CELT document G950004-029

Na Bóithre

Pádraic H. Pearse

Whole text

 p.66

Na Bóithre

Beidh cuimhne i Ros na gCaorach go héag ar an oíche thug Fear Bhaile Átha Cliath an fhleadh dúinn i dteach scoile an Turlaigh Bhig. Ní raibh d'ainm ná de shloinneadh againn ar an bhfear céanna riamh ach “Fear Bhaile Átha Cliath”. Sé adeireadh Peaitín Pháraic linn gurbh fhear scríofa páipéir nuachta é.

Do léadh Peaitín an páipéar Gaeilge a thagadh go dtí an mháistreás gach seachtain, agus is beag ní nach raibh ar eolas aige, mar bhíodh cur-síos ar an bpáipéar sin ar imeachtaibh an Domhan Thiar agus ar imeachtaibh an Domhan Thoir, agus ní bhíodh teora leis an méid feasa a bhíodh ag Peaitín le tabhairt dúinn gach Domhnach ag geata an tséipéil.

Deireadh sé linn go raibh an-chuimse airgid ag Fear Bhaile Átha Cliath, mar go raibh dhá chéad punt sa mbliain ag dul dó as ucht an páipéar sin do scríobhadh gach uile seachtain.

Thugadh Fear Bhaile Átha Cliath cuairt coicís nó míosa ar an Turlach gach bliain. An bhliain áirithe seo chuir sé gairm scoile amach ag glaoch bocht agus nocht chun fleidhe agus féasta a bí sé a chomóradh dhúinn i dteach na scoile.

D'fhógair sé go mbeadh ceol agus damhsa agus óráideacha Gaeilge ann; go mbeadh píobaire  p.67 ann ón gCeathrúin Ruaidh; go mbeadh Brighid Ní Mhainnín ann chun Contae Mhuigheo do thabhairt uaithi; go n-inseodh Máirtín Iascaire scéal fiannaíochta; go n-aithriseodh sean-Úna Ní Ghriallghais dán muna mbeadh piachán ar an gcréatúir; agus go ndéanfadh Marcaisín Mhichíl Ruaidh dreas damhsa muna mbeadh na scoilteacha go ró-dhona air.

Níorbh eol d'éinne na scoilteacha a bheith ar Mharcaisín riamh ach nuair do hiarrtaí air damhsa do dhéanamh.

Bedam but tá mé marbh ag na scoilteacha le seachtain,” adeireadh sé i gcónaí nuair do luafaí damhsa.

Ach ní túisce a thosnaíodh an píobaire ar Tatther Jack Walsh ná do chaitheadh Marcaisín a cháibín san aer. “Hup!” adeireadh sé, agus do fágtaí an t-urlár faoi.

Do bhí comhluadar Chóil Labhráis ag ól tae tráthnóna na fleidhe.

“An rachaimid chuig teach na scoile anocht, a dheaide?” arsa Cuimín Chóil lena athair.
“Gabhfaidh. Dúirt an tAthair Rónán go mba mhaith leis an pobal uilig a dhul ann.”
“Nach againn bheas an spraoi!” arsa Cuimín.
“Fanfaidh tusa sa mbaile, a Nóra,” adeir an mháthair, “le aire a thabhairt don pháiste.”
Do chuir Nóra pus uirthi féin ach níor labhair sí.

Tar éis tae chuaigh Cól agus a bhean siar sa seomra le hiad féin do ghléasadh chun bóthair.
“Mo léan nach gasúr fir a rinne Dia dhíom,” adeir Nóra lena deartháir.  p.68 “Maise, tuige?” arsa Cuimín.
“'Chuile tuige níos fearr ná a chéile,” arsa Nóra. Leis sin thug sí bosóg bheag don leanbh a bhí idir bheith ina chodladh is ina dhúiseacht sa gcliabhán. Do chuir an leanbh béic as.

