CELT document G600009D

Regimen na Sláinte

 p.1

Regimen na Slāinte

 353

In hoc autem opusculo quinque sunt partes prinncipales, .i. tuic co fuilid cūig phairteagail phrinncipālta annsan obair big so do thinnsgnus: an cēd-phairteagal dīb dona neithib tic roim riaglachaib regimen na slāinti; an dara pairteagal do riaglachaib regimen na slāinti do-gabur ō na neithib nādūrda; an treas pairteagal do riaglachaib regimen na slāinti do-gabur ō na neithib nach nādūrda; an ceathramad pairteagal do 10 riaglachaib regimen na slāinti do-gabur ō na neithib atā a n-aigid na nādūire; an cūigead pairteagal d'innstruimintib ēigin gnāthuigmid a coimēd na slāinti.

Et connmd an cēd-phairteagal dīb so dā 15 chaibidil: an chēd-chaibidil d'ēigintus regimen na slāinti; an dara caibidil dā innisin cad is slāinti ann.

An dara pairteagal atāit seacht caibidleacha ann: an chēd-chaibidil dīb dona riaglachaib 20 do-gabur ōn choimplex nādūrda co huilidi; an dara caibidil dona riaglachaib do-gabur ōn ēgosg; an treas caibidil dona riaglachaib do-gabur ōn aīs; an ceathramad caibidil dona riaglachaib1  p.2 infra 106 do-gabur ōn tuitim nādūrda; an cūigead caibidil 25 dona riaglachaib do-gabur ōn aibīc; an seisead caibidil dona riaglachaib do-gabur ō ēgsamlacht na mball; an seachtmad caibidil do riaglachaib dīsle an ēgoisg bannda.

An treas pairteagal atāit caibidleacha fichead 30 ann: an chēd-chaibidil dona riaglachaib do-gabur do leith na ndūl teagmus co fuirimeallach don chorp daena; an dara caibidil do thshaethur; an treas caibidil don choimilt; an ceathramad caibidil don fhothragad; an cūigead caibidil don 35 choimriachtain; an seisead caibidil do na neithib ithtear ⁊ ibthear co generālta; an seachtmad caibidil don chodlad ⁊ don neam-chodlad; an t-ochtmad caibidil d'aicīdib na hanma; an naemad caibidil do cheathra 2 haimsearaib na bliadna; an 40 deachmad caibidil dona grānaib dā ndēntur in t-arān; an t-aenmad caibidil dēg dona potāitsib; an dara caibidil dēg dona torthuib; an treas caibidil dēg dona praiseachaib; an ceathramad caibidil dēg dona prēmuib; an cūigead caibidil 45 dēg don fhungus; an seisead caibidil dēg do thrufulus; an seachtmad caibidil dēg dona feōlannuib; an t-ochtmad caibidil dēg dona hiasguib; an naemad caibidil dēg do na 3 himurcachaib na n-ainmintid; an ficheadmad caibidil dona blasaib; 50 an t-aenmad caibidil fichead dona deochaib; an dara caibidil fichead dona hēdaighib; an treas  p.3 infra 107 caibidil fichead don droing lērb āil beith 'na mbeathaid co fada; an ceathramad caibidil4 fichead do lucht an tsiubail; an cūigead caibidil 55 fīchead do lucht tsibail in mara; an seisead caibidil fichead dona comtshuigigthib ⁊ dā ngnāthugad.

An ceathramad pairteagal atāit cūig caibidleacha ann: an chēd-chaibidil dīb don droing atā ullam chum tuitme a n-easlāinti; an dara caibidil dona 60 neithib choimēdus ōn phlāid sinn; an treas caibidil dona neithibh choimēdus ōn neim sinn; an ceathramad caibidil don droing bīs ag ēirgi a heaslāinti; an cūigead caibidil don gnāthugad.

An cūigead pairteagal atāit naī caibidleacha 65 ann: an chēd-chaibidil dīb don chuislinn; an dara caibidil don5 fhāsadairc; an treas caibidil do shangis sugi; an ceathramad caibidil dona poncaib; an cūigead caibidil don leigeas lagthach; an seisead caibidil don sgeathraig; an seachtmad 70 caibidil don chlisteri; an t-ochtmad caibidil dona gaeithib meala; an naemad6 caibidil don phisairium.


Unknown author

Regimen Sanitatis Magnini Mediolanensis

Edited by Séamus Ó Ceithearnaigh

Regimen na Sláinte

1. An cēd-phairteagal

1. An c hēd -c hai b idil : D'ēigintus regim en na sl āint i

Quod regimen sanitatis sit nisisarium,. i. is ēigin duit dā shligid do beith agad chum dearbtha.  p.4 infra 107-108 75 regimen na slāinti do beith ēigintach. An chēid-tsligi dīb do-gabur ī ō ēgsamlacht an chuirp daena. Ōir atā corp in duine ēgsamail so-chlaechluigthi ar son nach coimēdann sē in comshuigiugad fuair sē ō thosaigib a choimplexa. 80 Ōir is ē is adbur dār corpuib-ne dā sperma atā fliuch silteach ⁊ fuilingtheach co mōr: ōir is urusa gnīm do dēnam ar an flichideacht. Ōir is ōn dā  354sperma sin maille rē fuil mīsta na mnā geintear na boill ⁊ na spiraid ⁊ an teas rē n-abur innátus 85 (i. ōn rann is reime ⁊ is corparda geintear na boill, ⁊ ōn rann is sēime geintear na spiraid) et ar an adbur sin do baramail drong ēigin gurab sēime ⁊ gurab pōireamla sperma an fhir nā sperma na mnā an fhuil. An fhuil mīsta immorra, inntaigthear 90 a spiraid hī comprāidigthear risin craidi ⁊ risna ballaib eile mur do-nīthear an phrēm risin ngēig, ōir mur geintear an gēg as in prēim is mur sin tairrngius an craidi ⁊ na boill eile a mbunāit dīleas ōn spirad so. Et trē mur atāit adbair ar 95 corp ⁊ ar mball fuilingtheach go mōr ar son a lāibeamlachta ⁊ a flichideachta, ⁊ sinne ar n-ar ngeineamain a crīch dēiginaid na lāibimlachta ⁊ na flichideachta sin, nī hingnad a rād co fuilmid fuilingtheach gu mōr; ōir nī fhuilmid mur atāit 100 na clocha ⁊ na mitaill nach ēidir do dīsgaīlead acht rē haimsir fada. Agus do fhoillsigmur leath-a-tuas dīn co fuilid ar cuirp sochlaechluigthi innus gurab urusa leō tuitim leath-amuidh do  p.5 infra 108-109 thearmannachaib dīsle na slāinti: ⁊ ar an adbur sin 105 rigid a leas an regimen ⁊ an coimēd dā ngairthear regimen na slāinte.

Et nī fhuil an regimen so na slāinti ēigintaig 7 innus co saerfad sē ō bās sinn. Acht atā se tarbach co speitsialta ar son dā shocomlacht: an chēd- 110 shocomlacht dīb ar eagla cnaīti imaurcaidi na flichideachta prēmamla; an dara socamlacht d'eacla morgaid na leannann. Ōir dā seachrānaidthear annsa regimen fēdtur an fhlichideacht nādūrda sin do chnaī, mur theagmus a lucht an tshaethair 115 mōir ⁊ do lucht an trēiginuis. Et fētur an teas rē n-abur innatus do mūchad mur theagmus don droing caithius mōrān ⁊ do-nī comnuide mōr. Et fētur morgad ⁊ fiuchad do theagmāil isna leannaib mur is follus annsna rēdaib rannchuididius 120 rē teas eachtrannach ⁊ rē flichideacht aicīdig deathmair, ōir atāit na neithe so imchubaid chum morgaid ⁊ chum fiuchtha do gabāil chucu; ⁊ foillseōchmaid sin nī as fearr annsa proces. Et is mur so as follus an chēid-tshligi do beith tarbach 125 do leanmuin luirg regimen na slāinti.

An dara sligi d'fhoillsiugad na neithead do-gabur ō ēgsamlacht na neithead nach nādūrda, ōir ni fhuilid ēigintach dār corpaib uile, mur atāit so: .i. bīad, ⁊ deoch, ⁊ aēr, folmugad ⁊ līnad, 130 codlad ⁊ neam-chodlad, cumsanad ⁊ cumsgugad, ⁊ aicīdi na hanma; ⁊ as rū so adearar na neithe  p.6 infra 109-110 nach nādūrda ar son co teagmann do duine gnāthugad maith olc innta so ⁊ ar an adbur sin teagmaid do duine seachrān innta nō oibriugad 135 co dīreach; ⁊ ar an adbur sin rigmid a leas ealada a timchill gnāthuigthe na neithead sin. Ōir is amlaid atā an ealada ag labairt dona neithib dā teagmann seachrān nō oibriugad dīreach; ōir is ēidir lē neach seachrān8 do dēnum a 140 ngnāthugad bīd ⁊ digi, ⁊ mur sin dona neithib eile; ⁊ is ēidir leis gnāthugad dīreach do beith aigi annsna neithib cēdna. Ar an adbur sin is tarbach do duine ealada do beith aigi do sheachna an droch-gnāthuigthe ⁊ do leanmuin an gnāthuigthe 145 maith.

2. An dara c ai b idil : Dā t hui csin cad as sl āint i ann

Ad sciendum quid sit sanitas, .i. dā thuicsin cad is slāinti ann ⁊ cā mēid mod a n-abur ī, ōir nī hurusa an tslāinti do choimēd muna tuicthear cā mēid mod ō n-abur ī; et ar in dhbur sin 150 abrum ar dūs cad is slāinti ann ⁊ an dara huair cā mēid modh ō n-abur ī. 9 Et nī thabramaid  355dār n-aire acht labairt do shlāinti an duine amāin,  p.7 infra 110-111 na neithead ele tic chum gnāthuigthe an duine. Ōir dligid gach aen-duine beith slān chum oibrigthe 155 gnāith do dēnum gan gortugad mothuigtheach; ōir is uime adearar an tshūil do beith slān an uair fhēdus sī gnīm gnāthach an fhēghtha do dēnam gan gortugad mothuigtheach; ⁊ a chusmailius sin as intuicthi dona ballaib eile. Et ar 160 an adbur sin adearmaid gurab eadh is slāinti ann aentshuigiugad maith an chuirp daena trē ngnīmaiginn ⁊ trē fuilnginn an gnīm an fulang do tidlaicead dō do rēir nādūire gan gortugad mothuigtheach. Et as é an suigiugad so atā co 165 bunāiteach ⁊ ar tūs annsna ballaib homogenia annsna ballaib comchusmaile, mur atā an fheōil ⁊ in cnāim ⁊ a cusmaile. Et gairthear cudrumacht na ceathra cēd-chāilead10 de so, mur atā teasaideacht ⁊ fuaraideacht, flichideacht ⁊ tirmaideacht; 170 ⁊ is ōn chudrumacht sin ēirgius an tslāinti chomchusmail ⁊ is coimplex ī.

Tuillead: an comshuigiugad maith is slāinti do-gabur annsna ballaib ētomogenia 11 amāin nō oificeacha; ⁊ do-gabur ē annsa lāim, annsa 175 chois, ⁊ annsan inchinn, ⁊ annsa chraidi. An tslāinti so nī cudrumacht teasaideachta nā fuaraideachta, flichideachta nā tirmaideachta, amāin ī, acht cudrumacht cāilideachta na mball mbeac ⁊ na figrach ⁊ na suigigthi. Ar an adbur sin  p.8 infra 111-112 180 nī lōr comad ēidir leisin cois nā leisin lāim a hoibriugad gnāthach do dēnum gan gortugad mothuigtheach, an coimplex do beith measurda do rēir mur do-gabur ō chudrumacht na teasaideachta ⁊ na fuaraideachta, na flichideachta ⁊ na tirmaideachta, 185 acht is ēigin don lāim faris sin cāil dleīstinach do beith aici ⁊ figair dleistinach ⁊ suigiugad dleistinach, ⁊ suigiugad crīchnuigthi do mēruib; ōir cōirigthear na boill orgānta ō na ballaib cusmaile, ⁊ ticid siat uatha mur sin, ⁊ 190 tic slāinti na mball orgānta ō shlāinti na mball comchusmail. Ōir atā an corp uile arna chōrugad ō ballaib ēgsamla comchusmaile ⁊ orgānta, ⁊ is inta so do-gabar an tslāinti co huilidi fā deōig. Ar an adbur sin gan qunntabairt is ō chomchlaechd 195 na n-uile ball, ōna comaentugad mur atāit na boill phrinncipālta ⁊ na boill nach prinncipālta ⁊ na mball aenda ⁊ na mball orgānta, tic slāinti in chuirp co huilidi. Mās ead iarthur chum slāinti an chuirp co huilidi commēdugad 200 na mball comchusmail ⁊ cudrumacht na mball orgānta ⁊ inannus an gach nī dīb. Ar an adbur sin is follus cad is slāinti ann, ōir as ē a regimen do-bērmaid dār n-ūig.

Nunc autem, .i. is cōir dūin anois a innisin cā 205 mēd mod ara n-abur an tslāinti an mēid beanus sī rēnar n-adbur. Mās ead as intuicthi dūin nā bī slāinti an duine annsna neithib do-roinnti; ⁊ foillsigmid sin ar tūs; ōir dā mbeith slāinti  p.9 infra 112 an duine annsna neithib do-roinnti do bud ēigin 210 dūin fuirceadal sīraidhi an fhulaing d'fhaghbāil, mur mīnidius Galen annsa chēid-leabur do Regimen na Slāinti 12 ⁊ ag labairt do mōrān do ballaib dō nach inann slāinti. Mur is follus co fuil coimplex ēgsamail ⁊ comshuigiugad ēgsamail ag na ballaib, 215 do rēir chonsiquens 13 atā slāinti ēgsamail acu; ⁊ is rēsūnta sin, trē mur atā oibriugad ēgsamail acu, ōir follsigid an t-oibriugad ēgsamail an coimplex do beith ēgsamail. Agus is follus an nī cēdna don lucht tuicius ēgsamlacht na n-aes; 220 ōir nī hinann slāinti na macām annsan aīs macānta ⁊ annsan aīs ōig, ōir is do rēir atharraig na haīsi athraigius in coimplex: mās ead, do rēir chonsiquens, athraigid an tslāinti. Et a chusmailius sin do na ballaib ēgsamla, co rigid a leas 225 regimen ēxamail, mur is follus anar ndiaig. Agus ar an adbur sin nī hinann slāinti moch-thrāth ⁊ am easbartain, ōir atāit ar cuirp-ne a claechlōd chontinōideach agā fuil slāinti nach inann ⁊ an chēd-shlāinti. Dā rēir sin nī fhuil sin do-roinnti. 230 Agus is follus sin ō ēgsamlacht na n-ēgusc; ōir  356is slāinti ar leith atā ag an fear ⁊ slāinti ar leith ag an mnaī. Et is follus a chusmailius sin ō ēgsamlacht  p.10 infra 112-113 an rēgiōin; ōir atā slāinti ar leith ag Sglaui nach fuil ag na fearaib gorma. Et is follus an 235 nī cēdna ō ēgsamlacht an choimplexa nādūrda; ōir na daīne agā fuil coimplex ēgsamail atā slāinti ēxamail acu: ar an adbur sin as slāinti ar leith atā ag fear leanna ruaid ō shlāinti fhir leanna finn14, ⁊ slāinti ar leith ag an duine measurda ō 240 shlāinti an duine ainmeasurda. Dā rēir sin is mōr an leithid atā ag an tshlāinti: gid eadh fēdtur aēn-shlāinti do beith nī as fuirfi nāid na slāinti eile, mur atā slāinti an chuirp measarda annsa gnē daena, ⁊ nī 15 sheasmuiginn an tshlāinti 245 sin annsa nī do-roinnti.

2. An dara pairteagal: Do riaglachaib regimen na slāinti do-gabur ō na neithib nādūrda

1. An c hēd -c hai b idil : Dona riagl a c haib do-gabur ōn choimpl ex n ādūrda

Quoniam diuersorum hominum diuerse sunt complexiones totales, .i. na daīne atā ēgsamail atāit a coimplexa ēgsamail co huilidi; ōir nī hurusa  p.11 infra 113-114 do rēir muid dias do daīnib ar aen-shlāinti ⁊ a 250 coimplex inann co huilidi do rēir chēimi. Mās ead do rēir chonsiquens, na daīne atā ēgsamail dligid sīat regimen ēgsamla 16 do beith acu: ōir is trē neithib cusmaile bīs regimen na slāinti; ōir dā mbia deichfir idir choimplex nādūrda na 255 ndaīneadh ēgsamail is ēigin co coimēdfaidthear 17 deichfir a regimen na droingi sin. Et teagmaid an nī cēdna sin co huilidi dā n-aburthar nach fuil regimen na slāinti trē neithib cusmaile, mur adearaid mōrān dona corpaib do thuit co mōr: 260 ōir na daīne atā a n-easlāinti nī dleagur regimen trē chusmailius do thabairt dōib acht trē chontrārdacht; ōir atāit sīat ēgsamail, ⁊ is mur sin bes regimen na droingi sin ēgsamail; ōir nī rēsūnda co coimēdfaidi na neithe ēgsamla (do rēir mar 265 atāit siat ēgsamail) ō neithib inanna. Dā rēir sin is ō ēgsamlacht na coimplex nādūrda ēirgius ēgsamlacht regimen na slāinti.

Et atāit naī coimplexa ann; ⁊ is ē an cēd-choimplex is ro-uaisle ⁊ is ro-measurda dīb. Agus 270 teagmaid tuitim ōn choimplex measurda sin a n-ocht moduib ⁊ atāit a ceathair dīb sin aenda ⁊ a ceathair comshuigigthi. Na muid aenda immorra, mur atā, teasaideacht, ⁊ fuaraideacht, flichideacht, ⁊ tirmaideacht. Na muid chomshuigigthi, 275 mur atā, teasaideacht ⁊ tirmaideacht,  p.12 infra 114-115 teasaideacht ⁊ flichideacht, fuaraideacht ⁊ tirmaideacht, fuaraideacht ⁊ flichideacht. Ar an adbur sin adeirim an tuitim atā a n-aithfgad measurdachta in meadhaigthi co mbī sē do rēir 280 shinntens na ndaīneadh eagnuid ēigintach as 18 dā chāilib amāin. Gid eadh an tuitim atā chum 19 na measurdachta do rēir chōra as ēidir lē beith a n-aēn-chāil amāin. Et gairthear measurdacht do rēir meadhuigthi mur a mbīt na ceathra dūile 285 co haenda arna comthromugad mur so, .i. gan toscugad dūla acu tar a cēile a chontrārda. An measurdacht so immorra, atā sī docomail do rēir nādūire. Et timaircthear as so an cumusc ⁊ an nī cumuscda, ⁊ do rēir chonsiquens as as 290 timaircthear in measurdacht atā 'na dīsleacht ag an nī cumuscda.

Et bīth a fhis agad co mbī an tuitim do gnāth ō measurdacht an meadhaigthi a dā cāilib. Gid eadh is ēidir tuitim ō measurdacht do rēir 295 chōra do beith a n-aen-chāil amāin a n-aithfhēgad na measurdachta so. Et gach uile nī atā annsa measurdacht sin atā sī tuitmeach a n-aen-chāil gnīmaig ⁊ a cāil ele fhuilingthig. Mās ead an duine agā fuil coimplex nādūrda, co nādūrda is mō 300 thuitīus sē co comthrom ō measurdacht an meadhuigthi a dā cāilib, mar atā, tuitim a teasaideacht ⁊ a flichideacht. Et ar an adbur sin gach  p.13 infra 115-116 uile nī coimplex tuitid siat ōn chomthromugad so a dā cāilib.

305 An measurdacht do rēir chōra immorra is measurdacht dleistinach do nī ēigin hī do rēir ēigintuis na gnee an indiuiduum,  357 rainn na gnee rainn an indiuiduum. Uerbi gratia: ōir atā aen-choimplex ag an duine do rēir gnéé nach 310 ēidir leisin fuirm ndaena beith 'na hēgmuis. Et is mur sin do chineadh rē n-abur Sglaui ⁊ Inniadaigh 20, atā aen-choimplex acu leis nach ēidir leō beith 'na n-Inniadachaib21 'na Sglaui 'na ēgmuis. Et mur an cēdna dā gach uile duine 315 rannaidhi, atā aen-choimplex dīleas aigi nach ēidir leisin duine sin beith 'na ēgmuis. Et mur an cēdna tuicthear a coimplex rannaidhi in duine.

Agus maille ris an measurdacht so chum na 320 cōra anus an tuitim ō measurdacht an meadhuigthi: ōir an tuitim sin atā co hēigintach atā sī ō dā chāilib mur adubramar. Gid eadh bīth tuitim ō measurdacht so na cōra a cāil aenda, ⁊ ar an cor cēdna bīd a dā cāilib. Do 325 rēir mur atāit siat ar tuitim mur so mur sūd, a cāil aenda a cāilib comshuigigthi, mās ead rigid a leas regimen ar an mod so ar mod eile, mur atā, regimen coimēdach regimen treōraigtheach. Ar an adbur sin rig a leas corp 330 measurda annsa gnē daena rē regimen coimēdach  p.14 infra 116-117 amāin, ⁊ rig a leas neithe glana comchusmaile in mēid beanus rē rann an choimplexa nādūrda.

Et cad ē in corp sin rē n-abar corp measurda, ⁊ cia hiad na neithe adearar do beith cusmail 335 gu glan don chorp measurda? Agus do-gabur a fhis so a leabur na sean-leagad. Et as in-chuir so sīs do-raiglean  22 {} ⁊ co speitsialta ōir nī hē ar ngnōdhad 23 ann so sin do thuicsin acht co coimēdtuidi sinn anar slāinti ⁊ co rēm-choimētfaidi 340 co dingmāla ōnar n-easlāinti. Mās ead tuicim co ndliginn an corp measurda annsa gnē daena gnāthugad dona neithib so atā glan amāin do rēir brīge ana leithēd sin do chorp in mēid bus ēidir ē: ōir atā a fhis againn co maith nach fuil 345 aen-nī an mēide so cusmail don chorp measurda nach claechluiginn ē nach gluaisinn. Et bu follus mod regimen speitsialta an chuirp so leath-a-tīs dīn, mur a cuirfim riaglacha speitsialta follamnuigthi na slāinti do-gabur ō na neithibh 350 nādūrda ⁊ ō na neithibh nach nādūrda ⁊ ō ēxamlacht na mball.

As na rāitib so immorra, is follus co lōr na cuirp thuitius co fiadnach do thuitim nādūrda ōn measurdacht so nach rigid siat a leas follamnugad 355 inann, ōir dā labram don regimen choimēdach, ⁊ na cuirp do beith teasaidi measurda annsa gnē  p.15 infra 117-119 daena, rigid siat a leas neithe teasaidi. Et rigid a leas na cuirp fhuara measurda neithe fuara measurda. Ar an adbur sin do-chīthear go 360 rēsūnta co coimēdtur na cuirp choilearda ana coileardacht fēin lē neithib atā coilearda do rēir brīge, ⁊ is teō do rēir brīge na neithe sin nāid na neithe lē coimēdtur coimplex an chuirp measurda.

365 Dā labram immorra don 24 regimen choimēdach ⁊ treōraigtheach na corp adubramar romainn is mur sin is mō do-gēbam an chūis dār labramur, ōir nī rig a leas an corp measurda rē regimen treōraigtheach nā rēm-choimēdach, acht na cuirp 370 atā ar tuitim co mōr, mur atāit, cuirp lucht leanna ruaid ⁊ leanna finn; ōir is iat rig a leas an regimen sin; ⁊ mās iat a leithēidi sin do chorpuib dob āil linn do choimēd ana tuitmib, do thicfaidis mōrān d'easlāīntib uatha; ōir atāit siat imchubaid 375 ōna nādūir dīlis chum tuitme.

Ōir na cuirp choilearda atā ar tuitim annsa dara cēim a teasaideacht, coimēdtur iat lē neithibh 25 fuara sa chēid-chēim. Mās ead treōraigthear iat  358lē neithib atā fuar nīsa mō, .i. lē neithibh fuara sa 380 dara cēim; ⁊ nī bia a leithēid sin do threōrugad leath-amuith do thearmannachaib an choimplexa coilearda, acht leath-astig do thearmannachaib tuitme an choimplexa sin. Agus mar adubramar  p.16 infra 119-120 don tuitim choilearda tuicthear a chusmailius 385 sin dona tuitmib eile atā aenda comshuigigthi.

Et curthar sīs do raidlean cad as cēim ann ⁊ cinnus gabur desding 26 na ceathra cēiminn ōn liaig.

2. An d ara caibidil don dara p air t eagal : Don regim en do-gabur ō ēgsamlacht an ēgoisg

Sicut diuerse complexiones indigent diuerso regimine, .i. mur atāit na coimplexa ēxamail 390 rigid a leas follamnugad ēxamail; ⁊ is mur sin atāit na hēgoisg ēgsamail, .i. do-nī an t-ēgusc ēxamail an coimplex ēxamail. Ōir as teō ⁊ as tirma na fir, ⁊ is fad-shaeglaigi ⁊ is mō do rēir chainndiachta ⁊ as treisi ⁊ is glica iat nāid na mnā 395 annsa gnē daena, gibē innus a mbīt siat annsna gnēithib eile ana teagmann an t-ēcusc bannda nīsa mō ⁊ nīsa treisi ⁊ nīsa teō nā an t-ēgusc fearrda, mur as follus annsna hainmintib beirius a cuid ar ēigin do nach laibeōram anois. Mās ead 400 tuigim astu so na neithe atā follus a rāitib na ndaīneadh eagnuid, adeir gurab teō ⁊ gurab tirma na fir annsa gnē daena nāid na mnā, ⁊ gurab fuaire ⁊ gurab flichi na mnā, ⁊ gurab luga a cuirp nāid cuirp na fear. Ōir is teō ⁊ is tirma ⁊  p.17 infra 120-121 405 is measurda an fear nā an bean, ⁊ is mō fhēdus beith measurda, mās ead, do rēir chonsiquens, dligid siat regimen ēxamail dā coimēd. Mās ead, as follus astu sin co n-iaruid coimplexa ēxamla na n-ēgusc ēxamail regimen ēxamail coimēdach 410 ⁊ rēm-choimēdach.

Agus as follus an nī cēdna so ō ēxamlacht an chomshuigigthi ⁊ na n-oibrigthid; ōir is comshuigiugad ar leith atā ag na mnāib ō na fearaib ar son co fuilid boill imda annsna mnāib nach 415 fuil annsna fearaib; ōir atā an maclac ⁊ an muinēl annsna mnāib nach fuil annsna fearaib, ⁊ an tslat fhearrda annsna fearaib ⁊ nī fhuil annsna mnāib. Ar son geineamna an bainne an chīch27, ⁊ nī chum na crīche sin amāin atā sī annsna fearaib 420 acht chum maisi, ⁊ do choimēd teasa an chraidi, ⁊ ar an adbur sin is mō cīgi na mban nā cīgi na fear. Tuillead, .i. bīth an toirrcheas ⁊ an t-inad rē n-abur bartorion ⁊ folmugad na fola mīsta isna mnāib, ⁊ nī bī isna fearaib. Tuillead, .i. 425 bīd oileamain na leanam mbeac isna mnāib. Et trīt sin iarmaid riaglacha speitsialta ēxamla ar regimen an ēgoisg bannda nach iarthur san ēgusc fhearrda. Et iarmaid fōs regimen coimēdach an maclaic ⁊ a muinīl, ⁊ regimen rēm-choimēdach 430 a flux ainmeasurda ⁊ a fostōg 28 ainmeasurda na fola mīsta. Et rigid a leas na cīgi regimen  p.18 infra 121-123 coimēdach ⁊ rēm-choimēdach do geineamain bainne innta. Rigmid a leas fōs regimen do choimēd na mban torrach, ⁊ do chungnum imā toirrcheas29 435 do breith ⁊ d'oileamain na leanam, nach reagur a leas rē haen-nī acu a regimen na fear. Gid eadh, d'fhoirbthiugad na healadna, is maith aen-chaibidil speitsialta laibērus don adbur so amāin,  359bu follus so co lōr don taīb thīs dīn; ⁊ beidh 30 440 caibidil do riaglachaib regimen dīlis an ēgoisg bannda, do rēir mur deiligius sē on ēgusc fhearrda, ⁊ ar an adbur sin bus 31 follus ēxamlacht an regimen a hēgsamlacht an ēguisc.

3. An treas c aibidil : Do riagl a c haib in regim en do-gabur ōn aīs ⁊ ar tūs do regim en na naīgin

Consequenter ponende sunt regule generales 445 regiminis sanitatis, .i. as inchuir ana diaig so riaglacha generālta regimen na slāinti do-gabur ō ēgsamlacht na n-aes. Ōir as ī an aīs naīginda an chēd-aīs dīb, mās ead abram ar tūs riaglacha regimen slāinti na naīgin atā a crīch dēiginaigh 450 na hēgcudrumachta.

Mās ead abram gurab inchuir an naīgin sin  p.19 infra 123-124 tair ēs a breithi a n-uisgi te measurda, innus nach claechlōchaidi a chorp32 ō fhuaraideacht an aēir, ō thosgugad mōr na teasaideachta; ōir 455 in salcur bīs a' leanmain33 de ōn maclac, glantar ē ōn uisgi the. Et adērmaid so amāin chugi sin gurab ingabāla an naīgin a n-inad chusmail risin maclac in meid bus ēidir ē; ōir is dona hurchōidib mōra in claechlōd obann. Et ar an 460 adbur sin nī dleagur ar aen-mod fothragad uisgi fhuair dōib tair ēs a mbreithi mur do gnāthuigidur drong dona barbarchuib, acht fothragad uisgi glain, te, measurda, cusmail rē teasaideacht an maclaic; ōir do-chiamaid iat maille rē dearbad 465 co ro-minic a' fāiltiugad annsa fothragad sin.

Et dligmid a n-imlicāin do cheangal, ⁊ gan a cheangal co ro-fhada innus nach beith sē mōr acht beith dead-maiseach, ⁊ nach bia sē ro-gearr innus nach beith sé nīsa luga nā mur as ēigin. 470 Et nī dliginn an ceangal sin beith ro-chruaid nā ro-boc, innus nā tuitead sē nī bud luaithi nā nī bud moilli nā an chōir. Et dligid an ceangal sin beith do shnāth olla gan beith ro-chruaid. Agus tair ēs gearrtha an imlicāin crotur pūdur mirra, 475  masdix, sangis draconis ar an imlicān, a cusmaile.

Agus adearaid drong dona sean-daīnib co  p.20 infra 125 ndleagur pūdur salainn arna brisid go ro-min do chrothad ar corpuib na droingi sin; ōir is tarbach 480 an crothad sin do chalmugad na mball, innus nach gortaigir iat ō na neithib fuirimeallacha theagmus dōib, mur atā, teas, nō fuacht, a cusmaile; ōir bīth a croicinn daingin34 neam-fhoāmaigtheach35 uaid sin, ⁊ cnaītear na fliuchada 485 neam-glana, ⁊ imurcacha an chroicinn uaid, ōir is follus dūin co mbī mōrān dīb sin innta.

Gid eadh, atā ag an tsalann ōna nādūir fēin baill na naīgin do chrēchtnugad36; ar an adbur sin a n-inad an tshalainn annsna hinntinnib 490 so adubramar romainn, gnāthuigid drong dona heagnuidibh ola an toruid rē n-abur na measōga; ōir calmuigthear na baill uaithi sin ⁊ tirmuigthear na fliuchada ar mod ēigin uaithi, ⁊ nī chrēchtnaiginn sī na boill. Et as rēsunta an ola so dona naīginaib 495 atā te ⁊ tearc go mōr, mur atā, lucht leanna ruaid ⁊ fola deirgi; ōir atāit a mbaill sin tearc go mōr ⁊ fuilingtheach co ro-mōr. Agus nī mar sin dona naīginaib atā a crīch dēiginuid na measurdachta, ōir atā tarba mōr aigi dā dēnam 500 innta so. Et mad naīgin leanna finn iat dligid a salann beith gēr, teasaidi, tirim; ⁊ mad naīgin leanna duib iat dligid a salann beith teasaidi ⁊ gan beith tirim gu mōr.

 p.21

infra 125-126

Tuillead, dleagur a lamannān d'fhāsgad innus 505 comad usaidi in fual d'fhāgbāil. Et ainnsēin osgailtear a srōna maille rē mēr beac ar nach  360bia tosgugad ingin tar an feōil. Agus sūigid pearsa dochraid a srōn co mīn, ⁊ glantur puill na cluas lē mēr beac ar a mbia inga mael, ⁊ sīntear 510 a lāma ⁊ a mēir uile, ⁊ filltear a sliasta ⁊ a colpuidi, ⁊ tarraingthear co mīn mur so ⁊ mur sūd iat.

Et as indēnta fothragad gach lae don naīgin fā dō. Agus nā bīth a gaile lān do bainne ac dul chum an fhothraigthi, ⁊ oiltear ana diaid sin 515 a cēdōir ē; ōir mur dligid na daīne lāidiri saethur do dēnum roim an mbiad, is mur sin dligid na naīgin atā arna ngeineamain co nua, leis nach ēidir saethur do dēnum, fothragad do dēnam roim an lachtugad; ōir dā mbia a ngaile lān do 520 bainne truailltear a ndīleagad ōn fhothragad, ⁊ geintir dūinti ana taebuib.

Agus mar an cēdna fāisgthear a sgairt chlēib innta, ⁊ geintear cosachtach ⁊ sgeathrach gnāith.

Mās ead na neithe atā urchōideach cusmail525 sin as intseachanta iat isna daīnib geintear 37 gu nua. Agus nī dleagur fothragad do dēnum dōib a huisgi a mbī nādūir mianamail mur atāit so .i. uisgi ailime ⁊ uisgi raibi 38 ⁊ uisgi saillti, acht dligid sē beith d'uisgi tobair glain, ⁊ ē ag rith chum 530 na hairdi soir ar talam gainmeach gan beith  p.22 infra 126-127 clochach nā lāibeamail ⁊ ō shlēibtib, ⁊ gan chumdach air ōn aēr, ⁊ é arna shuigiugad a fiadnuise na grēine, ⁊ gan blas air, ⁊ substaint shēim aigi, gan recidens do beith aigi, ⁊ comad urusa a thēgad 535  a fhuarad.

Agus connuimthear annsa fothragad iat co tinnsgna a feōil deargad; ⁊ dēntur a ceangal co deag-maiseach; ⁊ nī dliginn an ceangal beith ro-chruaid d'eagla an fhāsta do thoirmeasc nā 540 ro-bog ar eagla co mbeith suigiugad a mball co neim-dleistinach. Agus ni dligid na hēduighi ana ceangailtear iat beith fuar. Agus mad follus peacugad comsuigigthi a n-aen-ball acu do leith na figrach an tshuigigthi na cāilideachta 545  na caindiachta, ceartaigthear sin an mēid bus ēidir agā ceangal a ndiaig an fhothraigthi.

Ana diaig sin taburthar bainne dō co codla sē; ⁊ dā teagmad nā bud āil leis codlad lena cīg siublaigthear maille rē canntaireacht binn; ⁊ 550 muna codla sē lē ceachtar dīb sin sgaīltear an cris ceangail dā gach taīb. Agus sduidērad 39 a banaltra roim gach uile nī nach beith a ēdaighi salach; Et as ī in mēide so dleagur a sgaīlead an gach lā nādūrda, .i. in mēid do-gabur a ēdaighi 555 salach faī.

Agus dleagur bainne do thabairt dō a ndiaig a fhothraigthi do gnāth, ⁊ ana diaig sin a ēdaighi do chlaechlōd. Et dā faicim gu sūiginn sē an  p.23 infra 127-129 bainne co dleistinach tuigim as sin gnāthugad a 560 oileamna co fada nō go gearr. Ōir is do rēir a riachtanuis a leas dleagur a n-oileamain; ōir is sia an aimsear iaraid na naīgin ōga chum a n-oileamna, ⁊ chum a fothraigthi, ⁊ chum codalta, ⁊ chum na n-ēduigid salach do chlaechlōd nā an 565 drong eile acu.

Agus nī reaguid a leas co hōg biad eile acht bainne, ōir do-nī sē inad bīd ⁊ digi dōib. Agus as ē bainne a māthar bainne as imchubaidi dona naīginuib; ōir bīth an bainne sin arna geineamain 570 ō fhuil ro-chusmail risin fuil dob adbur geineamna ⁊ oileamna don naīdin. Mās ead, as fīr a rād gurab ro-maith an oileamain dōib bainne a māthar; ⁊ is amlaid tuicthear sin ⁊ an māthair do beith slān ⁊ regimen imchubaid do rēir mur iarus 575 gnīm na hoileamna ⁊ an tī oiltear.

Et dā teagmad nā bud tualaing nā bud āil lena māthair a oileamain, togthar banaltra thslān ele chugi agā mbia coimplex maith ⁊ aīs fhoirbthi, ⁊ a beith daid-bēsach, ⁊ a dath a' claenad chum 580 duibe, ⁊ cuisleanna fairsingi aici ⁊ muinēl reamur,  361⁊ ucht leathan, ⁊ cīgi gan beith feōlmur gu mōr ⁊ gan mōrān do chuisleannaib laga orra; ⁊ nā bīth a mbainne roi-reamur nā ro-shēim, ⁊ corp geal do beith aici, ⁊ bainne deag-blasta dead-balaid do 585 beith aici, ⁊ gan beith ro-gar d'aimsir an toirrchis40 nā ro-fhada uaid. Agus mad ēidir banaltra  p.24 infra 129-130 d'fhagbāil beas cusmail do regimen ⁊ do choimplex rēna māthair don leanum, ⁊ na cuingill so adubramar do beith aici, as intogtha mur banaltrainn 590 ī.

Et bud follus don taīb thīs dīn regimen maith na banaltrann ⁊ a cīch, ⁊ cinnus coimēdtur ⁊ ceartaigthear ⁊ mēduigthear an bainne innta; ⁊ do-gēbthur sin mur a curthar regimen coimēda 595 na slāinti do-gabur ōn ēgusc bannda do rēir mur deiligius sē ōn ēgusc fhearrda.

Agus na cēd-laeithi a ndiaid in leinm do breith nī hinmolta a māthair dā oileamain ar dā adbur: an cēd-adbur dīb, ōir atā an māthair arna claechlōd 600 co mōr ōn toirrcheas; an dara hadbur, trē fhad in chomnuide atā ag an bainne annsna cīgib, ōir teagmaid co mbeith sē truailligthi; ⁊ tuicthear sin ar a dath ⁊ ar a shubstaint. Et ar an adbur sin do-nīd na mnā Frangcacha, ar mbeith mī-dōchus 605 acu as an bainne sin, bean uirīsil do shūg an bainne as a cīgib.

Et nī hingluaisti a cliabāin co fuirēigneach do thogairm in chodalta acht co mīn innus nach gluaistear an bainne ana ngaileadaib, ⁊ nach 610 truailltear an dīleagad. Agus do budh fearr comad leisin cīch do-gēntaidi in codlad do thogairm.

Et as imchubaid caoi measurda roim an mbainne dōib ⁊ co speitsialta do leathnugad na mball spiradālta, ⁊ d'fholmugad rainn ēigin do fhlichideacht 615 an chuirp ⁊ an chinn, ⁊ do thogairm ⁊ do  p.25 infra 130 chalmugad an teasa rē n-abur innatus. Agus taburthar bainne dō fā dō nō fā thrī sa lō nadūrda ⁊ an mēid is mō fā cheathair.

Et dā teagmad an bainne do thruailliugad ana 620 ngaileaduib ō imurcaid ⁊ ō ainmeasurdacht a ōla, teagmaid uaid sin at, ruidheadh, 41 ⁊ gaedmuireacht imda, ⁊ gile an fhuail. Leagar dōib an tan sin aimsear fhada gan biad, ⁊ dēntur inntleacht chum codalta fada do dēnum dōib; as innill 625 beacān bainne do thabairt dōib ⁊ a thabairt co minic. Ōir is cusmail iat rē corpaibh na ndaīneadh bīs ag ēirgi a heaslāinti, ⁊ is mur sin dleagur a n-oileamain mur bus follus don taīb thīs dīn.

Et is maith, roim an mbainne do thabairt, 630 beacān meala arna glanad maille rē beacān fīna gil uisgeamail, do glanad ⁊ do chomfhurtacht an gaile, innus nach morga an bainne ana ngaileadaib. Et is ēigin roim bainne do thabairt dōib (⁊ ar tūs co speitsialta) mēid ēigin bainne do chrūth ana 635 mbēluib innus coma lugaidi do shaethrōchad meiri ac dēnum an atarraing; mās ead teagmaid gortugad co minic ō atarrang meiri ⁊ na n-innstruimintid eile dōib.

Et is ē so regimen na naīdin coma follus 640 na clāirfhiacla. Agus an uair thinnsgnaid na clāir-fhiacla as intuctha dona banaltrannaib co gnāthach biad eile dōib; ⁊ bīth a mbiad cusmail risin mbainne a substaint ⁊ a mbrīg, ⁊ bīth nīsa  p.26 infra 130-132 reime do beacān nā an bainne. Agus bīth siat 645 do biaduib nach rig a leas mōrān coganta, gan aen-chogaint, mur atāit, biada inmolta cogantar co deithideach ō na banaltrannuib ar tūs, et arān arna maethugad a n-uisgi meala nō a n-uisgi tobair inmolta, biad do-nīthear do 650 min chruithneachta ⁊ do bainne arān arna  362dīsgaīlead a fīn uisgeamail. Et nī moluim na biada so adubramar romainn do thabairt dona naīdinuib maille rē bainne.

Et an uair thinnsgnaid siat siubal leō fēin 655 dligid an banaltra beith deithideach nach gluaisti an naīgi co hanorduigthi air eagla co ndīsgaīlfidi gu ceangōltaidi a boill co hainmeasurda. Et nā coimēignigthear ē chum suigi chum siubail nō co tī a n-ālgus chugi fēin do rēir nādūire. Et 660 an t-inad ana suiginn sē nī dliginn sē beith cruaid nā garb, ⁊ nī dliginn aen-nī gēr nā gearrthach beith lāim ris.

An uair thinnsgnaid na fiacla rē n-abur canini fās dēnaid aipstinens ō gach uile nī chruaid do-choganta, 665 air eagla co sgrisfaidi go laigdeōchaidi adbur na fiacal sin adubramar ō chogaint na neithead cruaid, mur do-nīthear co minic. Et is maith annsan aimsir sin feōil na fiacal do choimilt lē blonuig circi 42 ⁊ lē him nua, ⁊ lē hinchinn 670 mīl, ōir togairmid sin a fās ⁊ calmuigid iat fēin. Ōir a n-aimsir fhāsta na fiacal sin adubramar  p.27 infra 132-133 gnāthuigid muinīl na naīdin deargad co mōr ⁊ moluim an tan sin ola rōis arna leagad ar uisgi te do choimilt dīb. Et an uair thshanntaigid nī 675 do gearrad leis na fiaclaib sin, ⁊ a mēr fēin do chogaint, is maith an tan sin imurcacha prēm an yreos 43 do thabairt ana lāmhuib, nach bī tirim co mōr acht beith inmeadōnach idir chruas ⁊ buga; ōir tairrngid a cogaint sin feōil fiacal na 680 naīdin ō chneaduib ⁊ ō theinneas. Agus moluim feōil a fiacal do choimilt lē mil glain maille beacān saluinn, ōir coimēdaidh sin feōil na fiacal gan morgad. Et an uair fhāsaid na fiacla rē n-abur canini co fuirfi cogantar prēma licoirisi 685 co gnāthach.

Et an mēid tiaguid siat ō oileamain na cīch, as ī an mēide sin dligid siat biada reamra do gnāthugad.

Et as ī so aimsear a mbuana dā cīgib .i. an uair fhāsaid a fiacla uile ⁊ bus ēidir leō biada 690 eile do chogaint co fuirfe, ⁊ is ī an aimsear sin aimsear dā bliadan co coitchinn.

Agus dā teagmad co n-iarfad an naīgi na cīgi co hanorduigthi tair ēis aimsiri an tsequestair44 ⁊ co caoighfig sē, curthar neithe faī an cīg do-bēra 45 695 aduathmuireacht ar an naīdin a mblas ⁊ a radarc, mur atā sūg uormōint ⁊ a chusmaile. Agus  p.28 infra 133-134 connaimthear an regimen so adubramar ar an naīghin co sgara rē cīgib gu huilidi.

Et d'ēis a buana dā cīgib dligid a chairdi beith 700 deithideach agā chur deid-bēsach, ōir atāit dā tharba tic de sin: an cēd-tarba dīb, co fāsfad sē co maith ⁊ co mbeith aibīc maith aigi ⁊ suigiugad maith ana ealadain; ⁊ nī hī metafisica an ealada sin acht an fheallsamnacht morālta: an dara 705 tarba beanaid sī risin corp; ōir is ēidir mailīs do geineamain isin coimplex ō mailīs na mbēs ⁊ ō fhoāmugad an chuirp. Ar an adbur sin leanuid na droch-bēsa mailīs in choimplexa ⁊ is mur sin is ēidir mailīs an choimplexa do geineamain ō 710 na drochbēsaib. Et ar an adbur cēdna geintear linn dub ōn eagla ⁊ ōn meatacht, ⁊ 46 dā robuid aimsear fhada ar neach. Agus nī hinlicthi dobrōn nā fearg nā caī nā gairdeachus orra, acht a toga a mod inmeadōnach. Et mad follus dūin a 715 nādūir a' claenad co hanorduigthi chum teadma ēigin as intreōraigthi iat chum a chontrārda. Dā rēir sin tuicmid co coimēdtur an corp ⁊ an t-anum ō choimēd na mbēs. Ōir bīt a mboill anfhann co mōr roim a seacht mbliadnaib ⁊ a mod ainimchubaid 720 don rēsūn ⁊ don gluasacht.

Agus is fearr an fothragad do chalmugad na mball ⁊ d'innarbad imurcach an treas dīleagad nā an saethar. Et nī dligid na daīne eagnuidi  363fothragad agā mbī brīg thirmaigtheach do thabairt  p.29 infra 134-135 725 dōib gu mōr mur atā, fothragad ailime ⁊ a chusmaile, ōir do-nīd na fothraigthi sin na boill anumla 47 chum gnīma.

Agus nī dleagur fīn do thabairt dōib ar aen-mod, ōir atā sē gortaigtheach urchōideach dōib; ōir is 730 follus dūin gurab tene a ceann teneadh fīn do thabairt dona macāmaib, ōir atāit fēithe ⁊ inchinn anfann acu dā ndēin an fīn urchōid ⁊ gortugad mōr. Ōir is follus dūin a fēithi do beith fuilingtheach go mōr ⁊ so-thollta ōn fīn, ōir atā 735 brīg tholltach ann ōna shubstaint ⁊ ōna gnīm do leith a shēime; ōir nī reagaid a leas fīn do thogairm an fhuail nā do glanad leanna ruaid, nā do fhliuchad an chuirp nā do thsēimiugad leanna duib 48 nā do chalmugad an dīleagtha, nā an teasa rē n-abur 740 innatus, mur is follus dūin. Et ōn aimsir sin amach fēdtur fīn finn uisgeamail do thabairt a n-inad digi dōib, ⁊ an mēid bīs coimplex teasaidi acu is lugaidi dligid fīn d'ōl, ⁊ a chontrārda sin don choimplex fhuar.

745 Et is ē sin regimen na macām co curthar chum maigistreach iat a cinn a sē mbliadan. Agus is mōr an tshligi dōib chum na haimsiri bīs rompu beith umal subāltach.  p.30 infra 135-137 Et taburthar annsan aimsir sin do maigistir 750 iat teagoscus bēsa ⁊ eagna dōib tair ēs a chēile. Agus an uair thigid siat chum na haīsi sin nī dligid mōrān fothraigthe do dēnum ⁊ dligid saethar do dēnam roim an proinneachad, ōir calmuigid sē a mboill. Gid eadh, nī dēin in mēide sin comad 755 imchubaid chum saethair mōir iat roim a ceathra bliadnaib dēg, acht is cōra a rād nach imchubaid dōib saethur mōr nā lāidir roim crīch na haīsi rē n-abur adolisensia.

Et mar adubramar don tshaethur is mur sin 760 tuicmid dona biaduib. Ōir ni hēidir leō na biada lāidiri do dīleagad atā cruaid do-dīleagtha mur as ēidir lē lucht adolisensia.

Agus mar an cēdna nī hēidir leō gnīm na drūisi do choimlīnad mur is ēidir leisin droing atā a 765 termin na haīsi rē n-abur adolisensia. Ōir tic gortugad mōr ō choimriachtain anorduigthi ⁊ toirmiscthear mēdugad an chuirp uaithi. Agus nī tarbach a sperma chum na geineamna gu roithid na boill a mēdugad fuirfe; ⁊ roithid an 770 foirfiugad sin co coitchinn a cinn cūig mbliadan fithid, ⁊ is annsin atā an tslāinti foirfi ⁊ mairid sī co ceann 35 mbliadan ⁊ gairthear aīs an nirt ⁊ na sgothamlachta don aīs sin, ōir is annsan aīs sin as sgothamla ⁊ is lāidiri na cuirp ⁊ is annsan 775 aīs sin is treisi oibrigthi na beathad uile. Agus annsan aīs chēdna fēdmaid saethur do dēnam  p.31 infra 137-138 co lāidir, ōir is mō an saethur fhēdmaid do dēnum innti nā isna haesaib roimpi.

Agus is luga rig a leas an aīs sin fothragad uisgi 780 the nā an aīs atā roimpi. Et as don aīs so amāin as imchubaid fothragad uisgi fhuair do chalmugad na mball chum a ngluasachta imchubaid lāidir do dēnum; ⁊ nī hanfhainnigthear an teas rē n-abur innatus ōn fhothragad sin adubramar, acht is mō 785 furtachtaigthear ē, ⁊ nī toirmiscthear mēdugad na mball uada. Agus nī dleagur an fothragad so do beith d'uisgi atā ro-ard a fhuaraideacht, nā a n-uair nā a n-aimsir atā ro-ard a fhuaraideacht, acht a n-aimsir ⁊ a n-uair the.

790 Et dligid biad lucht na haīsi so beith nīsa reime do chāilideacht ⁊ nīsa mō do chaindiacht nā biad na haīsi roimpe ⁊ 'na diaig. Agus dligid mōrān do biad reamur do chaithim; ⁊ bud follus anar ndiaid na biada atā imchubaid ⁊ animchubaid 795 dōib.

 364Et bīth a ndeoch d'fhīn shēim fhinn is luga as uisgeamail nā fīn na cēd-aīsi, ar son togairmthi in fhuail ⁊ glanta an chuirp ⁊ togairmthi an alluis ⁊ fliuchaid na mball. Agus nī dligid a fīnta beith 800 ro-theasaidi nā rō-gēr, innus nach tuitfidis a fiabras, nā a n-ainteas ae, nā a loscad leannann. Agus ar an cūis cēdna dligid na neithe atā ro-ard a teasaideacht ⁊ a tirmaideacht do sheachna mur atā, pibur ⁊ musdard, gairleōg ⁊ a cusmaile.

805 Et as gearr an codlad rigid a leas lucht na  p.32 infra 138-139 haīsi so a n-aithfhēgad na n-aes eile, ar son treisi a ndīleagtha ⁊ calmacht na mball as innsdruimint don brīg ainmidhi, mothuigthid, ⁊ gluaistig. Ōir orduigthear in codlad do chomfhurtacht na mbrīg 810 nādūrda, ⁊ an cumsanad do chomfhurtacht na mbrīg ainmidhi.

Do leith aicīdi na hanma immorra, is intsheachanta go mōr fearg ⁊ dobrōn, ōir cuirid siat an fhuil a n-ainteas. Et as ī an aīs so as mō atā imchubaid sin, 815 do gnīmarthaib na drūisi; ōir atāit na boill co foirbthi innti, ⁊ an teas ⁊ na spiraid co lāidir, ⁊ an sperma co himda. Et bud follus don taīb thīs dīn riaglacha speitsialta do-gabur ō ēgsamlacht na neithead nach nādūrda.

820 Et a ndiaig na haīsi so tic an aīs arsaid dā cuirfim regimen speitsialta. Agus bīth a fhis agad gurab ī as inntinn ag follamnugad na sean-daīneadh co huilidi gach oileamain, ⁊ gach fothragad, ⁊ gach deoch ō fliuchaidthear ⁊ ō tēigthear 825 iat; ⁊ mur an cēdna d'aimsir fhada in chodalta ⁊ an chumsanaidh.

Et gnāthuigthear linn finn d'imdugad a ngailib na sean-daīneadh ar son anfainne na brīge dīleagthaigi. Ar an adbur sin leigisim linn finn 830 atā arna imdugad ar shligid na n-inneadh, agā dīleagad ar tūs maille rē dig ar a mbeirbthear ysōip, ⁊ lē hoximel diureticach. Et folmuigthear ainnsēin maille rē iarapigra 49 ⁊ lē nī ar a mbeirbthear  p.33 infra 139-140 feithleōg ⁊ 50 polipodium, ⁊ ainīs, ana curthar 835 turbit ⁊ sinnsēr. Et gnāthuigthear an brū do lagad lē cartamus lē heanbruithi sein-chirci ar a mbeirbthear polipodium ⁊ ainīs. Et gnāthuigthear a tosach na coda nī ēigin dīb so, iat uile: mur atā, uiola ⁊ hocus ⁊ mercurial, 840 biatus ⁊ eilifreōg, lactuca ⁊ borrāitse ⁊ buglosa 51. Et gnāthuigthear so a cusmaile do chaithim a tosach na coda, lē heanbruithi lē bainne almont, gan arān.

Item, adearmaid co ndliginn oileamain na 845 sean-daīneadh beith so-dīleagtha ⁊ oileamnach gu maith, ⁊ beith nīsa luga a caindiacht ⁊ a nuimir nā annsna haesaib so is foicsidi roimpe. Ōir nī bī dīsgaīlead imurcach ana corpaibh trī chruaidi a mball ⁊ trī anfainne a teasa; ⁊ is trīt sin nach 850 dligid siat mōrān bīd nā proinneachad52 minic, ōir is lōr dōib beacān a n-aithfhēgad na cēd-aes, trī anfhainne na brīge dīleagthaigi inntu. Mās ead dleagur a n-oileamain do beith a caindiacht bic; ōir is urusa lē corpaibh na sean-daīneadh an 855 oileamain beac do chur ana cusmailius acht gē mall dīleagaid an oileamain. Ar an adbur sin nī rigid a leas a n-oileamain go minic, ōir teagmaid coma lōr dōib caithim aen-uair annsa lā nādūrda, ōir is urusa leis na sean-daīnib an trēiginus 860 d'fhulang.

Et is fīr sin ag labairt do shean-daīnib na  p.34 infra 140-141 harsuideachta, ⁊ nī fīr ag labairt do shean-daīnibh na seanōrdachta atā ullam chum bāis mur atā an lōchrann chum a mūchtha.

865 Et dligid na seanōiri proinneachad minic, ōir mūchthur a teas ō mōrān bīd do chaithim a n-aen-fheacht, ōir mūchthur an tene beac ō mōrān an chonnaid; ⁊ muna hoilti co minic iat do  365dībochthaidi an teas nādūrda ⁊ an fhlichideacht 870 phrēmamail a n-aenfheacht. Mās ead, saīlim gurab maith a n-oileamain fā thrī sa lō nādūrda mur so, innus co mbeith spās sē n-uaireadh idir in cēd-chaithim ⁊ an dara caithim ⁊ ocht n-uaire idir an dara caithim ⁊ an treas caithim, innus co 875 mbeith spās deich n-uaireadh nō aen-uair dēg idir an cēd-chaithim ⁊ an caithim dēiginach. Agus is mur so beas an treas caithim, nīsa mō nā an dara caithim, ⁊ an dara caithim nīsa mō do mēid 53 ēigin nā an cēd-chaithim.

880 Et dligid siat gach uile biad ō ngeintear linn finn ⁊ linn dub ⁊ dūnus bēl na cuisleann do sheachna do chaithim, mur atā, gach uile biad reamur rigin saillti bīs anumal don dīleagad, mur atāit, gnēithi na potāitsi, ⁊ ēisg shaillti 885 gan saillead54 ⁊ ēisg phiastamla muiridi ⁊ co coitchinn na hēisg ar nach bīt lanna, ⁊ feōlanna saillti, ⁊ én shnaīdis a n-uisgib, ⁊ pasdae ⁊ arān slim ⁊ cinēl na torthad fuar, mur atāit, ubla ⁊  p.35 infra 141-142 pēireadha, ⁊ castanea, ⁊ mespila, ⁊ a cusmaile 890 do neithib fuara, mur atā, lactuca.

Agus as imchubaidi dona sean-daīnib a sabsa 55 do beith d'fhīn nā d'fhinēgra; ōir atā an aigēid ro-animchubaid dona sean-daīnib trēna beith fuar tirim, ⁊ hī ag luathad na harsaideachta. 895 Agus idir chinēl na spīsrad as ē an cainēl ⁊ an sinnsēr as imchubaidi dona sean-daīnib, ⁊ co hāirithi gach uile spīsrad rannchuidigius rē teasaideacht ⁊ rē flichideacht.

Item, as imchubaid co mōr mil dona sean-daīnibh, 900 ⁊ dligid an mil sin beith geal trom, cruaid so-gearrtha deadh-balaid. Et as imchubaid dona sean-daīnibh feōil na n-ainmintid ōg as a mbeantur, ⁊ gall-choileach, ⁊ mur an cēdna feōil phetraisi ⁊ fhuiseōg ⁊ fheadōg, ⁊ uigi nuada 905 boga, ōir as urusa a ndīleagad ⁊ is maith oilid.

