]>
Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only. The electronic edition remains the work of the late Brian Ó Cuív. It was made available with the kind permission of the copyright holder, the Editor of CELT: Corpus of Electronic Texts The present text represents pages 121–136 as transcribed and edited by Ó Cuív. The Text has been proofed twice. The electronic text represents the hardcopy edition. The author's spelling was left to stand. Direct speech is rendered When a hyphenated word (hard or soft) crosses a line break, the break is marked after the completion of the hyphenated word. There are no instances of hyphenated words crossing a page break. Names of persons are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged. Errata .i. earráide fuair na príomheólaidhe amach san stair
so Doctúir Céitin amhail chuirfoim (=chuirfíom) síos ann so. A leightheóir
gibé thú, bíodh a fhios agad nach d'fhonn
iomurbháidhi nó ráidhseachais re haonneach dá
eólaighe nó dá aineolaighe d'ollomhna nó
uaisle Éreann do
Do réir
a ndubhromar as é nídh do ba mian liom, gach seachrán
agus gach dearmad dá
Ag so cuid
dona seinleabhraibh as ar glanadh na leabhair sin thuas adubhart, mur
atá Leabhar Bhaile Uí Mhaoilchonaire do scríobh
Muirghios mac Paidín Uí Mhaoilchonaire as Leabhar na
hUidhre do scríobhadh i cCluain Mhic Nóis a n-aimsir
Naoimh Chiaráin, Leabhar Baile Uí Chléirigh do
scríobhadh a n-aimsir Mhaoilsheachloinn Mhóir
Ag so an
t-aois ealadhna lér glanadh na leabhair sin mailli re
beathadhaibh agus re naomhsheanchos na naomh Éironnach, mur
atá Cochoigríche Ó Cléirigh, agus Míchél
Ó Cléirigh, an bráthair mionúr as
Ag so nóta ar urmhór gach neithe dá bhfuaras a n-aghaidh na leabhar sin an tseanchosa do glanadh leis an aois ealadhna a leabhar an Doctúra, bíodh gur scríobhas mórán díobh ann mo leabhar féin go neamhaireach agus ar a leisge liom a bheith ag síréiliughadh saothair an duine maith.
Ar tús
san díonbhrollach, mur a n-abair gur dhearbhráthair do
Muircheartach mac Muireadhaigh mic Eóghain mic Néill
Naoighiallaigh (dá ngoirhtar Muircheartach mac Earca ó
Earc inghean Loairnn rí Alban do bheith 'na máthair
aige) Fearghas mac Eirc mic Eachach Muinreamhair do shliocht Chonaire
mic Mhogha Lámha gona chúig dearbhráthar oile do
ghabh neart a n-Alboin agus agar ríoghadh an Fearghas sin ann
ar Albain. Ag so clann athar Muircheartaigh do réir an
chraoibhsgaoilidh atá san Leabhar Eóghanach féin
orra, mur atá Muircheartach, Fearadhach, Moen agus
Tighearnach, amhail adeir an rann:
A-deir mur a labhronn ar an Lia Fáil i nGabháil Tuaithe Dé Danann gurab do shliocht Mhaine mic Cuirc mic Luighdheach an rígh Sémas gona shliocht, agus atá craobhsgaoileadh Dál Riada ag seanchaidhibh Éireann agus Alban agá dhearbhadh gur do shliocht Chonaire mic Mhogha Lámha atá do Shíol Éiriomhóin é.
Ag so mur chuirsiot an t-aois ealadhna go deidhionach áiriomh na haimsire ó Ádhomh go gein Críost síos do réir mur do scríobhsat a seanughdair féin ina seanleabhraibh ar lorg an dá fhear seachtmhoghad agus ughdair aireaghdha eólach 'na heaglaise leanas a lorg-sidhe a n-áiriomh na n-aos. Óir gé atá sainiughadh agus éxsamhlacht fhaisnéise ind áiriomh na n-aos ccéadna eidir ughdaraibh iomdha, as iad an dá fhear seachtmhoghad gus an druing leanas iad ina rímh agus ina n-áireamh as mó do leansat seanughdair na Gaoidhilge diaidh a ndiaigh.
