th'ainm”. “Faemaim”, or Findchad, ⁊ baí amhlaid. Is aire sin tra adubhradh Cú Cearca fris.

Laighnech Faeladh .i. fer eissidhe no theghedh fri faeladh .i. i conr[e]achtaibh .i. ar[e]achtaibh na mac tire téghedh intan ba h-áil dó, ⁊ teighdís a sil ina dheóidh, ⁊ domharbhdáis na h-indile fó bés na mac tíre, conadh aire sin isberthí Laighnech Fáeladh fris-sium, ar is é cétna dochóidh i conrecht díbh.

Bigní Caech mac Laighnigh Faeladh .i. beg ní .i. duine beg 588a é. Eochaid a ainm-sium ar tús ⁊ Begnechach iarsin .i. Begne Cáech.

Rúamann Dúach .i. Eochaid a ainm ar tús, ⁊ ní fetamar cidh dá Rúamann Dúach do rád ris fós.

Laegaire Birnn Buádhach, ní ̇fetamar coléig.

Rónán Rí̇flaith .i. bá rígh ⁊ bát flaith ⁊ bát ríghdha a ̇flaithius for cách.

Tri Fothaidh .i. tri fósuith .i. sotha maithi íat. Nó Fothaidh .i. fotha suith iat, ar robí cétchlann Fuinchi íat. Nó Fotha[idh] .i. fóthaidhe .i. fochlith dorinne Mac Niad (.i. Mac Con) íat fría Fuinchi ingin Bhéinne BritBretan . Nó Fothaídh .i. fí (.i. olc) aeda (.i. tene) .i. tene nemhnech íat  p.378 ag orgain chlann ⁊ chinél. Nó Fothaidh .i. fó thádi .i. tathi maithi iat. Ar is táde cach lánamhnus. Is de sin isbert in drúi intan sin: Fochin taídhe día rochin in triar amne. Conad[d]é rolil Fothaidh íat.

AendíaTrendíaCaendía a n-anmanna. Aéndía in t-airgthech, Trendía in cairpthech, Caendía Fothad Canann. D'aen thoirbirt rug Fuinchi íat a triúr do Mac Con. Bretha Fuinchi Aendía a tús aidhchi. Is de dobreth ainm dó, ar bá gin rígh ar ̇febus in t-seoín. Tréndía a medónaidhchi; is de do breth ainm dó, ar threissi in t-séoin laisna déibh ann. Cáendía isin mhaidín, ar chaimhe ⁊ ar áille ̇funghaire 588b] na maidne is aire is Cáendía dobreth dó do anmum.

Fothad Canann is de isbreth ó Chanainn .i. ón choin bái aigi. Unde Dinn Chanann a Maigh Life. Nó Fothad Caínidae .i. caín ⁊ álainn na dée intan nót-rucad.

Fothad Airgthech, is de isberar, ar issed innmhus bá h-annsamh lais, ar ba de a bhuinne níadh ⁊ a dhí ̇falaigh ⁊ a mhuntorc óir ⁊ a chú ⁊ a ech.

Fothad Cairpthech isbreth dó ainm .i. issed slaibhri coníredh, mairc cona cairpthibh. Is fris conraítí Fothad Dolus.

Fothad Dolus .i. duallsighi. Disoillsighi .i. fer nóghnáthaighi siubhal a n-aidhchibh dorchaibh, ís de adebhrad Fothad Dolus fris.

Feinius Farsaidh .i. fodhailtech, ar is é rȯfodhail in sgol fó ilchinelaibh in domain d'̇foghlaim na n-ilbérla, ar is inann fariseus ⁊ farsaid .i. focul gregda, diuisió a etarcert laidni.

Fíanna a uenatione .i. on t-seilg dognidís isberthi  p.380 fianna fríu. Nó fianna .i. finedha, ar is ina finib ⁊ ina n-aicmibh no bidís síat. Nó fianna .i. feinnedha rígh Erenn íat.

Fercheirdne .i. fer cearda ái .i. aircetail, nam ái .i. aircetal dicitur. Nó Ferchertne .i. fírchetal n-ai .i. noís, ar ní beredh [acht] bretha fíra. Nó Feircheirtní .i. fír cert nái .i. duine fircherte nam nái duine dicitur.

Fir Bholg .i. a m-bolgaibh do thairngidís uír fora muin día cur for leacaibh loma ⁊ for cairrgibh cloch i tíribh Grec, co m-bidís ina muighibh fó sgothaibh . Conid óna bolgaibh sin roraídhit Fir Bholg díbh.

 589a

Fir Domnann .i. fir damnánn .i. don damnadh ⁊ don dáire tucad orro la Gregu rohainmniged Fir Domnann díbh. Ut dixit poeta:

  1. Doluidh Sémíath sair for sét
    co tiribh finna fer n-Greg
    tugsat Greíg cís fergach fair,
    imurchur uíre a m-bolgaibh.
  2. De na bolgaib sin co m-brígh
    chlainne Semíath maic Sdairn mhín
    dogairter Fir Bholg co m-bladh,
    is Fir Domnann ón damnadh.

Fir Domhnann tra .i. fir domhain ̇fonn .i. fir no-dhomhnai[g]dís in talamh .i. ba domain no théighdís isin talamhain ag tabairt uisci aisti dia chur for sleibtibh garba la Gréig.