Et as iat so na hēisg as imchubaid dōib, .i. ēisg muiridi, ⁊ as a fhīn bud fearr a mbearbad maille finēl ⁊ rē hainēid nō rē psille; ōir measraigid so a fuaraideacht ⁊ innarbaid a rigneacht 910 imurcach.

Et as imchubaid an bainne do droing dona sean-daīnib, ar son co n-oilinn sē co luath ⁊ co fliuchann na cuirp; ⁊ atā drong eile dā 56 nach imchubaid, ar son gu ngeineann sē dūinti. Et 915 do gnāthuigidur drong eile d'ēs bainne d'ōl teinneas ⁊ rigad do beith fāna cliathānuib deasa  p.36 infra 142-144 ar son cumgaid na cuisleann; ⁊ nī himchubaid bainne don droing sin. Et as ē bainne as imchubaidi dōib, .i. bainne asail ⁊ gabair maille 920  caindiacht ēigin do shalann ⁊ do mil arna spumāil, ōir toirmiscid sin truailliugad an bainne, ⁊ furtachtaigid siat a tholltanaigi. Et is animchubaid an cāisi dona sean-daīnibh, acht muna bia im ann; ⁊ nī himchubaid saillti nā 925 ro-nuad dōib é.

An t-im, immorra, as imchubaid dona sean-daīnibh é, ōir fliuchaid ⁊ tēigid ⁊ mīnigid boill an ochta.

Na praiseacha, immorra, as imchubaid dona 930 sean-daīnibh iat, mur atā, biatus ⁊ finēl ⁊ persille ⁊ borrāitsi, sāitsi ⁊ minntus ⁊ a cusmaile chlaenus chum teasaideachta ⁊ chum flichideachta.

Na tortha immorra, as imchubaid dona sean-daīnib iat, mur atāit, fīgeadha tirma, ⁊ caera 935 fīneamna, ⁊ almoint ⁊ pini.

Item, as imchubaid sinnsēr mur shabsa dōib ⁊ diacalimintum co speitsialta d'oslugad dūintid na taeb theagmus dōib co minic.

Item as ī an lictabāire do-nīthear do thrī gnēithib 940 an phibair as triacail dona sean-daīnibh, ōir comfhurtachtaigid a mbrīg dīleagthach ⁊ osluigid a ndūinti. Et do-nī an comshuigiugad rē n-abur  366athanasia an cēdna, ⁊ do-gēbam a tuaruscbāil sin a n-Ainntidair.

 p.37

infra 144-145

945 Et nī himchubaid fīn nua geal uisgeamail dōib acht muna teagma tart ainmeasurda orra a ndiaig fhothraigthi. Agus dligid fīn na seandaīneadh beith dearg sēim deadh-balaid arsaig, ōir tēigid ⁊ oilid an fīn sin co lōr, ⁊ ceartaigid 950 linn dub, ⁊ togairmid an fual, ⁊ fliuchaid na hailt, ⁊ calmuigid an brīg ⁊ an teas nādūrda; ōir rigid a leas na sean-daīne uile ris sin57.

Et as iat so na potāitsi as imchubaid dona sean-daīnib, .i. potāitsi do-nīthear do choirci ⁊ 955 d'ēorna maille huisgi ar a mbeirbthear feōil inmolta.

Item, as imchubaid an deoch rē n-abur idromel dona sean-daīnibh, ōir osluigid sī na dūinti. Et dā mbeid dūinti a sligthib in fhuail beirbthear 960 persille, ⁊ mersi, ⁊ fenēl ar ydromel, ⁊ osglaid na dūinti. 58 Et dā mbeid dūinti isna ballaib spiradālta, beirbthear dub-chosach ⁊ īsōip ⁊ casialinia maille ris na neithibh adubramar ⁊ oslaigid iat.

965 Et as imchubaid coimilt measurda dōib a cāilideacht ⁊ a caindiacht; ⁊ lē hēduigib garba ⁊ lē lāmuib garba dleagur an choimilt sin do dēnum ⁊ aimsear do beith aturra. Et nī dliginn an choimilt sin beith an mēide so, a cāilideacht nā 970 a caindiacht, co treōrōchad sē fuaraideacht ⁊ tirmaideacht a mballaib na sean-daīneadh, trē shligid dīsgaīlti na fliuchatan nādurda ⁊ an teasa  p.38 infra 145-146 nādūrda, mur gnāthuigius teagmāil dona daīnib do-nī saethur ainmeasurda; ⁊ nī dliginn sī beith 975 boc 59 nā ēgruaid innus nach innarbfad sī aen-rēd ō ballaib na sean-daīneadh trē shligi dīsclti 60, ōir as trīt orduigthear in choimilt co nādūrda, d'fholmugad imurcach an treas dīleagad ōna ballaib ⁊ dā calmugad; ōir do-nī an choimilt do-nīthear 980 mur so, an uair do-nīthear go lōr ī, pōire na mball d'oslugad ar mod ēigin, ⁊ gluaisid sē a teas co sentrom ō fhuirimeall, ⁊ calmuigid sē teas nādūrda na mball ar mod ēigin, ⁊ cnaīid a n-imurcacha.

985 Et as ī aimsear a ndleagur sgur do choimilt na sean-daīneadh, an uair thinnsgnait siat deargad ⁊ gnē teinnis do gabāil chucu; ⁊ nī holc ar deireadh na coimilta a n-ongad lē holaid na holiua millsi na n-almont milis, innus comad feirrdi do 990 coimēdfaidi 3tirmaideacht nādūrda ⁊ 61 teas nādūrda ball na sean-daīneadh an t-ongad sin.

Et moluim an choimilt so do dēnum ⁊ an gaili folam, ⁊ roim biad ⁊ saethur do dēnum mur an cēdna. Et togthur inad measurda ⁊ aimsear 995 measurda co nādūrda nō co healadnach chum an tshaethair chum na coimilta. Et an drong leis nach ēidir saethur do dēnum ar son anfhainne a mball ō chūis ēigin eile, coimlīnaid inad an tshaethair lē fothraigthib ⁊ lē coimiltaib. Et  p.39 infra 146-147 1000 coimiltear é gach lae, ⁊ nī hī an choimilt ullmuigius ē chum an tshaethair sin, acht an choimilt choimlīnus inad an tshaethair.

Et dēntur fothragad dō fā cheathair sa mī d'fhothragad ō comfhurtaigthear a fhliuchada ⁊ 1005 a theas nādūrda, ⁊ measraigius tearcacht a ball. Et dligid an fothragad so beith d'uisgi milis; ⁊ moluim na neithe so do chur ann, mar atā, camamilla, ⁊ dā gnē an sdicadois, hocus ⁊ holihoc: .i. curthar an hocus ann do measrugad tirmaideachta 1010 na mball, ⁊ an sdicados ⁊ an camamilla ar son co calmuigid siat na boill, ⁊ co n-innarbaid a corthacht, ⁊ co togairmid an t-allus.

Et is maith moluim a ndeireadh an fhothraicthi a mboill do choimilt d'innarbad an tsalchuir atā 1015 orra; ⁊ coimiltear ana diaig sin lē lāmuib arna tuma a n-olaid na holiua, innus co mbeidis na boill fliuch a ndiaig an fhothraigthi. Et as ē so comartha ⁊ termin a 62 ndleagur an fothragad d'fhāgbāil, an uair thinnsgōnaid aigthi na mēr 1020 garbugad. Agus dleagmaid gu mōr a thabairt dār n-ūig gairdeachus an duine annsa fothragad; ōir  367atā drong ann fhuilngius beith ann co fada ⁊ drong eile co gearr. Et na neithe eile bud inrāid ar an coimilt ⁊ ar an fothragad fūicfid iat, ōir 1025 laibeōrad dīb sa cheathramad pairteagal don leabur so; ⁊ is lōr a ndubramar ar na neithibh so do leith an regimen do-gabur ó deifriugad na n-aes.

 p.40

4. An c eathramadh c ai b idil . Do regim en na coimpl ex n ādūrda n ach fuil easl ān

infra 149Homines quidam sunt qui a generacionis prinnsipio sunt calidiores quam requirit humane 1030 complexionis temperamentum ⁊ cetera, .i. atā drong dona daīnib as teō ō thosach a ngeineamna nā mur iarus measurdacht an choimplexa daena; ⁊ atāit daīne eile bīs nīsa fuairi; ⁊ mur an cēdna tuicthear dona cāilib aenda ⁊ dona cāilib 1035 comshuigigthi. Agus nī beac an deichfir atā idir regimen na coimplex sin ⁊ regimen na coimplex measurda, dā raib sē 'na regimen choimēdach nō threōraigtheach. Et nī hī ar n-inntinn ann so labairt don choimplex tuitius co beac a n-easlāinti, 1040 ōir is ēidir linn regimen na corp sin d'fhagbāil as na rāitib adubramar romainn ⁊ as na neithibh adēram dona coimplexaib thuitius co mōr. Et smuainmid labairt annsa chaibidil so do na corpaibh thuitius co mōr a n-easlāinti mur atāit, 1045 lucht fola deirgi, ⁊ leanna ruaid, leanna finn, ⁊ leanna duib.

Agus ar tūs d'fhollamnugad shlāinti coimplexa fola deirgi, ōir as ē an coimplex so is luga thēit ō choimplex measurda ⁊ is luga is olc; ōir adubradur  p.41 infra 149-150 1050 drong an coimplex so do beith measurda, ōir adubradar siat an coimplex teasaidi fliuchaidi do beith measurda is coimplex d'fhuil deirg: ōir atā sin fīrinneach an gach aen-inad a n-aithfhēgad measurdachta in meadhuigthi, ōir an duine is 1055 measurda a teasaideacht ⁊ a flichideacht tuitid sē a n-aithfhēgad measurdachta an meaduigthi. Et is mar sin do thuigidur drong dona sean-daīnibh coimplex measurda na gnēe daena do beith teasaidi fliuchaidi. Gid eadh, an coimplex 1060 teasaidi fliuchaidi a n-aithfgad an choimplexa measurda do rēir chōra, .i. 63 a n-aithfhēgad an duine ro-measurda, nī fhuil sē measurda acht tuitmeach; ⁊ ar an mod so atā coimplex fola deirgi measurda.

1065 Et atā lucht an choimplexa so ullam chum na heaslāinti rē n-abur cachecia, .i. droch-aibīc an chuirp maille rē truaigi, ⁊ co speitsialta chum gach uile easlāinti darub cūis an morgad, ⁊ līnad leannaigi, ⁊ dūinti, ⁊ co speitsialta līnad fola 1070 deirgi. Et ana leithēid sin do choimplex do gnāthuig fuil dearg imdugad, ar son co rāinig sē a leas gnāthugad minic cuislinni fāsadairci, 64 d'fholmugad fola deirgi. Et as inlicthi an chuisle do rēir mar fhuilngius an brīg, ⁊ an aīs, ⁊ 1075 an gnāthugad, ⁊ an ealada, ⁊ a cusmailius sin dona neithibh rannaide iarrus nō thoirmiscius a ligin.

 p.42

infra 151, 154

Labrum dona cuislinnaib as inlicthi ⁊ do mod licthi na fola, .i. in mēid reagur a leas ī a cāil ⁊ 1080 a caindiacht, ⁊ dona riaglachaib eile as inchoimēda a timcheall a licthi. 65 Agus biaid caibidil speitsialta (do grāsaib Dia) a ndeireadh an leabuir so laibeōrus don chuislinn.

Et nī hī an chuisle amāin rigid 66 a leas lucht 1085 an choimplexa so acht an leigeas lagthach leis; ⁊ nī d'fholmugad fola deirgi sin acht dā glanad. Et as iat so na leigis atā imchubaid chugi sin .i. na leigis mīne beannuigthi, mur atā, agairg atā muinntearda, ⁊ manna, ⁊ casia 67 fistula, pruna, ⁊ 1090 uiola, ⁊ meadg, bainne gabair, borrāitse, buglosa, mirabolani, fumus terre, ⁊ mōrān dā cusmailib bus ēidir d'fhaicsin a clār Salernitane. Gid eadh, biaidh 68 caibidil speitsialta don taīb thīs dīn do mod gnāthuigthe na leigeas so.

1095 Et gnāthuigid lucht an choimplexa so mōrān  368imurcach do beith acu, ⁊ co hāirithi imurcacha an treas dīleagad: rig 69 a leas saethur lāidir luath do chnaī na n-imurcach sin adubramar; ōir do bud ēidir dūinti do geineamain uatha sin; mās 1100 ead, do bad ēidir morgad do beith ana corpaibh.

Et ar an adbur cēdna rigid a leas mōrān coimilta ⁊ a beith lāidir, ⁊ dēntur fothragad dōib ⁊ an gaile folam uair sa seachtmain an mēid is luga.  p.43 infra 154-155 Et is ēigin gailidi na droingi so do choimēd co 1105 maith, ōir dā mbia droch-coimplex annsa ghaili as cusmail a beith sa chorp co huilidi, ⁊ claenad chum uilc, ōir an seachrān follus do-nīthear sa chēid-dīleagad, nī ceartaigthear annsna dīleagthaib eile ē.

1110 Tuillead: .i. atā an coimplex so ullam chum morgaid na leannann; mās ead, is maith gnāthugad dona neithibh chathuigius a n-aigid an morgaid, mar atāit, na neithe fuara tirma gan beith olamail nā mēith, nā milis, nā deathmur ⁊ ag nach bia 1115 substaint fhuilingtheach rannchuidigius rē flichideacht aicīdig eachtrannaigh, mar atāit so: .i. tortha glasa nuada, mur atāit, fīgeadha, ⁊ caera fīneamna, ⁊ almoint; ⁊ go hāirithi gnēithe an bainne atā nua dleagur a seachna, ⁊ fīnta millsi, ⁊ 1120 feōlanna teasaidi fliuchaidi olamla, mur atā, feōil muilt.

Agus as iat na coimplexa so is luga gortaigthear ōn trēiginus, ōir teagmaid comad lōr dōib caithim fa thrī sa dā lā.

1125 Agus is cumachtaigi na coimplexa so a ngnīm na coimriachtana nāid na coimplexa eile.

Item is luga gortaigthear na coimplexa so ōn neam-chodlad nāid na coimplexa eile, ⁊ is mōr tromuidthear ō chodlad mī-measurda iat; ⁊ ar 1130 an adbur sin dligid beith neam-chodaltach a n-aithfhēgad na coimplex ele.

Item as imchubaid dōib fearg do dēnam co  p.44 infra 155-156 gnāthach ⁊ beacān gairdeachuis, ⁊ as imchubaidi dobrōn dōib nā don choimplex eile.

1135 Et 70 nī himchubaid biada oilius go mōr dōib, acht biada gā mbī beacān d'oileamain maith.

Et ō atā an coimplex so go lōr ullam chum dūintid na cuisleann, as maith aibstinens do dēnum ō na biadaibh ⁊ ō na deochaib chūisigius 1140 na dūinti. Mās ead, seachnaid siat na biada reamra, rigne millsi mēithe olamla ⁊ mur sin dona deochaib buaideartha reamra millsi. Agus seachnaid siat fothragad tair ēis bīd ⁊ saethuir, ⁊ fīn reamur lāidir, ⁊ coimriachtain ⁊ mōrān 1145 digi; ⁊ is cūis d'innarbad an bīd ōn gaile gan dīleagad fuirfe na neithe sin; ⁊ an uair roithid na biada mur sin chum na cuisleann do-nīt71 dūinti inntu.

Et is lōr ar labramur do choimplex fhola deirgi.

1150 Mās ead, labrum do choimplex leanna ruaid, atā teasaidi tirim, ⁊ adeirim an drong agā fuil an coimplex sin co fuilid ullam chum fiabrais lasamhuin ⁊ co hāirithi annsna haimsearaib teasaidi. Mās ead, moluim gurab imchubaid oxisacra aenda ⁊ 1155 sīrōip uiole ⁊ nenufair 72 dōib. Et as rēsūnta na sīrōipi adubramar do beith deadh-balaid maille rē mēid ēigin do spica nardi ⁊ do chainēl, ōir anfainnigid na sīrōipi sin an gaili do mēid 73 ēigin.  p.45 infra 156-157 Item as imchubaid uisgi eōrna isna haimsearaib 1160 teasaidi dōib; ⁊ moluim sīlta osglus na dūinti do bearbad ar na sīrōipib sin, mur atāit so, .i. sīl melones ⁊ cucurbita ⁊ sitruilli ⁊ sgairiola ⁊ mersi ⁊ a cusmaile.

Ōir gnāthuigid na complexa sin linn ruaid d'imdugad inntu, ⁊ co hāirithi isna haimsearaib 1165 teasaidi, as imchubaid dōib neithe fholmuigius linn ruaid co rannaidhi, mur atā, reubarbarum, ⁊ sgamonea arna bearbad, ⁊ mirabolani siterini, ⁊ casia fistula, ⁊ a cusmaile.

1170 Agus dligid regimen na droingi so beith a' claenad chum fuaraideachta ⁊ chum flichideachta, ōir atāit siat ullam chum tuitme a n-easlāintib coilearda teasaidi tirma. Agus atā in coimplex sin ullam chum na haīsi arsaigi, ⁊ ar an adbur 1175 sin rigid a leas neithe fhliuchus a coimplex ⁊ chathuigius a n-aigid na harsaideachta, mur atāit, na biada inmolta so, .i. ēin chearc ⁊ choileach ōga, ⁊ boill fhuirimeallacha na muc, ⁊ feōil laeg, ⁊ fīnta inmolta deadh-balaid gan beith deathmur 1180 nā ro-gēr; ōir idir na huile nī as ē an fīn is luaithi oilius.

Agus is imchubaid fothragad uisgi milis dōib. Agus dligid codlad do dēnum, ⁊ neam-chodlad ⁊  369saethur anordaigthi meanman ⁊ cuirp do sheachna, 1185 ōir is beac do shaethur lāidir rigid a leas an drong so.

 p.46

infra 157-158

Agus is mōr gortaigthear iat ō thrēiginus, ⁊ trīt sin oiltear fā dō sa lō nādūrda lucht an coimplexa sin. Agus nī dligid a mbiada beith 1190 ro-shēim nā fuilingtheach, ōir, dā mbeidis, do hinntōchaide a n-aignead leanna ruaid iat, trē gēiri a teasa. Mās ead dligid siat a mbiada do beith lāidir chum a ndīleagtha.

Et gortaigthear lucht an choimplexa so co 1195 mōr on choimriachtain anordaigthi; dā rēir sin is beac rigid a leas ria, acht gē atāit siad a' claenad chum an gnīma sin ar son a teasaideachta.

Item, is beac rigid a leas lucht an choimplexa so cuisle, do ligin, ar son gurab í fuil dearg 1200 folmuigthear innti, acht an mēid innfhuarus an corp ⁊ innarbus na deathaige.

Ō do labrumur do regimen coimplexa fola deirgi ⁊ leanna ruaid, labrum anois do regimen coimplexa leanna finn, atā fuar fliuch; ⁊ ar an 1205 adbur sin dligid a regimen beith a' claenad chum teasaideachta ⁊ chum tirmaideachta. Mās ead gnāthuigid siat biada ⁊ deocha chlaenus chum teasaideachta ⁊ chum tirmaideachta, mur atā, arān cruithneachta fā curthar salann ⁊ lauén a 1210 caindiacht inmolta; ⁊ dā curthar sīl finēil ⁊ ainīsi ⁊ a cusmaile ar an arān, is mōidi a dīsleacht.

As iat so na feōla as imchubaid dōib .i. feōil ēn mbeac do-nī eitillach, ⁊ petraisi, ⁊ turtar, ⁊ culūr 74 óg, ⁊ coinīneadh óg; ⁊ nī himchubaid  p.47 infra 158-159 1215 feōil laīgh nā muici dōib; ⁊ is imchubaid dōib feōil choileach óg, ⁊ go generālta gach uile fheōil so-dīleagtha chlaenus chum teasaideachta ⁊ chum tirmaideachta, ⁊ co hāirithi annsan aimsir fhuair.

Na hēisg immorra, as imchubaid75 dōib as iat so 1220 iat, mur atāit, na hēisg oiltear a n-uisgi milis, leanaid siat an coimplex so. Na hēisg lannacha muiridi as iat is luga do-nī urchōid dōib; ⁊ moluim iat dā mbeirbthear a fīn iat maille rē sīltaib teasaidi diuereticacha.

1225 Agus is mōr rig a leas in coimplex so rē saethur. Agus is beac gortaigthear ō thrēiginus iat; ar an adbur sin teagmuid comad lōr dōib caithim aen-uair sa lō. Et nī dleagur a mbiad do beith do-dīleagtha; ⁊ nī dleagur an deoch do beith 1230 d'uisgi nā do linn, acht a beith d'fhīn lāidir deadh-balaid ⁊ beith sēim do shubstaint ⁊ do gnīm.

Agus is beac rigid a leas lucht an choimplexa so rē cuislinn, acht is mō rigid a leas leigeas lagthach fholmuigius linn finn; ōir do gnāthuig 1235 an coimplex so linn finn d'imdugad ann, ⁊ co speitsialta annsa geimrid. Agus as imchubaid linn finn d'fholmugad a tosach an earraig an tan sin. Et dīleagthur an t-adbur ar tūs maille rē hoximel aenda diuereticach sgilleticum, 1240 maille rē huisgi ar a mbeirbthear īsōip ⁊ minntus. Et ana diaig sin folmuigthear é lē diaturbit, lē huisgi ar a mbeirbthear polipodiummirabolani  p.48 infra 159 Kebuli, sīl cartamuis ana timpearāiltear turbit, ⁊ agairg ⁊ sinnsēr.

1245 Agus as beac gortaigthear an coimplex so ō choimriachtain; ⁊ atāit gu lōr a cumachtaigi chum na coimriachtana ginco mōr a n-āilgeas76 trē uireasbaid an teasa, ⁊ urchōidigid dōib gan aen-rēd do dēnum di.

1250 Agus as imchubaidi sdufa dōib nā fothragad uisgi milis; ⁊ as imchubaidi fothragad raibi, co nādūrda nō co healadnach, dōib. Agus as imchubaid neamchodlad co gnāthach dōib; ⁊ is orchōideach codlad imurcach fada do lucht an 1255 choimplexa so. Coimplex leanna duib immorra, as fuar tirim ē; ⁊ is ē as measa dona coimplexuib ⁊ is ullma chum na harsaideachta. Et rigid a leas lucht an choimplexa so regimen tēigius ⁊ fhliuchus ana mbiaduib ⁊ ana ndeochaib ⁊ an 1260 gach nī ele.

Et bīth arān na droingi sin do chruithneacht glain gan salann maille rē caindiacht bic laibīn; ⁊ bīth a n-arān bog. Et bīth a feolanna teasaidi fliuchaidi mur atāit so, .i. feōil chabūn arsaig ⁊ 1265 ōg ⁊ a cusmaile. Agus bīth a fīn deadh-balaid sēim; ⁊ is dona neithib is mo as imchubaid do  370choimplex leanna duib sin.

Agus as imchubaid coimilt measurda ⁊ saethur measurda ⁊ fothragad uisgi milis. Agus rigit a 1270 leas codlad fada. Agus is animchubaid coimriachtain do lucht an choimplexa so, ōir fuaraid  p.49 infra 159-160 ⁊ tirmuigid in choimriachtain a coimplex. Et an drong agā mbī in coimplex so is mōr gortaigthear iat ō dobrōn ⁊ ō fheirg.

1275 Agus nī himchubaid trēiginus dōib. Agus rigit a leas biada so-dīleagtha ar son co fuil an teas rē n-abur innatus anfann acu; ⁊ mur an cēdna nī fhuilngid siat caindiacht imurcach an bīd.

1280 Et nī himchubaid cuisle do lucht na coimplex so, acht is mō dleagur leigeas lagthach do thabairt d'fholmugad leanna duib. Et as iat so na leigis fhodnus chugi sin, .i. mirabolani Inndi ⁊ pōlipodium ⁊ lapis lazuli ⁊ duilleōga sene ⁊ clamān 1285 līn ⁊ a cusmaile; ⁊ dleagur na leigis dīleagthacha do thabairt roim na neithib so. Et as iat so na leigis dīleagthacha sin .i. borrāitsi ⁊ buglosa, tīm ⁊ crim muice fiada, origanum ⁊ calimint, fumus terra ⁊ a cusmaile; ⁊ dēntur na neithe so 1290 roim an purgōid ⁊ taburthar an phurgōid a tosach an earraig ⁊ a ndeireadh an tshamraid.

Agus is lōr an beacān so adubramar do regimen an tuitme big theagmus annsa gnē daena, ⁊ bu follus regimen an tuitme theagmus an gach aen-ball 1295 don taīb thīs dīn.

5. An cūigead c ai b idil : Do regim en na sl āint i do-gabur do leith reme nō truaigi

Non eodem regimine indigent pingues naturaliter, ⁊ cetera, .i. nī hinann regimen dligid na daīne  p.50 infra 160-162 mēithe co nādūrda ⁊ na daīne truaga: .i. bīth drong dona daīnib truag nīsa mō do leith a 1300 coimplexa nā mur iarrus aibīc 77 measurda na gneé daena; ⁊ gnāthuigid sin teagmāil ō theasaideacht ⁊ ō thirmaideacht ball an treas dīleagad; et teagmaid uair eile ō anfhainne ball an treas dīleagad.

Agus dā teagma an anfainne sin do leith an 1305 choimplexa bīth 'na cūis don truaigi mur so, .i. nach ēidir leis na ballaib an oileamain do tharrang chucu, arna tarrang nach ēidir leō a dīleagad, ⁊ tic truaigi na mball uaid sin. Et teagmaid do droing ēigin a mbaill do beith lāidir ag dēnum an 1310 atarraing sin, ⁊ gan a mbeith reamur acht a mbeith truag co nādūrda; ⁊ as ō lāidireacht an teasa ag dīsgaīlead teagmus sin ⁊ ō anbainne brīge claechluigthi na mball ⁊ ō anumlacht athnuaigthi na mball. Et teagmaid clō na ballaib 1315 beith anumal chum a n-athnuaigthi ar son a cruaidi ⁊ a tirmacht, mur is follus a lucht leanna duib, nō ar son lāidireacht na 78 cnaī, mur is follus a lucht leanna ruaid. Ōir atā teas gēr cnaīteach acu innus co cnaīdinn an teas sin an nī do dligfid 1320 inntōg 79 a substaint na mball ōn 80 chlaechlōdh.

Et as ēidir a thuicsin as na neithib sin cūise na reime imurcaidi tic ō nāduir.

Nam oppositorum opposite sunt cause81, .i. is cūise contrārda bīs ag na neithibh contrārda:  p.51 infra 162-163 1325 ōir is iat cūise na reime nādūrda ⁊ na feōlmuireachta imurcaidi, flichideacht na mball maille rē teasaideacht mael ⁊ calmacht na brīge claechluigthi ⁊ ullmacht na mball chum a n-athnuaigthi do leith a mbuigi ⁊ a tearcacht.

1330 Et ar an adbur sin dā teagmad co mbeith duine ēigin truag ar son dīgbaidthi na feōla ⁊ in mēthraid dligid sē gnāthrugad dona neithib do-nī tēigid ⁊ fliuchad, ⁊ do biaduib oilius co mōr ⁊ is urusa do dīleagad ⁊ d'inntōg a cusmailius na mball. 1335 Agus dleagur boill an treas dīleagad do chomfhurtacht innus coma mōidi do tarrōngthaidi an oileamain ⁊ do dīleagfaidi ⁊ do coinneōchaidi ⁊ do hinntōchaide. Agus dligid sē gnāthugad dona neithibh chathuigius a n-aigid na tirmaideachta 1340 ⁊ an dīsgaīlti. Et as imchubaid don droing lērb āil a cuirp do reamrugad aipstinens do dēnam ō na neithibh saillti ⁊ gēra ⁊ aigēidigthi, acht muna gnāthuigthear iat mur shabsa 82 innus coma feirrdi in tochlugad.

1345 Ar an adbur sin is maith do reamrugad na corp cruithneacht beirbthi ⁊ uigi boga, ⁊ liti do  371min chruithneachta, ⁊ mur an cēdna rais, ⁊ pōnuire bristi ar mbuain a croicinn di, bainne ⁊ cāisi nuad, ⁊ almoint millsi ⁊ cnō nuada aipchi, cearca 1350 ⁊ ēin mēithe, colum arna rōsdad ⁊ fīn maith mur an cēdna, ⁊ gnāthugad do chluithib ⁊ do gairdeachus co minic, ⁊ gan cuisle nā purgōid do gnāthugad  p.52 infra 163-164 acht co hannum, ⁊ fothragad do dēnum tair ēs bīd ar crīchnugad an chēid-dīleagtha, beacān 1355 gorta d'fhulang ⁊ mōrān do chaitim, beacān feirgi do dēnam, sōlās ⁊ dobrōn, coimriachtain ⁊ saethur ⁊ coimilt measurda do gnāthugad. Et gu coitchinn gach uile nī olamail milis ramraigid siat an corp.

1360 Et gibē shanntaigius na brīga so do chalmugad, .i. brīg an treas dīleagad, ⁊ co speitsialta an brīg atarraingtheach ⁊ an brīg dīleagthach, as ro-maith dōib roim dul a fothragad a mboill do choimilt co measurda, ⁊ ana diaid sin ceirīn do phic do 1365 chur orra, ⁊ saethar measurda ainnsēin, ⁊ fothragad 'na diaid sin, ⁊ a tirmugad ainnsēin lē hēduigib tirma, ⁊ a n-ongad ainnsēin maille rē beacān d'olaid na holiua do chamamilla, ⁊ a oileamain co gnāthach leis na biaduib do gnāthuig sē.

1370 Agus is follus as na neithib sin adubramar regimen na ndaīneadh reamur tair ēis a chēile. Ōir as imchubaid dona daīnibh reamra, do choimēd83 a slāinti, diet oilius co beac ⁊ a beith a caindiacht mōir, ⁊ gach uile nī do-bearar dōib 1375 a beith ac toirmeasc na reime do mēid ēigin.

Mās ead, gnāthuigid siat fothragad roim a cuid, ⁊ mēduigthear a saethur, ⁊ ongthur lē holadaib dīsgaīlteacha iat, ⁊ gnāthuigid siat trifeara beac ⁊ lictabāire do-nīthear do lactuca84 ⁊ triacail co  p.53 infra 164-166 1380 gnāthach. Agus seachnaid siat feōil ⁊ bainne ⁊ gach uile nī milis, ⁊ gnāthuigid siat praiseacha ⁊ neithe gēra ⁊ aigēidigthi gu mōr, ⁊ gnāthuigid neithe lagus an brū. Et gnāthuigid na neithe thogairmius in fual ⁊ an 1385 t-allus, ⁊ saethur mōr lāidir; ⁊ fuilngid gorta sul chaithid biad, ⁊ codlaid ainnsēin; ⁊ ullmuigid iat fein chum bīd do chaithim aen-uair sa lō, ⁊ nā codlaid mōrān, ⁊ ibit sein-fhīn sēim. Et an nī adearar d'aen-rēd, gnāthuigthear regimen contrārda 1390 do mur adubramar don taeb thuas dīn.

Et is follus as na rāitib sin cinnus reamraigthear na baill truaga, ⁊ cinnus truagaigthear na boill reamra.

Et is do leith atarraing na hoileamna chum 1395 na mball, ⁊ a connmāla inntu, ⁊ a hinntōg ana nādūir, reamraigthear na boill. Et coimlīntur na hoibrigthi so lē coimilt ⁊ lē deargad na mball maille leigeasaibh deargus iat ⁊ lē huisgi te do dortad orra, ⁊ fā deōig linemintum do phic do 1400 chur orra mur adubramar romainn.

Agus mad āilt ball atā roi-reamur do thruagugad, furtachtaigid chugi sin an ball do chur a n-inad fhuar a comnuidhi, ⁊ sligthi na hoileamna chugi sin do cheangal co cruaid, ⁊ an oileamain do 1405 tharrang chum a chontrārda, ⁊ epitima do chur ar an mball toirmiscius a reamrugad; ⁊ curthur cimolea ⁊ cerusa luaidi 85 maille sūg gaifne  p.54 infra 166-168 gile ⁊ rē holaid mirtuis ar an mball ⁊ is maith. Item dēntur epitima lē huisgi ailime ⁊ lē haigēid 1410 ⁊ lē min pōnaire ⁊ lē coriandrum ⁊ lēna cusmailib, ⁊ curthar ar an mball mur an cēdna.

6. An seisead c ai b idil : Do riaglach aib regim en na sl āint i do-gabur ō ēgsamlacht na mball

Tota regio corpuris humani ⁊ cetera, .i. atā rēgiōn an chuirp daena co huilidi arna dealugad ag na daīnibh co huilidi a ceathra rannuib: an 1415 cēid-rēgion dīb, .i. rēgiōn na mbrīg ainmidhi, mur atā, an inchinn ⁊ na baill atā 'na comursanacht; an dara rēgīon, .i. rēgiōn na brīge spiradālta  372na brīge beōthaigthe, mur atā, an craidi ⁊ na baill atā 'na chomursanacht; an treas rēgiōn, .i. 1420 rēgiōn na brīge nādurda, mur atā, an gaile ⁊ na hae ⁊ an tshealg ⁊ na hinne; an ceathramad rēgiōn, .i. rēgiōn na brīge geineamnaigi, mar atāit, na huirgi ⁊ an tslat fhearrda ⁊ matrix ⁊ a muinēl annsna mnāib.

1425 Ōir atāit na baill sin ēxamail do rēir choimplexa ⁊ comshuigigthi ⁊ oibrigthi, mās ead, do rēir chonsiquens, dligid regimen ēxamail. Ar an adbur sin tinnsgnam on cheann, ⁊ labrum ar tūs dona neithib choimēdus croicinn an chinn ⁊ an gruag.

1430 Ōir coimēdtur croicinn an chinn ō scaibies ⁊ ō  p.55 infra 168-169 chneaduib lē folcad; ⁊ gibē lēnab āil folcad do dēnum is maith ar tūs an ceann d'ongad lē mil, ⁊ co hāirithi annsa geimrid; ⁊ nī hindēnta mainneachtnaidi gan an ceann do nigi fā dō sa 1435 mī an mēid is luga.

Et cīrthur an ceann lē cīr do chnāim ībōire gach lae ⁊ co minic, ōir oslaigid sin na pōire ⁊ innarbaid na deathaigi do ēirig chum na mball uachtarach. Et dā mbia an gruag ēgruaid 1440 so-sgrista, dēntar folcad dī do luaith oliua ⁊ don fholcad do-nīthear de. Et dēntur folcad d'uisgi ar a mbeirbthear dub-chosach, ⁊ d'ēiginn talaim dōib.

Tuillead: coimiltear prēma na gruaigi lē 1445 holaid ainēidi ⁊ masdix ⁊ oliua, ōir imdaigid ⁊ coimēdaidh sin an gruag. Tuillead: bīth a fhis agad gurab cumachtach an dīsleacht atā ag pūdur lapis lazuli do choimēd fhinnfaid an fhabra. Item, coimēdaidh fīn ana mbeirbthear bleta 1450 finnfad na fēsōigi, 86 ⁊ co hāirithi dā n-innaltur dī d'ēis a bearrtha; ⁊ is maith innlad a fīn amāin annsa chās so. Tuillead: dā n-innaltur an fhēsōg co minic a huisgi fhuar cuirid an lēithe a maille, ⁊ toirmiscid a tuitim. Et comaentaigid na sean-daīne 1455 eagnuidi uile annsa chās so co ndēin mirabolani Kebuli arna chaithim mur shabsa an lēithe do chur a maille, ⁊ coimēdaidh an gruag dub co maith, ⁊ do dearbad so co minic.

 p.56

infra 169-171

Sanitas ceribri, .i. coimēdtur slāinti na hinchinne 1460 lē deathaigib ⁊ lē balad spīsrad ndeadh-balaid, mur atāit so, .i. lignum aloes ⁊ ambra, ⁊ luibi deadh-balaid, mur atāit so, .i. maiorana 87 ⁊ balsamita ⁊ uiola ⁊ a cusmaile. Agus comfhurtachtaigid so an inchinn ⁊ toirmiscid in reuma 1465 ⁊ leigisid teinneas emigrania, ⁊ as imchubaid co speitsialta na neithe so annsa geimrid. Et leagar deathaige neithead ndeadh-balaid fuar annsa tshamrad fān inchinn, mur atā, rōs ⁊ sanduile ⁊ a cusmaile.

1470 Et is maith an biad dōib gearrcaig ⁊ uain ōga arna mbearbad a mbeacān uisgi, ōir coimēduid siat slāinti na hinchinne; ōir adeir Aristotul co coimēdann ⁊ co mēduighid na gearrcaid an inchinn, ⁊ co coimēdann a cēdfada.

1475 Tuillead: leagar deathach uisgi the faī an ceann ana mbeirbthear camamilla ⁊ sdicados ⁊ mentasdrum. Tuillead: ēdrumaigid an tsraedach88 ar cēd-longad an inchinn, ⁊ innarbaid meisgi na cēdfad, ⁊ toirmiscid an lēithe, ⁊ innarbaid na 1480 deathaige. Mās ead nī hindearmaid an tsraedach a coimēd na hinchinne.

Ōir urchōidigid so don inchinn co mōr, .i. an neim-dīleagad ⁊ truailliugad an dīleagtha, ōir is iat sin is prēm dā gach uile easlāinti.

1485 Sanitas oculorum, .i. coimēdtur slāinti na sūl  p.57 infra 171-172 ō sheachna suipēir na hoidchi; ⁊ nā codlad a ndiaid bīd ⁊ a ghaili lān; ⁊ gnāthuigead sē na neithe chomfhurtachtaidius ⁊ choimēdus na sūile, mur atāit so, .i. gab sīl fenēl aen-rann, eufrasia 1490 leath-rann, maiorana rann, siūcra geal leath-rann; dēntur pūdur dīb, ⁊ gibē mod ar a ngnāthuigthear  373so coimēdaidh ⁊ furtachtaigid an radurc.

Tuillead: leagur deathach uisgi the ara mbeirbthear finēl do glanad na sūl ō fhlichideacht reamuir; 1495 ⁊ is ēidir na luibi so do bearbad ar fīn finn, ⁊ is ēidir na luibe eile so do chur farū, mur atā, eufrasia ⁊ ruib, ueruena ⁊ seledonia, ⁊ is mōr fhurtachtaigid sin dona sūilib.

Et comfhurtachtaigid radurc na neithead uaine 1500 iat, ⁊ do-nī 89 an dath dub ⁊ an dath geal a chontrārda sin, ōir in mēid tēid in dath ō inmeadōn as ī an mēide sin anfainnidius sē in radurc.

Et nī urchōidiginn aen-nī don radurc mur do-nī in codlad fada ⁊ an gaile lān, ⁊ mur an 1505 cēdna don choimriachtain. Tuillead: anfainnigthear an radurc ō chaithim na neithead ndeathmur, mur atāit, uinneamain ⁊ gāirleōg ⁊ a cusmaile; ⁊ do-nī pibur cas ⁊ an aigēid ⁊ prēma na raidisi ⁊ coblān an cēdna; ōir dorchaigid1510 anfainnigid gach uile nī deathmur an radurc. Agus co speitsialta na daīne bīs amuirseach ar a radurc seachnaid siat neithe saillti ⁊ deathmura ⁊ aigēidigthi ⁊ gēra; ⁊ seachnaid siat fuacht ⁊  p.58 infra 172-173 pūdur ⁊ deathach, ⁊ co hāirithi deathach connaid 1515 ⁊ mitall ⁊ airged beō, ⁊ gaeth. Et nā gnāthuigid aen-nī chlaechluigius an radurc d'fchain; ⁊ is ēigin co laigdigthear an radurc ō fchain na litreach cael, acht muna fēchthur iat mur shaethur mur gluasacht don tshūil.

1520 Tuillead: urchōidigid sgeathrach ⁊ caī ⁊ fothragad dona sūilib. Tuillead: gnāthuigid mirabolani Kebuli co ro-mōr do chomfhurtacht ⁊ do chalmugad an raduirc. Agus tar gach uile nī lacthur an brū, ōir is ro-mōr chalmuigius sin an radurc. 1525 Agus coimēdaid so in radurc co ro-maith ⁊ calmuigid na sūile ⁊ glanuid ō fhlichideacht reamuir iat, .i. na sūile ⁊ na fabraidi d'innlad co measurda a huisgi fenēil90.

Dicunt quidam .i. adearaid drong ēigin nach 1530 fuil leigeas is mō as imchubaid dona cluasaib nā uinēgra lāidir do chur inntu ar cēd-longad; ōir comfhurtachtaigid sin innsdruimint an ēisteachta ⁊ toirmiscid flux an reuma nach tuitid sē ōn inchinn chucu. Et is laidiridi an t-oibriugad 1535 do-dēnad sī dā mbeith mēid ēigin clō shūg minntuis trīthi; ōir is maith glanus sin sligthi na cluas ō na himurcachaib reamra thoirmiscius an t-ēisteacht ⁊ geinius mōrān d'easlāintib isna cluasaib. Item, ola na n-almont searb arna mbearbad ar eithnidib 1540 na n-almont arna cur annsa chluais 91, oslaigid ⁊ comfhurtaigid puill na cluas. Et is dona neithibh  p.59 infra 173-175 is deithidi dleagmaid do thabairt dār n-ūig a coimēd ō gach uile imurcaid ⁊ ō gach uile fhodur muilinn uisgi thuitius d'inad ard. Et fēduid na 1545 leaga in t-ēisteacht do choimēd lē deathaigh uisgi the; ⁊ is tarbach sin dā mbeirbthear uormōnt ⁊ puliol 92 ruigel ann. Agus seachnaid siat folcad a huisgi chriadamail neam-glan d'eagla co rachad rēd ēigin annsa chluais do dūnfad ī.

1550 As iat so na neithe choimēdus slāinti orgāin an bolltanaid: .i. an tsrōn do glanad co sdūidērach ōna himurcachaib reamra rigne innus nach mairfid aen-rēd dīb innti; ōir an uair anaid sin co fada annsa tsrōin geinit brēntus ⁊ truaillid an bolltanad. 1555 Et seachnaid siat gach uile droch-balad, ⁊ co hāirithi an droch-balad bīs a n-inaduib cumga doimne a mbī aēr truailligthi dorcha nach ēidir lē grēin dul dā innsaidi do chnaī na ndeathaigead truailligthi, ⁊ do glanad an aēir ēirgis dīb. Ōir 1560 truailltear an spirad beōthach ō thruaillead an aēir. Agus ō gnāthugad an aēir thruailigthi nī mothuigthear an droch-balad truailligthi; mās ead as ēigin neithe deadh-balaid do gnāthugad, mur atāit, deathaigi neithead ndeadh-balaid, mur atā, 1565 crann na hola ⁊ ambra ⁊ cainēl maith; ⁊ boltanaid siat must do choimēd na spirad ainmidhi.

 374Et coimēdtur an bēl ana shlāinti dā measgthur fīn bog ann roim an cuid ⁊ na diaid; ⁊ glanaid so an bēl ⁊ tirmuigid ⁊ cnaīid na fliuchada thuitius  p.60 infra 175-176 1570 ōn cheann chum feōla na fiacal. Et adubradur drong dona daīnibh eagnuidi co n-innarbann dentrifisium do-nīthear do phūdar nutmuici ⁊ spica nardi ar cēd-longad gach lae brēntus an bēil.

1575 Et coimēdtur slāinti na teangad lē hinnlad a huisgi ar cēd-longad ⁊ a coimilt lē mil ⁊ lē pūdur sinnsēir; ōir innarbaid sin a reime imurcach ⁊ cuirid a seingi hī. Tuillead: as imchubaid coblān do chaithim do chogaint, gargaraisim 93 do 1580 dēnam de ar reime na teangad; ar an adbur sin co speitsialta luathuigid an coblān urlabra ⁊ siubal na naīdin an tan caitear 94 é, ⁊ comfhurtachtaigid na hailt ⁊ na musguile mur an cēdna. Tuillead: .i. saeruid connmāil na spīsrad ndeadh-balaid 1585 ar cēd-longad annsa bēl in teanga ōna reime, ⁊ furtachtaigid an t-uirgill, mur atā, nutmuiccubibe. Agus is nāmuid don teangaid na cnō; ar an adbur sin as intsheachanta iat a coimēd shlāinti na teangad, ⁊ mur an cēdna dona 1590 cnoib Gaīdealacha.

Dona neithib choimēdus meiri ⁊ feadāin an sgamāin

Mas ead, adeirim co coimēdtur feadāin an sgamāin ⁊ meiri 95 lē heanbruithi cearc mēith ⁊ lē feōil uan leith-bliadna 96 ar mbearbad neitheadh  p.61 infra 176-177 milis farū, mur atā, licoiris; ⁊ dā mbeirbthear 1595 barr coblāin maille ris na feōlannaib sin is mōidi bus inmolta an eanbruithi. Agus is maith deoch d'fhīn milis chum an neith chēdna. Et nā caitear cnāime gearrcach mbeac nā petraisi nā ēisg deilgnid; ⁊ nā caitear feōlanna reamra nā bud 1600 ēidir do dīleagad acht ar ēigin; ⁊ seachnaid siat neithe saillti ⁊ aigēidigthi ⁊ sean-ola, ōir gortaigid sin canna ⁊ meiri. Tuillead: as imchubaid uigi boga do choimēd na mball adubramar. Tuillead: is maith licoiris do chaithim ⁊ do bearbad1605 gargraisim do dēnum de chum an neithe chēdna.

Et dligid an drong gā tuitinn uvula97 sgeathrach do sheachna. ⁊ co speitsialta ar cēd-longad. Tuillead: gibē shanntaigius na boill adubramar do choimēd seachnuid siat deocha fuara bīs fuar co 1610 gnīmach, ⁊ co speitsialta uisgi fuar. Et an uair bīt na boill adubramar anfann ōn dig so fēdaig spasmus teagmāil a meiri, ⁊ do rēir chonsiquens bās ō easbaid na hoileamna do tharrang; ōir an uair marbthur meiri ō dig fhuair nī hēidir leis 1615 beith ana inmeadōn chum an atarraing nā chum an tsloigthi.

Dona neithib choimēdus an sgamān

Agus bīth a fhis agad co n-oilinn ⁊ co comfhurtachtaiginn cicera an sgamān arna nglanad ōna croicinn fhuirimellach, ⁊ arna mbrisid ⁊  p.62 infra 177-178 1620 arna mbearbad ar bainne gobuir nō ar im nua. Et is maith pinēdi ⁊ almoint tsearba arna nglanad ōna croicinn fhuirimeallach chum an neith chēdna. Tuillead: is maith bainne gobuir ⁊ siūcra chum an neith chēdna, ⁊ co speitsialta caera na fīneamna 1625 a n-ēgmuis a mogall ⁊ an gaile folam. Et atāit na neithe gēra saillti aigēidigthi gontacha, contrārda don sgamān. Et comfhurtaigid mirr do chongbāil faī an teangaid an sgamān dā n-atarraingthear 98 an chuid leagus de co mīn. Tuillead: .i. sūg 1630 coblāin arna glanad ⁊ arna shlugad maille ré mil comfhurtachtaigid an sgamān ⁊ glanuid an guth.

Tuillead: .i. fīn milis beirbthi arna glanad ōna shubstaint reamuir lēna bearbad, is mōr tharbaigius sē don sgamān ⁊ dā fheadānaibh. Et is cumachtach 1635 in dīsleacht atā ag sgamānuib sinnuig do choimēd99 sgamān an duine. Et is ro-maith chum an neith chēdna partāin tsrotha ⁊ oisridi arna mbearbad, ⁊ do mīnidius-sa fēin so annsa  375trāchtad do-rinnius d'ematoica ⁊ do ptisis.

Do choimēd ⁊ do chomfhurtacht an chraidi

1640 Agus bīth a fhis agad a tosach na hoibre so gurab intseachanta in nī thogairmius an fhearg ⁊ an cumgach; ōir is fiadnuise neich ēigin eagnaid  p.63 infra 178-179 co fuilid dā nāmuid urchōideacha ag an craidi, .i. in mīdōchus ⁊ in dobrōn; ōir tic dochraideacht 1645 ⁊ leisgi ōn mī-dōchus ⁊ dīth rēsūin, ⁊ luathuigthear an arsaideacht ōn dobrōn; ⁊ is mōr an urchōid do-nīd an dā chinēl so don chraidi. Agus is mō an urchōid do-nī an dobrōn nā do-nī an mīdōchus; ōir mūchaid sē an teas nādūrda ⁊ doimnigid an 1650 spirad ⁊ dīsgaīlid comshuigiugad an chraidi an mēide so innus co marbann. Agus gibē ara mbī fearg dobrōn, sgrisaid sē ōn chraidi iat lē gairdeachus ⁊ lē fāiltiugad nō lē spaitseōireacht ⁊ lē saethur furbaīlteach; ōir comfhurtachtaigid 1655 an gairdeachus ⁊ an lūthgāir 100 an t-anum. Ar an adbur sin as imchubaid biada sēime do choimēd an chraidi, mur atāit, ēin chearc ⁊ colum ⁊ petraisi, turtair, uain ⁊ fearbōga ōga, ⁊ na biada ele geinius fuil tsēim.

1660 Tuillead: seachaintear aer brēn ceōmur neamglan, ōir nī hēidir an spirad beōthach do choimēd ō atarrang an boltanuid maith ⁊ an aēir maith, ōir is uatha sin coimēdtur an craidi. Agus is dona neithibh is mō ō coimēdtur ē fīn maith 1665 sēim deadh-balaid. Et nī fadar 101 aen-nī ar an adbur sin is mō chomfhurtachtaidius an spirad ⁊ an craidi, ⁊ choimēdus an teasdūrda nā fīn maith arsaid deadh-balaid arna ōl co measurda; ōir glanaid an fīn an fhuil ⁊ innarbaid a teimil.

1670 Et is mōr fhurtachtaidius suidi a n-inadaibh  p.64 infra 179-181 aībne ana mbīt luibi threoraigius an gairdeachus, a ngarrga ana siubluigid uisgidi co mīn ō ard co hīsil, ⁊ gan fodur mōr acu ag tuitim, ōir gortaigid an fodur mōr an t-ēisteacht ⁊ an meanma. Et 1675 adearuid na sean-daīne co sgrisann ēisteacht an cheoil dobrōn ⁊ sdupāil ōn chraidi ⁊ ōn meanmuin; ōir coimlīnaid ceōl na n-innsdruimintid ēxamail ⁊ sōlāis maithius na compānach ⁊ na carad ngrādach an mēid do mill an dobrōn do shlāinti an chraidi.

1680 Agus an nī as inrāid d'aen-nī, .i. brīg an chraidi do chomfhurtacht, coimlīntur sin lē fīn sēim ⁊ lē biaduib geinius fuil shēim, ⁊ lē gairdeachus ⁊ lē cumsanad na neitheadh ndeadh-balaid, ⁊ lē seachna na neithead do-nī fearg ⁊ dobrōn, ⁊ lē 1685 togairm na neithead sogrāduidthi, mur atāit ēduigi ⁊ comnaidhi a n-inad sogrādach. Agus is mōr fhurtachtaidius sīrōip chomshuigigthi do shūg na n-uball milis ⁊ do shūg om na cruaichi Pādraig an craidi. Et bīth a fhis agad na neithe 1690 chomfhurtachtaidius an craidi co fuil cuid dīb 'na corpaibh measurda, mur atāit, creasanna ⁊ ōr ⁊ airgid ⁊ cruach Phādraig; ⁊ atā cuid ele te, mur atā, cainēl, sidaual ⁊ crōch ⁊ muscus ⁊ mellisa ⁊ a sīl, cardamomum ⁊ cubebe; ⁊ atā cuid eile 1695 dīb fuar, mur atāit, niamanna ⁊ carabe, campora ⁊ cruel, 102 sandali, rōs, spodium, terra sigillata103coriandrum. Tuillead: .i. comfhurtachtaigid uigi cearc co coitchinn an craidi, ōir geinid siat fuil  p.65 infra 181-182 imchubaid don chraidi. Et as imchubaid don 1700 droing agā mbī craidi ēgruaid na huigi.

Dona neithib chomfhurtachtaidius an gaile

Ōir cūisigthear slāinti an chuirp co huilidi ō shlāinti an gaile, ar an adbur sin nī hinmainneachtnaigthi coimēd an gaile; ōir is amlaid atā an gaile isna hainmintib mur bīs an phrēm isna 1705 crannuib; ōir is ōn phrēim tic oileamain chum an phlannda uile; ar an adbur sin muna hoiltear  376an phrēm seargfaid104 an plannda uile; et dā mbia oileamain na prēime animchubaid nī fada mairius an plannda. Et is mur sīn an uair nach oiltear an 1710 gaile, an uair nach dīleagthur an biad tēid ann, seargaid an corp uile; ōir an uair bis seachrān follus annsa ghaili nī ceartaigthear annsna ballaib eile ē, ⁊ mairid an oileamain neim-dīleagtha animchubaid dā hinntōg a n-oileamain ⁊ a substaint 1715 na mball. Ōir as ead as beatha ann nī coimsheasmach maille rē hoileamain, ar an adbur sin dleagmaid beith deithideach co mōr a coimēd shlāinti an ghaile. Et furāilid drong dona daīnibh eagnuidi an sgeathrach do thogairm uair sa mī co 1720 mīn lē huisgi mbog maille rē beacān aigēide, ōir glanuid so an gaili ō imurcachaib an bīd ⁊ na digi ⁊ na ndroch-leannann.

 p.66

infra 182-183

Tuillead: .i. caera fīneamna do chaithim ar cēd-longad ⁊ comfhurtachtaigid an gaili ⁊ ceartaigid 1725 a droch-coimplex. Agus do-nī aipsint ⁊ spica nardi arna n-ōl mur dig an cēdna, ōir calmuigid ⁊ coimēdaid ē, ⁊ innarbaid na himurcacha, ⁊ dīsgaīlid cruas an gaile. Agus mar an cēdna comfhurtachtaigid gnāthugad na lictabāire do-nīthear 1730 do masdix ⁊ do lignum aloes105 an gaile. Et gnāthuigthear na biada do-nīthear dona hēnuib do chomfhurtacht an gaili, mur atāit, petraisi ⁊ turtair ōga arna mbearbad a n-uisgi. Et seachuid gan uisgi fuar d'ōl ar a chuid acht a 1735 ndeireadh a choda mā do gnāthuig sē ē, ⁊ munar gnāthuig gan a ōl; ⁊ as beac dleagur a ōl an tan sin.

Tuillead: sīrōipise ⁊ hī deadh-balaid ō lignum aloes coimēdaidh sī slāinti an gaili ⁊ 1740 tarbuigid dō. Adeir Aristotul co comfhurtachtaidinn trī .3. do lictabāire do-nīthear do reubarbrum ⁊ do lignum aloes ar cēd-longad teas an ghaile, ⁊ co calmaiginn an dīleagad, ⁊ co nglanann bēl an ghaili ō linn fhinn, ⁊ co togairminn an 1745 tochlugad, ⁊ co n-innarbann an gaethmuireacht. Et mur an cēdna ceartaigid uisgi rōise maille rē masdix ⁊ rē feōil an ubaill buidi an gaili.

Tuillead: is mōr moluim gnāthugad coriandrum a sabsa, ⁊ curthar annsa sabsa sin .3. do lignum aloes, 1750 clōbus, sbicanardi, sandali ⁊ nutmuic, .3. co  p.67 infra 183-184 leith do gach nī dīb; cainēl ⁊ pibur fada .3. co leith do gach nī. Agus dēntur pūdur dīb, ⁊ curthar trī .2. do choiriandrum ana ceann, ⁊ caitear iat, ⁊ calmuigid an gaili. Tuillead: .i. seachnad gach 1755 uile thorad nuad ⁊ co hāirithi na tortha is urusa do thruailliugad, mur atāit, pēirida ⁊ smēra ⁊ āirnidhi geala ⁊ seirīni millsi ⁊ ubla ⁊ a cusmaile. Agus seachnuid siat bainne ⁊ gach gnē de, mur atā, im ⁊ cāisi. Agus seachnuid mēthrad ⁊ gach uile 1760 fheōil ⁊ iasg tirmaigthear lē salann.

Et urchōidigid don gaile tochlugad an bīd ⁊ gan a fhadbāil, ōir do-nī sin lēimneach ⁊ saethur follus annsa ghaili. Agus is olc fothragad a cēdōir tair ēs bīd. Agus is olc an biad do droch-cogaint ar 1765 an mbord. Agus is olc fuacht imurcach teas imurcach don cheann ⁊ dona ballaib fuirimeallacha ⁊ urchōidigid co ro-mōr don ghaili. Agus urchōidigid linn ūr ⁊ gach uile leigeas dīsgaīlteach dō. Et urchōidigid co coitchinn gach uile nī do-nī 1770 urlagad don ghaili.

Tuillead: .i. is dona neithibh is mō anfainnidius an gaili connmāil na ndeasgad ⁊ na gaethmuireachta ann, ⁊ coimriachtain mī-measurda, ⁊ co hāirithi dā mbia sī a ndiaid repletion an bīd.

1775 Tuillead: .i. urchōidigid neam-chodlad mī-measurda ⁊ easbuid an tshaethuir ⁊ sgeathrach shaethrach don gaili. Et is mōr fhurtachtaigius gnāthugad na sgeathraigi gan beith saethrach ē, ōir do-nī sī inad purgōidi ⁊ a dēnum co hinmolta.  p.68 infra 184-185 1780 Tuillead: .i. anfainnighid ribōideacht idir in dā chaithim an gaili ⁊ an dīleagad gan beith coimlīnta  377annsa gaili. Item as dona neithibh anfainnighius co mōr an gaili anfhainne na meanman. Et as intsheachanta co mōr līnad urlaictheach, ⁊ 1785 mōrān na cūrsad ⁊ a truailliugad ainnsēin, ⁊ anmain co fada ar an mbord, ōir truaillid so uile an dīleagad.