Áiriomh
an dá fhear seachtmhoghat ar na ceithri cédaosaibh don
doman: ó Ádhomh go dílinn 2242; ó dhílinn
go hAbraham 942; ó hAbraham go Dábhídh 940; ó
Dhábhídh go broid Babilóine 485; an cúigeadh
haois ó bhroid Baibilóin go gein Críost 590. As
uime do chuirsiot na hughdair do lean an dá fhear
seachtmhoghat nuimhir bliadhan an cúigeadh haimsir leis na
ceithri cédaoisaibh do chomhlíonadh na nuimhire
bliadhna so 5199 .i. an líon bliadhan ó Ádhomh
go gein Críost. As dona hughdaraibh leanas an dá fhear
seachtmhoghat is na ceithri
Mur so chuirios ríoghraidh Tuaithe Dé Danann síos i. Nuadha Airgiodlámh ar tús roimh Bhreas mac Ealathain agus do-bheir tríocha bliadhain dó a n-áit fhithchit bliadhan. As amhlaidh chuiras an Leabhar Gabhála agus an nuile dhuain seanchois agus Réim Ríoghraidhe dá labhrann orra síos iad .i. Breas seacht mbliadhna gur híocadh lámh Nuadhat, agus Nuadhat fithche iar sin.
Ní
A-deir gurab
trí bliadhna ochtmhoghat ar dhá chéd iar
mbáthadh Pharao a Muir Ruaidh tángadar Mic Míleadh
i n-Éirinn. A-deir an Leabhar Gabhála atá glan
ón aois ealadhna gurab a ccionn trí mbliadhan ar
ochtmhoghat ar thrí chéd tángadar iar mbáthadh
Pharao go hÉirinn, agus cuirid síos gach rígh
dár ghabh an Éigipt ón Pharao Cincris sin do
báthadh a Muir Ruaidh go
Cobhlach Mac Míleadh do réir Leabhair an Doctúra 30 longa agus tríocha laoch ann gach luing. Cúig longa ar thrí fithchit do réir an Leabhair Ghabhála.
A-deir gurab
é Cairbre Músg mac Conaire fuair a bhfuil ó
bhealach mhór Osraighe go Cnoc Áine Cliach a nduais
dána ó Fhiacha Mullethain mac Eóghain Mhóir.
As cian d'aimsir ria Fiacha Mulleathain do-chuadar sliocht Fiachach
Fir Mara mic Aonghosa Tuirmhigh Teamhrach don
Ní áirmhionn acht 14 bliadhna d'Éiriomhón a n-áit chúig bliadhna dég.
Ní
áirmhionn acht 67 bliadhan do Thighearnnmos a n-áit 77
bliadhan, agus a-deir na hioldatha tugadh ar édoighibh le linn
Eochach
Seachtmhoghat bliadhan chuirios a n-áit 40 ar Chearnmna agus ar Shobhairce.
Ní chuirionn acht trí bliadhna ar Fhiacha Labhroinne a n-áit 24.
Seacht mbliadhna chuiras ar Fhaildeargoid mac Muineamhoin a n-áit 10 mbliadhan.
Ní thugann d'Ollomh Fódhla acht tríocha bliadhain a n-áit 40 bliadhain.
Do-bheir tríocha bliadhan in-áit 20 bliadhain d'Fhionnachta mac Oiliolla.
Cúig bliadhna dég do-bheir do Shlánoll mac Ollamhan a n-áit seacht mbliadhan.
Do-bheir 17 mbliadhna do Ghéidhi Ollghothach a n-áit 12 bhliadhan.
Do-bheir tríocha bliadhain d'Fhiacha mac Fionnachta a n-áit 20 bliadhan.
Do-bheir do Shíorna Síorshaoghlach mac Déin 21 a n-áit 150.
Do-bheir 22 bhliadhain d'Art Imleach mac Éilim a n-áit 12 bhliadhain.
Do-bheir seasga bliadhain do Nuadha Fionn Fáil a n-áit 12 bliadhain.
Do-bheir 30 bliadhain d'Fhionn mac Bratha a n-áit 22 bhliadhan.