Gaileóin didiu .i. ona gaib rohainmnighthi .i. gái lín ar lín a n-gái rohairimthí. Nó Gaíleoin .i. gail ̇fíann, fían in ghaiscid, ar is síat doghabadh lamh forsin da trian aili. No gáel ̇fíann .i. ̇fiann ghaíl lochta na dáirsi.

 p.382

Maine Aithremail .i. ba cossmail fría athair é .i. fría h-Oilill mac Máda.

Maine Maithremhail .i. fria mháthair bá cosmhail .i. fri Meidbh ingin Echach.

Maine Mar Condagaibh Uile .i. cruth a máthar ⁊ a athar bái fair, ar bát cosmhail fríu díbh línaibh.

Maine Tái .i. Maine amhlabar .i. nír bhó raítech é sechach chách.

Maine Antái .i. Maine nemthái .i. an ar dhiultadh fil ann .i. bá raidhtech é doghrés (?), ⁊ iss eissidhe Maine Mó A Eipert .i. mó a rádh-som na rádh cach Maine aili díbh.

Maine Mínghar [.i.] mínghaire a mháthar dogníth sé in cach than.

Maine Mórghar .i. gaire a athar gu mór dognith.

Fomoraigh .i. fómuiride .i. lucht bíde ag sladaighecht ⁊ ag crechairecht ar fairrgi .i. loingsig na fairrgi 589b is dóibh is ainm Fomoraig.

Fer Níadh mac Damhain .i. fer trén, nam níadh tren dicitur. Nó Fer Díadh .i. dé íath .i. a comrag dá ferann rodn-ugad, is aire tugadh Fer Díad fair. Sicut dicitur Fer Dá Chrích.

Fearghus Andot (doit .i. lam) .i. Ferghus gearrlámhach, nam an non dicitur. Andoid .i. nemh-doídech , ar bat gearr a di láimh.

Lugna Fer Tri n-Ogh .i. tri h-uighi badar aigi. Nó Fer Trí .i. Tri ainm a mhná .i. Trea inghen Taidhg meic Cein .

Luighni .i. Lái geine .i. clann Laí meic Cormaic Gaileng íat .

 p.384

Galanga lang (.i. fell), goa (.i. breg) .i. Cormac mac Taidhg meic Ceín dorinne gó frisna brocaibh .i. gai Táidhg rug Cormac laís chum na m-broc ar co tísdaís asa m-broicthenaigh amach ar enech Taidhg meic Céin, ⁊ gaí Taidhg ag Cormac do chomartha friú. Tangadar na bruíc chum Cormaic ⁊ domharbh íat. Dochóidh Tadhg iarsin do chaithem na fleidhe baí ag Cormac, ⁊ doghraín a aiccnedh ag ól na fleidhe ⁊ dȯfetir a enech do choll [don mac]. Roloingistar[] Thadhg a mac úadh assin crích amach iarsin, conid é sin fotha innarbtha Chormaicc o Thadhg. Unde Cormac GailengGaileng nominatur .i. gáe lang .i. cac ar enech.

Aliter Galeng, nomen terrae ideo Cormac Gaelang dicitur pro habitatióne eius.

Cormac Gaileng tra .i. gái lang .i. gai meabhlach íarrsaní dorinne gái forsna brocaibh gurus marbh íat.

 590a

Caínti .i. óní is cainis cú, ar cend con for caínti ag amhustraigh. Unde Crithenbhél Cainti.

Crithinbél [.i. crithirbél] .i. bél na chrither .i. ara neimhnighe ⁊ ara theintemhlacht na m-bríathar úadh, ar is nemhnech bríathra in dána iter. Nó Cridenbél .i. a cridhe ina bhél .i. a rún in a bhélu, ar ní gheibed som iter for rún día cluinedh. Nó Critherbhél .i. bél na crithir, ar is é cétchaínti dobhaídh ríghchainnell ó tengaid artús é.

Coirpri Cind Cait .i. diarbo cenn ca[i]t .i. fuath (.i. dealb) cait robhaí fora déa. Nó da chlúais chait badar fair amail isrubhairt in fili .i. Eochaid ua Floinn:

  1. Amlaid robói Coirbri crúaidh,
    roghabh Eirinn tes is túaídh,
    da chluáis chait ima chenn cain,
    finnfad cait tríana chlúasaibh.

 p.386

Nó dano Cairpri Cenn Catraigé, ar is iat rus-ail é, ⁊ ba cend forru é. ISberait foirenn aili bá do Luáighnibh Temhra dó ⁊ gu m-bá d'Feraibh Bolg a bhunadh genelaig, día n-debairt in fili:

  1. Coirpri d' Feraibh Bolg gin bhrath
    in láech do Luaighnibh Temhrach,
    ainm a abdhaine gin acht
    fuaír o Chathraigibh Connacht.

Callraighe .i. Cal-traighe .i. clann Luigdech Ca[i]l íat, nam traighe clann nó cinél. Nó Cál-righe .i. ríghe Cháil .i. Luigdech Cail meic Daíre Doimthigh.

Ealga .i. Eíriu .i. ealg ainm do mhuic isin t-sengáidhilg, go tucad fuirri in t-ainm sin, ar is cosmhailius mhuice boí for Eirinn intan atchonnaic Íth mac Breogain uada ind innsi do mhullach Thuir Breogain a h-Espain.