Labrum ana diaid sin do choimēd shlāinti na n-ae. Agus adearmaid co comfhurtachtaigthear ⁊ co coimēdtur slāinti na n-ae ō gach uile biad as 1790 urusa do dīleagad ⁊ geinius fuil maith shēim, mur atā, feōil meannān ⁊ cabūn ⁊ petraisid ⁊ cearc, ⁊ uigi, ⁊ a cusmaile do biadaibh. Tuillead: as intuicthi co mēdaiginn gnāthugad na neitheadh so na hae ⁊ co ceartaigid a ndroch-coimplex, mur 1795 atāit, ubla grāineacha millsi ⁊ caera fīneamna a n-ēgmuis a croicinn. Et tēigid an fīn bis sēim ana shubstaint, ⁊ a ōl co measurda, na hae, ⁊ osgluid a ndūinti. Item comfhurtachtaigid na leigis dīsle so na hae, ⁊ as iat as tobur dona 1800 leigeasaibh eile chum na n-ae, mur atā, epatorium, .i. an sāitsi Gaīdilach, ⁊ ae aba ⁊ sginantum, spica nardi, caera fīneamna, sandali, endiuia ⁊ a cusmaile.

Tuillead: dligi a fhis do beith agad gurab dona 1805 neithibh is mō do-nī urchōid dona haeib, ⁊ nī dōib amāin acht don gaili, biada do-dīleagtha do chaithim, ⁊ seachrān uird in chaithme. Et do-nī  p.69 infra 185-187 uisgi fuar ar cēd-longad an cēdna, ⁊ a ndiaid fhothraigthi ⁊ choimriachtana ⁊ thshaethair, ōir 1810 treōraigid sin co minic na hae chum fuaraideachta ⁊ chum idroipise 106. Et dā rigi a leas neach uisgi fuar dō ar son ainteasa na n-ae nā hibeadh sé 'na aenur é gan mēid ēigin fīna trīt; ⁊ nā hibeadh sē co sanntach é acht a ōl co mīn. Tuillead: 1815 bīth a fhis agad co n-urchōidigid na fīnta rigne dona haeib ar son co ngeinit dūinti inntu. Agus is olc cruithneacht rigin dōib, ⁊ dā teagmad co ndīleagthur co maith hī geinid dūinti fa deōid annsna ballaib. Agus do-nī an fīn milis dūinti l820 annsna haeib ⁊ annsa sgamān.

Et bīth a fhis agad co ndligid na leigis ana fuil seirbi ⁊ gēiri beith maille rē stipeacdacht ēigin ō ndēntur na hae do chomfhurtacht, mur atā, cainēl ⁊ sdicados ⁊ squinantum, spica nardi, 107 1825 crōch ⁊ a cusmaile. Item bīth a fhis agad gurab imchubaid cnō Gaīdilacha dona haeib uile, ōir nī fhuil teas rō-dāsachtach inntu ⁊ atā osglad ⁊ is maith an chimus108 geinit. Agus as imchubaid ae meic tīri ⁊ feōil sheilchi dona haeib. Agus as 1830 imchubaid mur an cēdna gnēithe endiuia dona haeib do leith a coimplex ⁊ do leith a ndīsleachta, ⁊ co speitsialta na gnēithe is mō ana fuil seirbi dīb. Ar an adbur sin dā mbeid na hae te ullmuigthear endiuia maille rē mil ⁊ measraigid sin a n-ainteas.  p.70 infra 187-188 1835 Agus is lōr in mēid 109 ē sin do rād do choimēd na n-ae.

Labrum anois don tsheilg. Ōir is ī in tshealg is cūis ⁊ is innstruimint don gāire; ar an adbur sin gibē agā mbī sealg arna hinordugad co maith, 1840 ⁊ hī lāidir do glanad na fola reime buaideartha ō nach ēidir an corp d'oileamain co maith, bīt siat subāltach neammbrōnach. Agus a chontrārda so, gibē gā mbī sealg anfann nī hēidir leo an fhuil reamur do glanad, ⁊ siblaigid sī trīt na 1845 cuisleannaib chum an chraidi ⁊ chum na mball eile, ⁊ do-nī sin duine dobrōnach ⁊ smuaintigthi leanna duib aigi. Ar an adbur sin dleagur slāinti na seilgi do choimēd.

Et furtachtaigthear an tshealg lē biaduib oilius 1850 co maith hī ⁊ osluigius a dūinti, mur atāit so,  378.i. cearca beirbthear a mbeacān eanbruithi ⁊ aigēid mur shabsa, ⁊ bainne ūr mur bligthear é maille rē beacān siūcra, ōir osglaid so dūinti na seilgi ⁊ coimēduid a slāinti. Agus do-nī fīn dearg 1855 arna ōl co measurda ar an cuid in cēdna. Agus is tarbach uormont d'ōl maille rē mil annsa chūis chēdna, ōir ceartaigid sin coimplex na seilgi.

Agus seachnuid siat na neithe reamra stipeacda ⁊ na tortha, mur atāit so, .i. pēireadha ⁊ orāitsi ⁊ 1860 mespila ⁊ a cusmaile; ōir cumgaigid siat pōire na seilgi ⁊ anfainnigit na hailt. Agus seachnait siat feōlanna reamra, mur atā, feōil daim ⁊ gabuir  p.71 infra 188-190 ⁊ fiada ⁊ muc, ⁊ gach uile potāitse, ⁊ gach uile nī do-nīthear don bainne goirt; ōir gortaigid so 1865 uile an tshealg ⁊ na hae ⁊ geinid linn dub. Agus gnāthuigid fīn finn, ōir tearcaigid sin an tshealg ⁊ osluigid a dūinti ⁊ sēimigid a reime.

Labrum anois do choimēd shlāinti na n-inneadh. Agus is de sin a nglanad ō na himarcachaib 1870 connaimthear inntu, ⁊ mur an cēdna ō na leannuib rigne ⁊ ō na neithib eile leath-amuith do nādūir do gnāthuig imdugad inntu ō mailīs an regimen nō ōna n-anfainne. Ar an adbur sin glantur na hinne ōna n-imurcachaib ⁊ ōna leannuib rigne 1875 maille rē dig d'uisgi meala ar cēd-longad, ⁊ lē caithim fīgead tirim mēith ar cēd-longad, ⁊ lē dig d'uisgi ara mbeirbthear iad. Agus fodnaid eanbruithi gearrcach mēith uan mbliadna arna mbearbad maille rē bleta mur an cēdna. 1880 Agus fodnaid eanbruithi sein-chirci arna bearbad maille rē polipodium ⁊ rē hainīs chum an neith chēdna. Agus as imchubaid uisgi ara cēid-beirbthear coblān chum an neith chēdna. Tuillead: bīth a fhis agad co comfhurtachtaigid caera na fīneamna 1885 arna caithim ar cēd-longad na hinne. Item, adearaid drong co coimēdann rais 110 arna bearbad ar bainne nuad ⁊ arna caithim na hinne, ⁊ co n-oilinn iat.

Et gibē lērab āil slāinti a inneadh do choimēd 1890 seachnad sē gach uile biad aigēidigthi gēr reamur  p.72 infra 190-191 rigin. Agus seachnad arān slim, ⁊ feōil na n-ainmintid fiadānta, ⁊ feōil dam ⁊ bō ⁊ girrfhiad ⁊ muc baile, ⁊ ēn do-nī eitillach ⁊ shnāidius a n-uisgi, ⁊ ēisg shaillti arna priāil arna rōstad. 1895 Et seachnuid siat rapa ⁊ coblān, ubla ⁊ pēireadha ⁊ mespila ⁊ a cusmaile. Tuillead: seachnuid siat gnēithe an bainne ⁊ na neithe do-nīthear de, ⁊ co hāirithi sean-chāisi. Agus atā nāimdinus ag cucurbita ⁊ ag cucumer ⁊ ac sitonea 111 ris na hinnib. 1900 Tuillead: urchōidigid na cnō ⁊ na halmoint fhliucha ⁊ an pōnaire ⁊ na potāitsi co huilidi don droing agā mbit inne anfhanna.

Tuillead: saethur a ndiaid bīdh co grod, ⁊ co speitsialta deoch uisgi fhuair ⁊ mōrān fīna a 1905 ndiaid bīd, urchōidigid co ro-mōr dona hinnib. Et anfhainnigid coimriachtain imurcach d'ēis mōrāin bīd na hinne. Et leigeasaidh gairleōg om do chaithim teinneas fuar na n-inneadh, ⁊ innarbaid sī in gaethmuireacht reamur, ⁊ ar an 1910 adbur sin adearar triacail na mbodach ria. Et adubradar drong dona daīnib eagnuidi co n-innarbann gāirleōg arna bearbad maille rē feōil mēith gaethmuireacht mōr na n-inneadh.

Labrum anois dona hāirnib. Agus as imchubaid 1915 biada so-dīleagtha dōib, mur atā, arān cruithneachta fā curthar laibēn gu maith ⁊ sīl fenēil ⁊ carabuaid ⁊ ē arna bearbad co hinmeadōnach, ⁊ fīn finn sēim abaid, ⁊ feōil ēn a n-ēgmuis na n-ēn  p.73 infra 191-192  379shnāidius a n-uisgi. Agus as imchubaid dōib fōs 1920 meannāin ⁊ gearrcuig colum, ⁊ petraisi ⁊ faīnleōga ⁊ feōil na n-ēn rē n-abur erball-ar-crith, ⁊ feōil gobar óg oiltear ar luibib diuereticacha.

Tuillead: min eōrna arna cumusc maille rē bainne mēithigid na dubāin ⁊ coimēdaidh a slāinti. Item, togairmid eanbruithi siserum duib an fual 1925 ⁊ disgaīlid na himurcacha connaimthear inntu. Item is mōr choimēdus clisteri ⁊ sgeathrach a ndiaid an bīd na hāirne ō na heaslāintib.

Et is mōr urchōidigid na tortha fuara co huilidi 1930 dona hāirnib ⁊ dona hinnib; ⁊ do-nī aigēid an cēdna ⁊ na feola reamra, mur atā, feōil daim ⁊ gobair ⁊ bainne goirt ⁊ gach uile luib fhuar. Tuillead: seachnuid siat gach uile photāitsi ⁊ marcuideacht minic ⁊ rith mōr ⁊ gluasacht imurcach 1935 ⁊ fuacht chos ⁊ deoch buaideartha. Et seachnaid co speitsialta ēisg gan beith lannach, ⁊ repletion bīd ⁊ digi, ⁊ coimriachtain imurcach d'ēis bīd, ⁊ gnāthugad na neitheadh ndiuereticach. Et bīth a fhis agad co fuil dīsleacht ingantach ag bainne na 1940 caerach do chomfhurtacht na ndubān. Agus is maith dubāin maille rē biaduib eile do chaithim dā comfhurtacht, ōir mēithigid iat. Agus comfhurtachtaigid bainne camuill d'ōl na hāirne, ōir timurgaid ⁊ daingnigid iat. Agus is lōr na 1945 neithe sin do choimed na ndubān.

Labrum anois don lamhannān. Agus bīth a fhis agad co comfhurtachtaigid na lictabāiri  p.74 infra 192-193 teasaidi so an lamannān, mur atā, diagalanga 112 ⁊ dyitrionpipereon 113 ⁊ a cusmaile. Agus anfainnigid 1950 deoch d'uisgi fhuar ar cēdlongad an lamannān. Agus is dona neithib choimēdus an lēs ō easlāintib an sgeathrach. Tuillead: is mōr atā brīg comfhurtachta an lēsa a n-arān chruithneachta arna chaithim maille rē him maille rē mil. Tuillead 1955 eile: ceartaigid ⁊ comfhurtachtaigid lignum aloes arna ōl ar dig gach lae fuaraideacht an lēsa. Agus nī fhuil aen-nī is mō anfainnighius an lēs nā connmāil gu fada ar an fual. Tuillead, .i. geinid caithim feōla daim ⁊ luibead fuar, ⁊ uisgi fuar d'ōl 1960 ar cēd-longad, mōrān d'easlāintib annsa lēs. Agus gortaigid gnāthugad na haigēide an lēs mur adeir Galen.

Labrum anois don timthearacht. Agus is ball gabus urchōid ⁊ gortugad co hurusa chuci ī, ⁊ an 1965 uair gabus is deacair a leigeas; mās ead, rig sī a leas follamnugad maith. Mās ead, gibē shanntaigius slāinti na timthearachta do choimēd nā suigead sē co fada ar talam nā ar cloich 114 atā fuar co gnīmach. Tuillead: dligid siat feōil reamur daim 1970 do sheachna ⁊ co huilidi feōil na n-ainmintid fiadānta ⁊ na neithe geinius linn ruad; ōir gortaigid linn ruad an timthearacht do leith a gēiri. Agus comfhurtaigid suigi ar cloich an sdufa mēid ēigin an timthearacht, ōir cnaītear an fhlichideacht 1975 imurcach thuitius chum na timthearachta ō  p.75 infra 193-194 theasaideacht an stufa. Ōir is dorus glanta ōn chorp co huilidi an timthearacht, ar an adbur sin tuitid mōrān do fhliuchadaib chuci. Tuillead: nī himchubaid biada stipeacda don droing agā 1980 mbī timthearacht ēgruaid, ⁊ na tortha fuara. Agus seachnuid uinneamain roim gach uile nī, ōir osgluid siat bēl na cuisleann. Item, bīth a fhis agad co comfhurtachtaidinn cuisin do-nīthear do chroicnib an timthearacht, ⁊ co hāirithi na 1985 cuisleanna rē n-abur emaroides. Et suigthear co speitsialta ar na suigicānuib do-nīthear do chroicnib na n-ainmintid fiatamail ⁊ ainmintid eile, mur atāit, tairb ⁊ fiada, ōir atā dīsleacht agā croicnib sin do chomfhurtacht ⁊ do thēgad na 1990 timthearachta.

Labrum anois dona neithibh fhurtachtaigius boill na geineamna, ⁊ adēram neithe athchumaire dīb. Ōir atāit boill na geineamna arna n-ordugad chum gnīma na geineamna theagmus a ngeineamain 1995 an sperma ⁊ na drūisi, ⁊ teagmus a ngnīm dēiginach geineamna na cloinne; ⁊ na neithe 115 chumnus lē ballaib na geineamna chum an gnīma sin furtachtaigid iat. Et teagmaid uireasbaid  380na geineamna ⁊ na coimriachtana gu gnāthach ō 2000 na ballaib prinnsipālta eile, ⁊ nī luaidmid labairt dā n-uireasbaid annsan inad so, ōir is lōr dūin ar labramur don taeb thuas dīn.

Et bīth a fhis agad gurab dona neithibh is mō  p.76 infra 194-195 chomfhurtachtaidius boill na geineamna spās ⁊ 2005 uair imchubaid gnāthach gnīma na coimriachtana. Ōir is fearr thālaid cīgi na mban, ⁊ is fearr geinit bainne, ō gnāthugad oileamna na leanam a mod ⁊ a cāil ⁊ a caindiacht ⁊ a n-ūair imchubaid nā an uair nach oilid iat; ōir milltear gnāthugad an 2010 lachtaigthi co lēir ō neam-gnāthugad gnīma imchubaid na hoileamna ⁊ geineamna an bainne. Et is gnāthach sgrisus an bainne truailligthi agā mbia droch-cāil an cīgh go lēir.

Et is ar an mod sin tuigim boill na geineamna 2015 do horduigeadh chum na geineamna, ōir bit uireasbadach annsa gnīm sin muna gnāthuigid ē. Et nī headh amāin truailltear soithigi an tshīlne ō chonnmāil an sperma thruailligthi acht truailltear an corp gu huilidi co minic; ōir is amlaid atā an 2020 sperma truailligthi a mod neimi, ⁊ mur thruaillius beacān na neimi an corp co huilidi as mur sin do-nī an sperma truailligthi. Et is dona neithibh chomfhurtachtaidius boill na geineamna gnāthugad measurda na coimriachtana, 116 ⁊ do-nī an gnāthugad 2025 mīmeasurda a chontrārda mur bus follus don taeb thīs dīn, mur a ndēnum aen-chaibidil speitsialta don choimriachtain.

Et is lōr linn a thuicsin annso na neithe choimēdus slāinti na mball ngeineamnach; ⁊ gnāthuigthear 2030 iat ⁊ na neithe anfainnidius ⁊ toirmiscius iat  p.77 infra 195-196 do sheachna. Et is dona neithibh anfainnidius an choimriachtain smuaintiugad aduathmur roimpi, ar an adbur bīt drong dona daīnib ar tōgbāil a spirad annsna neithibh diaga, ⁊ aduathmuirigid roim an gnīm so co lēir, innus co mbīd neamchumachtach 2035 air. Agus is mur sin anfainnigthear boill na geineamna inntu. Et bīth an mēide so d'aduathmuireacht acu a timchill an gnīma sin co seachnuid siat na daīne ⁊ na hainminti bīs gā 2040 dēnum.

Item, bīth a fhis agad gurab dona neithibh anfhainnigius boill na geineamna imurcaid fhothraigthi. Agus do-nī gnāthugad cuisleann na n-airteireadh ⁊ na cuisleann atā do thaeb thiar dona cluasaib an cēdna; ⁊ gibē shanntaigius 2045 slāinti na mball ngeineamnach do choimēd seachnad sē sin.

Agus seachnad sē na neithe thirmuigius fhuarus sdupāilius, mur atā, deathach agnus117 2050 castus ē fēin arna ōl, ōir do-nī sin urchōid mōr ac tirmugad. Agus do-nī gnāthugad an choblāin an cēdna; ar an adbur sin dā curthar a shīl annsa banndacht d'ēs choimriachtana truaillid an sperma. Agus do-nī gnāthugad an coriandrum an cēdna ag fuarad ⁊ ac tirmugad; ⁊ do-nī an luib rē 2055 n-abur basilicon an cēdna. Agus do-nī an campora an cēdna ac fuarad ⁊ ag tirmugad, ⁊ do-nī in lactuca ⁊ an portulaca an cēdna ag fuarad ⁊ ac sdupāil,  p.78 infra 196-197 ⁊ sīl na cnāibe ag tirmugad. Agus do-nī an aigēid 2060 ⁊ gach uile nī aigēidigthi 118 an choimriachtain do thoirmeasc ac fuarad. Et gibē lērab 119 āil slāinti na mball ngeineamnach do choimēd gnāthuigid a contrārda sin, mur atāit, na neithe imdaidius an sperma ⁊ an teas nādūrda.

2065 Et atāit na trī neithe so ēigintach chum na coimriachtana, .i. adbur innarbthur ⁊ teas dūisgius ⁊ gaethmuireacht. Et atāit neithe mēduighius an choimriachtain ag imdugad an adbuir ⁊ a' calmugad in teasa, ⁊ neithe eile a' geineamuin na 2070 gaethmuireachta, ⁊ neithe eile mēduighius iat uile a n-aenfheacht. Et atā cuid dīb sin 'na leigeasaibh amāin ⁊ cuid eile ana mbiad 120 ⁊ ana leigeas. Na biada immorra, mēduidius in choimriachtain as iat so iat, .i. feōil meannān mēith firinn ⁊ feōil 2075 chaerach ⁊ uinneamain gan priāil: ōir do-nī an fheōil arna priāil toirmeasc furtachta na geineamna ⁊ tirmuigid an phriāil adbur na hoileamna. Agus is maith cearca  121mēithe chum an neith chēdna, ⁊ gearrcaigh colum, ⁊ fuiseōga co dīleas, 2080 uigi boga maille rē cainēl ⁊ rē gailingan, ⁊ uigi ēisc ⁊ feōil ēisc annsna corpuibh teasaidi. Et mar in cēdna don biadh do-nīthear don chruithneacht arna bearbad maille rē mōrān uisgi go  p.79 infra 197-199 mbia sī mur litin, ⁊ do-nī rais maille rē bainne 2085 an cēdna ⁊ feōil maille rē bainne caerach. Agus is imchuibid sparagus ⁊ cearrbocāin ⁊ lus ⁊ minntus do chumfhurtacht ball na geineamna. Et bīth a fhis agut gidh bē gnāthuigius gelūin do chaithim ⁊ ibius bainne ina diaigh gu tobuir furtacht 2090 cumachtach chum na geineamna. Tuillead: priāiltear uinneamain ⁊ im trīna chēile go ndeargaid siat, ⁊ bristear uigi ana ceand ainnsēin, ⁊ is biad imchuibid sin do chomfhurtacht ball na geineamna. Et atā drong eile agā mbīd coimplexa 2095 teasaidi shanntaighis boill na geineamna dā calmugad. Agus is imchuibid bainne goirt ⁊ milis dōib, ⁊ iasc ⁊ melones ⁊ cucurbita ⁊ sitruilli ⁊ cucumeris ⁊ olada fliucha. ⁊ gelāin ogh, ōir is mōr chomfhurtachtaigid sin, ⁊ cerbella na n-ainmidi. 2100 Agus as maith partāin tsrotha ⁊ eōin lachan, ōir imdaighid sin an sperma ⁊ furtachtaigid boill na geineamna.

Labrum anois do choimēd an chroicinn ⁊ na musgailead ⁊ ball fuirimillach an chuirp co huilidi. 2105 Agus coimēdtur iat ō fhothrugad uisgi the ⁊ ō fhothragad aēir measurda ⁊ ō glanad imchuibid an chuirp. Agus glantur an corp lē coimeilt mīn ⁊ lē hongad mīn do-nīthear annsa fothragad lē mil arna spumāil; ⁊ is cumachtach an glanad do-nī 2110 an t-ongadh sin ar in croicinn ōna thsalchur, ⁊ tairrngid imurcacha na leanann trīt na pōiribh innus co n-innarbunn iat. Et do-nī min phōnaire  p.80 infra 199-200 ⁊ siserum an cēdna arna coimeilt don chroicinn maille rē hēdach līn; ōir beōigidhi sin an teas2115 tanaighi an croicinn.

Tuillead: bīth a fhis agut co comfhurtachtaigthear na cuirp fhleumaitica ō gluasacht na n-alt. Et innailtear na boill fhuirimillacha annsa geimreadh a huisgi the ara mbearbthur camamilla 2120 ⁊ bitōinne ⁊ ainēit, ⁊ a huisgi fhuar annsa tsamradh. Et adubradur na daīne eagnuidhi ingne na cos ⁊ na lām do choimeilt lē huisgi ⁊ lē haigēid ⁊ lē holaidh, ⁊ co coimēdand sin iat ō brisid ⁊ ō sgoltad ⁊ ō dubad. Item, a n-ongad a holaid ⁊ a salainn 2125 ⁊ is mōr fhurtachtaigis iat, ⁊ is mō fhurtachtaighis an t-uisqi te iat nā in t-uisgi fuar. Agus gortaighi lāmanna brōga arna fāsgad co cruaidh mēir na cos na lām; ⁊ is cūis mēir ar muin mēir ele sin, ⁊ an droch-shuigigthi. Et nī fhuil nī is 2130 mō gortaighis an inchinn nā sibal cos-lumnacht trī laithig a n-aimsir fhuair, ⁊ cūisighi flux fuail ⁊ anmfainde na sūl. Item gortaigthear an inchinn ⁊ na sūile ō chollad a mbrōgaibh a n-asānaibh ⁊ ō annmacht innalta ⁊ coimelta na cos.

2135 Et bīth a fhis agat co coimētur slāinti na lām ⁊ co mīnighthear an teinnius bīs unnta ōna leannaibh fuara oma ⁊ ō gaethmuireacht lē cluithib liathrōide do-nīthear chum inaidh aird leisin dā lāim; ⁊ is imchuibid so co mōr do lucht leanna 2140 finn. Tuillead: bīth a fhis agut co n-indarbunn coimeilt na cos ⁊ an gaile folum tromdacht ⁊  p.81 infra 200-201 corthacht ⁊ cruaidhi na cos. Mar in cēdna leigeasaidh deathach uisgi mara do lēigin fā na luirgnibh ⁊ fā na cosaibh corthocht na cos ō 2145 thsiubal fhada. Et is lōr linn a ndubrumur ann sin do choimēd an chroicinn ⁊ na mball fuirimillach.

7. An seachtmad caib idil : Do riaglachaib follamn uig t h i na sl āint i do-gab ur on ēgosg bannda

 427Quattuor vel quinque sunt .i. atāit ceathra neithe nō cūig neithe arna ndīsliugad don ēgosg bannda, mur atā, toirrchis ⁊ a breith ⁊ a oileamain, ⁊ 2150 coimēd na cīch ⁊ folmugad na fola mīsta ⁊ coimēd an maclaic. Agus adēram neithe athchumaire dīb sin annsa chaibidil so.

Et ar tūs don toirrcheas. Agus atā drong dona mnāib aimrid neam-chumachtach, ⁊ nī 2155 dēin an chaibidil so mension dībh; ⁊ atā drong ele nach fuil aimrid ⁊ is deacair do thoirrchiugad. Et laibeōramaid do fhollamhnugad na mban noch as deacair do thoirrchiugad chum na crīchi so innus comad usaidi a toirrchiugad. Et laibeōramaid 2160 an dara huair dā reghimen tar ēis a mbeith torrach innus gomad usaidi an toirrcheas do theacht chum na crīchi dleistinaigi. Agus cuirfimid an treas uair regimen na mban ac breith a  p.82 infra 201-203 toirrcheasa. Agus cuirfimid an ceathramad huair 2165 regimen a oileamna, tar ēis a breithi. Agus cuirfimid an cūigead hūair riaglacha generālta ō tuicfithear coimēd an maclaic ō fholmugad imchubaid na fola mīsta, ⁊ na neithe ele.

Mās ead, as intuicthi ar son an chēid-neith go 2170 mbī drong dona mnāib gan beith torrach ō mailīs choimplexa an maclaic maille rē hadbur gan adbur, co nādūrda co haicīdeach, ⁊ go gnāthach ar son mailīsi na mball prinnsipālda, mailīsi figrach thsuigigthi an maclaic nō a brāigead, 2175 ⁊ ar son gnāthuigthe caithmi neithi ēigin toirmiscius an toirrchis.

Et dā teagmad an bean gan beith torrach ar son mailīsi an choimplexa nādūrda aicīdidh gan adbur maille rē hadbur, gnāthuigthear 2180 an tan sin neithe contrārda don choimplex ⁊ neithe fholmuigius an t-adbur cintach. Et teagmaid go mōr docomal an toirrchis do gabāil ō droch-coimplex fhuar fhliuch maille rē hadbur gan adbur; ar an adbur sin tinnsgnam ōn droch-coimplex 2185 sin ⁊ ōna chusmailib. Et is neithe thirmuigius ⁊ tēighis an maclac rigid a leas lucht an choimplexa sin ⁊ fholmuigius a fhlichideacht imarcrach; mās ead atā yerapigra 123 'na purgōid imchubaid dōib. Et fēdtur comshuigigthi 2190 teasaidi do dēnam dona neithibh ibthear annsa chās 124 so, mur atā, triacail ⁊ metridatum,  p.83 infra 203-204 teodoricon ⁊ diacalimentum, maille rē nī ara mbeirbthear buathfallān ⁊ sugramunt. Et is cumachtach fual eilfinnti d'ōl annsa chūis sin.

2195 Et is iat so na neithe aenda do gnāthuigius annsa chūis sin, mur atā, buathfallān ⁊ sugramunt ⁊ calenndula ⁊ athair talman ⁊ dairin beac ⁊ mōr, ⁊ dath squinantum ⁊ spica nardi, bisansia, ameos, costus. Et is ēidir na neithe so do chur ar fhīn 2200 a n-aimsir na plāidi, fothragad nō sīrōip do dēnum dīb. Agus is mō luaidius an t-inad so do leigeas na cūise so nā do regimen a coimēda, ar an adbur sin laibeōrmaid de. Et as iat so na leigis aenda as imchubaid a pisarium na cūise 2205 sin, .i. ola an balsamuis ⁊ ola lile ⁊ blonac lachon, bisansia ⁊ muscus, spica nardi, siper ⁊ cnō na sipreach ⁊ cardamomum. Agus adeirim gach 428atā teasaidi stipeacda 125 gurab imchubaid a pisarium na mban agā mbi maclac fuar fliuch é.

2210 Tuillead: dligi a fhis do beith agad gurab mōr fhurtachtaigid cuisleanna na cos do ligin na mnā chum gabāla an toirrcheasa, ōir glanuid siat an maclac ⁊ cūisigid matrix do thuitim a n-inad gabāla an toirrcheasa. Gid eadh, bīth a fhis 2215 agad gurab imchubaidi an chuisle annsa chūis teasaidi nā sa chūis fhuair, ōir teagmaid nach imchubaid sa chūis fhuair hī ar son na cūise adubramar. Et as imchubaid saethur ⁊ sdufa tirim ⁊ biad sēim ⁊ clisteri teasaidi ⁊ neithe  p.84 infra 204-207 2220 tirmaigtheacha don droing agā mbī matrix fliuch. Agus is maith fīn laidir dōib. Et as imchubaid co minic dona mnāib nach urusa do thoirrchiugad neithe brisis in gaethmuireacht, ōir toirmiscid sī gabāil in toirrcheasa, mur atā, cuimin ⁊ ainīs ⁊ 2225 mersi ⁊ sīl ruibi, angnus 126 castus ⁊ castorium ⁊ a cusmaile, fhēdmaid do chur ana ndeochaib ⁊ ana pisarium ⁊ ana n-uinnemintib.

Agus is follus follamnugad na mban nach urusa do thoirrchiugad ar son mailīsi na mball eile as 2230 na neithib adubramar annsa chaibidil so thuas. Et nī gabann mailīs fhigrach nā suigigthi an maclaic nō a brāigid leigeas chuci, acht muna teagma a beith ro-ard, ⁊ co n-īsligthear ē ō ligin na cuislinni rē n-abur sofena, ⁊ lē fāsadairc do 2235 chur ar na luirgnib; ōir cumnaid sin chum gabāla an toirrcheasa.

Item, is dona neithib ullmuigius matrix chum gabāla an toirrchis deathach neithead teasaidi ndeadh-balaid stipeacda do ligin faī; ⁊ nī dligid 2240 siat neithe deadh-balaid do chur fāna srōin roim an toirrcheas, ⁊ dligid ana diaid.

Tuillead: adeirim an bean tshanntaigius beith torrach co ndliginn sī na neithe thoirmiscius an toirrcheas do sheachna ⁊ co hāirithi na neithe 2245 mēduigius an aimrideacht, mur atā, cnām craidi an fhiada; ōir toirmiscid sin gabāil an toirrcheasa do leith a nādūire co huilidi. Tuillead: nā  p.85 infra 207-208 himurcad sī matrix gabair, ōir toirmiscid sin gabāil an toirrcheasa. Item na hithid siat caera 2250 eidinn. Tuillead: nā himurcaid siat an chloch rē n-abur gagax, nā smargadus, nā saifīr, ōir toirmiscid sin gnīm na coimriachtana. Item do-nī beach d'ithi bean aimrid, gid eadh, is usaidi an toirrcheas127 do breith a caithim. Tuillead: nā 2255 caithead sī slaigeach128 iarainn. Tuillead: seachnad sī gach uile nī thoirrmiscius an choimriachtain noch adubramar don taeb thuas dīn.

Et dob āil linn na neithe do-nī furtacht mōr chum na geineamna do chur annso. Ōir ullmuigidh 2260 deathach cogail ⁊ tūisi na mnā do gabāil an toirrcheasa. Et dā mbia matrix fuar as imchubaid laudanum dōib. Item pisairium arna dēnum do theodoricon anacairdi ⁊ do sgamonea, ⁊ sin do thabairt dōib ana mbandacht ⁊ coimriachtain co 2265 hobann ana diaid ⁊ cūisigid an toirrcheas.

Tuillead: as maith deathach mellisa do ligin faī an mbanndacht. Tuillead: is maith matrix mīl muidi do rōsdad ⁊ a chaithim chum an neith cēdna. Et is maith binid mīl d'ōl ar an cēdna. 2270 Agus is maith an cubar bīs rē bēl mīl an uair  429bīs a' gearrad luibinn ⁊ a ōl don mnaī ⁊ don fhear sa chuīs sin. Et adearuid drong co n-ullmuiginn suppositorium pisairium do-nīthear do nigella matrix, ōir glanaid sē ē do gabāil an toirrcheasa; 2275 gid eadh, connuimthear co gearr ann ē, ōir atā sē  p.86 infra 208-209 mēid ēigin coimēignigtheach. Tuillead: .i. ullmuigid an t-uisgi ara mbeirbthear cicuta an bean aimrid do gabāil an toirrchis. Item innlad an bean a banndacht d'ēis na fola mīsta. d'fhaicsin 2280 lē fīn glan dearg, ⁊ ligthear 129 deathach fīna ara mbeirbthear neift fūithi ainnsēin, ⁊ curthar basilicon sa banndacht na diaig sin. Item 130 leagar deathach rosa marina faī an mbanndacht ⁊ is mōr ullmaigius ī do gabāil an toirrcheasa. 2285 Item is cumachtach chum gabāla in toirrcheasa gāirleōg fhliuch arna brisid ⁊ arna bearbad maille rē holaid rōs nō co cnaītear a flichideacht ⁊ a cur annsa banndacht. Item must 131 arna chumusc maille rē holaid rōs, ⁊ a chur isin banndacht ⁊ 2290 is mōr fhurtachtaidius matrix chum gabāla an toirrcheasa. Item ongthar boill gach ēgoisg acu lē sūg saturion, ⁊ crotur 132 pūdur banndachta mīl orra, ⁊ do-nī sin bean aimrid torrach. Et is follus as na neithib so adubramar romainn regimen 2295 na mnā sul beas sī torrach.

Mās ead cuirim anois a regimen ar mbeith torrach dī annso. Agus atāit neithe ēigin ata dīleas dona mnāib torrcha chuirfimīd annso co hathchumair. Ar an adbur sin dligid na mnā 2300 torrcha gach uile nī thogairmius an toirrcheas marb do sheachna, ⁊ co hāirithi arna gabāil, ōir is inann atā an toirrcheas a matrix ⁊ mur bīs  p.87 infra 209-210 blāth ar na crannaib, ōir is beac an chūis trascras ē. Agus mur an cēdna a ndeirid an toirrchis 2305 roim aimsir a breithi an seachtmadh an t-ochtmad mī; ōir atā an toirrcheas a matrix an tan sin mur bīs torad anabuid ar crannuib, ōir is beac an gluasacht trascras an torad an tan sin. Agus mur an cēdna as beac an chūis do-nī 2310 an toirrcheas marb. Ar an adbur sin as ēigin dōib gluasacht imurcach do sheachna ⁊ lēimneach ⁊ bualad ⁊ tuitim ⁊ coimriachtain ⁊ replexion bīd, fearg ⁊ dobrōn ⁊ eagla mōr.

Tuillead: dligid siat gach uile nī thogairmius 2315 an chosachtach do sheachna, ōir is cūis don toirrcheas marb an chosachtach lāidir; ⁊ tuicthear a chusmailius sin don tsraeduig ainmeasurda. Et is maith deithneas do dēnam do choimēd a ceann nach geinfidi rēma 133 ann. Tuillead: dligid 2320 siat fothragad do sheachna, acht a fogus d'aimsir a toirrchis do breith. Tuillead: dligid siat leigeas lagthach do sheachna thīs ⁊ tuas acht muna coimēignigi ēigintus ē; ⁊ dēntar maille rē hinnillius an tan sin ē ⁊ lē leigeasaibh mīne 2325 beannuigthi. Tuillead: gnāthuigid siat neithe lagus an brū a mod bīdh, mur atāit, eanbruithi mēithe ara mbeirbthear borrāitse ⁊ bletus ⁊ duilleabar uiolacasia fistula ⁊ mēid ēigin do spica, maille rē huisgi ara mbeirbthear tortha 2330 ēigin laccthacha, ūair is tarbach na neithe  p.88 infra 210-211 shleamnaidius an brū dona mnāib torrcha. Tuillead: dligid siat an chuisle do sheachna ⁊ co hāirithi cuisleanna na cos acht an trāth bīs dorchadus meanman orra. Tuillead: dligid siat neithe 2335 diuereticacha do sheachna thogairmius an fhuil mīsta ⁊ ullmaigius é chum a breithi ⁊ co hāirithi a tosach an toirrcheasa. Et bīth a fhis agad an uair bus mō an toirrcheas gurab ann is measa an chuisle.

2340 Tuillead: bīth a fhis agad co ndligid na mnā torrcha gorta do sheachna ⁊ tart ⁊ līnad urlaictheach,  430⁊ mur an cēdna fuacht ainmeasurda ⁊ teas imurcach. Et gnāthuigthear na lictabāiri chomfhurtachtaidius embrio; ⁊ is dīb diamargariton. 2345 Tuillead: is ēigin stuidēr imurcach do choimēd gaile na droingi so. Et comfhurtachtaigthear gailidi na droingi so leis an comshuigiugad do-nīthear do shūg rōis ⁊ do lignum aloes ⁊ do masdix cona cusmailib, lē lictabāire do-nīthear 2350 do shiūcra ⁊ do spīsradaib134 deadh-balaid nach fuil te gu mōr, ⁊ lē ceirīnuib stipeacda deadh-balaid nach fuil te gu mōr. Tuillead: dligid an bean torrach gan neithe ro-mēithe nā ro-millsi do chaithim ⁊ deoch uisgi do sheachna mur an 2355 cēdna.

Et as ēigin an gaili do glanad ōir bīth a tochlugad truailligthi co minic; mās ead glantur ē lē nī ara mbeirbthear polipodium ⁊ ainīs ⁊ carabuaid, ⁊ a  p.89 infra 211-212 nglanad lē sūg rōis; ⁊ as imchubaid fholmaigius 2360 sin an linn truailligthi ⁊ dūisgius a tochlugad. Et seachnuid siat cāisi tirim gēr, ⁊ dā teagmad co sainnteōchdais ē rōstar beacān ē dā fhliuchad. Tuillead: as imchubaid saethur measurda dōib. Agus bīd a mbiada sodīleagtha ana mbia oileamain 2365 mōr inmolta, ōir rigid a leas sin ar a son fēin ⁊ ar son a toirrcheasa.

Tuillead: as imchubaid orāitse arna rōstad a ndiaig bīd dona mnāib torrcha ⁊ co hāirithi an uair priāiltear pūdur crainn aloes innta. 135 Agus 2370 mur an cēdna as imchubaid ubla grāineacha ⁊ coriandrum a ndiaig bīd dōib. Et bīth a fhis agad gurab dona neithib choisgius an sgeathrach fīn ana curthar orāitsebolus armenicus. Et bīth a fhis agad co rig a leas an bean torrach a folmugad 2375 ar son neamglaine a matrix ⁊ na mball atā 'na chomursanacht. Agus dēntur so on cheathramad mī co n-uig an seachtmad mī; ⁊ is fearr sin lē subpositorium nā lē neithib do-bearar anuas.

Agus gnāthuigthear biatus arna bearbad co 2380 maith don mnaī atā a ngaire don toirrcheas do breith, ⁊ co hāirithi an uair beas si a meadōn an naemad mī. Agus ibid mur an cēdna eanbruithi aenda eanbruithi maille rē buidēn ug 136 ⁊ fīn sēim uisgeamail. Agus seachnad sī potāitse a 2385 mbia substaint raisi ⁊ a cusmaile. Agus dēnad saethur ⁊ gluasacht nīsa mō nā mur do gnāthuig.  p.90 infra 212-213 Et ēirgid sī a fothragad imchubaid uisgi milis aenda ara mbeirbthear hocus ⁊ uiola ⁊ branca ursina. Agus nī himchubaid dōib sdufa.

2390 Et an uair beit137 siat a ngaire do breith a toirrcheasa ongthar an b ōn imleacān sīs mochthrāth ⁊ rē laigi lē holaid ruis līn lē holaid na n-almont milis nō lē holaid malua uiscus138 ⁊ lē luibib bocthacha eile; ⁊ gnāthuigthear na neithe 2395 thogairmius an fhuil mīsta ⁊ gach uile nī ullmaigius an toirrcheas chum a breithi. Et do-nī maidnes 139 do chonnmāil annsa lāim chlī sin. Agus do-nī deathach ingin easail 140 eich an nī cēdna. Et do-nī cruel 141 arna cheangal don tshliasuid deis 2400 an toirrcheas d'ullmugad chum a breithi. Et bīth a fhis agad co ngnāthuigid na mnā Frangcacha plidhris maille rē must do thogairm an toirrcheasa. Agus is mōr chomfhurachtaidius deathach mirra do ligin fūtha iat. Item as imchubaid deathach 2405 galbanuim ⁊ castorium arna cumusc maille rē mirr ⁊ rē domblas ae bō chum an neith chēdna. Bīth a fhis agad gach nī marbus na piasta gurab imchubaid é sa chūis so. Item dā n-ibthear coirt casia fistula do-nī an cēdna, ⁊ do-nī crōch ⁊ sinamomum 2410 an nī cēdna. Tuillead: is maith fīn deadh-balaid ⁊ diet sēim dona mnāib bīs a ngaire  431dā toirrcheas do breith. Tuillead: is maith olann  p.91 infra 213-215 arna tuma a sūg ruibi ⁊ arna cur sa banndacht. Item buathfallān do bearbad a n-uisgi ⁊ ceirīn 2415 de ar an imlicān ⁊ togairmid an toirrcheas.

Labrum anois do regimen na mban tair ēs a toirrchis do breith co ceann tri lā nō ceathra lā. Et bīth a fhis agad tair ēs an toirrchis do breith gurab imchubaid biada gā mbī oileamain shēim 2420 ⁊ oilius gu mōr ⁊ dīleagthur co luath, mur atā, uisgi ara mbeirbthear feōlanna inmolta ⁊ uigi boga ⁊ fīn sēim deadh-balaid gan beith ro-lāidir. Item dligid siat gach uile thorad do sheachna ⁊ na praiseacha ⁊ na potāitse fuara. Agus seachnaid 2425 siat fuacht ⁊ aer fuar co ceann trī lā. Agus anuid ana loigi ana leabuig co ceann trī lā nō ceathra lā. Agus caithid siat biad co minic ⁊ co beac.

Et nā dēnuid fothragad co ceann ceathranō cūig lā. Agus bīth a fīn sēim dead-balaid gan 2430 beith deathmur nā lāidir nā buaideartha. Agus tair ēs cūig lā dēntur fothragad fā thrī sa tseachtmain. Agus an mēid druidius sē risin treas lā dēg risin ceathramad lā dēg as ī an mēide sin dligid diet reamur do chaithim ⁊ a slāinti do choimēd.

2435 Agus teagmaid co minic flux mōr fola dona mnāib, tair ēs a toirrchis do breith, ō cūisigthear bās; mās ead, ceangailtear na lāma co cruaid ⁊ curthar fāsadurc arna cīgib gan fuiliugad. Et curthar brēid arna tuma a uinēgra ana mbī rōs 2440 ⁊ blāth an ubaill grāinig ar in meadōn ⁊ a cusmaile. Et is dona neithib agā fuil dīsleacht mōr  p.92 infra 215-216 sa chūis sin cac muc do chur a n-oluinn ⁊ a cheangal dā sliasaid.

Et teagmaid co minic teinneas cīgh ⁊ neascōid 2445 dona mnāib tair ēs a toirrchis do breith ō imdugad an bainne 'na cīgib; ⁊ is maith an leigeas an tan sin bean eile do chur dā n-ōl. Agus is ainimchubaid an bainne dona leanbaib an bainne sin, mur adubrumar don taeb thuas dīn sa chaibidil ar 2450 luaigimar 142 ⁊ do regimen na naīdin. Et is maith chum an ait sin do chur ar cūl epitima do-nīthear don uisgi ara mbeirbthear pōnaire ⁊ orobus ⁊ coriandrum. Tuillead: bīth a fhis agad co fuil dīsleacht ag partānuib srotha mara arna 2455 mbrisid ⁊ arna cur mur cheirīn do laigdiugad an bainne. Agus is maith epitima do shūg ruibi sa chās chēdna.

Et nā glantur an bean co minic tair ēs a toirrchis air eagla fosdōig na fola truailligthi; acht as 2460 imchubaidi dōib a folmugad, ōir cūisigthear mōrān d'easlāintib ōn fhosdōgh sin, mur atāit, fiabrus ⁊ neascōidi ⁊ teinneas a matrix. Agus is mōr fhurtachtaidius sraedach na mnā sin. Tuillead: is maith chum an neith chēdna deathach ceann 2465 sgadāin shaillti ingin eich143 easail. Agus is maith na cuisleanna rē n-abur sofena do ligin do thogairm na fola mīsta, ōir toirmisgid sin urchōid na neascōidi ⁊ a līnta ⁊ an fhiabruis. Et dā teagma fiabras orra san aimsir sin as imchubaid uisgi  p.93 infra 216-217 2470 eōrna dōib ⁊ ubla grāineacha millsi; ōir is ō chonnmāil na fola mīsta geintear na fiabruis, mās ead togairmthear hī. Tuillead: ōir gnāthuigid brū na droingi sin at, mās ead as imchubaid diacalmentum ⁊ diasiminum ⁊ na neithe aenda ⁊ 2475 comshuigigthi brisis in gaethmuireacht. Tuillead: as imchubaid dōib origanum ⁊ masdix do chaithim, comthrom do gach nī dīb.

Item is minic theagmus teinneas annsa maclac, ⁊ is leigeas imchubaid dō suigi a n-uisgi ana 144 2480 mbeirbthear ainīs ⁊ camamilla ⁊ īchtar na bronn ⁊ na 145 leasa d'ongad lē holaid uiola. Et dā teagmuid  432cneada a matrix leigistear ē lē huinnemint gil Raisis, ⁊ a cusmailius sin as imchubaid a cneaduib na mball fēitheach. Agus is lōr linn a ndubramar 2485 do regimen na mban beirius a toirrcheas.

Labrum anois do regimen na mbanaltrann ⁊ adēram neithe athchumaire de. Et adēram ar tūs cuingill na banaltrann. Agus do-gabur an cēd-chumgill dīb do leith a haīsi. Et as ī as aīs 2490 imchubaid dī an aīs ōg arna crīchnugad. Et is ē spās na haīsi ōigi ō chūig bliadnuib fithid co ceann cūig mbliadan dēg ar fhichid; ōir dligid an bainne beith fuirfe an tan sin ar son co mbīt na boill is tosach dó fuirfe.

2495 An dara cuingill do-gabur é do leith na figrach ⁊ na haibīci 146; ōir dligid an bean oilius leanam corp maith do beith aici ⁊ muinēl reamur ⁊ ucht  p.94 infra 217-218 leathan ⁊ musguili inmolta. Et nī dliginn sī beith ro-thruag nā ro-reamur acht a mod 2500 inmeadōnach.

An treas cuingill do-gabur ē do leith na cīch; ōir is ēigin na cīgi do beith mōr deadh-maiseach daingin, ⁊ nī dligid siad mēid eachtrannach do beith innta, nā beith bog nā lag. Agus dligid 2505 cinn na cīch gan beith ro-beac air eagla na naīdin do shaethrugad co mōr dā nglacad.

An ceathramad cuingill do-gabur ō bēsaib na banaltrann é; ōir dligid sī beith deidh-bēsach inmolta innus nach beith sī so-chlaechluigthi ō 2510 aicīdib na hanma, mur atā, eagla ⁊ dobrōn ⁊ fearg ⁊ a cusmaile, ōir truaillid na neithe so coimplex an bainne. Mās ead dá mbia sī arna claechlōd nā hoilead sī an naīdi, ōir is beac in deithneas tuicthear do beith aici fān naīdin an 2515 tan sin. Tuillead: nī dliginn sī beith suirgeach nā measgamail, ōir truaillid sin coimplex an bainne.

An cūigead cuingill do-gabur é ō shubstaint ⁊ ō chāil ⁊ ō chaindiacht an bainne; ar an adbur 2520 sin dligid an bainni beith a substaint meadōnaid gan beith silteach nā reamur ⁊ gan rainn ēxamla do beith ann nā gan a beith cubrach. Ōir dā curthar braen de ar an ingin ⁊ a sgaīlead is comartha ar substaint sēim do beith aigi sin, ⁊ muna 2525 sgaīle is comartha ar substaint reamuir. Et bīth a fhis agad co mbīt rainn chāisimla ⁊ rainn  p.95 infra 218-219 uisgeamla an bainne measurda comthrom; ⁊ dearbthur sin an uair curthar braen don bainne ⁊ braen fuail do chur ana cheann ⁊ a cumusc 2530 trīt a chēile, 147 ⁊ bud follus ann sin uisgeamlacht ⁊ cāisimlacht an bainne inmolta. Et dligid dath an bainne claenad chum gile ⁊ a blas chum millsi. Et nī dliginn saillteacht nā gēiri nā dath buidi nā dearg beith ar an mbainne.

2535 Tuillead: nī dliginn an banaltra beith aislingtheach nā codlad trom do beith aici; ōir is minic ligid na banaltranna na leinim d'ēg148 do gorta trī thruime a codalta, ⁊ mūchaid iat uair eile a' collad orra.

2540 Et is mōr as intuicthi gan an bainne do beith ro-arsaid nā ro-gar d'aimsir an toirrchis. Mās ead, bīd se a n-aīs dā mī mīs co leith. Et bīth a toirrcheas nādūrda .i. gan in bean do breith leinm mairb.

2545 Tuillead: is mōr dleagmaid a thabairt dār n-ūig coimplex inann do beith ag an naīdin ⁊ ag an banaltrainn. Gid eadh, nī bud olc, dā mbeith an naīdi coilearda, an banaltra do beith flegmatica a regimen do beith a' claenad 2550 chugi. Et dā teagmad co mbeith an bainne roi-reamur droch-balaid, leagur comnuide dō fā aer tamall d'ēis a bligthi gan a thabairt dā ōl don naīdin. Tuillead: dā mbia an bainne reamur as imchubaid neithe shēimigius é do thabairt,  p.96 infra 219-220 2555 mur atā, oximel diuereticach nō nī ara mbeirbthear īsōip nō origanum blāth na tīme ⁊ a chusmaile.  433Agus gnāthuigthear crōch ana diaid ⁊ saethur measurda. Agus dā mbia coimplex te ag an mnaī tabuir oximel aenda dī maille rē fīn sēim 2560 anfann ar aen-shligi ris. Et dā mbia an bainne sēim seachnad sī saethur, ⁊ gnāthuigead neithe reamraidius an fhuil ⁊ furāiltear uirre codlad fada do dēnum. Agus gnāthuigead fīn reamur milis.

Et teagmaid co mbī imurcaid bainne co minic 2565 annsna cīgib, ⁊ a thruailliugad ōn imurcaid sin. Et leigistear an aicīd sin lē gnāthugad na neitheadh oilius co beac ⁊ lē trēidinus ⁊ lē saethur ⁊ lē fothragad ⁊ lē neam-chodlad cona cusmailib; ⁊ curthar ceirīn ar an ucht ⁊ arna cīgib do chuimin ⁊ 2570 d'aigēid ⁊ do lentes arna mbearbad a n-aigēid, do phōnuire ⁊ do terra sigillata ⁊ a cumusc rē haigēid. Agus is maith biamlacht 149 psillium ⁊ aigēid ar ndēnum epitima dīb chum an neith chēdna; ⁊ is maith ruib chum an neith chēdna 2575 maille rē clōbus, 150 ōir laigdigid an t-epitima do-nīthear dīb an bainne. Agus do-nī an t-epitima do-nīthear do bolus armenicus ⁊ d'fhīn an cēdna. Tuillead: bīth a fhis agad co fuil dīsleacht ag partānuib an tsrotha ⁊ na fairgi arna mbrisid ⁊ 2580 ar ndēnum epithima dīb chum laigdigthi an bainne.

Et dā mbia eagla oruinn an bainne do thēchtad  p.97 infra 220-221 annsna cīgib ongthar iat lē holaid minntuis. Agus an uair chlaenus coimplex na cīch chum 2585 teasaideachta aithintear sin co hurusa ōna tagall, 151 ⁊ curthur epithima orra an tan sin do biamlacht luibead fuar, olad fuar, nō shūg fuar atā follus dūin. Agus bīth a fhis agad gurab dona neithib dīsgaīlius an chāisimlacht teasaidi theagmus annsna 2590 cīgib, .i. epithima do-nīthear d'aigēid ⁊ do rōs. Et is dona neithib dīsgaīlius an chāisimlacht fhuar theagmus innta epithima do-nīthear d'uisgi ara mbeirbthear fenēl ⁊ balsam ⁊ ainēd ⁊ fenugrecum. Et is maith chum an neith chēdna epithima 2595 do-nīthear d'olaid lile ⁊ do phibur chas ⁊ do chamamilla ⁊ do ruib.

Et teagmaid co minic nach bī a dīl bainne ag an banaltrainn d'oileamain an leinm; ⁊ fēduid so beith 'na cūisib aigi sin, mur atā, truaigi ⁊ 2600 tearcacht na hoileamna droch-coimplex an chuirp co huilidi na cīch. Dā teagmaō thruaigi ō thearcacht na hoileamna, gnāthuigthear arān geal cruithneachta ara curthar pūdur ainīsi ⁊ fenēl. Agus gnāthuigthear fīn 2605 abaid ⁊ uisgi eōrna maille rē bainne, uisgi seaguil maille rē siūcra; gnāthuigthear liti eōrna maille rē fuil cearc ⁊ rē sīl fenēil, liti chruithneachta maille ris an fuil chēdna ⁊ rē heanbruithi siser; ⁊ gnāthuigthear liti choirci 2610 do-nīthear d'uisgi ana mbāitear iarann ⁊ as  p.98 infra 221-222 imchubaid chum an neith chēdna.; item 152 biad mēduigius an bainne, .i. feōil beirbthear a n-uisgi maille rē huinneaman ⁊ rē hainnēid ⁊ rē fenēl. Agus taburthar an comshuigiugad do-nīthear do 2615 shiūcra dōib. Agus is maith buidēn ogh do chaithim ar an cēdna. Item ūith gobar ⁊ chaerach do chaithim maille rē bainne, ⁊ a ngnāthugad, ⁊ is mōr an furtacht do-nīd ar son na dīsleachta ⁊ an chusmailis atā acu ris na cīgib.

2620 Et dligid siat na neithe thirmaigius an sperma do sheachna, mur atā, arān brain ⁊ aiccēid, lentes, ruib ⁊ coriandrum tirim, ⁊ gnāthugad biad ara mbī mōrān saluinn. Et seachnuid siat gach uile oileamain atā saillti gu mōr.

2625 Tuillead: is maith cac fāinnle ⁊ bainne easail do choimilt dona cīgib do thogairm an bainne.  434Tuillead: na cīgi do choimilt le lāmuib ⁊ togairmid an bainne.

Et dā faicthear co fuilid na cīgi te, gnāthuigthear 2630 ordenatumbiatus ⁊ a cusmaile chlaenus chum fuaraideachta. Et dā faicthear fuaraideacht ar tigearnugad inntu mēduigthear an oileamain shēim chlaenus chum teasaideachta. Et bīth a fhis agad co mēduidinn fāsadurc, gan fuiliugad, gan brūg 2635 mōr, teasaideacht na cīch, ⁊ tairrngid adbur an bainne chum na cīch.

Dā teagmad an bainne do-balaid, tabrum fīn maith deadh-balaid. Agus caithead153 an banaltra  p.99 infra 223-224 biada deadh-blasda deadh-balaid. Et dligid an 2640 banaltra gach nī chumuscus an fhuil ⁊ mensdrua do sheachna, ōir truaillid an cumusc sin balad an bainne ⁊ laigdigid a chaindiacht. Mās ead seachnuid coimriachtain ⁊ meisgi ⁊ sgeathrach ⁊ sāith mōr ⁊ saethur anmeasurda, fearg ⁊ dobrōn 2645 ⁊ neam-chodlad, ⁊ gu coitchinn gach uile nī buaidris ⁊ chnaīus an fhuil ⁊ gach nī geinius droch-leanna.

Et an mod ara fhēdmaid cainndiacht imurcach na cīch do thoirmeasc ⁊ a coimēd ana caindiacht dīleas do-gēbthur sin gu lōr leath-a-tuas dīn annsa 2650 chaibidil labras do riaglachaib an regimen do-gabur do leith na haibīci. 154

Labrum anois do choimēd matrix ō fholmugad imchubaid na fola mīsta. Acht gē adubrumar mōrān sa chaibidil so don taeb thuas dīn, ar an 2655 adbur sin adēram beacān annso air.

Et bīth a fhis agad gurab cūis choimēda slāinti don maclac ⁊ don mnaī faicsin na fola mīsta a cāilideacht ⁊ a caindiacht ⁊ a n-aimsir imchubaid do rēir gnāthuigthe an gach uile aimsir, ⁊ gurab 2660 cūis choimēda ō gach uile urchōid; ⁊ do-nī sī iat geanmnaid maille rē beacān āilgis coimriachtana. Et as ī as meadh chomthrom do fhlux na fola mīsta, .i. a beith ūair an gach aen-mī. Agus nī hēigin a beith commōr coimbeac an gach 2665 aen-mnaī. Et rithid sī annsa chēd-chadrans don rē annsna maigdinuib, ⁊ dona mnāib ōga sa dara  p.100 infra 224-225 cadrans, ⁊ dona mnāib as fuirfe nā sin annsa treas cadrans, ⁊ dona sean-mnāib sa cheathramad cadrans. Et tinnsgnaid an fhuil mīsta silead co 2670 coitchinn annsna mnāib a ndiaig a ceathramad mbliadain dēg, acht gē theagmus155 co silinn nīsa luaithi nīsa moille do rēir ēxamlacht coimplexa, ⁊ aibīci, regimen, ⁊ rēgiōin, ⁊ a cusmaile. Et is mur sin crīchnuigthear flux na fola mīsta a 2675 ndroing dona mnāib co luath ⁊ a ndroing eile gu mall, do rēir ēxamlacht na cūisid rannaidhi adubramar ar tūs.