Ní thugann acht cúig bliadhna do Dhuach Fionn mac Sédna a n-áit 10.
Do-bheir ceithri bliadhna do Mhuireadhach Bolgraidh i n-áit bliadhna agus míosa.
Deich mbliadhna do-bheir do Chonoing Begeglach a n-áit 20 bliadhan.
Secht mbliadhna do-bheir d'Fhiachta Tolgach a n-áit 10 mbliadhan.
Naoi mbliadhna do-bheir
Ní thugann d'Úghoine Mhór acht tríocha bliadhain a n-áit 40 bliadhain.
Ocht mbliadhna dég do-bheir do Labhraidh Loingseach a n-áit 10 mbliadhna.
Seacht mbliadhna do-bheir do Mheilge Molbthach a n-áit a 17.
Naoi mbliadhna do-bheir
Cúig bliadhna dég do-bheir do Chonnla Cruaidhchealgach a n-áit 20 bliadhan.
Aoin bhliadhain dég do-bheir d'Eochaidh Ailtleathain a n-áit 17 bliadhan.
Do-bheir a dó dég d'Fhearghas Fortamhail a n-áit aoin bhliadhain dég.
Do-bheir ocht mbliadhna fithchit d'Énna Aighneach a n-áit 20 bliadhain.
Ní thugann acht tríocha bliadhain a n-áit 70 do Rudhraidhe mac Sitrighe.
Trí bliadhna do-bheir do Ionnadmair a n-áit naoi mbliadhan.
Cúig bliadhna do-bheir do Lughaidh Luaighne a n-áit a cúig dég.
Sé bliadhna dég do-bheir do Eidirsgél a n-áit cúig mbliadhna.
Sé bliadhna dég do-bheir do Lughaidh Sraibhndearg a n-áit 26 mbliadhan.
[7] Fithche bliadhain do-bheir d'Fhearadhach Fionnfheachtnach a n-áit dá bhliadhain agus fithche.
Seacht mbliadhna fithchiot do-bheir d'Fhiacha Fionnfholaidh a n-áit a 17.
Ní thugann acht fithche bliadhain do Chonn Cédchathach a n-áit 35 bliadhan.
Seacht mbliadhna do-bheir do Chonaire a n-áit ocht mbliaghna.
Seacht mbliadhna fithchet do-bheir do Chairbre Lifeachair a n-áit a 17.
Trí bliadhna dég ar fhithchit do-bheir d'Fhiacha Sraibthine a n-áit 37.
Do-bheir trí bliadhna ar fhithchet do Mhuireadhach Tíreach a n-áit 30 bliadhan.
Seacht mbliadhna do-bheir d'Eochaidh Moighmheadhón a n-áit ocht mbliadhain.
Do-bheir seacht mbliadhna dég do Chriomhthonn mac Fiodhaigh a n-áit a 13.
Ní thugann acht trí bliadhna do Thuathal Mhaolgharbh a n-áit 11 bliadhan.
Do-bheir dhá bhliadhain agus fithche do Dhiarmaid
Do-bheir trí bliadhna d'Eochaidh agus do Dhomhnall a n-áit dá bhliaghain.
Do-bheir seacht mbliadhna fithchet d'Aodh Uairiodhnach a n-áit seacht mbliadhan.
Do-bheir ceithri bliadhna do Mhaolchobha a n-áit trí mbliaghan.
Ní thugann acht trí bliadhna dég do Dhomhnall mac Aodha a n-áit 16 mbliadhan.
Trí bliadhna dég do-bheir do Chonall agus do Cheallach a n-áit seacht mbliadhna dég.
Sé bliadhna do-bheir do Bhláthmac agus do Dhiarmaid a n-áit ocht mbliadhan.
Sé bliadhna do-bheir do Sheachnosach a n-áit cúig mbliaghan.
Seacht mbliadhna do-bheir d'Fhionnochta Fleadhach a n-áit fithche bliadhan.
Do-bheir naoi mbliadhna do Chongal Cinnmhaghar a n-áit seacht mbliadhan.
Seacht mbliadhna dég do-bheir d'Fhearghal mac Maoile Dúin a n-áit 10 mbliadhan.