Aedh Gusdan .i. Aed gus dána, ar mór an gus dó, na trí rígha do mharbad isind aenló .i. Aedh Slaíne rígh Eirenn, ⁊ Aedh 590b RóinÚa Failge, ⁊ Aedh Buide righ Teftha. Gus .i. gnim isin t-senghaeidhilg.

Ulaidh, canus rohainmniged? Ni ansa. Ulaid .i. oll saith .i. saith oll duratsat duna filedaib saith .i. innmhus, ⁊ deismirecht air amail asbeir in Amhra:

  1. Cétaín luidh Íudás tar ord
    a lorg Deamhna, díghal garg,
    Cétaín roghabh saint im saith,
    Cétain dóbhraith Isu ard.

No Ulaid .i. oll leath [Erenn] léo im chogadh ⁊ im irghail. No Ulaid .i. oll leith .i. ulchadha liatha léo h-i cath Áenaigh  p.388 Mhacha .i. olann líath dochengladar día smechaibh isin cath cétna .i. uilliu leíth léo isin cath.

Conchubar mac Fachtna Fáthaig ⁊ a bhráithri, is síat tug cath Áenaig Macha do Dhabhall Díanbuilleach mac airdríg Lochlann. Ba díairim, tráth, in slógh robhoí maille ré mac rígh Lochland intan sin ar techt do ghabail Eirenn i cóigedh Ulad. Is ann gabhsat artús ⁊ luidhsit rempu íarsin co Magh Macha.

Rothinóilsit clanna Rúdhraige im Chonchubar anaghidh nan allmurach do thabairt chatha dóibh. ISbert Geanann Grúadhsolus mac Cathbhaidh fría mhuinntir intansin: “Is terc bur slúaigh, a Ulltu!” ol sé, “ocus is óg amhulchach cach áen agaibh”. “Cidh doghénam-ní de sin, a Ghenainn?” or cách. “Dénaid, a ógu”,ol Genond. “Tabhraid imat d'olainn leith libh ⁊ crúadh-cenglaidh an olann dábar n-aigthibh, ⁊ bídh moaide graín ⁊ egla na n-allmurach remaibh innísin amail bá rígh-laich sibh.” Dorinnedar Ulaid in chomhairle sin Gheanainn cach aen ba h-amhulchach acu. Tugad in cath iar sin ⁊ do mhuidh for na h-allmurchaibh, ⁊ doládh a n-ár ann, conid ón chath sin Aenaigh Macha 591a adúbhrad Ulaid fríu ón mhudh sin, amail asrubart in fili:

  1. Clanda Fachtna nisfil faill
    fri cach fachta catha cuill,
    ainmnighter dib atan tall
    Ulaid óbdar oll leith uill.

Ulaid ó Ollamh Fódla mac Fiachach Fínsgothaigh .i. Ulaid .i. oll lethadh Ollamhan .i. is mór rolethnaigsit ⁊ rotsilsit Ulaid ó Ollamh Fódla. Nó Ulaid .i. oll aí ollam in alio loco dicitur. Ar bát fili amhra eisseín, ⁊ is aire isberar Ollam Fódla fris, ⁊ is uadh isberar Ulaid íar fír,⁊ deismirecht air:

  1. Ollam Fódla fegaid graidh
    uadh rohainmnighthea Ulaid,
    íar fír feis Teamhrach na treabh
    is lais taisech rotoirnedh.

 p.390

Fiacha Fínsgothach .i. sgotha fína ina ̇flaith go faísgthi a leastraibh glaine, ⁊ bát fín nó mil dobertheá eistibh.

Cethre maic Ollamon Fódla .i. Cairpri Condelg, ⁊ Fínachta, Slánoll, ⁊ Gédhe Ollghothach, cidh día taít?

Coirpri Condelg

Fínnachta .i. finsneachta .i. sneachta már fína rofer ina ̇flaithius for Eirinn cona faicthí in fer nó in fochon tairis, combá measctha cach duine a n-Erinn nós-ibhid.

Slánoll .i. oll slaínti cháich ina ̇flaith, ar ni boí tamh nó galar ina ̇flaithius, ⁊ ní fess cía galur rus-fuc feissin.

Gedhee Ollghothach .i. bá mór guth cach duine ina ̇flaithius, ⁊ ní bá binne la cách téta i crot inná guth ⁊ amhar cach duine a n-Erinn in ̇flaithius .

Sírlamh. Sír .i. foda .i. lamha foda badar aigi, ar ro 591b soichdís a dhí laimh lár ⁊ sé ina t-sesam.

