Unknown author
Edited by F. W. O'Connell and R. M. Henry
An Irish Corpus Astronomiae, being Manus O'Donnell's seventeenth century version of the Lunario of Geronymo Cortès
p.21. An Chéad Chaibidil
1. Don Domhan agus Dá chodchaibh
Is é is domhan ann .i. an uile nidh, mar atá na flaithis, na réalta agus na h-eilemeintidhe; agus fós gach nidh eile cruthuighthe. Goirid na Gréigigh Cosmos dhe so agus na Laidneoiridhthe mundus .i. oirnéaltacht agus dathmhaileacht amhail agus mar atá. Do cruthuigheadh an domhan insa bhfoghmhar, do réir mar adeir ughdair phrionnsapálta, i mí Sep.; agus is é is adhbhar dóibh chuige sin, do bhrigh gurab é gnáth-bhéas na nEabhruidheach, na hÉgipteach, na bPersians, na nGréigeach, agus na gcineadhacha uile mar éirgheas grian, an bhliadhain do ríomh ó Shep. sa tsean-aimsir. Do-bheir siad reasún eile ris so dá dhearbhadh; mar atá, gur apaigh bhádar na tortha toirmiosctha d'ith ar gcéad aithre .i. Adhamh agus Ébha ler pheacaigh siad, agus nach raibh acht spás beag aimsire ó cruthuigheadh iad go nuige sin; agus do bhrigh gurab í mí Sep. am apughadh gacha tortha, táirngid as so gur san bhfoghmhar do cruthuigheadh an domhan. Acht giodh maith na réasúin so, dar leat, atá réasún is fearr iná iad 'na n-aghaidh dá dhearbhadh nach san bhfoghmhar do cruthuigheadh é acht insa Márt i n-earrach, do bhrigh gur túsca fás gach neithe iná a bheith apaigh go nádúrtha: agus mar is é mí Mhárta aimsear nádúrtha chum fás agus geineamhna gach neithe, ní insa bhfoghmhar, mar sin, do cruthuighedh an domhan acht insa Márta, .i. insa t-aonmhadh lá déag de sin, fón am i dtéid an ghrian insa chéad chéim don chomhartha fhlaitheasach dá ngoirthear Aries. Tairis so, atá réasún eile láidir dá dhearbhadh gur fón am so do cruthuigheadh an domhan; óir do b'í toil Chríost bás d'fhulang san earrach — agus sin Dia h-Aoine, an treas lá do Aprioll, d'aois trí mbliadhain déag ar 20, acht gan a mbeith iomlán: agus do b'é a thoil p.4 tairis sin a chur san gcroich ar a seiseadh h-uair, do bhrigh gurab í sin uair agus am agus lá do bhris ar gcéad shinsear aithne Dé; mar sin nach san bhfoghmhar do cruthuigheadh é acht san earrach. Ranntar an domhan ar dhó, mar atá réigiún flaitheasach agus réigiún eile- meinteach; ortha so tráchtfamaoid re congnamh Dé.
2. Don Aimsir
Is é is aimsir ann .i. moille siubhail na h-equinoxium: ionann sin le rádh agus an t-am gur b'ionann fad don lá agus don oidhche, agus teagmhaidh sin faoi dhó san mbliadhain, mar atá an t-aonmhadh lá déag do Mhárt agus an t-aonmhadh lá déag do Shep. faoi nó ós a chionn: nó is é is aimsir ann, mar adeir Aristotill (4 Phisic.), miosúr an tsiubhail do-ghní an chéad-ghluasacht .i. primum mobile ó thosuigheann miosúr aoise an domhain agus aoise an duine, agus gach cuid eile mór agus beag don aimsir; agus fós claochlódh gach neithe dá bhfuil faoi chomhachta na h-aimsire. Do b'é tús na h-aimsire, do réir Eoin Easbal, Apoc. 10, an tan do cruthuigheadh an domhan. Agus atá ó shoin do réir na h-Eabhruidheach gus an mbliadhain i láthair 5654.
Ranntar an aimsir i dtrí h-aimsireadha do réir na dtrí ndlighthe tug Dia aon tsaoghal fó seach .i. aimsir an dlighe nádúrtha do bhí ann ó Adhamh go Maoise, dá tug Dia an dlighe scríobhtha; agus do b'é a líon do bhliadhnaibh 2453: an dara h-aimsir do bhí ó tugadh an dlighe scríobhtha (do scríobh Maoise) go dlighe na ngrás do thug Críost agus go bhfuair bás 1540. An treas aimsir, ó tugadh dlighe na ngrás gus an mbliadhain i láthair 1694, agus tairis sin biaidh go teacht Chríost i ndeireadh an tsaoghail. Is é is céad-ghluasacht ann .i. an deachmhadh flaitheas amhail deirim 'na dhiaidh so. Tairis so ranntar an aimsir go particulárdha i n-aoisibh, p.6 i mbliadhnaibh, i míosaibh, i seachtmhainibh, i láithibh, i n-uairibh, agus i gceathramhnaibh; agus gidh gur féidir a roinn i gcodchaibh is lugha agus is mó iná iad so, gidheadh is lór so don deaghthuigse.
3. Do Aoisibh an Domhain
Gach aimsir do-chuaidh thort agus atá re teacht, ranntar í in a ré h-aoisibh do réir na scrioptúiridhe diadha. An chéad aois ó Adhamh go dílinn do réir Genesis Cap. 5 = 1656 bliadhain: an dara h-aois ó dhílinn go h-Abraham do b'é a líon do bhliadhnaibh 505; an treas h-aois ó Abraham go dlighe Mhaoise 292: an ceathramhadh h-aois ó dhlighe Mhaoise go tionnscnamh teampaill Sholaimh mic Dháibhidh an rígh 480: an cúigeadh h-aois ó thionnscnamh an teampaill go scrios an teampaill chéadna 440: an seiseadh h-aois ó scrios an teampaill go rugadh Críost 587. As sin tuigthear gur b'é aimsir do-chuaidh thort ó thosach an domhain go breith Chríost 3960 bliadhain.
4. Do Aoisibh an Duine
Ranntar saoghal an duine do réir Galenus i gcúig aoisibh, mar atá: aois leanbhaidhe, aois fhásamhail, aois ógánta, aois fheardha, agus aois chríon nó aosta. Is é is adhbhar do chlaochlódh na n-aoise so .i. claochlódh na gcáilidheachta theagmhas san duine re linn gach aimsir dá shaoghail; óir anuair scaras cáilidheacht díobh ris, tig cáilidheacht eile ann nach ionann agus chéad cháilidheacht, agus sin in aimsir áirithe. An chéad aois dá ngoirthear an aois leanbhaidhe, is é is cáilidheacht dí a bheith te fliuch; agus mairidh sí san duine ó a bhreith go h-aois a 14 mbliadhna. An dara h-aois dá ngoirthear aois fhásamhail, agus gurab é is cáilidheacht dí a bheith te tirm; mairidh ó aois a ceithre mbliadhna déag go cúig bliadhna fichead. An treas h-aois dá ngoirthear an aois ógánta, agus gurab p.8 é is cáilidheacht dí a bheith measardha, go h-áirithe in a tosach, mairidh ó 25 go 40. An ceathramhadh h-aois dá ngoirthear an aois fheardha nó seasmhach, agus gurab é is cáilidheacht dí a bheith fuar tirm go measardha, mairidh ó 40 go 55. An cúigeadh h-aois dá ngoirthear an aois chríon, agus gurab é is cáilidheacht dí a bheith fuar tirm go h-iomarcach, mairidh ó 55 go críoch a shaoghail.
5. Don Bhliadhain
Is é is bliadhain ann .i. spás aimsire nó miosúr dhá mhí déag grianamhail: is é sin re rádh, an mhoill do-ghní an ghrian ag siubhal timcheall fán dá chomhartha dhéag flaitheasach go dtig chum an phoinc chéadna ór shiubhail i dtosach na bliadhna. Is é an t-Impire Iúlius Caesar do roinn an bhliadhain atá againn anois i n-úsáid do 365 lá agus 6 h-uaire gan a mbeith iomlán; gidheadh ní fuil an uimhir sin chomh ceart agus sin, do bhrigh go bhfaicimid go soiléir an aimsir ag an t-equinoxium ag athrughadh chugainn ní sa luaithe. An rí Alfonsus na Spainne, insa chruinniughadh do-rinne do leabhraibh na n-astrologach agus na bhfealsamhnach agus ar rinn-fhéachain agus ar scrúdadh caindigheachta na bliadhna; do fuair sé amach go raibh 365 lá, 5 h-uaire, 49 móiminte, agus 10 segund insa mbliadhain. Agus do réir opinion an righ so (atá glactha ag an uile astrologdha) ní féidir lá go h-iomlán do thabhairt isteach insna ceithre bliadhna, do bhrigh go dteastuigheann de 42 móimint agus 56 segund. Acht ar máthair naomhtha an Eaglais chum nach n-imtheochadh re mion-chonntas móimintidhe, do-ghní sí úsáid don mbliadhain do orduigh Julius Caesar .i. 365 lá le 6 h-uaire, agus mar sin do-bheir isteach insna ceithre bliadhna lá, acht gan a bheith iomlán. Agus do b'é sin adhbhar dar n-athair naomhtha an Pápa; sé an treas Griogóir dhéag, fár orduigh an aimsir d'athrughadh san mbliadhain p.10 1582, an 5 lá do October, ag baint 10 lá don mhí chéadna agus ag athrughadh an litir Domhnaigh do bhí ann .i. G agus ag ordughadh C 'na litir Domhnaigh go deireadh na bliadhna; agus tairis sin d'orduigh mar an gcéadna lá do bhaint don aimsir i gcionn gacha trí chéad bliadhain.
6. Do na Míosaibh
Adeirthear mí ón fhocal Laidne .i. metior metiri .i. tomhas nó miosúr, mar is cuid í don dá mhí déag na bliadhna. Atá trí gné míosa ann, .i. mí ghrianamhail, mí eascamhail, agus mí úsáideamhail. Mí úsáideamhail an mhí dá ndéantar úsáid insa gcalindeoir, agus mar do-ghní an Eaglais úsáid dí goirthear amhlaidh sin í. Mí ghrianamhail goirthear don spás aimsir chaitheas an ghrian ag siubhal fó aon chomhartha don dá chomhartha déag fhlaitheasach. Mí éascamhail: atá sin ar thrí mhodhaibh .i. mí shiubhlach, mí theasbáinteach, agus mí leanmhainteach. Is í is mí shiubhlach ann .i. an spás aimsire chaitheas an ghealach ag siubhal fán dá chomhartha déag flaitheasach, agus is é sin 27 lá agus 8 n-uaire. Mí theasbáinteach, nó ar mhodh eile mí leigheasamhail, is é sin an spás aimsire ó chídhmid an ghealach nuadh tar éis teachta go h-am a faicsiona arís tar éis teachta dí an ath-uair. Mí leanmhainteach, is é sin an spás aimsire chaitheas an ghealach ó scaras ris an ghréin go dteagmhadh ria arís, agus is é sin 29 lá go leith. Atá dhá mhí déag san mbliadhain agus is iad a n-anmanna .i. Ianuarius, Februarius, Martius, Aprilis, Maius, Iúnius, Iúlius, Agustus, September, October, October, December.
7. Don tSeachtmhain
Is é is seachtmhain ann .i. spás seacht lá d'aimsir, agus deirthear amhlaidh sin í ón Laidin Septemane .i. seacht maidne nó seacht solais, do bhrigh go n-éirgheann an p.12 ghrian seacht n-uaire san tseachtmhain; agus is iad is anmanna do na laethibh do-ghní seachtmhain .i. Domhnach, Luan, Mart, Cédaoine, Diardaoin, Aoine, agus Satharn, agus tairngid a n-anmanna ó na seacht bplainéidibh. Do ba ghnáth-bhéas do na geintlidhibh Dies Solis do ghairm don Domhnach, agus Dies Lunae don Luan, agus Dies martis don Mháirt, etc; do brigh go bhfuaradar amach le réasún astronomic gur ab í an ghrian is plainéid don uair i n-éirgheann sí Dia Domhnaigh, agus gur ab í an ghealach is plainéid don uair i n-éirgheann an ghrian Dia Luain, agus amhlaidh sin for sna laethibh eile. Acht an Eaglais ag seachnadh an ghnáth-bhéasa sin na ngeintlidhe, do thugadar anmanna eile do na láithibh i n-aimsir an Phápa Silvester; mar atá Lá an Tighearna don Domhnach, nó an chéad tráth; an dara tráth don Luan; an treas tráth don Mháirt; mar atá Feria Secunda, Feria Tertia, agus ar an ordughadh sin ris na láithibh eile acht amháin an Satharn dá dtugadh mar ainm .i. Sabathum .i. scíth agus iolghárdas; do bhrigh gurab ann do chomhnuigh Dia iar gcruthughadh an domhain, agus mar an gcéadna corp Chríost san tomba.
8. Don Lá
Ionann lá re rádh agus solas nó deallradh, do bhrigh nuair thig an ghrian ar amharc go mbíonn 'na lá; agus atá ar dhá mhodh .i. lá nádúrtha agus lá saotharamhail nó gnóthach. Lá saotharamhail, do réir Aristotill, goirtear don spás aimsire bhíos ó éirghe don ghréin go luighe dhí. Goirthear amhlaidh sin é mar is insa spás sin do-ghní an lucht saothair a n-oibre. Is é an lá nádúrtha spás ceithre n-uaire fichead thosuigheas ó éirghe don ghréin go h-éirghe dhí an ath-uair; agus is é so modh ghnáthuigheas na Caldei na Persians, agus na Babilónians; acht na Hebraei gnáthuighidh siad an lá do ríomh ó luighe gréine go luighe dhí an ath-uair. Máseadh ar máthair an p.14 Eaglais, ag a scrúdadh so níosa dhoimhne, tosuighidh sí ris an lá so ó mheadhón oidhche go meadhón oidhche 'na dhiaidh; do bhrigh gurab annsin do rugadh a chéile .i. Íosa Críost slánuightheoir an domhain. Acht na h-astrologdha tosuighidh siad an lá so ó mheadhón lae go meadhón an lae 'na dhiaidh.
9. Don Uair
Is é is uair ann .i. cuid do na ceithre codchaibh fichead bhíos san lá nádúrtha; nó, ar mhodh eile, an dara cuid déag don lá saotharamhail, ar ar labhair Críost ris na h-easbalaibh ag a rádh: Nonne duodecim horae sunt diei? Agus do-ghní Eoin san 11.C. iomrádh ar na h-uairibh saotharamhla so anuair adubhairt: erat quasi hora sexta quando crucifixus est Jesus. Is é sin re rádh go raibh 'na mheadhón lae acht a bheag anuair do céasadh Críost ag tuigsin an seiseadh h-uair mar a dó dhéag; agus dá bhrigh sin goirid na Hebraei an chéad uair don seiseadh h-uair ar maidin agus an treas uair don naomhadh h-uair, agus an seiseadh h-uair don mheadhón lae, agus naomhadh h-uair don treas uair i ndiaidh an mheadhón lae, amhail agus mar tuigthear ag Matha C.17. an áit adeir go raibh dorchadas os cionn an talaimh uile ón seiseadh h-uair go nuige an naomhadh uair; is é sin ón mheadhón lae go nuige an treas uair 'na dhiaidh. Ag so an modh adeir an Eaglais na h-uaire canónta.
10. Do na Ceathramhnaibh
Is é is ceathramha ann .i. cuid do na ceithre codchaibh bhíos insan uair; ionann sin agus cúig móiminte déag, agus iad sin ceithre h-uaire do-ghní siad 60 móiminte, agus do-ghní sin uair iomlán.
11. Do 4 haimsireachaibh na Bliadhna agus dá gcáilidheachtaibh
Ranntar an bhliadhain i gceithre h-aimsireachaibh .i. earrach, samhradh, foghmhar agus geimhreadh; agus atá in gach cuid díobh sin trí mí do réir na n-astronomicidhe. Tosuighidh an t-earrach an 11 lá do Mhárt agus críochnuighthar é an 12 do Iúne, agus is é is cáilidheacht don aimsir sin a bheith te fliuch, agus insan aimsir sin stiúras an lionn dearg, nó is ann is treise é; agus má bhíonn an t-earrach ro-fhliuch biaidh fás mór ag na luibheannaibh acht biaidh siad beag-shubstainteach, agus biaidh na tortha lobhtha sul dtig am a mbuana. Má bhíonn an t-earrach ro-the, scéithfidh na crainn a mbláth go luath agus a nduilleabhar, agus biaidh a dtortha lán do phiastaibh, agus biaidh na rósa ann níosa luaithe iná is cóir, agus mar sin gan deaghbholadh. Más fuar an t-earrach, cialluighidh sin seac mór 'na dheireadh scriosfas na tortha, agus dhéanfas díoghbháil mhór don fhíneamhain. Má bhíonn ro-thirm biaidh siad ro-mhaith. Más fuar an t-earrach, biaidh na tortha mall, maith, agus tarbhach.
Tosuighidh an samhradh an 22 lá do Iune agus críochnuightear é an 23 lá do Sep. agus is é is cáilidheacht dó .i. te tirm, agus is ann is treise an lionn ruadh. Agus más fliuch an samhradh biaidh na tortha lobhtha, agus biaidh an chruithneachta gann, agus níosa lugha don eorna, agus na h-aicídeacha líonmhar. Más ro-thirm é biaidh na tortha maith agus folláin; acht biaidh na h-aicídeacha ro-ghéar. Más ro-the é biaidh na tortha líonmhar agus fós na h-aicídeacha. Más fuar é biaidh na tortha mall agus an bliadhain ro-shaothrach. Tosuighidh an foghmhar an 23 lá do Sep. agus críochnuighthear é an 21 do December, agus is é is cáilidheacht dó a bheith fuar tirm, agus is ann is treise don lionn dubh. Agus más ró-fhliuch 'na dheireadh biaidh p.18 an chruithnechta ro-ghann, agus níos lugha don eorna san mbliadhain 'na dhaidh; acht má bhíonn ro-thirm cialluighidh díoghbháil gacha sórt beathadh agus móran aicídeacha san dara h-aimsir don mbliadhain 'na diaidh. Más ro-fhuar an foghmhar biaidh a thortha domblasta gan deaghbholadh. Más fuar agus tirm é go measardha biaidh an bhliadhain folláin agus go maith. Tosuighidh an geimhreadh ar a 22 do Decem. agus críochnuighidh ar an 20 do Mhárt. Is é is cáilidheacht don aimsir so a bheith fuar fliuch, agus is ann stiúras agus is treise an lionn fionn. Más te fliuch an geimhreadh biaidh urchóideach do na plandaibh agus don tsláinte. Má bhíonn sé gaothmhar biaidh díoghbhálach do na torthaibh agus do na pórthachaibh. Acht fá dheoidh, más claochlódhach cáilidheachta na gceithre n-aimsireacha so, Is é sin más samhradhamhail an t-earrach, nó más earrachamhail an samhradh, nó má bhíonn cáilidheachta coda díobh ag na codchaibh eile contrárdha dá gcáilidheachtaibh dílse féin, is comhartha dearbhtha sin do dhíoghbháil na beatha, agus do ghorta, agus fós do iomad easláinte.
12. Do na hEquinoxia agus do na <term type="astro" lang="la" TEIform="term">Solstitia</term>
Atá dhá Equinoxium agus dhá Solstitia insa mbliadhain .i. dhá aimsir insa mbliadhain inar b'ionann fad don oidhche agus don lá; agus dhá aimsir eile insa mbliadhain chéadna agus gur b'é an lá is faide san mbliadhain aimsir díobh agus an lá is giorra san mbliadhain an aimsir eile. Teagmhaidh an chéad equinoxium anuair thosuigheas an ghrian re dol isteach sa chomhartha Aries; agus do-ghní sin gach bliadhain ar an 21 lá do Mhárt agus is annsin is ionann fad don oidhche agus don lá. Teagmhaidh an dara equinoxium anuair théid an ghrian san gcomhartha Libra; p.20 agus do-ghní sin gach bliadhain an 23 lá Sep. agus annsin is ionann fad don lá agus don oidhche arís. Teagmhaidh na solstitia mar an gcéadna faoi dhó san mbliadhain .i. an chéad Solstitium díobh an 12 lá do December anuair thionnscanas an ghrian re dol isteach insa chomhartha Capricornus, agus is annso theagmhas an lá is giorra sa mbliadhain; agus is é a fhad insa Spáin naoi n-uaire agus ceathramhadh uaire, agus insa n-oidhche sin 14 h-uaire agus trí ceathramhna do uair. Teagmhaidh an dara Solstitium anuair théid an ghrian insa chomhartha Cancer agus é sin an 12 lá do Iune, agus is annsin theaghmhas an lá is faide san mbliadhain (Insa Spáin adeirim) .i. 14 h-uaire agus trí cheathramhna amhail is follas san gclár so ar ndiaidh.
Tuigthear an clár so ar an modh so .i. an 23 do Ianuarius sa Spáin (agus gurab é sin an 13 lá annso i n-Éirinn) éirghidh an ghrian ar a seachtmhadh h-uair agus ceathramhain ar maidin, agus luighidh sí ar a ceathair agus trí ceathramhna i ndiaidh an mheadhóin lae, agus is é fad an lae .i. naoi n-uaire agus dhá cheathramhain; agus fad na h-oidhche .i. 14 h-uaire agus dhá cheathramhain; agus mar sin le so tuigfidhthear é uile. Fóiridh an clár so chum feasa na h-uaire i n-éirgheann an ghrian agus i luigheann sí, agus fad an lae agus na h-oidhche gach am san mbliadhain.