“Ara, éist leis an bpáiste,” arsa Cuimín. “Má chloiseann mo mháthair ag béicíl é, bainfidh sí an chluas díot.”
“Is cuma liom má bhaineann sí an dá chluais díom,” arsa Nóra.
“Céard tá ort?” do bhí Cuimín ghá ní féin agus do stad sé agus d'amharc anonn thar ghualainn ar a dheirfír, agus an t-uisce ag sileadh lena éadan.
“Tuirseach de bheith i mo asailín ag mo mháthair agus ag 'chuile duine atáim,” arsa Nóra. “ag obair ó mhaidin go hoíche dhom agus sibh-se ar bhur suaimhneas. Sibh-se ag dul ag an spraoi anocht, agus mise i mo shuí anseo i mo bhanaltra don pháiste seo. “Fanfaidh tusa sa mbaile, a Nóra, le aire a thabhairt don pháiste,” adeir mo mháthair. Sin í an chaoi i gcónaí. Is trua nach gasúr fir a rinne Dia dhíom.”
Do bhí Cuimín ag tirimiú a éadain fán am sin, agus “s-s-s-s-s” ar bun aige ar nós duine a bheadh ag deasú capaill.
“Is trua, 'd eile,” ar seisean, nuair d'fhéad sé labhairt.

Do chaith sé uaidh an tuáille, do chuir a cheann ar leataoibh, agus d'fhéach go sásta air féin sa scáthán a bí ar crochadh ar an mballa.

“Scoilt a dhéanamh i mo chuid gruaige anois,” ar seisean, “agus beidh mé ar fheabhas.”  p.69 “Bhfuil tú réidh, a Chuimín?” adeir a athair ag teacht aniar as an seomra.
“Táim.”
“Beimid ag bogadh linn.”
Tháinig an mháthair aniar.
“Má bhíonn sé siúd ag caoineachán, a Nóra,” ar sise, “tabhair deoch bhainne dhó as an mbuidéal.”

Ní dúirt Nóra focal. D'fhan sí ina suí ar an suístín in aice an chliabháin agus a smig leagtha ar a dhá láimh, agus a dhá huillinn leagtha ar a glúnaibh. Chuala sí a hathair agus a máthair agus Cuimín ag dul amach an doras agus trasna na sráide; d'aithin sí ar a nglórthaibh go rabhdar ag dul síos an bóithrín. Chuaigh na  p.70 glórtha in éag agus thuig sí go rabhdar tar éis an bóthar a thabhairt orthu féin.

Do ghabh Nóra ag cumadh pictiúirí bréige ina haigne. Chonaic sí, dar léi, an bóthar breá réidh agus é geal fá sholas gealaí. Bhí na daoine ina mion-scataíbh ag déanamh ar teach na scoile. Bhí muintir Ros na gCaorach ag teacht amach an bóthar, agus muintir Ghairbhtheanaí ag triall thart le teach na máistreása, agus muintir Chill Bhriocáin ag bailiú aníos an Cnocán, agus muintir an Turlaigh Bhig cruinnithe cheana.

Bhí dream ón Turlach agus corr-scata ó Ghleann Chatha, agus duine nó beirt as Inbhear, ag teacht isteach an bóthar.

Do samhlaíodh di go raibh a muintir féin ag geata na scoile anois. Bhíodar ag dul suas an casán. Bhíodar ag beannú isteach an doras. Bhí teach na scoile beagnach lán, agus gan deireadh le teacht na ndaoine fós. Bhí lampaí crochta ar na ballaíbh agus an teach chom geal is a bheadh i lár an lae.

Bhí an tAthair Rónán ansin agus é ag dul ó dhuine go duine agus ag cur fáilte roimh gach éinne. Bhí Fear Bhaile Átha Cliath ann agus é go lách mar ba dhual dó. Bhí an mháistreás ann, agus máistir agus máistreás an Ghoirt Mhóir, agus Bean na Lásaí. Bhí gearrchailí na scoile ina suí le chéile ar na suíochánaibh tosaigh. Nach rabhdar le amhrán a rá?

Chonaic sí, dar léi, Máire Sheáin Mhóir, agus Máire Pheaitín Johnny, agus Baibín Chóil Mharcais, agus Brighid an Bhádóra agus a  p.71 cloigeann rua uirthi, agus Brighid Cháitín Ní Fhiannachta, agus a béal oscailte aici mar ba ghnáthach léi.