Dal (.i. rand) n-Araide .i. Dál n-Airéle .i. airél rí[g] Erenn léo [.i.] is í a leabaid thechta . Fobhíth is orba níadh roghabhsat, ⁊ is do chloinn [niad] dóibh. Imarcaidh dóibh sech chách beith fo ghlún rí Erenn dóibh ara cródhacht, ar robé rí, níadh Eirenn isin aimsir a roibhe Conall Cernach mac Amargín ⁊ cach nech do chloinn Conaill Chernaigh, ar is síat sidhe Dáil n-Araidhe, ⁊ is ó Conall Chernach ríghraidh Dhal n-Araidhe ó sin alle .

 p.392

Dál n-Araidhe cidh díata? Ni ansa. Dá mac mhaithi la Fiacha Fínsgothach .i. Eochaid (qui et Ollam Fodla) ⁊ Araidhe. Eochaid didiu rob fili amhra é. Araidhe trath druí amhra eissein. Rogabh Eochaid ríghi n-Erinn ann sin, ⁊ tug ferann airedha d'Araidhe .i. in rann don cóicedh ría raidhter Dáil n-Araidhe, ⁊ is ón Araidhe sin mac Fíacha Fínscothaig ráiter Dáil n-Araidhe friú o sin alle.

Fiacha Araidhe, cidh día tá? Ni ansa. Araidhe Bibrae in caínti de MhumainCairech a bhen, is síat rus-ail Fiacha mac Aenghusa Goibhnenn, ⁊ is ó Araidhe caínti isberar Fiacha Araidhe fris.

ConallCernach, can assa ráiter? Ni ansa. Rosacht chlainne bói for Finnchaímh ingin Chathbaidh .i. ben Aimirghin Iarghiunnaigh, coná beredh clann. Co tudchaidh araile druí ina dáil, con-epert in druí fría, “dám[b]a mhaith mo lógh”, ol sé, “doberthá-ssa mac maith do Amhargen”. “Bidh fír son”, ol sisi: “bid maith do lógh lium-sa”. Con-eipert in druí, “tar don tiprait amárach ⁊ tiagh-su lat”. Tiaghait 592a andís íarnamhárach don tiprait, con cechain in druí brechtu ⁊ tairchetla forsin tiprait. Con-epert in druí: “Dot-fothraig eissi ⁊ dofuisemha mac, ⁊ ní ba h-ingaire nech aile día mathar macne oldás .i. do Connachtaibh”.

Atibh an ingen digh assin tiprait iarsin ⁊ ro sluig duirb laisin digh, ⁊ bai in duirb sin a laimh in maic a m-broinn a mháthar, gu ra tholl an lámh ⁊ gurus-cernaigh.

O'tchúala Cet mac Maghach, brathair a mhathar, in ní sin .i. go m-béradh a siúr in ghin nómhuirbhfed fer for leth Connacht, boí sein a coimét a seathar co m-berid a mac. Taínic inbaid na h-ingine, ⁊ rofug mac. Tangadar drúidh baidsidhe in maic i n-geintliucht gur chansat an m-baithis n-geintlidhe for in mac m-beg, ⁊ roráidhsit “ni ghinfi mac bhus ingairc oldás in mac so do Connachtaibh”,⁊ ní bhíadh aidhchi gin chenn Connachtaigh for a chriss,⁊ mairbhfidh fer for leth Connacht. IS ann sin roghabh  p.394 Ceat in mac beg chuigi, ⁊ dom-bert fó a sail co m-brúid a brága ⁊ ní brúi a smir. Conid ann sin isbeir a mháthair fria Cet: “Is connda in feall dogní, a derbbrathair!” ol sí. “Is fír”, ol Cet. “Bidh Conall nó coṅfeall a ainm ó sunn”. Ocus dobert a mac di. Unde Conall Claenbhraigdech Cernach nominatur.

Conall Cernach didiu, .i. cearn robói assa lethchinn bá meítithir fría cobhraidh sceíth, iarna bhúalad a n-Albain im dhilsi mná. Is dé bá Cernach on mhudh sin.

Conall Cernach post .i. Conall [cern niadh .i.] tréṅfer, nam cern fear ⁊ níadh tren dicitur. Vel ab eo quod est cerno .i. uideo, ar bá cuma dochíth ní i l-ló ⁊ ind aidhchi trésin súil n-ġleoír boí ina chinn  24. Nó Conall Cernach .i. Conall buádhach, nam cern buáidh dicitur25, ar bá mór in bhúaidh dó seach chach . 26

Amhargein Iarghiúnnach .i. Amarghein dubh, nam iarn duibe 592b dicitur, íarn 27 .i. dubh, giunnach .i. folt .i. folt dubh baí fairis de bá h-Amarghein Iarnghiunnach eissium.

Findoll Caisirni .i. cisternaei (.i. duine) .i. talamhmhinugud, ar issé cétduine lér' tochladh talamh artús do dhenum chuirri .i. corr, a fuigthi uísci in cach than .

 p.396

Furbaidhe tra .i. a furbadh .i. a theascad, dorinnedh a broinn a máthar íarna bádhadh forsan abhainn díanadh ainm Glaissi Berramhain, ⁊ is on Eithni sin, ingin Echach Féidhligh, isberar Eithne frisind abhainn aníu, ar is furri robáidhedh Eithne, ⁊ is fri Furbaidhe mac Conchubair aderthí Diarmaid mac Conchubhair íarsin.

Furbaidhe Fearbenn .i. dá bheinn airgit ⁊ beann oír robhói asa chathbharr , is de isberthí Furbaidhe Ferbenn.

Fedlim Nói Chruthach .i. nói crotha tigdís dí in cach than atchíthi í. Nó núa-chrothach .i. cruth núa do thaisbentá do cach áen fuirri ara cáime. Nó núa-craidhech í ara connailbhe.