Ceithri bliadhna do-bheir do Chaonaodh a n-áit trí mbliaghan.
Dá bhliadhain ar fhithchit do-bheir do Dhomhnall mac Murch
Ceithri bliadhna do-bheir do Niall Frosach mac Fearghail mic Maoile Dúin a n-áit seacht mbliadhan.
Ceithri bliadhna fithchit do-bheir d'Aodh Oirdnidhe a n-áit cúig bliadhna fichit.
Ní thugann acht fiche bliadhain do Dhonnchadh mac Floinn a n-ait a 25.
Deich mbliadhna do-bheir do Chonghalach mac Maoilmhithigh a n-áit a 12.
Deich mbliadhna do-bheir do Dhomhnall mac Muircheartaigh a n-áit 24 mbliadhan.
As iongnadh liom dá olcas Leabhar Gabhála nó Réim Ríoghraidhe dá ttarla leis an Doctúir a mbeith comhdhearmadach seachránach leis an leabhar sa, agus as mór an bharamhail atá agom ar son gur beg le [8] trí fithchit bliadhain ó do thrácht Séthrún Céitin a leabhar gurab iomdha lámh do scríobh é ó shoin do-rinne dearmad agus díochuimhne ar chóip láimhe an Doctúra gan a scríobhadh commaith agus do fhágaibh é.
Cuiridh leabhar an Doctúra síos ina a bhfoisgél uaigneach go raibhe dhá chluais capoill ar Labhraidh
Loingseach mac Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Úghoine
Mhóir .i. sinnsior na Laighneach. Agus gibé mur atá
an sgél sin 'na fhírine nó 'na bhréig, ós
'na bhréig as cosmhoile a bheith, as é duine ar a ccuirionn Leabhar Arda Macha an sgél sa ar thighearna do bhí ar Úíbh Fáilghe dárbh ainm Eochaidh, agus as air do bhí an
Cairbre Cinn Cait do Aithigh Tuathaigh ro ghabh flaithios Éirionn tar éis Criomhthoin Niadh Náir, as é áit a ccuirionn Leabhar an Doctúra síos é a ndiaidh Fiachach Fionnfholaidh; agus trí rígh ó Chairbre Cinn Cait anuas an Fiacha sin.
Cuiridh síos mur an ccédhna gur bhris Mogha Nuadhat deich ccatha ar Conn Cédchathach, agus ainm na n-áiteadh inar bhris iad. Ní fhuil
[58] Is amhlaidh fuaras sgéala / Eoghain Mhóir ar Mhuigh Léana / nach raibh i gcathair mar Chonn / do dhóigh a harmaibh eachtronn. (It is thus I have heard the tale about Eoghan at Magh
Leana. He put his trust in an army of foreign troops, and was not on
the alert like Conn.)
[59] Geibhis ar maidin go moch / a chodladh níor chodladh troch / mar nach raibhe coimh-líon céad /do bhí Conn ar a
choiméad. (Conn went forth in the early morning—his sleep was
not the sleep of sluggards. Because Conn had not equal numbers of
troops he was on his guard.)
[58] Is amhlaidh fuaras
sgéala / Eoghain Mhóir ar Mhuigh Léana / nach
raibh i gcathair mar Chonn / do dhóigh a harmaibh eachtronn.
(It is thus I have heard the tale about Eoghan at Magh Leana. He put
his trust in an army of foreign troops, and was not on the alert like
Conn.)
[59] Geibhis ar maidin go moch / a chodladh níor chodladh troch / mar nach
raibhe coimh-líon céad /do bhí Conn ar a
choiméad. (Conn went forth in the early morning—his sleep was
not the sleep of sluggards. Because Conn had not equal numbers of
troops he was on his guard.)