2. An Dara Caibidil
1. Don Réigiún eilemeinteach
Is é réigiún eilemeinteach ann .i. an uile nidh cruthuighthe atá ó fhlaitheas nó ó spéir na gealaighe anuas go ponc meadhónach an talaimh, agus atá gach nídh díobh sin cruthuighthe do cheithre corpaibh singilte dá ngoirthear eilemeintidhe, agus is é a n-anmanna .i. talamh, uisce, aer, agus teine: goirthear corpa singilte díobh do bhrigh nach bhfuilid déanta do chorpaibh eile agus go bhfuil an uile chorp eile déanta díobh. Atá an talamh (mar is corp trom é) i lár an domhain go nádúrtha, agus is é is cáilidheacht dó a bheith fuar tirm, agus is é is compás dó do réir an opinion is mó: 6480 léagadh. Is féidir an talamh mar sin do shiubhal timcheall ann a mbliadhain agus ann a naoi mí agus ann a dtrí lá ndéag, ré deich léagadh do shiubhal gach lá. Atá do dhiameter aige — is é sin tarsna ó thaoibh go taoibh nó ó imeall go h-imeall: 2061 léagadh agus beagán ós cionn leath-léagadh. As sin críochnuighthear agus dearbhthar gurab a fhad uainne, nó ó imeall an talaimh so ar a bhfuilmid go ponc meadhónach an talaimh chéadna in a bhfuil ifreann: 1030 léagadh agus trí ceathramhna do léagadh. Atá an dara h-eilemeint, .i. an t-uisce, ós cionn an talaimh, agus is é is cáilidheacht dó a bheith fuar fliuch; agus do réir na bhfealsamhnach atá sé deich n-uaire níosa mhó iná an talamh; acht ní do chaindigheacht atá sin, acht raritate. Atá an treas h-eilemeint, .i. an t-aer, ós cionn an uisce, agus is é is cáilidheacht dó a bheith te fliuch; agus atá deich n-uaire níosa mhó iná an t-uisce .i. raritate. Atá an ceathramhadh h-eilemeint, .i. an teine, ós cionn an aeir, agus is é is cáilidheacht dí a bheith te tirm; agus atá 10 [n-uaire níosa mhó iná an t-aer .i. raritate].
p.28Do réir an chláir so ghéabhthar amach fios ar cháilidheachtaibh na gceithre n-eilemeint, agus ar cháilidheacht na n-áirdean agus na gceithre ngaotha, na gceithre codtha na bliadhna, na gceithre leannta, na gceithre aoise an duine; agus fós nádúir agus cáilidheachta an dá chomhartha déag flaitheasach.
2. Do nádúir agus do Uimhir na nGaotha
Is é is gaoth ann do réir na bhfealsamhnach .i. exhalatio; is é sin deathach éirgheas ar mhodh anála bhíos te tirm, agus geintear sin i gcompar agus i gcroidhe an talaimh; agus tar éis a tharaing as sin le brigh agus neart na gréine, gluaisidh sé le neart gaitheadh na gréine timcheall an talaimh chomh neartmhar agus do-chídhmid. Is é is adhbhar déanmhasach don ghaith an ghrian, amhail
p.30
adubhramar, do bhrigh go n-oibrigheann sí rena teas agus go dtairngeann chuice na deathaigh sin; agus ar a dtógbháil éirghid go h-árd, go scaraid agus go spreagaid res an bhfuacht atá i réigiún meadhonach an aeir; agus mar scartar iad séididh siad dá réir sin fó chompás an talaimh; agus amhail mar bhíos an talamh nó na réigiúin for a ngluaiseann siad goirthear anmanna díobh dá réir sin; agus tig cáilideacht ar leith do bheith ag gach gaoith fó seach, agus oibrighidh dá réir sin. Is é ba ghnáth-bhéas do na fealsamhnaibh sa tsean-aimsir úsáid do dhéanamh do dhá ghaoith dhéag amháin; agus díobh so atá an ceathair díobh dá ngoirthear gaotha cairdionálta nó prionsapálta; agus ocht eile dá ngoirthear gaotha taoibhe nó leath-taoibhe díobh, do bhrigh go mbíonn dias díobh ar gach taoibh do gach gaoith chairdionálta. Is í an chéad ghaoth chairdionálta an ghaoth ó dheas dá ngoirthear i Laidin .i. Notus vel Auster. Is adhbhar í so do néaltaibh fada, do theintrigh, do mhóran fearthanna, agus do aicídeachaibh iomdha; agus ó bheith dí te fliuch, geinidh sí morcadas agus lobhthadas. Is í is gaoth taoibhe dí so chum na h-áirde siar, an ghaoth dá ngoirthear Libanotus; agus is adhbhar í mar an gcéadna do fhearthainn agus do aicídeachaibh, mar an ghaoith phrionsapálta.
An ghaoth eile taoibhe chum na h-áirde soir, dá ngoirthear Phenicias, adhbharaidh sí sláinte agus aimsir néalamhail. Is í an dara gaoth chairdionálta an ghaoth thuaidh (contrárdha don ghaoith chairdionálta an ghaoth ó dheas) dá ngoirthear Septentrio; agus bí sí sin fuar tirm, agus is iongnadh má thig fearthainn ria, acht atá ro-fholláin. Adhbharaidh sí fuacht tirm do-ghní díoghbháil do na torthaibh, agus atá dhá ghaoith taoibhe eile aice .i. gaoth chum na h-áirde siar dá ngoirthear Caurus. Bhí sí sin fuar tirm agus is adhbhar í do chomhghluasacht mhór gaoithe agus sneachta. Agus an ghaoth eile chum na h-áirde soir, p.32 dá ngoirthear Aquilo vel Caecias, atá fuar tirm gan fhearthainn. Is í is treas gaoth chairdionálta ann .i. an ghaoth anoir, dá ngoirthear Eurus vel Subsolanus. Atá sí sin fuar fliuch, agus do-ghní néalta; agus is gnáthach fearthainn léi so, go h-áirithe insa Valencia. Congnaidh sí fris na luibheanna agus ris an mbláth agus ris an tsláinte. Atá aici so mar an gcéadna dhá ghaoith taoibhe; gaoth dhíobh chum na h-áirde dheas, dá ngoirthear Eurus, agus an ghaoth eile chum na h-áirde thuaidh dá ngoirthear Gregal; agus atáid araon fábharach amhail agus mar atá an ghaoth phrionnsapálta. Is í an ghaoth chairdionálta eile an ghaoth aniar, agus is é is cáilideacht dí a bheith te tirm. Anuair shéideas an ghaoth so, cuiridh sí an fuacht ar gcúl, agus mar an gcéadna an sneachta; acht is adhbhar í do aicídeachaibh, agus ar uairibh do thóirnigh, agus do fhearthainn. Is iad is gaotha taoibhe dí .i. gaoth dhíobh chum na h-áirde thuaidh dá ngoirthear Chorus, agus an ghaoth eile chum na h-áirde dheas dá ngoirthear Africus; agus atá do réir cáilidheachta na gaoithe prionnsapálta .i. an ghaoth aniar dá ngoirthear Zephirus.
3. Fios ar an Modh i nDéantar Cumhdach ar an mBeatha agus ar an tSláinte
Mar atá na soilléir agus na h-áite in a mbíonn fíon, ionnas go mairfidh go buan, is fearr a ndorus chum na h-áirde thuaidh; chum go mbia gaoth agus solus na h-áirde sin chuige, do réir Plinius, Lib. 14. Agus ná fulaingtear fínéagar, nó fíon do géaradh tríd truaillidheacht, a bheith i n-aon-bhall ris an bhfíon eile. Mar an gcéadna na sciobóil, is fearr a ndoirse agus a bhfuinneoga chum na h-áirde céadna, do bhrigh gur buaine agus gur folláine an grán uadh sin iná a mbeith i p.34 dtaoibh eile. Ar an nós gcéadna do na torthaibh; do bhrigh gurab é is nádúir don áird sin a bheith fuar tirm, agus mar sin ro-dhíleas chum a sábhála; agus an uile ghráin ar-cheana. Agus is é am buana na dtortha, ionnas go mairfid níosa bhuaine, re dol don ghealaigh ar gcúl; agus go gearr i ndiaidh an mheadhóin lae, anuair is neart- mhara teas na gréine. Na seomraidhe codalta, ionnas go mbiaid folláin agus glan ó phiastaibh, is fearr a ndoirse agus a bhfuinneoga a bheith chum na h-áirde soir, mar éirgheas grian. Mar an gcéadna áit taiscthe leabhar agus éadach, ionnas go mbia glan o leadhmain. Fa dheoidh, an ola, iarraidh sí solus chuice ón áird ó dheas, agus a bheith san geimhreadh i n-áit the agus san tsamhradh i n-áit fhuair, agus in gach am díobh sin a bheith i soilléaraibh.
3. An 3 Caibidil
1. Don Reigiún Flaitheasach
Go nuige so thráchtamar ar an réigiún eilemeinteach chomh h-aithghearr agus b'fhéidir: anois is iomchubhaidh trácht ar an réigiún fhlaitheasach ris an aithghearra céadna, dá ngoireann Aristotill Lib. 1. De Caelo, C. 8. quinta essentia; do bhrigh go bhfuil eadardhealughadh eidir í féin agus na ceithre h-eilemeintidhe eile. Ranntar an réigiún flaitheasach (nó mar ainm eile an réigiún spéireamhail) ann a n-aon fhlaitheas déag, do réir an opinion is dearbhtha ag an uile astronomic. An chéad spéir, nó an chéad fhlaitheas do réir orduighthe nádúrtha, agus an t-aonmhadh déag uainne mar adeir an diadhairidhe; is é is áit cómhnuidhe do Dhia, do na h-ainglibh, agus do na h-anmannaibh naomhtha; agus níl an flaitheas so faoi ghluasacht mar atá na flaithis eile. I ndiaidh so atá an deachmhadh spéir, nó an deachmhadh flaitheas do réir sinne, agus an dara flaitheas do réir orduighthe nádúrtha, dá ngoirthear primum mobile .i. an chéad-ghluasacht (amhail fuair amach an righ Alfonsus) agus re na shiubhal agus re na ghluasacht gluaistear na flaithis uile uadh anuas i dtimcheall an talaimh ann a spás 24 n-uaire. I ndiaidh so atá an naomhadh spéir, do fuair amach Ptolomeus, dá ngoirthear christalinum; áit in a raibh (mar adeir daoine foghlumtha) na h-uisceacha a ndéan an leabhar Genesis iomrádh orra; agus adeir Beda C. 1, De Natura Rerum C.4 gur congbhadh mar sin iad chum báthughadh an domhain, amhail agus mar rinneadh i n-aimsir na díleann. I ndiaidh so atá an t-ochtmadh spéir, dá ngoirthear an spéir réaltógach, in a bhfuil na réalta uile greamuighthe. Na réalta, iomorro, dá ngoirthear plainéididhe, atáid insna flaithisibh eile íochtracha uadh sin anuas. Goirthear plainéididhe, nó réalta seachránacha díobh, do bhrigh nach mbíonn siad man ionann dá chéile, nó ó chéile, amhail agus mar bhíos na réalta eile, orra so tráchtfamaoid in a n-áitibh féin, agus ar gach plainéid díobh fó seach.
2. Riaghail eile le n-aithnighthear san oidhche an uair do chlog ar an réalt thuaidh
Is í is réalt thuaidh ann .i. réalt atá san t-ochtmhadh spéir agus i bhfogas don bponc ós cionn a ngluaistear na flaithis uile. Atá an réalt so san áird thuaidh. Aithnighthear í ag tabhairt do neach a aighthe san áird soir agus ag féachain ós comhair a ghualann clí; is í an réalt thuaidh is soillsighe do-chidhfidh annsin; léi fós a stiúrann agus a sheolann píolótaidhthe agus an lucht fairrge; mar aon léi féin agus le dhá réaltainn eile atá i bhfogus dá chéile, agus atáid ag rinn Ceann na Bócina .i. béal na h-adhairce, nó réalta goirthear mar sin, agus ar an réalt is soillsighe díobh sin, dá ngoirthear horologialis, aithnighthear an uair do oidhche gach am sa mbliadhain.
p.40Ag tabhairt aithne mar sin ar an réalt thuaidh, tugadh neach a aghaidh uirri ar mhodh go mbiaidh a ghuala chlí chum na h-áirde siar agus a ghuala dheas chum na h-áirde shoir go díreach. Ar mbeith amhlaidh sin, measadh féin cros san aer ós a chomhair agus gurab é is lár nó meadhón dí an réalt thuaidh; agus ceann do cheithre ceannaibh na croise chum a chinn féin agus ceann eile don chrois (contrárdha dó sin) chum a chosa; agus an dá cheann eile na croise do-ghní an líne láir, ceann díobh chum na h-áirde siar réir a ghualann clí, agus an ceann eile chum na h-áirde soir réir a ghualann deise. 'Na dhiadh so measadh mar an gcéadna fáinne cruinn i dtimcheall na croise, amhail agus mar chidh insa taoibh ar ndiaidh; agus tugadh dá aire go siubhlann an réalta horologialis (do-chidh tairngthe insa gclár) i dtimcheall na réilte tuaidh le spás ceithre n-uaire fichead, ionnus go siubhlann gach ceathramhadh don chrois fó seach ann a sé h-uaire; agus do bhrigh go bhfuil gach ceathramhadh rannta 'na sé codchaibh, cialluigidh gach cuid díobh uair, amhail agus atá ar an gclár. Ar dtuigsin an méid adubhramar, tugadh dá aire an aimsir don bhliadhain i mbiadh, nó an aimsir in ar mian leis fios na h-uaire don oidhche d'fhagháil, do bhrigh go mbíonn an réalt horologialis (réir a siubhail) ag ceann uachtarach na croise an chéad lá do mhí May san meadhón oidhche, agus go mbíonn an chéad lá do August ag ceann na croise atá chum na h-áirde siar agus chum na gualann clí insa meadhón oidhche. Mar an céadna bidh 'na meadhón oidhche an tan bhíos an réalt chéadna ag ceann íochtarach na croise, agus teagmhaidh sin an chéad lá do October; agus bidh an chéad lá do Februarius 'na mheadhón oidhche an tan theagmhas an réalt sin ag an ceann eile don chrois atá chum na h-áirde soir agus chum na gualann deise. Tairis so tugtar aire go n-athruigheann na poinc so an mheadhon p.42 oidhche i gcionn gacha cúig lá ndéag .i. spás uaire, mar eisiomláir an chéad lá do May bídh an réalt so horologialis ag an bponc uachtarach na croise san meadhón oidhche (amhail adubhramar), agus i gcionn cúig lá ndéag 'na dhiaidh sin bídh sí uair eile ar a h-aghaidh sa meadhón oidhche, ag an dara ponc don chéad cheathramhain don chrois chum na h-áirde siar agus chum na gualann clí; agus i gcionn 15 lá eile do-ghní an réalt an meadhón oidhche uair eile ar a h-aghaidh ag an 3 ponc don cheathramhain chéadna, agus ar an ordughadh sin ar feadh na bliadhna. Ar dtabhairt aire go maith do na ceithre poinc so na croise in a mbíonn an réalt horologialis san meadhón oidhche, tugadh aire an chéad lá do May an fad atá an réalt chéadna ón bponc i ndéanann an meadhón oidhche, agus so chum na gualann deise, agus má ghní sin trí poinc is follus go bhfuil 'na naoi do chlog, do bhrigh go dteastuigheann trí poinc do na sé poinc atá i gceathramhain na croise chum an mheadhóin oidhche; agus má shiubhlann an réalt chéadna trí poinc eile ar a h-aghaidh ó chionn uachtarach na croise siar chum na gualann clí, is dearbh go mbia 'na trí do chlog ar maidin agus i ndiaidh an mheadhón oidhche; le so is féidir fios gach uair don oidhche fhághail amach gach am sa mbliadhain do dearbhtha gan aon phonc seachráin.
3. Riaghail eile le n-aithnighthear leis an ngréin agus le láimh an duine an uair do ló
Amhail agus mar tugtar riaghail le n-aithnighthear gach uair don oidhche gan clog uaire, tugtar mar an gcéadna riaghail le n-aitheontar an uair do ló leis an láimh; mar sin gur féidir le gach duine uaireadóir a bheith ris féin do ghnáth. Adeirim mar sin an té ler mian leis fios na h-uaire do ló tugadh sé a chúl féin p.44 fris an ngréin go díreach; agus, ionnas go ndéanadh sin go cinnte, cuireadh sé maide beag díreach 'na sheasamh i dtalamh iomlán cothrom, agus gabhadh sé a scáile sin eidir a throighthibh; agus ar mbeith amhlaih sin dó, cuireadh sé brodh do fhad a chorr-mhéir 'na sheasamh i líne na beatha (goirthear mar sin do thimcheallas an ordóg), agus síneadh an lámh chlé go díreach uadh chum na coise céadna, agus gan a bheith níosa áirde nó níosa ísle iná a ghuala agus deasuigheadh clí a ndeárnann ar mhodh nach ndéanadh an ordóg scáile innte; agus is dearbh go mbia scáile an bhrodha sin i n-áit éigin insa gcorrmhéar gach am san mbliadhain. Agus déanmaoid cás go n-éirgheann an ghrian ar a 5 do chlog; annsin biaidh scáile an bhrodha i mbárr an chorr-mhéir, agus má bhíonn i mbárr an mhéir mheadhóin biaidh annsin 'na sé do chlog, agus má bhíonn i mbárr an tanaiste biaidh annsin 'na seacht do chlog, agus má bhíonn i mbárr an mhéir bhig biaidh 'na h-ocht do chlog, agus má bhíonn san líne is foigse do bharr an mhéir bhig biaidh 'na naoi do chlog, agus má bhíonn insa líne nó san alt meadhónach biaidh 'na 10 do chlog, agus má bhíonn san alt ag bun an mhéir bhig chéadna biaidh 'na 11 do chlog, agus má théid an scáile isteach san láimh ós comhair an bhrodha biaidh 'na dhó dhéag. Anois ionnus go bhfuighbheadh fios na n-uaire amach i ndiaidh an mheadhóin lae, tugadh dá aire go bpilleann an scáile forsna h-ailt agus forsna h-áite céadna for a dtáinig ar maidin; mar sin ar bpilleadh don scáile chum an treas ailt i mbun an mhéir bhig, bí annsin 'na h-aon do chlog i ndiaidh an mheadhón lae; agus insan alt láir, bhí 'na dhó; agus ag an treas alt bí 'na trí; agus ag bárr an mhéir bhig bí 'na 4; agus ag bárr an tanaiste bí 'na 5; agus ag bárr an mhéir mheadhóin bí 'na sé; agus ag bárr an chorr-mhéir bí 'na seacht do chlog. Ós a chionn so, tugadh dá aire má éirgheann an ghrian ar a sé do chlog ar maidin gur ar na h-ailt is foigse do bharraibh p.46 na méar céadna do-ghníthear an conntas, agus ag toirneamh for an mear beag chum líne an dó dhéag réir na h-eisiomlára réamhráidhte, agus ag filleadh forsna h-ailt céadna i ndiaidh an mheadhóin lae. Má éirgheann an ghrian ar a seacht do chlog ar maidin, déantar an conntas céadna so ar na h-ailt meadhónacha na méar céadna, agus ag tosughadh do ghnáth leis an gcorr-mhéar; agus mar do-ghní an t-experiens gach nidh urasa, ní beag so, acht go n-éirgheann an ghrian insna míosaibh May, June, July ar a 5 nó i bhfogus dó, agus ann a August; ar a 6, insa Márt, Aprioll, Sep. agus Oct.; agus ar a 7 i October, December, Ianuarius, agus Feb. nó i bhfogus dó. Acht tuigthear gur do réir conntas an Phápa atá an leabhar so, gidheadh is féidir úsáid do dhéanamh dhe in gach talamh nach bhfuil faoi n-a chomhachta.
4. Eolas ar fheardhacht tighe na bliadhna do réir Plinius
Ianuarius
Ó theacht gealaighe na míosa so is cóir do na fearaibh tighe na crainn ar a dtig bláth go luath a mbeangáin do scathadh, mar atá crann almonds, plumaidhe, agus a macsamhla sin. Is cóir scealláin ghéara na n-oráistidhe, na liomóin, agus na mbaláistidhe agus na gcnó franncach do chur san am so i dtalamh te. Ó lán na gealaighe so amach go teacht arís is ann is fearr gach adhmad do bhaint chum go mairidh níosa bhuaine, acht is iad crainn is fearr chuige sin na crainn do chaill a nduilleabhar. Is maith annso an t-aoileach do chur ar an talamh agus a leasughadh fris, agus gáirleog agus uinniúin do chur. Adeir Plinius gurab é am buana gacha neithe chum go mairidh a bhfad .i. i ndiaidh lán gacha gealaighe, agus fós chum cailltéoracht agus grafála, lib. 18. Más insa mí so p.48 cluinfidhthear an chéad tóirneach biaidh na tortha líonmhar, droch-bhiseach ar na coilltibh, iomarcach uisce, gaotha easlána, buaidhreadh insna puiblidheachaibh agus bás daoine agus áirnéise insa talamh in a gcluintear í, do réir ráidhte an ughdair fhoghlamtha agus an astronomic oirdheirc .i. Leopoldus de Austria, agus is í an chéad tóirneach .i. an chéad tóirneach theagmhas i ndiaidh Lae Nodlaig beag nó an lá sin féin fós.
5. Feardhacht tighe agus cailindeoracht mí Feb. do réir Paladius
Ó theacht gealaighe na míosa so go raibh lán is maith an chnáib agus an líon do chur, agus an mustard agus na milloin chum go mbia luath. Ó lán na gealaighe so go teacht, is maith na slatacha chum cliabh agus neithe mar sin do bhuaint (acht adeir Paladius gur fearr a mbuaint fón am so don ghealaigh i mí Ianuarius). Is féidir grafáil na fíneamhna do dhéanamh. Is guasachtach tinneas na gcos san am so. Más san mí so chluinfidhthear an chéad tóirneach cialluighidh sin bás daoine comhachtacha, aicídeacha cinn, pian insna cluasaibh, sioc mór agus beagán tortha do réir Leopoldus.
6. An Márt do réir Paladius
Ré fás na gealaighe so is cóir na milloin, na pepinidhe agus na calabásaidhe do chur: agus an chnáib agus an líon i dtalamh te; agus is fearr a gcur anois iná i mí Feb. agus mar an gcéadna na garabhansaidhe agus gacha scealláin ghéara, agus crainn óga na bhfigineach i dtalamh measardha. Re lán na gealaighe so is maith na gar-ruidheanna agus an cruithneachta do ghort-ghlanadh agus na campaidhe do threabhadh chum nach bhfásaidh an luibhreach agus p.50 glanadh fo na crainn scéitheas go mall, mar atá crann na sméar agus na ngránádach etc. Grafáil na fíneamhna ní cóir a leigean ón am so, do bhrigh go dtosuigheann scéith an uair seo. Geintear insa mí so droch-leannta, agus aicídeacha an chinn bíd guasachtach. Más insa mí so cluinfidhthear an chéad tóirneach, cialluighidh sin gaotha móra, líonmhaireacht gráin agus féar, imreasain, uathbháis agus bás insa talamh i gcluintear í, do réir Leopoldus.
7. Oibreacha Aprioll do réir Abencenif
Ó theacht gealaighe na míosa so go raibh lán, is maith an uile luibhgháirdín do phlantáil, giodh gur maith an sórt sin do dhéanamh mar an gcéadna i mí ó Ianuarius go h-August. Ó lán na gealaighe so go teacht arís, is maith an t-uisce leigean chum na gcampaidhe curtha bhíos tirm te. Is maith an mhí so chum go nglanfaidhe curcóga na mbeach ón dubhán alla agus piastaibh eile geintear ionnta. Is ró-fholláin an t-am so chum purgóid do ghlacadh, agus aicídeacha an mhuinéil agus na brághad atáid guasachtach. Más insa mí so cluinfidhthear an chéad tóirneach, cialluighidh an bhliadhain do bheith deaghthorthach; iomadamhlacht don fhíon agus don chruithneachta agus don áirnéis, go spesialta don chruithneachta insna talta tiorma clochacha; acht go gcialluigheann mar an gcéadna contabhartacha for an bhfairge insna ríoghachtaibh in a gcluintear í, do réir Leopoldus.