Fíach[n]a Lurgan .i. Lurgain ainm a aide, á quo Clann Luirgine la Dáil n-Araidhe, is de isberar Fíacha Lurgan friss.

Fergus Foghai .i. Fogha ainm a mháthar, is úaithi rohainmniged. Nó Fergus Oiche .i. Oiche ainm a máthar, is de rohainmniged. Nó Ferghus Fogha, 593a .i. issé raínig foghai la gai mór artus .

Ferghus Dubdhétach .i. déta dubha bái aigi. Nó dubh é féin ⁊ déta móra lais .i. dubh-dhét mór eisseom.

Fearghus Foltleabar .i. folt fada robói fair, ar ro soichédh a ̇folt tara cris sís sechtair.

Feargus Bót Tar Bregaibh .i. tene tar Bregaibh, nam bót tene .i. teine tug tar Magh Bhregh gurus-loisc.

 p.398

Dubthach Dáeltengthach, ar roba neimnech goirtbhriath[r]ach ó thengaidh é. Amail is neimneach dubh in dáel la cách is mar sin bat neimhnech goirtbhriathrach ó erlabhra intí Dubthach fri cach n-aen. Ar bétbríathrach glórach é fri cach n-duine, ⁊ isberait araile gur' dubhustair a thengaidh ina chinn ara ghlóraidhe, quod in prouerbium apud Scotos [fri gach n-duine n-glorach] .i. is sé sin ní aderthaí ris maille ré h-Érennchaibh in bhríathar sín anuás do ráda ré Dubhthach. nam daelos graece formído latíne dicitur, ar is inann daelos isin tengaidh gregdha ⁊ formído isin laitin .i. in sengán, ⁊ mar is nemnéch lé cach n-duine in sengán do bhein fris is mar sin bát neimnech la cách intí Dubthach.

Dubthach Dáel Ulad .i. adhúath Ulad a ̇faigsin o romharbh a n-inghenraidh a n-Eamhain Mhacha, ⁊ mar is adhúath lé cách n-duine in bheíst dar a comainm in dáel d'̇faicsin, is marsin is adhúath la h-Ultu intí Dubhthach d'̇faigsin o romharbh na h-inghina a n-Eamhain.

Cruind Ba Drui .i. cruinn ba drui, ar bá 593b beg é 7 bá druí ⁊ bá fili a tús a aimsire, ⁊ is úadh ataít ríghrad Dhál n-Araide.

Cú Chulainn, cidh día n-abar? Ni ansa. Ar is sé ro mharb in cú robhaí ag Cuillinn cerd .i. cerd Conchubuir eisséin is aigi dobhái in cú dothuit lé Coin Culainn. Cú is sidhe tugadh tar muir .i. brodchú garbh gruámdha tugadh a h-Espain, ⁊ ara macgnimharthaibh do mharbh Cú Culainn í, ⁊ dobhí sé féin ina choin choiméta a dhúine ⁊ a chethra ag Cuillinn cerd. Is de sin tra adúbra[d] Cú Chuillinn fris, amail isbert [in fili:]

  1. Cú na cerda, tolggda in tuir,
    rob redg robda tar glasmhuir,
    dár' ort in sarfer tar linn,
    de doráidhedh Cú Chulinn.

 p.400

Nó didiu is ó Chuillinn Murthemne rohainmnighedh.

Foidbghein mac Sengaidh28 .i. Eochaid a ainm artús, go tugadh Faidbgen fair, aris 'na aimsir tangadar faidhb tría chrannaibh artús a n-Erinn día n-débhairt in fili:

  1. I N-aimsir Oidhbhgein cin ail
    tangadar faidb tría chrannaibh.
    crainn Éirenn roime sin de
    batar reídhe rodhirghe .

Rinnal .i. rendail .i. ailreanna, ar is leis rotinnscanadh rinn for arm artús a n-Erinn, día n-débhairt in fili:

  1. Gur ̇fás Rindal ní bhoí rinn
    for arm artús a n-Erinn,
    for gaib garga gan chleith cain
    acht a m-beith mar ̇fidhchrannaibh.

Bressal Bódíbad .i. díth taínic ar bhuáibh Erenn 'na remhes, cona terná de bhuaíbh Érenn gin díbad acht teora samaisce .i. dairt h-i Cuailngni: is úaithi atá Gleann 594a Samhaisci a Cuáilngi, indara dairt, dairt i Clíu: is de ata Imlech Fir Áen Dairti a Clíu Mháil Meic Ughaine.

Eochaid Ronn rígh Ua Maine, ind aimsir OilellaMhedhbha rombói, rí-mong órbhuidhe íarleabhar fair co m-bíth for sleasaibh in eich forsa m-bíth Eochaid. Bói ronn óir dheirgh assin fult sin. Slabrad oír eisse ina m-bíd comthrom .uii. n-uinge. Is de rohainmniged Eochaid Ronn.

Satni .i. saṫfine .i. fine Satain .i. Díabhail, nam Satan .i. Diabul .i. Satan robhoí a coimetacht Lula Littenaig a quo Satni. Is uadh adúbhrad Satni fríu.

 p.402

Senchán Toirpéist .i. Senchán [dororba péist] día rothogaibh spirat na h-écsi cenn do fo sceib 29 dodheilbh, intan luidh Senchán for cuáirt a n-Albain dochoíd spirat na h-écsi a richt pesti gráinchi fora chiund forsan sligi a m-bói, gurus aigill tré ̇fordhorcha ̇filidhechta é. Conid [d]e rohainmniged e.