Item mur claechluigthear an fhuil mīsta, ōna suigiugad nādūrda fēin as cūis anfhainne ⁊ claechluigthi 2680 na fuirme dona mnāib sin, ⁊ as cūis tearcacht don geineamain ⁊ toirrchis mairb sin. Mās ead dēntur deithneas innus nach claechluigi an fhuil mīsta ōna hord nādūrda. Agus tuicthear suigiugad nādūrda na fola mīsta ōna dath ⁊ ōna substaint 2685 ēxamailtear fā ēxamlacht an choimplexa, ⁊ na haibīci, an regimen, ⁊ na haīsi, ⁊ an rēgiōin. Et nī beanann so risin obair so ar lāthair; ar an adbur sin ligmid torainn hī, ōir is lōr linn a fhis do beith againn ann so gibē cūis ō claechluigthear 2690 an fhuil mīsta ōna suigiugad nādūrda fēin gurab cūis dona hurchōidib adubramar romainn hī. Ar an adbur sin dā mbia sī 'na suigiugad nādūrda fēin, as cūis choimēda slāinti hī; ⁊ muna bia, treōraigthear chum an tsuigigthi sin hī an mēid  p.101 infra 225 2695 bus ēidir; ⁊ bud follus sin a caibidleachaib follamnuigthi na slāinti do-gabur ō ēgsamlacht  435an choimplexa ⁊ na haīsi ⁊ na haibīci, ⁊ as na neithib adubramar annsa chaibidil so don taeb thuas dīn.

2700 Agus is annsin crīchnuigthear regimen na slāinti atā dīleas don ēgusc bannda ⁊ tinnsgnus an dara pairteagal don trāchtad so do riaglachaib regimen na slāinti do-gabur ō ēxamlacht na neithead nādūrda; ⁊ connmuid seacht caibidleacha.

 p.1

3. Volume 2

An treas pairteagal: Do-gabur ō ēxamlacht na neitheadh nādūrda

infra 1392701  Incipit tertia pars que est de regulis regiminis  435 sanitatis ⁊ cetera, .i. is ann so thinnsgnus an treas pairteagal atā do riaglachaib regimen na slāinti do-gabur ō ēxamlacht na neitheadh nādūrda. 2710 Et biaid in chēd-chaibidil de do riaglachaib regimen na slāinti do-gabur ō ēxamlacht na ceathra ndūl teagmus co fuirimeallach dār corpaibh, mur atā, ēxamlacht an talaim sho-aitreaba ⁊ an uisgi ⁊ an aēir ⁊ na teineadh.

2715 Et adēram neithe athchumaire coitchinna annsa ar chēd-chaibidil so d'inordugad an talman atā so-aitreabtha. Ar an adbur sin, an talam toghthur dā aitreabad, nī dliginn sē beith lathamuil nā gainmeach nā brēn, nā a n-inad a furtamluiginn 2720 brīg mitall nā raibe nā ailime, nā a n-inad a mbīd cadauer daīneadh marb, nāid droch-luibi nāid droch-croinn neam-thorthacha, ach talam a mbīd crainnn maithi ⁊ luibe maithe torthacha, mur atā,  p.2 infra 139-40 2721 fīneamain ⁊ saileach, ⁊ a cusmaile do chrannuib 2725  cairdeamla dona corpaibh daena. Et atāit cuid do phlanndaib na crann agā fuil nāimdeanus rēnar corpuib, mur fhoillsigius easgairdius a ndearbtha, mur atā, sambucus ⁊ crann fīgi. Ōir is mōr gortaigthear na boill spiradālta, ⁊ 2730  tromaigthear in ceann ō chomnuide fhada do dēnum fā sgāth na crann sin. Ōir nī torthach ⁊ nī hinaitreabtha an talam a fāsaid na crainn sin.

Agus tuicthear an cēdna dona luibib. Et atāit cuid dona luibib neimneach, ⁊ nī dleagur an talam 2735  ana fhāsaid d'aitreabad, ōir nī fhuilid siat imchubaid dona corpaibh daena, mur atā, eleborus ⁊ esola ⁊ midaighi ⁊ opium ⁊ a cusmaile, ōir atāit sin uile marbthach. Agus a chontrārda sin don talam a fāsaid luibi maithe, torthacha, deadh-balaid, 2740  atā imchubaid dār corpaibh-ne.

Mās ead, nī hē cāilideacht na talman amāin dleagmaid do thabairt dār n-ūid acht a shuigiugad , ⁊ do-gabur an suigiugad sin a ceathra modaibh: ōir atā cuid don talam arna shuigiugad a mullach 2745  slēibtid, ⁊ cuid eile fā shlēibtib, ⁊ cuid eile a ngleanntaib, ⁊ cuid eile coimrēid; ⁊ as ē an talam so as fearr ⁊ as imchubaidi rēna āitiugad dīb. Ōir is tarbach an talam so nach ēidir leis na slēibtib a dorchugad, ⁊ ar an adbur sin atā do 2750  shochur aigi co sēidinn gaeth faī ⁊ co ngnīmaidinn grian air ō ēirgi dī co dol faī. Mas ead, as maith  p.3 om. infra2751  mur thoga ar talam a coimēd na slāinti an suigiugad adubramar.

An talam shuigigthear a mullach shlēibi, agā 2755 chomprāid chum an talaim atā co hīsil, cruthaigid sē aēr sēim, ⁊ glanuid an t-aēr ōna deathaighib eachtrannacha, ⁊ bīth fuar co nādūrda.

Et bīth a chontrda sin annsna gleanntaib, .i. aēr reamur neam-glan a mbī brīg theasaidi ar 2760 son inntaigthi deallraim na grēine ann, ⁊ co mōr annsa tsamrad . Et dā mbeid na slēibti ard dā gach taeb don fhonn cruthaigthear aēr fuar annsna gleanntaib ō dorchugad na slēibtid fuar, ⁊ co hārithi annsa geimread.

2765 Et inordaigid an talam atā a cabān an tshlēibi an t-aēr a substaint inmeadōnaid, ach muna  436 tairmiscthear co haiccīdeach é, mur atā, comursanacht gaethraid; ōir an ūair ēirgid deathaige uada a n-airdi 156 filltear tar ais iat ōn tsliab atā 2770  as a cinn, innus co reamraidthear an t-aēr ō choimēigniugad na ndeathaigeadh tar a n-ais. Et is gnāthaige bīs teas mōr annsna cabānuib sin ⁊ fuacht mōr nā a mullach an tslēibi; ⁊ is minci fuacht ⁊ teas inmeadōnanach inntu na annsna 2775 mullaigib. Et dā mbia an cabān ⁊ a aigid bu tuaid as fuar ē, ōir dorchaidthear mullach an tslēibi. Et dā mbia a aigid san aird teas as te é an uair bīs an gaeth atuaig, ōir filltear teas na  p.4 infra 1402776  grēine annsa chabān ō shēideadh na gaīthi atuaid. 2780 Et dā mbia a aigid soir siar biaid sē co hinmeadōnach te ⁊ fuar.

Tuillead: an talam is fearr ⁊ as imchubaidi d'āitiugad dligid sē beith gan dīn air ōn aird tshoir ⁊ ōn aird tuaid, ōir is mōr glanuid na gaetha 2785  sin an t-aēr. Ar an adbur sin is maith fuinneōga na tigead do beith ar an aird shoir ⁊ ar an aird tuaid, ⁊ gan a mbeith annsan aird tshiar nā san aird teas.

Agus is fīr sin go riagalta; gid eadh, teagmaid 2790  co haicīdeach gurab measa an gaeth atuaid nā an gaeth aneas: ōir fēdaid an gaeth atuaid teacht trē rann ēigin don aird atuaid atā lán do marannaib, d'inaduib mianamla salcha, do morgad ēigin ar mod ēigin dā ndubramar romainn; ⁊ 2795  dā leith sin fhēdus an gaeth atuaig beith nīsa neam-glaine ⁊ nīsa dimolta nā an gaeth aneas. Agus ar an cor cēdna tuicthear an gaeth anair. Ar an adbur sin is maith na fuinneōga ⁊ inad an radairc do beith ar an aird teas ⁊ ar an aird 2800  tshiar co haicīdeach, acht gē theagmus a chontrārda sin go minic inntu.

Et is nī imchubaid d'inad aitreabtha na ndaīneadh beith a fogus d'uisgib millsi glana rithius gu mōr, fuarthur annsa tshamrad ⁊ tēigthear 2805  annsa geimread, ⁊ ineadaigi uaine gan beith dorcha ⁊ mōrān do chrannaib inmolta.

 p.5

infra 141-22806  Et na daīne aitreabus a comursanacht na fairgi as cūis geineamna don reuma é. Et as imchubaid an t-inad āitigthi beith a ngaire na 2810  fairgi san aird tuaig; ōir do-nī beith a fogus don aird sin an talam measurda annsna cāilideachtaib gnīmacha , acht muna bia sī ro-gar don aird sin, ⁊ co claenfad sī chum fuaraideachta gu mōr trē fhad spāis na grēine uaithi; ⁊ nī fhuil sī ro-fhliuch ar a shon sin, ar son gurab mō chlaenus 2815  sī chum tirmaideachta nā na tailim 157 sho-aitreabtha eile. Ar an adbur sin is luga atā an aird atā a ngaire d'fhairgi imchubaid chum āitigthi nā an aird tuaid, ōir atā an talam so teasaidi fliuchaidi nīsa mō nā mur as ēigin a beith, ⁊ ullmaigid na 2820  cuirp chum easlāinti do-nīthear ō morgad.

Et nī headh amāin dligmid an talam so-aitreaba do thoga acht dligmid na huisgi mur an cēdna; ōir as imda mod ara ngnāthuigmid é a follamnugad na slāinti, mur atā, a ōl, ⁊ fothragad as, ⁊ biada 2825  do bearbad ann; mās ead, dligmid a thuicsin co ndliginn bunāit an uisgi beith a talam molta gan beith brēn na mianamail. Et dligmid a thuicsin nach rithinn sé a n-inaduib lāibeamla ā criadamla, ⁊ nā bia ana uisgi locha; acht bīt siat ana 2830  n-uisgidib shiublaigius ar talam clocach gainmeach, ar talam luthamail gan beith brēn nā truailligthi , ⁊ rithid siat chum na hairdi tuaid  p.6 infra 142-32831   437 chum na 2835 hairdi soir , ⁊ gu hāirithi chum na hairdi soir a n-aimsir an tshamraid. Et nī fhuilid na huisgi rithius chum na hairdi teas chum na hairdi siar commaith ris na huisgidib sin. Tuillead: is amlaid is mō moltur na huisgi so an uair thēit siat a fad ōna mbunāit.

2840 Tuillead: dligid siat beith gan dīn orra ō grēin ⁊ ō gaīth, ⁊ blas milis do beith air, ⁊ an uair curthar a fīn glan é gan dath an fhīna do chlaechlōd. Agus dligid sē beith ēdrum, solus, sēim, ⁊ beith so-thēigthi, so-fhuartha, ⁊ beacān 2845  residens do ligin dō tair ēs a thaburta ōna bunāit.

Et bīth a fhis agad gurab ī truime ētruime an uisgi sligi is luga is olc chum aithne maitheasa an uisgi; ōir as ē an t-uisgi as ēdruma acu uisgi as fearr dīb. Et aithintear a beith trom ēdrom 2850  ō thomhus misūr d'uisgidib ēxamla, ⁊ is mur sin aitheōntur an chuid atā trom ēdrom dé. Tuillead: aithintear a beith trom nō ēdrom ō brēidinnaib do thuma, a misūr inann d'uisgidib ēxamla ⁊ a tirmugad ainnsēin ⁊ a meadhugad, ⁊ 2855  an brēid bus ēdruma acu as ē a uisgi bus fearr.

Agus dā teagmad nā bud ēidir linn uisgi ēdrom nā sēim nā solus d'fhagbāil acht uisgi reamur buaideartha, dligmid sin do cheartugad maille na bearbad; ōir tuitid na rainn reamra talmaide 2860  a n-īchtur ōna bearbad, ⁊ bīt na rainn tshēime glana a n-uachtar, ⁊ is mur sin bus ēidir linn an  p.7 infra 1432861  t-uisgi do thshēimiugad ⁊ do thearcugad ⁊ a fhuacht d'innarbad; ⁊ is mur sin ullmaigthear na rainn talmaide atā ag an uisgi, leis nārb ēidir dul a 2865 n-īchtar ar tūs chum a sgaramna ris ar son reime an uisgi ⁊ ar son na rann talmaide arna cumusc ris.

Et nī fhuil inad ag an bearbad so annsan uisgi glan, ōir dā mbeirbthear an t-uisgi glan aenda an 2870  comōr sin do-gēbad sē cāil ailime chugi ar son a rann talmaide do losgad, ⁊ ana diaid sin do cuimeōsgaidi na rainn reamra sin do loisgid ris, ⁊ do saileōchaidi é, ⁊ do beith droch-blasta. Ōir nī dleagur an bearbad dāsachtach ceartaidius 2875  in t-uisgi reamur buaideartha do thabairt annsan uisgi shēim glan, acht bearbad mīn, ōir nī headh amāin chūisigius an fiuchad lāidir na rainn reamra do thuitim acht cumuiscid na rainn reamra ⁊ innarbthur na rainn tshēime a ndeathaigib.

2880 Et is mur sin is follus mur cheartaidius an bearbad an t-uisgi ⁊ treōraigius chum maitheasa é. Gidh eadh, is fearr an t-uisgi bīs glan uaid fēin ⁊ tic trīt an talam nā an t-uisgi beirbthi, ōir is2885  luga do rannuib talmaide atā aigi trī mur shilius sē co sēim trīt an talam nā ag an uisgi beirbthear. Do rēir chonsiquens as fearr ē nā an t-uisgi beirbthi. Ōir na huisgi is luga bīs maith as iat rig a leas rith trīt an talam, ⁊ na huisgi as gaire do beith 2890  maith as iat rig a leas a mbearbad.

 p.8

infra 145-62891  Tuillead: bīth a fhis agad co ceartaigthear reime an uisgi ō aigēid do chumusc ris. Tuillead: bīth a fhis agad co ceartaiginn ⁊ co sēimidinn gluasacht lāidir an uisgi ō shoitheach gu soitheach, ⁊ clocha 2895  beaca do chaithim ann a hinad ard, reime an uisgi. Tuillead: bīth a fhis agad nach imchubaid dona coimplexaib measurda an t-uisgi atā fuar gu ro-dāsachtach, mur atā, uisgi an reōid an tshneachta, gid eadh, as imchubaid é don droing 2900  agā fuil coimplex te gu dāsachtach.

Et bīth a fhis agad gurab dāsachtach an urchōid do-nī an t-uisgi don ghaili an uair ibthear ar cēd-longad  438 ē, a ndiaid shaethuir fhothraigthi meisgi tharta mailīsig, ⁊ gu hāirithi an 2905  uair thinnsgnus an corp dā taburthar é dā dīleagad. Et dā mbia ēigintus mōr fāna ōl measraigthear a n-aēr é ar tūs ⁊ nigthear an bēl co minic leis; ⁊ muna lōr so ibthir as soitheach gā mbia bēl cumang ē, ⁊ is mur sin is luga urchōidigius sē do lucht na 2910  meisgi ⁊ an chēd-longtha. Et dā teagmad neach ar cēd-longad a ndiaid shaethuir mōir, ⁊ nā bud ēidir leis aipstinens do dēnum ō uisgi, ibeadh sē fīn maille huisgi a teas measurda. Tuillead: gibē ara mbīa tart mailīseach nā sloigid sē uisgi, 2915  ach a shūghad co mīn. Et bīth a fhis agad gibē ara mbī tart mailīseach gurab maith do codlad ⁊ an tart d'fhulang, ōir ceartaigthear ⁊ dīleagthur an linn as cūis don tart. Gid eadh, dā n-ibthear an t-uisgi ⁊ an dīleagad do thoirmeasc ⁊ an tart  p.9 infra 146-72916  2920  d'inntōg, as comartha sin nār dīleagad ⁊ nār ceartaigead an linn do-nī an tart.

Tuillead: bīth a fhis agad nach imchubaid mōrān d'uisgi fhuar d'ōl a coimēd na slāinti. Et dā teagmad comad ēigin uisgi d'ōl ibthear ē a 2925  ndiaid bīd. Et do-nī an t-uisgi bog sgeathrach do thogairm ⁊ anfhainnigid an gaile; gid eadh, an uair ibthear gu hannam é glanaid sé an gaile ⁊ lagaid an brū. Tuillead: bīth a fhis agad gu comfhurtachtaidinn an t-uisgi na brīga uile ana 2930  n-oibrigthib ach mā beacān, .i. an brīg dīleagthach ⁊ an brīg attarraingtheach, an brīg fhostaigtheach ⁊ an brīg innarbthach. Agus as imchubaid ē dona daīnib agā mbīt cuirp thearca, ⁊ a n-aigid gach uile fhluxa bīs ō gach uile ball. Gid eadh,2935  urchōidigid sē dona fēithib ⁊ don droing agā mbīd dūinti ⁊ neascōidi. Tuillead: bīth a fhis agad gurab beac nach comfhurtachtaigid na huisgi na hinne uile ⁊ an choimriachtain; ar an adbur sin tarbuigid sé do lucht easlāinti na seilgi 2940 ⁊ an gaile ⁊ na n-ae, ⁊ co coitchinn don droing agā mbīd inne anfanna.

Et tēigid uisgi na raibe ⁊ an nitruim na fēithe, ⁊ as imchubaid ana n-easlāintib fuara iat. Agus as imchubaid don droing ara mbī sgaibies ⁊ gorāin 2945  iat, ⁊ is lāidir thēigid siat na hae ⁊ na hinne. Agus innarbuid na huisgi beirbthear gu lāidir linn ruad, ⁊ brisid an gaethmuireacht reamur bīs annsna  p.10 infra 147-82946  ballaib. Agus tarbaigid don droing ara mbī spasmus ō adbur fhliuch. Item, lagaid an t-uisgi 2950  saillti arna ōl an brū, ⁊ cumgaigid fa deōid ⁊ calmaigid na hailt, ⁊ cnaīid flichideacht na mball, ⁊ innarbaid an morgad ⁊ an truaillead. Et as imchubaid uisgi ailime do lucht ematoica pasio ⁊ don lucht ara mbī flux na timthearachta ⁊ flux 2955  emaroides.

Tuillead: togthur an t-aēr thimchilluigius sinn mur togthur an t-uisgi ⁊ an talam so-aitreabtha. Et atā an t-aēr ēigintach a regimen na slāinti ar dā modaibh: an cēd-mod dīb , .i. d'innfhuarad 2960  na spirad ⁊ an teasa rē n-abur innatus; an dara mod, ar son innarbtha na ndeathaigead imurcach dorchaidius an spirad ⁊ an teas adubramar. Do rēir mur do-chīamaid an teine gā mūchad ō easbaid an aēir, is mur sin dligmid a thuicsin 2965  co rigid a leas ar cuirp ⁊ ar spiraid rē haēr oilius ⁊ choimēdus ⁊ measraidius iat, ⁊ glanus ōna himurcachaib deathmura; ōir is ō attarrang an aēir measraidthear an teas rē n-abur innatus, ⁊ ōna innarbad glantur. An cēd-mod dīib sin, .i. 2970  attarrang an aēir, as de gairthear diastoles , ⁊  439 don dara mod, .i. dā innarbad, gairthear sistoles .

Dā mbia an t-aēr tarraingthear brēn neamglan, truailltear na spiraid ⁊ an teas nādūrda. Mās ead, dligid an liaig beith co deithideach a timcheall  p.11 infra 148-92971  2975  an aēir a coimēd na slāinti. Ar an adbur sin dligid in t-aēr substaint shēim do beith aigi, ris nach cumuiscthear ceō nāid deathaige eachtrannacha. Et nī dliginn an t-aēr beith neamglan, buaideartha, ceōmur, ōir buaidrid an t-aēr sin 2980  na leanna ⁊ tuirsigid an t-anum; ach dligid beith gan cumdach air gu glan, ⁊ gan beith idir balladaib, nā fā dīn, nā a n-inad chumang. Et seachaintear an t-aēr atā fā iadadh ar nā siublaiginn gaeth. Gidh eadh, a n-aimsir na plāigi ana teagmann 2985  truaillead an aēir, as imchubaid an t-aēr bīs fā iadadh; ⁊ ar an adbur sin is maith codlad annsna seallaib annsan aimsir sin. Agus as inntuicthi an t-aēr atā cumuiscthi rē deathuidib lathraig ⁊ lochann ⁊ uisgid ndomain murgaigthi ⁊ talam 2990  luthamail co ndleagur a sheachna. Et seachaintear aēr an talaim ana fāsaid na praiseacha ⁊ na luibi ⁊ na crainn adubrumar romainn. Agus as intsheachanta an t-aēr rē cumuiscthear deathaigi a follamnugad na slāinti. Agus toghthur an t-aēr fā 2995  sēidinn gaeth ō aird maith ⁊ a talmain aird chomshochuir.

Tuillead: taburthar d'āig nā tosgaidi an t-aēr a n-aenchāil dona ceathra cāilib; ⁊ dā teagma an tosgugad sin ann, measraigthear an mēid bus 3000  ēidir. Tuillead: ēxamailtear an t-aēr do leith a choimplexa, ōir dā mbia sē teasaidi dīsgaīlid na brīga ⁊ tearcaigid an corp; ⁊ dā mbia a theas  p.12 infra 149-503001  measurda tairrngid fuil dearg a fuirimeall ⁊ dearguid dath an chroicinn; ⁊ dā mbia sē te gu 3005  mōr buidigid an dath gu mōr, ⁊ togairmid an t-allus, ⁊ laigdigid an fual, ⁊ anfainnigid an dīleagad. Et do-nī an t-aēr fuar a hontrārda so; ōir cumgaigid sē an brū, ⁊ comfhurtachtaigid an dīleagad, ⁊ mēdaigid an fual, ⁊ toirmiscid an 3010  t-allus ⁊ an t-innram.

An t-aēr fliuch, immorra, sleamnaigid ⁊ fliuchaid an croicinn. Agus an t-aēr tirim dubaid ⁊ tirmaigid an corp . Tuillead: toghthur an teine, ōir gnāthuigmid 3015  ar mōrān do moduib a coimēd na slāinti ī, mur atā, biad do bearbad ⁊ ar cuirp do thēigead. Mās ead, dligmid a thuicsin cad bus adbur don teinidh gnāthuigmid innus nach beith nādūir neimi nā mitaill innti, ⁊ nach beith a hadbur do thalmain 3020  brēin nā morgaigthi nā luthamail ; ⁊ nā bīth do chonnad morgaigthi nā truailligthi. Mās ead, dligmid gach connad morgaigthi bīs do chrannaib agā mbī droch-coimplex do sheachna, mur adubramar don taeb thuas dīn, mur atāit, fīgid 3025  ⁊ trom. 158

Tuillead: moluim teine do chrannuib tirma gan beith glas. Agus moluim gu coitchinn an teine gā mbī lasair glan gan deathach. Agus dimoluim gach teine bīs fā iadad ō nach innarbthar  p.13 infra 151-23026  3030 a deathach. Et nī moluim duine do gorad gu mōr d'ēis bīd, ōir anfuinnigthear an dīleagad uada. Tuillead, dimoluim teine an stufa, ōir atā a teas fā iadadh ⁊ nī hinnarbthar a uaithi.

2. An dara c aibidil : don tsae thar

3035 Testificatur a sapiente quod ⁊ cetera, .i. beirid an t-eagnuid d'fhiadnuise co coimēdann an saethur measurda imchubaid roim an mbiad an tshlāinti; ōir calmuigid an saethur roim an mbiad an teas nādūrda ⁊ calmuigid an brīg thochluigtheach 3040 annsa gaile, ar an adbur sin is sanntach gabuid na baill an oileamain chucu, ⁊ oslaicthear na pōire, ar an adbur sin innarbthur gu toltanach imurcacha an treas dīleagad ⁊ sgaīltear an oileamain co foirbthi ar na ballaib.

3045 Tuillead, .i. calmuigthear na horgāin ōn tshaethur  410 ⁊ cruadaigthear iat mur an cēdna, ar an adbur sin is deacair a ngallrugad ⁊ calmuigthear iat chum gach uile oibrigthi. Tuillead, calmuigthear gluasacht an chuirp ⁊ na spirad ōn tshaethur, ⁊ 3050  ōn chalmugad sin innarbthur na himurcacha co toileamuil trīt na pōirib. Et nī liginn an saethur measurda na leanna nāid na himurcacha do chruinniugad annsna corpaibh; ⁊ an uair imdaigius  p.14 infra 152-33051  an t-adbar sin annsna corpaibh reagar a leas leigeas 3055  lagthach cuisle. Agus gē fholmuigid siat na cuirp cuirid a n-arsaideacht iat, ⁊ co hāirithi na leigis lagthacha, ōir atā nādūir neimi innta gu mōr. Agus nī hē an linn cinntach amāin fholmuigius an leigeas lagthach, ach rann mōr don teas ⁊ dona 3060  spiradaibh is fundamint don nādūir ⁊ don beathaid daena. Ar an adbur sin iarthur an saethur ⁊ an gluasacht toileamail luathaigius an anāl do chomfhurtacht an leigis. Agus an uair inntaigthear na cuirp do rēir an meadhaigthi ēigintaig chum 3065  a staidi fēin, nī reagar a leas aen-leigeas atā ēigintach annsna heaslāintib adburda do thabhairt an tan sin; ⁊ is fīr sin gā thuicsin co fuil an regimen eile dīreach.

Et nī dleagur saethur do rād ach ris an nī 3070  mēdaigius an anāl ⁊ luathaigius í. Agus is cūis do mēdugad an teasa rē n-abur innatus an saethur sin, ō teagmann mōrān dona socamluib adubramar romainn. Et an drong lērab āil a slāinti do choimēd nī dligid siat an saethur do mainneachtnugad.

3075 Et bīth a fhis agad co fuil cuid dona corpaibh ana n-imdaiginn mōrān do leannaib oma neim-dīleagtha co foluigtheach, līnad na mbiad co himurcach, do nach imchubaid saethur. Ōir 3080  dā mbeith na cuirp līnta do droch-leannuib ⁊ nā bud ēidir lēis an nādūir a folmugad159 maille  p.15 infra 154-73081  saethur as cūis phlāidi sin, ⁊ is cūis d'apoplexia do brisid cuisleann fiabrais neascōidi. Agus fēduid an saethur beith 'na chūis ag sgabies 3085  ag lubra nō gorāin annsna ballaib fuirimeallacha ar son gu ngluaistear ōn tsaethur na boill fhuirimeallacha ⁊ na leanna ⁊ na himurcacha. Tuillead, dā teagmad ball anmann ullam do gabāil imurcach ō ball eile, do beith an saethur urchōideach gu mōr 3090 don ball sin.

160 Et mur an cēdna, nī himchubaid an saethur dona corpaibh gortacha nā dona corpaibh folma. Et nī dliginn aen-neach gortach, dā chalmacht, saethur do dēnum, gid eadh, dligid caithim sul 3095 do-nīd an saethur gnāthach. Agus is ē so dob āil lē hIpocrāid an uair adeir sē: Ube indigensia non oportet laborare, .i. an t-inad ana fuil an riachtanus a leas nī hēigin an saethur do dēnum ann.

3100 Tuillead, nī headh amāin dligmid an saethur do thoirmeasc do lucht na corp līnta, nā na corp truag, ach dligmid a thoirmeasc co mbia an dīleagad coimlīnta, ⁊ co hāirithi an cēid-dīleagad ⁊ an dara dīleagad; ōir bīt na dīleagtha sin 3105  a cumsanad ⁊ a codlad an tan sin, ⁊ dā mbia gluasacht ⁊ neam-chodlad 'na n-inad sin  p.16 infra 154-73106  nī coimlīntur an dīleagad. Agus nī headh amāin dligmid an saethur do thinnsgaint ar coimlīnad an chēid-dīleagtha an dara dīleagtha, ach 3110  dligmid an treas dīleagad do thinnsgaint, ōir is fearr do-nīthear annsa chodlad ⁊ annsa chomnuide an dīleagad; mur adeir Galen gurab annsa chodlad is fearr do-nīthear an dīleagad, ⁊ nī hannsa gaile amāin nā annsna haeib ach annsa chorp co huilidi. 3115  Et dligid imurcacha an chēid-dīleagtha ⁊ an dara dīleagad beith dealuigthi ōn chorp, ⁊ tuicthear as  411 sin gurab lē saethur innarbthur imurcacha an treas dīleagad.

Et teagmaid an aimsear a mbī an cēid-dīleagad 3120  ⁊ an dara dīleagad coimlīnta, ō ēdrumacht an gaile ⁊ ō dathugad imchubaid an fhuail gan beith imurcach, ⁊ an uair bīs an fual arna dathugad co himurcach ⁊ gontach annsa ghaili, ⁊ mothugad teann na gorta, ⁊ na maethāin arna rigid, d'imid 3125  aimsear an tshaethair an tan sin ⁊ nī dleagur a dēnam ar aen-mod. Agus as ī as aimsear don gorta an uair do-nīthear inordugad ⁊ cusmailiugad ⁊ union na hoileamna ris na ballaib; ōir tairrngid na boill ō na cuislinnaib beaca ⁊ na cuisleanna 3130  beaca ō na cuisleannaib mōra ⁊ na cuisleanna mōra ō na haeib ⁊ na hae ōn ghaili, ⁊ is mur sin cūisigthear mothugad annsa ghaili rē n-abar gorta. Et is mur sin is follus gurab ann dleagur an saethur do thinnsgaint sul inntaigthear an 3135  oileamain atā arna caithim a substaint na mball,  p.17 infra 157-83136  ⁊ tair ēs imurcach an chēid-dīleagtha ⁊ an dara dīleagad d'innarbad ōn chorp. 161

Et nī hēidir a chomurthugad do litreachaib crīchnaidthi caindiacht nā cālideacht nā mod an 3140  tshaethuir a follamnugad na slāinti, mur nach ēidir caindiacht na neitheadh eile do-bearar dār corpaibh; ōir is do rēir ēxamlachta an choimplexa ⁊ na haibīci, na haīsi ⁊ an rēgiōin ⁊ na mbrīg as indēnta an saethur.

3145 Et atā drong rig a leas saethur lāidir do dēnam, mur atā, an drong gnāthuigius mōrān bīd do chaithim, ⁊ agā mbī brīg ainmidhi gluaisteach lāidir, ⁊ gā mbīt laserti ⁊ fēithe lāidiri, ⁊ gā mbīt ailt imchubaidi chum an gluasachta, ⁊ ag nach 3150  fuil teas nādūrda cnaīteach nā ro-lāidir, ōir is dōib sin as imchubaid saethur mōr lāidir.

Et nī himchubaid an saethur lāidir don droing atā easbadach a cuid dona cuingillaib sin adubramar: verbi gratia, cōirigim co teastaiginn an cuingill dēiginach dīb sin ⁊ co fuil teas lāidir 3155  cnaīteach acu, gid eadh, atāit na cuingill eile adubramar romainn acu, ⁊ nī rigid a leas an drong sin saethur mōr lāidir do gnāthugad mur rigid a leas an drong adubramar romainn. Agus tuicthear mur sin dona cuingillaib eile. Et mur so dā fadthur 3160  aen-neach ō teastaigid na cuingill sin adubramar ⁊ agā fadthur cuingill chontrārda, .i. neach ithius beacān ⁊ agā mbī brīg ainmidhi mothuigtheach  p.18 infra 158-93161  anfhann ⁊ gā mbīd orgāin anfanna mur an cēdna 3165  ⁊ gā fuil teasaideacht chnaīteach gu lōr, ōir162 is beac an saethur rig a leas an neach sin do dēnum.

Et as ēidir leat a breathnugad trīt na neithibh fuirimeallacha so cad as indēnta dona neithibh inmeadōnacha.

3170 Agus is ro-deacair caindiacht an tshaethuir indēnta do thuicsin, ⁊ mur an cēdna a chāilideacht, lē rēsūn amāin ar ligin an dearbtha thort. Mās ead, bīth ar ndōchus as in dearbad amāin, agā smuaineadh cinnus atā fear an tshaethuir ann 3175  fēin an cēd-lā, ⁊ an dara lā, ⁊ mur sin ō shoin amach, ōir measmaid an nādūir do beith maith an uair atā sī imchubaid chum gabāla gach neith ingabāla; ōir is ī an mēide so ⁊ ar an mod so thsanntaigius an nādūir an saethur, an mēid ⁊ an 3180  mod atā sē imchubaid dī; ⁊ mur an cēdna, tuicthear dona biaduib ⁊ don chodlad ⁊ dona neithibh eile theagmus dār corpaibh trē fhollamnugad na slāinti.

Agus atā sin fīrinneach ar tuicsin maitheasa 3185  na mbēs, ōir fēdaidh an nādūir measurda tochlugad, ar son mailīsi an droch-gnāthuigthe, do leith shubstainti ⁊ cāilideachta ⁊ caindiachta nach  442 fuil imchubaid dī. Ōir atāit drong imchubaid co nādūrda chum tuitme ō beacān an tshaethuir, ⁊ 3190  drong eile thochluigius an saethur nīsa mō nā mur reagar a leas, ⁊ drong eile nīsa luga. Et atāit drong eile 'na lucht leanna finn co nādūrda  p.19 infra 159-603191  ⁊ connaimthear mōrān do leannaibh fuara innta, ⁊ bīt siat ar tēchtad ⁊ dīmaīn ō chonnmāil na 3195 fuaraideachta sin, ⁊ is beac thochluigid siat gluasacht nā saethur do dēnum, gid eadh, bīd siat codaltach ⁊ claenuid chum dīmaīnis co nādūrda; ⁊ nī dligid an drong sin a tochlugad nādūrda do leanmain fā cheann an tshaethuir. Gid eadh, an drong 3200  atā teasaidi co nādūrda co haīcīdeach, ⁊ agā fhuilid orgāin imchubaidi chum gluasachta ō ēdrumacht ⁊ ō ullmacht a mball, ⁊ tochluigid an drong sin an saethur nīsa mō nā mur reagar a leas ⁊ furbaīltigthear ann iat, mās ead, dligid 3205  an drong sin a tochlugad dīleas do leanmain co measurda ag mēdugad an tshaethuir.

Caindiacht an tshaethuir, immorra, fhēdmaid do sgrībad lē litreachaib cinnti is mur so dligmid a tuicsin, .i. an saethur do dēnam co tinnsgna an duine allus do chur de, ⁊ an anāl mēdugad 3210  ⁊ luathugad, ⁊ dath an chuirp do deargad, ⁊ na cuisleanna do reamrugad, ⁊ līnad na mball do laigdiugad gu tinnsgnaid na boill lagad. Agus an uair bus follus so dleagur sgur don tshaethur 3215  ⁊ na boill do choimilt co coitchinn.

Agus dligid an choimilt sin beith co lāidir ⁊ claenad chum gairbi ar dā chūisib: an chēd-chūis dīb ar son co nglantar na himurcacha do cuirid ōn tsaethur faī an croicinn; an dara cūis ar son 3220  co ndaingnigthear an corp ⁊ co n-indarbthar na deathaige atā co hinmeadōnach innus nach  p.20 infra 160-13221  claechluigthi an corp ō na neithibh theagmus co hinmeadōnach inntu. Et dleagur an choimilt so do dēnam a n-aenfheacht ⁊ co luath mās ēidir 3225  é, ōir is cōir an corp uile do choimilt leis na neithibh adburda innus co n-innarbfaidi na himurcacha a ndeathaigib ōn chorp ar aen-shligi.

Et is mur so as imchubaid an choimilt d'ēis an tshaethuir ō na cūisib adubramar romainn, is 3230  mur sin as imchubaid an choimilt roim an saethur, ōir ullmaigid an choimilt na cuirp chum an tsaethuir ⁊ osglaid na pōire co mīn āilginach. Agus is mōr fhurtachtaidius an choimilt roim an saethur don droing lērb āil gnāthugad saethuir mōir.

3235 Moda an tsaethuir, immorra, nī hēigin a n-innisin ann so ar a n-imad; gidh eadh, adēram moda coitchinna an tshaethuir ann so. Mās ead, adeirmid ag labairt do nuimir an tshaethuir co fuil cuid dīb ana saethur amāin ⁊ cuid ana saethur ⁊ ana 3240  n-obair: sompla don chēid-nī dīb so, mur atā, cluithi liathrōidi bigi; sompla don dara nī, mur atā, romur treabad. Tuillead, atā cuid don tshaethur thachmuigius an corp co huilidi ⁊ cuid tachmuigius rann de: sompla don chēid-nī, mur atā, coisideacht 3245  ⁊ a cusmaile; sompla don dara nī, mur atā, an guth ana shaethur don sgamān amāin ⁊ an sgrībneoireacht ana saethur don lāim amāin ⁊ a cusmaile. Et dā ndearna duine an saethur  p.21 infra 161-23246  rannaidhi sin adubramar nī dēin furtacht don 3250  chorp co huilidi acht do rann don chorp amāin.Et an saethur is cūis tslāinti don chorp gu huilidi dligid sē an corp uile do thacmag.

Et dā teagmad co ndingnad duine saethur ar mod eile a n-ēgmuis chluithi liathrōidi, mur 3255  atā, marcaideacht nō coisideacht rāmuideacht,  443 gluaisid a chorp co huilidi ar son co fuilid imurcacha an treas dīleagad dleagur d'innarbad an gach aen-ball don chorp. Et mad coisigeacht bus saethur ann is maith clocha do thōgbāil co minic 3260  annsna lāmuib ⁊ a caithim, ⁊ an ceann do thōgbāil co minic ⁊ fēchain tar t'ais, ⁊ na boill do shīneadh, ⁊ an anāl do chonnmāil, ⁊ musguile na bronn do rigid mēid ēigin; ōir comfhurtachtaigthear an teas nādūrda ō chonnmāil na hanāla, ⁊ osgailtear 3265  na pōire, ⁊ innarbthur na himurcacha trīt na pōirib an tan sin. Agus dleagur musguile an ochta do rigid ⁊ musguile na bronn nīsa luga, ōir innarbthur imurcacha an ochta ⁊ an sgamāin chum na mball oileamnach ōn rigid sin, ⁊ innarbthur 3270  ō na ballaib oileamnacha ainnsēin iat. Et an drong agā mbī sgairt chlēib anfhann nī dligid an anāl do chonnmāil air eagla co n-innarbfaidi imurcacha chuci ōn inchinn, mur is follus annsa droing do-nī saethur mōr ag sēideadh a n-anāla 3275  a poll an stuic ō līntur na cuisleanna ⁊ ō ndeargthur an aigid.

 p.22

infra 162-33276  Tuillead, atā cuid don tshaethur mōr ⁊ cuid beac ⁊ cuid inmeadōnach: sompla don chēid-nī, mur atā, siubal mōr rē haimsir fada; sompla 3280  don dara nī, mur atā, sibal beac rē haimsir girr ; sompla don treas nī .i. sibal measurda. Agus cūisigid an saethur mōr in truaigi, ⁊ an saethur inmeadōnach an reime measurda. An saethur beac, immorru, mēdaigid sē an teas ar mod ēigin.

3285 Tuillead, atā cuid don gluasacht luath ⁊ cuid mall ⁊ cuid inmeadōnach: an chuid atā luath, mur atā, rith lāidir; an chuid atā mall, mur atā, gluasacht mīn; an chuid atā inmeadōnach mur atā, gluasacht inmeadōnach. An gluasacht luath, 3290  immorra, tēigid sē na cuirp ar tūs ⁊ tēchtaid ⁊ cruadaigid ainnsēin. An gluasacht mall, boguid na cuirp ⁊ osglaid na pōire. An gluasacht inmeadōnach, immorra, coimēdaidh sē na cuirp ana nādūir fēin.

3295 Tuillead, atā cuid don tshaethur lāidir ⁊ cuid anfhann ⁊ cuid inmeadōnach. Et adearar an gluasacht lāidir a dā modaibh: an cēd-mod dīb, an uair ceangailtear an gluasacht luath ⁊ an gluasacht lāidir rē chēile, mur atā so, .i. rith 3300  mōr do dēnam a spās fhada ⁊ is ris sin is cōir saethur lāidir do rād . Agus tuicthear an saethur beac ⁊ an saethur measurda as sin. Et is follus as na rāitib sin oibriugad an tsaethuir lāidir ⁊ an tshaethuir inmeadōnaid. An dara mod ara  p.23 infra 163-53301  3305  n-abur saethur lāidir, ō chathugad an neith fhuilingthig a n-aigid an tshaethuir. Agus nī fhuil an saethur sin luath nā mall, mur atā, tōgbāil eirigh trom. Agus nī ceangailtear luas nā moille don tshaethur sin, acht an cathugad do-nī 3310  an nī fuilingtheach a n-aigid an tshaethuir. Et is follus as na rāitib sin cad as saethur anfann inmeadōnach ann ⁊ oibrigthi na saethur sin adubramar.

3. An treas c ai b idil : Don c h oimilt

Fricacio iuuamentum habet in superfluitatem 3315  tersie digestionis expellendo, .i. atā tarba ag an coimilt d'innarbad imurcach an treas dīleagad, ⁊ mur an cēdna a calmugad teasa na mball ⁊ chum mōrāin do neithibh eile; ar an adbur sin as intinnsganta don choimelt annsa chaibidil so do 3320  lāthair, ⁊ dob āil linn sin do choimlīnad co hathchumair innti. Et ar tūs laibeōrmaid do tharba na coimilta; et laibeōrmaid an dara huair d'aimsir ⁊ do mod na coimelta, ⁊ an treas uair dā modaibh ⁊  444dā gnēithib generālta.

3325 Ar an adbur sin bīth a fhis agad gurab ī is tarba choitchinn don choimelt ⁊ don tshaethur imurcacha an treas dīleagtha d'innarbad. Ar an adbur sin nī  p.24 infra 165 3326  hinmainneachtnaigthi an choimelt don droing leis nach ēidir saethur do dēnum, agā mbīt cuirp 3330  anfanna easlāna, id boill speitsialta ēigin anfhanna, braigdinus; ōir osgailtear na pōire ⁊ sēimigthear an t-adbur ōn choimilt ⁊ calmuigthear teas an boill ⁊ innarbthur a imurcacha gan saethur mōr; ⁊ do rēir chonsiquens is 3335  fuirfidi oiltear na boill sin ⁊ co hāirithi boill an treas dīleagtha, ōir is ō ballaib an treas dīleagtha thinnsgnus an tochlugad nādūrda.

Tuillead: bīth a fhis agad co reamraigthear na boill tearca ōn choimeilt, ⁊ co tanuidthear na 3340  boill reamra, ⁊ co mbogthar na boill chruaidi, ⁊ co cruaidigthear na boill boga, ⁊ co coimēdtur na boill measurda ana suigiugad nādūrda fēin uaithi. Et as imchubaid do na corpaibh tearca an choimeilt, ⁊ nī har son innarbtha na n-imurcach amāin nā 3345  ar son na neitheadh adubramar romainn, acht dā reamrugad mēid ēigin, ⁊ dā mbeith neam-fhuilingtheach do na neithibh teagmuiseacha bud cusmail do dēnam urchōidi dhīthi. Et tuicthear an mod so do na corpaibh reamra ⁊ cruaidi 3350  ⁊ boga.

Tuillead, tarba eile do-nī an choimeilt: ōir innarbaid sī an chorthacht ō na ballaib, ar an adbur sin as nī do-nī cumsanad an choimeilt; et atā an choimelt so ēigintach a ndiaid an tshaethuir 3355  ainmeasurda chūisigius an chorthacht.

 p.25

infra 1663356  Tuillead: furtachtaigid an choimelt a n-aimsir an chodalta ar son co n-ēdromaiginn sī na cuirp; ⁊ toirmiscid sī rith na leannann chum na n-alt. Agus is mōr dligmid an choimelt lāidir garb do 3360  sheachna do chorpaibh na macām, ōir toirmiscid sī an fās. Et as ī sin tarba choitchinn na coimelta.

Aimsear na coimelta, immorra, inann hī ⁊ aimsear an tshaethair. Agus as inann fad dligius aimsear na coimelta lē n-innarbthur na himurcacha ⁊ 3365  dligius aimsear an tshaethair lē n-innarbthur; na himurcacha. Et nī labruim don choimeilt do-nīthear roim an saethar nā 'na diaid, acht don choimelt choimlīnus brīg an tshaethuir. Et is inchomurthaig co deithideach gurab do rēir ēxamlacht 3370  an choimplexa ⁊ na haibīce ⁊ na neitheadh nādūrda ⁊ nach nādūrda ēxamailtear gnāthugad na coimelta ⁊ a fad ⁊ a mod, mur adubramar romainn don tshaethur.

Et bīth a fhis agad co fuilid gnēithe aenda 3375  ar an coimeilt ⁊ a naī comshuigigthi. Agus atāit; a trī aenda dīb sin do rēir chaindiachta, mur atā, coimelt mōr ⁊ beac ⁊ inmeadōnach, ⁊ a trī aenda do rēir chāilideachta, mur atā, coimelt garb ⁊ mīn ⁊ inmeadōnach: as ēidir coimelt lāidir 3380  anfann meadōnach do rād rū so. An choimelt imurcach, immorra, as cūis do thruaigi an chuirp hī; ⁊ mēdaigid an choimelt measurda an fheōil; et nī fhuil oibriugad ag an coimelt big chum an  p.26 infra 166-73381  mēdaigthi, acht tēigid mēid ēigin. Et as ē as 3385  oibriugad don choimelt lāidir gairb na pōire do dūnad ⁊ na boill do chruadugad; dā rēir sin as ē oibriugad na coimelta anfainne ⁊ mīne, na pōire d'oslugad ⁊ an corp do bogad; an choimelt inmeadōnach, immorra, is oibriugad inmeadōnach 3390  aturra so do-nī sī.

Et is as na gnēithib aenda sin teaguid na gnēithe comshuigigthi adubramar. Ōir is ēidir an choimelt imda do chomshuigiugad ris an coimelt lāidir ⁊ ēgruaid ⁊ inmeadōnaid; ⁊ mar an cēdna comshuigigthear 3395  an choimelt tearc risin coimelt lāidir ⁊ ēgruaid ⁊ inmeadōnaid; ⁊ as mur an cēdna comshuigigthear an choimelt measurda, idir beith imda ⁊ tearc, risin coimelt lāidir ⁊ anfhainn ⁊ inmeadōnaid idir an coimilt lāidir ⁊ 3400  ēgruaid. Et fēdtur oibrigthi na ngnēitheadh comshuigigthi sin do thuicsin ō na gnēithibh aenda adubramar romainn; innus gurab amlaid sin crīchnuigthear gnēithe na coimelta ⁊ na cuirp darab imchubaid iat; is mur an cēdna don 3405  tsaethur.

4. An ceathramad c ai b idil : Don fhot h ragad

 445 Post consideracionem exerccicii163 ⁊ fricacionis sequitur consideracio balnei ⁊ cetera .i. ar ndēnum  p.27 infra 167-83406  consideracio don tshaethur ⁊ don choimelt do-nīthear consideracio164 ann so don fhothragad, ar 3410  son co nglanann an fothragad na boill fhuirimeallacha ōn tshalchur do fāgad orra ōn tshaethur. Tuillead: nī hē gach aen-nī do fāgad faī an croicinn dīsgaīltear cnaītear ōn tshaethur ⁊ ōn choimeilt co huilidi; mās ead, reagar a leas an fothragad 3415  d'innarbad na neitheadh atā a fhogus don chroicinn. Tuillead: an drong leis nach ēidir saethur do dēnam ar son ēgruais a mball ar son cūise ēigin eile, coimlīnaidh an fothragad oibrigthi an tsaethuir an tan sin. Tuillead: 3420 tēigid an fothragad na boill imeallacha ⁊ fliuchaid co measurda na neithe do tirmuigid ⁊ do fuarad ōn tshaethur ⁊ ōn choimeilt lāidir. Ar an adbur sin is rēsūnta labairt don fhothragad tair ēs an tsaethuir ⁊ na coimelta.

3425 Et atāit tarbachta eile ag an fothragad, mar atā, an codlad do thogairm, ⁊ dūinti na pōiread d'oslugad, ⁊ dath maith do thabairt ar an croicinn, ⁊ na leanna ⁊ na hadbair atā faī an croicinn do dīsgaīlead, ⁊ an gaethmuireacht do chnaī, ⁊ an 3430  teinneas do mīniugad, ⁊ an brū do chumgugad, ⁊ an chorthacht d'innarbad.

Tuillead: tēigid an fothragad co gnāthach, ⁊ fuaraid co gnāthach, ⁊ fliuchaid ⁊ tirmuigid mur an cēdna. Ōir an uair theagmus ar tūs do na 3435  ballaib tēigid iat, mur do-nī teas gnīmach an  p.28 infra 168-93436  aēir. Agus dīleagaid na leanna fuara a' comfhurtacht an teasa. Et fuaraid ac dīsgaīlead an teasa nādūrda co hanimchubaid ⁊ na spirad trē fhuaraideacht esida an uisgi; acht gē atā an 3440  t-uisgi te co haicīdeach co gnīmach atā fuar co nādūrda; ⁊ an uair connaimthear co fada na cuirp ann fuaraid iat. Agus fliuchaid an fothragad na cuirp ar son a fhlichi; et tirmuigid mur an cēdna ag tarrang na hoileamna chum 3445  na mball ⁊ agā dīsgaīlead uatha ⁊ ag osgailt na pōiread, ōir innarbthar an teas ⁊ an fhlichideacht a ndeathaigib ōn oibriugad sin.

Tuillead: bīth a fhis agad an uair do-bearar an fothragad co hainimchubaid annsan inad nach 3450  reagur a leas co ndēin mōrān d'urchōidib; ōir, an uair do-nī neach comnuidhi fada ann, anfhainnigid an craidi ⁊ togairmid urlagad ⁊ singcoipis, ⁊ gluaisid na leanna atā a cumsanad ⁊ ullmuigid iat chum morgaid, ⁊ gluaisid iat chum tuitme 3455  chum na mball anfhann chūisigius neascōid do geineamain a ndoimne a fuirimeall na mball. Agus sgrisaid sē āilgeas an chaithme, ⁊ anfhainnigid sē brīg na coimriachtana. Ar an adbur sin fēdmaid a chonclūidiugad nach dligid an drong 3460  gā mbīd cuirp līnta nāid gaileada nāid ailt ēgruaidi fothragad do dēnam; ⁊ mur an cēdna don droing agā mbīt craidi ⁊ fēithe ēgruaidi; ⁊ co hāirithi nī dligid siat fuireach fada do dēnam ann.

 p.29

165 Tuillead: bīth a fhis agad nach gnāthuigmid 3465  fothragad a coimēd na slāinti acht do glanad an chroicinn amāin. Agus dligid an fothragad beith measurda a teas an tan sin ⁊ comnuide gearr do dēnam ann. Agus is ar cēd-longad as imchubaid an fothragad an tan sin, ⁊ tar ēs thsaethuir ⁊ 3470  coimelta.

Et as ē as cūis don fhothragad co minic imurcacha na corp nach fēdann an saethur do dēnum d'innarbad. Agus dligid sē beith dīsgaīlteach nīsa mō an tan sin d'oslugad na pōiread ⁊ d'innarbad na 3475 n-imurcach ⁊ do shēimiugad an chroicinn. Agus dligid beith te nīsa mō ⁊ fuireach fada do  446dēnam ann co lagaid sūile na mēiread166 co tinnsgna an corp allus do chur de.

Tuillead: do-bearar an fothragad do reamrugad 3480  na corp. Agus nī dleagur fuireach risin dīleagad do beith coimlīnta an tan sin; acht an tan bus follus an gaile do beith arna ēdromugad, dleagur dul annsa fothragad an tan sin ⁊ gan fuireach fada do dēnam ann, ōir is gearr an aimsear reagar 3485  a leas beith annsa fothragad chum na corp do reamrugad a n-aithfhēgad an chomnuidhi dleagur do dēnam ann dā thruagugad. Et an drong lērb āil a reamrugad, an uair thinnsgnaid deargad do dēnam, fāgaid an fothragad, ⁊ crotar uisgi fuar 3490  ar a corpaibh co huilidi, ⁊ ongthar a mboill lē holaid ēigin dūnus na pōire ⁊ chonnmus an  p.30 fhlichideacht. Et nā togairmthear an t-allus a ndiaid an fhothraigthe; ⁊ caitear biad gu grod ana diaid, .i. biad as urusa do dīleagad ⁊ oilius 3495  gu mōr ⁊ leanus co maith.

Et an uair bus āil leat an corp do thruagugad, dēntur fothragad co gnāthach dō; ⁊ as ē an fothragad tirim maille beacān uisgi as imchubaidi dōib sin; ⁊ dligid an fothragad sin beith te 3500  ⁊ fuireach fada do dēnam ann co faicthear sūile nā mēr ag lagad. Agus ar fhāgbāil an fhothraigthe dōib nī dligid siat uisgi fuar nā ola do gnāthugad. Agus dligid allus do chur dīb d'ēis an fhothraigthe, ⁊ dligid aipstinens fada do 3505  dēnam ⁊ biada tirma oilius co beac do chaithim.

Et nā hibeadh uisgi fuar nā aen-nī eile atā fuar co gnīmach d'ēis an fhothraigthe, ōir is cūis d'idroipis sin.

Et nī dligid na daīne slāna co coitchinn fothragad 3510  uisgi fhuair do dēnam acht muna beid coimplexa ro-theasaidi acu ⁊ fēithe lāidiri ⁊ ailt maithi; gid eadh, nā dēnuid an drong sin comnuide fada ann.

Et adeirim co fēdann duine ōg fothragad uisgi 3515  do dēnam beas fuar co measurda, ⁊ co hāirithi dā mbia coimplex teasaidi aigi ⁊ corp feōlmur ⁊ regimen maith ⁊ aimsear theasaidi ⁊ uair the, ⁊ a dēnam tair ēs meadōin laī. Agus is ann dleagur an fothragad sin do gnāthugad, tair ēs fhothraigthe  p.31 infra 171-23516  3520 uisgi the innus co calmōchaide a mboill ⁊ co timairgid a teas co hinmeadōnach; ⁊ nī hindēnta comnuide fada in tan sin ann lē ngēbad an corp aduathmuireacht. 167 Tuillead; bīth a fhis agad co ndliginn gach 3525  aen-duine d'ēis fhothraigthe a cheann do chlūdad ⁊ an corp uile, ⁊ co hāirithi annsa geimread, innus nach ullmuigthi an corp do gabāil an fhuachta, ōir atā ullam chugi ar son mur do hosglad na pōire ōn fhothragad.

3530 Tuillead: bīth a fhis agad co fuil cunntabairt ar droing do na daīnib fā dol a fothragad ar cēd-longad ar son co mēduidthear ⁊ co ngeintear linn ruad ana corpaibh; ⁊ dligid an drong sin greim arāin arna thuma a sūg na n-uball ngrāineach 3535  a fīn uisgeamail do chaithim roime. Et atāit drong eile ana ngeintear dūinti ō dul a fothragad ⁊ co hāirithi an drong caithius biad co grod roime; ⁊ as imchubaid oximel sirōip aigēidigthi dōib.

3540 Et bīth a fhis agad gurab imchubaid na colpada d'innlad a coimēd na slāinti, ⁊ co hāirithi a coimēd na sūl ⁊ na cluas. Et dleagur a n-innlad a coimilt lē huisgi atā te co measurda. Et dligid an t-innlad sin beith annsan oidchi rē ndul 3545  annsa leabaid ⁊ a fad ōn biad; ⁊ co hāirithi as imchubaid an fothragad sin don droing nach dēin suipēr.

Tuillead: nā mainneachtnaidthear an ceann  p.32 infra 172-43546  d'fholcad ⁊ co hāirithi leath-astig don cheathramad 3550  lā dēg; ⁊ nā dēntur ē ⁊ an gaile lān, ach dēntur ē roim an cuid a fad ana diaid.

Et is lōr linn don fhothragad an mēid beanus sē rē coimēd na slāinti. Fothraicthi na mitall, immorra, nī himchubaid iat ar aen-mod a coimēd 3555  na slāinti; gid eadh, is maith iat do leigeas mōrāin d'easlāintib. Et nī thabramaid dār n-ūid leigeas na heaslāinti ann so, ar an adbur sin nī dēnmaid mencion do na fothraicthib fhodnus dōib.

5. An cūigead c ai b idil : Don c h oimriachtain

 447 Coitus secundum ueritatem iuuamentum habet in 3560  expulcione superfluitatum .i. atā furtacht ag an coimriachtain co fīrinneach ag innarbad na n-imurcach, ⁊ co hāirithi imurcacha an treas dīleagtha. Et adearar nach cūisiginn ēigintus an choimriachtain co fīrinneach, mur do-nī an saethur 3565  ⁊ an choimilt ⁊ a cusmaile, ōir atāit so ēigintach an gach aen-aīs. Agus is ēidir leis na macāmuib beith beō gan coimriachtain do gnāthugad, mur as follus co mbīd drong slān beo gan coimriachtain do dēnam fead a n-aimsiri; gid eadh, gan cunntabairt,  p.33 infra 174-53566  3570 as slāinidi iat coimriachtain do gnāthugad, ach gu mbī sī co measurda. Ōir an imurcaid bīs ag an oileamain, do rēir chainndiachta ⁊ nī do rēir chāilideachta, an uair thuitius sī a soithigib na geineamna, as rē adearar sperma.; ⁊ innarbthur 3575 sin leis in coimriachtain, ōir nī fhuil sligi as imchubaidi nā sin aici; ar an adbur sin is mōr an guasacht gan an sīl sin d'innarbad lē coimriachtain, ōir morgthur ⁊ truailltear é, ⁊ inntaigthear a neim as cusmail ris fēin é, ⁊ cūisigid 3580 droch-easlāinti.