Bhí na gearrchailí ag féachaint thart agus ag tabhairt uilleann dá chéile agus ag fiafraí dá chéile cá raibh Nóra Cóil Labhráis.

Bhí teach na scoile lán go doras anois. Bhí an tAthair Rónán ag bualadh a dhá bhos le chéile. Bhítheas ag stad den chaint agus den chogarnach. Bhí an tAthair Rónán ag labhairt leo. Bhí sé ag labhairt go greannmhar. Bhí gach éinne ag gáirí. Bhí sé ag glaoch ar ghearrchailíbh na scoile chun an amhráin a thabhairt uathu. Bhíodar siúd ag éirí ina seasamh agus ag siúl go dtí ceann an tseomra agus ag umhlú don phobal.

“Mo léan gan mé ann,” arsa Nóra bhocht léi féin, agus do leag a héadan ar a bosaibh agus do thosnaigh ag gol.

Do stad sí den ghol go hobann. Do chroch a ceann agus do chimil bos dá súilibh.
Ní raibh sé ceart, ar sise ina haigne féin. Ní raibh sé ceart, cóir, ná feiliúnach. Cad chuige ar coinníodh sa mbaile í? Cad chuige a gcoinnítí sa mbaile i gcónaí í? Dá mba gasúr fir í do ligfí amach í. Ó nach raibh inti ach gasúr mná do coinnítí sa mbaile í.

Ní raibh inti, mar adúirt sí le Cuimín an tráthnóna sin, ach asailín beag gearrchaile. Ní chuirfeadh sí suas leis a thuilleadh. Bheadh cead a cinn aici. Bheadh sí chomh saor le gasúr fir ar bith dá dtáinig nó dá dtiocfadh. Ba mhinic roimhe sin a chuimhnigh sí an gníomh. Dhéanfadh sí an gníomh úd anocht.

 p.72

Ba mhinic do shíl Nóra go mba bhreá an saol bheith ag imeacht roimpi ina seabhac siúil gan beann aici ar dhuine ar bith—bóithre na hÉireann roimpi agus a haghaidh orthu; cúl a cinn leis an mbaile agus le cruatan agus le crostacht a muintire; í ag siúl ó bhaile go baile agus ó ghleann go gleann. An bóthar breá réidh roimpi, glasra ar gach taoibh de, tithe beaga cluthara ar sleasaibh na gcnocán.

Dá n-éiríodh sí tuirseach d'fhéadfadh sí síneadh siar cois chlaí, nó d'fhéadfadh sí dul isteach i dteach éigin agus deoch bhainne agus suí chois tine d'iarraidh ar mhnaoi an tí. D'fhéadfadh sí codladh na hoíche do dhéanamh i gcoill éigin fá scáth crann, agus éirí i moch na maidne, agus síneadh roimpi arís fán aer úr-aoibhinn.

Dá dteastaíodh bia uaithi (agus is dócha go dteastódh) dhéanfadh sí obair lae anseo agus obair lae ansiúd, agus bheadh sí lán-tsásta dá bhfaigheadh sí cupán tae agus blúire aráin i ndíolaíocht a hoibre. Nár bhreá an saol é sin seachas bheith ina hasailín beag gearrchaile sa mbaile ag beathú na gcearc agus ag tabhairt aire don naíonán!

Ní ina cailín d'imeodh sí roimpi ach ina malrach. Ní bheadh a fhios ag duine ar bith nach malrach a bheadh inti. Nuair a ghearrfadh sí a cuid gruaige, agus culaith bháiníní le Cuimín a chur uirthi féin, cé d'aithneodh gun gearrchaile í?

Ba mhinic a cheap Nóra an chomhairle sin di féin, ach níor lig an faitíos riamh di a chur i ngníomh. Ní raibh fáil cheart aici riamh air.  p.73 Bhíodh a máthair sa teach i gcónaí agus ní túisce a bheadh sí imithe ná do haireofaí ar iarraidh í.