8. Feardhacht tighe May do réir Paladius
Ó theacht na gealaighe so go raibh lán is maith an cróach do bhearradh, agus na boic do leigean chum na ngabhar. Is féidir fon am so gach sórt lubhghort do
p.52
phlantughadh. Ó lán na gealaighe go teacht is fearr iná uair eile na brícidhe do loscadh agus do bhruith, agus an uile oibre mar sin do chriaidh, óir is í so aimsir is fearr chuige sin san mbliadhain. Insan aimsir so is maith na campaidhe do threabhadh cuirthear san bhfoghmhar agus i dtalamh fhuar. Is féidir na laoigh, na cullaigh agus na h-uain fireanna do chaill. Gach aicíd insna guaillibh agus insna lámhaibh atá níosa ghuasachtaighe iná uair eile, agus go h-áiridhe cneadhthach ó iarann. Más insa mí so cluinfidhthear an chéad tóirneach .i. ó thosach na bliadhna, cialluighidh mórán uisce, díoghbháil don éanlaith, iomadamhlacht don arán agus do gach sórt pise insna ríoghdhachtaibh in a gcluintear í, do réir Leopoldus.
9. Oibreacha míosa Iune do réir Paladius
Ó theacht na gealaighe so go a lán is maith scothadh do dhéanamh ar na crainn ar a mbíonn coirt reamhar; mar atá crainn oráistidhe, figineach agus ola, agus crainn eile mar sin; agus an gabáiste agus gach lubhghort eile chum go mbia luath. Ó lán na gealaighe so go teacht is maith an phónair do bhuaint agus a bhualadh agus gach sórt pise eile más tirm iad. Adeir Paladius má leigthear uisce fo bhun crann na bhfigin san am so gur luaithide bhias a dtortha apaigh é, agus uadh sin biaidh siad níosa fhearr agus níosa bhlasta. An olann bhuaintear do na caoirchibh san am so, is fearr uadh sin í iná i n-uair eile, do bhrigh go mbíonn níosa aillsighe. Insa mí so is guasachtaigh aicíd an uchta, an ghoile, agus na scamhógaidhe. Más insa mí so cluinfidhthear an chéad tóirneach, cialluighidh iomadamhlacht don arán agus don iasc, díoghbháil tortha, mí-shuiamhneas insna puiblidheachaibh, doirt-bhrúchtadh aibhneach insa talamh i gcluintear í, do réir Leopoldus.
10. Oibreacha Iulius do réir Paladius
Ó theacht na gealaighe so go a lán, is gnáth an chóilis fhionnfadhach, na tornapaidhe, na h-inniúin, an meacan dearg agus an mustard do phlandughadh; agus an scairt do bhuaint don talamh chum nach bhfásfadh. Ó lán na gealaighe so go teacht, is tarbhach an chruithneachta do bhuaint, chum go mbia maith agus go mairfadh níosa bhuaine. Atá tinneas an chroidhe urchóideach san mí so. Atá fós na purgóididhe, an foladóiracht, an snámh, agus an fothragadh, agus suan an mheadhón lae urchóideach san mí so. Más insa mí so cluinfidhthear an chéad tóirneach, cialluighidh buaidhreadh mór insna ríoghachtaibh, comhghluasacht buartha insna puiblidheachaibh, gainne don arán, acht na tortha líonmhar, insa talamh i gcluintear í, amhail adeir Leopoldus.
11. Oibreacha mí August do réir Paladius
Ó theacht na gealaighe so go lán, is maith an t-aoileach do chur ar na campaidhibh chum na cruithneachta; na h-inniúin do bhuaint chum a dtaiscthe, agus tar éis fearthanna, na rabúin, na tornapaidhe, agus an chóilis mhall do chur. Ó lán na gealaighe so go teacht, is gnáth na grápaidhe, na baláistidhe, agus na figinidhe do thiormughadh, chum úsáid do dhéanamh díobh uair eile; agus pór gabáiste agus pónair do chur. Insa mí so is ro-chontabhartach cuideachta na mban, suan an mheadhóin lae, agus an fothragadh; agus ní maith purgóid, nó fuil do scaoileadh acht re riachtanas mór. Más insa mí so cluinfidhthear an chéad tóirneach, cialluighidh sin bás d'iascaibh na fairge, agus do na h-ainmhíntibh ceatharchosacha, suaimhneas do na puibleachaibh, agus iomad aicídidhe insna ríoghachtaibh i gcluinfidhthear í, do réir Leopoldus de Austria.
12. Oibreacha Sep. do réir Paladius
Ó theacht na gealaighe so go lán, is maith an seagal, an eorna, agus an phónair a chur i dtalamh te; óir is i dtalamh fuar is fearr a gcur roimhe so. Is ró-mhaith an t-am so chum an líon do chur. Ó lán na gealaighe go teacht is aimsir nádúrtha chum na grápaidhe do bhuaint agus an fíon do dhéanamh. Is maith inso an talamh do threabhadh agus do rómhar, agus a leasughadh le h-aoileach chum gach lubhghort do chur ann. Ar feadh na míosa so is maith an fhuil re scaoileadh, agus an uile aicíd insna dubháin agus insna másaibh atá ro-urchóideach. Más insa mí so cluintear an chéad tóirneach, cialluighidh tiormlach i dtosach na bliadhna, agus fliuchlach in a deireadh; iomadamhlacht don arán, acht go daor; agus ro-bhagar báis don droing phuiblidhe insa talamh i gcluintear í, do réir Leopoldus.
13. Oibreacha <term type="astro" lang="la" TEIform="term">October</term> do réir Abencenif
Ó thosach na míosa so go deireadh, is cóir an ola do dhéanamh agus an fíon ann i dtalamh mhall, agus is maith annso an uile sórt gráin do chur; mar atá cruithneachta, seagal, eorna, agus a macasamhla sin. Agus na cnódha, na castáinidhe, na gránádaidhe, agus na cnodha Francacha do bhuaint, agus na tortha malla mar an gcéadna; agus na crainn ar a dtig na silínidhe, na piorraidhe, agus na h-ubhla do phlandughadh. Atá an uile chneadh do-leighis insa mí so, agus atá tinneas na mball príobháideach guasachtach. Más insa mí so cluintear an chéad tóirneach, cialluighidh stoirm gaoithe agus comhghluasacht na n-aer, gainne aráin agus tortha agus fíona; bás áirnéise agus éisc insa talamh i gcluintear í, do réir Leopoldus.
14. Oibreacha November do réir Abencenif
Ó thosach na míosa so is maith na campaidhe do threabhadh, agus an talamh in a mbíonn droch-luibheanna, chum nach bhfásfadh; agus an críonach do bhaint do na crannaibh, agus a leasughadh re h-aoileach. I lán na gealaighe so, agus i lán na gealaighe 'na diaidh, is maith an fheoil le sailleadh, agus crainn do ghearradh chum oibre. Is maith an mhí so chum fola do scaoileadh, agus chum fothraicthe, agus chum gach sórt aicíd do leigheas; agus atá aicídidhe insna luirgnibh guasachtach. Más insa mí so cluinfidh- thear an chéad tóirneach, cialluighidh díoghbháil do na caoirchibh, iomadamhlacht don chruithneachta, iolgháirdeas insna daoinibh. Tiocfaidh an aimsir isteach go maith. Ní dhéana fearthainn acht ro-tharbhach; gidheadh, tuitfidh na tortha do na crannaibh níosa luaithe iná is cóir insa talamh in a gcluintear í, do réir Leopoldus.
15. Oibreacha <term type="astro" lang="la" TEIform="term">December</term> do réir Paladius
Ar son gur beag oibreacha an champa insa mí so; gidheadh, is féidir an lubhghort do chur fá chómhair an earraigh, agus an t-adhmad bhuaintear san am so bíonn sé ro-bhuan; agus ní theasdeocha ón fhear-tighe dúthrachtach agus cúirialta nidh le déanamh san am so féin (amhail agus mar adeir Paladius); mar atá, an t-aoileach do chruinniughadh i gcarnaibh, rópaidhe agus córdaidhe do dhéanamh fá chomhair na h-aimsire chuige, na soiléir do ghlanadh, agus gach saothar eile nach mbaineann do cháilidheacht na h-aimsire. Is iomdha neithe eile do b'fhéidir a rádh gach mí nach ndubhramar, do bhrigh nach áil linn a bheith fadálach. Is annso is guasachtach tinneas na nglún. Más inso cluintear an chéad tóirneach cialluighidh bliadhain mhaith, folláineacht, síth insna cinidheachaibh insa talamh in a gcluintear í, do réir Leopoldus de Austria.
4. An 4 Caibidil
1. Do chailindeoracht na h-aimsire: do na plainéidibh agus dá gcailideachtaibh do réir Leopoldus
Sul thoiseocham le cailindeoracht na bliadhna, ní misde an sean-fhocal bhíos dá luadh go minic ag an lucht léighinn, agus fós ag na h-astrologdaibh Críostamhla, do fhoillsiughadh; do bhrigh go mbaineann ris an saothar so .i. Astra movent homines, sed Deus astra movet; is é sin; go ngluaiseann na réalta agus go gclaonann na daoine chum claochlódha nádúire, agus go ndéan amhlaidh sin leis na neithe cruthuighthe uile an domhain, beothacha, mhoitheacha agus neamh-mhoitheacha, ag dortadh ionnta a gcáilidheachta díleas maithe nó olca. Acht thairis sin adeir an sean-fhocal céadna go ngluaiseann Dia na réalta féin, ag tabhairt dóibh re na mhór-chomhachtaibh brigh nádúrtha chum na daoine agus gach nidh eile do chlaonadh do réir a nádúire díleas fein; ionnus gur uatha atá claon nádúrtha gach neithe, ó dtig an seanráidhte Aristotill, adeir; “Quod a natura inest, semper inest;” is é sin: an nidh atá ag duine go nádúrtha gur deacair a scaradh fris; ní hé amháin, acht mairidh go buan aige; óir dearbhuighmid sin do ghnáth orainn féin agus ar chách eile; acht fós is dearbh gur féidir ris an duine eagnach deiscréideach buaidh do bhreith ar an uile chlaon thig go nádúrtha; mar sin adubradh re céill; Sapiens dominabitur astris, is é sin gur maighistir ar na réalta an duine eagnach, óir do-ghní tláith macánta a nádúir bhorb, agus seachnuidh sé an t-olc chum a mbíonn claon. Tairis so tug Dia mór uilechomhachtach, da dtugamaoid an uile mholadh, don duine neart a thoile saoire, ar p.62 mhodh, ní h-iad amháin na réalta acht fós na deamhain, ifrionn, agus gach nidh eile nach féidir leo a chlaonadh muna budh ciontach é féin ris, agus níosa lugha go mór ré congnamh grása Dé. Mar sin adeirim gur féidir leis na réalta an duine do chlaonadh go nádúrtha, acht nach féidir leo foiréigniughadh do dhéanamh fair. Ar an chlaon nádúrtha so is mian liomsa trácht for cailindeoracht nádúrtha na bplainéid, ag umhlughadh agus ag luighe go h-uile agus go h-iomlán faoi smacht agus faoi stiúradh ar máthar naomhtha an Eaglais Catolice Rómhánta.
2. Do cháilidheachtaibh na plainéide dá ngoirthear Saturnus
Saturnus
Is é is áit don phlainéid so an seachtmhadh spéir, dá ngoirthear an seachtmhadh flaitheas, agus do réir ord nádúrtha goirthear an chéad phlainéid de. Is é is cáilidheacht dó a bheith fuar tirm, leanndubhach, talmhaidhe, feardha, agus laetheamhail. Atá sé 'na námhaid ag an nádúir daonda go nádúrtha. Is ádhbhar é do mhór-shaothar, do ghorta, d'anródh, do bheag-thoradh na bliadhna agus do dhíoghbháil na beatha; do-bheir mar an gcéadna doilgheas, osnadhacha, scrios, boichtine agus bás; buaidhreadh, mí-chomhnuidhe, fadáil agus neamhdhóchas. Is gnáth le so na daoine ar a stiúrann do chlaonadh chum fuatha, chum tuirse, chum leannduibh, chum cráidhteachta, uathbháis, uaignis, agus neamhdhúil cuideachtan. Stiúraidh an phlainéid so ar na daoine críon-aosta, uaigneacha, sanntacha, tuirseacha, leanndubhacha, úsúracha, ceacharacha, sclábhacha, éadóchasacha, dí-chreidmheacha, anorduigheacha, glutúnacha, piseogacha; agus fós ar an droing bhíos claon chum na h-ealadhna duibhe, agus shiubhlas imeasc na gcorp marbh ag déanamh piseoga agus diabhlaidheachta.
3. Do chailindeoracht na plainéide so
Is é is lá don phlainéid so, an Satharn. Is í is uair dí an cheád uair mar éirgheas grian an lá sin, agus an t-ochtmhadh uair i ndiaidh éirghe don ghréin. Agus i gcás do dtosócha an bhliadhain ar an tSatharn, biaidh sí tirm gann-bheathach; biaidh an t-earrach mór-ghaothach, an samhradh fliuch, an foghmhar tirm fionn-fhuar, agus an geimhreadh fadtuirseach gaothach, caol-fhuacht, agus beaguisceach. Cialluighidh fós gainne don chruithneachta, fíon, ola, agus níosa lugha don mhil. Biaidh an líon gann agus daor, biaidh na tortha líonmhar, acht ní bhiaidh an t-iasc úr mar sin. Cialluighidh mar an gcéadna go mbiaidh trácht iomdha ar phósadh, agus go dtuitfidh mórán do na sean-tighthibh. Biaidh an fiabhras tréan, agus go h-áirithe an tersiana agus an Quartana, i n-iomad áite san domhan. Is gar bas do sheandaoinibh insan mbliadhain so, óir is contrárdha dóibh an aimsir. Cialluighidh bás don áirnéis, go spesialta na caoirigh, agus piastaidhe an tsíoda.
4. Don deilbh crotha thig ón bplainéid so
An drong beirthear faoi stiúradh na plainéide so bíd go nádúrtha fuar tirm, mór-aightheach, mí-dhathamhail. A súile measardha i méad, agus claonta chum an talaimh, acht go mbí súil is mó iná a chéile aca. Sróna feolmhara, puisínidhe reamhra, a malaidhe i bhfogus dá chéile, dath a n-aighthe donn, a ngruag dubh cruaidh-fhionnfadhach agus caol-chasta; a bhfiacla cuid díobh níosa faide iná a chéile, ucht fionnfadhach, luirgne fada neamhdhíreacha. Bí siad féitheach tirm-fheolach, a gcuisleanna caola gidheadh taisbeántacha. Agus má bhíonn an phlainéid so siar, biaidh na daoine beaga, gann-fheolacha, beagfhéasógacha, agus gruag fadsínteacha.
5. Do na cáilidheachta dhoirtear an phlainéid so insa duine.
Is é cáilidheacht na droinge beirthear faoi an phlainéid so a bheith trom-smuainteacha, crioth-eaglacha, agus dúlmhar i bhfeardhacht tighe. Bí siad neamhsheasmhach, tuirseach, leanndubhach, mealltach, corach (agus do réir na bhfealsamhnach drúiseamhail, ón iomad póradh geintear ionnta); bíd dúlmhar san uaigneas, agus fuathmhar ar an ullghárdas. Bí siad feargach fo bheag-adhbhar agus deacrach fo scaradh ria; gidheadh, ar na droch-cháilidheachtaibh so uile is féidir leis an duine críonna é féin do sheachnadh tré chongnamh Dé agus re tiodhlacadh na toile saoire.
6. Do chlaon nádúrtha na droinge so
Bídh siad claon chum litreach agus chum foghluma, go spesialta chum fealsamhnachta agus staidéir na tuigse; chum fós seicréid naomhtha na n-ealadhnacha saora agus neamh-shaora, mar atá feardhacht tighe, saordhacht cloiche, gréasuidheacht agus déanamh lámhán. Cuid eile díobh bíd claon chum a bheith ag cur na gcorp agus chum gach oibre ghníthear do chriaidh. Bíd fonnmhar chum bheith ag iarraidh mianach airgid bheo, luaidhe, agus stáin, agus sean-taiscidheacha na talmhan. Tig siad go maith le beith 'na mbráithre, do bhrigh gur ionmhain leo an t-uaigneas. Is mó an phlainéid so iná an talamh (do réir Alfraganus) 95 uaire. Is é is miotal dí an luaidhe, is é is dath dí dath na luath. Atá stiúradh aice ar an talamh, agus atá uadh 28089750 do léagadh, agus atá do chorp aici féin .i. 589680 léagadh.
7. Do cháilidheachtaibh na plainéide dá ngoirthear Iupiter
Iupiter
Is é is áit don phlainéid so an seismhadh spéir. Is é is cáilidheacht dhí a bheith te, fliuch, aeramhail, leann-deargach, feardha, agus ro-fhábharach don nádúir daonda, do bhrigh go bhfuil féin measardha go nádúrtha; agus mar sin glanaidh sí an t-aer, ó dtig na gaotha do bheith folláin, agus an fhearthainn ro-shochaireach don talamh. Do-ghní teas an tsamhraidh measardha agus an fuacht san ngeimhreadh, laghduighidh na h-aicídeacha agus díbiridh na pláighe, agus cuididh ris na neithe fásamhla. Do-bheir na daoine a bheith síothchánta re aroile, agus a mbeith cráibhtheach, go speisialta na daoine dar plainéid í .i. na daoine eagnacha, ionraice, gnúisnáracha, fiala, cearta, trócaireacha, riaghalta, coinghiollacha, claon-mhaitheasacha, fírinneacha, mór-chroidheacha, subháilceacha. Na daoine ceart-bheathacha, compáiseacha, bronntacha, déirceacha. Na daoine dúlmhara insna mnáibh, súgacha, so-ghrádhacha; na daoine deaghchumtha, dathmhala, eagnaithe; na daoine a mbíonn eagla Dé 'na gcroidhthe, agus i mbíonn faithchill agus roimhfhéachain aca air.
8. Do chailindeoracht na plainéide so
Is é is lá dhí so .i. an Diardaoin. Is é is uair dí an chéad uair éirgheas grian an lá sin, agus an t-ochtmhadh h-uair 'na dhiaidh. An bhliadhain thosuigheas ar an lá so .i. ar a Diardaoin, biaidh an t-earrach gaothach, an samhradh measardha, an foghmhar fliuch, agus an geimhreadh mar an gcéadna measardha: biaidh an cruithneachta líonmhar agus an beatha, biaidh an mionghrán ro-líonmhar agus an líon p.70 ro-thearc. Biaidh an fíon iomadamhail agus an ola, an mhil gann; acht biaidh an mhuicfheoil agus an t-iasc úr líonmhar. Biaidh an bhliadhain sin claon chum síothchána acht (mar adubhramar) bheir an toil shaor buaidh ar a nádúir.
9. Don deilbh crotha bheir an phlainéid so
An drong beirthear faoi stiúradh na plainéide so bíd deighphearsanacha, deaghchumtha, geala, claon chum beith fionnchrothacha; a bhféasóga donn, casta, agus scoilte 'na dhá cuid; a súile dearga, lag-radharcacha, dubha, dathmhala; aighthe fairsinge feolmhara; fiacla móra dlútha; gruaige tláithe tana, ó dtig dóibh a bheith plait-mhaola; cuisleanna fada taisbeántacha.
10. Do cháilidheachtaibh na droinge so
Bídh siad ro-shíothchánta, macánta, neamhchealgacha, neamhdhúbailte i n-intinn. Bíd measardha taoibh bídh agus dighe, subhailceacha, deaghchoinghiollacha, deaghfheasacha: ní bhíonn siad námhadach nó díoghaltach, gidheadh bíd so-ghluaiste chum feirge fo bheag-adhbhar. Cóimhlíonaid a ngeallta le fírinne. Tráchtaid a ngnoithe le deiscréid. Bheirid deaghchomhairle sábháilteach. Tuigid gach nidh go h-urasa, do bhrigh go mbíd glan-intleachtach; bíd clannmhar folláin, agus do dheaghcháilidheachtaibh.
11. Do chlaon nádúrtha na droinge so
Bíd so claon chum na h-eaglaise, chum creidimh agus debhósion, do bhrigh go mbíd suaimhneach, subhailceach, macánta: tairis so bíd claon chum bheith 'na mbreitheamhnaibh, agus 'na ndaoinibh liteardha, 'na gcómhairleadhaibh, p.72 agus cúramacha fo na bochtaibh, agus fo gach ocáid eile bhíos 'na díol-truaighe. Adeir Alfraganus gur mó an phlainéid so 95 n-uaire iná an talamh. Is é is miotal dí an stán. Atá stiúradh aice ar an aer. Atá sí ón talamh 17208200 do léagaibh, agus atá do chorp aice féin 615600 do léagaibh.
12. Do cháilidheachtaibh na plainéide dá ngoirthear Mars
Mars
Is é is áit don plainéid so an cúigmhadh spéir. Is é is cáilidheacht dí a bheith tirm, te, leannruadhach, teineamhail, feardha, agus oidhcheamhail. Atá sí 'na námhaid ag an nádúir daonda ó bheith drochnádúrtha í féin. Do-bheir gaotha, toirmiosctha, sioc agus fuacht mór, clochshneachta agus dorchadas, an-teas san aimsir bhíos claon chuige; gaotha neamhmheasardha, easlána agus droch-cháilidheachtacha. Agus atá do nádúir chomh contrárdha agus chomh díoghbhálach agus sin, ar mhodh go ngluaiseann agus go gclaonann intinn na gcréatúiridhe i n-aghaidh a chéile le bheith dóibh feargach, coitinneach, coinspóideach, earráideach, fuildhoirteach, cogthach agus námhadach re aroile. Claonaidh mar an gcéadna iad chum a bheith bradach, robálach, loisceach, marbhthach, éagcórach, imdheargthach agus obann-fheargach. Stiúraidh an phlainéid so ar lucht cogaidh, ar na daoinibh feargacha, fealltacha, droch-choinghiollacha agus bréagacha, ar na meisceoiridhibh, craosacha agus mí-náireacha, ar lucht rinnce, bruighneacha agus ciapalacha, ar an droing bhíos dúlmhar i n-arm, a bhíos obann-fheargacha, ar an lucht mire, slaid, agus robála; ar an lucht drochrúin, mealltach agus anróidhteach, ar an lucht cluanacha, cúlchainteacha, bíodánacha; ar an lucht tnúthach, sáruidheacha, sanntacha, agus ar an lucht fealltacha, fuilteacha, feargacha, mor-ghothacha.