Túathal Máel Garbh, cidh dia n-apar? Ni ansa. Cummain ingen Daill Brónaigh, máthair Thuathail is sí rȯfossaigh a chenn fri cloich intan not-ruc día m-bái ag irnaide dhaghtseóin dó, co n-derna in chloch luicc ⁊ cnuic ina chiunn, comma máel. Conid [d]e dogarar Tuathal Máel Garbh de.

Medhbh ChrúachanCrúacha feissin, cidh día taít? Ni ansa. Crúacha .i. Cróchen Chrodearg, inilt Edaíne máthar Mheidhbhe, is úaithi rogbabh Meadhbh ChrúachanCrúacha feisin ainmniugud.

Cormac Conloinges, cidh día tá? Ni ansa. Is sé 594b bá conn agon loingius ⁊ bá toíssech don dúbh-loingius la Fergus mac Róich intan doluidh Ferghus for loingius a Coígedh Olnécumtha30, arbá dona comaircibh bói fría macaibh Uisnech Cormac, ⁊ is fris aderthí Cormac Níadh in Chairnn íarsin. Is de sin adubairt in fili:

  1. Cormac Conloingis Nía in Chairnn,
    is de rodet in morainm:
    bá conn na loingsi gin ail
    do chom toirrsi for Ulltaibh.

Níad in Chairnn dorisi do radh .i. Finncharnn na Foraire ar Slíabh Fuáid, is agon charn sin ba níadh é a coimét a chóigidh feissin, ar dobídís na cethre choigidh aili a comchodach chogaidh frí Concubur ⁊ fría coigedh Ulad, ⁊ bat níadh na coíg cóigedh intí Cormac Conloingius agan charnn ucut. Is de bá Níadh in Chairn Cormac.

 p.404

ISberait foirinn dona h-eolchaibh cach inadh a m-bía cóig clocha nó cóig neithi eigin nó cóic cóicidh h-Erenn bá coir carn do radha ríu .i. Níadh in Chairnn Cormac desin .i. níad na cóic cóicidh. ⁊cc.

Munremur Mac Eirrcind, cidh día tá? Ni ansa. Fechtus dochóidh Cet mac Mághach a coígedh Ulad. Eighter ime. Do ̇fregair Mac Eirrginn in curaidh Cet. Tuc Cet urchur sleighi do Mac Eirghinn gur' bhean ina mhuinél. Atais in muinél commá remur. Is de bái Munremur fair.

Sal ColggMend a mac, cidh día taít na tuillti anmann sin forro? Ni ansa. Cet mac Magach doluidh a coigedh Ulad for creich. Eighter ime intan sin. Fregrais Sál Cholg ⁊ a mac é .i. Mend. 595a Tuc Cet urchur sleighi do Mhend go tarla isin m-bráighit ⁊ tre bhun a thengadh, gom[-b]ad mend de iarsin,⁊ tuc buille cloidhim dó tar[s]in cois .i. día cholg, gur'thesc in t-sál dé, co m-ba bacach é iarsin. Conidh aire sin tugadh na leasanmanda forru .i. MendSal Cholgga, ⁊c.

Cúsgraidh Mend Macha, cidh día tá? Ni ansa. Issed bá bés la h-Ulltu cach mac óg noghabha[d] gaisced acu artús dothéighdís a Cóigedh Olnécmacht for creich nó do chuingi ghona duine. Doluidh Cuscraidh mac Conchubuir fechtus a coíged Connacht. Eíghter ime. Freccrais Cet é intansin. Gonais Cet intí Cusccraidh trena bhél gur thesc barr na teangadh de, gom[b]á mend é iarsin.

Lámh Ghábhaidh, cidh día n-apar? Ni ansa. Fecht dochóidh Cet mac Maghach a coigedh Ulad. Éighter ime. Dȯfregair Lámh é ⁊ dochomhraigidar indís sin ré chéile intan sin. Tuc Cet buille cloidhimh don churaidh isin chomhrac gur  p.406 bhen a lethlámh de ⁊ teít áss ar eígin o Chet iarsin. Is de sin tráth asberar Lámh Ghábhaidh fair, iarsaní ba gábhadh mór dó a lamh do bhein de ⁊ é féin do dhul ar eígin o Chet iarsin.

Fíacha mac Fir Febha, cidh díatá? Ni ansa. Feabh inghen Chonchubhair maic Nesa bá ben do Chonall Cernach í, ⁊ rug mac dó .i. Fiacha ⁊ iss eissidhe Fíacha mac Fir Feba, ⁊ bá mac Conall Chernach é.

Fearghus mac Roích, cidh díatá? Ni ansa .i. Roích inghen Eochach maic Dhaíre a máthair, is uaithi rohainmniged. Nó com[b]adh í Roch 595b inghen Rúaidh meic Dheirg Datḣfola a sídhaibh máthair Fergusa maic Roích ⁊ mháthair Sualtaigh maic Roích, ⁊ is í tug in cumhachta sídhe do Sualtach, ⁊ comadh uaíthi isberthí Suáltach Sídhe friss.