Et innarbthur imurcacha an treas díleagtha lē saethur ⁊ lē fothragad ⁊ lē coimeilt, an uair pheacuigid siat a cāilideacht ⁊ a caindiacht. Ōir as ead as sperma ann imurcaid an treas dīleagad 3585 nach peacaidinn a cāilideacht, atā arna hordugad do choimēd na gnee; ⁊ is ōn choimriachtain coimlīntur an coimēd sin annsna hainmintib fuirbthi, ōir nī fhuil aen-shligi as mō atā imchubaid d'innarbad na himurcaidi sin nā an choimriachtain, 3590  et co hāirithi an uair thuitius an sperma a soithigib an tshīlne. Et is mur sin is follus do beith 'na furtacht mōr a coimēd na slāinti.

Et atāit tarbachta eile do-nī an choimriachtain: ōir ēdromaigid sī na cuirp līnta, ⁊ do-nī an t-anam 3595  subach faīlid, ⁊ mīnigid an fhearg, ⁊ innarbaid na smuaintigthi, ⁊ mēdaigid an tochlugad, ⁊ togairmid in codlad.

 p.34

infra 175-63596  Tuillead: dā cūisigthear dobrōn ō grād mnā ar neach in mēide sin gurab beac nach fadann bās, 3600  gnāthuigeadh sē mōrān coimriachtana, ginco fadann sē an bean dā fhuil a grād, ⁊ mīneōchaid cuthach a grāda.

Tuillead, ēdromaigid an choimriachtain measurda an ceann ⁊ an chial . Et nī headh amāin a coimēd 3605  na slāinti, acht as imchubaid ī a leigeas mōrāin d'easlāintib mur is follus annsa phraitic. Et na daīne gnāthuigius coimriachtain ⁊ sheachnus ainnsēin ī, cūisigthear tromdacht ⁊ fuaraideacht ana corpaibh ⁊ docomlacht gluaisti. Et teagmaid 3610  ō uireasbaid na coimriachtana ⁊ ō imdugad an sperma, ⁊ ōna inntōg a ndāsacht ⁊ a fuacht uair eile, co n-inntaigthear a neim é, innus co curthar droch-deathaige neimneacha chum an chraidi ⁊ chum na hinchinne, mur theagmus 3615  annsna mnāib ō chumgugad matrix.

Et mur do-nī an choimriachtain measurda mōrān tarba don droing darab imchubaid ī, is mur sin do-nī an choimriachtain ainmeasurda urchōid don droing darab animchubaid ī; ōir 3620  is mō anfainnigius sī nā do-nī ēn-fholmugad eile, ⁊ truaillid an tochlugad, ⁊ cabānaigid na sūile, ⁊ anfhainnigid an inchinn ⁊ na cēdfada ana suigiugad. Et dligid an drong gā mbīd cuirp anfanna coimriachtain do sheachna, mur do  p.35 infra 176-73621  3625  sheachōndais easgara marbthach, ōir an drong gnāthuigius ī cūisigid eitic inntu.

Tuillead: dligid na daīne anfanna truaga, ⁊ an drong gā mbīd fēithe anfanna ⁊ cuisleanna cumga, coimriachtain do sheachna gu mōr; ōir gortaigid an 3630  choimriachtain mōr minic na fēithe, ⁊ urcidigid dona sūilib, ⁊ truaillid brīga an chuirp co huilidi, ⁊ treōraigid a n-arsaideacht ar an adbur sin is beac as imchubaid ī dona sean-daīnibh.

Et atāit na daīne agā fuilid cuirp reamra lāidiri 3635  lān d'fhuil, ⁊ gā fuilid cuisleanna fairsingi, ⁊ ar a  448 fuil dath dearg ⁊ mōrān finnfaid, ullam chum na coimriachtana, ⁊ co hāirithi a ndeireadh na haīsi macānta, ⁊ an drong gnāthuigius oileamna mēduigius an sperma, ⁊ ibius fīn milis, ⁊ chodlus 3640 mōrān.

Et as intuicthi co deithideach an choimriachtain as imchubaid a coimēd na slāinti co ndliginn beith ō thoil nādūrda shlāin nach dūisgthear ō radurc nā ō glacad nā ō īmāigiugad lāidir, acht 3645  dligid sī beith ō imdugad an sperma ⁊ ō līnad maille gaethmuireacht.

Et dligid neach coimriachtain do gnāthugad an feadh beas tochlugad lāidir aigi, ⁊ aireōchus sē 168 ē fēin ēdrom lūthgāireach . Agus nī dliginn 3650 neach gā mbia corp lān do biad a gnāthugad.

 p.36

infra 177-83651  Et nīdleagur a dēnamh tair ēs bīd gan inmeadōn, mur nach dleagur saethur do dēnam. Agus nī himchubaid do na corpaibh ara mbī gorta mōr ī, ōir sgrisaid an choimriachtain sin an teas nādūrda, ⁊ 3655  togairmid an eitic.

Et as ī uair imchubaid na coimriachtana ar coimlīnad an chēid-dīleagtha, ⁊ an dara dīleagtha, ⁊ ar tinnsgaint an treas dīleagad. Agus dleagur an choimriachtain do dēnum roim an saethur ⁊ 3660  roim an coimeilt. Et dā mbeith aen-neach ar an suigiugad so a tosach na hoidchi do bud ī uair imchubaid na coimriachtana ī; ōir bīth an codlad fada ana diaid an tan sin, ⁊ fāsaid an brīg, ⁊ inorduigthear an sperma a matrix, ⁊ gabthur an 3665  toirrcheas co hurusa an tan sin, ⁊ is beac anfainnigthear na cuirp ōn choimriachtain sin.

Tuillead: an drong darab imchubaid an choimriachtain nī dligid siat beith arna tēgad nā arna fuarad co dāsachtach, acht gē luga urchōidigius 3670  sī d'ēis an teasa nā tar ēis an fhuachta.

Tuillead: dleagur an choimriachtain do sheachna tar ēs na folmuigthid lāidir, mur atā, sgeathrach ⁊ flux bronn ⁊ cuisle ⁊ saethur lāidir corparda. Et mur an cēdna dleagur a seachna dēis fheirgi 3675  mōire ⁊ dobrōin ⁊ gairdeachuis mōir ⁊ co hāirithi a n-aimsir na n-imurcach d'innarbad.

Tuillead: dligid na mnā torrcha bīs amuirseach ar toirrcheas marb an choimriachtain do sheachna. Tuillead: nī dleagur ar aen-mod an sperma do  p.37 infra 178-9 3680 chonnmāil a n-aimsir na coimriachtana, ōir treōraigid sin cumgach a n-uirgi . Et an drong gā mbī gairdeachus mōr ag dēnam na coimriachtana is mōr anfhainnigthear iat; ar an adbur sin an drong is mō gairdeachus is iat is mō anfainnigthear 3685 innti.

6. An s eisead c ai b aidil : Dona neith ib h itear ⁊ ibt h ear co generālta

Ordo naturalis est ut post predicta ⁊ cetera .i. is ord nādūrda labairt dona neithibh itear ⁊ ibthear a ndiaid na neithead adubramar romainn; ōir atā an biad ⁊ an deoch ēigintach d'ēis an 3690  tshaethuir ⁊ an fhothraicthi ⁊ na coimriachtana. Labrum ar tūs don biad ⁊ don dig co generālta. Et laibeōrmaid an dara huair co speitsialta d'adburaib na mbiad innus co mbeith ar foirceadal co tarbach ⁊ co lōr.

3695 Tair ēis an fhothraicthi ⁊ an tsaethuir do do dēnam dleagur an biad do thabhairt, ōir atāit na cuirp folam an tan sin. Agus is don fholmaideacht sin gairius Ipocrāid an gorta; ⁊ a mbēl an gaile crīchnuigthear ī, gid eadh, is ō na ballaib eile 3700 thinnsgnus. Et as ī an gorta so as fear garma  p.38 infra 179-803701  deimin d'fhoillsiugad ēigintuis in chaithme d'ēis in tochluigthi sin; mās ead, nī dleagur an biad do mainneachtnugad ar son co līntur an gaile do droch-leannaib ōn gorta d'fhulang; ōir tairrngid 3705  an gaile ō na ballaib is foicsi dō an nī as fearr ⁊  449is tarbaige acu, ar an adbur sin do-chīam co follus, an drong ara mbī gorta, mōrān uisgeamlachta gā innarbad tar a mbēlaib acu, ⁊ tēit a tochlugad co luath dīb ar son an repletioin do 3710  cūisigead ana ngailidib. Ar an adbur sin dā ndeacha a thochlugad do neach nī hinchaiti biad in tan sin ach iulep sirōip aigēidigthi uisgi te, ⁊ as indēnta trēigeanus an tan sin co cnaītear ar tairrngid chum an gaile ⁊ co ndūisgthear 3715  an tochlugad, ⁊ bud follus gurab tar a ēs sin as inchaithme an biad.

Et as intseachanta gu mōr gan an gaili do līnad don biad, agā rigid ⁊ agā chur a truime mōir, ⁊ ac cur na hanāla a cumga ⁊ an puls a luas. Agus 3720  as intseachanta mur an cēdna līnad urlaictheach do-nī fasdidium mōr, ⁊ co hāirithi do droch-biadaibh; ōir cūisigthear teinneas alt ō na droch- biadaibh reamra, ō ndēntur fastidium ⁊ teinneas dubān ⁊ disuria ⁊ reime annsna haeib ⁊ annsa 3725  tsheilg ⁊ easlāinti fleumaticacha co huilidi. Et dā tī fastidium ō droch-oileamain tshēim, teacaid droch-easlāinti gēra an tan sin ⁊ neascōidi gēra; ar an adbur sin as intseachanta gu mōr an repletion.

Nā hitear biad an mēide so innus nach bia cuid  p.39 infra 180-13726  3730  fholam don gaile, ōir nī dleagur an tochlugad uile do chlaī; et as inchoimēda so co hāirithi annsna daīnibh agā mbī tochlugad lāidir. Et atāit drong agā mbī tochlugad sochlaīti co nādūrda; ⁊ dligid so nīsa mō do chaithim nā mur thochluigid. Agus 3735  is mōr as inlicthi a leith an dearbtha an tan sin ac tuicsin caindiachta an bīd bus ēidir lē neach do dīleagad rē mōrān do laeithib; ōir in chaindiacht as intuctha do na biadaibh nī hēidir a comurthugad lē litreachaib. Et dā mbia līnad urlaigtheach 3740 ar neach sgeithid a cedōir. Agus muna tualaing ē sgeathrach do dēnum, dligid saethur ⁊ codlad do dēnam, ⁊ neithe lagus an brū do chaithim, ⁊ beacān do chaithim an lā 'na diaid.

Tuillead: dligmid a thuicsin nach bia in tochlugad 3745  mailīseach, ōir nī dearbad dīleas ar an mbiad do chaithim an tochlugad mailīseach; mās ead, rithim chum comurthad eile, mur atā, folmaideacht do mothugad annsa ghaili, ⁊ imurcacha an bīd do caithead roime sin d'innarbad, ⁊ an fual do beith 3750  dīleagtha; ⁊ an uair bus follus sin as aimsear do chaithim an bīd, ginco bia in tochlugad ar marthain, ⁊ co speitsialta, mā tāinic an uair anar gnāthuig sē biad do chaithim, ⁊ gan seachrān do beith annsa chēid-biad nā a n-aen-nī do thoirmeōsgad dīleagad 3755  an chēid-bīd.

Et dleagur a thabairt d'āig co deithideach co fuil drong do na daīnibh rig a leas mōrān bīd  p.40 infra 181-23756  do chaithim, ⁊ drong eile beacān ⁊ drong eile co hinmeadōnach. Ōir an drong agā fuil teas lāidir 3760  ⁊ cuirp mōra ⁊ do-nī saethur mōr is mōr do biad rigid a leas; ⁊ a chontrārda sin don droing agā mbī brīg anfann ⁊ do-nī saethur beac. Et an drong atā inmeadōnach aturra so rigid a leas biad inmeadōnach do chaithim. Agus as ē so thuicmid 3765  do rēir rēsūin do chaindiacht an bīd; gid eadh, nī dligmid an dearbad do mainneachtnugad.

Et mur thuicmid do chaindiacht big mōir an bīd ana mod fēin tuicthear an cēdna don biad reamur ⁊ don bhiad shēim; ōir an drong gā fhuil 3770  teas lāidir ⁊ boill chruaidi ⁊ brīga oileamnacha  450 lāidiri ⁊ thshaethraigius co mōr, reagaid a leas diet reamur do chaithim, mur atā, feōil daim ⁊ muici ⁊ lachon ⁊ a cusmaili. Et a chontrārda so don droing agā mbīt cuirp boga fhliucha thearca ⁊ gā 3775 mbī teas anfhann, ōir is diet sēim rigid a leas, mur atāit, uigi boga ⁊ eanbruithi feōla.

Tuillead: adeirim co fuil drong rig a leas biad gā fuil oileamain mōr do chaithim, ⁊ drong rig a leas biad gā fuil oileamain beac, ⁊ drong rig a 3780  leas biad gā fuil oileamain meadōnach. Ōir na daīne truaga agā fuil teas dīsgaīlteach gu mōr, ⁊ thsaethraigius gu mōr, rigid a leas biada oilius gu mōr, mur atāit, uigi boga, ⁊ feōil mairt ⁊ muice, ⁊ eanbruithi feōla ⁊ fīn milis. Agus a chontrārda 3785  sin do na daīnibh atā lān do mēthrad ⁊ do linn fhinn, ⁊ gā fuilid cuirp fhliucha boga, ⁊ nach  p.41 infra 182-43786  saethraiginn mōrān, ⁊ gā fuil teas mael, as biad gā fuil oileamain beac rigid a leas.

Ar an adbur sin dā ngnāthuige neach do biadaibh 3790  oilius co holc, ginco dēin sē dīth ar tūs ar son an gnāthuigthe ar son lāidireacht na brīge dīleagthaigi, gid eadh, cūisigid mōrān d'easlāintib fā deōid. Gid eadh, fēdaidh drong droch-biad do chaithim a mēid ēigin ar son a gnāthuigthe ⁊ ar 3795 son shuigigthi ēigin nādūrda agā fuil cusmailius ris. Ar an adbur sin gibē neach gnāthuigius droch-biad do chaithim nī dliginn a gnāthugad do chlaechlōd gu hobann acht tar ēis a chēile; ⁊ dā teagmad nā bud ēidir leis an gnāthugad do 3800  chlaechlōd ar son cūise ēigin speitsialta, is maith beith deithideach an tan sin d'fholmugad an leanna geintear ōn droch-biad, ōir do remchoimēdfaidi an tshlāinti uada sin. Et dā teagmad mēid ēigin mailīsi annsa biad gnāthuigtheach, nā claechluigthear 3805  ē, ōir ceartaigid an nādūir ⁊ an dīleagad lāidir an mailīs beac. Gid eadh, dā mbia in mailīs inchomurthaig is maille docomal ceartaigthear ōn nādūir hī.

Tuillead: as intuicthi cāilideacht gnīmach3810  brīgach na mbiad. An chāilideacht gnīmach, immorra, .i. co ndleagur na biada caitear do beith te co gnīmach annsa geimread ⁊ fuar annsa tshamrad, ⁊ biada inmeadōnacha annsna haimsearaib inmeadōnacha; ⁊ mur an cēdna don chāilideacht 3815  brīgaid, ōir dleagur neithe teasaidi do rēir brīge  p.42 infra 184-53816  do chaithim annsa geimrid, ⁊ neithe fuara annsa tshamrad, ⁊ neithe inmeadōnacha annsna haimsearaib inmeadōnacha, ⁊ neithe measurda annsna haimsearaib measurda.

3820 Tuillead: an drong thuitius a teasaideacht rigid a leas biada fuara d'fhagbāil; ⁊ is mur sin tuicthear do na cāilib eile.

Tuillead: adeirim gurab intseachanta na neithe as cūis do thruailliugad an dīleagtha, mur 3825  atā, slugad na codach ⁊ a droch-cogaint, ⁊ imad na cūrsad, mur atā, mōrān do biaduib ⁊ do deochaib ēxamla do chaithim ar aen-bord, ⁊ mōrān ribōideachta ⁊ droch-ord na mbiad, mur atāit, biada reamra do chaithim roim an mbiad sēim; 3830  ōir truailltear an dīleagad uaid so; ōir dīleagthur an biad sēim roim an mbiad reamur, ⁊ anaid nīsa shia nā an chōir annsa ghaili trē gan sligi aigi as, ⁊ truailltear mur sin é, ⁊ truaillid sin an biad nār dīleagad annsa ghaili. Ar an adbur sin as rēsūnda 3835  na biada sēime do chaithim ar tūs ⁊ na biada reamra ainnsēin; ōir dā ndīleagthur iad roim na biadaibh reamra fāgbuid an gaili, ⁊ anuid na biada reamra annsa ghaile gu ndīleagthur iat co fuirbthi; ōir an tshligi atā follus don nī shēim 3840  nī fhuil sī follus don nī reamur.

Et as intuicthi dā sanntaidi neach beacān do biad reamur do chaithim ⁊ līnad mōr do biad shēim, as ī mu dōich an tan sin gurab rēsūnta an  p.43 infra 185-63841  biad reamur do chaithim roim an mbiad sēim; 3845  ōir an uair caitear na biada reamra a caindiacht  451bic, is com-luath fētur a ndīleagad ⁊ an diet sēim a caindiacht mōir. Ar an adbur sin, annsa chās so, nī hainimchubaid na biada reamra do chaithim roim an mbiad sēim.

3850 Tuillead: tabair dot ūigh nach bia an biad caitear ar tūs sleamain, ōir tar ēis dīleagtha an bīd so tairrngid leis an biad eile gan dīleagad ana choimideacht.

Tuillead: is mōr is tuctha d'aire gan tortha 3855  stipeacda do chaithim a tosach na coda, mur atāit, orāitsi ⁊ pēireadha ⁊ mespila, ōir toirmisgid so an biad d'fhāgbāil an ghaili. Gid eadh, as imchubaid iat a tosach na coda don droing ara mbī flux bronn co gnāthach. Gid eadh, is do 3860  choimēd na slāinti labramaid annso.

Item, is coimēd coitchinn gan gnāthugad dona praiseachaib nā dona torthaib acht a mēid bic ; ōir geinid siat fuil uisgeamail deathmur atā ullam chum morgaid. Et dā teagmad tortha do gnāthugad a coimēd na slāinti caitear na tortha 3865  stipeacda a ndiaid na mbiad eile, mur atāit, orāitsi ⁊ pēireadha ⁊ castania, ⁊ na tortha laccthacha roim an cuid, mur atāit, āirneada ⁊ fīgeadha ⁊ seirīne ⁊ a cusmaile. Agus nī hinchaiti na biada eile dā n-ēis so gan inmeadōn, acht spās beac do 3870  beith aturra, ⁊ deoch lagus an brū d'ōl, mur  p.44 infra 186-73871  atā, mellicratum fīn milis eanbruithi mēith. Et as imchubaid gu mōr na tortha sin don droing mothuigius ainnteas ana ngailidib ar son droch-coimplexa, 3875  ar son thshaethuir, nō fothraigthi, ar son easlāinti ēigin. Agus ligfimid torainn labairt dona torthaib, ōir laibērmaid dīb don taeb thīs dīn.

Tuillead: bīth a fhis agad nach imchubaid gu 3880  mōr blasa ēxamla, toltanacha a coimēd na slāinti ar eagla co caithfid nīsa mó nā mur do ricfead a leas dīb.

Ar an adbur sin as imchubaidi na blasa mianamla dona daīnibh easlāna nā dona daīnibh 3885  slāna.

Tuillead: bīth a fhis agad nach imchubaid leigeas a coimēd na slāinti acht chum rēmchoimēda na slāinti; ōir mur as ē as dīleas don biad an tshlāinti do choimēd, as é as dīleas don leigeas 3890  an corp do chlaechlōd. Mās ead, nā gnāthuigeadh fear coimēda na slāinti aen-nī a mbīa nādūir leigis acht chum rēmchoimēda amāin.

Tuillead: bīth uair an chaithme fuar, ⁊ munab ēidir a beith fuar bīth an t-inad fuar. Agus bīd 3895  uaire an chaithme mur so innus comad ēidir lē neach cumsanad do dēnam; ōir nī co hobann dleagur an saethur do dēnam a ndiaid in chaithme acht d'ēis chomnuide, ⁊ siubal mīn ainnsēin  p.45 infra 187-83896  innus co tuitid an biad ō bēl an ghaili chum a 3900  īchtair mur a ndēntar an dīleagad fuirfe.

Tuillead: as dona neithib fhurtachtaidius an dīleagad ar tūs beacān codalta do dēnam ar an taeb ndeas, innus comad feirrdi do thuitfid an biad a n-īchtar an ghaili, ⁊ codlad aimsear fhada 3905  ana diaid sin ar an taeb clē do chrīchnugad an dīleagtha; ōir nī fhuil laigi as imchubaidi do chalmugad an dīleagtha nā laigi ar an taeb clē, ōir leatar na hae ar an gaile a' timargad an bīd annsa laigi sin, mur do-nī an chearc rēna huidib, 3910  ⁊ dīleagthur an biad co fuirfe annsa gaili trīt sin. Et is inntaigthi a ndeireadh an chodalta ar an taeb ndeas, innus comad usaidi leisin mbiad an gaile d'fhāgbāil chum na n-ae ⁊ imurcacha an chēid-dīleagtha chum na n-inneadh.

Et comurthaig co deithideach dā teagmad biad 3915  gā mbeith droch-cāil ō chūis ēigin, mur atā, biad aigēidigthi, saillti, poinnticda, a cusmaile, gurab rēsūnta nī ēigin do chaithim gā fuil cāil chontrārda don biad sin do cheartugad mailīsi an 3920  chēid-bīd: verbi gratia, .i. dā caithead neach biad atā saillti co gnīmach dobad imchubaid ana diaid, sul do dīleagfaidi é, neithe millsi fliucha, neithe insipita do chaithim, ⁊ as imchubaid sin mur regimen; ⁊ tuicthear a chusmailius sin 3925 do na neithibh eile.

 452Tuillead: seachaintear gan fīn nā uisgi d'ōl  p.46 infra 188-93926  a caindiacht mōir d'és an bīd do chaithim ar tinnsgaint an dīleagtha. Et as dona neithib thoirmiscius an dīleagad sin, mur is follus annsa 3930  chorcān bīs ag fiuchad, ⁊ uisgi fuar do dortad ann, co coisginn an fiuchad. Ar an adbur sin nā hibthear an fin nā an t-uisgi co fāga an biad an gaile. Agus dā coimēignigi an tart é, ibthear beacān uisgi agā shūghud. Tuillead: bīth a fhis 3935  agad an uair ibthear fīn tair ēs bīd, ⁊ an dīleagad arna thinnsgaint, co cūisiginn sin an biad neim-dīleagtha d'fhāgbāil an gaile, ⁊ geintear dūinti uada sin ō cūisigthear mōrān d'easlāintib ⁊ co hāirithi morgad.

3940 Tuillead: bīth a fhis agad an neach ara mbī gorta mōr nach dliginn sē biad sēim do chaithim ar tūs; ⁊ dā teagmad co caithfidi an biad sēim ar tús do-gēbad aduathmuireacht an gaile roim an mbiad reamur ana diaid innus nach ēidir leis an 3945  biad reamur do gabāil nā do dīleagad, mās ead, do rēir chonsiquens, truailltear ē. Ar an adbur sin caitear an biad reamur ar tūs. Et as ē as cūis dō sin, ōir bīth teas ard a ngailib folma lucht na gorta nach imchubaid don biad shēim. 3950  Ar an adbur sin an uair caitear an biad sēim sgaīltear ē ar fud an ghaile co huilidi, ar son āilgis lāidir an gaile ⁊ sochumsgaidthi an bīd shēim. Et cūisigthear līnad taidbrigtheach uada sin, ⁊ iatur bēl an gaile, ⁊ is trīt sin aduathmuirius  p.47 infra 189-903951  3955  an nādūir roim an mbiad reamur, ach muna tī spās ana cnaīfidear an linad adubramar, ⁊ lē n-ēireōcha an tochlugad nādūrda. Et nī cūiseōchur an līnad taidbritheach sin mās é an biad reamur gabthur ar tūs annsa ghaile fholam; ōir 3960  nī dīsgaīltear an biad reamur ar fhud an ghaile co huilidi, mur do-nīthear an biad sēim.

Tuillead: is mōr dligmid beith deithideach a nuimir an chaithme; ⁊ coimēdaidh an gnāthugad gu mōr an nuimir sin, ⁊ mad olc ē dligmid a 3965  sheachna d'ēis a chēile. Gibē do gnāthuig biad do chaithim aen-uair sa lō nī dliginn sē claechlōd obann do dēnam chum caithme fā dō, nō 169 econtra 170; ōir is mōr urchōidigius an claechlōd obann; mās ead, dligid an liaig beith co deithideach a coimēd 3970 an dearbtha.

Et bīth drong ann darab lōr biad do chaithim aen-uair sa lō nādūrda do rēir rēsūin, mur atā, an drong gā fuili brīga ⁊ baill lāidiri, ⁊ gan a mbeith sodīsgaīlti, ⁊ beacān saethuir do dēnam, ⁊ biad 3975 do chaithim gu lōr aen-fheacht. Ōir is lōr do lucht leanna finn biad do chaithim aen-fheacht sa lō, ⁊ gu hāirithi an drong gā mbīt cuirp fhliucha ⁊ a mbeith mur so, .i. gur gnāthuigidur biada reamra rigne mēid ēigin; ⁊ is lōr dōib sin caithim 3980 mur adubramar acht muna beith gnāthugad ana n-aigid.

Et an drong gā fuilid cuingill chontrārda do na  p.48 infra 190-13981  cuingillaib sin adubramar nī lōr dōib caithim aen-uair sa lō nādūrda, mās ead, caithid fā dō sa lō 3985  nādūrda.

Et is lōr dona daīnibh measurda ⁊ do na daīnib atā inmeadōnach aturra sin caithim fā thrī risin dā lā, innus co mbia spās huairi dēg idir an dā chaithim.

3990 Et atā drong eile dligius biad do chaithim fā thcheathair sa lō nādūrda, mur atāit, na seanōire, ⁊ an drong atā ag ēirgi a heaslāinti dā n-inntōg chum a staidi fēin. Ōir is amlaid atāit na seanōiri mur atā an lōchrann ullam chum a 3995  bāiti, ar an adbur sin muna tucthur biad dōib co minic mūchthur an teas, ⁊ dā tucthar mōrān ar aen-shligi dōib cnaītear ⁊ mūchthur a teas; ar an adbur sin dligid siat beacān do chaithim ⁊ a chaithim co minic.

4000 Agus as mur an cēdna dleagur an drong bīs ag ēirgi a heaslāinti d'oileamain; ōir atā teas anfhann acu nach fuil cumachtach ar dīleagad do dēnam, ar an adbur sin is maith dōib beith coigilteach ar biad co calmuigthear a cuirp ⁊ 4005  a teas nādūrda chum an dīleagtha; ⁊ as ē a chusmailius  453 sin tuicthear dona leanbuib.

Et ar tuicsin coimplex na ndaīneadh adērmaid gurab maith fhuilngid lucht leanna finn an trēiginus, ⁊ gurab ro-beac fhuilngit lucht leanna 4010  ruaidh. Lucht fola deirge ⁊ leanna duib, immorra,  p.49 infra 191-24011  fuilngid trēiginus a mod inmeadōnach, acht amāin co claenuid lucht leanna duib a cusmailius lucht leanna finn, ⁊ lucht fola deirge a cusmailius lucht leanna ruaid, ⁊ na daīne atā inmeadōnach aturra 4015  sin fuilngid trēigeanus a mod inmeadōnach.

Do na haesaib, immorra: ōir is follus dūin nach ēidir leis na ndaīdinaib, ⁊ co hāirithi an drong atā anmamuil acu, trēiginus d'fhulang. Et na sean-daīne ⁊ co hāirithi an uair bīt siat a mod inmeadōnach, 4020 nī maith nī holc fhuilngid trēiginus.

Agus as iat sin na neithe as ēidir linn do rād do rēir rēsūin do nuimir an chaithme.

Et as inchomurthaig co deithideach co fuil cuid dona biaduib nach inchaithme ar aen-shligi, mur 4025  atā, bainne ⁊ uinēgra ⁊ gach uile nī aigēidigthi, ⁊ bainne ⁊ iasg, ⁊ bainne goirt ⁊ raidis, nā feōil én do-nī eitillach a ndiaig rais; ⁊ nī dligmid ola nā mēthrad coimēdtur a soitheach sdāin do chaithim ar aen-shligid risna biadaibh.

4030 Tuillead: dligi a fhis do bheith agad in moch-thrāth nō am hrāthnōna dligid na biada reamra do chaithim; ⁊ as ī mu dōich do beith mu breithimnus maith co ndleagur an biad reamur do thabairt im easpartain acht muna toirmisci 4035  an rēma é, ⁊ is mō an chaindiacht dleagur do thabairt de ar mbeith na hoidchi fada ⁊ ar son an chodalta, ōir is annsa chumsanad ⁊ annsa chodlad do-nīthear an dīleagad; ōir cumsanaigid  p.50 infra 192-34036  an brīg ainmidi ann ⁊ calmaigid an brīg nādūrda, 4040  mās ead, is annsa chodlad is mō do-nīthear an dīleagad annsa gaile ⁊ annsna haeib ⁊ annsa chorp co huilidi. Et an drong atā amuirseach ar reuma nō atā ullam chugi, seachnuid suipēr, nō dēnuid é co beac ⁊ a fad ō chodlad.

4045 Tuillead: as inchomurthaig, gibē lērb āil a shlāinti do choimēd, gan mōrān d'ōl a tús nā a meadōn a choda, acht a sheachna co deireadh a choda, ⁊ ibthear an tan sin an mēid choisgius in tart fīre. Ōir as ead as tart fīre ann mur adeir 4050  so: Sitis est quedam estuacio in stomacho causata ex cibo recepto qui habet stomachum quodammodo califacere desicare , .i. is ead is tart ann, teasbach ēigin cūisigthear annsa ghaile ō chaithim na mbiad tēigius ⁊ tirmaigius an gaile ar mod ēigin. 4055  Agus teagmaid an teasbach sin gu mōr a ndeireadh in chaithme, mās ead, as inibthi in deoch an tan sin ⁊ gan ach beacān d'ōl a tosach na coda.

Bīth a fhis agad co n-abur deoch a trī modaibh, .i. deoch cumuscda ⁊ deoch threōraigtheach 4060  ⁊ deoch coisgius an tart.

An deoch cumuscda, immorra, ibthear ī ar aen-shligi risin mbiad; ar an adbar sin tuigim, ⁊ an breithimnus imshlān, nach dleagur a seachna feadh an chaithme; mās ead, ibthear hī a tosach 4065  ⁊ a meadōn ⁊ a ndeireadh na coda; ⁊ is mōr as imchubaid an deoch so an uair caitear na biada  p.51 infra 193-44066  atā tirim do rēir gnīma ⁊ brīgi, mur is follus a lucht an tshaethuir chaithius arān tirim.

Deoch coisgi an tarta, immorra, nī dleagur a 4070  hōl co deiread an chaithme; ōir nī tart fīrinneach acht an tart bīs ō theasaideacht an ghaile ar son an bīd, ⁊ nī faicthear gu resūnta gurab ar aen-shligi thinnsgnus an tart ⁊ an t-ocras, ōir is dā thochlugad chontrārda iat.

4075 An deoch threoraigtheach, immorra, as imchubaid co mōr ī ar coimlīnad an chēid-dīleagtha, ōir nī holc deoch d'ōl an tan sin do threōrugad an bīd ōn ghaile chum na n-ae ⁊ d'ullmugad an ghaile do gabāil na mbiad eile. Et dā teagmad tart ar 4080  neach, ⁊ gan biad do chaithim do roime, ⁊ gan  454gorta air, as tart mi-nādūrda an tart so ⁊ as imchubaid deoch roim an mbiad annsa chās so. Agus ligmid do sin, ōir tēit sē tar tōrannaib regimen na slāinti.

4085 An deoch atā imchubaid co riagalta a coimēd na slāinti nī huisgi ī acht fīn, deoch eile atā cusmail ris, mur atā, linn nō deoch do-nīthear do na luibib ⁊ a cusmaile; gid eadh, as é an fīn as fearr dīb. Et as trīt atāim athchumair annso, 4090  ōir laibeōrad leathatīs dīm co speitsialta dona deochaib.

An fīn gnāthuigmid a regimen na slāinti nī dliginn sē beith gēr nā teinnteamail nā reamur nā milis nā aigēidigthi; ⁊ bīth 'na fhīn fhinn, 4095  a cusmailius rōsa annsa tshamrad; ⁊ bīth  p.52 infra 64096  dearg, fo-dearg, annsa geimrid; ⁊ bīth solus sēim ⁊ blas cairdeamail air ⁊ balad toltanach. Et bīth a fhis agad nach imchubaid neactur nā clairēd a regimen na slāinti mur dig. Et co 4100  hāirithi nī himchubaid aen-fhīn agā mbia nādūir leigis lagthaig ōn tshoitheach nā ōn chumusc a regimen choimēda na slāinti. Et tuicthear as so gurab mō as imchubaid an fīn nua glan a coimēd na slāinti nā an sean-fhīn.

4105 Et bīth a fhis agud co deithideach gurab tart brēgach bīs ar neach an uair nach bī teasbach a mbēl an ghaile, ōir bīth sē co minic ōn sgamān ōn brāigid ōn bēl ō luaithrid ō aēr theasaidi. Et nī reagur a leas deoch d'ōl an tan 4110  sin ach gargraisim fhīna uisgeamail uisgi fhliuchus na boill adubramar. Nō fēda, mād fearr lat, tortha a mbī mōrān sūig do chogaint ⁊ a cur amach, beacān dā sūg do shlugad ar son tirmachta na sgōrnaighi, ⁊ toirmeōsgaid sin an 4115  tart. Et as imchubaid tarrang an aēir fhuair annsa bēl ⁊ annsa srōin isin tart sin.

Et as inchomurthaig co deithideach gurab do rēir ēgsamlacht an choimplexa, ⁊ na haīsi, ⁊ an regimen, ⁊ an gnāthuigthe, tuicthear ēgsamlacht 4120  taburta na ndeoch; ōir ata cuid dona coimplexaib darab imchubaid fīn lāidir, ⁊ cuid eile fīn ēgruaid, ⁊ cuid darab imchubaid mōrān fīna, ⁊ cuid darab imchubaid beacān, ⁊ cuid darab imchubaid fīn  p.53 infra 196-74121  reamur, ⁊ cuid eile fīn sēim; ⁊ tuicthear mur sin 4125  dona haesaib ⁊ dā cusmailib.

Na daīne agā mbīd coimplexa teasaidi dligid deocha sēime anfhanna d'ōl a caindiacht mōir; ⁊ an drong agā mbīd coimplexa fuara dligid fīnta lāidiri d'ōl a caindiacht bic. Tuillead: na daīne 4130  agā mbīt fēithe anfhanna as fīnta anfhanna dligid d'ōl; et an drong agā mbī inchinn lāidir ⁊ fēithe ⁊ ailt lāidiri fēduid siat fīnta lāidiri d'ōl co hinnil, ⁊ a chontrārda so don droing agā mbīd inchinni ēgruaidi ⁊ fēithe ⁊ ailt ēgruaidi. Tuillead:4135  .i. atāit drong rig a leas fīn maith ara mbeith tirim, ōir fliuchaid an fīn ag oileamain; ⁊ do-niī na daīne brōnacha furbaīlid, ⁊ an drong agā mbī beacān spiraid geinid mōrān spiraid inntu, mās ead, as imchubaid an fīn dōib so co mōr.

4140 Tuillead: bīth a fhis agad, mur nach ēidir caindiacht mōrāin dona neithibh eile do deimniugad lē litreachaib, ⁊ co fuil an deoch mur sin, nach ēidir a caindiacht do rād annso, ach tuicthear do rēir rēsūin an nī atā a ngar don fhīrinne.

4145 Et atāit drong darab imchubaid mōrān digi ⁊ drong eile beacān; ⁊ is mōr dligmid caindiacht ⁊ cāilideacht an bīd do thabairt dār n-ūig an tan sin, ōir is do rēir chāilideachta ⁊ caindiachta an bīd ēxamailtear cāilideacht ⁊ caindiacht na digi, 4150  ⁊ mur an cēdna ēxamailtear an tart co nādūrda. Ar an adbar sin an drong caithis biada do-nī teas mōr a mbēl an gaile as iat is mō tart ⁊ is  p.54 infra 1974151  mó rig a leas mōrān digi; ōir gach mēid ardaigthear an tart tar neithibh comthroma, as ī an mēide 4155  sin dligius an deoch beith ēgruaid; ⁊ an mēid īsligthear an tart, is ī an mēide sin dligius an deoch beith lāidir.

Tuillead: as mōr dligmid cāilideacht ⁊ caindiacht na ngailead do thabairt dār n-ūig ag tabairt na 4160  digi; ōir an drong agā mbīd gailidi tirma bīth  455 tart mōr orra ⁊ nī fhēduid mōrān digi d'fhulang, ⁊ a chontrārda sin don droing agā mbīt gaileada fliucha.

Agus is lōr linn na neithe generālta so adubramar 4165  do na biadaibh ⁊ do na deochaib; ōir laibērmaid 171 co speitsialta dīb don taīb thīs dīn.

7. An seachtmad c ai b idil : Don c h odl ad ⁊ don n eam -c h odl ad

De sompno et uigilia, est tractandum: .i. ō do labrumur don taeb thuas dīn don biad ⁊ don dig labrum annso don chodlad ⁊ don neam-chodlad; 4170  ōir do-gabur riaglacha uatha so atā ēigintach a regimen na slāinti. Mās ead, taburthar d'āig co deithideach tarba an chodalta a coimēd na slāinti, dā ndearntur a mod imchubaid é. Dā rēir sin as  p.55 infra 197-84171  intuicthi an mēid comfhurtachtaigthear an nādūir 4175  ōn chodlad, ōir calmuigid an codlad an teasdūrda oibrigius adbur na hoileamna isna ballaib inmeadōnacha ⁊ annsna ballaib a mbeōaigthear dīleagad na hoileamna. Tuillead: cumsanaid na boill uile ōna 172 n-oibrigthib annsa chodlad, ⁊ do-nīthear 4180  an dīleagad annsa chumsanad sin, ar an adbur sin calmuigthear an dīleagad annsa chodlad. Tuillead: comfhurtachtaigthear ⁊ athnuaigigthear an brīg ainmidhi atā arna cor trīt an codlad; ⁊ mur an cēdna na neithe do coiread rē saethur 4185  athnuaigigthear iat lē cumsanad an chodalta. An gach uile gluasacht chorparda, an uair thinnsgnus teinneas neach, ⁊ cumsanad do dēnam a cēdōir, coisgid an teinneas. Agus nī fhuil comnuidhi as fearr an tan sin nā comnuidhi 4190  maille codlad, ōir bīt orgāin na cēdfad ag dēnam a ngnīma fēin annsa neam-chodlad, ⁊ is mur so nach ēidir leō cumsanad fīrinneach do dēnam.

Mās ead, nī hēidir leisin duine beith ann gan codlad. Et dā mbia an codlad measurda dīleagthur 4195  an biad, ⁊ reamraidthear an corp, ⁊ dīsgaīltear an teinneas, ⁊ comfhurtachtaigthear an meanma, ⁊ mēduigthear an teas nādūrda, ⁊ measraigthear na leanna, ⁊ glantur an meanma.

Tuillead: tēigid ⁊ fliuchaid an codlad ⁊ beōaigid 4200  an dīleagad trē theasaideacht ⁊ trē fhlichideacht; mās ead, is follus gurab maith fhurtachtaigius  p.56 infra 198-94201  an codlad an dīleagad. Ōir atāit na sean-daīne fuar tirim ⁊ is olc dīleagaid, ar an adbur sin as imchubaid codlad dōib. Et as trīt sin adubairt 4205  Galen an codlad do thogairm annsan aīs arsaid maillelactuca do chaithim, ōir atā an lactuca fuar ⁊ togairmid an codlad ōna dead-balad.

Agus mur atā mōrān tarbachta ag an codlad measurda dā dēnum, as mur sin do-nī an neam-chodlad 4210  measurda a mod dleistinach mōrān tarba. An neam-chodlad measurda, immorra, mēduighid in tochlugad, ⁊ cūisigid an gorta, ⁊ calmuigid na boill fhuirimeallacha, ⁊ gluaisid an spirad a fuirimeall, lē saethraigid na boill an gluasacht 4215  atā ēigintach dōib.

Et mur choimēdus an codlad ⁊ an neam-chodlad an tshlāinti co measurda, as mur sin, dā tucthur an codlad ⁊ an neam-chodlad a mod animchubaid, truaillid an tslāinti. Ar an adbur sin ullmuigid 4220  an codlad ainmeasurda na cuirp chum apoplexia ⁊ chum epilepsia ⁊ chum pairilisi ⁊ chum sdupair ⁊ chum easlāintid fliuch ⁊ chum rēma, ⁊ cūisigid an leisgi, ⁊ sgrisaid an tochlugad, ⁊ geinid neascōidi ⁊ fiabras. An neam-chodlad ainmeasurda tirmaigid 4225  sē na cuirp, ⁊ anfhainnigid an brīg ainimidhi, ⁊ laigdigid an brīg dīleagthach, ⁊ ullmuigid an corp chum easlāintid cnaīteach.

Ar an adbur sin tuigim cinnus dleagur an codlad measurda do gnāthugad. Mās ead, adeirim  p.57 infra 199-2004226  4230  nach imchubaid an codlad tair ēs bīd gan inmeadōn; ⁊ dleagur an mēide so do chomnuidhi do dēnam, gan codlad tair ēs bīd an feadh bīs an biad ag tuitim ō bēl an ghaile chum a īchtair.

Tuillead: nī dleagur saethur do dēnum tair ēs 4235  bīd gan inmeadōn, ōir toirmiscid na neithe sin dīleagad an bīd. Mās ead, as indēnta cumsanad ⁊ as inēistigthi innstruiminti ciūil leis nā tarrōngthur an teas nādūrda a fad ō inad an dīleagtha, ēistig sē sdair ēigin. Agus4240  teagmad nach tuitfid an biad ō bēl an ghaile ana īchtar, dēntur beacān do shiubhal mīn an tan sin, nō co mothuigthear an biad ag tuitim. Et dā sanntaigi neach codlad do dēnam sul tuitis an biad ō īchtar an gaile, geintear an tan sin 4245  deathaige ⁊ teinneas annsa broinn ⁊ truailltear an dīleagad; ⁊ tair ēs an bīd do thuitim ēirgid  456 deathaige mīne chum na hinchinne chūisighius an codlad, ⁊ sāsaidthear an nādūir annsa chodlad so.

Tuillead: dēntur an codlad a n-aimsir shamraid 4250  a n-inad fhuar gan beith rēmamail, gan asāin, ōir cūisigid an codlad a n-asānaib anfhainne radairc ⁊ ainnteas annsa chorp co huilidi.

Codlad tair ēs bīd reamraigid sin an corp ⁊ 4255  calmuigid an dīleagad. An codlad do-nīthear roim an mbiad cuirid sē an corp a truaigi.

Tuillead: dligid boill an chuirp co huilidi beith fā ēdach a n-aimsir an chodalta, ōir is mō dligid  p.58 infra 200-14256  siat beith fā ēdach an tan sin nā sa neam-chodlad, 4260  ⁊ co hāirithi an ceann. Agus dligid an cuisīn beith ard innus nā hinntaigead an biad chum bēil an ghaile. Et an uair thinnsgōnus neach codlad do dēnum dēnad beacān codalta ar a' 173 taeb ndeas, ōir furtachtaigid sin tuitim an bīd a n-īchtar an 4265  gaile ō calmuigthear an dīleagad. Et adubradar drong dona maidistreachaib a chontrārda so, .i. co ndēin athloidi ar a' taeb ndeas an dīleagad do chomfhurtacht, ōir curthar na hae ar an gaile an tan sin. Et is brēgach an t-īmāidiugad sin, 4270  ōir nī dīleagaid na hae an biad annsa ghaile ag tēgad ar mod teineadh, ach a' cruinniugad an bīd annsa gaile mur do-nī an chearc an t-ogh. Ōir an uair codaltur ar an taeb clī as fuirbthi leatar na hae ar an gaile, mās ead, as fuirbthi 4275  do-nīthear an dīleagad. Ar an adbur sin nī hinchodalta ar an taeb ndeas ach beacān ar son an tuitme sīs do-nī an biad, ainnsēin ar a' taeb clī ar son an dīleagtha. Et ar coimlīnad an chēid-dīleagtha as inchodalta mēid ēigin ar a' 4280  taeb ndeas innus comad usaidi do fhūicfid an biad an gaile chum na n-ae, ⁊ comad usaidi do hinnarbfaidi imurcacha an chēid-dīleagtha chum na n-inneadh.

Et dligid caindiacht an chodalta beith an 4285  mēide so, .i. an cēid-dīleagad do choimlīnad ann  p.59 infra 201-24286  (⁊ as annsa ghaile do-nīthear é), ⁊ an feadh beas an biad ac dol ōn ghaile chum na n-ae, mur a ndēntur an dara dīleagad, ōir teagmaid nach olc an codlad d'fhaidiugad co coimlinad an 4290  dīleagtha sin. Agus ēxamailtear an aimsear sin fā ēxamlacht na coimplex ⁊ na n-aes ⁊ a cusmaile. Ōir an drong gā fuilid coimplexa teasaidi ⁊ brīg dīleagthach lāidir, ⁊ chaithius biada as urusa do dīleagad gan beith a caindiacht mōir, as luath dīleagaid an 4295  drong sin; ⁊ is cusmail gurab gearr an codlad reagaid a leas an drong sin, mar atāit, huaire ocht n-uaire an mēid is mō. Gid eadh, an drong atā contrārda dōib so, .i. an drong gā fuil coimplex fuar ⁊ brīg dīleagthach anfhann, ⁊ chaithius mōrān 4300  bīd atā anumal don dīleagad, rigid a leas an drong so codlad fada, mur atāit, huaire dēg; ⁊ nī tualaing an drong so caithim acht aen-uair sa lō nādūrda. Agus an drong atā inmeadōnach idir an droing so adubramar rigid a leas codlad 4305 inmeadōnach, mur atāit, uair dēg.

Tuillead: dligmid a thuicsin co corthur an brīg ainmidhi gu mōr, ōir is do rēir chorthacht laige na brīge ainmidhi faidigthear gearraidthear an codlad. Agus dā mbia an chorthacht inmeadōnach, 4310  bīth in codlad inmeadōnach. Et as ead is comurtha ar an codlad do dēnam gu lōr, ēdromacht an chuirp co huilidi, ⁊ co hāirithi na hinchinne ⁊ fhabraigead na sūl, ⁊ toil fuail ⁊ fearaid. Saebad na fabrad ⁊ na hinchinne ⁊ an chuirp co huilidi, ⁊  p.60 infra 202-34311  4315  sgeathrach a cusmailius nādūire an bīd do caithead, signigid174 sin an codlad do beith easbadach.

Item, bīth a fhis agad nach sanntaigid na daīne measurda agā mbī regimen maith an codlad acht an mēid as ēigin dōib, ōir nī thochluiginn 4320  an nādūir maith acht in mēid is ēigin dī; ⁊ as fīr so acht muna toirmisgi gnāthugad ē. Gid eadh, nī hinbeiti muinigin a tochlugad na corp tuitmeach, ōir tochluigid drong acu codlad nīsa mo nā mur as ēigin, ⁊ drong eile nīsa luga, mur 4325  adubramar romainn don tshaethur; ar an adbur sin na cuirp measurda gnāthuigius follamnugad measurda slāinti, fēdmaid a rād co mbī caindiacht an chodalta comthrom do chaindiacht an neam-chodalta nō a ngar dī.

4330  Tuillead: bīth a fhis agad an mēid as domuin  457 an codlad gurab ī an mēide sin is fearr ´, ⁊ is don chodlad nādūrda labramaid ann so. Item, as intuicthi nach imchubaid dona corpaibh measurda codlad ⁊ a meadōn fūtha, ar son co mbrūidthear a 4335  muinīl ⁊ a ngaili, acht gē calmuiginn an brīg dīleagthach anfhann ⁊ an dīleagad. Tuillead: bīth a fhis agad nach dleagur codlad ar aen-mod ar an druim, ōir ullmuigid sē droch-easlāinti, mur atā, ingopus ⁊ apoplexia ⁊ sdupur. Agus 4340  is mōr thshanntaigid na daīne ēgruaidi codlad ar an cor so, ⁊ co hāirithi na daīne atā a ngaire do bās. Agus do-nī an codlad so na himurcacha  p.61 infra 203-44341  do gluasacht do leith an droma, ⁊ connaimthear annsin iat, ⁊ nī imthigid trīt na feadānuib.4342  4345 

Tuillead: bīth a fhis agad gurab ē as codlad nādūrda ann an codlad nach toirmiscinn ēirgi sa lō, ōir ullmuigid codlad an lae an corp chum na droch-easlāinti adubrumar romainn; ōir atā an 4350  lā solus fōgramuil, ⁊ atā imchubaid175 chum saethuir ⁊ chum neam-chodalta. An oidchi, immorra, atā sī imchubaid chum an chodalta ar son gurab fuaire hī nā an lā do leith an chuirp ⁊ do leith an anma; mās ead, as ī an oidchi as imchubaid 4355  chum an chodalta ⁊ an lā chum an tshaethuir. Ar an adbur sin conclūidigthear gurab a n-aici na hoidchi as fearr mōrān an bīd do chaithim, ⁊ co hāirithi muna bia an oidchi ro-gearr, ōir as fearr do-nīthear an dīleagad annsan oidchi ar son 4360  an chodalta ⁊ ar son fhuaire an aēir nā sa . Gidh eadh, an drong atā amuirseach ar an rēma ⁊ ar easlāintib na sūl ⁊ na cēdfad eile seachnuid supēr. Et as intuicthi co deithideach ar coimlīnad an chodalta an corp do glanad ō na 4365  himurcachaib imdaidius ann, ⁊ nī headh amāin lē fearad ⁊ lē fual acht lē neithibh eile, mur atā, cosachtach ⁊ seileagar ⁊ an ceann do chīrad ⁊ an aigid ⁊ na lāmha d'innlad lē huisgi mbog.

 p.62

7. An t- ochtmad c ai b idil : D'aicīdib na hanma

infra 204-54366  Sicut accidencium anime correccio ad philosophum 4370  moralem pertinet ut anime bonis habitibus 176 informentur ⁊ cetera: .i. mur beanus ceartugad aicīdi na hanma risin feallsamnacht morālta innus co cruthōchaidi é a n-aibīcib maithe, as mur sin beanus risin liaig an tshlāinti do choimēd co 4375  himchubaid. Et an mēid do modaibh ana claechluigthear an corp co hēigintach, as ī an mēide sin atā do chinēluib ar a leigeas. Ōir claechluigid aicīdi na hanma ar cuirp-ne, ar an adbur sin do-gabur aen-chinēl leigis ⁊ aen-regimen 4380  uatha, ⁊ is risin liaig beanus sin d'aithne. Agus as iat so na haicīdi sin, .i. fearg ⁊ gairdeachus, eagla ⁊ dobrōn, cumgach ⁊ nāire.

Ōir gluaistear an fhuil choilearda chum an chraidi a n-aimsir na feirgi ar son tochluigthi 4385  dāsachtuigh an dīgaltuis, ⁊ gabaid sē lasad chugi chum gluasachta dāna, ⁊ leatar é nīsa mō nā an chōir ⁊ do-nīthear an corp co huilidi, ⁊ co hāirithi na boill fhuirimeallacha, lē dāsacht an teasa. Ōir an uair gluaistear an teas ⁊ na spiraid chum 4390  na mball sin ⁊ chum an chraidi, do rēir chonsiquens, ō mincacht an gluasta ⁊ ōn tēgad mōr, tirmuigthear  p.63 infra 206-74391  an corp uile. Et is follus co tēiginn an fhearg ar son co lasann sī an craidi ⁊ an spirad, ⁊ co sgaīltear chum na mball co huilidi an teas, ⁊ co 4395  hāirithi isin droing agā mbī teas lāidir ⁊ mōrān spirad. Gid eadh, an drong agā mbī teas anfhann, an uair feargaidthear iat ⁊ tochluigid dīgaltus do dēnam, nī hēidir a teas do dīsgaīlead chum a mball fuirimeallach, acht bīt na boill fhuirimeallacha 4400  fuar crithānach, acht cē do beith an teas lāidir annsa chraidi. Ar an adbur sin do-chīamaid mōrān do daīnib feargacha ara mbī toil inneachtha ⁊ iat ar crith, ⁊ nī fearg fhoirbthi as cōir do rād  458ria so acht fearg maille heagla.

4405 Ar an adbur sin an claechlōd do-nī an fhearg annsa chorp daena, nī himchubaid a regimen na slāinti é, ōir buaidrid an fhearg gnīmartha an rēsūin uile. Mās ead, seachaintear adbur na feirgi acht an mēid fhurāilius an rēsūn é a cūisib toileamla; ōir as imchubaid fearg do dēnum co 4410  minic a cūisib sochraidi ⁊ ceadaigtheacha, gincob imchubaid a regimen na slāinti hī.

Et bīth a fhis agad gurab imchubaid fearg co gnāthach dona daīnib bīs fuar neam-chumachtach 4415  chum na coimriachtana. Et atā cuid eile dona heaslāintib darab leigeas imchubaid fearg mur innisis Hali, ac dēnam gluasa ar Tegni, co roib diūic gā leigeas ag liaig ēigin ara roib sdupur, ⁊  p.64 infra 2084416  gur fhurāil an liaig fearg do thogairm air; ⁊ ar 4420  ngeineamain na feirgi do leigeasadh ē ōn sdupur.

An gairdeachus, immorra, leathnuidthear an craidi ⁊ an teas nādūrda ⁊ na spiraid uada, innus gurab beac nach curthar an teas ⁊ na spiraid chum na mball fuirimeallach; ōir as ē an craidi as acfainnigi 4425  dona ballaib a' tidnacad neith, ⁊ co hāirithi d'orgānuib an mothuigthi ⁊ an gluaisti, dā n-ullmugad ⁊ dā sīneadh chum fuirme an neith toltanuig theagmus dōib, innus co mbī sē fēin folam ō theas acht mā beacān. Agus adearar co 4430  mbīd na boill inmeadōnacha gan teas, ⁊ na boill fhuirimeallacha maille teas measurda, a n-aimsir an gairdeachuis; ⁊ as fīrinneach co ndīsgaīltear mōrān spirad ōn chorp co huilidi a n-aimsir an gairdeachuis; ōir an mēid bīs an gairdeachus 4435  ainmeasurda, as ī an mēide sin bīs an dīsgaīlead ainmeasurda; ōir gach treisi dā mbia an gairdeachus as treisidi leathnuigthear na horgāin ⁊ na boill, ⁊ ar leathnugad ⁊ ar n-osgailt na mball innarbthur an spirad co hurusa.

4440 Et as cūis d'anfhainniugad na mbrīg an gairdeachus fada, ōir dā mbia sē ainmeasurda fētur an craidi d'fhuarad ō oslugad an gairdeachuis, ⁊ singcoipis bās do thogairm an tan sin; ōir an uair fholmuigthear an craidi ō na spiradaibh 4445  ⁊ ōn teas nādūrda, cūisigthear singcoipis ō thruailliugad coimplexa ⁊ comshuigigthi nādūrda an chraidi, ⁊ as ēigintach galur do geineamain  p.65 infra 208, 205-64446  ann an tan sin. Et is mōr theagmus sin don droing agā mbīd craidi tearca ⁊ beacān fola ⁊ 4450  spirad, mur atāit, na sean-daīne crīchthacha ⁊ an drong ēirgius a heaslāinti, .i. an uair gabaid siat gairdeachus dāsachtach obonn chucu lē n-oslaicthear an craidi an mēide so, innus co ndīsgaīltear beacān innmuis do theas nādūrda ⁊ do 4455  spiradaibh atā acu co luath. Et dā mbia an gairdeachus measurda, adearar co reamraiginn sē na cuirp ⁊ co calmuiginn an brīg dīleagthach, do rēir mar adubrumar romainn, co leathnuigthear ⁊ co sīntear na boill; ōir ullmuigid sin na boill do 4460  gabāil na spirad ⁊ an teasa nādūrda ⁊ flichideachta na fola glaine chucu dā sūgad; ⁊ tuicthear co calmuigthear an dīleagad annsna ballaib an tan sin.

Et as imchubaid an gairdeachus gu mōr a coimēd 4465 na slāinti an mēid is measurda ē, ōir an drong tarraingthear a n-imshnīm ⁊ a smuaintigthib, as ī an mēide sin tarraingthir a ndobrōn ⁊ a cumgach iat. Et an drong atā a ngairdeachus ainmeasurda do gnāth as imchubaid dobrōn co gnāthach dōib.