Ach bhí fáil aici anois air. Ní bheadh éinne acu thar ais sa teach go ceann uaire a' chloig ar a laghad. Bheadh neart ama aici chum a cuid éadaigh d'athrú agus imeacht i gan fhios don tsaol. Ní chasfaí éinne uirthi ar an mbóthar ó bhí an pobal uile cruinnithe i dteach na scoile. Bheadh am aici dul chomh fada le hEileabhrach anocht agus codladh do dhéanamh sa gcoill. D'éireodh sí go moch maidin lá arna mhárach agus bhuailfeadh bóthar sar a mbeadh éinne ina shuí.

Do phreab sí den suístín. Bhí siosúr i ndrár an drisiúir. Níorbh fhada go raibh sí i ngreim sa siosúr agus—snip sneap!—do ghearr sí dhi a cúl gruaige, agus an ghlib a bhí ar a malainn, agus gach dual fáinneach dá raibh uirthi, in aon ionsaí amháin.

Dhearc sí uirthi féin sa scáthán. A iníon ó! nach maol lom d'fhéach sí! Bhailigh sí na fáinní gruaige den urlár agus do chuir i bhfolach i sean-bhosca iad. Anonn léi ansin go dtí an áit a raibh culaith ghlan báiníní le Cuimín ar crochadh ar thairne. Síos léi ar a glúnaibh ag cuardach léine le Cuimín a bí i ndrár íochtair an drisiúir. Chaith sí an méid sin éadaigh ar an urlár in aice na tine.

Seo anois í ag baint di a cuid éadaigh féin go deifreach. Chaith sí a gúna agus a cóitín beag agus a léine isteach i gcomhrainn a bhí fán mbord. Chuir sí léine Cuimín uirthi féin. Sháigh sí a cosa isteach sa mbríste agus do tharraing  p.74 aníos uirthi féin é. Chuimhnigh sí ansin nach raibh gealas ná crios aici. B'éigean di crios a dhéanamh as sean-phíosa córda. Chuir sí an chasóg uirthi féin.

D'fhéach sí sa scáthán agus gheit sí. Is amhlaidh a shíl sí go raibh Cuimín os a comhair! D'fhéach sí thar a gualainn ach ní fhaca sí éinne. Is ansin chuimhnigh sí gurbh í féin a bhí ag féachaint uirthi féin agus rinne sí gáire. Ach má rinne féin bhí sí beagán scanraithe. Dá mbeadh caipín aici anois bhí sí réidh chun bóthair. Sea, bhí a fhios aici cá raibh sean-chaipín le Cuimín. Fuair sí é agus chuir sí ar a ceann é. Slán beo anois leis an sean-tsaol agus céad fáilte roimh an saol nua!

Nuair a bí sí ag an doras d'iontaigh sí ar ais agus do théalaigh anonn go dtí an cliabhán. Bhí an leanbh ina shámh-chodladh. Chrom sí agus thug póg don naíonán, póigín beag éadrom isteach ar a mhalainn.

Théalaigh sí ar barraíbh a cos go dtí an doras, d'oscail go ciúin é, do chuaigh amach ar an tsráid, agus do dhún an doras go socair ina  p.75 diaidh. Trasna na sráide léi, agus síos an bóithrín. Ba ghairid go dtug sí an bóthar uirthi féin. Do lasc léi ansin fá dhéin an Turlaigh Bhig.

Ba ghairid go bhfaca sí teach ná scoite ar thaoibh an bhóthair. Bhí solas breá ag scalladh trí na fuinneogaibh. Chuala sí torann mar bheifí ag gáirí agus ag bualadh bos istigh. Anonn thar claí léi agus suas casán na scoile. Chuaigh sí thart go tóin an tí. Bhí na fuinneoga ard go maith ach d'éirigh léi í féin d'ardú suas go raibh radharc aici ar a raibh ar siúl taobh istigh.

Bhí an tAthair Rónán ag labhairt. Stad sé, agus a thiarna! thosnaigh na daoine ag éirí ina seasamh. Ba léir go raibh an siamsa thart agus go rabhthas chun scarúna le dul abhaile. Céard do dhéanfadh sí dá bhfeictí í?

Do chaith sí léim ón bhfuinneoig. Sciorr a cos uaithi ag teacht anuas ar an talamh di agus baineadh leagan aisti. Is beag nár scread sí os ard, ach chuimhnigh sí uirthi féin in am. Do bhí a glún beagán gortaithe shíl sí.