Cíar mac Ferghusa .i. Mog Taeth. Corc Ruádh mac Ferghusa .i. Fer Déodha. mac Ferghusa .i. Conmac a ainm ⁊ Lugaid Conmac ainm aile dó. Mogh Ruith mac Ferghusa, Tigernach a ainm artús. Cíar .i. cíar odar a ghnuîs sech na macaibh ailibh. Mogh Táeth ainm aile do Chíar .i. mog Teth .i. Teth mac Degath maic t-Sin de Mhumain ro áil é, ⁊ is úad dogarar Mog Táeth de, día n-débhairt in fili isin fursunnuth:

  1. Teth mac Degath, fer gu n-gus,
    dó bá mogh mac úr d' Ferghus,
    úadh Áes Teth fri foss fuighli
    i Tír Tri Ros Rodhuibni.

Corc .i. bá corccra a ainech .i. dearg rúadh robhaí. Fer Deódha didiu ainm aile do Chorc .i. ba déodha .i. bá deídhenchu rug Meadbh é inná CíarConmac. Conmac .i. mac na con .i. bá conchaire é naít na maic aili.

 p.408

Fer Tlacht[g]a mac Fearghusa .i. Tlacht[g]a inghen Moga Ruith bá seídigh dó. Is uaithi ráiter Fer Tlacht[g]a de.

Dichmaircc .i. Laidir Ara. Is aire aderthí Láidir Ara fris. .i. bá h-ara carpait do Choin Corb mac Moga Corb, do rígh Laighen, é .i. roba laídir ⁊ bát niádh in cach irghail intí Láidir Ara. Is ar in fotha sin adubhrad Láidir Ara fris.

Mogh Ruith, cid día tá? Ni ansa. Roth mac Ríghuill ron-alt. Druí amhra in Roth sin. Is de bá Mog Ruith eissium. Nó Mog Ruith .i. mágus rotarum, ar is a rothaib doníth a taiscéladh druídhechta. Uaír is don Roth sin mac Ríghuill doríghne Mog Ruith moghsaine, día n-débhradh Mog Ruith r[i]ss. Tighernach a ainm ar tús go tugadh Mog Ruith fair.

Finit.

 441aAilill Diabalgái .i. gai diabalta, uair is leis dorondad faga artus dia beith i fail gai moir.

 441aBalar Balcbemneach .i. ar treisi a beimi.

 443aCormac Gaileng .i. gaeleng .i. gaei meblach.

 443bDairi Cerba .i. i Methus Cerba i m-Bregaib ronaltad.

 444aEber Gluṅfind .i. comarthada gela badur fora gluinibh.

 441bEochaid Gunnata .i. fear robeag h-e. Nó Eochaid Gunnata .i. ro gunnataich .i. ro bolg. Ar is leis ro fodailtea Conaille fo Erind. Nó Eochaid Gundat .i. braga fada, nam gunnd .i. braige nó muinél.

 p.410

 441bEogan Srém31 .i. sreng bai ina beolo nó fina rosc.

 444aFailbe Fland .i. Failbe ruad, nam fland derg nó ruad.

 445bFergus Caechan .i. Caechan ainm a aidi.

 446aMuireadach Muilleathan .i. mullach lethan bai occa unde.

 446bSuibni Mend .i. formendi mor ina h-irrlabra.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Cóir Anmann

Title (translation, English Translation): Fitness of Names

Author: unknown

Editor: Whitley Stokes

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Kaarina Hollo and Philip Irwin

Funded by: University College, Cork

Edition statement

2. Second draft, revised and corrected.

Extent: 18684 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of the Department of History, University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland— http://www.ucc.ie/celt

Date: 2008

Date: 2010

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G503002

Availability: Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching only.

Notes statement

This electronic text is based on Cóir Anmann (Fitness of Names), ed. Whitley Stokes in Irische Texte mit Übersetzungen und Wörterbuch, herausgegeben von Wh. Stokes und E. Windisch, dritte Serie, 2 Heft (Leipzig, 1897).

Source description

Manuscript sources

  1. Dublin, Trinity College Library, MS 1337 (olim H. 3. 18), 16th century; vellum and paper. A collection of fragments of different MSS. The main text is found on 565a–595b.
  2. Dublin, Royal Irish Academy MS 535 (olim 23 P 2, Book of Lecan), 441–447. Eleven entries lacking in the above MS are supplied from this.
  3. Dublin, Royal Irish Academy MS 1225 (olim D ii 1, Book of Uí Maine). Not used in this edition.
  4. Dublin, Royal Irish Academy MS 536 (olim 23 P 12, Book of Ballymote). Not used in this edition.
  5. Dublin, National Library of Ireland, G 2–3 olim Phillipps 7021 and 7022 (originally one volume); 14th to 15th century. Not used in this edition.