4470 Annsan eagla, immorra, gluaistear an teas ⁊ na spiraid ō na ballaib fuirimeallacha chum na mball inmeadōnach, ⁊ is beac gluaistear é annsa dobrōn;  459gid eadh, gluaistear an spirad ⁊ an teas ōn chumgach ⁊ ōn nāire ar dā modaibh, .i. uair co fuirimillach  p.66 infra 205-84471  4475  ⁊ uair co hinmeadōnach, mur as follus annsa chumgach; ōir as iat na neithe nach tāinig cūisigius dobrōn ann, ⁊ gluaistear an teas chum na mball inmeadōnach ar son an dobrōin ⁊ gluaistear chum na mball fuirimeallach é ar son co fuil 4480  aimsear an dobrōin gan teacht. Agus cūisigid an dobrōn sin neam-chodlad, ⁊ cūisigid an dobrōn, do-chuaid toruinn an codlad; ⁊ mar an cēdna gluaistear an spirad ōn nāire ar tūs chum na mball inmeadōnach ⁊ ainnsēin chum na mball 4485  fuirimeallach ag oslugad na mball atā cumang ⁊ ag innarbad na spirad ⁊ an teasa a fuirimeall, ō ndeargthar an dath. Et is mur sin is follus co claechuigid aicīdi na hanma an corp daena, mur atā, fearg ⁊ gairdeachus dār luaidimur 4490  romainn.

Et as mur an cēdna do-nī an dobrōn. Ōir fuaraid ⁊ tirmuigid nādūir na corp, ar an adbur sin cūisigid sé truaigi ⁊ tearcacht na corp, ⁊ fāisgid an craidi, ⁊ teimligid an spirad, ⁊ anfhainnigid 4495  an t-inntleacht, ⁊ toirmiscid an rēsūn, ⁊ dorchaigid an breithimnus, ⁊ dearmadaigid an chuimne; ar an adbur sin as intseachanta uibiacht an dobrōin, acht an mēid fhurāilius an rēsūn ē, do sheachna na locht ⁊ d' athnuaigigid deadh-maise na meanman. 4500  Et atā drong dona daīnib agā fuilid spirada teasaidi so-gluaisti; ar an adbur sin atāit siat mēith feōlmur ⁊ as maith dōib dobrōn do  p.67 gnāthugad, d'anfhainniugad an teasa ⁊ na spirad, ⁊ do thruagugad an chuirp mēid ēigin.

4505 Tuillead, adeirim co fuarann an eagla atā ar lāthair atā chuguinn an corp, ⁊ co hāirithi na boill fhuirimeallacha, ōir tarraingthear an teas ō na ballaib fuirimeallacha chum na mball inmeadōnach, ⁊ nī chum an chraidi gluaistear an teas acht 4510  chum na mball eile; ōir gluaistear teas an chraidi chum na n-inneadh ar son easbaid īmāidi na spirad annsa chraidi ⁊ ar son tochluigthi an teithti, ōir nī hāil leō teagmāil d'adbur an uilc ar aen-mod; ar an adbur sin doimnigid an teas ⁊ na spiraid 4515  iat fēin annsna ballaib, innus nach ēidir leō iat fēin d'ullmugad nā d'innordugad chum gluasachta, cēimnigthi nā oslaigthi do theagmāil do nī aduathmur.

Ar an adbur sin beirid an feallsam fiadnuise 4520  a Leabur na Rēsūn co lacthur an brū co togairmthear flux leannann chum na n-inneadh ar son cumgaid coimēignigthi an teasa ⁊ na spirad ōn eagla annsna hinaduib sin; ⁊ cūisigid rith na spirad chum na mball sin reime ⁊ tromdacht 4525  inntu, ōir cūisigthear fuaraideacht an chraidi ⁊ an chuirp co huilidi ōn chumgach cūisigius an eagla, ⁊ ar son a laigid geintear teas ⁊ spirad ann ar son na fuaraideachta ōir cūisigid an fhuaraideacht tromdacht annsa spirad agā tēchtad.

Tuillead: an mēid fhuarthur an craidi do 4530  rēsūn na heagla, dona daīnib atā arna  p.68 infra 206-84531  n-inordugad co mōr ō fhuacht nādūrda an chraidi na haimsiri, as urusa eagla do geineamain innta ō cūisigthear singcoipis bás; ⁊ ar 4535  truailliugad coimplexa an chraidi mur so, nī himchubaid an eagla ar aen-mod a regimen choimēda na slāinti.

Et nī hiad amāin na haicīdi adubrumar romainn connaimthear do leith na brīge tochluigthi, mur 4540  atā, irasibilisconcupisibilis, ōir claechluigid sin ar cuirp. Gid eadh, na hīmāidi so connuimthear do leith na brīge inntshamluigthi inmeadōnaide claechluigthear ar cuirp uaithi, mur do-chīamaid gu follus co ngluaistear an fhuil ō fhaicsin ō 4545  īmāigiugad na rēd ndearg; ⁊ mur an cēdna geintear teinneas a neach ēigin ō smuainead an  460 teinnis atā ar a chompānach.

Agus mur adubrumar gurab intseachanta imurcaid d'aicīdib na hanma, as ar an mod sin 4550  tuigmid gurab intseachanta an mian an t-īmāigiugad do-gabur uatha; ōir nī himchubaid aen-uibiacht ēgcudruma do īmāigiugad a regimen na slāinti, ōir gluaistear an spirad do gluasacht anorduigtheach ōna leithēd sin d'īmāigiugad, ⁊ 4555  fācthur mod an dīleagtha ⁊ toirmiscthear an codlad ōn īmāigiugad sin. Agus is lōr linn na neithe athchumaire so do rād d'aicīdib na hanma.

 p.69

9. An naem ad c ai b idil : Do regim en aimsear na bl iad na

infra 209-104556  Ad sanitatis regimen perfectum oportet considerare diuersitatem temporum 177 anni ⁊ cetera: 4560  .i. as ēigin a thuicsin co fuilid aimseara na bliadna ēgsamail chum regimen fuirfe na slāinti; ar an adbur sin as intuctha nī ēigin don aimsir mar do-bearar don aīs ⁊ don choimplex. Ōir nī haen-regimen co huilidi dleagur do thabairt a 4565  n-aimsearaib ēxamla teasaidi ⁊ fuara na bliadna; et nī mī-rēsūnta gurab do rēir ēxamlachta aimsear na bliadna tuicthear ēxamlacht an regimen.

Ar an adbur sin as intuicthi co fuilid ceathra haimseara annsa bliadain, mur atā, earrach ⁊ 4570  samrad, fodmur ⁊ geimread. Agus dealuigthear na ceathra haimseara so na bliadna do rēir an asdrolaici, do rēir gluasachta na grēine an gach aen-rann do spēr na comarthad, ag tinnsgaint ō phongc spēire an earraig as cēid-chēim d'Airies. 4575  Agus mairid gach aen-aimsear do rēir na n-asdrolaici feadh trī mīs ⁊ trī comartha, innus co mbīt trī comartha annsna trī mī. Et is mur sin bīt aimseara na bliadna comthrom, a ngar do chomthrom.

An liaig, immorra, nī thabair sē dā ūig ag dēnum 4580  disdingi idir na haimsearaib gluasacht na grēine  p.70 infra 210-14581  a cearcaill na comarthad rē n-abur Sdodiacus, acht do-beir sē dā ūig an ēgsamlacht teagmus isna haimsearaib ō claechluigthear ar gcuirp-ne. Et do-chīamaid do leith dearbtha rann ēigin don 4585  bliadain do beith teasaidi ⁊ rann eile fuar; ar an adbur sin atā an liaig arna choimēigniugad chum disdingi do dēnam idir aimsearaib na bliadna, innus co mbeith an aimsear is mō atā measurda annsna cāilideachtaib gnīmacha, ⁊ 4590  foāmuigtheacha ana hearrach. Agus nī mairinn an measurdacht sin feadh trī mīs acht nīsa luga; ar an adbur sin as girre spās an earraig do rēir na leagad nā do rēir na n-asdroluici. Et ēgsamailtear fad girri na haimsiri sin do rēir ēgsamlachta 4595  an rēgiōin; ōir tinnsgnuid an t-earrach uair ann sul tēit grian annsa chēd-phongc d'Airies, ⁊ tinnsgnaid uair eile d'ēis grēine do dol annsa chēd-phongc d'Airies. Agus as ē as tosach don earrach, an uair thinnsgnaid na hēin ceileabrad 4600  do dēnam ⁊ tinnsgnaid na crainn blāth do thabairt, ⁊ co hathchumair an uair thinnsgnus gach uile nī blāth.

Et a ndiaig aimsiri an earraig tic an samrad, ⁊ is aimsear theasaidi thirim í. Agus is mōr 4605  chomaentaidius an aimsear sin risin earrach; ⁊ bīth spās fada aici a rēgiōn, ⁊ a rēgiōn ele spās gearr.

Et tic an fodmur ana diaid sin, atā contrārda  p.71 infra 211, 2134606  co dīreach don earrach do rēir chaindiachta, 4610  a ngar di. Agus as aimsear atā measurda gu lōr annsna cāilideachtaib gnīmacha é gid eadh, claenuid sē chum tirmaideachta mar do-nī an samrad tic reime. Agus atāit laeithi an fhodmuir teasaidi gu mōr ⁊ a oidchinna fuar, ōir is ro-urusa 4615  gabus an t-aer claechlōd teasaidi annsa lō chugi, fuaraideachta annsan oidchi, ar son a shēime ⁊ a thirmaideachta. Ar an adbur sin is mōr deichfrigid a oidchinna ōna laeithib a teasaideacht ⁊ a fuaraideacht. Agus nī theagmann sin 4620  annsan earrach, ōir nī fhuil an t-aer a chom-shēim sin nā a choim-thirim ann; ar an adbur sin nī fhuil sē foāmuidtheach mur atā an fodmar nā so-chlaechluigthi. Agus is annsan aimsir so  461 thinnsgnus dath an duilleabuir claechlōd ⁊ tinnsgnus 4625  tuitim leis.

Ana diaid sin tinnsgnus an geimread. Agus is fuar fliuch é, ⁊ as é as tosach do deireadh an fhodmuir, an uair thuitid duilleabur na crann; ⁊ as ē as deireadh dō tosach an earruig, an uair 4630 thinnsgnaid na crainn blāth do thabairt.

Et ar tuicsin na neithead so as intuicthi cad as regimen dīleas don tshlāinti an gach aimsir acu fā leith. Et tinnsgnum ar tūs ōn earrach. Agus adearmaid co cusmailtear an t-earrach 4635  risan easlāinti do-nīthear ō līnad, ōir atāit na cuirp līnta annsan aimsir sin. Et conclūidigthtear as sin gurab imchubaide an aimsear sin chum  p.72 infra 213-44636  na cuisleann ⁊ chum na purgōidi nā aen-aimsear eile; ⁊ atā sin ana dīleas speitsialta aigi, ōir as 4640  aimsear measurda é, ⁊ is a n-aimsir measurda dleagur na folmuigthi sin do dēnam; adbur eile, ar son gurab annsan aimsir sin is mō gluaistear na leanna, mās ead, na daīne atā amuirseach ar easlāintib līnta leagur cuisleanna dōib ⁊ folmuigthear 4645  iat annsan earrach; ⁊ togairmthear an sgeathrach ar son gurab teō ⁊ gurab flichi na cuirp annsan aimsir sin nā isna haimsearaib eile.

Agus teagmaid co minic a mbeith nīsa teō ⁊ 4650  nīsa flichi nā mur as emacr;igin a mbeith, ōir claenuid sī chum teasaideachta ⁊ chum flichideachta; ar an adbur sin nī hingnāthuigthe neithe thēigius ⁊ fhliuchus gu mōr do thabairt innti, mur atā, biad ⁊ deoch, a n-aithfhēgad na n-aimsear eile; 4655  ar an adbur sin as indēnta an regimen do shēimiugad. Et nī rigid a leas na cuirp līnta mōrān bīd nā digi do chaithim. Et do rēir mur atā an aimsear so measurda as saethur measurda dleagur do dēnum innti; ⁊ dligid sē beith nīsa 4660  mō nā saethur an tshamraid ⁊ nīsa luga nā saethur an geimrid. Tuillead, ōir tinnsgnuid an teas calmugad annsan aimsir so, ⁊ co mbuaidearthar an fhuil ⁊ na spiraid ⁊ an corp, mās ead, as maith aibstinens do dēnum ō na neithibh teasaidi ⁊ 4665  saillti ⁊ gēra. Agus is maith sirōipi mūcus an  p.73 infra 214-54666  t-ainnteas d'ōl mur dig, mur atā sirōip nenufairoxisacra ⁊ a cusmaile.

Et as inchomurthaid co fuil an corp slān ⁊ gan mōrān līnta do beith ann ōn aimsir roime, an 4670  uair adeirim gurab ēidir annsan aimsir so nīsa mō do biad reamur do thabairt nā a taburthar annsa tshamrad, ⁊ nīsa luga nā a taburthar annsa geimread; ōir atā an brīg ⁊ an teas lāidir annsan aimsir so, ōir is mōr an dīsgaīlead bīs ō na corpaibh 4675  annsan aimsir sin ō lāidireacht an teasa nādūrda ⁊ ō umlacht na corp do leith na flichideachta. Ōir atāit na cuirp līntach annsan aimsir sin ⁊ atāit brīga lāidiri acu, mās ead, is maith beacān do chaithim ann. Ar an adbur sin dom thuicsin, 4680  as maith d'orduig an Eagluis trēigeanus do dēnum annsan aimsir sin, acht muna līna duine ē fēin aenfheacht gach lae, mur do-nīd lucht an trēigeanuis; ōir do bud fearr an biad do roinn an tan sin nā mōrān do chaithim aenfheacht.

4685 Annsa tsamrad, immorra, innarbthur an fuacht ⁊ tinnsgnuid an teastēigthear na gaetha ⁊ tirmuigthear na cuirp; ar an adbur sin dēntur aipstinens ō na neithibh teasaidi millsi olamla saillti, ⁊ mur on cēdna ō na neithibh līntacha 4690  thshāsaigeas co luath, ōir atā an teas nādūrda anfann a n-inaduib an dīleagtha an tan sin. Et bīth a n-arān do chruithneacht glain ⁊ bīth a ndeoch anfhann do rēir brīge mīnidius an tart  p.74 infra 2154691  amāin. Et dligid regimen an tsamraid uile 4695  claenad chum fuaraideachta ⁊ chum flichideachta. Agus dleagur caithim co minic ann ⁊ beacān ar aen-sligi. Agus bīd na biada so-dīleagtha; ⁊ nī headh amāin dligid siat beith fuar do rēir brīge acht beith fuar do rēir gnīma.

4700 Et fliuchthar cumdaigi na teag a huisgidib glana aenda, lē haigēid nō lē duilleabur crann fuar arna cōrugud ar fhud an tigi, mur atā, duilleabur saileach ⁊ a cusmaile, ⁊ curthar soitheach lán d'uisgi a cūluib na seōmrad annsan aimsir 4705  sin. Seachnuid siat sēideadh na ngaeth fuar ⁊  462 seachnuid cuisle ⁊ coimriachtain ⁊ leigeas laccthach ⁊ saethur ⁊ trēigeanus mōr, ⁊ gach uile nī thēigius ⁊ tirmuigius.

Annsan fhodmur, immorra, as mōr dligmid beith 4710  deithideach ag tabairt regimen maith; ōir nī fhuilngid na cuirp, ar son mailīsi coimplexa na haimsiri so ⁊ ar son anfainne na mbrīg, seachrān do dēnam annsa regimen; ⁊ nī liginn gnāthugud dona biaduib oilius co maith, gid eadh, nī liginn 4715  an diet inmolta do tharcaisniugad. Et atā an aimsear so tirim co mōr ⁊ bīt na cuirp teasaidi; ar an adbur sin dligmid ar n-indtinn uile do beith a fliuchad na corp ⁊ a calmugad na mbrīg. Mās ead, as intseachanta annsan aimsir so gach 4720  uile nī thirmuigius an corp ⁊ anfhainnidius an brīg; mās ead, seachaintear an choimriachtain,  p.75 infra 216-74721  ōir tirmuigid ⁊ anfhainnigid sī na cuirp. Agus mur an cēdna do-nīd na smuaintigthi ⁊ an t-imshnīm mōr ⁊ an dobrōn ⁊ deoch uisgi fhuair 4725  ⁊ fothragad uisgi fhuair, ōir dūnaid sin na pōire ⁊ do rēir chonsiquens cūisigid fiabras.

Tuillead: dleagur tart ⁊ gorta do sheachna an aimsear sin, ⁊ nā līntur an brū a n-aenfheacht innti. Et bīth an fīn uisgimail co hinmeadōnach. 4730  Agus is cusmail regimen an fhodmuir rē regimen an tsamraid a mōrān d'inaduib, co tī fearthain annsa fodmur; ⁊ an uair tic, as mōr an t-innillius do-nī sī ō mōrān d'easlāintib. Gid eadh, is mō dligmid beith deithideach a ceartugad ⁊ a comfhurtacht 4735  na leannann annsan aimsir so nā a folmugad. Et seachaintear na tortha annsan fhodmur, ōir geinid siat leanna atā ullam chum morgaid; ar an adbur sin cusmailtear an aimsear so rē galar do-nīthear ō thruailliugad.

4740 Tuillead: as mōr as intseachanta fuacht na hoidchi ⁊ teas an lae annsan aimsir so. Ōir is ro-urchōideach easlāinti na haimsiri so, et dā teagmad easlāinti do neach annsan aimsir so, freagurthur ana tosach ī, sul daingnidius sī. Et 4745  dā faicim na leanna ar peacugad, folmuigthear iat sul tī an geimread, innus nach daingnigthi iat ō fhuacht an geimrid ⁊ co mbeith sī ō hoin amach 'na cūis do mōrān d'easlāintib eile.

Annsa geimrid, immorra, fēdmaid mōrān do  p.76 infra 2174746  4750  biaduib teasaidi reamra do chaithim ⁊ spās fada do beith eaturra, ōir atā an teas lāidir a climaduib an chuirp. Ar an adbur sin dā mbia coimplex fuar ag neach as eīdir leis gnāthugad do gairleōig ⁊ d'uinneamnaib an tan so, ⁊ do biad eile cōirigthear 4755  ō spīsrad teasaidi; ⁊ as imchubaid lictabāire teasaidi dōib annsan aimsir so. Gid eadh, na daīne ōga gā mbī coimplex teasaidi, as gu measurda dligid siat na neithe so do chaithim; ōir ginco dearnaid olc do raidlean 178, as baedal ar teacht an 4760  earruigh an tshamraid droch-easlāinti do geineamain uatha, acht muna furtachtaidthear iat ō chuislinn ō phurgōid. Et atā drong eile ithius mōrān annsa geimrid ⁊ ibius mōrān fīna ⁊ do-nī beacān saethuir, ⁊ as imchubaid cuisleanna 4765  dōib sin a tosach an earruig. Et dā mbia droch-oileamain reamur acu annsan aimsir sin, as inlactha an brū ana diaid sin.

Tuillead: is mō dleagur saethur do dēnam annsan aimsir so nā a n-aimsearaib eile na bliadna, 4770  ⁊ is mōr atā coimēd na slāinti annsan aimsir so, ar an adbur sin nī bī neach easlān ann acht ō chūis mōir lāidir ⁊ ō sheachrān mōr annsa regimen.

Ōir imdaidthear linn finn annsna corpaibh isin aimsir so, ar an adbur sin is maith gan na praiseacha 4775  nāid na tortha lē n-oiltear na daīne do beith fuar fliuch; ar an adbur sin as intseachanta an phraiseach do-nīthear do lactuca ⁊ d'atriplex ⁊ dā  p.77 infra 217-84776  cusmailib annsan aimsir sin. Gid eadh dligmid persille ⁊ borrāitsi ⁊ sāitsi ⁊ minntus do gnāthugad; 4780  et as mar an cēdna tuicthear dona torthaib. Agus dligid an fīn gnāthuigthear annsan aimsir so beith dearg. Et seachaintear cuisle do ligin annsan aimsir sin; ⁊ dligmid an phurgōid do gnāthugad muna toirmisgi fuacht ro-ard ī.4785  Tuillead: nī dleagur sgeathrach do dēnam ar  463 aen-mod annsa geimrid. Tuillead: as mōr dligmid beith deithideach do dīn an ochta ⁊ na mball atā 'na chomursanacht ōn fhuacht, ⁊ mur an cēdna don inchinn ⁊ do ballaib fuirimeallacha 4790 an chuirp ⁊ co speitsialta dona cosaib.

10. An deachmad c ai b idil : Dona grānaib ⁊ don arān

Quia sermones uniuersales in operacionibus sunt inutiles nisi applicentur ad particularia: .i. is mī-tharbach comrāiti uilidi acht muna ceangailtear iat dona neithib rannaidhi ana n-oibrigthib. 4795  Ō do luaideamur don taeb thuas dīn dona hoileamnaib a coitchinne laibeōrmaid ann so co speitsialta dīb. Et ar tūs dona biaduib, ⁊ an dara huair dona deochaib nādūrda ⁊ ealadnacha. An  p.78 infra 2194796  mēid beanus sē risin mbiad beid179 naī caibidleacha 4800  speitsialta ag labairt de: an chēd-chaibidil dona grānaib ⁊ dona harānuib; an dara caibidil dona potāitsib; an treas caibidil do na torthaib; an ceathramad caibidil dona luibib ⁊ do na praiseachaib; an cūigead caibidil do na prēmuib; an 4805  seisead caibidil do na hainmintib; an seachtmad caibidil d'imurcachaib na n-ainmintid; an t-ochtmad caibidil dona hiasguib; an naemad caibidil dona sabsaib ⁊ do na blasaib.

Bīth a fhis agad co ndēntur an t-arān don 4810  chruithneacht ⁊ don choirci ⁊ don eōrna ⁊ don tsheagal ⁊ don milium ⁊ do rais. Agus nī dīb so amāin do-nīthear an t-arán acht dā gach nī dā ndēntur panisium. Et as ead as panicium ann, .i. grān beirbthear a n-uisgi co mbī sē 4815  daingin a cusmailius arāin; ⁊ an uair beirbthear an grān sin ar uisgi co fuirbthi, co mbī sē tiug, ⁊ cumuiscthear co maith rē huisgi ē ⁊ curthar ainnsēin ar miasaib ar saltaraib gu fuara, ⁊ as cusmail rē harān é an tan sin ⁊ fēdtur a 4820  gearrad mur do-nīthear arān. Et as imchubaidi ⁊ as fearr do-nīthear so dona grānuib beaca nā dona grānuib mōra, mur atā milliumris , ōir is foirbthi cumuiscthear iat rē huisgi arna mbearbad. Et nī mōr gnāthuigthear panicium, ⁊ co hāirithi 4825  a coimēd na slāinti, ar son easbaid an tshalainn ⁊ an laibēn; mās ead, ligim torum é.

 p.79

infra 219-20

An chruithneacht, immorra, beirbthear a n-uisgi, nī mōr as imchubaid ī a coimēd na slāinti, ōir imdaigid dūinti ⁊ bēisti. Et tuicthear a 4830  chusmailius sin dā gach uile phastae shlim dā ndēntur biad; ōir is mall dīleagthur an t-arān slim, ⁊ is oileamain reamur rigin do-beir sē uaid, ⁊ togairmid sē cuirineach na bronn, ⁊ imdaigid sē gaethmuireacht isna hinnib. Et mās imchubaid 4835  d'aen-droing é as don droing do-nī saethur lāidir ⁊ agā mbīt cuirp lāidiri as imchubaidi ē.

Et as ē an t-amidum as fearr ⁊ as ēdruma dīb, ar son tirmacht na cruithneachta ⁊ ar son fuirbtheachta dīleagtha a fhlichideachta. Agus is 4840  mōr oilius , ⁊ is deacair a dīsgaīlead, ⁊ is don droing shaethruigius co mōr is luga urchōididius, ōir nī himchubaid don droing agā mbīt cuirp measurda ar aen-mod é. Et dā teagmad co gnāthōchaidi cruithneacht do chaithim, beirbthear 4845  an chruithneacht a n-uisgi ar tūs, ⁊ 'na diaid sin caitear lē heanbruithi feōla inmolta lē bainne almont, ⁊ is biad imchubaid sin ar mod ēigin do lucht an trēiginuis, ōir is mall claechluigthear ē, ⁊ arna dīleagad as mōr oilius.

4850 Et fēdtur mur an cēdna na biada do dēnum don eōrna ⁊ don choirci, ⁊ is mō as imchubaid mur biad iat nā an biad do-nīthear don chruithneacht. Et nī molaim an biad do-nīthear do phanicium nā do milium, ōit is beac oilid ⁊ is 4855 deacair a ndīleagad, ⁊ geinid linn dub, ōir atāit  p.80 infra 220-14856   464 siat fuar tirm annsa dara cēim, ⁊ ceanglaid an brū, ⁊ fuaraid ⁊ casaid an gaile.

Et an uair do-nīthear biad eile dona grānaib sin as ēigin a croicinn do buain dīb; ⁊ is fearr 4860  oilid siat an tan sin nā mur adubrumar romainn. Agus dā caitear maille feōil mēith maille heanbruithi mēith iat, as mōr ceartaigthear a fuaraideacht ⁊ a tirmaideacht.

Et as ē an t-arān do-nīthear don chruithneacht 4865  as mō atā inmolta dīb, ⁊ 'na diaid sin an t-arān eōrna, ⁊ na diaid sin an coirci. Et nī moluim an t-arān do-nīthear dona grānuib eile a coimēd na slāinti.

Agus seachaintear na grāin adubrumar do 4870  thruailliugad ō arsaideacht. Et nī dliginn an chruithneacht beith arsaid, nā beith anabaid, nā ro-nuad, nā arna timurgad ō droch-buain; acht dligid grān na cruithneachta beith reamur trom a' claenad chum deirgi. Agus dleagur cainndiacht 4875  measurda thshalainn ⁊ uisgi do chur air innus nach beith sē ro-bog nā ro-thirim nā ro-chruaid; ⁊ dleagur lauēn do chur ann, innus comad usaidi a dīleagad ⁊ comad lugaidi do geinfidi dūinti ⁊ pēiste ⁊ clocha annsna dubānuib ⁊ annsa lamannān. 4880  Et nī dliginn sē beith te nā cruaid ō arsaideacht, ⁊ beirbthear an cēd-lā é. Et tabair dot aire gu mōr nā bīa an teine lē mbeirbthear an t-arān ro-lāidir nā ro-ēgruaid, ⁊ co mbīa sī do chonnad imchubaid gan beith morguigthi. Agus mad  p.81 infra 221-24881  āil linn a beith oileamnach co mōr glantur ōna 4885  bran uile hī. Agus mad āil linn an brū do lagad, leigim mēid ēigin don bran ann; ōir as beac oilius an bran ⁊ lagaid an brū, ⁊ do-nī an min a chontrārda so.

Tuillead, bīth a fhis agat gurab fearr ⁊ gurab 4890  luaithi oilius an taes nā mur do-nī an crūsda fuirimillach, ōir geinid an crūsda linn dub; ⁊ nī mōr as imchubaid dona daīnib slāna é, acht don droing agā mbīt gailidi fliucha ⁊ lērb āil dol a truaigi; ⁊ as a ndeireadh na coda as mō as 4895  imchubaid é, ⁊ do-beir sē furtacht chum an bīd do thuitim a n-īchtar an gaili, ⁊ comfhurtachtaigid bēl an ghaili. Agus is lōr linn a ndubramar dona grānaib ⁊ don arān ⁊ do phanisium.

10. An t-aenmad c ai b idil dēg : Do na pot āits ib

4900 Consequenter de leguminibus sunt alica breuia disenda .i. ō dubrumar ní don taeb thuas dīn do na grānuib, adēram neithe ēigin athchumaire do na potāitsib ana ndiaid. Agus na potāitsi gnāthuigthear atāit cūig gnēithe orra .i. gnē do-nīthear do 4905  shisera ⁊ gnē do phōnuire ⁊ g do-nīthear do robus ⁊ gnē do-nīthear do lentes ⁊ g do-nīthear  p.82 infra 222-34906  do phis. Agus mā tāit gnēithe eile orro fēdtur a treōrugud chuca so.

Et atā substaint gach uili photāitse gaethmur 4910  dodīleagtha, ⁊ as linn dub geinius; ar an adbur sin nī himchubaid iat do na corpaibh measurda, an feadh mairid siat a leithid na slāinti. Et as intseachanta na potāitsi, gid eadh, an t-uisgi ana mbeirbthear iat lagaid an brū ⁊ togairmid an 4915  fual ⁊ oslaigid dūinti na cuisleann; ar an adbur sin as imchubaid gu lōr an nī ana mbeirbthear iat annsna haimsearaib a ngnāthuigthear biada reamra ō ndēntur dūinti, mur atā, aimsear an trēigeanuis. Et an uair do-nīthear an t-eanbruithi 4920  sin co himchubaid, mur theigeōsgmaid a cēdōir, as luga d'urchōid atā ann nā annsa substaint; ōir nī fhuil gaethmuireacht nā docomlacht dīleagtha, nā mailīs oileamna innta.

Et is mur so do-nīthear an t-eanbruithi sin .i. 4925  curthar sisera pis a n-uisgi fhiuchach feadh oidchi ⁊ coimeltear lē lāmuib iat aimsear fhada ainnsēin; tempearāiltear iat annsan uisgi chēdna feadh oidchi, et arna bārach leagar fiuchad fā dō fā thrī dōib; ⁊ sgagthar ainnsēin ⁊ coimēdtur. 4930  Et ullmuigthear é a fogus don chuid maille  465 cainēl ⁊ rē spica nardi ⁊ rē seinsēr ⁊ rē crōch ⁊ beacān fīna do chur ana cheann; ⁊ leagur fiuchad lāidir dō ainnsēin ⁊ taburthar a tosach na coda. Et oslaigid an t-eanbruithi sin na cuisleanna p.83 infra 223-44931  4935 n-abur uene capillares na n-ae ⁊ na seilgi, ⁊ togairmid an fual, ⁊ laguid an brū ōna dūintib, ⁊ coimēdaidh na dubāin ⁊ an lēs ōna cruatan.

Et as ē eanbruithi siser ⁊ na pisi cruinne gile as fearr ⁊ as imchubaidi ⁊ as cairdeamla don 4940  nādūir dīb, ⁊ as fearr a substaint nā substaint na potāitsi eile a n-eanbruithi. Et as ī potāitsi an phōnuire is measa dīb, ⁊ co hāirithi an uair beas maille na chroicinn; ōir as ī is mō geinius gaethmuireacht ⁊ is deacra do dīleagad ⁊ is mō 4945 mēduigius linn dub.

Et as inchomurthuig co deithideach gurab measa oilius an croicinn fuirimeallach ⁊ gurab deacra a dīleagad nā an t-eitne. Item cumgaigid croicinn an phōnuire an brū ⁊ lagaid an t-eitne, ⁊ atā so 4950  gu fīrinneach an gach aen-photāitsi: gid eadh, nī hinchaithme iat ar aen-shligi ar son an chumuisc ealadnaig atā orra, ōir lagaid cuid acu ⁊ fostaigid an chuid eile; ⁊ is mur sin cūisigthear gluasacht suinneānach sa chorp uatha. Et atā so fīrinneach 4955  ag labairt co speitsialta do na potāitsib ara fuil mōrān croicinn fhuirimeallach, mur atā, pōnaire ⁊ cicera mōra. Et as cūis do na cūisib fā n-abur an phis chruinn geal do chaithim, ro-shēime a croicinn; ar an adbur sin fēdaidh neach a caithim 4960  co hinnil maille na croicinn, acht gē fearr ī arna glanad ōna croicinn.

Et na potāitsi do-nīthear do na grānuib nuada  p.84 infra 224-54961  as luga bīs don chroicinn orra ⁊ is luga an deichfir bīs idir an croicinn ⁊ an t-eitne ⁊ as usa a 4965  ndīleagad nā an tan bīd arsaid; ar an adbur sin as dōig lē droing ēigin gurab mō atāit siat imchubaid don chorp daena an tan sin nā an tan bīt arsaid. Gid eadh, as fīrinneach gurab lia imurcacha na potāitsi nua ⁊ gurab sothruailligthi 4970  a substaint nāid na potāitsi arsaidi, mās ead, as luga as imchubaid iat do na corpaibh slāna ar mbeith an respectum sin acu nāid nā potāitsí arsaidi.

 466Et adeirim co fīrinneach ar an adbur sin gurab 4975  imchubaidi na potāitsi tirma an uair glantur ōna croicnib fuirimeallacha iat nāid na potāitsi nuada nach glantur. Agus as fearr na potāitsi nuada nach glantur ōna croicinn nāid na potāitsi arsaidi nach glantur. Mās ead, as maith na potāitsi 4980  glasa, an uair beirbthear iat air eanbruithi feōlann inmolta maille bainne almont, ar cur sheinnsēir gil ⁊ crōich orra. Et dā teagma na potāitsi tirma do chaithim, ⁊ gan a mbearbad air eanbruithi feōla, as maith uinneaman geal do gearrad co 4985  min ⁊ an potāitse do phriamacr;il maille ris ⁊ rē holaid na holiua ⁊ a caithim. Et is inchomurthaig co deithideach dā teagmad co caithfidi na potāitsi maille ris na biaduib eile, ⁊ cicera co hāirithi, gan a caithim a tosach na coda; ōir do thōgfaidis 4990  siat lēna ngaethmuireacht na biada eile chum bēil an ghaili lē toirmeōsgaidi an dīleagad.

 p.85

infra 225-6

Tuillead, nī hinchumuiscthi na potāitsi maille na croicinn fuirimeallach risna biaduib eile, ōir dā caitear roim na biaduib tair ēs na mbiad 4995  iat, mairid annsa ghaili maille rē mailīs; ⁊ dā caitear a meadōn na coda iat is amlaid as usa a cumusc risna biaduib eile, ōir ceartaigthear a mailīs ōn chumusc sin: mās ead, nārab ī an photāitsi bus cēid-meas nā bus meas dēiginach 5000  ar an mbord, acht dā caitear í a caithim a meadōn na coda, ōir is ann bus fearr a cumusc. Tuillead, bīth a fhis agad dā caitear na potāitsi a ndiaid na mbiad ele co treōruigid siat droch-aislingthi melancolica; ar an adbur sin nā caitear fā deōid 5005  iat. Et ó tā an dīleagad gā dēnam annsa gaile trē shligi fiuchtha, dā caitear na potāitsi a meadōn na coda as urusa a cumusc ris na biaduib, ⁊ ceartaigthear a mailīs.

Agus is lōr linn na neithe athchumaire sin do na 5010  potāitsib.

12. An dara c ai b idil dēg : Do na tort h uib

 381Sciendum quod quamuis fructuus in uia nutrimenti non competunt in sanitatis regimine .i. as intuicthi gingub imchubaid na tortha a sligid oileamna a coimēd na slāinti ar son gan a mbeith  p.86 infra 226-75011  5015 inmolta co coitchinn (ōir an oileamain do-gabur ō na torthaib geinid sī fuil shomorguigthi, ⁊ is beac oilid, ⁊ is mōr a n-imurcacha), gid eadh, gnāthuigid mōrān do daīnib na tortha ar son na tarbachta speitsialta tic ōna ngnāthugad.

5020 Et atāit cūig tharbachta fānab imchubaid na tortha a rēm-choimēd regimen na slāinti: an cd-tarbacht dīb, mīnigid siat linn ruad; an dara tarbacht, mūcuid siat ainteas fola deirgi; an treas tarbacht, fliuchaid siat na cuirp ⁊ fuaraid.

5025 Agus is iat so na tortha ordaigthear chugi sin .i. na tortha fuara fliucha, ⁊ co hāirigthi an uair bīt siat nua, mar atāit na tortha so .i. āirnida ⁊ persica ⁊ fīgida ⁊ caera ⁊ melones, cucumeris ⁊ sitruilli. Agus mad āil linn ainnteas fola deirgi 5030  do mīniugad a rannaibh an ochta ⁊ na mball spiradālta gnāthuigim do na neithib so adubramar romainn, mur atā, cucumer ⁊ melones do chaithim a ndiaid bīd; ⁊ mur an cēdna gnāthuigim na neithe sin an uair beas ainnteas annsan 5035  ucht ⁊ annsan inchinn ō biad ēigin do chaitheam, mur atāit, biada rōsdaigthi priāilti ō cūisigthear an t-ainnteas adubramar co minic.

Et mad āil linn ruad atā annsna cuisleannaib do chlaechlōd, ⁊ ainnteas fola deirgi atā annsna 5040  haeib ⁊ annsa sheilg ⁊ annsna ballaib ele do mīniugad, caitear na tortha adubramar an tan sin roim biad; ⁊ ibthear uisgi fuar innus comad luaithidi  p.87 infra 227-85041  do reachdais chum na cuisleann ⁊ coma mōidi in t-innfhuarad; ibthear fīn ana mbia uisgi co maith, ōir is 5045  sē as mō moluim.

Et is mō atāit na tortha sin imchubaid a n-aimsir samraid ⁊ fodmuir nā isna haimsearaib eile: ōir is bīt na cuirp annsan aimsir sin tirim ⁊ is mō gabuid lasad chucu ⁊ is mō imdaigid 5050  leanna coilearda innta nā isna haimsearaib ele. Agus mur an cēdna is imchubaidi na tortha sin adubramar do lucht leanna ruaid ⁊ fola deirgi ⁊ do na daīnib ōga nā do na haesaib ele ⁊ do na coimplexaib ele.

5055 Et as inchomurthaig co deithideach gurab deacair melones ⁊ sitruilli ⁊ cucumeres do dīleagad; ⁊ an linn geintear uatha bīth sē ullam chum murgaid ⁊ geintear fiabrais rigne uatha. Et gid eadh, bāigid siat an tart, ⁊ mīnigid an t-ainnteas, 5060  ⁊ comfhurtachtaigid an gaile, ⁊ lagaid an brū, ⁊ togairmid an fual, ⁊ brisid na clocha arna caithim maille sīltaib; ⁊ as fearr cucumer nā melones ⁊ sitruilli.

Gid eadh, as intuctha d'aire nach beid na tortha 5065  adubramar anabaid nā arsaid; ⁊ as inchoimēda an cuingill so an gach aen-torad. Agus an uair ticid siat chum beith abuid co fuirfe, dubaid ar na crannaib ⁊ ithid na damāin allaid iat. Et nī himchubaid a ngnāthugad so ar aen-mod, ōir 5070  ullmuigid siat na leanna chum morgaid, ⁊ imdaigid  p.88 infra 228-95071  bubonescarbongculusantrax annsna corpaibh gnāthuigius iat; ⁊ do-nīt smēra na drisi an cēdna, dā licthear dōib ar na crannaib nīsa shia nā an chōir. Et as mur an cēdna atāid na caera ⁊ adbur 5075  na seirīneadh reamur dā ngairthear calmones anar teangaid-ne. Et an uair gabmaid na tortha sin adubramar, ⁊ iat ar teacht chum beith abuid in mēide so co n-oiltear na damāin allaid uatha, nī  382 dligmid a caithim nā a ngnāthugad ar aen-mod in 5080  tan sin, nā aen-torad ana fadthur pēist ara lār; ōir foillsigid sin truaillead.

An dara tarba fā ngnāthuigid na daīne na tortha do chaithim, ar son na bronn do lagad. Agus atāit drong co nādūrda do na daīnib bīs 5085  stupāilti do gnāth nīsa mō nā mur reagur a leas; ⁊ rigid a leas in drong sin tortha lagus an brū do chaithim. Et is iat so na tortha sin .i. caera ⁊ āirneadha ⁊ smēra drisi ⁊ seirīne aipchi ⁊ persica boga. Ar an adbur sin as ingnāthuigthe na tortha 5090  adubramar roim biad; ⁊ nī hinchaiti biad ele 'na ndiaid, ach as inanta spās ana ndiaid, ag ōl eanbruithe fīna uisgeamail uisgi fhuair, ōir adearait drong gurab imchubaid na neithi sin adubramar do lucht leanna ruaid ⁊ don droing 5095  aitreabus a rēgiōn ro-theasaidi ⁊ do na daīnib ōga ⁊ a n-aimsir theasaidi; ⁊ is fearr eanbruithi feōla inmolta d'ōl in tan sin fīn milis uisgeamail nā in t-uisgi.

 p.89

infra 229-30

Et as intuicthi co maith co fuilid trī moda ar 5100  na caeraib .i. caera ainaipchi, ⁊ is dīb do-nīthear agresta; ⁊ caera aipchi glasa nuada, ⁊ is eistib beantur an fīn; ⁊ caera tirma rē n-abur uua passa.

Na cēd-chaera adubrumar, nī lagaid an brū 5105  acht is mō fhostaigid, ⁊ togairmid an tochlugad cūisigthear ō linn ruad neam-glan, ⁊ innfhuaraid ainnteas in gaile, ⁊ is mōr fhodnaid siat annsa flux bronn do-nīthear ō linn ruad.

Gid eadh, na caera aipchi, ⁊ co hāirigthi na caera 5110  geala nuada gan sgealla gan eitnida ⁊ gan croicinn, lagaid an brū; ⁊ is iat is mō ⁊ is fearr oilius, ōir oilid mur do-nīd na fīgid . Gid eadh, geinid siat gaethmuireacht ⁊ teinneas bronn; ⁊ dā curthar lā dā lā a fiadnuise grēine iat is feirrdi 5115  oilid siat ⁊ is lugaidi lagaid nā geinid gaethmuireacht. Gid eadh, an drong gā mbit gailidi lāna do biad, ⁊ iat neam-glan lān do droch-leannuib, nī dligid siat ar aen-mod caera do chaithim ⁊ co hāirigthi an uair bīt nua gan sgealla; ōir is luath 5120  truailltear iat annsa gaili neam-glan, ⁊ dīleagthur iat a cēdōir annsa gaile lān do biad; ⁊ an uair nach ēidir leō an gaili d'fhāgbāil tar ēis a ndīleagtha, ⁊ an biad ele gan beith dīleagtha, truailligthear iat an tan sin ⁊ truaillid sin an biad ele; ⁊ tuicthear 5125  a chusmailius sin do na torthaib laccthacha ele. Agus mad āil lē neach na caera glasa nuada do  p.90 infra 230-15126  chaithim is maith a cur a n-uisgi fhiuchach fead uaire, ⁊ a cur a n-uisgi fuar annsēin sul caitear.

Et is mō claenuid uua passa chum teasaideachta 5130  nā chum fuaraideachta, ⁊ comfhurtaigid an gaili ⁊ mēithigid na hae, ⁊ co hāirigthi an uair glantur iat ōna sgeallaib.

Et as inchomurthaig co deithideach co fhuilid gnēithe imda ar na fīgeaduib; gid eadh, atāit 5135  siat uile teasaidi fliuchaidi annsa chēid-chēim. Agus is iat na fīgid geala is fearr dīb ar son shēime a substainti ⁊ measurdacht a teasaideachta; gid eadh, is urusa a truailliugad ⁊ atāit uili gaethmur ⁊ geinit mīla. Et is tarbach don ucht 5140  iat ⁊ do chruatan na n-ārann. Agus gach mēid dā mbeid siat as ī in mēide sin is inmolta iat, ōir foillsigid sin gur ligidar mōrān dā ngaethmuireacht uatha ⁊ geinid fuil maith. Agus dā caitear iat a tosach in mīs do lagad na bronn, ⁊ dā mbeid 5145  siat nua dā mbeid tirim, ibthear eanbruithi fīn leō, ⁊ co hāirigthi ibit in drong agā mbīd ae fuara sin leō; gid eadh, in drong agā mbīd teasaidi as innile dōib uisgi fuar d'ōl leō, ⁊ nī do thogairm an fhluxa sin.

Do na smēraib

5150 Agus bīth a fhis agad nach laguid na smēra  383 anaipchi an brū ach is mō fhostaigid ī, ōir atā  p.91 infra 231-25151  nādūir ⁊ brīg fhrithbuailti ⁊ stipeacda inntu. Gid eadh, lagaid na smēra aibchi an brū, ōir claenuid siat chum fuaraideachta ⁊ chum flichideachta; ⁊ nī 5155  dleagur a caithim ar aen-mod tar ēis bīdh ar son foāmuithi a substainti. Agus na daīne bīs amuirseach ar morgad na leannann nā gnāthuigid siat smēra, ōir is torad somorguigthi co mōr iat; ar an adbur sin nī moluim co mōr iat don droing 5160  atā ullam chum fiabrais.

Do na hāirneadaib, immorra, bīth a fhis agad co ngnāthuigthear iat abuid ⁊ anabaid. Na hāirnidi aipchi, immorra, is iat is mō is imchubaid dīb, ⁊ a mbeith a fuirm fhada ⁊ iat fēin mōr ⁊ 5165  beacān feōla orra ⁊ iat cruaid a' claenad chum stipeacdachta ⁊ croicinn tana orra. Agus nī dligid blas milis co fīrinneach do beith orra acht blas milis a' claenad chum gēiri; ⁊ is mur sin atāit āirnidi Damasena. Et fliuchaid ⁊ fuaraid 5170  na hāirnidhi; ar an adbur sin is imchubaid iat do lucht na fiabras, ⁊ lagaid an brū mur adubramar.

Et atāit mōrān do gnēithib ele ar na hāirnidhib ⁊ nī moluim a ngnāthugad: ōir atā gnē beac fhiadānta dīb rē n-abur prunella, ⁊ atāit siat beac 5175  cruinn ⁊ fāsaid ar na claidib ⁊ nī lagaid siat an brū acht is mō fhostaigid, ⁊ is dīb do-nīthear acasia fhostaidius an brū.

Et dligid na hāirneadha caitear do lagad na bronn a chur a n-uisgi fuar ar tūs fead uaire: ⁊  p.92 infra 232-35176  5180 is mur sin is fearr fhuaraid siat ⁊ fhliuchaid, ⁊ an uair theagmaid do linn ruad folmuigid ē ag sleamnugad, ⁊ is mur sin is fearr ullmuigid siat an gaili chum gabāla an bīd.

Et bīth a fhis agad co deithideach gurab iat na 5185  hāirneada fliucha nuada is mō fholmuigius linn ruad, acht gid iat is measa oilius ⁊ is mō imurcacha. Gid ead, is mō chomfhurtachtuigid na hāirneadha tirma ⁊ is fearr oilid an corp.

Agus mur tuicthear do na hāirneaduib tuicthear 5190  a chusmailius sin do na seirīnib. Agus bīth a fhis agat gurab luga do fhlichideacht atā annsna seirīnib nā annsna āirnidhib ⁊ gurab sēime ⁊ gurab luga is rigin iat; ar an adbur sin is luga oilid siat nā oilid na hāirnidhi.

De Perciccis

5195 Ōir geinit siat leanna so-morguigthi ⁊ comfhurtachtaigid in tochlugad ⁊ nī dleagur a caithim tair ēs bīd, ōir do thruaillfidis siat an biad, acht caitear iat roim in mbiad mur do-nīthear na hāirnidi; ōir dīleagaid siat 180 co maith in tan 5200  sin, ⁊ comfhurtachtaigid an gaili te coilearda gā fhuarad ⁊ gā fhliuchad. Agus is maith a mboltanugad a n-aigid cardiaca pasio, et comfhurtachtaigid siat an craidi co mōr. Agus atā dīsleacht chumachtach  p.93 infra 233-45201  acu a n-aigid an brēntuis an dobalaid 5205 tic ōn gaili ⁊ ōn ucht.

Agus dā mbia gaile fuar anfann lān do droch-leannuib ag neach, ⁊ persica do chaithim ar cēd-longad, furtachtaigid co mōr iat; ⁊ is maith sein-fhīn deadh-balaid d'ōl mailli riū 5210 innus comad usaidi na leanna do dīleagad ē, ⁊ do cheartugad mailīsi in phersica, ⁊ co hāirigthi dā mbeid siat cruaid.

Agus bīth a fhis agad co laguid na persica aipchi an brū; ⁊ an uair bīt anabaid co fostaigid.

5215 Et is intuicthi an gach uile thorad nach dleagur tortha ēxamla do chaithim a n-aenfheacht: ar an adbur sin an drong caithius fīgid nī dligid siat caera na fineamna do chaithim, ⁊ mur sin do na torthaib ele. Et mur dleagur na biada ⁊ na deocha 5220  ēxamla do sheachna a regimen na slāinti is mur sin ⁊ nīsa mō dleagur na tortha ēxamla do sheachna.

Agus is mur sin is follus an dara tarba ar son a ngnāthuigthear na tortha do chaithim a regimen na slāinti, ⁊ mod a ngnāthuigthe.

5225 An treas tarba ar son a ngnāthuigid na daīne na tortha do chaithim a coimēd na slāinti: ⁊ is tarba dīb an brū d'fhostōg. Agus atā cuid do na  384 daīnib agā mbī brū laccthach co nādūrda co haicīdeach nīsa mō nā mur reagur a leas; ⁊ 5230  dligid so tortha fhostuigius an brū do gnāthugad, mur atāit, orāitsi ⁊ pēirida ⁊ ubla ⁊ mespila  p.94 infra 234-55231  sorbe. Agus an uair caitear na tortha so roim in mbiad stupāilid an brū. Et nī dleagur na tortha adubramar do chaithim a caindiacht mōir, 5235  ōir is olc oilid ⁊ is deacair a ndīleagad; ar an adbur sin in biad caitear ana ndiaig is luaithi dīleagthur é nāid na tortha adubramar, ⁊ mairid nīsa shia nā an chōir annsa ghaili ⁊ truaillid in dīleagad, mur is follus annsa feōil beirbthear nīsa 5240  mō nā an chōir co truailltear ī. Et caitear na tortha sin adubrumur a tosach na coda ⁊ a mēid bic mad āil linn an brū d'fhostōg. Agus mad āil linn an brū do lagad caitear a ndeireadh na coda iat.

5245 Et is iat na horāitsi is mō is inmolta dīb, ōir atāit siat deadh-balaid do leith a stipeacdachta ⁊ a poinnticdachta, ar an adbur sin comfhurtachtaigid siat an gaili ⁊ an craidi co mōr; ar an adbur sin is mōr is imchubaid iat do thogairm in tochluigthi 5250  truailltear ō linn ruad neam-glan. Et is maith a folach a stufaib ⁊ a mbearbad a luaith té; ⁊ an uair glantar iat ōna n-imurcachaib curthar a fīn maith deadh-balaid iat, ⁊ is ar an mod so is mō oilid siat ⁊ is luga thromuigid an 5255  gaili ⁊ is luaithi dīleagthur; ⁊ is ar an mod sin dleagur a tabairt do na daīnib agā mbīt gailidi anfhanna.

Et is mōr atāit na horāitsi oma stipeacda ⁊ is  p.95 infra 235-65256  deacair a ndīleagad, ⁊ nī dligid an drong gā mbīt 5260 gailidi anfanna fuara a caithim ar aen-mod.

Do na pēiridaib

Agus gach foicsi do deadh-balad ⁊ do shubstaint ⁊ do blas ⁊ do dath na n-orāitsi beid, as ī in mēide sin bus imchubaíd don gaili iat, 181 {} ⁊ do cheangal na bronn an uair caitear iat roim in mbiad ⁊ do 5265  lagad na bronn an uair caitear iat ⁊ i ndiaid in bīd. Et a chontrārda so atā ag na pēiridaibh millsi agā fuil substaint bog; ⁊ beirbthear iat mur do-nīthear na horaītsi.

Et bīth a fhis agad co deithideach an uair 5270  caitear pēireadha orāitsi ar cēd-longad gurab cūis lāidir do cholica iat. Et dā teagmad co caithfide iat ar cēd-longad a n-aen-chūis, ibthear fīn arsaid deadh-balaid a caindiacht big ana ndiaid, mur adubrumar romainn do na 5275  pēireadhaib.

Do na hubluib

Bīth a fhis agat co fētar na hubla do chaithim roim biad ⁊ 'na diaid; ⁊ is mo atāit siat imchubaid  p.96 infra 236-75276  chum na hoileamna nā atāit na tortha poinnticda aigēidigthi stipeacda, ōir atā rēsūn inann dā 5280  poinnteacacht ⁊ dā stipeacdacht, mur atā, do na horāitsib ⁊ do na pēireadhuib, do leith a mbrīge ⁊ do leith muid a taburta.

Na hubla deadh-balaid, immorra, comfhurtachtaigit siat an craidi ⁊ an inchinn ⁊ atā dīsleacht 5285  acu do chomfhurtacht na mball spiradālta dā mbeid siat ainmeasurda a teasaideacht; ⁊ as do na hubluib poinnteaca aigēidigthi tuicthir sin. Gid eadh, nī himchubaid na hubla millsi do na corpaibh coilearda, ōir inntaigthear iat a linn ruad 5290  co hurusa.

Et bīth a fhis agat co fuil droch-dīsleacht ag na hublaib a' geineamain gaethmuireachta annsa dara dīleagad ⁊ annsa treas dīleagad; ar an adbur sin adearuid na heagnuidi co ngeinit na hubla 5295  eitic, ōir in gaethmuireacht tic uatha atā droch-dīsleacht aici do thirmugad airteireadh in sgamāin.

De mespilis aut sorbis

Agus bīth a fhis agad gurab iat is animchubaidi do na torthaib adubramar romainn, ⁊ foillsigid poinnteacacht a mblasa ⁊ cruas a substainti sin. 5300 Et is luga dleagur do chaithim dīb so nā do na torthuib adubramar romainn; ⁊ is mō dleagur a  p.97 infra 237-85301  caithim mur leigeas nā mur biad, ar an adbur sin is imchubaid iat a flux na bronn. Et is tolltanaige sorbe nāid mesbuli. Ōir nī boguid na mespuli gu  385 5305 lōr ar na crannaibh, ar an adbur sin leagur dōib bogad sul caitear iat, ⁊ is mur sin is fearr a mblas.

Et is mur sin is follus an treas tarba fā ngnāthuigid na daīne cuid do na torthuib a leithid coimēda na slāinti.

5310 An ceathramad tarba fā ngnāthuigid na daīne na tortha a leithid coimēda na slāinti, do-gabur ī ō dlūthugad an bīd ō bēl an gaili chum a īchtair. Et atāit cuid do na torthuib do-nī an fāsgad sin ōna poinnticacht ⁊ ōna stipeacdacht, ⁊ do labramar 5315  dīb sin co lōr. Agus atāit cuid eile do na torthuib ō ndēntur in dlūthugad sin do leith truime ⁊ reime a substainti, mur atāit, cnō ⁊ castanea ⁊ a cusmaile. Ōir nī fhuil stipeacdacht nā poinnticacht ag in dā thorad so lē ndingeandais an dlūthugad sin, ⁊ 5320  nī fhuilid deadh-balaid chum comfhurtachta bēil an gaili; gid eadh, dlūthuigid siat an biad do leith a substainti ⁊ do leith a truma. Et nī mōr is imchubaid na tortha so do na daīnib slāna, ōir anfuinnigid siat an gaili trē deacracht a ndīleagtha, ⁊ 5325  nī fhuil millseacht acu rē furbaīltiginn an gaili nā stipeacdacht ō calmuigthear ē; ar an adbur sin is mōr is intseachanta na cnō glasa fliucha, ach gē dlūthuigid siat an biad ō uachtur co hīchtar an gaili.

5330 Castanea, immorra, as deacair a ndīleagad p.98 infra 238-95331  geinid linn reamur melancolica ⁊ dūnuid na cuisleanna. Et nī fhuil do na torthaib coillidi torad is fearr oilius nā castanea. Agus atā mēid ēigin stipeacdachta acu, ⁊ co hāirigthi an uair rōstaigthear 5335  iat, ar an adbur sin is imchubaid i ndiaid bīd iat.

Et is iat na cnō tirma is luga urchōidigius do na cnoib. Et dā mbeantur a croicinn dīb gabaid chucu mēid ēigin stipeacachta ⁊ millseachta ō calmuigthear ⁊ ō comfhurtachtaidthear an gaili, 5340  mur do-nī in castanea arna rōstad; mās ead, is arna n-ullmugad mur sin is imchubaid iat, ⁊ tar ēis bīd.

Item, is intuicthi gurab measa na cnō mōra tirma nāid na cnō Gaīdilacha, ōir is mō atāit siat 5345  olamuil nāid na cnō Gaīdilacha; ar an adbur sin inntaigthear a linn ruad co luath iat; ⁊ cūisigid teinneas cinn ⁊ buaidrid na sūile ⁊ geinit uertigo, ⁊ co hāirigthi an uair caitear iat tar ēis bīd; et treōruigid siat parilis na teangad ⁊ togairmid an 5350  sgeathrach; ⁊ an drong gā mbīt gailidi coilearda dligid siat na cnō tirma do sheachna. Agus gach arsuideacht dā mbeid is misti iat; ⁊ gach nuaidi dā mbeid is feirrdi iat, ōir nī fhuil in mēide so d'olamlacht inntu innus co ngeinfidis siat 5355  teinneas cinn nā uertigo ⁊ a cusmaile, mur do-nīt na cnō tirma. Et do rēir na flichideachta sleimne atā innta, lagaid an brū; ⁊ dā mbeantur a croicinn dīb ⁊ a caithim d'ēis bīd dlūthuigid an biad a n-īchtar an ghaili. Et dā caitear tirim  p.99 infra 239-405356  5360  roim biad iat maille fīgeaduib ⁊ rē ruib, is maith a n-aigid na neimi geintear ōn iasg iat.

Agus as mur sin is follus gurab imchubaidi na cnō ūra do na corpaibh slāna nāid na cnō tirma; ⁊ a chontrārda sin do na cnoib Gaīdilacha, ōir is 5365  fearr iat an uair bīt tirim na ūr.