13. — Do chailindeoracht na plainéide so
Is é is lá na pláinéide so an Mháirt; is í a h-uair an chéad uair agus an t-ochtmhadh h-uair. An bhliadhain thosuigheas ris an lá so biaidh an t-earrach fliuch, an samhradh te, an foghmhar tirm, agus an geimhreadh fuar, fliuch, dorcha, le h-iomad sneachta. Biaidh fortún taoibh na fairge ón iomad long-bhriseadh. Cialluighidh díoghbháil don chruithneachta agus grán eile, measardhacht don ola agus don mhil. Biaidh gach sórt pise líonmhar, beagán don fhíon, measardhacht do na torthaibh, agus ghéabhaid mórán don mhin-eallach bás ó iomad na fola agus an teas bhíos a stiúradh ionnta an bhliadhain sin. Cialluighidh mar an gcéadna an phlainéid so iomad aicídeacha agus báis don chinéal bhanda; agus cialluighidh thairis so bás obann, agus daoine uaisle comhachtacha: Vitam cum morte commutabunt. Biaidh imreasain agus cointinn idir an lucht tíoránta.
14. Do deilbh crotha bheir an phlainéid so
Biaidh ag an droing beirthear faoi an phlainéid so aighthe móra mí-dhathamhla, le boill bheaga, dhearga ionnta: gruaga beaga, dearga nó fionna; súile lasta, dearga, agus feolmhara, agus féachain rinn-ghéara; sróna móra, fairsinge; fiacla glana, scaoilteacha, neamh-iomlána; agus beag-fhéasógacha, agus corpa crom-chrothacha. Má bhíonn an phlainéid so san áird shiar cialluighidh muinéil caola, agus luirgne fanna fadchoiscéimeacha in a siubhal: troighthe árdtosacha; múrlainn bheaga, agus a gcinn mór.
15. Do cháilidheacht an droinge so
Bíd so feargacha, togracha chum duine do bhualadh, droch-chéillidhe agus droch-bhriathracha; bíd iarratach ar chointinn agus 'na náimhdibh ag an tsuaimhneas: bíd grádhmhar ar a gcomhchosmhalacht féin, ar imirt agus ar mhnáibh: bíd bréagach, meangach, mealltach, neamh-chompáiseach, bradach, acht bheir an duine eagnach buaidh ar chlaon na réalta agus ar a nadúir féin.
16. Do chlaon nádúrtha na droinge so
Bíd so claon chum airm agus chum teine; mar sin bíd claon chum bheith 'na ngabhnaibh, 'na gceardana, 'na lucht déanta airm, agus an uile shórt ceardachta; bíd dúlmhar i n-armaibh teineadh agus i bhfeardhacht gunnaidhe móra agus beaga etc. Atá an phlainéid so, do réir Alfraganus, níos mhó iná an talamh uair go leith, agus an t-ochtmhadh cuid ós a chionn sin.
Atá stiúradh aice ar an teinidh. Is é is miotal dí an t-iarann agus an copar, agus atá ón talamh 2379000 do léagaibh, agus atá do chorp aice: 10530 do léagaibh.
17. Do cháilidheachtaibh na plainéide dá ngoirthear Sol
Sol
Is é is áit na plainéide so i meadhón na bplainéid eile, agus an ceathramhadh h-aer nó spéir, mar thighearna agus mar rígh orra, ó bhfághaid uile a solas. Is é is cáilidheacht don phlainéid so dá ngoirthear Sol .i. an ghrian, a bheith te agus tirm go measardha, laetheamhail, agus feardha. Uaithi so thig na tortha a bheith apaidh agus gach nidh eile cóimhlíonta 'na thráth féin. Is adhbhar an doirt comhacht tug Dia dí p.78 so chum na neithe thabhairt ar a n-aghaidh, ar mhodh gur ghluais sin Aristotill chum a rádh: “Sol et homo generant hominem”, is é sin go ngeineann duine agus grian an duine. Labhraidh Hali ar an bplainéid so agus adeir gurab í is adhbhar do fhás gacha neithe, agus gurab í gheineas na neithe fásamhla, agus na h-ainmhíntidhe. Claonaidh sí agus gluaisidh sí na daoine chum a bheith i stáid chomhachtaigh, onóirigh, shaoir; agus stiúraidh for neach eile a bheith tromdha agus ag dréim fria árdchéimeadh. Bídh stiúradh aice ar na ríghthibh agus ar na daoinibh comhachtacha, ar na daoinibh tromdha, mórchroidheacha, deaghchomhairleacha, agus ar gach duine bhíos 'na chomhairleach ar rígh agus ro-fhlatha.
18. Do chailindeoracht na plainéide so
Is é lá na plainéide so an Domhnach, agus a h-uair an chéad uair agus an t-ochtmhadh. An bhliadhain thosuigheas ar an lá so, biaidh an t-earrach measardha, an samhradh ro-the, an foghmhar gaothach, agus an geimhreadh géar. Biaidh an beatha líonmhar agus an uile shórt gráin, agus fós an fíon, an ola, agus mhil agus na tortha. Biaidh an áirnéis beag agus mór líonmhar. Cialluighidh an phlainéid so imreasain eidir daoine uaisle, agus iomrádh ar ríghthibh, agus giorra saoghail don aois óig, sed Deus super omnia.
19. Don deilbh crotha bheir an phlainéid so
An drong beirthear faoi stiúradh na plainéide so bíd geal agus feolmhar: aighthe cruinne solas-ghlana, béal measardha; puisínidhe caol-reamhra; malaidhe caola; fiacla geala dathamhla; srón díreach deaghchumtha; muinéal agus ucht cruinne; corp díreach deaghchumtha; bíd ro-láidir agus neartmhar.
20. Do cháilidheacht na droinge so
Bíd so tromdha, ionraice, fiala, deaghchomhairleacha, dúlmhar fa neach eile da n-onórughadh: bíd flaitheamhail in a n-intinn, deaghchainteach, mórdhálach agus mór-mheasamhail orra féin.
21. Do chlaon nádúrtha na droinge so
Bídh siad so claon chum bheith i stáid onóirigh agus i gcéimibh áirde ag stiúradh for dhaoinibh eile; mar sin bíd ullamh chum bheith 'na n-uachtaránaibh, 'na ngobhernóiribh, 'na gcaiptínibh, 'na gcoirinélibh, 'na bpiláitibh, agus 'na bpreláidibh; a bheith 'na bpastóiribh ar dhaoinibh agus ar ainmhíntibh, acht fa dheireadh bíd claon chum an uile oifige agus ceirde bhaineas le síoda, ór, agus airgead. Atá an phlainéid so, mar adeir Alfraganus, níosa mhó iná an talamh 166 uair. Atá stiúradh aice ar an teinidh. Is é is miotal dí an t-ór. Atá sí ón talamh 1213333 do léagaibh agus atá do chorp aice 1075680 do léagaibh.
22. Do cháilidheachtaibh na plainéide dá ngoirthear <term type="astro" lang="la" TEIform="term">Venus</term>
Venus
Is é is áit don phlainéid so an treas spéir; is é is cáilidheacht dí a bheith fuar agus fliuch go measardha, uisceamhail, banda, oidhcheamhail agus caol-leanna finn. Atá fábharach don nádúir daonda. Is í so réalt is mó shoillsigheas an oidhche ón ghealaigh amach, agus dar gnáth réalt na maidne do ghairm dí.
Chidhthear í ar uairibh re h-éirghe don ghréin, go speisialta san gheimreadh. Bídh stiúradh aice ar na p.82 mnáibh, ar na leinbh, ar an aois ciúil, ar na daoinibh deaghbhriathracha, sona, deaghfhortúnacha, cearta, eagnaidhe, suilbhire, so-bhuidheachas, trócaireacha; agus ar gach duine bhíos dúlmhar a bheith glan inneallta agus strebheisach.
23. Do chailindeoracht na plainéide so
Is é is lá don phlainéid so an Aoine: is é is uair dhí an chéad uair agus an t-ochtmadh uair. An bhliadhain thosuigheas ar an lá so, ní bhiaidh díoghbháil uisce innte. Biaidh an t-earrach gaothach, an samhradh fliuch macánta, an foghmhar tirm gaothach i n-áiteacha, agus i n-áitibh eile ro-fhliuch, agus an geimhreadh fuar ro-shaotharach. Biaidh an beatha líonmhar, gidheadh daor. Biaidh an fhíneamhain maith torthach, agus an ola agus an mhil líonmhar. Cialluighidh aicídeacha súl, agus bás mórán leanbh don ghalar bhreac, agus go bhfuighbhidh mórán don mhin-eallach bás, agus go mbiaidh crioth-talamh i n-iomad d'áitibh.
24. Don deilbh crotha bheir an phlainéid so
An drong beirthear faoi stiúradh na plainéide so bídh aighthe reamhra cruinne aca agus dearga: súile dubha brionnacha agus súgacha; malaidhe dubha dúnta: gruag shlím fhada, agus casta ag cuid eile díobh, agus is gnáth comhartha in a n-aighthibh: sróna cama, béal measardha, pus uachtarach níosa lugha iná an pus íochtarach; muinéal dathamhail, ucht cumhang: pearsanna beaga gann-fheolacha; luirgne luchtmhara, agus más soir an phlainéid so ghní sí na curip reamhar, geal, do phearsa dathamhail; agus más siar í, biaidh siad beag-phearsanach, plat-mhaola.
25. Do chlaon nádúrtha na droinge so
Bíd so claon chum díomhaoinis agus chum ealadhnacha aeracha, cúirialta, taisbeántacha, mar atá canteoracht, seinm théad: mar sin bíd tugtha d'fhilidheacht, d'orgain, do choraibh, do phinteoracht, do dhéanamh lásaidhe agus órshnáithe etc., agus thairis so tugtha do comedy .i. ealadha ro-phuiblidhe.
26. Do cháilidheacht na droinge so
Atá siad so do nádúir the fhliuch agus leanna finn: bíd deaghbhriathracha, críona agus sona, sobhuidheacha, grádhach, geanamhail, ceart, milisbhriathracha, dúlmhar i gceol, i rinnce, agus i gcaitheamh aimsire, i gcluiche díomhaoine agus i ndrúis, i ndathamhlacht, i ngabháil agus i ndéanfas éadaighe; bíd dúlmhar fa dheoidh re bheith go maith agus go lúthgháireach leo, le h-éadaighe deaghbholadh, agus is annamh do-bheir siad iad féin do fhoghlaim. Atá an phlainéid so (do réir Alfraganus) níosa lugha iná an talamh 37 n-uaire. Is é is miotal dí an copar. Atá stiúradh aice ar na boill príobháideacha na bhfear agus na mban. Atá sí ón talamh 325656 do léagaibh, agus do chorp aice féin 175 léaga.
27. Do cháilidheachtaibh na plainéide dá ngoirthear <term type="astro" lang="la" TEIform="term">Mercurius</term>
Mercurius
Is é is áit don phlainéid so an dara spéir: is é is cáilidheacht dí a bheith feardha, laetheamhail, agus do nádúir chlaochlóidhigh; do bhrigh go ngabhann a cáilidheacht ón bplainéid dá gceanglann, nó dar foigse bhíos; ar mhodh má bhíonn i bhfogas do phlainéid mhaith biaidh a p.86 cáilidheacht maith, agus má bhíonn a bhfogas do dhroch-phlainéid biaidh a cáilidheacht so olc; óir do-chídhmid sin go laetheamhail .i. daoine don cháilidheacht sin, go mbíonn maith fris na deaghdhaoine, agus olc fris na drochdhaoine. Stiúraidh an phlainéid so ar na filidhibh, ar na scríobhanna, agus ar lucht dlighe; ar na pinnteoiribh, matematics, agus ar na daoinibh gheibh neithe nuadha amach; ar na cearda óir agus airgid, agus fa dheoidh ar na daoinibh dúthrachtacha chum margála agus ceannuigheachta.
28. Do chailindeoracht na plainéide so
Is é is lá don phlainéid an Céadaoine: is é is uair dí an chéad uair agus an t-ochtmhadh h-uair. An bhliadhain thosuigheas ar an lá so, biaidh an t-earrach fliuch gan bheith ro-mhaith, an samhradh an-te, an foghmhar measardha, agus an geimhreadh géar, acht ní bhiaidh ro-fhuar.
Biaidh an cruithneachta agus gach grán eile go measardha, biaidh an fhíneamhain maith agus an ola líonmhar, acht do gach sórt eile beatha cialluighidh gainne, agus gorta i n-áiteachaibh. Insa bhfoghmhar cialluighidh bás duine phrionsapálta, agus go gcaillfidh na mná torracha clann roimh am, agus cuid díobh bhéaras clann marbh ar dteacht am a mbreith: biaidh an fiabhras teinteach líonmhar agus an tinneas cinn, agus biaidh iomrádh agus cuimhne ar na mór-neithe móra nuadha theagmhóchas san mbliadhain so.
29. Do dheilbh crotha na droinge so
An drong beirthear faoi an phlainéid so bíd do phearsa dhathamhail, mheasardha, ghann-fheolaigh; aighthe cumhanga córacha fadghiallacha: sróna fada barr-rinneacha: p.88 súile beaga gan bheith ro-dhubha; malaidhe fada sínte; féasóga tana dubha; puisínidhe tana, gruaga sínte barr-chasta; fiacla neimhdhíreacha, agus méir na lámh fada.
30. Do cháilidheacht na droinge so
Bídh so géar-intleachtach dúthrachtach eagnaidhe; gheibhid amach neithe nuadha go h-urusa; níd a ngnoithe go cinnte; bíd diongmhálta chum an uile ceirde agus ealadhna, agus dúlmhar chum siubhail talta coimhthigheacha etc.
31. Do chlaon nádúrtha na droinge so
Bíd so claon chum bheith 'na n-ollamhnaibh, 'na scríobhannaibh, 'na bpinnteoiribh agus 'na lucht déanta íomháighthe; cuid díobh a mbeith 'na matematics, 'na n-aritmetics, 'na gceannuighthibh, agus 'na lucht tráchta ar phósadh etc. Atá an phlainéid so (do réir Alfraganus) níosa lugha go mór iná an ghealach, agus atá an ghealach níosa lugha go mór iná an talamh, mar deirim aice féin. Is é is miotal dí an t-airgead beo; agus atá sí ón talamh 125185 do léagaibh, agus atá do chorp aice .i. 1000 míleadh, ionnann sin agus 200 léagadh Eadáilleach.
32. Do cháilidheachtaibh na plainéide dá ngoirthear Lúna .i. an ghealach
Lúna
Is é is áit don phlainéid so an chéad spéir is foigse dhúinn: is é is cáilidheacht dí a bheith fuar, fliuch, uisceamhail, oidhcheamhail, banda. Adeirthear gurab í so is adhbhar don uile taisleach agus fliuchnais, agus do fhás na neithe fásamhla ó iomad fliuchnais na p.90 plainéide so do dhoirteas insna créatúiribh sin. Do tuirsigheadh go lór ughdar foghlumtha ag mion-scrúdughadh cáilidheachta agus nádúra na plainéide so; agus ní fhuil ann acht gaineamh do chur i ngad, nó an fhairge do thaomadh 'na deora, óir atá a nádúir chomh claochlódhach, chomh iongantach agus chomh uaigneach agus sin, ar mhodh nach féidir a fagháil amach uile; gidheadh, ós gníomh i láimh é, tairgfeam beagán d'fhoillsiughadh de go genarálta. Ó thús tugtar aire gur mór an t-eidirdhealughadh atá mar oibrigheas an phlainéid so an tan bhíos ag fás, tairis mar ghní an tan bhíos ag dol ar gcúl; mar sin na daoine críona agus feasacha, bí conntas géar aca ar fhás nó ar theacht na gealaighe agus mar an gcéadna ar a lán nó ar dol ar gcúl dí, fa iomad neithe bhaineas le feardhacht tighe agus le sláinte corpardha; óir adeir Plinius Lib. 18 Cap. 32 gurab é am buana, gearrtha, agus bearrtha gacha neithe lán na gealaighe .i. óna beith lán go a teacht chum go mairfidh níosa bhuaine; mar sin, an t-adhmad bhaintear re fás na gealaighe ghníthear maosgán de le gearr-aimsir, más crann é chailleas a dhuilleabhar. Agus na h-ainmhíntidhe a mbaintear asta le fás gealaighe bíd i gcontabhairt, agus an gort agus na tortha baintear le fás na gealaighe (do réir Paladius) ní bhíonn siad substainteach nó buan nó tarbhach, amhail agus mar bheith le na mbuaint i lán na gealaighe. Tugtar aire mar an gcéadna do cháilidheacht iongantach eile na gealaighe, agus is é sin, más mian le neach an bhliadhain fhirionnach léigeadh na h-aithreacha d'ionnsaighe na máthrach le fás na gealaighe, agus má chuirtear uighe faoi cheirc nó faoi éan eile le fás na gealaighe biaidh na coiligh níosa líonmhaire, agus más mian a chontrárdhacht déanadh na neithe so le lán na gealaighe. Iongantas eile do thaoibh teacht na gealaighe, amhail agus mar adeir Iacóbus Palermo Eadáilleach .i. más mian le neach fios p.92 cinnte d'fagháil ar an bponc i dtiocfaidh an ghealach tugadh sé copán airgid chuige agus cuireadh sáile na fairge ann, agus luath déanta don chrann Oliva .i. an crann dá ndéantar an ola, agus bíodh coimhéad géar aige fair faoi thuairim teacht na gealaighe, agus insa bponc i dtiocfaidh gluaisfidhthear an luaith for an sáile, ionnas go mbiaidh buartha go soiléir san gcupán. Dobheir an t-ughdar céadna réasún leis sin, dá rádh gur uime thig so ón stiúradh ro-ghrinn atá ag an ghealaigh ar an airgead, ar uisce na fairge, agus ar chrann oliva tar gach nidh eile. Mar sin go mothuighid agus go ngluaisid ré na teacht, ag foillsiughadh na nádúire taoi aca ón bplainéid so. Atá stiúradh aice so ar na mairnéalaibh agus ar an lucht fairge, ar lucht leanna finn, ar na daoine leasga, lagchroidheacha, agus mórchodaltacha.
33. Do chailindeoracht na plainéide so
Is é is lá na gealaighe an Luan; is í a h-uair an chéad uair agus an t-ochtmadh h-uair. Insa mbliadhain thosuigheas ar an lá so ní theasdóchaidh uisce; biaidh an t-earrach fionnfhuar, an samhradh measardha, an foghmhar ro-fhliuch, agus an geimhreadh macánta. Cialluighidh gainne don chruithneachta, acht iomad do na gránaibh eile: measardhacht don fhíon agus don ola. Cialluighidh iomad aicídeacha na h-áirnéise, ar mhodh go mbia 'na iongantas ag na cineadhachaibh; agus fós biaidh aicídeacha ar na daoinibh, agus siosma idir na daoine comhachtacha. Biaidh ar na mnáibh go líonmhar insa mbliadhain so a n-aicíd féin .i. Suffocatio matricis. Ní bhiaidh mil ná síoda ar foghnamh san mbliadhain so, do bhrigh go bhfuighbhid iomad beach agus piastaidhe síoda bás.
34. Do dheilbh crotha na droinge dar plainéid an ghealach
Bíd so ro-gheal, leannfhinnach; éadan leathan, cruinn, bláthmhar; súile measardha, claon, codaltacha, agus súile is mó iná a chéile. Is gnáth baill in a aighthibh; a malaidhe i bhfogas dá chéile; sróna smutacha, agus béil bheaga.
35. Do cháilidheacht na droinge so
Bíd so neamhsheasmhacha, subhailceacha, codaltacha, min-thinneasacha neamh-urchóideacha; bíd claon le bheith 'na lucht fairge, agus siubhail for uisce: bíd leasc agus mall-thionnscnamhach.
36. Do chlaon nádúrtha na droinge so
Bíd claon do neithibh claochlódhacha, do bhrigh go mbíd féin mar sin. Bíd claon re bheith 'na n-iascairidhibh, 'na dtaibheoirnidhibh, agus bheith ag reic bídh agus díghe agus a macsamhla sin. Atá an phlainéid so (do réir Alfraganus) níosa lugha iná an talamh 39 n-uaire. Is é is miotal dí an t-airgead. Atá stiúradh aice ar an uisce goirt na fairge agus ar an crann oliva. Atá ón talamh 9847 do léagaibh agus atá do chorp aice fein 166 do léagaibh.
Do réir na gcomharthaidhe agus an deilbh crotha do-bheir na plainéididhe do na daoinibh beirthear faoi na stiúradh, is féidir le gach duine fios a phlainéide féin do bheith aige, agus níosa fearr má dhearcann ar a chlaon nádúrtha féin: óir más nádúir Mars mhoitheochas ann féin, is dearbh gurab é is plainéid dó; agus más nádúir Iupiter mhoitheochas ann féin, is é is plainéid dó; agus mar sin for sna plainéidibh uile.
37. Iongantas eile don ghealaigh taoibh líonadh agus trághadh na fairge
I measc gach nídh eile dá n-oibrigheann an ghealach atá nidh díobh ro-iongantach, mar atá líonadh agus trághadh na fairge, do líonas faoi dhó agus do thrághas faoi dhó ann a spás 24 h-uaire agus corradh beag, le gluaiseacht na gealaighe; agus tré ghrinnchonntas mairidh gach líonadh agus gach trághadh 6 h-uaire agus an cúigeadh cuid do uair. Teagmhaidh an líonadh so agus an trághadh i n-uile chósta na fairge dá ngoirthear mare oceanum, agus i gcuid don fhairge meditteraneum, ar mhodh go nochtar ar uairibh mórán don talamh. Mar sin gur riachtanasach don lucht fairge a bhfios so do bheith aca, agus an tan tionnscanaid, ionnas go madh sábháilte thiocfaidís chum tíre tré sna slighthe tana cumhanga. Ní lughaide is cóir do na liaighibh fios na seicréid seo: óir scríobh Plinius, agus dearbhaidh Petrus Aponiensis, gur le linn trághadh na fairge do-gheibh an uile dhuine agus ainmhidhe bás, do-gheibh bás go nádúrtha; seicréid go deimhin iontugtha d'aire: agus ionnas go mbí fios go síorraidhe ar an uair do ló nó d'oidhche thosóchas líonadh agus trághadh na fairge, tugthar aire d'aois na gealaighe, agus an lá inar mian don ghealaigh fios d'fagháil ar an uair thosóchas líonadh agus trághadh, féachadh é insa gclár so rómhainn insa gcéad cholamhain taoibh na láimhe clí, agus ar a chomhair sin, taoibh na láimhe deise, gheibhthear an uair thosóchas an líonadh agus an trághadh; ag tabhairt aire go gcialluigheann an litir .M. an mhaidin, nó roimhe an meadhón lae, agus an litir .T. an tráthnóna, nó i ndiaidh an mheadhón lae; agus go gcialluigheann na litreacha so .ME. an meadhón lae, agus na litreacha so .NO. an oidhche.
p.100Agus ionnas go mbia an clár so-thuigse le h-eisiomláir, fiafruighim ca h-uair thoiseóchas líonadh agus trághadh na fairge indiu .i. an 20 lá de Mhárt annso i n-Eirinn, agus gurab é sin an 30 lá do réir an Phápa don mbliadhain i láthair .i. 1694 (agus ar son go bhfuil an leabhar so ag trácht do réir conntais an Phápa, gidheadh is féidir úsáid do dhéanamh de annso amhail agus do dhéantar insa Róimh, do bhrigh gurab ionnann an lá acht nach ionnann ghníthear a gconntas do réir na míosa, taobh amuigh do na feistidhe gluasachtacha). Mar sin féachaim an 30 do Mhárt líon aoise na gealaidhe i gcalindeoir na míosa, gurab é sin an 5: iarraim so insa gcéad cholamhain don chlár so taoibh na láimhe clí, agus do-chídhim ós a chomhair go dtosuigheann an chéad líonadh an lá so ar a seacht do chlog ar maidin, agus a trághadh sin ar a h-aon agus cúigmhadh cuid do uair i ndiaidh an mheadhóin lae, agus an dara líonadh ar a seacht agus dá chúigmhadh do uair i ndiaidh an mheadhóin lae chéadna, agus a trághadh sin ar a h-aon agus trí cúigmhadh cuid do uair i ndiaidh an mheadhóin oidhche tar a cionn ar maidin an lae 'na dhiaidh. Le so atá an clár so-thuigse for láithe uile na gealaighe.