Do-gheibhim
san leabhar chéadna é ag labhairt ar Fhorbhais Droma
Dámhghoire. Ag so mar a-deir:
Tarla fan am sin teirce feóla ar Chormac mac Airt rígh Éreann, agus é ar ccaithiomh cíosa na ccóigeadh tré líonmhuire lochta a theaghlaigh; agus do-rinne comharle rena
fheadhmontach cionnas do-ghébhadh nídh re riar a
mhuirir go ham a chíosa do thógbháil. As í
comhuirle tug a fheadhmantach dhó, sluagh líonmhar do
thionól agus triall don
A-táid
trí hadhbhair as nach cóir meas fírinne do
bheith ar an fhoisgél beg fábhoill sin. An cédadhbhar,
nach raibhi rígh ar Éirinn riamh ria ccreidiomh dob
egnaighe eólaighe iná Cormac agus dob fhearr ceart agus
smacht iná é; agus do bhí ro-fhírénta
ionnas gur thaisbéin Dia soillsi an chreidimh dhó as a
fhírinne agus as a eólas do réir mur a-deir an
Doctúir féin agus mórán do
sheinleabhraibh Éireann. Uime sin as dochreidthe go ccuirfeadh
roimhe ainchion nó cíos do chur a a bhráthair
féin, Fiachra Mulleathan rígh Mumhan, nár chuir
aoin rígh roimhe ar chomhairle feadhmantaigh nó duine
eile ainbhfiosaigh. An dara hadhbhar, as iongantach liom go
ccuirfeadh draoithe nó diabhaldánacht ar bioth dúile
Dé ar a ccomhairle féin le hoibriughadh do dhénamh
acht do thoil Dé féin. An treas adhbhar, dá
mbeith Fiacha comhneartmhar agus a-deir an sgél-sa as iongnadh
nach beanfadh an ríghe do Chormac nó roinn innte,
amhail a-dubhairt Lughaidh Ó Cléirigh ag tagra re Tadhg
mac Dáire ar an ccúis chéadhna:
[174] Mo náire a Lughaidh a luadh /
mar thig tú tar Caoille an Druadh / éigin damh dá
chlaochlódh soin / fírinne an sgéil do
leanmhuin. (I am ashamed to repeat what you say of Caoille an
Druadh. I must to refute what you say, detail the truth of the
story.)
[175] Cormac féin thug leis a tuaidh / draoithe d'iarraidh beirthe
buaidh / dár thráighsead uisge Mumhan / ceathra is
daoine ar dtiormughadh. (It was Cormac himself who brought from the
North, to conquer by means of them, druids at whose word Mumha's
waters ebbed away, and cattle and men were parched.)
[176] Dealbhaid mar sheasamh dá spairnn / caoire ris nach gabhdaois
airm / más maiseach an iarraidh neirt / dod rígh
onórach oirdheirc. (As a resource for their fight, the druids
form fire-balls, against which arms availed not,—if that be,
for your honourable noble king, a creditable means of getting power!)
[177] Cuirid sluagh Muimhneach a-muigh / fios ar an sean-draoi Mogh Ruith /
dá bhfuair d'fearann feasach dhuit / ar chosg draoidheacht
druadh Cormaic. (The host of Mumha then send for the old wizard
Moghruith. You know of the land he got for checking the wizardry of
Cormac's druids.)
[178] Coisgis Mogh Ruith ceird na ndruadh / 's ar a shon do ghlac a luach /
Fiacha Muimhneach do chlaoi a neart / níor chlaoi Mogh Ruith
acht draoidheacht. (Moghruith baffled the druids' arts, and got the
reward for that. Fiacha of Mumha broke the strength of the Northerns.
Moghruith only destroyed their wizardry.)
[179] Ann ngach ionadh theas is thuaidh / i bhfuil sgríobhtha sdair an
tsluaigh / ar a n-abraim an-oise / tógbhaim í mar
fhiadhnaise. (I take the story of that hosting where it is found
written everywhere North or South to witness to the truth of what I
say.)
Cuiridh síos gurab é sinnsior Síol Súiliobháin tug a
aonshúil don draoi. Mur so aithrisios sin:
As a n-aimsir Dhiarmada mic Cearbhoill do bheith a bhflaithios Éireann
táinic fili Alban[ach] dárbh ainm Labhán draoi a
nÉirinn, agus do-chualaidh iomrádh ar eineach Eochaidh
aonshúla sinnsior Síol Súiliobhán, agus
triallas dá fhios don Mhumhain; agus mur ráinic
Eochaidh [12] iarras a shúil air, agus do fhaomh Eochaidh sin
dó. Agus tarla Ruadhán Lothra an tan sin a bhfarradh
Eochaidh, agus an tan do-chualaidh an itche ainndlightheach iarras ar
Dhia súil Labháin do dhol i cceann Eochaidh agus an
feidhm do-níodh do Labhán do dhénomh dhó.