Dona halmontaibh

Na halmoint millsi, immorra, atāit siat inmeadōnach idir na cnoib beaca ⁊ na cnō mōra; gid eadh, is fearr oilid siat ⁊ is imchubaidi don gaili iat nāid na cnō ele; ⁊ is ī mo dōich gurab 5370  fearr ūr iat mur biad nā tirim arsaid, ōir atā olamlacht innta tirim lē ndēnuit siat urchōid mur do-nīd na cnō mōra tirma. Gid eadh, nī fhuilid na halmoint tirma a com-olc risna cnoib tirma, ōir nī fhuil in mēide sin d'olamlacht innta.

5375 Et is inchomurthaid co deithideach nach mōr as imchubaid bainne na sean-almont tirim do lucht na fiabrus ar son na holamlachta atā innta, ōir cūisigid siat teinneas cinn ⁊ inntaigthear a linn ruad co hurusa iat. Gid eadh, is imchubaid bainne 5380  na n-almont nua do lucht na fiabras. Agus mad āil linn bainne gan beith olamuil do dēnum do na sean-almontuib .i. beantur a croicinn dīb ar tūs  p.100 infra 240-25381  ⁊ curthar ainnsēin a n-uisgi fhiuchach iat ⁊ nigthear  386 a n-uisgi fhuar iat ⁊ suaitear an bainne co lāidir 5385  ⁊ beantur a chubur de ⁊ beanaidh sin a olamlacht as.

Item, bīth a fhis agad nach imchubaid na halmoint tirma ar aen-mod roim biad nā tar ēis bīd, acht do thoirmeasc ēirgi na ndeathaigead amāin; ar an 5390  adbur sin toirmisgid in meisgi.

Na halmoint ūra, immorra, reamraigid in corp ⁊ measraigid ainnteas in gaili mēid ēigin. Et cnaīdit ⁊ glanuid flichideacht an gaili an uair caitear iat maille na croicinn fuirimeallach5395  toirmiscid in meisgi. Agus an uair caitear iat tair ēis na coda toirmiscid ēirgi na ndeathaigead chum an chinn; ⁊ comfhurtachtaigid in radurc ⁊ glanuid in t-ucht ⁊ osluigid dūinti na taeb; ⁊ do-nīt na halmoint shearba sin co hāirithi. Et 5400  co speitsialta tirmuigid siat imurcacha na taeb, ⁊ mēduighid substaint na hinchinne, ⁊ oilid co maith, ⁊ togairmid in codlad co hāilginach, ⁊ osluigid sligthi in fhuail, ⁊ furtachtaigit ⁊ cumgaidit feōil na fiacal dā cogantur maille na croicinn fuirimeallach 5405  iat.

An cūigead tarba tic ō gnāthugad na torthad a regimen na slāinti .i. in corp d'oileamain: ⁊ is i n-aimsir an ēigintuis tuicthear so ⁊ annsa chās a n-uireasbuigid na biada eile. Agus idir na torthaib 5410  uile in tan sin, is iat na fīgida fliucha, ⁊ caera na fīneamna is mō ⁊ is fearr oilius dīb. Na tortha  p.101 infra 241, 243-45411  fliucha eile, mur atāit, āirnida ⁊ a cusmaile, is beac oilid siat (⁊ is iat āirnidhe tuicthear ann sin .i. na bulāisi duba ⁊ geala), ⁊ mur an cēdna na 5415  tortha a mbī sūg mōr, mur atāit, ubla ⁊ pēireadha ⁊ a cusmaile; ⁊ is beac oilid siat, ⁊ co hāirithi annsa geimrid.

Na halmoint, immorra, ⁊ na cnō Gaedilacha ⁊ na cnō mōra ⁊ pini ⁊ a cusmaile, fēdtur a caithim mur biad a n-aimsir in ēigintuis 5420  ⁊ co hāirithi annsa geimrid.

Et bīth a fhis agad gurab deacair grān pini do dīleagad , ⁊ gurab ē is mō oilius do na torthaib olamla, ⁊ is lāidir in oileamain do-beir uaid; ⁊ is mōr glanus na dubāin ⁊ na baill spiradalta co 5425  hāirithi; gid eadh, is iat is easgairdeamla do na torthaib.

Dactuli, immorra, is dodīleagtha iat, ⁊ tromuigid in ceann, ⁊ geinit leanna reamra rigne, ⁊ dūnuid na cuisleanna, ⁊ sleamnaigit in t-ucht, ⁊ cūisigid 5430  in seile d'innarbad, ⁊ mīnigid in chosachtach, ⁊ toirmiscid morgad na fiacal ⁊ a fheōla, ⁊ is maith don gaili iat ōn mēid stipicachta atā innta, ⁊ cumguigit an brū. Agus dā caitear na tortha sin adubramar maille mil siūcra is luguidi urchōidigid don 5435  ghaili. Gid eadh, nī himchubaid dona corpaibh measurda a ngnāthugad, ⁊ co hāirithi an uair is mō caitear iat do leith na toile nā do leith na tarba.

 p.102

13. An treas c ai b idil dēg : Do na luib ib ⁊ do na prais ea c h uib

infra 244-55436  De herbis ⁊ oleribus que sunt in usu ponende sunt primo regule herbarum generales .i. do na 5440  luibib ⁊ do na praiseachaib atā a ngnāthugad; ⁊ is inchuir ar tūs riaglacha generālta na luibead ann so: an chēid-riagail dīb .i. gurab olc gach aen-luib co haenda, dā ngabur mur biad iat, chum oileamna in chuirp; ōir claenuid gach aen-luib 5445  do rēir a nādūire do geineamain leannann melangcolica flegmatica. Et do-nīt siat sin ōna substaint co huilidi a n-ēgmuis bugulusa ⁊ borrāitsi; ⁊ is iat in dā luib sin is fearr mur biad do na luibib ⁊ is luga urchōidigius.

5450 Et geinit na luibi fuara, mur atā, atriplexspinargiableta, fuil uisgeamail neim-dīleagtha fhlegmatica atā ullam chum morgaid ⁊ chum fiuchtha ar son a flichideachta, ⁊ ar son foāmuigthi a substainti ⁊ tearcacht a teasa nādūrda; ōir is 5455  luath gabuid so teas eachtrannach chucu.

Na luibe teasaidi, immorra, mur atā sāitsi ⁊ minntus ⁊ persille ⁊ a cusmaile, geinit siat fuil  387 gēr lasamain gontach theasaidi thirim, ⁊ nī himchubaid mur biad iat do na corpaibh measurda. 5460  Gid eadh, fēdtur a caithim mur leigeas chum rēm-choimēda ⁊ chum claechluigthi, mur atāit,  p.103 infra 245-65461  an drong agā fuilid coimplexa teasaidi ō linn ruad ō fhuil deirg, agā claechlōd ō gnāthugad luibead fuar annsa tsamrad. Et gnāthuigid in drong 5465  agā fuilid complexa fuara luibi teasaidi sēimiugad claechlōd, ⁊ co hāirigthi annsa geimrid.

An dara riagail .i. nach dleagur na luibi do chaithim om, ach lactucaportulaca maille haicēid, do cheartugad teasa fola deirgi ⁊ ainnteasa 5470  in gaili ⁊ na n-ae, ⁊ a caithim a tosach na coda a cainndiacht bic.

An treas riagail .i. na luibi teasaidi do gnāthugad annsna haimsearaib fuara ⁊ na luibi fuara annsna haimsearaibh teasaidi; ⁊ na luibi measurda, mur 5475  atā, borrāitsi ⁊ bugulosa, an gach aen-aimsir; ⁊ curthar annsa tsamrad spinargialactucableta farū, ⁊ annsa gēimread beacān do duilleabar minntuis ⁊ persille.

An ceathramad riagail: nach dleagur na luibi 5480  do chaithim in uair bīs a sīl abuid, ⁊ mur an cēdna nī dleagur a caithim co ticid chum mēide fuirfe.

An cūigead riagail .i. co ndleagur a n-ullmugad maille bainne almont, rē huisgi feōla inmolta, lē holaid na holiua.

5485 An sēmad riagail .i. gurab a tosach na coda dleagur an phraiseach d'ōl, ōir laguid sī an brū co coitchinn. Et teagmaid a chontrārda so do shubstaint in choblāin: acht gē tā eanbruithi in choblāin laccthach, ⁊ co hāirigthi in uair beirbthear  p.104 infra 246-75486  5490  co beac ē, gid eadh, an uair caitear substaint in choblāin fostaigid in brū; ar an adbur sin fēdtur substaint in choblāin do chaithim a ndeireadh in mīs 182 ⁊ a eanbruithi ana thosach. Agus nī healadnach an coblān ⁊ a eanbruithi do chaithim ar 5495  aen-shligid, ōir do chūiseōchdais gluasacht suinneānach annsa gaili ar son co lagann cuid dīb ⁊ co fostaiginn cuid eile; gid eadh, an uair beantur in t-uisgi ana cēid-beirbthear ē de, nī fhuil guasacht ana shubstaint do chaithim leisin dara heanbruithi 5500  leisin treas eanbruithi. Agus nī hanimchubaid an cēd-uisgi ana mbeirbthear na luibi fliucha lagus an brū do buain dīb, ⁊ a mbearbad ainnsēin ⁊ a caithim, ōir is mur sin is mō oilid ⁊ is luga lagaid.

An tseachtmad riagail .i. dā caitear na luibi 5505  fuara fliucha mur biad dleagur a n-ullmugad mar so .i. a flichideacht do measrugad; ar an adbur sin is maith a mbearbad a n-uisgi ⁊ a priāil ainnsēin a n-oluid milis, a mbearbad lē chēile arna cumusc a nī ēigin gā fuil brīg contrārda dōib; 5510  verbi gratia .i. atā in cucurbita fuar fliuch, ar an adbur sin as maith a bearbad ar tūs a n-uisgi, ⁊ a phriāil lē holaid ainnsēin, a chumusc lē neithib ēigin teasaidi, mar atāit, uinneamain ⁊ finēl ⁊ persille.

5515 An t-ochtmad riagail .i. gurab imchubaid na praiseacha chum oileamna, ⁊ co hāirigthi an uair  p.105 infra 247-95516  nach rannchuidigid na luibi dā ndēntur iat rē cāilib aduathmura; ⁊ is iat so na luibe sin .i. na luibe ar nach bī blas aduathmur ⁊ is mō bīs a 5520  ngaire do millseacht. Et bīth a fhis agad gurab iat so na luibi is gnāthaige dā ndēntur praiseacha .i. lactucableta, atriplex, portulaca, coblān, cucurbita, borrāitsi, bugulosa ⁊ persille, meirsi , uinneamain, lus ⁊ gāirleōg. Et adēram neithe 5525  athchumaire dīb so.

Agus ar tūs don lactuca. Agus is beac oilius sē, gid eadh, nī fhuil idir na huile luib, luib is mō ō ngeintear fuil maith nā é, acht co claenann sē chum fuaraideachta ⁊ chum flichideachta; ar an 5530  adbur sin is maith é do na complexaib teasaidi ⁊ a n-aimsearaib teasaidi ⁊ roim biad. Et fēdaidh neach a chaithim om beirbthi; gid eadh, is mo chlaechluigius sē om ⁊ is luga oilius, ⁊ a chontrārda sin an uair beirbthear é. Et nī dleagur a nigi, ōir an uair nigthear é geintear gaethmuireacht 5535  ⁊ deathaige ann, ⁊ ardaigthear a fhuaraideacht ⁊ a fhlichideacht ⁊ do rēir chonsiquens is deacair a dīleagad.

 388An lactuca, immorra, is luath dīleagthur é dā 5540  nādūir fēin; ⁊ mūchaid an tart, ⁊ mīnigid ainnteas leanna ruaid ⁊ fola deirgi, ⁊ measraigid fiuchad na leannann, ⁊ imdaigid bainne a cīgib na mbanaltrann, ⁊ dūisgid tochlugad an bīd, ⁊ nī lagann ⁊ nī fhostaiginn an brū, ⁊ nī thogairminn in fual. Et  p.106 infra 349-505541  5545  an uair caitear ar cēd-longad é roim fhīn, toirmisgid in meisgi; ⁊ togairmid in codlad; gid eadh, dorchaigid in radarc. Et is mōr is imchubaid ē do thogairm in chodalta do na sean-daīnib, gid ead, is maith a fhuaraideacht ⁊ a fhlichideacht do 5550  measrugad lē neithib teasaidi tirma deadh-balaid. Agus ceannsaigid an drūis ⁊ in choimriachtain. Agus fēdtur a chaithim a ndiaid biad ele, ⁊ co hāirigthi i ndiaid biad teasaidi ngēr, ōir is annsin is mō fhēdtur do chaithim de do chosg a mailīsi.

5555 Bleta, immorra, atā sē fuar fliuch. Agus nī dleagur a chaithim om ar aen-mod acht beirbthi. Agus is luga oilius sē nā an lactuca ⁊ is measa in fhuil geinius. Et anfhainnigid an gaili ⁊ na hinne. Agus cūisigid a gnāthugad teinneas gontach 5560  annsa broinn, ⁊ cūisigid cuirrineachgaethmuireacht , acht muna caitear neithe thoirmiscius a mailīs ar aen-shligid ris; ⁊ dā caitear mur sin ē leigisid teinneas na bronn agā lagad ⁊ ag osgailt 5565  na cuisleann. Et bīth a fhis agad gurab flichi bletalactuca innus gurab beac nach fuil in lactuca inmeadōnach idir in coblān ⁊ bleta.

Atriplex: is beac deichfrigius sī ō bleta ana hoibriugad ⁊ ana coimplex, acht gurab flichi 5570 atriplex; ⁊ ar an adbur sin lagaid sī an bru ⁊ is beac oilius ⁊ mīnigid loisgnigi leanna ruaid ⁊ togairmid an sgeathrach, ⁊ a sīl co hāirigthi, ⁊ is  p.107 infra 250-25571  mōr fhurtachtaigius do lucht icterisia . Agus nā caitear ar aen-mod om hī. Agus dleagur atriplex 5575  do chaithim maille holaid ⁊ rē salann ⁊ rē haigēid, ōir an uair caitear co haenda leō fēin iat gortaigid an gaili.

Spinairgia, immorra, is cusmailhatriplex ī, acht gurab fearr don gaili hī nāatriplex. Agus 5580  fliuchaid sī an brū, ⁊ geinid leanna fuara fliucha uisgeamla, ⁊ ceartaigthear a mailīs mur do-nīthear mailīs atriplex. Agus is maith don sgōrnaig ⁊ don sgamān ī.

Portulaca, immorra, is beac oilius sē an corp, ⁊ 5585  is dimolta ōir is fuar fliuch é, ⁊ cūisigid tart ⁊ sdupāilid an brū ⁊ cūisigid sdupur na fiacal. Et is maith don tsheilg é, ⁊ co hāirithi a shīl. Agus teimligid sē in radarc ⁊ toirmiscid in tochlugad ⁊ an drūis.

5590 Cucurbita: geinid sē leanna uisgeamla ⁊ is beac oilius. Agus atā ullam do gabāil truailligthe ar son tsochlaechluigthi a shubstainti; ar an adbur sin, in uair truailltear é arna dīleagad , geinid sē droch-leanna; ar an adbur sin an drong gā mbīt 5595  gailidi neam-glana, nī dligid a caithim acht muna hullmuigthear co maith iat, ōir is luath gabaid siat morgad chucu annsa gaili ar an dā mod sin, ⁊ inntaigthear chum droch-leannann iat. Mās ead, is maith a cumusc rē huineaman geal ⁊ rē finēl ⁊ rē  p.108 infra 252-35596  5600  horiganum ⁊ rē cailimint. Agus is maith a mbearbad ar tūs ⁊ a priāil ainnsēin.

An coblān, immorra, is fuar tirim ē do rēir droingi, ⁊ is teasaidi tirim ē do rēir droingi ele. Et adearmaidne, ar tuicsin a shubstainti ⁊ arna 5605  thuicsin mur biad, gurab fuar tirim ē ⁊ co ngeineann linn dub; gid eadh, an uair caitear mur leigeas ē maille risna neithib atā 'na thimcheall, is teasaidi tirim é. Agus do-nī urchōid don ghaili ⁊ is beac oilius sé ⁊ is olc na leanna geinius ⁊ dorchaigid in 5610  radarc ⁊ togairmid in codlad; ⁊ fostaigid a shubstaint an brū d'ēis a beirbthi fā dó, ōir laguid  389 in brū ōna chēid-bearbad; ⁊ togairmid in fual.

Agus dleagur a bearbad ⁊ a ullmugad maille feōlannaibh inmolta, ⁊ do-nīthear oileamain maith 5615  toltanach de, mur sin, is ēidir do chaithim. Et is mōr chomfhurtachtaidius in coblān na hailt co fuirimeallach ⁊ co hinmeadōnach; ar an adbur sin do oildis na sean-mnā a meic lē coblān innus comad luaithidi do-dēndais siubal.

5620 An borrāitse, immorra, atāit dā gnē air .i. gnē muinntearda ⁊ gnē choillidi. Agus nī fhuil do na praiseachaib praiseach is imchubaidi don choimplex daena nā hé. Agus atā sē teasaidi fliuchaidi co measurda; ⁊ nī fhuil do na praiseachaib teasaidi 5625  praiseach is mō geinius fuil maith nā é. Et atā gnē gairbthin ann, ⁊ is lugaidi is toltanach é rēna chaithim sin, ⁊ is maith nī ēigin do chumusc ris  p.109 infra 253-45626  do thoirmeasc na mailīsi adubrumar, mur atā, spinairgiableta. An borrāitse, immorra, comfhurtaigid 5630  in craidi ⁊ na baill spiradālta co huilidi, ⁊ mīnigid sē in t-ucht ⁊ in sgamān, ⁊ togairmid in furbaīlteachus. Agus moluim a chaithim arna bearbad ar feōil cabūn, ⁊ beacān persille do chur 'na cheann do cheartugad a fhlichideachta, ⁊ 5635  spinairgiableta do mīniugad a gairbthin.

Agus na luibi eile teasaidi gnāthuigid na daīne as iat so iat .i. finēl ⁊ persille ⁊ cerfolium183, meirsi ⁊ pibur cas, sāitsi ⁊ minntus. Agus nī dēntur praiseacha dīb so amāin, ōir is beac oilid siat ⁊ 5640  geinit fuil gēr ⁊ loisgid in fhuil atā arna geineamain; ar an adbur sin nī himchubaid a caithim leō fēin ar aen-mod mur biad, acht mur leigeas amāin. Agus ar an adbur sin gnāthuigid na daīne slāna na luibi so do cheartugad mailīsi na mbiad fuar 5645  ⁊ na praiseach fuar. Agus curthar a sabsaib iat co minic ar son na tarba speitsialta ōna cusmail duine do choimēd ō easlāinti dōib.

Ar {} 184 an adbur sin is luib theasaidi an sabrae. Agus atā seirbe ⁊ stipeacdacht ann co follus, ar 5650  an adbur sin nī mōr is imchubaid mur biad ē. Agus is maith don gaile é dā caitir om beirbthi ē. Et is beac an bearbad rig sē a leas. Agus fēdtur a thabairt maille holaid ⁊ rē haigēid ⁊ rē  p.110 infra 254-55651  salann do chomfhurtacht an gaili ⁊ do leigeas 5655  fhasdidium ⁊ do thogairm in tochluigthi. Agus dā n-innaltur in t-inad goinius an nathair neimi rē n-abur sgorpio uiper a huisgi ar a mbeirbthear sabrae mīnigid in teinneas.

Et bīth a fhis agad gurab mōr fhurtachtaidius 5660  in feinēl an radarc arna chaithim co hinmeadōnach arna chur risna sūilib co fuirimeallach; ⁊ ar an adbur sin caithid na hainminti neimneacha é ⁊ coimlid siat fēin dā sūilib ē innus comad feirrde a radarc, mur adearar don lochaid5665  n-abur talpa bīs a fuathachaib talman a comursanacht in fenēil .

Agus is mall dīleagthur ē ⁊ is olc ⁊ is beac oilius ⁊ nī himchubaid mur biad é. Agus is maith a n-aigid gaethmuireachta an gaili é. Et dā n-ibthear 5670  maille huisgi fhuar ē, coisgid an sgeathreach. Agus dā mbristear maille salann é ⁊ a chur ar greim na con confuid, leigisid é. Agus is mō as imchubaid ē mar leigeas nā mur biad; ar an adbur sin nī himchubaid é a regimen na slāinti 5675  acht do cheartugad mailīsi na mbiad ele mur adubramar romainn.

Don phersille

Agus adeirim co ngeineann sē fuil gēr, ⁊ co ndūisginn neach chum feirgi, ōir atā sē osgailteach  p.111 infra 255-65676  co mōr, ⁊ nī himchubaid mur biad é acht do 5680  cheartugad na mbiad ele. Et comfhurtaigid an luib so arna cur a mbiaduib in dīleagad, ⁊ innarbaid an gaethmuireacht ⁊ is imchubaid a sabsaib í. Et as imchubaid a gnāthugad a n-aimsir fhuair ⁊  390 a n-aīs arsaid ⁊ a rēigiōn fhuar. Et do-nīthear ceirīn 5685  de ⁊ do shalann a n-aigid greama na con confaid.

An meirsi, immorra, is cusmail risin persilli ē do rēir choimplexa ⁊ dīsleachta; gid eadh, is neam-tholtanaighi an blas bīs air nā ar an persilli; ar an adbur sin is beac gnāthuigid na daīne é 5690  mur biad. Agus nī com-thirim é risin persille ⁊ nī com-mōr in dīsleacht atā aigi ag oslugad pōiread na n-ae ⁊ na seilgi. Gid eadh, do-nī sē urchōid do na haeib ⁊ dūisgid gluasacht lucht na hepilepsia, ⁊ an uair cogantur é do-nī an bēl 5695 deadh-balaid.

Don phibur chas

Bīth a fhis agad co tēiginn sē an gaile ⁊ na hae ⁊ co loisginn an fhuil ⁊ gurab beac oilius; glanuid an sgamān ⁊ dūisgid an choimriachtain; ar an adbur sin is beac dleagur do chaithim de a tosach in mīs 185; ⁊ caitear ē maille rē salann ⁊ re holaid 5700 do thogairm in tochluigthi; ⁊ is olc ar aen-mod  p.112 infra 256-75701  ele don gaile é, ōir do-nī gontach ann; agus fostaigid in finnfad arna ōl arna choimilt faī.

Sāitsi, immorra, atā sē teasaidi tirim; ar an 5705  adbur sin nī himchubaid maille ris fēin ē mur biad. Agus is mōr chomfhurtachtaidius na fēithe. Agus gnāthuigid na daīne in sāitsi ar dā modaibh: an cēd-mod dīb, agā chumusc rē fīn, ōir comfhurtachtaigid in fīn sin arna ōl na daīne ⁊ co hāirithi 5710  i tosach na mīs. Agus as imchubaid an fīn sin do lucht na pairilisi ⁊ na hepilepsia arna ōl co measurda, ar folmugad an adbuir rēm-thosgaithi. Tuillead, gnāthuigmid an sāitsi mur shabsa ōir dūisgid sé in tochlugad an uair bīs an gaili līnta 5715  do droch-leannuib oma neim-dīleagtha. Et bīth a fhis agad nach innil in sāitsi do chaithim, ōir trialluid na hainminti neimneacha chugi ⁊ sailigid ē; ar an adbur sin is maith a phlanndugad a n-aici na ruibi, ōir nī thrialluid na hainminti 5720  neimneacha chugi an tan sin.

An minntus, immorra, atā sē teasaidi tirim ⁊ is beac is imchubaid é mur biad. Agus is fīrinneach a rād co comfhurtachtaidinn sē an gaile ⁊ co coisginn singultus. Et toirmiscid sē an sgeathrach 5725  fhlegmaticach ⁊ an sgeathrach fhola, ⁊ dūisgid in choimriachtain, ⁊ toirmiscid an seile fola. Agus is imchubaid é a n-aigid greama na con confuid, ōir atā dīsleacht aigi chucu.

 p.113

14. An ceathramad c ai b idil dēg : do na prēm aib h

Radices quibus communiter homines sani 5730  utuntur hiis temporibus .i. do na prēmuib gnāthuigid na daīne slāna. annsna haimsearaib so, mur atā, lus ⁊ gairleōg ⁊ uinneamain ⁊ meacain raphanus napionesrapa. Agus laibeōrmaid don lus ⁊ don gairleōig ⁊ do na huinneamnaib co hathchumair, 5735  ōir nī mōr as imchubaid iat do na corpaibh measurda nā teasaidi mur biad, ⁊ co hāirithi an uair bīt siat omh. Et is beac oilid siat ⁊ geinit droch-fhuil gēr gontach; gid eadh, sēimigit siat na leanna reamra ⁊ gearruid na leanna rigni. Agus an uair 5740  beirbthear iat, ligid uatha in chāil gontach bīs inntu ⁊ mairidh an brīg gearrthach shēimigtheach inntu; ar an adbur sin as imchubaidi iat beirbthi nā om.

An lus, immorra, atā sē teasaidi tirim, ⁊ is dimolta 5745  an oileamain do-beir sē don chorp ⁊ urchōidigid do na sūilib ⁊ geinidh fuil dub melangcolica . Et geinidh aislingthi aduathmura ⁊ gortaigid na fēithe ar son na gontaigi chūisigius inntu; ⁊ urchōidigid do na fiaclaib ⁊ dā feōil. Et nī dliginn fear leanna 5750  ruaid nā leanna duib a gnāthugad ⁊ co hāirithi an uair bīs sé om.

 p.114

infra 258-95751  Na huinneamain, immorra, atāit siat teasaidi ⁊ atā flichideacht talmaide acu maille flichideacht tshēim uisgeamail neim-dīleagtha. Agus geinid 5755  siat droch-aislingthi ⁊ teinneas cinn; ar an adbur sin ullmuigid a ngnāthugad gu mōr neach chum mīchēile. Agus dā caitear omh iat geinid leanna morguigthi annsa gaile, ⁊ buaidrid siat an rēsūn  391 ⁊ in chuimne. Gid eadh, dā caitear iat beirbthi 5760  maille heanbruithi feōla inmolta, comfhurtachtaigid in dīleagad ⁊ laigdigit na hurchōidi do-nīthear uatha ⁊ measraigid na biada fuara ara mbeirbthear iat; gid eadh, is fearr gan a ngnāthugad.

5765 An gairleōg, immorra, atā sī teasaidi ⁊ claenuid sī chum flichideachta ēigin. Agus is luga fhodnus sī a n-aigid na gaethmuireachta nā fhodnus in t-uinneaman, ⁊ is maith a n-aigid na cosachtaigi hī, ⁊ innarbaid an seile co maith. Gid eadh, 5770  urchōidigid don radarc ⁊ cūisigid teinneas cinn. Agus is ria adearar triacla na mbodach. Et is don droing agā mbeid leanna fleumaticacha reamra rigne is imchubaid an gairleōg; ⁊ is mōr dligid lucht leanna ruaid a seachna.

5775 Raphanus (.i. ragam) 186, immorra, nī mōr is imchubaid mur biad é, ⁊ co hāirithi do lucht leanna ruaid; ōir geinid fuil gēr gontach. Et is olc don  p.115 infra 259-605776  gaili iat ⁊ cūisigid brūchtach aigēidigthi ⁊ geinid leanna reamra; ⁊ dā mbia an brīg dīleagtha anfhann 5780  geinidh leanna oma. Et atā brīg sheīmidtheach gearrthach innta. Et ithid drong prēma rafanuis a ndiaid na mbiad eile do chomfhurtacht in dīleagtha; ⁊ adearuid dā caitear i ndiaid biad ele rafanus co comfhurtachtaiginn an brīg innarbthach 5785  ⁊ co lagann an brū; gid eadh, dā caitear roim biad ele é innarbaid chum na mball uachtarach ⁊ togairmid an sgeathrach. Mās ead, is maith rafanus maille salann ⁊ rē haigēid a ndiaid biad eile ⁊ a chaithim a mēid bic. Et is 5790  fīr co n-urchōidighinn do na sūilib ⁊ do na haeib ⁊ do na fiaclaib. Et is maith ē a n-aigid greama na con confaid arna chaithim co hinmeadōnach, arna chur rū co fuirimeallach ⁊ do thogairm na coimriachtana.

5795 De napionibus ⁊ rapis .i. bīth a fhis agad gurab iat prēma is imchubaidi d'oileamain an chuirp iat; ⁊ foillsigthear sin co lōr ō chairdeamlacht a mblasa, ōir is coitchinn an gach uile oileamain gurab iat na neithe searba ⁊ gontacha is luga oilius ⁊ gurab 5800  iat na neithe millsi is mō oilius. Agus as iat na rapai napiones is millsi do na prēmaibh; ar an adbur sin is iat is imchubaidi mur biad dīb, gid eadh, geinid leanna reamra, ⁊ is deacair a ndīleagad, ⁊ geinit siat gaethmuireacht ⁊ leanna 5805  oma dā mbia an brīg dīleagthach anfhann. Agus  p.116 infra 260-15806  atā dīsleacht chumachtach acu do chomfhurtacht an radairc. Et is maith a nglanadh ōn chēd-uisgi ara mbeirbthear iat ⁊ gan a n-ithi om. Et is imchubaid napiones ⁊ is mō is molta nā rapa. 5810  Agus dūisgid in choimriachtain ⁊ boguid an brū ⁊ glanuid sligthi in fhuail. Et bīth a fhis agat co ndleagur rapa do leith-bearbad a n-uisgi aenda ⁊ ainnsēin a mbearbad maille feōil mēith, ⁊ arna n-ullmugad mur sin is maith an biad iat.

Don meacan rī

5815 Bīth a fhis agad an uair bīt siat geal co fēdtur a caithim beirbthi maille feōil gan feōil, ōir furtachtaigid na hāirne ⁊ an brū mur do-nī rapa ⁊ is luga oilid siat nā do-nī rapa. Et is do-dīleagtha iat mur as ead na prēma eile; ⁊ na leanna 5820  geintear uada atāit inmeadōnach idir maith ⁊ olc, ⁊ co hāirithi dā mbia an brīg dīleagthach anfann. Agus as mōr thogairmius sē in choimriachtain.

15. An cūigead c ai b idil dēg: don fhungus

Volo post tractatum de radicibus aliquantulum loqui de fungibus187 .i. dob āil lim tar ēs trāchtuid 5825  do dēnam do na prēmuib labairt mēid ēigin do na fungib, ōir is mō in cusmailius atā acu ris na  p.117 infra 261-25826  prēmaibh nā ris na luibib ⁊ ris na torthuib. Et bīth a fhis agat co ngnāthuigid na hEadāilig na fungi mur biad tar ēis a mbeirbthi a huisgi 5830  d'ēis a priāilti, arna caithim maille spīsraib deadh-balaid toltanacha. Et geintear iat annsna  392 meadaigib 188 ⁊ annsa talum neam-thruailligthi, mur nach dēnuid ainminte neimneacha comnuide; ⁊ an gnē fhāsus de a comursanacht fuathach na 5835 n-ainmintid neimneach ⁊ annsna hinaduib morguigthi ⁊ a n-aici na prēm marbthach, atā in chuid sin marbthach dīb. Agus is fearr tirim iat nā ūr; ar an adbur sin is maith fiuchad do ligin dōib a n-uisgi maille lus ⁊ rē puliol ruigiol; ⁊ priāiltear 5840  ainnsēin é maille holaid na holiua millsi, ⁊ ō crotar pūdur spīsraid orra, mur atā, pūdur sinnsēir gil ⁊ pūdur cainēl; ⁊ is mur sin ceartaigthear a mailīs, ōir is mōr atāit siat fuar fliuch ⁊ geinid a cusmailius sin do leannuib. Et is somorgtha 5845  a substaint ⁊ an linn geintear uatha, ⁊ is deacair a ndīleagad ⁊ innarbthur iat sa mod a caitear iat, ⁊ geinid colica. Agus tic mūchad ⁊ cumgach ⁊ singcoipis ⁊ allus fuar co gnāthach uada , ⁊ leigistear sin lē hoximel diureticach maille 5850  ara mbeirbthear īsōip ⁊ puliol ruigiol. Agus do-nī urchōid don ghaili, ⁊ is maith fīn maith d'ōl ana ndiaid. Ar an adbur sin dimoluim gnāthugad na fungi.

 p.118

16. An sēmad c ai b idil dēg : do sdruphula ⁊ do shubera

infra 264-45851  Non solum homines utuntur fungis sed eciam 5855  sdrufulis .i. nī headh amāin gnāthuigid na daīne fungi acht gnāthuigid sdrufuli. Agus as ead is sdrufuli ann prēma fhāsus annsa talam gan lurga, agā mbī duilleabur cruinn dearg ⁊ ara mbī blas insipita a' claenad mēid ēigin chum millseachta. 5860  Agus is dōich leam co tabraid siat oileamain fhuar fhliuch uatha ⁊ co ngeinid leanna reamra; ⁊ caitear om ⁊ beirbthi iat. Et atā nādūir thalmaide co mōr aca; ar an adbur sin dā caitear a ndiaid bīd eile iat furtachtaigid siat 5865  an biad chum tuitme ō bēl an ghaile chum a īchtair. Agus geinid leanna melangcolica. Et is maith a mbearbad ar tūs a n-uisgi maille buidēn uigi tair ēs a croicinn do buain dīb ar tūs, ⁊ ainnsēin caitear iat lē holaid milis ⁊ lē pūdur 5870  spīsraid; ⁊ dleagur fīn maith d'ōl tar a n-ēis. Agus as guasachtach gnāthugad continōideach na prēm so don chorp ar son co treōruigid siat pairilisapoplexiacolicastranguria. Agus is deacair a ndīleagad ⁊ tromuigid an gaile; ⁊ is fogus do 5875  nādūir na fungi iat: mās ead, comuirlim a seachna. Agus as ī mō dōich gurab mō gnāthuigthear iat trē chraes nā trē ēigintus.

 p.119

17. An seachtmad c ai b idil dēg : do na feōlannuib

infra 2645876  Quia quidem bone carnes inter alia cibaria .i. an uair dīleagthur an fheōil co maith, nī fhuil do na 5880  biadaibh biad is mō geinius fuil maith nā hī; ⁊ mēduighid brīg na curp; ar an adbur sin as inlaburtha di co speitsialta. ⁊ don oileamain do-gabur uaithi. Agus ar tūs don oileamain do-gabur ō na hēnuib fiadānda ⁊ muinntearda do-nī 5885  eitillach, ⁊ ainnsēin don oileamain do-gabur ō na hainmintib shiubluigius ar a cosaibh.

Gid eadh, bīth a fhis agat co generālta co n-ēxamailtear coimplex ⁊ dīsleacht ⁊ oibriugad na feōla fā ēxamlacht gnēthead na n-ainmintead, dā 5890  rabuid siat ana n-ēnuib muinntearda fiadānda do-nī eitillach, shiubluigius ar talam; ⁊ ēxamailtear iat fā ēxamlacht a n-aes, ōir bīth feōil ainmintid aen-gnēe ēxamail go mōr do rēir oibrigthi ⁊ coimplexa. Et ēxamailtear mur an cēdna do rēir 5895  ēxamlachta na cluana ana mbeathuigthear iat, ⁊ in rēgiōin ⁊ na haimsiri ⁊ muid a n-ullmuigthi.

Ar an adbur sin gibē lēnab āil lorguireacht coimplexa ⁊ oibrigthi na feōla do dēnum co deithideach,  393 as ēigin dō an lorgaireacht sin do dēnam 5900  innta so, ⁊ a smuaintigthib rannaidhi eile ēxamluidius coimplex ⁊ oibriugad ⁊ comshuigiugad na  p.120 infra 2655901  feōla. Tuillead, bīth a fhis agad co fuil cuid don fheōil maith do-beir oileamain molta uaithi ⁊ cuid eile do-beir oileamain dimolta. Tuillead, 5905  atā cuid di is urusa do dīleagad ⁊ cuid eile is deacair do dīleagad ⁊ dīleagthur co mall. Tuillead, atā cuid di geinius leanna reamra rigne ⁊ cuid eile geinius leanna sēime. Tuillead, atā cuid dīb oilius co mōr ⁊ cuid oilus co beac.

5910  Et as ī is cūis bunāiteach don ēxamlacht sin comshuigiugad ēxamail na ndūl, ⁊ teagmuid ēxamlacht na hoileamna uada sin do rēir mur ēxamailtear coimplexa na n-ainmintid co mōr co beac ōn choimplex daena. Ar an adbur sin 5915  an fheōil geinius leanna maithe ⁊ oileamain inmolta, as feōil ī thosgaidius chum measurdachta ana fuil cudrumacht na ndūl ⁊ dīleagad cudruma ar nā tosguidinn aen-blas ar nā gabann aen-blas tigearnus, mur atā, blas saillti searb gēr 5920  a cusmaile, acht iad a' claenad chum millsi . Agus in fheōil oilius co holc as cuingill chontrārda dōib sin atā aici. Et mur an cēdna an fheōil is urusa do dīleagad, atā substaint ēdlūith aici, ⁊ as urusa a dīleagad ar son gan a beith rigin ⁊ 5925  nā hadruid a rainn dā chēile co mōr ⁊ fuil sī daingean; ⁊ in fheōil is deacair do dīleagad is cuingill chontrārda dōib sin atā aici.

Tinnsgnum do rēir an uird adubrumar romainn  p.121 infra 2745926  don fheōil innus co fuidmis fuirceadal rannaidhi 5930  d'fheōil na n-ainmintid. Agus ar tūs do na hēnuib. Na cearca, immorra, adearar gurab measurda iat, ōir is imchubaid don inchinn iat ⁊ calmuigid an drong bīs ag ēirgi a heaslāinti ⁊ comfhurtachtaigid na brīga uile. Feōil na cearc ōg ⁊ na 5935  cabún a meadōn a n-aīsi ⁊ agā mbī aibīc maith, moltur tar feōil na n-ēn uile iat, ōir atāit siat a ngar dā n-inntōg a fuil ⁊ as beac a n-imurcacha ⁊ is inmolta a n-oileamain, mad beirbthi a n-uisgi beid siat, mad rōstaigthi. Et is fearr na cearca 5940  duba nāid na cearca geala. Tuillead, is iat na cearca nā beirinn uigi is fearr dīb ⁊ na cailig ōga ō nach geintear. Na sean-chearca ⁊ na sean-choilig bīth blas saillti orra; ar an adbur sin nī mur biad is fearr iat acht mur leigeas, ōir 5945  laguid an brū a colica, Et bīth a fhis agat co claenuid gearrcuid na coileach chum flichideachta ⁊ chum fuaraideachta ēigin; ⁊ is luath dīleagthur iat, ⁊ an uair beirbthear maille duilleabur persille ⁊ rē hagresta mēduigid fuil inmolta; ⁊ 5950  is tarbach a caithim annsa tshamrad arna rōstad maille huisgi rōise ⁊ rē hagresta.

Perdix is fuar tirim í annsa chēid-chēim, gid eadh, atāit a ngearrcaig measurda teasaidi fliuchaidi do rēir na haīsi; feōil na petraisi, cnaīid ⁊ 5955  tirmuigid flichideacht an gaile ⁊ na n-inneadh ⁊ calmuigid an brīg fhostaigtheach, ar an adbur sin  p.122 ceaduigthear iat a flux na bronn, ⁊ is mīrbuileach oilid. Et fētur lā dā lā a coimēd marb annsa geimread ar mbuain a n-innead eistib ; ⁊ ullmuigthear 5960  a ngearrcaid annsan fhodmur maille huisgi rōise ⁊ rē hagresta, ōir geinid siat fuil maith chairdeamail dā gach uile chorp.

Caro anseris .i. feōil géigh, atā sī teasaidi fliuchaidi a tosach an dara cēim; ⁊ bīth blas 5965  aduathmur uirre ⁊ is oileamain reamur do-beir uaithi ⁊ is deacair a dīleagad ⁊ līnaidh na cuirp d'imurcrachaib. Na gēigh ōga is iat is fearr dīb; ⁊ an uair dleagur a caithim līntur iat lē poliol montanum ⁊ lē huua passa ⁊ lē beacān gairleōigi. 5970  Agus an uair rōstaigthear iat co himchubaid caitear iat maille sabsaib dleistinacha .i. maille bainne almont ⁊ rē beacān gairleōigi ⁊ rē huisgi rōise ⁊ rē hagresta, ⁊ dēntur sabsa dleistinach dīb sin.

5975 Caro anatina .i. feōil na lachan, is olc oilius sī  394 ⁊ imdaigid linn dub ⁊ cūisigid dubrōn ⁊ togairmid quartana, ar an adbur sin nī himchubaid do na corpaibh measurda hí.

Carnes pauonum .i. feōil na pēcōg, atā sī teasaidi 5980  fliuchaidi ⁊ is reamur in oileamain do-beir sī uaithi. Et fēdtur a coimēd marb rē fead dā lā trī lā ceithri lā, ⁊ co hāirithi a n-aimsir geimrid. Et caitear ī maille sabsaib maithi adēram anar ndiaid.

 p.123

5985 Carnes turturum .i. feōil na cuirliūn 190. Agus claenuid sī chum teasuideachta mēid ēigin; ⁊ is leanna maithi geinius, ⁊ mēdaigid sī brīg na ndaīnead ēgruaid ⁊ na sean-daīneadh, ⁊ calmuigid an brīg fhostaigtheach, ⁊ fēdtur a coimēd marb 5990  nīsa mó a n-aimsir in geimrid. Gearrcuid na turtur as iat as fearr dīb, ⁊ co hāirithi an uair bīt siat a n-aīs cūig mīs nō sē mīs; ⁊ co hāithi an uair rōstur iat maille hagresta ⁊ maille sabsaib maithi eile.

5995 Caro columbina .i. feōil na colum, an uair bīt siat arsaid geinid fuil reamur ⁊ toirmiscid in dīleagad, ⁊ is fuar tirim í. Gearrcuid na colum, immorra, is teasaidi fliuchaidi iat annsa chēid-chēim ⁊ is mīrbuileach an biad iat do na daīnibh 6000 bīs ag ēirgi a heaslāinti ⁊ ara mbī uireasbaid brīg ; ⁊ is maith do na dubānuib iat do rēir dīsleachta, ⁊ glanuid siat an fhuil truailligthi, ⁊ is maith do lucht na pairilisi ⁊ an fhiabruis iat, ⁊ geinid siat easlāinti rigin sa cheann; ⁊ an uair 6005  marbthur iat beantur a cinn dīb ⁊ ceartaigid sin a mailīs, ⁊ toirmiscid aigēid ⁊ pibur ⁊ coriandrum urchōid na colum. Et as ī feōil na colum fiadānta aitreabus annsa chairgeach as usa do dīleagad, ōir is usa a dīleagad nā feōil na colum aitreabus 6010  annsna tigib.

Cucurnises191 .i. is teasaidi tirim iat, ⁊ is imchubaid a n-aigid na hartetica fuairi iat, ⁊ do-nīt urchōid  p.124 do lucht na n-ae coilearda, ⁊ is ro-maith an biad iat annsa geimrid.

6015 Alauda .i. in fhuiseōg, is teasaidi fliuchaidi ī, ⁊ is sodīleagtha a feōil ōna dīsleacht, ⁊ is maith a n-easlāinti fhuair na fēithead iat; ⁊ leigisid disinteria ⁊ flux na fola.

Philomena: is teasaidi fliuchaidi ī ⁊ furbaīltigid 6020  an craidi ⁊ measraigid na brīga; ar an adbur sin furbaīltigid ⁊ comfhurtachtaigid na boill is bunāit do na brīguib ōna ceileabrad.

Pasceres .i. na gealmuin. Agus is teasaidi tirim iat; lagaid a n-eanbruithe an brū, ⁊ mēduigid 6025  in choimriachtain, ⁊ cūisigid epilepsia. Et dā mbeantur a cinn dīb an uair marbthur iat ceartaigthear a mailīs.

Et as inchomurthaigthi mur riagail generālta gurab ēdruma ⁊ gurab tirma feōil na n-én nā 6030  feōil na n-ainmintid ceathur-chosach, ōir tigearnaigid in t-aer annsna hēnuib ⁊ an talam annsna hainmintib. Na hēin shnaīdius annsna gaethraduib ⁊ annsna lochuib is reamur a feōil ⁊ is ro-olc oilid. Na hēin beiris a cuid ar ēigin, mur atāit, 6035  na hilair ⁊ falco, is reamur fēitheach a feōil ⁊ is mītharbach a n-oileamain.

Carnes mutonum .i. feōil na molt, is teasaidi fliuchaidi iat. Agus comfhurtachtaigid an gaile measurda an gach aen-aimsir. Et is iat is fearr 6040  dīb na huain asa mbeantur, a cinn a n-ocht mīs a naī mīs, ⁊ bīs mēith co measurda; ⁊ in  p.125 fheōil bīs mur sin is maith oilius sī ⁊ geinidh fuil maith ⁊ is urusa a dīleagad. Na huain bīs ag ōl bainne ⁊ a ngaire dā mbreith, nī hinmolta a 6045 n-oileamain, ōir atāit siat fliuch maille beacān teasaideachta ⁊ rē biamlacht, acht gē moluid drong ēigin iat; ⁊ teagmaid gurab fear sin annsna rēgiōnuib atā te gu mōr. Et dimoluim a n-oileamain annsna rēgiōnuib fuara; ⁊ is do na 6050 daīnibh teasaidi is lugha urchōidighius ⁊ do na daīnibh ōga do-nī saethar.

Carnes porcorum .i. feōil na muc, is fuar fliuch í annsa dara cēim ⁊ is rigin dodīleagtha ⁊ is mall curthar a cusmailius na mball í. Agus dā ndīleagthur 6055  hí is mōr oilius ⁊ is maith sēimidthear a ridneacht ōn fhīn, ut est: est caro porcina sine uino peior ouina  395.i. is measa feōil muc gan fīn nā feōil chaerach. Si tribuas uina tunc cuilibet est medicina .i. dā tucair fīn lē is leigeas dā gach 6060  aen-duine í. Tuillead, bīth a fhis agat gurab teō ⁊ gurab tirma coimplex na muc fiadānta nā na muc muinntearda. Ar an adbur sin is sēime feōil na muc fiadānda ⁊ is usa a ndīleagad nā feōil na muc muinntearda, ōir is mō a saethur ⁊ is glaine a 6065  n-oileamain ⁊ is mō a teas ⁊ is fearr a ndīleagad.

Carnes edinecaprine .i. feōil na ngabur ⁊ na meannán, is fuar tirim iat ⁊ is milis, ⁊ geinit fuil melangcolica, ⁊ is deacair a ndīleagad ; ⁊ is  p.126 imchubaidi iat annsan earrach ⁊ annsa tshamrad 6070  nā annsa geimrid ⁊ annsan fhodmur, ⁊ is do lucht leanna ruaid as imchubaidi iat; ⁊ an uair bīt ag ōl bainne ⁊ tinnsgnaid a n-adurca fās is ann is fearr iat, ⁊ is ro-maith feōil na ngobur óg a n-aimsir in fhodmuir.

6075 Caro bovina .i. feōil daim, ⁊ as fuar tirim í ⁊ geinid linn dub, ⁊ is imchubaid do lucht na haradachta ⁊ an tshaethair mōir í; ⁊ is maith do lucht na coimplex teasaidi í ⁊ co hāirithi annsa tsamrad ⁊ annsa geimread; ⁊ fētar a caithim arna 6080  hullmugad lē spīsraib, ⁊ fīn maith d'ōl lé; ⁊ geinidh dūinti ae ⁊ seilgi.

Caro uitulina .i. feōil na laeg, is tarbach ⁊ is cairdeamail iat dā gach uile chorp measurda annsa geimread ⁊ annsan earrach, ⁊ do lucht leanna 6085  ruaid, ⁊ co hāirithi maille hagresta co n-a cusmaile.

Caro ceruina .i. feōil fhiada, ⁊ is beac claenus chum teasaideachta ⁊ adearuid drong ēigin gurab fuar tirim í; et dā n-ullmuigthear maille 6090  spīsraib ī claenuid nīsa mō chum teasaideachta; ⁊ imdaigid linn dub ⁊ inordaigid lucht a gnathuigthe chum easlāinti melangcolica, ⁊ nī himchubaid do lucht na lubra nā quartana iat. Gid eadh, atā dīsleacht acu do chomfhurtacht an chraidi ⁊ co 6095  hāirithi a cnāim chraidi an fhiada. Et is imchubaid a ngeir a teinneas ubaill na leisi ⁊ alt an droma ⁊ an smira.

 p.127

infra 2676096  Caro leporina .i. feōil an girrfhiada, as fuar tirim í, ⁊ geinidh fuil reamur, ⁊ togairmid dobrōn, 6100  ⁊ coisgid flux na bronn, ⁊ is imchubaid a crēcht na n-inneadh í; ⁊ is imchubaid feōil ⁊ inchinn an girrfhiada do lucht na pairilisi ⁊ easlāinti ele na fēithead.

Tuillead, bīth a fhis agat co fuil mōrān do na 6105  hainmintib ceathur-chosacha nach imchubaid rēna n-ithi ⁊ nach gnāthuigthear againne iat; gid eadh, a n-aimsir an ēigintuis ithid na daīne iat, mur atāit sinnuig ⁊ mic tīri ⁊ easail ⁊ capuill ⁊ madraigi . Et nī gnāthuigid na daīne againne a caithim acht 6110 a n-aimsir an ēigintuis.

Carnes uulpinas .i. feōil na sinnach. Agus ithid lucht in fhiaduig a n-aimsir in fhodmuir í, ōir bīth sī mēith in tan sin. Et gnāthuigthear feōil na madrad ōg mēith asa mbeantur a n-aimsir lb n="6115"/> an ēigintuis, ōir is toltanach iat in tan sin; ⁊ tuicthear a chusmailius so do na macuib tīri. Et is iat so na feōlanna is measa dīb .i. feōil easail ⁊ eich ⁊ camuill ⁊ leōguin, ōir is mōr deichfrigid na feōlanna sin ōn choimplex nādūrda; ar an 6120  adbur sin nī moluim iat acht a n-ēigintus.

Tuillead, bīth a fhis agat co fuil an fheōil tshaillti teasidi tirim, ⁊ is imchubaid annsa geimread do lucht leanna finn í do leith a saillteachta; ⁊ togairmid sī in tochlugad annsna rēgiōnuib fliucha, 6125  ⁊ cnaīid sī flichideacht bēil in gaile; ⁊ is beac in  p.128 chaindiacht dleagur do chaithim di ōir is beac oilius. Et bīth a fhis agut gurab imchubaidi an fheōil tshaillti nā in fheōil mēith reamur rigin atā fliuch co mōr, ;ōir atā sī ullam chum morgaid do 6130  leith a flichideachta, ⁊ a mēthraig. Et a chontrārda sin do na feōlannuib truaga ara mbī beacān mēthraig, nī himchubaid iat chum a saillti, mur atāit, ēin beaca thshlēibtigi. Et gach cusmailius rē feōil na muc beid na feōlanna, as ī an mēide 6135  sin as imchubaid iat chum a saillti.

Tuillead, bīth a fhis agat co n-ēxamailtear boill na n-ainmintid a follamnugad na slāinti: ōir  396 gach foicsi don chraidi dā mbeid na boill, as ī in mēide sin is inmolta iat, ōir glanuid teas an 6140  chraidi iat ōna n-imurcachaib. An craidi, immorra, as cruaid a shubstaint ⁊ is deacair a dīleagad ⁊ geinidh fuil buaideartha ⁊ is coimplex teasaidi atā aigi; ⁊ dā ndīleagthur co maith é is maith oilius; ⁊ nā caitear a ndiaid biad eile é; ⁊ is maith 6145  neithe measraigius a ridneacht a mbī brīg gearrthach theasaidi do chaithim maille ris; ar an adbar sin is maith a rōstad ar smērōidibh do measrugad a ridneachta ⁊ a flichideachta.

Epar .i. na hae. Agus is teasaidi fliuchaidi iat, 6150  ⁊ cathuigid a n-aigid in dīleagtha, ⁊ geinid fuil inmolta, ⁊ is mō oilid nā oilius in craidi do leith na flichideachta nādūrda atā inntu. Et as iat  p.129 ae na n-ainmintid bīs ag ōl bainne is fearr acu, mur atāit, ae laeg ⁊ meannān.

6155 Splen .i. in tshealg. Agus is coimplex leanna duib atā aici, ⁊ is olc dīleagthur í, ⁊ is olc oilius ⁊ is fuil melangcolica geinius. Et is ball fuar tirim í mur as ead linn dub darab soitheach ī; ⁊ an uair rōstar ī comfhurtachtagid feōil na fiacal6160  dūisgid in tochlugad.

Stomacus .i. in gaile. Agus is deacair ē fēin ⁊ na hinne do dīleagad ⁊ is beac oilid.

Renes .i. na dubāin. Agus is reamur cruaid a substaint a' claenad chum tirmaideachta; ⁊ is 6165  deacair a ndīleagad, ⁊ is ó olamlacht in fhuail oiltear iat, ⁊ is animchubaid oilid; ⁊ is iat dubāin na laeg ⁊ na meannān ibius bainne is mō is inmolta dīb.

Ale .i. na sgiathāin. As iat is tūsca ⁊ is gloine 6170  thēit a n-oileamain ar son a saethuir ⁊ a ngluasachta. Et bīt na sgiathāin a ngluasacht chontinōideach, ⁊ ar an adbur sin bīth substaint tearc shēim acu; ⁊ is cusmail muinīl na n-ēn rēna sgiathānuib do rēir nādūra.

6175 Uirgi na coileach nach dēin coimriachtain, is maith oilid ⁊ is urusa a ndīleagad ⁊ is mōr thogairmid in choimriachtain. Uirgi na n-ainmintid ceathur-cosach ōg do-nī coimriachtain, nī hinmolta a n-oileamain ⁊ is deacair a ndīleagad.

 p.130

18. An t-ochtmad c ai b idil dēg : Do na hiasgaib

infra 280-16180  De piscibus .i. do na hiasgaib. Agus bīth a fhis agut gurab beac oilid na hēisg a n-aithfhēgad na feōla, ⁊ gurab deacair a ndīleagad, ⁊ is mōr geinius a n-oileamain imurcacha. Et atāit siat fuar fliuch do rēir choimplexa, ⁊ atāit rigin ana 6185  substaint, ⁊ is urusa a truailliugad annsa ghaile, ⁊ gabaid siat teas ēigin morguigtheach chucu. Agus is measa oilid na hēisg nā oilius in fheoil inmolta.

Et bīth a fhis agat gurab fearr ēisg in mara nā ēisg an uisgi milis, ach gē cruaidi feōil ēisg in mara 6190  nā feōil ēisc an uisgi; ar an adbur sin as deacair a ndīleagad; mās ead, do rēir mu breithimnuis is fearr ēisg in mara a follamnugad na slāinti nā feōil ēisg an uisgi milis.

Et as inchomurthaid co deithideach gurab ē in 6195  t-iasg ag nach bī feōil rigin biamail is molta d'iasguib an uisgi ⁊ na fairgi. Gid eadh, na hēisg agā mbī substaint shēim, ⁊ arnā bī balad trom acht balad ēdrom, ⁊ nach morgann co luath ⁊ mairius aimsir gan morgad, ⁊ ar nach bī droch-dath acht 6200  beith geal, ⁊ nā haitreabuid a lathachaib nā a lochaib nā a n-inaduib a faduid siat salchur nā a n-uisgib a faduid droch-luibinna, gurab iat is inmolta dīb; et na h-ēisg nach p.131 infra 281-26201  ro-thruag nā ro-mōr nā ro-óg ⁊ gā mbī gluasacht 6205  luath, is iat is fearr dīb. Et dā mbeith ēisg in mara arna ngabāil a srothaib beas spās rnaith ōn muir, ⁊ gan na cuingill adubramar do beith acu, as iat is mō is molta dīb.

Tuillead: ar tuicsin na cuingill adubramar, gach 6210  lannaighi dā mbeid, as ī in mēide sin is inmolta iat; ⁊ tuicthear a chusmailius sin dā ndeilgnib, ōir foillsigid na deilgne sēime na substainti.

Tuillead: nī fhuil idir na hiasguib muiridhi ēisg is fearr nāid na hēisg gabthur i ndoimne na mara 6215  mur a mbī in t-anfad mōr ⁊ coimrith na srothann.  397 Et conclūididthear as so, na hēisg gabthur ⁊ oiltear annsa muir mairb, nach fuilid siat molta chum na hoileamna, mur atāit na hēisg gabthur annsna maruib eile. Et nī comshlān na hēisg gabthur 6220  annsa muir theas ⁊ na hēisg gabthur sa muir thuaid, ōir nī mōr anfad na mara tuaid; ⁊ nī mar sin don muir theas, is mōr a hanfad ⁊ is luath līnus ⁊ trāigius. Et tuicthear a chusmailius sin d'iasg an uisgi milis, ōir gach doimne ⁊ gach 6225  siblaige dā mbia an t-uisgi, as ī in mēide sin as inmolta in t-iasg.

Mās ead, is ēidir a thuicsin as so co fuil cuid do na hiasguib inmolta ⁊ cuid dimolta.