40. Míniughadh ar an gclár so
Chum go n-aitheontar ar an gclár so ar ndiaidh an comhartha i mbia an ghealach gach laoi, féachadh neach aois na gealaighe, an lá inar mian sin d'aithne, insa gclár insa gcéad cholamhain do thaoibh na láimhe clé; agus ós comhair na h-uimhre sin ghéabhaidh sé an comhartha in a mbia an ghealach an lá sin, taoi comhfhreagrach don mhí in a mbia, taoi sonnruighthe i n-uachtar an chláir: agus ionnas go madh fearrde thuigfidhear so, fiafruighthear an comhartha in a bhfuil an ghealach an 22 lá do Mhárt insa mbliadhain so 1694, agus adeirim go bhfuil insa gcomhartha Geminis, óir ba é teacht na gealaighe an 16 lá, agus uadh sin gus an 22 atá 6 lá (gan lá teacht na gealaighe do ríomh air) agus féachaim an seiseadh lá d'aois na gealaighe insa gclár, agus gheibhim an comhartha Geminis ós a chomhair, taoi freagrach don mhí Márt ós a chionn. Agus más mian fios d'fhagháil ar an chomhartha i mbia an ghealach an lá tiocfaidh sí, is dearbh go mbia i n-aon-chomhartha fris an ghréin an lá sin; agus geibheadh sin amach i gcailindeoir na míosa; agus tabhair aire go bhfuighthear romhainn clár eile ar na comharthaidhibh ataoi maith nó olc chum purgóide agus fola.
41. Riaghail le n-aitheontar do mheabhair an comhartha agus na céimeanna in a mbia an ghealach gach laoi
Chum go n-aitheontar so go cinnte tugtar aire do trí neithibh: an chéad nidh .i. an lá thig an ghealach go mbíonn féin agus an ghrian i n-aon-chomhartha; an dara nídh, go mbíonn an ghrian for aon-chomhartha ar feadh míosa, p.108 agus an ghealach nach mbíonn acht ar feadh dhá lá go leith faoi nó ós a chionn; agus an treas nídh, fios an lae i dtéid an ghrian in gach comhartha, agus gheibhthear sin i gcailindeoir na míosa, agus fós i dtrácht ar na comharthaidhibh. Ar dtabhairt aire dóibh so mar sin, agus do lá theachta na gealaighe, ríomhthar na laethe ó na teacht gus an lá in ar mian fios d'fhagháil ar an gcomhartha in a mbia; agus cuirthear an uimhir sin i gceann a chéile faoi dhó, mar aon le h-aon; agus ar ndéanamh cúigeacha dhe so bia an ghealach ar a h-aghaidh ón gcomhartha in a dtáinig, comhartha i n-aghaidh an cúig díobh; agus má bhíonn corradh ós cionn na gcúigeadh, ionnann gach aon díobh sin agus sé gráda nó céime insa gcomhartha eile. Agus go mbia so urusa le tuigsin, fiafruighim cia an comhartha in a bhfuil an ghealach an 22 lá don Mhárt Anno Domini 1694, agus adeirim go bhfuil insa gcomhartha Geminis: óir dob'é teacht na gealaighe an 16 lá do Mhárt, agus uadh sin go 22 atá seacht lá (do bhrigh go ríomhthar annso lá teacht na gealaighe), agus dúbla na seacht lá sin do-ghní sin 14, agus aon fris do-ghní sin 15, in a bhfuil trí cúig: mar sin atá an ghealach ann a Geminis .i. an treas comhartha ó Aries in a dtáinig agus in a raibh mar an gcéadna an ghrian, agus is chum go mbia fios ar na comharthaibh agus mar bhíd i ndiaidh a chéile, cuirim annso iad ar an ordughadh sin .i. Aries, Taurus, Gemini, Cancer, Leo, Uirgo, Libra, Scorpio, Sagittarius, Capricornus, Aquarius, Pisces.
42. Riaghail eile níosa chinnte ar an nídh so
Cuirthear aois na gealaighe i gceann a chéile ceithre huaire, agus biaidh an ghealach comhartha ar a h-aghaidh fo p.110 gach deich dá mbia san uimhir sin; agus má bhíonn corradh ós a cionn, ionnann gach aon díobh agus trí gráda insa gcomhartha eile. Exemp. gratia. Fiafruighim cá bhfuil an ghealach an 22 lá do Mhárt, amhail agus mar do rinneas insna riaghlacha eile, agus adeirim go bhfuil do réir na riaghla so insa 12 gráda don chomhartha Cancer, óir táinig an ghealach an 16 lá, agus uadh sin go 22 atá 6 lá (le gan lá teacht na gealaighe do ríomh) agus é sin ceithre h-uaire do-ghní 24 in a bhfuil dhá dheich agus ceathair do chorradh; mar sin atá an ghealach dhá ghráda déag insa gcomhartha Cancer, do bhrigh gurab é sin an treas comhartha ó Aries exclusive, in a raibh an uair do tháinig. Tabhair aire go bhfuil an riaghail so ro-phrionsapálta agus ro-fhírinneach.
43. Iongantas eile, agus cailindeoracht don ghealaigh agus dona comharthaidhibh taoibh na beatha
Ma théid gealach na míosa Ianuarius insa gcomhartha Aquarius agus í ag fás, cialluighidh iomadamhlacht na beatha an bhliadhain sin: agus más ag dol ar gcúl rachas ann, cialluighidh bochtaine, doilgheas, agus anródh, brúchtbhriocht aibhneach, agus stoirme móra ar fairge.
Má théid gealach Feb. insa gcomhartha Pisces agus í ag fás, badh adhbar é chum na neithe bheith ar shaor-chonnradh agus so-fhaghála; agus más ag dol ar gcúl rachas ann cialluighidh iomarcach d'fhearthainn an bhliadhain sin.
Má théid gealach Márta ag fás insa gcomhartha Aries, agus a bheith chum na h-áirde thuaidh, cialluighidh domblastacht agus mí-shuaimhneas; agus más ag dol ar gcúl rachas ann, cialluighidh bliadhain mhaith thorthach.
p.112Má théid gealach Aprioll ag fás insa gcomhartha Taurus, cialluighidh mór-mhaitheas, sástacht, agus ullghárdas: agus más ag dol ar gcúl rachas ann, cialluighidh e contra.
Má théid gealach Mai ag fás ann a Gemini, cialluighidh comhghluasacht, buaidhreadh, agus claochlódh insna réigiúin darab comhartha sin: agus más ag dol ar gcúl rachas ann, cialluighidh mórán fearthanna.
Má théid gealach Iune ag fás ann a g Cancer, cialluighidh claochlódh, gluasacht, agus neithe druim ar ais i n-impireacht na h-Afraice; agus más ag dol ar gcúl rachas ann, cialluighidh mórán fearthanna.
Má théid gealach Iulius ag fás ann a Leo, cialluighidh maith agus tarbha mór do na fir tighe; agus más ag dol ar gcúl rachas ann cialluighidh anródh, contabhairt agus aicídeacha.
Má théid gealach Augt. ag fás ann a Virgo, cialluighidh corrthuafail gaoithe, stoirme, agus crioth-thalamh; agus más ag dol ar gcúl rachas ann, cialluighidh bliadhain mhaith shéanmhar taoibh sláinte agus taoibh na beatha.
Má théid gealach Sep. ag fás ann a Libra, cialluighidh iomadamhlacht don uile shórt gráin; acht más ag dol ar gcúl, cialluighidh stoirme agus neithe bun ós cionn.
Má théid gealach Oct. ag fás ann a Scorp., cialluighidh námhadacht agus imreasain eidir lucht dlighe, agus tnúth; acht más ag dol ar gcúl rachas ann, cialluighidh bliadhain shéanmhar agus líonmhar insna réigiúin darab comhartha é.
Má théid gealach Nou. ag fás ann a Sagitt., ní theasthóchaidh uisce nó ola an bhliadhain sin; acht más ag dol ar gcúl rachas ann, cialluighidh gorta agus cosmhalacht pláighe.
p.114Má théid gealach Decem. ag fás i gCapric., cialluighidh stoirme móra ar an bhfairge: agus más ag dol ar gcúl rachas ann, cialluighidh sástacht agus ullghárdas do na fearaibh tighe bhíos ag saothrughadh an talaimh. Acht tugthar aire, gach nidh dá gcialluighthear annso, gurab insa réigiúin ar a stiúrann na comharthaidhe so fo seach teagmhóchaidh sé níosa phrionsapálta iná i n-aitibh eile; agus más mian fios d'fhagháil cia iad na réigiúin bhíos faoi stiúradh gach comhartha, ghéabhthar sin insan áit i dtráchtfam ar na comharthaidhaibh féin.
45. — Míniughadh ar an gclár so, atá síorraidhe agus geinearálta ar chailindeoracht na bliadhna
Atá insa gclár so ar ndiaidh cúig colamhna (taobh amuigh don chéad cholamhain, nach ríomhthar orra, atá chum na láimhe clé, agus in a bhfuil coimhéad ar na bliadhna in a n-athruigheann an Litir Domhnaigh tairis an modh gnáthach) insa gcéad cholamhain taoibh na láimhe clé atá Litreacha Domhnaigh gacha bliadhna. Insa dara colamhain atá na bliadhna, ag tosughadh ris an bhliadhain .i. 1663, agus mairfidh an cholamhain so go deireadh an domhain ar an modh so .i. an uair bhus críoch dhó uile tosughadh leis arís. Insa treas colamhain atá na laeithe le dtosuigheann an bhliadhain go síorraidhe. Insa gceathramhadh colamhain atá plainéididhe na laeithe so. Agus insa gcúigmheadh colamhain atá na neithe chialluigheas gach plainéid taoibh na beatha san mbliadhain sin. Agus ionnas go dtuigfidhe so níosa fhearr, cuirfeam dhá eisiomláir annso ris, don bhliadhain atá sonnruighthe le dtosuigheann an clár .i. 1663, agus don bhliadhain 1691, nach bhfuil iomrádh uirre san gclár, acht gidheadh atá sí cóimhfhreagarach don bhliadain 1663; mar sin is ionnann bhias an dá bhliadhain sin, agus arís is ionnann bhias an dá bhliadhain .i. 1664 agus an bhliadhain 1692, agus mar sin for sna bliadhna eile. Acht chum go dtigmís ar eolas na bliadhna 1663 (le dtuigfidhthear an clár uile) darab Litir Domhnaigh .G. amhail agus mar atá san gclár taoibh na láimhe clé, ós comhair na bliadhna sin; agus atá don taoibh eile gur b'é an Luan an chéad lá dhí, agus gurab í an ghealach is plainéid don lá sin, chialluigheas measardhacht na beatha insa mbliadhain céadna, amhail agus mar atá ós a comhair. Agus más mian níosa mhó d'fhios na bliadhna sin d'fhagháil, féachadh mar thráchtamar ar an ghealaigh roimhe so, agus ghéabhadh annsin go lór. Annso is féidir p.120 leis an cúirialtas teacht anuas agus a rádh nach féidir leis an gclár so bheith síorraidhe, do bhrigh go n-athruigheann na Litreacha Domhnaigh tairis an ordughadh gnáthach i gcionn gacha céad bliadhain, mar atá ó gach ceithre céad bliadhain go 400 bliadhain go n-athruigeann trí h-uaire: ionnann sin re rádh agus uair i gcionn gacha 100 bliadhain do 300 dá mbaintear lá le h-ocáid na bliadhna bisigh (amhail agus mar d'orduigh an 13 Griogóir) agus do-rinneadh so chum riaghluighthe na h-aimsire, ionnas nach biadh seachrán (fa mar luathuigheas ar a h-aghaidh an t-equinoxium, agus go h-áiridhe insan earrach) fa sholamhan cinnte na cásca; acht is dearbh so, agus fós go n-athruigheann na Litreacha Domhnaigh i n-aimsireacha áiridhe; mar sin ní féidir leis an gclár do bheith síorraidhe, do bhrigh, má chlaochluigheann na Litreacha Domhnaigh, do dhéanadh amhlaidh laeithe thosuighthe na bliadhna, agus ní bhiaidh an bhliadhain mar adeir, ó nach ionnann (b'fhéidir) brigh na bplainéididhe. Is é ar bhfreagra ar so go bhfuil an uile chlaochlódh dar féidir theacht ar na Litracha Domhnaigh ar na leigheasughadh agus ar na riaghlughadh go síorraidhe i n-iomall an chláir leis na trí h-uimhreacha bliadhnamhla taoi sonnruighthe taoibh na láimhe clé; agus is iad sin céad bliadhna in a n-aithreochaidh na Litreacha Domhnaigh, taoibh amuigh don mhodh gnáthach do-ghní gach bliadhain. Agus tugthar aire gurab insna h-áite céadna in a bhfuil na trí h-uimhre sin athróchas na Litreacha Domhnaigh go síorraidhe for sna bliadhna le teacht; agus teagmhaidh sin trí h-uaire in gach 400 bliadhain: agus an chéad uair athróchas na Litre Domhnaigh, déanaidh sin insa mbliadhain 1701, agus an dara h-uair athróchas, déanaidh sin insa mbliadhain 1801, agus an treas uair insa mbliadhain 1901, agus ar an modh so go deireadh domhain: mar sin atá ar gclár síorraidhe, agus mairfidh chomh fada le cailindeoir Griogóire mhairfeas go síorraidhe, agus go mairidh re toil Dé, Amen.
5. An 5 Caibidil
1. Fhoillsigheas cáilidheachta an dá chomhartha déag flaitheasacha
Insa naomhadh spéir (dá ngoirthear chrystalinum) measaidh na hastronomicthe circulum .i. fáinne cruinn, dá ngoirid zodiacum, do 360 gráda ar fad, agus do 12 ghráda ar leathad; agus rannaid so 'na dhá chuid dhéag chothroma, dá ngoirthear an dá chomhartha dheag flaitheasacha, agus atá in gach comhartha díobh so 30 gráda; agus is é is anmanna do na comharthaibh sin .i. Aries, Taurus, Gemini, Cancer, Leo, Uirgo, Libra, Scorpius, Sagittarius, Capricornus, Aquarius, agus Piscis. Tugadh na h-anmanna so dóibh taoibh na gcáilidheachta do-bheir na comharthaidhe so do na créatúiribh an tan théid an ghrian ionnta. Goirthear anmanna eile díobh .i. teach na bplainéididhe, do bhrigh an tan theagmhas plainéid in a comhartha díleas féin (.i. in a teach féin) bídh níosa neartmhara agus níosa bhríoghmhara iná an tan bhíos ann a gcomhartha eile; agus is é fad gach comhartha dhíobh 273870047 léagadh, agus atá do leathad ag gach comhartha díobh 22818258 léagadh; agus más mian fios d'fhagháil ar thighthe na bplainéid, inneosam sin go h-aithghearr; óir is é an comhartha dá ngoirthear Leo teach na gréine, Cancer teach na gealaighe, Cap. agus Aquarius tighthe Saturnus, Piscis, agus Sagitt. tighthe Iupiter, Aries agus Scorp. tighthe Mars, Libra, Taurus tighthe Venus, Gemini agus Virgo tighthe Mercurius. Na comharthaidhe so, an tan théid an ghrian ionnta, bídh claochlódh cáilidheacht aice do réir nadúir gacha comhartha, amhail agus mar foillseochar in a áit féin; agus mar an gcéadna foillseochar cáilidheacht agus seicréid nádúrtha na dtighthe so, nó na gcomharthaidhe so, agus na neithe adhbhraidh siad insna daoinibh tinne nó easlána an tan théid an ghealach ionnta.
2. — Do cháilidheacht an chomhartha <term type="astro" lang="la" TEIform="term">Aquarius</term> in a dtéid an ghrian ar 21 <term type="astro" lang="la" TEIform="term">Ianuarius</term>
Is é is deilbh no fíoghair do-bheir na h-astronomicthe don chomhartha so .i. deilbh duine ag dortadh uisce as soitheach; gidheadh ní fá bheith mar sin ann féin (óir ní fhuil ar éan-chor), acht fón iomarcach uisce thuiteas. Is é is cáilidheacht an chomhartha so te fliuch, agus is adhbhar é do theas agus do thiormlach go mí-mheasardha. Atá sé ro-dhíoghbhálach, óir do-ghní coruipsion ar an aer, agus dioghbháil mar sin do na plantaibh agus do na neithibh fásamhla.
Do théid an ghrian insa gcomhartha so ar an 21 lá do Ianuarius go coitcheannta .i. an 11 lá annso i n-Éirinn don mhí chéadna (tugtar aire go bhfuil an leabhar so ar nós an Phápa uile; gidheadh, is féidir sochar do bhaint as annso, ag dearcadh ar difir deich lá d'aimsir eatorra go nuige an bhliadhain 1700, agus ó shin i leith atá difir 11 lá déag eatorra). Atá an comhartha so aereamhail, feardha, laetheamhail; atá 'na thigh laetheamhail agus 'na ullghárdas ag Saturnus, agus 'na dhíoghbháil oidhcheamhail ag Sol. Atá stiúradh ag an gcomhartha so ar na probhinsibh Aragon, Bohemia, Saxonia, Aetiopia, Dalmacia, Arabia, Sodiana, Azania, Piamonte, agus India. Ar na cathracha Constancia, Ierusalem, Urbino, Pavia, agus Monserato; insa Spáin ar na cathracha Zamora, Medina, Valencia agus Sevilla. An fear beirthear faoi stiúradh an chomhartha so biaidh do phearsain meadhonaigh, deaghlabharthach, deaghrúnach, deaghchroidhtheach le dol ar aghaidh insa nidh chuirfeas roimhe: cialluighidh go bhfuighe buille d'iarann agus contabhairt taoibh uisce: biaidh claon chum siubhail for talta coimhidhtheacha, agus rachaidh níosa p.126 fhearr dhó ria a thalamh féin: cialluighidh má fhilleann go mbiaidh sona saidhbhir; acht tugadh aire gan fearg do ghlacadh, óir budh dhíoghbhálach dhó; in certo quodam anno erit in dubio vitae suae, do bhrigh go gcialluigheann dó aicíd urchóideach roimhe na 30 mbliadhna; agus má thig uadh, cialluighidh do réir a nádúire agus a chomplex 58 bliadhna do shaoghal. Más bean beirfidhthear faoi, cialluighidh a beith déanmhasach, measamhail uirre féin: biaidh i gcontabhairt báis, agus tairis sin uair eile taoibh uisce. Ní chaithfidh go h-urusa a h-éadáil, agus ghéabhaidh fo mheadhón a h-aoise a saoghal níosa fhearr: gidheadh roimhe na 38 mbliadhna cialluighidh dhí dhá aicíd; an chéad aicíd i gcionn 34 mbliadhain agus an aicíd eile i gcionn 35 mbliadhain; agus má thig uatha, cialluighidh dí go nádúrtha 82 mbliadhna do shaoghal.
3. Do cháilidheacht an chomhartha <term type="astro" lang="la" TEIform="term">Piscis</term> in a dtéid an ghrian ar an 19 do Feb.
Is é is fioghair agus deilbh tugthar don chomhartha so .i. dhá iasc; ionnas mar is é nádúir an éisc do bheith fliuch agus insan uisce do ghnáth, mar an gcéadna, anuair théid an ghrian insa gcomhartha so, bí an aimsir fliuch agus uisceamhail. Atá an comhartha so banda, oidhcheamhail, uisceamhail, agus coitchionn ag an geimhreadh agus an earrach. Atá do nádúir fhuair fhliuch; dá bhrigh sin is adhbar é do fhuacht agus do fhliuchnas mí-mheasardha, do-ghní díoghbháil do uisce na n-aibhneach, na dtobar, agus na locha; óir do-ghní corupsion ionnta. Is é an comhartha so tigh oidhche agus lae do Iupiter, árdughadh do Venus, tuitim agus dioghbháil oidhche agus doilgheas do Mercurius. Atá Mercurius stiúradh ag an gcomhartha so ar na probhinsigh, Persia, Hibernia, Normandia, Portugallia, Lidia, Cicilia, Pamphilia, p.128 Garamantes, Mesamenes. Ar na cathrachaibh Colonia, Agrippina, Venecia, Ratisbona, agus Alexandria. Insa Spáin, ar na cathrachaibh Orense, Santiago, agus cuid do Sevilla. An fear beirthear faoi an gcomhartha so, bí sé dúlmhar i dtaltaibh coimhthigheacha, agus siubhal for uisce; bí do mhór-ghoile agus dá thaoibh sin biaidh i gcontabhairt báis muna gcuidighibh a phlainéid fris: biaidh sé tostach; cialluighidh aicíd dó i gceann a 15 mbliadhna, agus aicíd eile i gcionn a 30, agus an treas aicíd i gcionn a 38 mbliadhna do shaoghal; agus má thig asta, is nádúrtha dhó 65 bliadhna do shaoghal. An bhean beirthear faoi, bí sí diadha, macánta, agus náireach; acht bí sí tuirseach do thinneas na súl agus do Suffocatio matricis: cialluighidh go bhfuighe urchóid taoibh teineadh, agus go mbiaidh tinn i gcionn a 12 bliadhain, agus uair eile i gcionn 20 bliadhain agus 21, agus uair eile i gcionn a 30; acht cialluighidh do shaoghal dí 59 bliadhain.