Agus ann sin
As follas san leabhar dinnsheanchois agus i cCuairt Athairne, gibé do léighfeadh iad, gurab é Eochaidh mac Luchta do chlannaibh Deadhaidh do bhí 'na rígh Mhumhan tug a aonshúil do Athairne áilghiosach, draoi nó file do bhí ag Conchobhar mac Fachtna Fáthaigh rígh Uladh. Agus as uime do iarr í a ndíoghoil Ceirce Boirche rugsat éigis cóigidh Mhumhan ó Chonchobhar, .i. Feircheirtne, file Con Raoi mic Dáire. Agus do bhí cúig céd go leith agus corra bliadhain eidir aimsir Chonchobhair agus Con Raoi mic Dáire agus aimsir Dhiarmada mic Fhearghosa Ceirbheóil agá n-abair seision an sinnsior sa Shíol Súilliobhán do bheith a ccomhaimsir fris.
A-deir gur le
A-deir gur le
linn Tuathail Mhaolghairbh do bhí a bhflaithios Éreann
roimh Dhiarmaid mac Cearbhoill do ghabh Guaire Aidhne mac Colmáin
ríoghacht Chonnacht a ndiaidh bháis Eóghain Bél.
Ag so mur a-deir ag labhairt ar Cheallach mac Eóghain Bél
agus ar Ghuaire (agus a-tá a fhios agom gurab é as
ughdar dó leis sin sgél beg brégach dá
ngoirthar 'Oidhidh Ceallaigh mhic Eóghain Bél'):
Do ghabh Guaire mac Colmáin ceannas Connacht a ndiaidh Eóghain
Bél, agus tarla an tráth sin an mac fá sine ag
Eóghan Bél 'na dhalta ag Ciarán ar tí a
bheith 'na [13] mhanach. Ceallach fá hainm dó. Agus
brégthar le cairdibh Eóghain a coimhthionól
Chiaráin é re ceannas feadhna do dhéanomh orra
féin a n-aghaidh Guaire. Gidheadh ar ttoidheacht amach tug
Ciarán a mhallacht dó agus iarras ar Dhia bás
foiréigneach dá bhreith. Ar mbeith iomorro sealad mur
sin do Cheallach do thuig gurab olc do-rinne míréir
Chiaráin do dhéanomh, agus téid d'fhios an
naoimh Ciaráin, agus
Ní fhuilim ag cur 'na aghaidh nach mur sin do fuair Ceallach bás
le daoinibh éigin oile, acht amháin nach raibhi cuid ag
Guaire dhe, óir nír geineadh san saoghal é re
linn Tuathail Mhaoilghairbh do bheith a bhfhlaithios Éireann,
agá n-abrann seision gur re linn an Tuathail sin do
básaigheadh é, ar an adhbhar, do réir an
Leabhair Ghabhála, go raibhi dhá rígh dhég
a bhflaithios Éireann diaidh a ndiaidh ó Thuathal
Maolgharbh go Diarmaid Ruanaidh mac Aodha Sláine do ba rígh
Éireann re linn Guaire; agus fós go raibhe ocht rígh
ar Connacht ó Eóghan Bél fá hathair do
Cheallach go Guaire Aidhne. Ag so bliadhna báis an Eóghan Bél do marbhadh i cCath Slighigh le Fearghas agus le Domhnall—
Tuathal Maolgharbh do marbhadh an bhliaghain-si—538
Diarmoid mac Cearbhoill do marbadh an bhliadhain-si—558
Guaire Aidhne d'ég an bhliadhain-si—663.