Agus as follus as na rāitib so adubramar nach 6230 mōr is imchubaid na hēisg phiastamla a coimēd  p.132 infra 282-36231  na slāinti, mur atāit, muca mara ⁊ madraigi in mara ⁊ delphin ⁊ thoninus; ōir is deacair a ndīleagad ⁊ imdaigit leanna reamra gā mbīt mōrān imurcrach; ōir nī follus cuingill maithi na n-iasg 6235  d'āirmimair don taeb thuas dīn a feōlannuib na n-iasg so, mur atā, gile ⁊ sēime ⁊ caindiacht meadōnach ⁊ gluasacht luath ⁊ balad ēdrom. Et dā teagmad co n-īstaigi na hēisg so a cusmaile, nī hinchaiti ⁊ nī hinbeirbthi iat a ngar tar ēs a 6240  ngabāla, acht as inchoimēda iat mēid ēigin do laethaib d'ēs a ngabāla co mboga ⁊ co tearcuidi a feōil gan morgad a substainti. Agus is fearr na hēisg sin adubramar leath-shaillti nā ūr. Et nī himchubaid an t-iasg saillti co fuirfe a coimēd 6245  na slāinti, ⁊ mur an cēdna don fheōil tshaillti, ōir is mall dīleagthur iat ⁊ is olc oilid.

Ēisg ele na fairgi gā mbīt na cuingill adubramar romainn, mur atā, rogetusgornatus, as iat is imchubaide dīb, ōir atā a feōil gu mōr sēim, geal, 6250  sobristi, deadh-balaid, deadh-blasta, ⁊ is follus co fuil a substaint ro-glan. Et as iat ēisg is fearr ana ndiaid sin .i. placta ⁊ sona 192. Gid eadh, is mō is biamail a feōil, ⁊ is deacra a mbrisid, ⁊ is luga is geal, ⁊ is reime gu mōr iat nāid na hēisg 6255  adubramar romainn; ⁊ nī fhuil a mblas nā a mbalad comtholtanach ris na hiasguib sin. Et co hathchumair gach iasg coimēdus na cuingill adubramar is mōidi is inmolta iat a coimēd na slāinti.

 p.133

infra 2856256  Do na hiasguib gnāthuigmid do gabāil annsan 6260  uisgi milis. Agus adearmaid gurab cōir na cuingill d'āirmimair don taeb thuas dīn do beith inntu, mur atā, dath geal, ⁊ a mbeith sobristi, ⁊ substaint shēim do beith acu, ⁊ a mbeith inmolta do blas ⁊ do balad, ⁊ a mbeith a caindiacht inmeadōnaid, ⁊ a 6265  mbeith lannach, ⁊ gluasacht luath do beith acu, ⁊ an t-uisgi ana fadtur iat do beith maith. Et adeirim gurab iat na hēisg gabthur annsna huisgib clochacha rithius a n-aigid na hairdi tuaig is fearr dīb; ⁊ is amlaid is maith na huisgi sin, 6270  a mbeith domain maille hanfad, chum nach silinn salchur cathrach, ⁊ ar nach fāsuid droch-luibi. Et is follus gurab iat na picrēil ⁊ na liūis 193 is mō thacmuicius an chēid-chēim d'iasguib an uisgi milis, acht gē atāit siat mēith. Et6275  lannaighi carpa nāid na hēisg so, nī comshēim ⁊ nī comgeal ⁊ nī comsho-bristi rē liūs na rē picrēl é, ⁊ is minic do-gabur annsa lochaib é.

Do na heasgannuib. Agus bīth a fhis agad gē toltanach iat do leith a mblasa, ar smuaineadh na 6280  cuingill adubramar romainn, is cian ō maith iat, ōir nī bīt lanna orra, ⁊ nī gabthar co coitchinn a n-uisgib maithe iat, ⁊ nī luath a ngluasacht, ⁊ is iasg atā rigin gu mōr iat.

Lampredo .i. an lamprae. Agus an uair gabthur  p.134 infra 286-76281  6285  a n-uisgib maithi é is fearr é nā an easgann. Gid eadh, is guasachtach é acht gē toileamail a blas. Agus as cusmail geineamuin na lamprae ⁊ na n-easgann annsan uisgi rē geineamuin na nathrach  398 neimi ar talam, ar an adbur sin is mōr in chunntabairt 6290  nach fuilid siat neimneach; mās ead, is maith a cinn ⁊ a n-earbuill do buain dīb, ⁊ a ndeilgne inmeadōnacha mur a ngnāthuiginn an neim beith, ōir nī cōir in chuid sin do chaithim ar aen-mod dīb. Et is cōir a mbāthad a fīn ⁊ 6295  ligin dōib ann co faduid bās ar son na biamlachta atā inntu; ana diaid sin ullmuigthear lē spīsraib maithe iat do rēir mur is aithnid do chōcuirib na tigearnad 194 mōr; et moluim fiuchad a dō do ligin dōib ar tūs a n-uisgi a fīn, ⁊ sin do 6300  dortad, ⁊ a mbearbad a n-uisgi ⁊ a fīn ainnsēn, ⁊ a chaithim maille na sabsaib dīsle fēin. Gid eadh, as inill ligin dā leithēidibh sin d'iasguib, ōir do bādur mōrān do daīnibh a nguasacht ōna ngnāthugad.

6305 De cancris .i. do na partānuib. Agus bīth a fhis agat gurab deacair a ndīleagad ⁊ gurab mōr oilid; ⁊ nī hurusa a truailliugad annsa ghaile mur do-nīthear mōrān do na hiasguib eile. Et atā gnē shaillteachta orro, ar an adbur sin laguid in 6310  t-uisgi ana mbeirbthear iat an brū ⁊ fostuigid a substaint fēin. Et as inmolta oileamain na partān,  p.135 infra 2876311  ⁊ nī fhuil do na hiasguib iasg is mō athnuaidius nā iat.

Et bīth a fhis agad nach inchaithme na hēisg 6315  tar ēs shaethair lāidir nā tair ēs aen-gluasachta eile lāidir, ōir is urusa a truailliugad an tan sin. Et an drong gā mbīt gaileada ēgruaidi lān do droch-leannuib, nā gnāthuigid iasg do chaithim. Agus seachain gan iasg ⁊ feōil do chaithim ar aenshligi, 6320  nā iasg ⁊ gnēithi an bainne, nā iasg do chaithim tar ēs na mbiad eile. Agus as imchubaidi iasg do lucht leanna ruaid nā do lucht na coimplex eile, ōir fliuchaid a cuirp ⁊ imdaigid bainne ⁊ sperma.

 p.1

3. Volume 3

Regimen na Slāinte

19. An naemad caibidil dēg: d'imurcrachaib na n-ainmintid

infra 165-6 6325 Dicamus de animalium superfluitatibus ⁊ cetera .i. Labram d'imurcrachaib na n-ainmintid, mur atā, bainne ⁊ cāisi, im ⁊ uigi.

Agus bīth a fhis agad gurab maith an bainne ⁊ gurab urusa a dīleagad dā caitear ē mur reagar 6330 a leas; ⁊ is maith oilius ⁊ is mōr a oileamain ⁊ is beac a imurcracha, ar an adbur sin reamraigid sē na cuirp ⁊ imdaigid an sperma ⁊ togairmid in choimriachtain. Et bīth a choimplex ⁊ a oibriugad ēxamail do rēir ēxamlachta na n-ainmintid ana 6335 ndīleagthur é, ⁊ do r¯ir ēxamlacht aimsear na bliadna ⁊ na cluana, ⁊ do rēir a fhad a girra ō aimsir an toirrcheasa.

Et is imda gnē ar an mbainne, mur atā, bainne mnā ⁊ camuill ⁊ easail ⁊ gabair ⁊ caerach ⁊ bō; 6340 ⁊ nī dēnmuid nī do bainne na n-ainmintid eile ar son nā gnāthuigmid iat. Et do rēir mur atāit na hainminti ōna mblithear an bainne ēxamail, atā an bainne blithear uatha ēmail ana choimplex  p.2 infra l666341  ⁊ ana oibriugad, ⁊ do rēir chonsiquens ana maithius.

6345 

Et is ē bainne na mnā is fearr dīb ar son porsiōin ⁊ cusmailis a mbainne rēnar corpuib-ne, ⁊ ana diaid sin bainne in chamuill, ⁊ 'na diaid sin bainne an easail, ⁊ 'na diaid sin bainne na ngobar. Bainne na caerach ⁊ na bō, immorra, is ē is measa dīb.

6350 

Et is ē is reime ⁊ is mō ana mbī do shubstaint chāiseamail ⁊ d'im dīb a n-aitfhēgad in midg do dligfead beith co mōr ann; ar an adbar sin gortaigid sē co mōr an drong bīs ullam chum coimriachtana, ⁊ dūnuid bēl na cuisleann, ⁊ is 6355  luath do-nīthear cāisi de annsa gaile, ⁊ is mall oilius; ar an adbur sin is ē is measa dīb. Gid eadh, is reime bainne na mbō nā bainne na caerach, ⁊ is luga a meadg, ⁊ is mō a im. Ar an adbar sin is dōich lim gurab mō thigearnuigius im a 6360  mbainne na mbō a n-aithfhēgad in midg nā a mbainne na caerach. Gid eadh, ar ngabāil aen-chaindiachta do bainne na caerach ⁊ do bainne na mbō, is lia do chāisi bīs a mbainne na caerach nā a mbainne na mbō ⁊ is mo d'im leis. Et 6365  ō tāit na trī neithe sin a mbainne na mnā gu mōr, .i. meadg ⁊ cāisi ⁊ im, as ē is mō is inmolta dīb. Et gach mēid dā mbeid na trī neithe sin adubramar a mbainne na n-ainmintid eile, as ī in mēīde sin as inmolta é.

6370 

Tuillead, ēxamailtear an bainne fā ēxamlacht  399 ceathra n-aimsear na bliadna; ar an adbur sin as  p.3 infra 1676371  ē bainne deirid an earruid bainne is fearr dīb, ⁊ ana diaid sin bainne meadōin an tsamraid; bainne in fhodmuir ⁊ bainne in geimrid as ē as ro-measa 6375 dīb.

Tuillead, ēxamailtear an bainne fā ēxamlacht na cluana, ōir gach sēime ⁊ gach feabus dā mbia in chluain, as ī in mēide sin bus inmolta an bainne. Et gach cruaidi ⁊ gach tirma dā mbia in chluain, 6380 as ī in mēide sin beas an bainne reamur. Agus is annsan earrach is sēime ⁊ is flichi an chluain, ar an adbur sin, bainne na haimsiri sin, is ē is sēime ⁊ is flichi dīb ⁊ is luga dā ndēntur cāisi annsa ghaile; ⁊ teagmuid a chontrārda sin annsan 6385 fhodmur ⁊ annsa geimread, ⁊ is a mod inmeadōnach eaturra sin bīs annsa tsamrad.

Agus na hainminti thsāsaithear ō luibib maithe, as ē a mbainne sin is fearr; ⁊ annsa mod so is mō atā bainne na ngobur molta. Et bainne na n-ainmintid ithius droch-luibi is olc ē, mur is 6390  follus nach maith bainne na mban chaithius droch-biad, ōir is deacair fuil maith do geineamuin ōn droch-oileamain ; mās ead, is deacair bainne maith do geineamuin ōn droch-fhuil .

6395 

Tuillead, bīth a fhis agad gurab ē an bainne is gaire dā bleagan bainne is fearr dīb ar son gurab luath claechluigthear ē, ⁊ gurab ro-luath  p.4 truailltear, ōir claechluigid ⁊ gortaigid co luath ⁊ tromaigid an gaile; ar an adbur sin dāmad 6400  ēidir an bainne do shūgad as na cīgib is amlaid is mō bud imchubaid ē.

Do brīg an bainne, immorra: ōir in uair ibthear an bainne annsa gaile the choilearda is urusa a inntōg a ndeathaigib, ⁊ inntaigthear annsa gaili 6405  fhuar ē a n-aigēideacht, ar an adbur sin nī himchubaid an bainne dōib, nā don droing gā mbīt cinn teinne anfanna nā teimil ara sūilib, ōir is deathmur ē. Et urchōidigid don droing gā mbīt fēithe fuara anfhanna ar son gurab urusa 6410  a inntōg a n-aigēideacht, ōir is mōr atā an bainne fuilingtheach ⁊ is urusa a chlaechlōd; ar an adbur sin nī himchubaid ē don droing atā ullam chum tuitme a fiabras morguigthi, ōir atā an bainne lastach ⁊ cūisigid cuirrineach fōn sgairt chlēib, 6415  ar an adbur sin nī himchubaid ē don droing atā ullam chum coilica. Tuillead, sleamnaigid an bainne an brū ⁊ is urusa a inntōg a linn ruad, ar an adbur sin nī himchubaid don droing ara mbī flux coilearda ē. Et is urusa a inntōg a 6420  n-aigēideacht mur adubramar romainn, ar an adbar sin nī himchubaid don droing ara mbī flux leanna finn é, mās ead, seachaintear an bainne, ōir fēduid mōrān d'urchōidib teacht ō chaithim an bainne.

6425 

Mās ead, is ēigin a thuicsin na neithe is ēigin  p.5 infra 1676426  do choimēd a caithim an bainne. An cēid-nī dīb, gan a chaithim maille biaduib eile; an dara , dā caitear ē, gan a chaithim a ndiaid bīd acht a chaithim roime; an treas , an drong 6430 gā mbīt gailidi neam-glana lān do droch-leannaib nach dligid a chaithim ar aen-mod, ōir inntaigthear a ndeathuigib ē inntu sin, ⁊ a n-aigēideacht ⁊ a ndroch-leannuib; an ceathramad .i. nach dleagur gluasacht do dēnum 'na diaid acht 6435 cumasanad; an cūigead .i. nach dleagur codlad do dēnam 'na diaid gu grod. An seisead .i. co ndleagur cainndiacht beac don bainne d'ōl ar tūs dā dearbad a' ndingnad urchōid, mur atā, gaethmuireacht ⁊ gāirfidach do dēnum fōn sgairt 6440 chlēib; ⁊ dā ndearna seachaintear ē, ⁊ muna dearna ibthear an dara lā a cainndiacht is mō agā dearbad mur do-rinneadh ar tūs; ⁊ muna dearna sē urchōid as imchubaid mur oileamain ē.

Tuillead, bīth a fhis agad gurab maith mil ⁊ 6445 siūcra do cheartugad mailīsi an bainne, ⁊ beacān saluinn innus co toirmeōsgad a thruailliugad annsa gaili ⁊ geineamuin a gaethmuireachta annsna taebuib ⁊ annsna haeib. Tuillead, bīth a fhis agad gurab mōr is imchubaid an bainne dā 6450  mbeantur a im don droing agā mbīt gailidi teasaidi coilearda, mar atā, bainne goirt, ōir nī hinntaigthear a ndeathaigib ē ⁊ claechluigid an coimplex teasaidi,  p.6 infra 170-16451  ⁊ is imchubaid ē mur an cēdna a flux choilearda na bronn. Agus is lōr lim na neithe athchumaire 6455  so don bainne.

 400Agus adēr neithe athchumaire eile don chāisi. An cāisi nuad, immorra, is fuar fliuch ē, ⁊ is reamur a shubstaint, ⁊ is deacair a dīleagad, ⁊ geinid clocha ⁊ dūinti, mās ead, nī mōr as imchubaid 6460  ē mar biad a follamnugad na slāinti. An sean-chāisi, immorra, is teasaidi tirim ē ar son in tsaluinn, ⁊ ardaigid in losgad, ⁊ is deacair a dīleagad, ⁊ is beac oilius, ⁊ is olc ⁊ is animchubaidi ē nā an cāisi nuad; gid eadh, is amlaid is maith in cāisi 6465  idir beith arsaig ⁊ nuad, ⁊ rigne shobristi do beith ann, ⁊ a beith inmeadōnach idir buga ⁊ cruas, ⁊ a' claenad chum millseachta, ⁊ gan a beith ēdrum acht a beith trom, ⁊ blas ⁊ balad toltanach do beith air, ⁊ gan comnuide fada do dēnum annsa 6470  gaili dō, ⁊ a dēnum do bainne maith; ⁊ is maith in cāisi beas mur sin ⁊ is intogtha idir na biaduib ē.

Agus an uair caitear i ndiaid an bīd ē nī hanimchubaid a coimēd na slāinti ē, ōir dā caitear cainndiacht beac don chāisi tar ēis bīd, cūisigid 6475  tuitim an bīd ō bēl an ghaili chum a īchtair, ⁊ toirmiscid ēirgi na ndeathaigead, ⁊ iaduidh bēl an ghaile, ⁊ calmuigid ⁊ toirrmiscid an neam-thochlugad ⁊ in millseacht ⁊ in olamlacht bīs isna biadaibh. Agus caithid na daīne eagnuidi an cāisi maith 6480  a cainndiacht bic do thoirmeasc na neithead  p.7 infra 171-26481  so adubramar. Et nā caitear ar aen-mod a tosach na coda ē acht mun bud āil linn flux na bronn do chosg, ōir atā substaint stipicda aigi gan cuntabairt, ar an adbur sin nī himchubaid ē a tosach na 6485 coda .

De butiro .i. don im. Agus bīth a fhis agat nach mōr as imchubaid ē mur biad ar son a fhlichi ⁊ a olamlachta; ⁊ dā ngnāthuige neach im do chaithim a cainndiacht inchomurthaig cūisigid 6490 aduathmuireacht ⁊ an biad do shnām a mbēl an gaili, ⁊ laguid an brū nīsa mō nā an chōir. Ar an adbur sin nī himchubaid im do chaithim a cainndiacht inchomurthaig mur biad, ⁊ co hāirithi i ndiaid biad eile. Et is imchubaid ē mur shabsa 6495  mur annlann leis na biadaibh eile mar is imchubaid ola na holiua, acht gē teō ⁊ cē flichi in t-im nā an ola. Et an uair gnāthuigmid in t-im mur annlann leis na biaduib eile nī dleagur 6500  a bearbad in comōr risin olaid; ōir is fuilingthi ē nā an ola, ar an adbur sin an uair beirbthear co mōr ē dīsgaīltear a brīg i ndeathaig co huilidi.

An ola, immorra, is mō is rigin ī ⁊ is luga is sodīsgaīlti ī nā an t-im, ar an adbur sin is mō fhuilngius sī do gēiri na teineadh nā an t-im, ⁊ 6505  is mō cumuiscthear co fuirfi hī ris na biadaibh ar an adbur sin nā an t-im. Et is imchubaid an t-im co mōr don lucht ara mbī cosachtach  p.8 infra 172-36506  fhuar thirim, ⁊ boguid sē uille an ghaili, ⁊ is mō 6510  is imchubaid an t-im nuad chum an oibrigthi sin nā an t-im arsaid.

De sero .i. don meadg. Agus bīth a fhis agad gurab coimplex teasaidi atā aigi do rēir inntinne na n-eacnuideadh, ⁊ is fīr sin ar son na gēiri ⁊ na saillteachta do-gabur ann, ⁊ is don rēsūn sin 6515  adearuid na daīne eagnuidi go cruinniginn an bainne beōil na naīdin ōg, ⁊ ar an adbur cēdna adearar co lagann an brū.

An meadg, immorra, is luga oilius sē nā oilius in cāisi ⁊ in t-im. Agus folmuigid sē linn ruad6520  linn dub ⁊ na leanna loisgthi, ar an adbar sin is maith ē a sgabies ⁊ a lubra ⁊ a ngorānuib an chuirp ⁊ a n-ycterisia ⁊ a salchuraib eile an chroicinn.

De ouis .i. do na huigib. Agus bīth a fhis 6525  agad gurab iat uigi na cearcuigi fasiana, ⁊ co hāirithi an uair bīt siat mēith ōg, is fearr a follamnugad na slāinti. Et a chusmailius sin do na huidib eile, ⁊ co hāirithi a mbeith nuad. Et idir uigib na cearc is iat na huigi fada beaca 6530  nuada is fearr dīb. Tuillead, is fearr na huigi treamula nāid na huigi cruaidi ⁊ na huigi boga, ōir is mōr ⁊ is maith oileamain na n-uideadh so ⁊ is urusa a ndīleagad ⁊ geinid mōrān d'fhuil maith, ⁊ co hāirithi a mbuidēin.

 p.9

infra 173-4 6535 Na huigi cruaduidthear a luaith priāiltear a n-oidin coma cruaid iat, is olc an oileamain do-beirid siat don chorp a n-aithfhēgad na n-ogh  401treamula; ⁊ is deacair a ndīleagad ⁊ is urusa a n-inntōg a ndeathaighib ⁊ a truailliugad. Na 6540 huigi boga, immorra, is urusa a ndīleagad, ⁊ mīnidit an t-ucht ⁊ an sgamān, ⁊ laguid an brū, ⁊ is luga oilid nā oilid na huigi treamula.

Na huigi cruaidi, immorra, is deacair a ndīleagad ⁊ is mall fhāguid an gaili; uigi na lachan ⁊ na 6545 ngēdh ⁊ na sdorc 195 ⁊ na n-ēn eile, is luga is imchubaid iat a follamnugad na slāinti nāid na huigi adubramar romainn; ⁊ mar an cēdna do na huidibh rē n-abur oua uenti, is animchubaid an blas bīs orra, ōir nī fhuilid siat coimlīnta nā 6550 dīleagtha mur atāit na huigi eile, ⁊ do rēir chonsiquens is animchubaidi iat nāid na huigi eile.

Tuillead, bīth a fhis agad gurab do na neithib is usa do chlaechlōd co luath na huigi ⁊ an bainne; ⁊ nī himchubaid na huigi do na corpaibh neam-glana 6555 bīs līnta do droch-leannaib, ōir truailltear iat co ro-luath ⁊ inntaigthear a morgad ⁊ a ndeathuidib iat. Agus nī dleagur a caithim ⁊ an gaile lān do biad, ōir is urusa a ndīleagad, ar an adbur sin is luaithi dīleagthur iat nāid na biada 6560 eile, ⁊ an uair bīt nīsa shia na an chōir annsa  p.10 gaile truailltear iat, ⁊ ōn truailliugad sin truailltear na biada eile; ar an adbur sin nī maith a caithim ar aen-shligi risna biadaibh eile. Agus dā teagmad co caithfidi, is maith a caithim roim in cuid; ⁊ 6565  is fīrinneach so co speitsialta ag labairt do na huidib boga, gibē nī do-gēntur ris na huigib eile.

Tuillead, nī hindēnta sibal nā codlad tair ēs na n-uigead mbog do chaithim mur nach indēnta tar ēs an bainne.

6570 

Tuillead, adeirim an drong atā ullam chum tuitme a fiabras, agā mbī replexion leannann, nach imchubaid uigi dōib ⁊ nach imchubaid feōil, ōir līnuid ⁊ tēigit na huigi in corp.

Tuillead, ar smuaineadh aibīci an chuirp, .i. 6575  a beith mēith feōlmur, nī hintuca na huigi in tan sin. Gid ead, as imchubaid iat do na daīnib truaga. Et ar tuicsin in choimplexa is imchubaidi iat do lucht in choimplexa fuair nā do lucht in choimplexa teasaidi, ⁊ do lucht na 6580  coimplex tirim nā do lucht na coimplex fliuch; mās ead, ō tāit na sean-daīne fuar tirim is dōib is imchubaidi na huigi ⁊ co hāirithi na huigi treamula.

20. An ficheadmad c ai b idil : Do na sabsaib

infra 176-76581  Dicendum est de condimentis et saporibus .i. ō 6585  do luaideamur don taeb thuas dīn do na biaduib  p.11 labram anois do na sabsaib ⁊ do na blasaib. Ōir nī beac an tarba do-nīt na neithe dā ndēntur na sabsaidi leis na biaduib a follamnugad na slāinti, ōir do nīthear na biada toltanach don blas leis 6590 na sabsaib ⁊ sodīleagtha do rēir chonsiquens. Tuillead, ceartaidthear a mailīs ⁊ mēdaigthear a maithius ō na sabsaib.

Agus is iat so na neithe dā ndēntur annlann sabus, mur atā, salann ⁊ ola ⁊ im. Et teaguiscid 6595 an dearbad na biada caitear gan salann co mbīt siat gan blas annsa bēl, ⁊ gurab beac thochluigius an gaile iat. An salann, immorra, do-beir sē blas maith ar na neithib caitear, ⁊ innarbaid sē in mailīs bīs isna biaduib ōn fhlichideacht 6600 neim-dīleagtha uisgeamail bīs inntu; ⁊ is trīt sin as fuirfi dīleagad ⁊ bearbad na mbiad maille salann nā gan salann. Agus atā in dīsleacht so ag an tsalann .i. na fliuchada imurcracha eachtrannacha do thirmugad, ⁊ an 6605 fhlichideacht mairius do cheangal. Et bud follus co lōr cē hiat na biada rig a leas mōrān saluinn mur shabsa ⁊ cē hiat na biada rig a leas beacān: ōir na biada gā mbī imurcaid do fhlichideacht reamuir rigid a leas mōrān saluinn, ⁊ na biada 6610 tirma sēime is beac do shalann rigid a leas; ⁊ is mur sin is follus co fuil in salann ēigintach a follamnugad na slāinti.

Tuillead, nī himchubaid salann ⁊ uisgi mar  p.12 infra 177-86611  shabsa nā mur annlann, an uair bīs uireasbaid na 6615  feōla ar na potāitsib ar na praiseachaib, acht dligmid ola im do chur ann in tan sin; ōir atā nādūir melangcolica thalmaidi ag na praiseachaib ⁊ ag na potāitsīb, mās ead, is maith a measrugad lē neithib olamla beanfus a ngēiri ⁊ 6620  a talmaideacht astu ⁊ chūiseōchus blas ēdrum inmolta orra, ⁊ do rēir chonsiquens ullmōchus chum dīleagtha ⁊ chum oileamna co maith iat.

 402 Ola na holiua, immorra, nī fhuil do na holaduib lē cōirithear an biad ola is millsi nā as measurda 6625  nā as cairdeamla don nādūir nā hī.

Ola nuca, immorra, atā sī teasaidi tirim co mōr, ⁊ mar an cēdna d'olaid an līn; ⁊ nī fhuil blas cairdeamail orra amail atā ar olaid na holiua.

Ola in phoipin 196, immorra, is maith, a blas ⁊ a 6630  balad; ⁊ claenuid beacān ēigin chum fuaraideachta, ar an adbur sin nī himchubaid a follamnugad na ndaīneadh slān ī.

Ola na n-almont milis, is lōr a cairdeamlacht ⁊ a gaire do measurdacht. Et an uair bīs easbaid 6635  na feōla ar na praiseachuib gnāthuigmid na holada annsna biaduib mar shabsa ar son na cūisid adubramar romainn.

De saporibus .i. do na sabsaduib . Agus bīth a  p.13 fhis agad do rēir inntinne Galen sa dara leabar 6640 don Oileamain gurab mō do-nī an blas toltanach co minic urchōid nā do-nī an blas saillti, ōir caithid na daīne biada nīsa mō nā mur dligid ar son a mbeith dead-blasta; ⁊ caithid droch-biad eile lē sabsaib nach caithfidis 'na n-ēgmuis; ⁊ 6645 caithid ō na sabsaib nīsa mō nā mur reaguid a leas, ōir is mō is leigeas iat nā is biad. Gid eadh, nī lugaidi is tarbach in sabsa sin do cheartugad mailīsi na mbiad . Uerbi gratia .i. dā mbia in fheōil reamur rigin dligid in sabsa beith gearrthach 6650 dealuigtheach, ⁊ a chusmailius sin do na feōlaib eile. An dara tarba atā ag an sabsa .i. is imchubaid ē do na daīnib easlāna gā mbī tochlugad anfhann arna trasgairt, ōir fēdaid siat biad do chaithim co maith in tan sin; ⁊ is mur sin is fuirfe dīleagthur 6655 ē, ōir an nī is toltanaigi caitear, as ē is fuirfe dīleagthur. Tuillead .i. fēdtur sabsa do chōrugad chomfhurtachtaidius an brīg dīleagthach, ar an adbur sin fācthur nach mī-tharbach trāchtad do na blasaib ⁊ do na sabsaib.

6660 

Et atāit neithe as inchoimēda a timchill na sabsa An cēid-nī dīb .i. gurab beac in chainndiacht dleagur do chaithim dīb ar son gurab nādūir leigis atā acu. Tuillead, nī dligid na daīne slāna neithe leigeasamla do chaithim acht a cainndiacht 6665 big; ⁊ nī mōr is rēsūnta na neithe leigeasamla do chumusc risna biaduib acht a cainndiacht bic;  p.14 infra 179-806666  ⁊ gach mēid bus ēcosmail in blas risin mbiad as ī in mēide sin is lugaidi dleagur do chaithim de.

An dara nī dligmid do thuicsin .i. co ndleagur 6670  sabuis teasaidi do chaithim annsna haesaib ⁊ annsna coimplexaib ⁊ annsna haimsearaib fuara, ⁊ a chontrārda sin do na haesaib ⁊ do na coimplexaib ⁊ do na haimsearuib teasaidi.

Et is dīb so do-nīthear na sabuis fhuara, mur 6675  atā, agresta ⁊ fīn na n-uball ngrāineach ⁊ aigēid ⁊ sūg an ubuill buidi ⁊ arān arna rōstad ⁊ arna thuma a finēgra ⁊ almoint millsi ⁊ uisgi rōise maille beacān cainēl ⁊ persille.

Et is iat so na neithi dā ndēntar na sabuis 6680  teasaidi gnāthuigmid annsna haimsearaib fuara, mur atā, musdard ⁊ ruib ⁊ sinnsēr ⁊ pibur, cainēl ⁊ clobus , gairleōg ⁊ sāitsi ⁊ minntus ⁊ persille ⁊ fīn ⁊ eanbruithi feōla ⁊ aigēd gan beith lāidir acht beith a ngaire do nādūir fhīna.

6685 

Agus annsna haimsearaib inmeadōnacha is sabus inmeadōnach 197 dleagur do chaithim innti.

Agus an treas nī dligmid do thuicsin .i. gurab iat na biada inmeadōnacha is luga rig a leas rē sabsa ⁊ rē blasaib, ⁊ co hāirithi annsna corpaibh 6690  slāna, ⁊ mur an cēdna, dligid blas na mbiad beith a ngaire do measurdacht in mēid bus ēidir; ⁊ dā mbia blas an bīd tuitmeach, dligid na sabuis  p.15 infra 180-16691  beith a' claenad 'na aduid . Ar an adbur sin dā mbia an biad reamur, rigin, fuar, fliuch, dligid in 6695 sabsa beith teasaidi, tirim, sēimigtheach, gearrthach. Etmbeith na biada teasaidi, tirim, gontach, gēr, dligid in sabus beith fuar, fliuch, a' claenad chum millseachta chum insipita .

Agus as iat sabuis imchubaidi na n-ainmintid 6700 coillti ⁊ na laeg ⁊ na fearbōg bearbthar a n-uisgi .i. na sabuis uaine do-nīthear annsa tshamrad lē haigēd ⁊ lē hagresta ⁊ lē harān rōstaigthi arna thuma inntu maille beacān spīsraid, mur atā, beacān sinnsēir ⁊ beacān clobuis . Annsa 6705 geimread, immorra, dēntar in sabsa cēdna maille mōrān spīsraid ⁊ maille beacān gairleōigi ⁊ rē fīn ro-maith ⁊ rē beacān agresta.

 403Sabus fheōla in daim beirbthear a n-uisgi .i. piperatum. Agus is mur so do-nīthear ē .i. gab 6710 pipur ⁊ arān arna rōstad ⁊ eanbruithi feōla ⁊ beacān agresta; ⁊ is annsa geimread as imchubaidi ē. Annsa tsamrad, immorra, caitear ī maille beacān pibair ⁊ rē mōrān agresta. Agus as imchubaid in sabus sin lē feōil muici a n-aimsir 6715 geimrid co hāirithi; ⁊ an tan beas easbaid na neithead so adubramar orainn, gabthur musdard ⁊ ruib ana n-inad. Agus fētur in fheōil sin  p.16 infra 1816716  adubramar do chaithim maille halle atā geal, comshuigigthear lē gairleōig ⁊ lē cnoib ⁊ lē seinsēr 6720  arna bearbad maille feōil, ⁊ fēdtur beacān uinēgir do chumusc ria annsa tsamrad. Et dā ndearntur pastae do na feōluib adubramar, ⁊ co hāirithi don fheōil daim ⁊ muici, is maith uinneaman geal arna gearrad co min ⁊ pūdur spīsrad 6725  lāidir do chur inntu ⁊ agresta. Annsa tsamrad, immorra, curthar pūdur spīsrad milis a cainndiacht bic gan uinneamain inntu. Et fēdtur cāisi a mbia im do chur ann uinneaman beac a caindigheacht bic. 198 Et dā ndearntur pastae do 6730  na feōlaib sēime mur atāit na hēin, nā curthar uinneamain inntu. Gid eadh, curthar bainne almont maille pūdur spīsrad milis annsa tsamrad inntu, ⁊ fēdtur a ndeireadh in tsamraid ogh brūithi maille hagresta do chur ann. Et curthar 6735  annsa geimread fīn ⁊ nīsa mō do spīsrad a n-inad an agresta.

Agus as iad so sabuis imchubaidi na coinīne ⁊ na ngearrcach rōstaigthe .i. camelina do-nīthear d'arān ⁊ do chostus ⁊ d'agresta arna tuma a 6740  n-aigēid ⁊ a cainēl, ⁊ annsa geimread a tuma a fīn ⁊ a mbeacān aigēidi.

 p.17

infra 182-56741  De piscibus ⁊ .i. don iasg. Agus bīth a fhis agad co generālta, gach reime ⁊ gach dodīleagtha ⁊ gach mēid d'imurcrachaib beas aigi ⁊ gach 6745 flichi dā mbia ann, as ī in mēide sin dligid a shabus beith gēr, teasaidi. Mās ead, tuicthear na hēisg rigne ar nach bīt lanna, mur atāit esgainn, co ndligid a sabuis beith d'fhīn ⁊ do spīsraib lāidiri annsa geimread, ⁊ beith do spīsraib anfhanna ⁊ 6750 d'agresta ⁊ d'aigēid annsa tshamrad.

Sabsa na partān, immorra, dligid siat beith d'aigēid aenda annsa tsamrad ⁊ beith d'fhīn d'aigēid maille pūdur spīsraid annsa geimrid.

21. An t-aenmad c ai b idil fhichead : Dona deochaib[om.]

Postquam determinauimus de cibis .i. ō do 6755 luaidimur don taeb thuas dīn co speitsialta do na biaduib labrum anois do na deochaib. Ar an adbur sin bīth a fhis agad co fuil cuid do na deochaib is leigeas amāin, ⁊ cuid eile is deoch ⁊ is leigeas ar aen-shligi, ⁊ cuid eile is deoch amāin. 6760 Deoch is leigeas amāin, mur atā, sirōip dīleagthach  p.18 infra 185-66761  laccthach, nectár, clāirēd, nō deoch do-nīthear do spīsrad do-beirit drong a ndeiread na coda do chomfhurtacht na brīge dīleagthaigi. Deoch is deoch ⁊ is leigeas, mur atā, sirōip na 6765  uiola in rōsa, do-bearar annsa tshamrad do mīniugad in tarta ⁊ do cheartugad an droch-coimplexa teasaidi. Deoch is deoch amāin, mar atā, in deoch do-bearar do chumusc an bīd d'īsliugad an ainteasa treōruigthear ōn biad annsa 6770  ghaile; ⁊ is cumain lim co ndubart sin don taeb thuas dīm.

Agus atāit dā mod ar an dig sin .i. deoch nādūrda ⁊ deoch ealadnach. An deoch nādūrda, immorra, atāit dā mod uirre .i. fīn uisgi, ⁊ gnāthuigthear 6775  na deocha so againne. Et is do na deochaib so do-rinneadar eagnaidi na n-Araipeach ⁊ na Grēigi mensiōn, an uair do luaididur do na deochaib, acht cē gnāthuigid cinead ēigin bainne a n-inad digi, ⁊ cinead eile ola, ⁊ cinead eile 6780  sirōipi. Gid ead, nī gnāthach againne na deocha sin, ar an adbur sin nī dēnum cuimniugad dīb ann so. Deoch ealadnach, immorra, gnāthuigid drong againne, mur atā, linn ⁊ pomeriumcerasariummellicratum. Agus adubramar co lōr 6785  don uisgi don taeb thuas dīn annsa chēd-chaibidil  404 don dara pairteagal ⁊ nī hinrāid aen-réd de anois ach beacān. Gid eadh, laibeōrmaid don fhīn gē  p.19 infra 186-76786  do-rinneamur mensiōn co generālta de don taeb thuas dīn.

6790 

Bīth a fhis agad gurab imchubaidi in t-uisgi mur dig do bāthad in tarta nā an fīn, gid eadh, ar tuicsin gach aen-neith eile, as imchubaidi in fīn mur dig nā an t-uisgi a follamnugad na slāinti, ach gē theacmus co nādūrda gurab fearr mīnighius 6795 in t-uisgi in tart (ar son gurab eadh is tart ann ālgus na neithead fuar fliuch ⁊ co fuil in t-uisgi fuar fliuch co nādūrda) nā do-nī an fīn; gid eadh, do chumusc an bīd ⁊ dā leathnugad ar na ballaib is fearr in fīn nā an t-uisgi, trē mar atā sēim 6800 ana shubstaint ⁊ ana gnīm, cumuiscthear co hurusa ē risin mbiad, ⁊ co hāirithi furbaīltigid an nādūir reime; ar an adbur sin tairrngid ⁊ cumuiscid ris na biaduib ē. Agus as amlaid do-nīthear an cumusc sin trē fhiuchad, ⁊ furtachtaigid6805  an fīn co mōr chugi sin ar son a beith te do rēir brīge; ⁊ toirmiscid in t-uisgi ē trēna beith fuar.

Et is mar sin is follus gurab fearr an fīn do chumusc an bīd nā in t-uisgi; ⁊ mar an cēdna 6810 is fearr ē do leathnugad na hoileamna ar na ballaib nā an t-uisgi; ōir is ē in fīn tolltōir na n-uile ball, ōir do-nī sē sin do leith shēime a shubstainti ⁊ teasa a brīge (ōir atāit na neithe sin tolltanach co mōr) ⁊ do rēir chonsiquens is mō dīsgaīlius an 6815 fīn nā do-nī an t-uisgi, ōir nī fhuil brīg theasaidi  p.20 infra 187-8 ann ō aēr nā ō theinid, ar an adbur sin toirmiscid in t-uisgi gach uile gluasacht.

Tuillead .i. atā gluasacht na hoileamna chum na mball ō brīg atairraingthig na mball. Ar an 6820  adbur sin is mō grādaidit na boill in fīn nā an t-uisgi, mās ead, is mō fhurtachtaidius an fīn chum sgaīlti na hoileamna ar na ballaib nā do-nī an t-uisgi.

Tuillead .i. nī fhuil in t-uisgi imchubaid mur 6825  dig mar atā an fīn, ōir toirmiscid an t-uisgi an biad do dol a n-oileamain ar son nach oilinn sē leis fēin, ⁊ ar an adbur sin gach uisgeamlacht dā mbia an biad is lugaidi oilius; mās ead, is maith an fīn do chumusc an bīd, ōir nī thoirmiscinn sé an 6830  oileamain acht furtachtaigid ⁊ atairrngid ⁊ athnuaigid co mōr ⁊ oilid co ro-luath.

Tuillead: comfhurtachtaigid an fīn an teas ⁊ na spiraid ⁊ tēigid in corp uile; ōir is mōr mēduighius sin an oileamain; ⁊ cūisigid in t-uisgi 6835  pairilis do leith a fhuaire ⁊ marbaid ⁊ sgrisaid oibrigthi na nādūire co huilidi, ar an adbur sin nī dliginn an t-uisgi a chos do chur a n-oibrigthib na nādūire maille ris fēin; ar an adbur sin, gid bē gnāthuigius uisgi leis fēin as dimolta hé, acht 6840  muna tucthar ē annsna fiabrasaib gēra.

Tuillead: atā tarba eile ag an fīn nach fuil ag an uisgi, ōir tollaid co maith an corp co huilidi, ⁊ gearraid ⁊ dīsgaīlid linn finn rigin, ⁊ folmuigid  p.21 infra 1886841  linn ruad lē fual ⁊ lē hallus, ⁊ bogaid linn dub6845 innarbaid é ⁊ toirmiscid a urchōid, ⁊ dīsgaīlid na hadbuir théchtaigthi.

Tuillead: soillsigid an fīn an t-inntleacht, ⁊ ceartaigid an fhearg, ⁊ innarbaid an dubrōn, ⁊ togairmid an gairdeachus, ⁊ dūisgid an drūis, ⁊ 6850 sgrisaid in meirtnigi, ⁊ cūisigid an beōdacht, ⁊ sgrisaid an tshaint, ⁊ treōruigid an tshubāltaigi. Agus adeirim so co hathchumair co ndēin an fīn duine fearrda do leith chuirp ⁊ anma, ⁊ do-nī an t-uisgi an corp bannda; ar an adbar sin gid bē 6855 nach ibinn fīn bīth sē bannda a n-aithfhēgad na droingi ibius ē; ⁊ do dearbad so ar neach nār ib fīn ar tūs ⁊ do gnāthuig a ōl ainnsēin ⁊ do bī inmolta do leith a chuirp ⁊ a anma . Ar an adbur sin as imchubaide fīn mur dig a follamnugad 6860 na slāinti nā uisgi, ōir nī moluim deoch uisgi aenda a follamnugad na slāinti.

Et atāit na dīsleachta sin ag an fīn dā n-ibthear co measurda ē. Et dā n-ibthear co hainmeasurda é, innus co cūisiginn sé meisgi, mūchaid solus 6865 an anma rēsūnta ⁊ comfhurtachtaigid an brīg mīrēsūnta ⁊ iarasibile ⁊ concupisibile .i. an brīg tsanntach ⁊ an brīg fheargach, ⁊ do-nī sē an rēsūn anumal an tan sin, ⁊ bīth an corp an tan sin mur luing ar muir gan fear follamnuigthi uirre; ar an 6870 adbur sin gabaid sē ag an neach nach ingabāla, ⁊  p.22 infra 1896871   405 moluid an nī nach inmolta, ⁊ labraid droch-nī co gnāthach maille feirg ⁊ rē huabur, ⁊ do-nī droch-oibrigthi mur an cēdna, mur atā, adalltrannus dochraid. Tuillead: an uair ibthear an fīn co 6875  hainimchubaid is mīrbuileach gortaigius an inchinn ⁊ na fēithe, ⁊ treōruigid pairilis ⁊ sdupur ⁊ easlāinti eile na fēithead. Agus co hathchumair marbthur ⁊ arsaidthear an drong gnāthuigius sin co luath, ⁊ do bud fearr dōib an tan sin uisgi d'ōl nā fīn; ar 6880  an adbur sin as inchuir riaglacha bus inchoimēda a ngnāthugad an fhīna innus nach cūiseōchaide seachrān ō thabairt animchubaid an fhīna.

An chēid-riagail dīb .i. nach inibthi fīn ⁊ an gaile folam ⁊ an corp gortach, ōir cūisigid neach 6885  do thuitim a spasmus ⁊ a seachrān meanman. Et dā teagmad tart do beith ar neach ⁊ an gaile folam, fēchad an neach ara mbia an tart sin an tart fīrinneach nādūrda ē. Ōir as ead as tart nādūrda ann ainnteas do-nīthear annsa ghaile ō 6890  chaithim na mbiad, ⁊ nī bī sin annsa ghaile fholum ara mbī tart, mās ead, nī hinibthi fīn annsa tart sin acht muna caitear nī ēigin leis. Gid eadh, do mīniugad in tarta sin fētur iulep d'ōl sirōip eile atā dīleas ana aigid. Gid eadh, nā 6895  hibthear an fīn ar aen-mod ⁊ an gaile folam.

An dara riagail .i. nach dleagur fīn d'ōl idir dā chaithim ⁊ an biad do caithead ar tūs dīb gan  p.23 infra 190-16896  beith dīleagtha, ōir cūisigid an fīn an tan sin an biad neim-dīleagtha d'fhāgbāil an gaile.

6900 

An treas riagail .i. nach inibthi an fīn gan inmeadōn d'ēs tsaethair mōir fothraigthi, ōir gortaigid an fīn na fēithe ⁊ an inchinn co mōr an tan sin.

An ceathramad riagail .i. nach dleagur in fīn 6905 d'ōl maille droch-biaduib nā lē torthaib, nā gu gar tar ēs a caithme; ⁊ co hāirithi gan fīn sēim d'ōl, ōir cūisigid an fīn mailīs na mbiad do thollugad co luath chum na mball. Agus is fīr sin dā caitear a caindiacht mōir é, gid eadh, dā 6910 n-ibthear a caindiacht bic é fā rēsūn an bīd, ceartaigid mailīs an bīd uile.

An cūigead riagail .i. dā ngnāthuige neach fīn anfhann ⁊ fīn lāidir d'ōl ar aen-bord, ibthear an fīn anfann ar tūs ⁊ an fīn lāidir fā deōig, ōir is 6915 fuirfe iatur bēl an gaile ōn ord sin ⁊ cruinnidthear an biad annsa gaile. Gid eadh, dā n-ibthear an fīn lāidir ar tús ⁊ an fīn anfhann fā deōig dobu cunntaburtach an fīn lāidir do leith treisi a gnīma d'fhāgbāil an ghaile roim an dīleagad do beith 6920 fuirfe ⁊ an biad neim-dīleagtha do tharrang leis. Ōir is mō grāduigid na boill co huilidi an fīn lāidir nā an fīn anfann, ar an adbur sin tairrngid co luath é mar amantūr.

An sēmad riagail .i. an fīn ibthear do chumusc 6925 an bīd co ndleagur a chaithim ar aen-shligi risin mbiad ⁊ nach dleagur fuireach risin tart. Agus  p.24 infra 191-26926  an fīn ibthear do bāthad an tarta, nī dleagur a ōl co deireadh in chaithme ⁊ beacān mōrān d'ōl dé an tan sin fā mēid laigead in tarta.6930  Et an fīn is deoch threōruigtheach is ann dleagur a hōl, ar coimlīnad an chēid-dīleagtha ⁊ beacān roim an dara biad do chaithim. Et is imchubaid an deoch so co hāirithi an uair beid na biada caitear roimpe reamur a substaint ⁊ a ngnīm; ⁊ 6935  nī dleagur fuireach risin tart gan an deoch so d' ōl, ōir ullmuigid an deoch sin an gaile do gabāil an bīd eile ⁊ furtachtaigid do thollugad an bīd do caithid chum na n-ae; ⁊ nī dliginn an deoch sin beith a caindiacht mōir innus comad usaidi a 6940  dīleagad annsa ghaile sul do thosgaigead sī chum na n-ae.

An seachtmad riagail .i. gach reime ⁊ gach treisi dā mbia an biad as ī in mēide sin dleagur an deoch threoruigtheach an deoch cumuiscthi do 6945  beith mōr, ⁊ econtra .i. gach sēime ⁊ gach teō ⁊ gach flichi dā mbia an biad, gurab ī an mēide sin dligius an deoch beith beac, mur atā, an deoch threōruigtheach ⁊ an deoch cumuiscthi. Ar an adbur sin is cōra in fīn lāidir d'ōl lē feōil daim 6950  lē feōil gearrcach, ⁊ is cōra a ōl lē hiasg nā lē feōil.

An t-ochtmad riagail .i. an uair bīs neach lān do thart dligid a fhīn beith sēim anfhann a  p.25 infra 192-36951   406ndath īsil. Agus an uair nach bī tart mōr ar 6955 neach dligid a fhīn beith lāidir dearg, ōir nī himchubaid na fīnta lāidiri do bāthad in tarta.

An naemad riagail .i. nach dligid na macāim nāid na banaltranna fīn d'ōl , acht beacān d'fhīn anfhann uisgeamail. Na sean-daīne , immorra, as 6960 imchubaid fīn lāidir, deadh-balaid, deadh-blasta dōib. Ōir dā tucthar fīn do na macāmuib, ⁊ co hāirithi fīn lāidir, is teine a ceann teineadh é, ōir atāit fēithe anfanna ag na macāmuib ⁊ inchinn fhomāmuidtheach anfann; ar an adbur sin 6965 gortaigthear co hurusa ōn fhīn iat, ōir nī fhuil in fīn cudruma do choimplex na macām do leith a thirmachta , ōir atāit na macāim fliuch co mōr ⁊ caithid biada is urusa do dīleagad ⁊ atā dīleagad lāidir acu ⁊ spirada imda. Na macāim, immorra, ⁊ 6970 co hāirithi ara cēd-oileamain, nī hincheaduigthi ar aen-mod fīn dōib acht ro-beacān. Et gach mēid tosgaidit ana n-aimsir, as ī in mēide sin as innile fhēduid fīn d'ōl, ⁊ co hāirithi an uair chaithid biada reamra is deacair do dīleagad ⁊ is deacair do 6975 threōrugad chum na mball.

An deachmad riagail .i. gibē gā mbī inchinn anfhann co nādūrda co haicīdeach, nā hibead fīn lāidir acht a caindiacht bic, gid ead, fēduid fīn anfhann uisgeamail d'ōl. Agus mur an cēdna 6980 don droing gā mbīt ae ⁊ gailidi teasaidi, dligid fīn lāidir teasaidi do sheachna. Agus mar an  p.26 infra 193-56981  cēdna don droing aitreabus isna rēgiōnuib teasaidi ⁊ gā mbī coimplex teasaidi, as beac dligid d'ōl d'fhīn lāidir theasaidi thshēim. Agus a chontrārda 6985  so don droing aitreabus a rēgiōn fhuar ⁊ gā mbī coimplex fuar.

An t-aenmad riagail dēg .i. co ndleagur na sein-fhīnta do sheachna, co mōr a sligid digi, ōir is mō is leigeas iat nā as deoch. Agus mur an cēdna as insheachanta na fīnta nuada , ōir atāit siat 6990  neim-dīleagtha, neam-glan, gaethmur, ⁊ geinid dūinti ⁊ cūisigid disinteria. Na fīnta a n-aīs inmeadōnaid, immorra, ⁊ arna nglanad co maith, as iat as intogtha a coitchinne dīb.

An dara riagail dēg .i. dā n-ibthear an fīn nī 6995  mur dig amāin dleagur a ōl acht d'oileamain an chuirp ⁊ dā reamrugad ⁊ dā athnuaigead mur rigid a leas na daīne bīs truag co nādūrda co haicīdeach. Agus is fīnta millsi, reamra, deadh-datha dleagur d'ōl an tan sin, ōir oilid na fīnta 7000  sin co lōr, ⁊ athnuaigid an nī do millead, ⁊ reamraigid na cuirp. A chontrārda so dā teagmad nach iat na neithe so do-bērmais dār n-ūid, acht an corp do chnaī do thruagugad do thirmugad, mur is cōir do dēnum risna daīnib reamra mēithi; 7005  ōir is fīnta sēime a substaint ⁊ a ngnīm dleagur do thabairt dōib, ⁊ gan a mbeith milis acht a  p.27 infra 195-77006  mbeith poinnticda stipicda a' claenad mēid ēigin chum gile.

An treas riagail dēg: dā tucthar an fīn do 7010 chomfhurtacht na spirad ⁊ do cheartugad na mbrīg, dleagur fīn sēim deadh-balaid do thabairt an tan sin, ara mbī blas toltanach ⁊ ara mbī dath inmeadōnach ⁊ ana mbī neart imchubaid. Agus dleagur an fīn sin d'ōl maille beacān bīd ⁊ 7015 dligid beith glan co maith ōna imurcachaib ⁊ dleagur a ōl a caindiacht bic.

An ceathramad riagail dēg .i. dā tucthar fīn do chomfhurtacht brīge fostaigthi an gaili ⁊ na n-inneadh as iat fīnta dleagur do thoga an tan 7020 sin .i. fīnta dearga reamra poinntica mur iarthur don droing ara mbī flux bronn ō anfainne brīge fostaigthi an ghaili. Ettogram an brīg dīleagthach do chomfhurtacht, dligmid fīnta sēime a substaint ⁊ a ngnīm do thoga in tan sin, ⁊ a 7025 mbeith deadh-balaid, ⁊ mēid ēigin gēiri maille beacān millsi do beith inntu.

An cūigead riagail dēg .i. gurab fearr an fīn do-nīthear anfann ō chumusc uisgi ris nā an fīn 7030 bīs anfhann co nādūrda ⁊ a chur anfann a cēim inann, ⁊ co hāirithi an tan bīs an fīn anfann co  407nādūrda; ōir na fīnta bīs anfhann co nādūrda is usa a truailliugad ⁊ is luga oilid an corp nā  p.28 infra 194, 197-87031  oilius an fīn lāidir anfainnigthear ō chumusc 7035  uisgi ris: ⁊ teaguisgid an dearbad sin co lōr.

Tuillead: bīth a fhis agad ag tabairt na fīntad gurab iat na fīnta duba agā mbī substaint reamur rē cumuiscthear mēid ēigin uisgi is luaithi chuirius neach ar meisgi, ōir is luath tēid sē chum na 7040  fēithead ⁊ is luath tēid a deathaige chum na hinchinne; ar an adbur sin gach sēime ⁊ gach toltanaighi dā mbia an fīn is luaithidi chuirius neach ar meisgi, gid eadh, as urusa in meisgi sin do dīsgaīlead. An meisgi do-nīthear ōn 7045  fhīn reamur, immorra, is mall tic ⁊ is deacair a hinnarbad. Na fīnta reamra anfanna, is cian uatha meisgi do dēnum. Na fīnta sēime lāidiri, atāit siat ro-ullum chum na meisgi.

Et adubradar drong ēigin dār n-eacnuidib-ne 7050  gurab imchubaid a coimēd na slāinti beith uair dā uair annsa mī ar meisgi, innus co cūiseōchaide codlad fada ōn meisgi sin ⁊ co mbedais na brīga ainmidi a cumsanad annsa chodlad sin ⁊ co n-innarbthaigi na himurcracha trē allus, trē 7055  sgeathraig, lē fual, lē fearad, ⁊ folmuigthear an corp mar sin. Et nī dliginn in meisgi sin beith mōr nā anorduigthi ō n-anfainneōchaidi an inchinn co mōr, ōir ullmuigid in meisgi sin neach chum pairilisi chum apoplexia. Et nī dliginn beith 7060  ana meisgi leōmanda nā mucamail, acht beith ana meisgi threōruigius lūthghāir ⁊  p.29 infra 198-200, 2037061  gairdeachus ⁊ ana diaig sin treōrōchus codlad, sgeathrach, allus, fearad. Agus nī moluim-si an tsligi sin acht annsa droing gnāthuigius 7065 droch-regimen.

Tuillead: bīth a fhis agad dā tugam dār n-ūid in t-ucht an sgamān do glanad ⁊ an brū do lagad, as iat na fīnta gā mbī substaint inmeadōnach ⁊ blas milis is mō is intogtha dīb in tan sin. Et 7070 dā tucam dār n-ūid regimen na slāinti, dligid in fīn beith inmeadōnach cudruma idir beith nua ⁊ arsaid, ⁊ beith solus a' claenad chum deirgi, ara mbī balad maith ⁊ blas cudruma, gan beith aigēidigthi nā gēr nā ro-milis, ⁊ gan beith deathmur 7075 nā reamur, ⁊ gan a fhās a n-inaduib clochamla nā slēibtigi, nā a talam ro-shocair shoaradachta, acht a fhás a talam thirim shlēibtigi beas a fiadnuise grēine, ⁊ a adaid ar an aird bu deas, ⁊ gan a fhās a rēgiōn ro-theasaidi nā ro-fhuar. Et is ēidir a 7080 chonclūidiugad as sin nach imchubaíd na fīnta ro-lāidiri, mur atā, fīn an tīre rē n-abur Cipria, ⁊ na Grēigi, a fhollamnugad na slāinti.

Agus as inchomurthaid ana diaid sin na fīnta ealadnacha gnāthuigid drong ēigin, mur atā, an 7085 fīn rē n-abur saluiatum enulatum rósatum. Ōir is nādūir leigis atā ag na fīntaib sin, mās ead, nī himchubaid iad a follamnugad na slāinti acht a caindiacht bic. An fīn ara mbeirbthear  p.30 infra 203-47086  sāitsi, rē n-abur saluiatum, fētur a gnāthugad a 7090  caindiacht bic gan urchōid annsa geimread. Ōir an fīn ara mbeirbthear sāitsi gabaid teasaideachtstipicacht ⁊ deadh-balad ēigin chugi, innus gurab ēidir a chaithim annsa geimrid do thēigead an ghaile. Agus comfhurtachtaigid an gaili ⁊ 7095  an inchinn ⁊ na baill eile do leith a stipicdachta ⁊ a deadh-balaid. Et nī himchubaid mōrān d'ōl de do bāthad an tarta, ōir atā an sāitsi teasaidi tirim. Agus nī himchubaid do threōrugad nā do chumusc an bīd é, ōir do chlaenfad sé an biad 7100  uile chum teasaideachta ⁊ chum tirmaideachta. Et an uair beas an fīn teasaidi tirim ⁊ an sāitsi teasaidi tirim co mōr, is mōr thosgaidius a cumusc rē chēile chum teasaideachta ⁊ chum tirmaideachta, ar an adbur sin nī himchubaid é a follamnugad 7105  na slāinti. Tuillead: dā n-ibthear fīn ara mbeirbthear sāitsi a caindiacht mōir cūisigid an biad d'fhāgbāil an ghaili ⁊ na n-ae sul dīleagthur é co fuirfe, ōir atā brīg diuereticach thshēimigtheach ann ⁊ an uair beirbthear ar dig 7110  é togairmid an fual ⁊ an fhuil mīsta; ar an adbur sin nī hinibthi saluiatum ar aen-mod a caindiacht mōir. Agus gid bē ara mbia easlāinti fēithead  408 nā easlāinti fhuar na hinchinne, mur atā, pairilis, fēduid siat fīn ara mbeirbthear sāitsi do chaithim 7115  a caindiacht mōir ⁊ a sligi leigis; is fearr dōib an  p.31 infra 204-67116  fīn ara mbeirbthear sāitsi d'ōl a tosach an mīs