4. Do cháilidheacht an chomhartha <term type="astro" lang="la" TEIform="term">Aries</term>, in a dtéid an ghrian an 21 Lá do Mhárt
Is é is fioghair agus deilbh bheirthear don chomhartha so .i. reithe. Atá do nádúir na teineadh, te, tirm: mar sin do-bheir teas agus tiormlach go measardha. Atá sé laetheamhail, gluasachtach, agus feardha. Is é is tigh do Mhars, árdughadh do Sol, tuitim do Saturnus, agus díoghbháil do Venus: téid an ghrian ann ar a 21 do Mhárt agus annsin thosuigheas an chéad equinoxium in ar b'ionnann fad don lá agus don oidhche. Atá á stiúradh ar na probhinsigh: Anglia, Gallia, Alemania, agus ar an Polonia Minor. Ar na cathracha: Florencia, Napoles, Patavia, Fauencia, Craconia, Inmola, Pergamo. Insa Spáin, ar Zaragoza, Tortosa, agus Valladolid.
p.130An fear beirthear faoi stiúradh an chomhartha so, bí sé intleachtach, eagnaidhe, do intinn mhórdhálaigh; gidheadh, bí sé cainteach, so-fheargach, acht so-thraothach. Is dual dó a bheith ag labhairt fris féin, gan bheith ro-shaidhbhir nó ro-bhocht, coinghiollach fris na daoine muinteardha: biaidh aige re dtiocfaidh mortuorum causa; cialluighidh go mbiaidh comhartha sonnradhach ar a chorp, agus go bhfuighe a bhualadh ó bheithidheach ceatharchosach, agus buille eile d'iarann; acht fa dheoidh, biaidh mí-fhortúnach anróiteach. Biaidh sé tinn i gcionn 22 bliadhain, agus má thig uaidh, annsin forsan ducet uxorem, agus ghéabhaidh do réir a nádúir 75 bliadhna do shaoghal. An bhean beirthear faoi, biaidh feargach, agus ro-bheo agus bras i ngníomharthaibh, taithneamhach do réir meas daoine eile; gidheadh, cialluighidh má phósann go mbiaidh 'na baintreabhaigh, agus go mbiaidh aicíd uirre fo na ceann nó fo na glún ro-chontabhairteach ó na seacht mbliadhna d'aois go 12, acht go bhfuighe do shaoghal nádúrtha 49 mbliadhna. Cialluighidh an comhartha so don mhnaoi agus don fhear go dtiocfaidh dóibh a bheith ro-bhocht, gidheadh go mbiaid sin i neamh-riachtanas tré na ndeaghshaothar féin.
5. — Do cháilidheacht an chomhartha <term type="astro" lang="la" TEIform="term">Taurus</term> in a dtéid an ghrian ar an 20 lá do Aprioll
Is é is fioghair nó deilbh bheirthear don chomhartha so .i. tarbh. Atá do nádúir thalmhaidhe, fhuair, thirm: adhbharaidh sé fuacht agus tiormlach gidheadh measardha, ó dtig na neithe mothuigheacha geineamhain, agus na neithe fásamhla fás, re dol don ghréin ann. Atá an comhartha so oidhcheamhail, banda. Is é is tigh do Uenus, agus a h-ullghárdas, árdughadh do Lúna, agus díoghbháil agus doilgheas p.132 do Mhars. Atá stiúradh aige ar na probhinsigh .i. Persia, Media, Suycia, Asia Minor, Hibernia, Aegypto, Armenia, agus Cyprus. Ar na cathrachaibh .i. Capua, Salerno, Bolonia, Sena, Verona, Ancona, Treveres, Parma, Mantua, agus Palermo. Insa Spáin, ar Gitona, Osca, Toro, Badajoz, Astorga, agus Jaen. An fear beirthear faoi stiúradh an chomhartha so, biaidh sé dána, borb, díomsach, agus do chroidhe árd-uaibhreach; claon chum a thalamh d'fhágbháil agus siubhail for thalamh coimhightheach, le dtiocfaidh dhó níosa fhearr, agus má phósann go bhfuighe nidh le na mhnaoi. Biaidh sona agus i stáid cheannasaigh: cialluighidh go bhfuighe a lot ó mhadraibh agus contabhairt taoibh uisce, agus thairis sin muna dtugaidh aire go bhfuighe infortunia mulierum causa, agus go mbiaidh tinn i gcionn 12 mbliadhain agus arís ag 30, agus uair eile ag 40, agus má thig uatha sin go bhfuighe go nádúrtha 64 bliadhain do shaoghal. An bhean beirthear faoi, cialluighidh go mbia ro-ghnóthach, cúramach fa neithibh saoghalta, críochnamhail, claon chum talta coimhthigheacha: biaidh clannmhar mór-mhacach et plures indicat ei habere maritos. Cialluighidh tuitim do nidh árd, agus tinneas i gcionn 16 bliadhain, agus uair eile ar a 33. Geallaidh an comhartha so go nadúrtha 66 bliadhain do shaoghal.
6. Do cháilidheacht an chomhartha <term type="astro" lang="la" TEIform="term">Gemini</term> in a dtéid an ghrian ar an 21 do May
Is é deilbh nó fioghair bheirthear don chomhartha so .i. dias leanbh ag fáscadh a chéile so ro-mhuinteardha, ag ciallughadh macántacht na h-aimsire an tan théid an ghrian ann. Atá an comhartha so do nádúir aereamhail, te, fliuch; mar sin atá oileamhnach chum na neithe fásamhla. Is é is tigh do Mercurius, díoghbháil agus p.134 doilgheas do Iupiter. Atá sé feardha, laetheamhail, agus atá té tirm san earrach go coitcheann; acht go bhfuil tirm annsin go measardha. Atá stiúradh ag an comhartha so ar na probhinsigh .i. Hircania, Cyrenaica, Marmatica, ar chuid don Égipt, Armenia, Margiana. Ar na cathrachaibh .i. Trento, Cessena, Uiterbo, Norumberga, Bruxas, Leon na Fraince, agus Maguntia. Insa Spáin, ar Ciguenca, Moruiedra, Cordoua, agus Talauera. An fear beirthear faoi stiúradh an chomhartha so bí sé deaghchroidheach, fial: bí claon chum talta eile agus siubhail ionnta; biaidh saidhbhir, agus seasmhach insna neithe gheallfas, biaidh dúthrachtach, agus i gcontabhairt taoibh uisce: budh riachtanacht dó e féin do sheachnadh ar mhadraibh gaoithe, agus taobhaim ris a bheith coimhéadach air féin, óir cialluighidh go mbeith ro-chneadhach, agus go mbiaidh tinn ceithre h-uaire sul thiocfas chum 30 mbliadhna, agus má thig uatha go mbiaidh níosa fhalláine, agus go bhfuighe 68 mbliadhna do shaoghal. An bhean beirthear faoi, biaidh ro-choinghiollach, agus i ndeaghmheas daoine eile, agus biaidh claon chum pósadh; glacfaidh sí doilgheas agus cathughadh fa éagcóir do dhéanamh uirre, agus ní bhiaidh ó easláinte, agus ghéabha 62 bliadhain do shaoghal nádúrtha.
7. Do cháilidheacht an chomhartha <term type="astro" lang="la" TEIform="term">Cancer</term> in a dtéid an ghrian ar an 22 do Iune
Is é is fioghair agus deilbh bheirthear don chomhartha so .i. iasc áiridhe dá ngoirthear Cancer, agus atá do nádúir uisceamhail, fuar, fliuch, banda, oidhcheamhail agus gluasachtach; do bhrigh an tan théid an ghrian ann claochluighidh an aimsir chum taisligh agus fuachta measardha, ionnas go mbí oileamhanta. Is é is tigh lae agus oidhche don ghealaigh, árdughadh do Iupiter, díoghbháil do Shaturnus, agus tuitim p.136 do Mhars. Atá stiúradh aige ar na probhinsigh .i. Numedia, Olanda, Noruegia, Selanda, Bithonia, Burgundia, Scocia, Rhodas, Lidia, Etiopia, Africa, Colgis, agus Phrigia. Ar na cathrachaibh .i. Constantinopla, Milano, Pisa, Luca, Uenecia, Tunes, agus Genoua. Insa Spáin, ar Compostela, Lisbon, Granada, agus Barcelona. An fear beirthear faoi bí do phearsa mheadhonaigh, súgach agus umhal: cialluighidh go bhfuighe saothar taoibh an dlighe, agus go mbia claon chuige sin agus chum cás duine eile do chosnamh, agus go mbia ro-chaithmheach. Cialluighidh contabhartacha taoibh uisce, teineadh, agus iarainn; agus go mbia dána, deaghmheasta. Cialluighidh dhó mion-aicídeacha, agus go bhfuighe do shaoghal nádúrtha 73 bliadhna. An bhean beirthear faoi, biaidh dúthrachtach, deaghghnóthach, obann chum feirge agus chum teacht as, so-bhuidheach, so-ghrádhach: clann líonmhar agus buartha umpa. Cialluighidh go bhfuighe tuitim do nidh árd, agus go bhfuighe neithe foluightheacha acht beag-luachach: biaidh folláin agus ghéabhaidh do shaoghal nádúrtha 70 bliadhain.
8. Do cháilidheacht an chomhartha <term type="astro" lang="la" TEIform="term">Leo</term> ina dtéid an ghrian ar an 23 do Iuly
Is é fioghair thugthar don chomhartha so .i. Leomhan. Atá do nádúir te tirm go h-iomarcach, feardha, laetheamhail, comhnuidheach; do bhrigh anuair théid an ghrian ann bhí an teas iomlán seasmhach, agus is adhbhar scrios agus críonuighthe do na neithibh fásamhla. Is é is tigh oidhche agus lae do Sol, díoghbháil agus doilgheas do Saturnus. Atá stiúradh aige ar na probhinsigh .i. cuid do Sicilia, agus cuid do Apulia, Bohémia, agus cósta na Fairge Deirge, Caldea, Italia, Grecia, Turcia, Proponto, Alpes, agus Macedonia. Ar na cathrachaibh .i. Roma, Rauena, Cremona, Usma, Creton, Damasco, agus Praga. Insa Spáin p.138.i. Murcia agus Leon. An fear beirthear faoi, biaidh deagh-chumtha, sciamhach, mór-chroidheach, díomsach, deagh-labharthach; agus má bheir é féin d'fhoghluim biaidh feasach. Cialluighidh go bhfuighe árd-chéime agus go siublóchaidh mórán talta; agus má phósann ghéabha sé nidh re caitheamh taoibh a mhná. Cialluighidh go bhfuighe buille mór d'iarann, agus contabhairt taoibh uisce, agus biaidh ádhmhar chum éadáil d'fhagháil, agus uair éigin inveniet pecuniam absconditam. Cialluighidh dhó sé h-aicídeacha ar feadh a shaoghail, acht an aicíd is contabhartaighe díobh i gcionn a 40 bliadhain, agus má thig uadh, geallaidh an comhartha so do shaoghal nádúrtha 71 bliadhain. An bhean beirthear faoi, biaidh sciamhach, droch-mhúinte, láidir, borb: cialluighidh go mbia tinneas goile uirri, agus go dúlmhar i n-onóir, agus biaidh saidhbhir, acht bia trócaireach ris na bochtaibh agus tugtha do aicíd fola agus do mhórán aicíd eile; gidheadh dó so níosa mhó, agus go nádúrtha ghéabha 71 mbliadhan 'na saoghal.
9. Do cháilidheacht an chomhartha <term type="astro" lang="la" TEIform="term">Virgo</term> in a dtéid an ghrian ar an 24 do Agust
Is é is fíoghair nó deilbh tugthar don chomhartha so .i. maighdean, chialluigheas neamh-thorthacht an talamh an uair so: atá do nádúir thalmhaidhe fhuair thirm; atá banda, oidhcheamhail, lionn-dubhach agus coitcheannta don tsamhradh agus don fhoghmhar. Is é is tigh, ullghárdas, agus árdughadh do Mercurius, tuitim do Venus, agus dioghbháil oidhche do Iupiter. Atá stiúradh aice ar na probhinsigh .i. Grecia, cuid do Phenecia agus Babilionia, Asiria, Mesopotamia, Cicilia, Rodas, agus Candia. Ar na cathrachaibh .i. Pauia, Paris, Ferraia, Tolosa, Pasencia, agus Coimbra. Insa Spáin, ar Lerida, Toledo, Auilla, agus Algecira. An fear beirthear faoi, bí onórach, geanamhail, do cháilidheacht p.140 onóraigh: cialluighidh go mbia dúthrachtach, cúramach a na ghnóthaibh agus ag dréim fria árdchéimibh; thairis so cialluighidh go mbia gnúis-náireach, claochlódhach, agus tar éis a bheith saidhbhir go dtiocfaidh chum bochtaine móire, ó gan bheith feasach chum é féin do stiúradh. Biaidh caol-aicídeacha air go 30 mbliadhna, agus má thig uatha is é a nádúireacht 84 bliadhna do shaoghal. An bhean beirthear faoi biaidh sí náireach, dúthrachtach, debhóid: cialluighidh go dtuitfidh d'árd, agus go mbia easlán: biaidh dúlmhar cum bheith glan agus geanmnach, agus tiocfaidh chum bheith anróiteach: cialluighidh tinneas contabhartach ó 30 mbliadhna go 36, agus má thig uadh ghéabha 77 mbliadhna do shaoghal nádúrtha.
10. Do cháilidheacht an chomhartha <term type="astro" lang="la" TEIform="term">Libra</term> in a dtéid an ghrian ar a 23 do Sep.
Is é fioghair bheirthear don chomhartha so .i. meidh dhá scála, ag ciallughadh cothrom na laethe fris an oidhche fón am sin; agus an uair théid an ghrian ann, bí an dara h-equinoxium ann, in ar b'ionnann fad don oidhche agus don lá. Atá an comhartha so do nádúir an aeir .i. te, fliuch. Is adhbhar é do theas agus do thaisleach thiugh; mar sin is adhbhar é an aer do reamhrughadh, ionnas go mbí díoghbhálach don uile bheathach, agus geinidh sé iomad do aicídeachaibh. Is é is tigh lae do Venus, tuitim do Sol, árdughadh do Saturnus, agus díoghbháil lae do Mars. Atá stiúradh aige ar na probhinsigh .i. Austria, Casperia, Bactriana Regio, Tuscia, agus Siria. Ar na cathrachaibh Ualentia, Lodi, Parma, Gaeta, Uiana, agus Augusta. Insa Spáin, ar Burgos, Almeria, agus Salamanca. An fear beirthear faoi an gcomhartha so, bí sé onórach, deigh-mhisneamhail: tábhachtach in a ghníomharthaibh, claon chum p.142 talta coimhightheacha rachas dó níosa fhearr iná a thalamh féin. Cialluighidh go mbia nidh re caitheamh aige, acht go bhfuighe bochtaine agus anródh: cialluighidh aicíd dó i gcionn a 18 mbliadhna, agus uair eile ar 35, agus an chéad aicíd i gcionn a 6 mbliadhan, agus má thig uatha ghéabhaidh 77 mbliadhna do shaoghal nádúrtha. An bhean beirthear faoi, biaidh súgach so-chadartha: cialluighidh go bhfuighe lot taoibh a chos ó theinidh, agus go mbia claon chum siubhail for an domhan, agus má thig ón aicíd chinneamhnaigh go bhfuighe 66 bliadhna do shaoghal nádúrtha.
11. Do cháilidheacht an chomhartha <term type="astro" lang="la" TEIform="term">Scorpio</term>, in a dtéid an ghrian an 24 do Oct.
Is é fioghair tugthar don chomhartha so .i. beathach nimhe ag a mbíonn gath re ndéanann urchóid, amhail agus mar ghní ren a bhéal, ag ciallughadh mar do théid an ghrian ann, go ndéan samhlaidh sin, ag adhbharughadh fuacht agus stoirme, tóirnighe, agus teinntighe. Atá do nádúir fhlich fhuair, banda, oidhcheamhail agus comhnuidheach, do bhrigh go bhfuil an foghmhar an uair sin in a neart. Is é is tigh oidhche agus ullghárdas do Mhars, tuitim do Luna, díoghbháil agus doilgheas do Uenus. Atá stiúradh ag an gcomhartha so ar na probhinsigh .i. Scotia, agus ar chóstaibh na fairge, Siria, Mauretania, Getulai, Capadocia, agus Iudea. Ar na cathrachaibh .i. Mecina, Padua, Acuileia, Crema agus Bucsia. Insa Spáin, ar Ualencia, Xatiua, Segouia, Tudela, Braga, Malaga, agus Burgos. An fear beirthear faoi, biaidh do dhroch-cháilidheacht; mealltach, drúiseamhail, sáruightheach, dúbailte i n-intinn, agus bradach; bia tromdha, muinteardha, milis-bhriathrach gidheadh mailíseach. Sed sapiens dominabitur astris. Cialluighidh go mbia tugtha do thinneas goile, agus in a chlocha, agus go bhfuighe p.144 contabhairt taoibh cloiche agus iarainn; biaidh claon chum talta eile, agus biaidh cealgach, blandarach in a bhriathraibh agus in a ghníomharthaibh gan fhios do neach eile; agus ní bhiaidh ro-shaidhbhir nó ro-bhocht: biaidh min-thinneasach, acht ghéabhaidh go nádúrtha 61 bliadhna do shaoghal. An bhean beirthear faoi, biaidh muinteardha, acht biaidh sí láidir, borb, agus cialluighidh habeat cicatrices in maximum periculum vitae, agus go mbia tinneas goile go ro-mhinic uirre, agus biaidh easlán, acht go nádúrtha ghéabhaidh 72 bliadhain do shaoghal.
12. Do cháilidheacht an chomhartha <term type="astro" lang="la" TEIform="term">Sagittarius</term> in a dtéid an ghrian ar a 23 do November
Is é is fioghair don chomhartha so .i. fear bogha ag caitheamh saighde uadh, ag ciallughadh mar do-ghní an comhartha an tan théid an ghrian ann, ag caitheamh fearthanna, cloch-shneachta, tóirnighe agus caortha teintighe uadh. Atá do nádúir na teineadh, te, tirm, feardha, laetheamhail, agus coitcheann don bhfoghmhar agus don gheimhreadh. Is é is tigh lae do Iupiter, agus ullghárdas; agus díoghbháil lae do Mercurius. Atá stiúradh aige ar na probhinsigh .i. Hispania, Arabia Felics, Scalauonia, Dalmacia, Heluecia, agus cuid don Liguria. Ar na cathrachaibh .i. Malta, Auinon, Ierusalem, Asta agus Milan. Insa Spáin, ar Iaen, Calahorra, agus Medina Celi. An fear beirthear faoi stiúradh an chomhartha so, bí sé gnúis-náireach, macánta, ionnraic, sona; cialluighidh go mbia claon le dul ar fairge, ar a bhfuighe fortún níosa fhearr. Cialluighidh go bhfuighe díoghbháil taoibh ainmhidhe ceathar-chosach, agus aicídeacha i gcionn a seacht mbliadhna d'aois, agus arís ar a 18, acht má thig uatha ghéabhaidh 67 mbliadhna do shaoghal. An bhean beirthear faoi, biaidh tostach, crioth-eaglach, náireach, agus saidhbhir, agus goirfidhthear máthair cloinne dhí; p.146 acht biaidh an bhean, agus mar an gcéadna an fear, claochlódhach, neamhsheasmhach; gidheadh, biaidh siad trócaireach, coinsiasach. Biaidh aicíd ar an mnaoi i gcionn a ceithre mbliadhain, uair eile ar a 22, agus uair eile i gcionn a 40 bliadhain, agus má thig uatha ghéabhaidh 57 mbliadhna do shaoghal nádúrtha.
13. Do cháilidheacht an chomhartha <term type="astro" lang="la" TEIform="term">Capricornus</term> in a dtéid an ghrian ar a 22 do <term type="astro" lang="la" TEIform="term">December</term>.
Is é fioghair tugthar don chomhartha so .i. gabhar bhíos ag dol i n-ionadaibh áirde, ag ciallughadh an tan théid an ghrian ann go mbíonn ag árdughadh chugainn agus na laeithe ag dol i bhfad. Atá do nádúir thalmhaidhe, fuar agus tirm, banda, oidhcheamhail, agus gluasachtach; óir téid an foghmhar thort, agus tosuighidh an geimhreadh. Is é is tigh oidhche do Saturnus, árdughadh do Mars, tuitim do Iupiter, agus díoghbháil do Luna. Atá stiúradh aige ar na probhinsigh .i. Macedonia, Bauaria, Portugal, Romandiola, Albania, Moscouia, Gedrocia, Tracia, Croacia, India, agus cuid don Sclauonia. Ar na cathracha .i. Uerona, Forliuio, Sauoia, Fauencia, agus Constantinopla. Insa Spáin .i. ar Tortosa, Soria, agus Carmona. An fear beirthear faoi, biaidh sé feargach, baoth, bréagach. Cialluighidh go mbiaidh ag comhrádh fris féin: biaidh sé lionndubhach, mór-chroidheach, claon chum cogaidh et gaudebit bonis alienis, et habebit curam de animalibus quadripedibus. Cialluighidh go bhfuighidh buaidhreadh taoibh causa mulierum, biaidh easlán agus ghéabhaidh 77 mbliadhna do shaoghal nádúrtha. An bhean beirthear faoi, biaidh do nádúir shár-chrosta, biaidh ro-chaithmheach: cialluighidh go mbainfidh ainmhidhe ceatharchosach greim eisde, agus contabhairt le tuitim d'árd: biaidh tinn, acht go h-éadtrom, agus do-ghéabhaidh go nádúrtha 69 mbliadhna do shaoghal.
14. Riaghail astronomic le n-aitheonthar comhartha na h-uaire in a mbeirthear duine
Chum go n-aitheontar so ní riachtanacht feasta fioghaireacha nó a macasamhla sin chuige, acht amháin aire do thabhairt do trí neithibh .i. an chéad nidh, fios an chomhartha in a mbia an ghrian an lá i mbéarfaidhthear duine; an dara nidh, fios na h-uaire i n-éirgheann an ghrian an lá sin; an treas nidh, .i. fios grinn ar an uair i rugadh é. Tar éis fios na dtrí neithe sin, féachadh ca mhéad na h-uaire do-chuaidh thort ó éirghe gréine gus an uair do rugadh é exclusive, (is é sin re rádh, gan an uair do éirigh grian d'áireamh). Annsin ríomhthar comhartha leat i n-aghaidh gacha dá uair díobh sin, ón gcomhartha in a mbí an ghrian an lá sin gus an gcomhartha na h-uaire in a rugadh é, inclusive; agus ghéabhthar mar sin comhartha nádúrtha gach duine. Agus i gcás go mbia uair chorradh ar na h-uaire ó éirghe gréine go h-uair a bhreith, ríomhthar í ar an gcomhartha eile 'na dhiaidh: agus i gcás nach dtiocfadh chum uaire iomlán, ná déantar scrupal de sin, oir ní lochtach an riaghail de sin. Is urusa gach nidh do thuigsin anuair fhoillsighthear é le h-eisiomláir: mar sin adeirim an duine do rugadh ar a 4 do August ar a h-aon do chlog i ndiaidh an mheadhóin lae, gurab é Scorpio is comhartha dhó (acht deirim an duine do rugadh i Ualencia) do bhrigh go n-éirgheann an ghrian annsin ar a 5 do chlog fón am sin, agus ón 5 go a h-aon i ndiaidh an mheadhón lae atá sin 'na h-ocht n-uaire, chialluigheas ceithre comhartha; agus mar is insa gcomhartha leo do bhí an ghrian an lá sin, áirmhim ceithre comhartha uadh, inclusive, agus is é sin Scorpio.