Ag so mur
a-deir Leabhar an Doctúra ag labhairt ar Fheidhlimidh mac
Criomthoinn:
Tug an Feidhlimidh sin,' ar sé, 'meadharchuairt Leithe Chuinn agus
Laighion, agus do íoc riu an cíos do dhlighiodar
d'fhagháil ó ríoghraidh Chaisil [14] agus an biatachas do bhí
d'fhiachaibh orra-san do thabhairt dó-san dá chionn
agus an éirghe amach do bhí aige orra amhail chuirios
Beinén naomhtha mac Seisgnéin príomhfháidh
Éireann síos a Leabhar na cCeart san duain darab tosach
"Dlighiodh gach rígh ó rígh Caisil, &c.".
Ag so imorro cíos agus tuarasdal na ríogh sin ó
rígh Caisil agus a chuairt agus a aimsir biata orra-san dá
chionn, .i. céd cloidheamh, céd cornn, céd each,
agus céd brat uadha do rígh Cruachain, agus biathadh
dhá ráithe ó rígh Cruachain do rígh
Caisil agus a dhol leis goa Tír Conaill; fithche fail nó
fáinne, fithche fithchioll agus each do rígh Ceinél
cConaill, agus biathadh míosa ó rígh Ceinél
cConaill dhó agus a dhol leis a tTír
.
Measoim féin nach é,
agus nach é Páttraig, ná Beinén, ná
seanchaidh ar bioth dár chóir meas seanchaidh do
thabhairt dhó, do chum é, agus gibé sruthaire ar
lorg ealadhan nó dothuata do chum é ar tús agus
do chuir i seilbh Beinéin é, ionnas go madh móide
do creidfidhe gach nídh dár chuir ina dhuain bhréige
uaidh, agus do ba mór an mímheas do dhuine naomhtha nó
riaghalta a leithéid do nídh écceart éccosmhail
do chur [15] 'na leith iná gan a chur; agus más Leabhar
na cCeart ghoiris an Doctúir don leabhar ina bhfua[i]r é,
as dísle Leabhar na nÉcceart do ghairm de iná
Leabhar na cCeart. Agus dá dhearbhadh é, faicim cia hé
an rígh do bhí i cCaisil riamh ria bPáttraig nó
iar bPáttraig tug an mheadharchuairt a-deir le neart nó
lér díoladh an connmheadh nó an chóisridheacht
a-deir, nó tug uaidh gach tuarasdal dá luaidhionn
d'uaislibh Éireann, nó
Ag so mur a-deir a cCath Cluana Tarbh ag labhairt ar Mhaoilsheachlainn:
Féach, a léightheóir, bíodh gurab ar shluagh Bhriain do
bhí Maolsheachloinn agus Fir Mhidhe ag teacht go láthair
an chatha, máseadh do bhí do cheilg eidir é féin
agus Lochlonnaigh nach ttáinig san ordughadh i measg sluaigh
Bhriain acht as eadh do-rinne é féin agus a shluagh
d'fhanmhoin do leataoibh an chatha amhail ro [16] ordaighsat
Lochlannaigh dó.
As mó as inchreidthe na leabhair oiris agus annála do scríobhadh leis an aois ealadhna diaidh a ndiaidh agus do bhí a n-orlamhos agus a ccoimhéd ag an eaglais ionnas nach ccuirfidhe brég ionnta iná stair Chatha Cluana Tarbh ó aonughdar amháin dá fheabhas gan breathnughadh nó breathamhnas an aois ealadhna nó na seanchaidh go coitchionn do bheith air; óir as amhlaidh a-deir an Leabhar Gabhála agus na leabhair airis gurab é Maolsheachloinn gona mhuintir do chothaigh an cath tar éis marbhtha Briain agus Murchaidh agus uaisleadh Dál cCais d'urmhór gur bhrissiot ar Lochlannaibh agus ar Laighnibh go raibhe marbhadh agus mudhughadh aca orra ó Chluain Tarbh go hÁth Cliath. Measoim fós nach raibhi cairdeas nó caradradh nó síothcháin eidir Mhaoilsheachloinn agus Lochlonnaibh acht uiread le Brian, amhail as follas is na cathaibh do chuir orra. As cosmhail fós mua bheith fonn air cuidiughadh le Brian agus leis an ríoghacht, nach rachadh ann acht uiread le Ceinél cConaill nó Eóghain.