Editions and secondary literature

  1. Pádraig Ó Riain, Rawlinson B 502 alias Lebar Glinne Dá Locha: a restatement of the case, in: Zeitschrift für Celtische Philologie 51 (1998) 130–147.
  2. Sharon J. Arbuthnot, Short Cuts to Etymology: Placenames in Cóir Anmann, in: Ériu 50 (1999) 79–86.
  3. Sharon J. Arbuthnot, Fithal in Cóir Anmann, in: Scottish Gaelic Studies 20 (2000) 197–200.
  4. Sharon J. Arbuthnot, The manuscript tradition of Cóir Anmann, in: Studia Celtica 35/1 (January 2001) 285–298.
  5. Sharon J. Arbuthnot, Cóir Anmann. A Late Middle Irish Treatise on Personal Names; Part 1. ITS volume 59. (London: Irish Texts Society 2005.)
  6. Sharon J. Arbuthnot, Cóir Anmann. A Late Middle Irish Treatise on Personal Names; Part 2. ITS volume 60. (London: Irish Texts Society 2006.)

The edition used in the digital edition

‘Cóir Anmann (Fitness of Names)’ (1897). In: Irische Texte‍. Ed. by Whitley Stokes and Ernst Windisch. iii + 127 pp + 33 pp (notes and indexes). Leipzig: S. Hirzel.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G503002,
  editor 	 = {Whitley Stokes},
  title 	 = {Cóir Anmann (Fitness of Names)},
  booktitle 	 = {Irische Texte},
  editor 	 = {Whitley Stokes and Ernst Windisch},
  address 	 = {Leipzig},
  publisher 	 = {S. Hirzel},
  date 	 = {1897},
  number 	 = {iii + 127 pp + 33 pp (notes and indexes)}
}

 G503002.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

The present text represents pp. 288–410 of the volume. All editorial introduction, translation and indexes have been omitted. Notes have been omitted except where they elucidate an editorial decision. Editorial corrigenda are integrated into the electronic edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been thoroughly checked and proofread. All corrections and supplied text are tagged.

Normalization: The electronic text represents the edited text. The editor's divisions of words have been silently changed to bring them into accord with modern practice. Compound personal names are segmented in line with CELT practice.

Quotation: Direct speech is rendered q.

Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word.

Segmentation: div0=the whole work; div1=the main MS witness; div2=the individual entry; paragraphs are marked; verse occurring within paragraphs is marked as embedded poems; segemtend into lg and l. Page-breaks and MS foliation are marked.

Interpretation: Personal and group names and place-names are tagged. Objects with proper names are tagged. So are foreign words and titles of literary works.

Reference declaration

A canonical reference to a location in this text should be made using “entry”, eg entry 1.

Profile description

Creation: By (an) unknown author(s) in Irish monastic scriptoria 1050-1200

Language usage

  • Over 95% of the text is in Middle Irish. (ga)
  • Some phrases are in Latin. (la)
  • Some words are in Greek. (gr)
  • The witness list in the fornnt matter is in English. (en)

Keywords: name-lore; prose; medieval; scholarship

Revision description

(Most recent first)

  1. 2014-11-30: Header modified; new wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-08-03: File updated, conversion script run, new wordcount made, new SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-10-15: Header modified, keywords added, file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2008-03-15: Bibliography created. More parsing, more encoding streamlined; SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  5. 2008-03-13: Header updated; file parsed; encoding streamlined. (ed. Beatrix Färber)
  6. 1995-11-15: Third proofing and in-depth mark-up completed. (ed. Philip Irwin)
  7. 1995-05-29: Second proofing completed. (ed. Kaarina Hollo)
  8. 1995-03-19: First proofing completed. (ed. Kaarina Hollo)
  9. 1995-03-10: Data capture completed. (data capture Kaarina Hollo)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G503002.xml

Search CELT

  1. leg. ailche? 🢀

  2. leg. ailchibh? 🢀

  3. H. has here the Latin contraction for quam 🢀

  4. H. has here the Latin contraction for quam 🢀

  5. the d apparently dotted 🢀

  6. leg. Daiṙfine? 🢀

  7. Here rth is written for rr 🢀

  8. leg. foichni fogla 🢀

  9. leg. uindicatio 🢀

  10. (perperam) 🢀

  11. leg. quia 🢀

  12. leg. cris? 🢀

  13. But according to B: mac desium Oirbsiu proprium nomen eius Allaei nomen patris eius🢀

  14. sic. leg. tria nemhghnacht, as in marg. sup. 🢀

  15. H. adds .i. maccecht .i. mac doroíne echt, which seems to belong to div 158. 🢀

  16. leg. ónd arathur? 🢀

  17. Some omission here. Dál Mesincuirb was a tribe in the co. of Wicklow. F.M. 952. 🢀

  18. leg. Eochaid? 🢀

  19. Stokes marks as if intending to note a variant reading 🢀

  20. Stokes marks as if intending to note a variant reading 🢀

  21. Stokes marks as if intending to note a variant reading 🢀

  22. Stokes marks as if intending to note a variant reading 🢀

  23. leg. suidighud 🢀

  24. Here B. inserts: nó cern doroine in darb dael nó in doirb bai ina laim ig a breth, is de raiter Cernach de 🢀

  25. Here H. adds: cona atchíth radhairc i l-ló ⁊ a n-aídchib 🢀

  26. In H this paragraph follows div 253. 🢀

  27. leg. íar 🢀

  28. leg. Sengainn? 🢀

  29. leg. scéim, dat. of scíam 🢀

  30. sic 🢀

  31. Is srém a scribal error for sréin gen. sg. of srian = Lat. frenum? 🢀

CELT

2 Carrigside, College Road, Cork

Top