Eisiomláir eile ar dhuine do rugadh san Eadáile an 10 lá do October ar an t-aonmhadh déag go leith i p.150 ndiaidh an mheadhón lae, agus do réir na riaghla adeirim gurab é Gemini is comhartha dhó; óir fón am sin bhí an ghrian insa gcomhartha Libra, agus éirgheann sí san Eadáile annsin ar a cúig go leith do chlog, agus ón cúig go leith go h-aon déag go leith i ndiaidh an mheadhóin lae atá ocht n-uaire déag, chialluigheas naoi gcomhartha, agus is é an naomhadh comhartha ón gcomhartha Libra an comhartha Gemini adubhramar, agus is é sin comhartha ceart an duine sin; agus i gcás go bhfiafróchadh an chúiríaltacht; go dá bhfoghnann na comharthaidhe sin, nó créad an nádúir do-bheirid? Is é ar bhfreagra ar sin go bhfuilid coitcheanna agus geinea- rálta do gach duine beirthear insa mí dá bhfóiridheann; agus ar son go dtugaid nádúrthacht mhór don tí beirthear insa mí sin, acht ní bhfuil cuid aige don nádúir do-bheir comhartha na h-uaire in a mbeirthear é, óir le sin is fearr measfaidhthear a cáilidheacht agus a nádúir. Tugtar aire má bheirthear duine roimhe éirghe don ghréin, gurab don lá roimhe bhaineas sin; óir is le h-éirghe gréine thosuighid na h-astrologtha ris an lá.
6. An 6 Caibidil
1. Do éiclips na gréine agus na gealaighe
Chum coimhlíonta na h-oibre so, do-chonnarcas damh trácht ar éiclipsigh na gréine agus na gealaighe le h-athchomaireacht. Mar sin adeirim gurab é is éiclips ann don ghréin .i. an tan thig an ghealach idir sinne agus an ghrian, ar mhodh go scarann solas na gréine rinn, agus teagmhaidh so le teacht na gealaighe, acht tugthar aire chum éiclips na gréine gur riachtanacht dhá nídh. An chéad nidh, an ghrian agus an ghealach a mbeith i n-aon-chomhartha: an dara nidh a mbeith araon i bponc do dhá phonc dá ngoirthear caput et cauda Draconis .i. ceann agus earball an dragúin: mar sin ní theagmhann éiclips na gréine gach uair theagmhas í féin agus an ghealach a mbeith i n-aonchomhartha, acht tairis sin is éigean a mbeith araon i bponc don dá phonc sin; agus do réir foigse nó fad éiclips na gréine ó na poncaibh sin, bí an t-éiclips mór nó beag. Is é nidh dá ngoirmid éiclips na gealaighe .i. an tan shiubhlas an ghealach for scáile an talaimh, éirgheas go h-árd ó bheith don ghréin don taoibh eile faoi, agus mar sin go scarann a solas rinn, ó gan bheith i radharc na gréine dhí, ó bhfaghann sí a solas, agus de so goirthear an t-éiclips ceart, do bhrigh go mbíonn an uair so an ghrian agus an ghéalach ós comhair a chéile go grinn, agus meadhón an talaimh go díreach eatorra; agus mar sin tig for-mhúchadh ar an ghealaigh, do bhrigh go scarthar dealradh na gréine fria, is solas dí, le mbeith don talamh go díreach eatorra. Agus chum éiclips na gealaighe is riachtanacht dhá nidh; an chéad nidh .i. an ghrian agus an ghealach a mbeith ós comhair a chéile; agus an dara nidh .i. an ghrian do bheith i bponc don dá phonc p.154 réamhráidhte, agus an ghealach do bheith insa dara ponc. Agus más mian leat fios d'fhagháil créad an nidh chialluigheas ceann agus earball an dragúin, adeirim go measann na h-astronomicthe circulum .i. fáinne nó compás cruinn san spéir do 12 gráda do leathad, dá ngoirid Zodiacum, amhail agus adubhramar pag. [122]. Agus for a mheadhón so siubhlaidh an ghrian le na gluasacht nádúrtha, agus don tslighe sin for a ngabhann goirid eclyptica de; agus tugthar aire nach dtéid an ghealach tar an leathad so na Zodiacum amach ar aon chor, do réir a gluasacht nádúrtha féin; gidheadh, do théid ar uairibh for chuid don tslighe sin na gréine dá ngoirthear eclyptica, agus ar uairibh eile for an gcuid eile dhe. Agus an tan do ghabhas an ghealach ó thuaith go ndeas gabhaidh sí for an eclyptica, nó mar is fearr le rádh, gabhaidh for an líne in a siubhlann an ghrian; agus an ponc sin for a siubhlann an ghealach ó thaobh na líne gus an taobh eile dhí an uair sin goirid Cauda Draconis, nó earball an dragúin, de; agus anuair philleas tar a h-ais ó dheas gus an áird tuaith, gabhaidh for an líne céadna, agus don phonc sin goirid Caput Draconis, nó ceann an dragúin, de.
2. Chum go n-aitheontar na neithe adhbharuigheas na h-éiclipsigh
Foillsighthear annso an modh ar a n-aitheontar na neithe oibrigheas agus adhbhruigheas na h-éiclipsigh so; ionnas nach riachtanas do dhuine a bheith 'na astronomic chum a bhfagháil amach. Mar sin, ní fhuil re déanamh acht féachain cia an tigh nó an comhartha in a mbia an ghrian, más uirre bhias an t-éiclips, nó in a mbia an ghealach más uirre bhias, agus biaidh fios na neithe adubhramar aige: óir más i gcomhartha nó i dtigh Mars bhias an ghrian nó p.156 an ghealach ar a mbia an t-éiclips, is dearbh (do réir Ptolomeus Lib. 2, cap.7) go noibreocha do réir nádúir Mars, atá mar luaidheamar ar féin: pag. Agus más i gcomhartha bhus tigh do phlainéid eile bhias, oibreocha do réir nádúir na plainéide sin, atá foillsighthe in a dtráchtaibh féin, agus tugtar aire gurab iad an dá chomhartha déag tighthe na bplainéidigh amhail agus adubhramar.
3. Don aimsir in a dtosuigheann oibriughadh na n-éiclips
Ní fhuil do chruadhas annso acht fios grinn ar an uair i dtosuigheann an t-éiclips do ló nó d'oidhche, agus fós fad an lae ó eirghe gréine go luighe dhí (dá ngoirthear an lá saotharamhail), ghéabhthar mar sin an t-am cinnte thosuigheas oibriughadh na n-éiclips, agus an fad a mhairid; agus ionnas go mbia so níosa sho-thuigse, cuirim i gcás go dtáinig éiclips ar an ghréin i gcionn dá uair tar éis éirghe dhí, agus gur b'é fad an lae sin 12 uair .i. ó éirghe gréine go luighe dhí. Adeirim, maseadh, go dtosóchaidh oibriughadh an éiclips so i gcionn dá mhíosa 'na dhiaidh sin; do bhrigh, mar is é an seismhadh cuid don lá sin dhá uair, is é an seiseadh cuid don bhliadhain dhá mhí; agus i gcás gurab é fad an lae 10 n-uaire, tosóchaidh oibriughadh an éiclips i gcionn dá mhí agus 12 lá, óir is é sin an cúigeadh cuid don bhliadhain amhail agus mar is é an cúigeadh cuid don lá saotharamhail; dhá uair, Agus i gcás gurab é fad an lae 14 h-uaire, tosóchaidh an t-éiclips i gcionn an seachtmhadh cuid don bhliadhain .i. i gcionn míosa agus 21 lá, óir is é sin an seachtmhadh cuid don lá sin; agus mar sin ar an ordughadh sin tuig- fidhthear gach uair eile, más gearr nó fada an lá, ag tabhairt aire gur ar an nós céadna so tuigthear éiclips p.158 na gealaighe fós. Agus chum go dtuigfeá créad an fad mhaireas oibriughadh na n-éiclips, tabhair aire go maireann oibriughadh éiclips na gréine bliadhain i n-aghaidh na h-uaire a maireann an t-éiclips uirre féin, agus go maireann oibriughadh éiclips na gealaighe mí i n-aghaidh na h-uaire a maireann an t-éiclips uirre féin.
4. An modh le n-aitheontar na h-áite san domhan in a dteagmhóchaidh oibriughadh na n-éiclips
Chum go bhfoillseocha so, féachtar cia an comhartha in a mbia an phlainéid ar a mbia an t-éiclips, más grian nó gealach é, agus insna proibhinsigh ar a stiúrann an comhartha sin oibreochaidh an t-éiclips. Ghéabhthar eolas ar an gcomhartha i mbia an ghrian gach laoi, agus ar na probhinsigh, agus ar na cathrachaibh ar a stiúrann gach comhartha, insan áit ar thráchtamar ar na comharthaidhibh féin; agus ghéabhthar eolas ar an gcomhartha in a mbia an ghealach gach laoi insan áit in ar thráchtamar ar an ghealaigh féin, agus ar na plainéidibh eile. Agus tabhair aire go dteagmhann do ghnáth éiclips na gréine le teacht na gealaighe, agus gurab é uair do theagmhas éiclips na gealaighe anuair do bhíos féin iomlán nó lán.
7. An 7 Caibidil
1. Do chailindeoracht eile nádúrtha na h-aimsire do réir Aristotill, Plinius, agus Ptolomeus atá ro-dhearbhtha
Do na cométaibh, agus dá gcáilidheachtaibh go geinearálta
Is é is cométa ann (do réir feallsamhnacha iomráidhte) .i. deathaighe glan-dhealracha, teodha, tiorma (dá ngoirthear exhalationes) tarngtar le teas iomarcach na gréine chum réigiún uachtarach an aeir; agus annsin ó bheith chomh gar agus sin don eilemeint eile na teineadh, agus an t-aer dá ngluasacht, lasaidh siad, agus a réir mar bhíos tiugh nó tana mairidh gan spréidheadh. Cialluighidh na comharthaidhe so, nó na cométa so, do réir na n-ughdar céadna, droch-chinneamhna, mar atá cogtha, imreasna, gorta, dioghbháil, plágha, agus bás prionnsaidhe agus daoine comhachtacha. Tugthar aire gur do réir foirm agus dath na gcométa aitheontar na neithe chialluighidh siad, agus na h-éiclipsigh do réir a ndatha. Mar sin, más dubh an cométa nó an t-éiclips, agus é dar leat glas-uaithne, biaidh do nádúir Saturnus; agus mar sin cialluighidh bás, plágha, fuacht mór, sioc, agus sneachta, aer dorcha, stoirm, gaotha corr-thuaithbhil, crioth-talamh, díle, agus gorta. Más bán-dearg an dath biaidh do nádúir Iupiter, mar sin cialluighidh bás ríogh agus duine chomhachtaigh. Is é foirm na cométa so a bheith mór, cruinn, agus do ghnúis daonda mar dh'eadh. Más dearg lasamhail a dath, agus earball fada uirre, biaidh do nádúir Mars; agus más san áird shoir a bhias, agus a h-earball suas ós a cionn, cialluighidh san áird shiar gorta mhór, cogadh, crioth-talamh, díoghbháil p.162 uisce, agus scrios cathracha agus ríoghachta. Más ro-bhán a dath, agus í uathbhásach le faicsin, agus í i bhfogas don ghréin, biaidh do nádúir na gréine; mar sin cialluighidh claochlódh tighearnais, díoghbháil do na torthaibh, bás do ríoghaibh agus do dhaoinibh saidhbhre agus comhachtacha. Más órdha a dath, biaidh do nádúir Venus; agus má bhíonn a faicsin cosmhail ris an ghealaigh, agus í gruagamhail, agus ag fágbháil gaithe 'na diaidh, cialluighidh díoghbháil do dhaoinibh comhachtacha, nuadhchreideamh, agus go sonnradhach insna h-áitibh chum a ndeasuigheann sí a h-earball. Más gorm a dath, nó má bhíonn do iomad datha, agus do chorp beag le h-earball fada, biaidh do nádúir Mercurius: mar sin cialluighidh bás phrionnsa mhóir, siosma, cogadh, gorta, mórán tóirnighe, agus teinteach mar aon le tóirnigh. Más é dath an airgid is dath dhí, agus sin níosa shoillsighe iná dath na réalta eile, biaidh do nádúir Luna .i. do nádúir na gealaighe; agus mar sin cialluighidh iomadamhlacht na beatha, agus go speisialta má theagmhann fón am sin Iupiter insa gcomhartha Cancer nó Piscis; tugthar aire, má chidhtear an cométa san áird shoir, go n-oibreochaidh go ro-aithghearr insna talta atá faoi stiúradh an chomhartha le bhfaicfidhthear í; agus má chidhfidhthear í san áird shiar, oibreochaidh sí níosa mhoille.
2. Do na laethibh madramhla, agus don uair thosuighid agus chríochnuighid
Do bhrigh go measaim go bhfuil mórán dar maith fios d'fhagháil créad is adhbhar do na laethibh madramhla so, nó créad an uair thosuigheann siad agus chríochnuigheann siad, foillseocham go h-aithghearr na trí neithe sin. Gheibhthear, maseadh, insa h-ochtmhadh spéir, dhá constellatio .i. dhá chompall do réaltaibh dá ngoirthear p.164 Canis Minor agus Canis Major, .i. madra is lugha agus madra is mó; agus atáid do nádúir Mars. Acht Canis Minor, in a bhfuil dhá réalt do réir Ptolomeus, atá do nádúir Mars agus Mercurius. Adeir ughdair oirdhearca gur b'é Canis Minor is adhbhar do na laethibh so, mar atá Plinius Lib. 18, Cap. 28, agus an rí Alfonsus in tabulis astronomicis, agus leanam-ne dá n-opinion, óir do-chidhmid gur b'é is foigse do réasún agus do experiens. Eirghidh an Canis Minor so mar aon ris an ghréin for horizon na Valencia (ionann horizon le rádh agus an méad talaimh bhíos faoi chompás radhairc gach duine) an tan théid an phlainéid sin insa gcéad chéim don chomhartha Leo, agus do-ghní sin gach bliadhain ar a 24 do July; agus mar sin tosuighid na laethe madramhla so insa Valencia fón am sin, agus críochnuighid ar an dara lá do Sep. Is é opinion coitcheann na n-astronomic agus na liaigh go maireann na laethe so 40 lá .i. an aimsir chaitheas an ghrian ó éirgheas leis an gCanicula (.i. an madra beag) go siubhlaidh for an gcomhartha leo uile. Atá an spás aimsire so chomh géar agus chomh urchóideach agus sin, ar modh go ndubhairt Hipocrates, ag tabhairt comhairle do na liaighibh, gan leigheas do dhéanamh don aois galair fón am sin. Adeir Plinius, insa stair nádúrtha Lib. 2, go gclaochluigheann an fíon fón am so, agus go ngabhann na madraidhe mire ón iomarcach teasa agus tiormlaigh adhbharuigheas an ghrian mar aon leis an gcomhartha Leo (is tigh díleas dí), agus leis an gCanicula, fón am so; agus mar sin guidhim gach duine coimhéad maith do dhéanamh air féin fón am so, agus a ndóithin uisce do thabhairt do na madraibh, agus snámh do bhaint asta, chum go gclaoidhfidhe a dteas nádúrtha, óir bí sin ro-urchóideach; agus go saoraidh Dia sinn uadh uile. Amen.
4. Cailindeoracht bhliadhnamhail ar an lá thosuigheas an <term type="astro" lang="la" TEIform="term">Canicula</term>
Scríobhaidh an t-ughdar Diaferes, más in Aries bhias an ghealach an lá thosuigheas an Canicula, go mbia san bhliadhain 'na dhiaidh mórán uisce, beagán cruithneachta, iomadamhlacht don ola, gidheadh bás áirnéise. Más i d Taurus bhias an ghealach an lá sin, biaidh an cruithneachta gann, mórán fearthanna, cloch-shneachta, bliadhain shaotharach agus anróiteach. Más i nGemini bhias, biaidh an t-arán, an fíon, agus na tortha líonmhar; acht biaidh na h-aicídeacha mar sin. Más i g Cancer, biaidh an cruithneachta agus an t-uisce gann. Más ann a Leo, p.168 biaidh cruithneachta, fíon, agus ola líonmhar; na tortha daor, crioth-talaimh, stoirm fairge, agus díle. Más i Virgo, biaidh an bhliadhain torthach, an t-uisce líonmhar, béara na mná torracha clann mharbh roimhe am, agus biaidh an áirnéis saor-luachach. Más i Libra, biaidh an ola gann, an fíon líonmhar, meathfaidh an cruithneachta agus na cnadh fhrancacha; acht biaidh na cnadh coill agus na castáinidhe líonmhar. Más i Scorpio bhias, ghéabhaidh mórán do na beachaibh agus do phiastabh an tsíoda bás, aer mí-fholláin agus beagán don tsíoda. Más i Sagittarius, biaidh an cruithneachta, an t-uisce, agus an éanlaith líonmhar; acht ní bhiaidh an áirnéis mar sin. Más i gCapricornus bhias an ghealach an lá thosuigheas an Canicula, biaidh an cruithneachta, an fíon, agus an ola, agus gach beatha eile, agus an t-uisce líonmhar. Más in Aquarius bhias an ghealach, biaidh an cruithneachta agus an t-uisce gann; acht ní bhiaidh na piastaidhe dá ngoirthear langosta mar sin, .i. piastaidhe ghní díoghbháil mhór don arbhar; agus is contabhairteach plágha na bliadhna sin. Más insa gcomhartha Piscis bhias an ghealach an lá thosuigheas an mhí mhadramhail, biaidh an cruithneachta, an fhearthainn, agus na h-aicídeacha líonmhar, agus mar an gcéadna an fíon; acht ní bhiaidh an éanlaith mar sin — Sed Deus super omnia.
5. Míniughadh ar an gclár so fhoillsigheas teacht agus lán na gealaighe go síorraidhe.
Ionnas go dtuigfidhe an clár so go soiléir, is riachtanach fios d'fhagháil ar an uimhir óir na bliadhna in ar mian teacht agus lán na gealaighe d'fhagháil gacha mí; agus féachthar sin san gclár insa gcéad colamhain de thaoibh na láimhe clé, agus as a comhair sin chum na láimhe deise, coimhfhreagarach don mhí in a mbia, gheabhthar teacht agus lán na gealaighe, .i. an lá agus an uair i dtiocfaidh agus i mbia lán; ag tabhairt aire go gciallann an litir .M. an mhaidin, agus an litir .T. an tráthnóna, agus go gciallann .con. teacht na gealaighe ón fhocal conjunctio, adeirthear amhlaidh sin do bhrigh go mbí an ghealach agus an ghrian fón am sin i bhfogas dá chéile i n-aon-chomhartha. Foillsighthear so le h-eisiomláir, agus fiafruighim ca h-uair thiocfas an ghealach i mí May insa mbliadhain so 1694; agus adeirim, do réir an chláir, go dtiocfaidh ar a 24 lá agus 4 huaire tráthnóna; óir is é 4 an nuimhir óir, agus ós a comhair sin do-gheibhim an 24 lá agus 4 h-uaire do mhí May, amhail agus atá sonnruighthe ós a cionn etc., agus adeirim go raibh an ghealach roimhe sin lá ar a 9 lá agus 11 uair ar maidin don mhí céadna, agus mar sin for sna míosa eile. Agus tugthar aire go bhfoghnann an clár so don domhan uile, le baint de nó le cur leis difer nó eidirdhealughadh an mheadhón lae so na Valencia; agus mar sin cuirfeam sin síos annso ar áitibh agus ar chathrachaibh áiridhe, chum gur fearrde measfaidhe na talta eile leo; ag tabhairt aire go gciallann, insa gclár eile romhainn, an litir .B. buain de, agus an litir .C. cuir leis, agus go gciallann an líne so (——) leath ceathramhan do uair.
6. Clár do iomad cathrach agus bailte, insa Spáin agus aiste, dá bhfoghnann an clár so ar ndiaidh thráchtas ar theacht agus ar lán na gealaighe
[An clár fágtha ar lár.]
7. Riaghlacha astrologthacha ro-tharbhacha chum foladóiracht agus leighis eile
Is riachtanasach ceithre neithe do thabhairt fo deara chum na fola do tharraing .i. an aimsir, an aois, an gnás nó an cleachtadh, agus complex an duine. Tairis so adeir Avicenna gur cóir aire do thabhairt do dhá uair taoibh na fola, .i. uair riachtanasach, agus uair thoileamhail, .i. an uair tarraingthear an fhuil chum coimhéada na sláinte; agus is í uair is fearr chuige sin .i. in aimsir te, mar atá, tar éis éirghe don ghréin, agus díleaghadh do dhéanamh ar an p.186 mbiadh; gidheadh chuige so féin is maith comhairle na ndochtúiridhe. Is í is uair riachtanasach ann .i. an uair thig tinneas obann, agus gur faoiseamh dhó an fhuil do tharraing; mar ata fiabhras géar, pliúrisidhe, etc., nach bhfanann re fadáil. Acht ag labhairt ar an uair thoileamhail, adeirim le Ptolomeus in Centiloquio, Verbo 20, gur contabhartach agus ainbhfiosach fuil do tharraing as an mball i mbia an ghealach ag stiúradh ann.
8. Riaghail fhoillsigheas an uair is maith agus is olc Purgóid do ghlacadh
Is riaghail coitcheanna is gnáthach ag na liaighibh foghlumtha gan an leigheas scaoilteach do dhéanamh i dteas iomarcach an tsamhraidh, nó i bhfuacht mór an gheimhridh, amhail agus adeir Hipocrates in quinto aphorismo, particula 4.: “Sub cane et ante canem molesta sunt pharmacia, et medicamentorum usus difficilis.” Adeir mar an gcéadna in liber de aere, aquis, et locis nach maith leigheas do dhéanamh san aimsir mhórchlaochlódhaigh, mar atá cauteria, síneadh láimhe, nó leigheas ar bith; agus fós gan a dhéanamh i n-aimsir na Solstitia agus na n-equinoxia; agus atá na h-aimsireacha so agus an breathnughadh astrologthach so ionmheasta, ar mhodh go ndubhairt Hipocrates in liber epidemiae, “Hujusmodi medicus est qui astrologiam ignorat nemo,” etc., .i. nach liaigh an té bhíos ainbhfiosach insan ealadhain dá ngoirthear astrologia. Is é is fearr, maseadh, insa mbliadhain chum purgóide .i. an t-earrach do na daoinibh neimh-riachtanasacha. Ní maith purgóid do ghlacadh, nó fós fuil do scaoileadh, an lá thig an ghealach; agus mar an gcéadna an lá roimhe sin agus an lá 'na dhiaidh. Ní maith fós purgóid do ghlacadh an tan bhíos an ghealach i gcomhartha do-ghní athchongnamh, mar atá Aries, Taurus, agus Capricornus, do bhrigh nach a chongbháil p.188 san ghoile gan a teilgean; gidheadh más maith a teilgean, is é sin am is fearr chum a glacadh. Gach uair bhíos an ghealach i gcomharthaidhibh uisceamhla, is maith an phurgóid re glacadh; acht más deoch í, is fearr an ghealach do bheith insa gcomhartha Scorpio; agus más greim í, an ghealach do bheith i g Cancer; agus más pilliridhe í, an ghealach do bheith i b Piscis; agus mar sin, má thugthar aire don ordughadh so, biaidh oibriughadh maith agus folláin ag an phurgóid agus deagh-shláinte 'na diaidh gan amhras; agus tugthar aire gurab iad so is comharthaidhe uisceamhla ann .i. Cancer, Scorpio, agus Piscis.
p.192[Ó do fhoillsigheamar an t-am is olc tarraing na] fola, in iomchubhaidh annso do fhoillsiughadh an t-am in ar maith a tarraing, ionnas go mbiaidh tarbhach agus folláin. Do lucht an leanna ruaidh, is folláin dóibh a bhfuil do tharraing an tan bhíos an ghealach insna comharthaidhibh uisceamhla, mar atá Cancer, Scorpio, agus Piscis: go speisialta insna 15 gráda déidheanacha dhíobh. Do lucht an leanna fhinn, is maith an tan bhíos an ghealach i gcomharthaidhibh teodha nó teineamhla (acht amháin Leo), mar atá Aries agus Sagittarius. Do lucht an leanna duibh, is maith an tan bhíos an ghealach i gcomharthaidhibh aereamhla (acht amháin Gemini), mar atá Libra agus Aquarius. Do lucht an leanna deirg, is maith an uile uair agus an uile chomhartha in a mbiaidh an ghealach, má choimhéadtar na riaghlacha leighis agus astronomicthe tugamar cheana.
10. Breathnughadh Astronomic ar na h-aicídeachaibh nádúrtha
Más mian le duine tinn créad is críoch dá thinneas, féachadh ca mhéad lá do-chuaidh thort ón ló do thosuigh na laethe madramhla, insa talamh i mbia, gus an lá do ghabh a thinneas (inclusive), agus de sin baineadh an uimhir 36 gach uair is féidir; agus an corrlach bhias de, féachadh sin san gclár so rómhainn, agus foillseochaidh an litir atá ós comhair na h-uimhre sin críoch an tinnis; ag tabhairt aire go gcialluigheann an litir so (M) an bás, agus an litir so (V) a bheith beo, agus {⬌} litir so (L) tinneas fada agus saotharach; agus an uimhir ná biaidh litir ós a comhair, cialluighidh nach feas an bás no beatha dhó: agus tugadh an léightheoir cúirialta aire don riaghail so.
11. Breathnughadh eile ar an nidh céadna
Adeir an t-ughdar Guido Aretinus bainne mná do rug mac do chur i n-uisce an duine thinn, agus má tháthuighid sin fria chéile is comhartha dearbhtha go dtiocfaidh ón tinneas sin; acht má theagmhann a chontrárdhacht is comhartha báis é.
12. Breathnughadh eile
Adeir an t-ughdar Bernardus Granullachs, in sua cronographia, deor d'fhuil an duine thinn, go grod tar éis a tarraing, do leigean síos ann a soitheach i mbia uisce ro-ghlan; agus má théid sin gan spréidheadh tríd an uisce, is comhartha go dtiocfaidh; acht má spréidheann for an uisce, agus fuireach ar uachtar, is comhartha báis é.
13. Breathnughadh iongantach oirdhearc ar na h-aicídeachaibh nádúrtha do réir aois na gealaighe, darab ughdar Nicolas Florentinus .i. liaigh foghlumtha ro-oirdhearc
Ní féidir a shéanadh go n-oibrigheann agus go n-adhbharuigheann na réalta agus na coirp flaitheasacha eile claochlódh mór insna corpaibh daonda agus talmhaidhe; agus mar is í an ghealach réalt agus plainéid is mó do-ghní sin, ó na beith níosa fhoigse dhúinn agus níosa chlaochlódhaighe innte féin iná na réalta eile, adeir ar an adhbhar sin Nicolas Florentinus, chum go n-aitheontar críoch an tinnis nádúrtha, dhá nidh do thabhairt fo ndear .i. fios cinnte ar an lá go ghabh neach tinneas, nó in ar mhothuigh é féin neamh-shásta do thaoibh an tinnis; agus an dara nidh .i. fios dearbhtha ar an lá do tháinig an ghealach in a mbia. Annsin féachadh na laethe do-chuaidh thort ó theacht na gealaighe gus an lá do ghabh a thinneas, agus ríomhthar iad inclusive, agus féachadh an uimhir sin insa gclár so romhainn, agus ós comhair na h-uimhre sin ghéabhthar amach créad bhus críoch don tinneas sin. Acht tugthar aire, gidh go ndéan na plainéididhe go nádúrtha an claochlódh so insna corpaibh talmhaidhe, gur féidir le Dia sin do thoirmeasc, óir atá uile-chomhachtach; agus, ionnas go dtuigfidhe so, cuirim i gcás gur ghabh neach tinneas ar a seiseadh lá do Februarius agus go dtáinig an ghealach ar a 29 lá do Ianuarius; ríomhaim na laethe sin inclusive, .i. lá do Ianuarius do chur i gcionn na sé lá do Februarius, agus do-ghní sin naoi lá. Féachaim an uimhir sin san gclár, agus gheibhim ós a comhair .i. tinneas trom neamh-mharbhthach. Le so tuigfidhthear an clár uile.
14. Clár le n-aitheontar críoch an tinnis nádúrtha
1. Má ghabhann neach tinneas an lá thiocfas an ghealach, biaidh i mbaoghal go nuige an 14, 21, agus 28 lá; acht 'na dhiaidh sin cialluighidh sláinte.
2. Annso: cialluighidh contabhairt roimhe an 14 lá; 'na dhiaidh sin biaidh níosa fhearr.
3. Annso: tinneas aithghearr neamh-shaotharach.
4. Annso: tinneas ro-chontabhairteach go nuige an 21 lá; acht má thig uadh sin biaidh slán.
5. Annso: tinneas saothrach neamh-mharbhthach.
6. Annso: cialluighidh muna raibh slán go h-aithghearr go mbiaidh tinn saotharach; acht ar a 5 lá don ghealaigh eile biaidh slán.
7. Annso: biaidh slán go h-aithghearr.
8. Annso: muna raibh slán faoi 12 nó 14 do laethibh, biaidh i mbaoghal.
9. Annso: tinneas trom neamh-mharbhthach.
10. Annso: contabhairt roimhe an 15 lá.
11. Annso: bás nó beatha go h-aithghearr.
12. Annso: muna raibh slán roimhe an 15 lá, ghéabhaidh sé bás.
13. Annso: tinneas mór-shaotharach go nuige an 18 lá, agus má thig uadh sin biaidh slán.
14. Annso: biaidh tinn 15 lá, acht 'na dhiaidh sin tiocfaidh ar a aghaidh.
15. Annso: muna raibh slán faoi 4 lá, biaidh i gcontabhairt báis; nó, mar adeir ughdar eile, rachaidh go doras an bháis.
16. Annso: biaidh tinn go nuige an 18 lá agus má tig uadh sin biaidh slán.
p.20017. Annso: má théid tairis an 18 lá, biaidh slán.
18. Annso: muna raibh slán go haithghearr, biaidh i bhfad tinn agus i mbaoghal.
19. Annso: biaidh slán go h-aithghearr, má ghéabhaidh deagh-riaghlughadh.
20. Annso: biaidh i mbaoghal go nuige an 6 nó an 7 do laethibh, agus má thig uadh sin biaidh slán.
21. Annso: muna bhfuighe bás faoi 10 lá, biaidh slán le teacht na gealaighe.
22. Annso: faoi 10 nó 12 do laethibh biaidh slán.
23. Annso: biaidh slán san mhí eile ar éigean.
24. Annso: muna raibh slán faoi 22 lá, nó le teacht na gealaighe eile san mhí eile, biaidh i mbaoghal.
25. Annso: muna bhfuighe bás faoi 6 lá, biaidh slán; gidheadh, le saothar.
26. Annso: tinneas trom contabhartach.
27. Annso: tuitfidh ón tinneas sin ann a dtinneas eile.
28. Annso: contabhairt roimhe an 21 lá.
29. Annso: as a chéile ghéabhaidh sláinte go fadálach.
30. Annso: tinneas saotharach, acht le deagh-fhritheolamh biaidh slán go h-aithghearr.
15. Comhairle tharbhach agus Chríostamhail, iomchubhaidh le glacadh
Gach uair nach féidir neithe goidtear, cailltear, nó théid ar seachrán d'fhoillsiughadh go nádúrtha, tré bhrigh na réalt; agus fós an tan bhíos an tinneas urchóideach, ar mhodh nach feas créad is críoch; is maith an nidh aghaidh do thabhairt ar Dhia agus ar a naomhaibh, do bhrigh go dtug Dia comhachta dhóibh oibriughadh nádúrtha do thoirmeasc, p.202 agus foillsiughadh do dhéanamh ar neithe cailltear, goidtear, agus a macasamhla; amhail agus mar foillsigheadh go minic tré eadar-ghuidhe an naoimh oirdheirc S. Antoine de Padua, d'ord S. Phroinsias, do ach deaghchríostaidhe dar ghuidhe é go dúthrachtach, deagh-mhuinighneach, leis an Responsorium, agus leis an ortha so, dá ndéan an eaglais uile úsáid díobh .i. Si quaeris miracula, mors, error, calamitas, daemon, lepra fugiunt, aegri surgunt sani, etc., Ora pro nobis B. Antonii, ut digni, etc. Oremus; Ecclesiam tuam Deus B. Antonii, etc. Agus adeirim an fhírinne i nglóir Dé, agus i n-onóir an naoimh, gur minic tarla dam féin neithe caillte d'fhagháil, tré bhrigh an debhósion sin. Agus creideadh gach duine mé dá gcluin; ar son, i gcás nach bhfuighthí na neithe cailltear i láthair, gidheadh bíodh dhóchas daingean aige go bhfuighthear iad más é is iomchubhaidh dhó: mar sin ná leigeadh neach de gan a rádh go minic. Adubhras más iomchubhaidh dhó; oir gidh gur feas dúinn na neithe iarrmaoid, acht ní feas dúinn an maith dhúinn a bhfagháil, acht is dearbh gur fearr a fhios ag Dia ar na neithe is iomchubhaidh dhúinn; mar sin ar uairibh na neithe iarrmaoid {⬌} mbeith maith, ní thugann Dia sin dúinn, do bhrigh go mbíd olc dar n-anam; Ar son dar linne go mbíd maith dar gcorp, mar is dó sin is mó fhéachamaoid. Amhail is follas mar thárla do mhnaoi uasail i gcathair na Valencia, ar a raibh aicíd dá ngoirthear Cancer aimsir fhada go pianamhail: do-rinne debhósion naoi lá don naomh beannuighthe San Luis Beltran, d'ord S. Dominic, chum go bhfuigheadh ó Dhia a sláinte. I gcionn na naoi lá bhí sí slán. 'Na dhiaidh sin do-chualaidh ó sheanmóntaidhe go madh slighe phrionsapálta chum na glóire síorraidhe d'fhagháil a bheith fo shaothar, fo anró, agus fo phianaibh ar an tsaoghal so, i ngeall ar Dhia. Mar sin do thionscain an debhósion céadna do dhéanamh, p.204 chum an naoimh chéadna; dá ghuidhe, má budh ocáid sin chum na glóire d'fhagháil, an aicíd chéadna do chur uirre arís. Do fuair a h-athchuinghe, agus i gcionn gearr-aimsire do-chuaidh do shealbhughadh na glóire. Acht pilleam chum ar gcomhrádh: ní h-é amháin an Responsorium so S. Antoine, go bhfóireann chum na neithe cailltear agus goidtear do fhagháil ar ais; acht tairis sin, fóiridh chum duine do shaoradh ar anró, agus ar bhochtaine. Atá fós bríoghmhar i n-aghaidh an diabhail, saoraidh neach ar seachrán slighe agus intinne, ar bhás, ar lubhra, agus aicídeacha eile; ar riachtanas, agus ar olcaibh iomdha. Leis an Responsorium so beirthear buaidh ar na gaothaibh, ar stoirmibh mara agus tíre; agus fós boill na ndaoine bhíos creapailte d'easláinte, scaoilid go míorbhaileach. Tabhair aire don iongantas so atá neamhghnáthach .i. go dtugann an eaglais cead don uile dhuine míorbhailtidhe d'iarraidh ar Dhia trés an Responsorium so; amhail agus mar adeir na céad trí focailde, dá rádh: Si quaeris miracula. Is uime thráchtamar air so d'éantoisc, ionnas nach dtairgfeadh neach, chaillfidh nó ó ghoidfidhe neithe, buaidhreadh do chur ar na h-astronomicthibh fá fhios do dhéanamh dóibh, nó fioghair do thógbháil le na n-ealadhain, chum sin d'fhoillsiughadh; do bhrigh go mbíd sin neamh-thairbheach, agus fós gurab adhbhar drochbharamhla, cointinne agus mí-chlú é; amhail agus mar admhuighid na h-astronomicthe féin, agus mar dhearbhas an t-experiens dúinn, faredh gur fiadhnaise mé féin air sin.
8. An 8 Caibidil
1. Do iongantasaibh eile na gealaighe. Do thaoibh na gcomhartha agus na céad tóirnighe na bliadhna
Má theagmhann an chéad tóirneach don bhliadhain anuair bhíos an ghealach insa comhartha Aries, biaidh na luibheanna agus an féar líonmhar. Más i d Taurus bhias an ghealach leis an gcéad tóirnigh, biaidh na cnuic níosa thorthaighe iná na h-ísle, agus an talamh tirm níosa fhearr iná an talamh fliuch; agus biaidh na caoirigh líonmhar agus an fíon. Más i nGemini bhias an ghealach an tan sin, biaidh an t-arán agus an t-uisce agus an clochshneachta agus an pis líonmhar, acht ní bhiaidh mar sin an éanlaith. Más i g Cancer bhias, biaidh gorta agus comhghluasacht insna puiblidheachaibh faoi stiúradh an chomhartha sin, agus déanfaidh piastaidhe díoghbháil don arbhar agus do na torthaibh insna talta ísle, agus biaidh an t-uisce líonmhar. Más i Leo, biaidh imreasna idir ríoghaibh, biaidh an bheatha daor, agus ghéabhaidh daoine prionsapálta bás san mbliadhain sin. Más i Virgo, biaidh námhaid líonmhar agus na spídóiridhe, agus ghéabhaidh mórán don mhór-áirnéis bás. Más i Libra, biaidh tosach na bliadhna tirm, agus a deireadh fliuch, agus biaidh an bheatha daor. Más i Scorpio, biaidh an fíon líonmhar, ghéabhaidh mórán don iasc agus do na caoirchibh bás, agus caillfidh na mná clann marbh roimhe am a mbreith, agus ní theastócha gaotha tréana agus neartmhara an bhliadhain sin. Más i Sagittarius bhias, biaidh an t-uisce measardha agus tarbhach, na tortha gann, agus siosma líonmhar idir lucht éin-tighe agus éan-bhaile. Más i gCapricornus bhias an ghealach, biaidh na daoine lionn-dubhach agus plágha insna talta atá faoi stiúradh an chomhartha sin. Más i n-Aquarius bhias, biaidh an t-uisce líonmhar, buaidhreadh p.208 agus uathbhás insna puiblidheacha, agus gaotha olca easlána. Más i b Piscis bhias an ghealach leis an chéad tóirnigh na bliadhna, biaidh an aimsir an-tirm, agus sioc mór in a am féin; an fíon líonmhar, na tortha gann, agus na h-aicídeacha neamh-urchóideach. Tugthar aire gurab insna talta atá faoi stiúradh an chomhartha in a mbia an ghealach leis an gcéad tóirnigh teagmhócha na neithe so níosa phrionsapálta.
2. Teagasc tarbhach don lucht saothair
Chum go mbia lán toradh ag na fir tighe do thaoibh a saothair, tugaidís aire an síol agus na pórtha do chur le fás na gealaighe, agus an tan do bhiadh insna comharthaidhibh Taurus, Cancer, Virgo, Libra, agus Capricornus; agus do-chídhfid toradh éagsamhail dá thaoibh sin.
2. Seicréid chúirialta agus ionmholta don lucht saothair
Chum go n-aitheontar, ó bhliadhain go bliadhain, cia an sórt do ghrántaibh bhus líonmhaire agus bhus tar [bhaighe ...] scríobhadh ughdar áiridhe, mar adeir Samoranus in a leabhar go {⬌} ag iarraidh trí nó a ceathair do ghráinínibh do chur do gach sórt gráin i dtalamh maith agus tais, mí roimhe na laethe madramhla; agus an grán is fearr thaisbeánas é féin ar an gcéad lá do na laethibh madramhla, is é sin is fearr le cur, agus bhus líonmhaire an bhliadhain sin dar gcionn; agus an grán is measa thaisbeánas é féin, agus is críne fhásfas ar an lá céadna, is é bhus lugha toraidh an bhliadhain sin.
Críoch
Document details
The TEI Header
File description
Title statement
Title (uniform): An Irish Corpus Astronomiae, being Manus O'Donnell's seventeenth century version of the Lunario of Geronymo Cortès
Editor: F. W. O'Connell and R. M. Henry
Responsibility statement
Electronic edition (based on a file donated by Foclóir na Nua-Ghaeilge) compiled by: Beatrix Färber
Funded by: University College, Cork, School of History
Edition statement
2. Second draft, with added encoding.
Extent: 29400 words
Publication statement
Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork
Address: College Road, Cork, Ireland — http://www.ucc.ie/celt
Date: 2016
Date: 2018
Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.
CELT document ID: G600031
Availability: Available under a Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa).
Notes statement
This Irish version of Geronymo Cortès' Lunario combines matters astronomical with subject matter regarded as astrological today. The text was first published in electronic form on http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx. CELT is grateful for permission to use it under a Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike.
Source description
MS source for the Irish translation
- Belfast, Belfast Museum, Gaelic Ms. XLII. The National Library of Ireland holds a microfilm copy (n. 22, p.403).
Printed source for Latin base text (Lunario)
- Gerónimo Cortès, Lunario nueuo, perpetuo, y general, y Pronostico de los tiempos, vniuersal (...) todo reuisto y añadido en esta tercera impression por el mismo autor Geronimo Cortes (Madrid 1598). (First published Valencia 1594, with numerous later editions, for details see: http://www.mcnbiografias.com/app-bio/do/show?key=cortes-jeronimo s.v. Cortés, Jerónimo.)
- Further works by Gerónimo Cortès are available online at the Biblioteca Valenciana Digital: see http://bivaldi.gva.es/consulta/resultados_navegacion.cmd?busq_autoridadesbib=BVDA20080014889.
The edition used in the digital edition
O’Connell, F. W. and R. M. Henry, eds. (1915). An Irish Corpus Astronomiae, being Manus O’Donnell’s seventeenth century version of the Lunario of Geronymo Cortès. 1st ed. xxxvii + 252 pp (iii Preface, v–xxviii Introduction, xxix–xxxvi Contents/Clár na h-Oibre, xxxvii Errata and Corrigenda, 2–209 text and English translation, 211–220 notes on the Irish text, 221–246 notes, 247–249 Glossary of astrological terms, 250–252 Glossary). London: David Nutt.
You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:
@book{G600031, title = {An Irish Corpus Astronomiae, being Manus O'Donnell's seventeenth century version of the Lunario of Geronymo Cortès}, editor = {F. W. O'Connell and R. M. Henry}, edition = {1}, note = {xxxvii + 252 pp (iii Preface, v–xxviii Introduction, xxix–xxxvi Contents/Clár na h-Oibre, xxxvii Errata and Corrigenda, 2–209 text and English translation, 211–220 notes on the Irish text, 221–246 notes, 247–249 Glossary of astrological terms, 250–252 Glossary).}, publisher = {David Nutt}, address = {London }, date = {1915} }
Encoding description
Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling declarations
The electronic text represents even pages 2–208; the tables and illustrations on pp. 22, 23, 26, 98, 102, 116, 166, 170-180, 184, 190, 194 have not been reproduced. The text is available at www. archive.org, inclusive of the tables/illustrations.
Editorial declarations
Correction: Text has been checked and proofread once at CELT.
Normalization: The electronic text represents the edited text.
Quotation: The few quotations are rendered q.
Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. Words containing a hard or soft hyphen crossing a page-break have been placed on the line on which they start.
Segmentation: div0=the astrological tract. The div1 represents the chapter; div2=the section; paragraphs are marked; page-breaks are markedpb n="".
Standard values: Dates are not tagged.
Reference declaration
A canonical reference to a location in this text should be made using “Caibidil”, eg Caibidil 1.
Profile description
Creation: Translation by Maghnus Ó Domhnaill (Manus O'Donnell)
Date: 1694
Language usage
- The text is in Early Modern Irish. (ga)
- Some words and phrases are in Latin. (la)
- One word is in English. (en)
Keywords: astronomical; astrological; prose; didactic; scholarship; translation
Revision description
(Most recent first)
- 2019-06-05: Changes made to div0 type. (ed. Beatrix Färber)
- 2018-01-16: More content encoding applied to Latin phrases, titles, astronomical, zodiacal and medical terms; TEI header modified, file parsed and validated. (ed. Beatrix Färber)
- 2016-05-11: Editorial corrections integrated; more content encoding applied; file parsed and validated; HTML file of Irish text created. (ed. Beatrix Färber)
- 2016-05: Proofing of Irish text; structural encoding brought into line with CELT practice; light content encoding applied. (ed. Beatrix Färber)
- 2016-05: Text with basic XML encoding and integrated addenda and corrigenda donated. (ed. Foclóir na Nua-Ghaeilge, Royal Irish Academy, Dublin)
- 2016-03-23: Provisional header constructed. (ed. Beatrix Färber)
- 2016-03: Text scanned in. (Text capture Beatrix Färber)