Bhí na daoine amach ar shráid na scoile anois. Chaithfeadh sí fanacht i bhfolach go mbeidís ar fad imithe. Dhruid sí isteach leis an mballa chomh dlúth agus d'fhéad sí. Chuala sí na daoine ag caint agus ag gáirí, agus d'aithin sí go rabhadar ag scaipeadh i ndiaidh a chéile.

Céard é sin? Glórtha daoine ag teacht chuici; fuaim coiscéim ar an gcasán ina haice! Is ansin a chuimhnigh sí go raibh aithghiorra thart le cúl an tí agus go mbeadh roinn daoine ag dul an t-aithghiorra. B'fhéidir go mbeadh a  p.76 muintir féin ag dul an bealach sin, mar bhí sé beagán níos giorra ná thart le bóthar.

Tháinig scata beag cuici: d'aithnigh sí ar a nglórthaibh gurbh iad muintir Pheaitín Johnny iad. Chuadar thart. Scata beag eile: muintir an Bhádóra. Thángadar chomh gar sin di gur shatail Éamonn ar a coisín bocht nochtaithe. Is beag nár lig sí scread aisti an dara huair, ach ní dhearna ach í féin do bhrú níos gaire don bhalla.

Do bhí scata eile ag teacht i leith: a Dhia mhóir, a muintir féin! Bhí Cuimín ag rá “Nárbh iontach an spórt Marcaisín ag damhsa!”

Chuimil gúna a máthar le leacain Nóra ag dul thart dóibh: níor tharraing sí a hanál ar feadh an ama sin.

Do chuaigh dream nó dhó eile thart. D'éist sí ar feadh tamaill. Ní raibh éinne eile ag teacht. Is amhlaidh a bhíodar ar fad imithe, adúirt sí léi féin. Amach léi as a hionad folaigh agus do lasc léi thart an casán.

Plump! Rith sí in aghaidh duine éigin. Bhí dhá láimh mhóra timpeall uirthi. Chuala sí glór fir. D'aithnigh sí an glór. An sagart a bhí ann!

“Cé tá agam?” adeir an tAthair Rónán. D'innis sí bréag. Céard eile a bhí lena insint aici?
“Cuimín Cóil Labhráis, a Athair,” ar sise.

Do leag sé lámh ar gach gualainn léi agus d'fhéach anuas uirthi. Bhí an ceann cromtha aici.
“Shíl mé gur imigh tú abhaile le do athair agus le do mháthair,” ar seisean.  p.77 “D'imigh, a athair, ach chaill mé mo chaipín agus tháinig mé ar ais dhá iarraidh.”
“Nach bhfuil do chaipín ort?”
“Fuair mé ar an gcasán é.”
“Nach bhfuil d'athair agus do mháthair imithe an t-aithghiorra?”
“Tá, a Athair, ach tá mise ag dul an bóthar ionas go mbeidh mé leis na gasúir eile.”
“Gread leat mar sin, nó béarfaidh na taibhsí ort.” Leis sin do lig an tAthair Rónán uaidh í.
“Go dtuga Dia oíche mhaith dhuit, a Athair,” ar sise. Níor chuimhnigh sí ar a caipín a bhaint di ach is amhlaidh d'umhlaigh sí don tsagart ar nós cailín! Má thug an sagart an méid sin fá deara ní raibh am aige focal do rá, mar bhí sí imithe ar iompó do bhoise.

Bhí a dhá grua ar dearg-lasadh le náire agus í ag tabhairt aighthe ar an mbóthar. Bhí sí tar éis ceithre bréaga móra a dhéanamh leis an sagart! Dob eagal léi gur peacadh uafásach ar a hanam na bréaga sin. Bhí faitíos uirthi ag dul an bóthar uaigneach úd fá dhorchadas na hoíche agus an t-ualach mór sin ar a croí.

Bhí an oíche an-dubh. Bhí gealadh beag ar thaoibh a láimhe deise. Lochán an Turlaigh Bhig a bhí ann. D'éirigh éan éigin, crothach nó naoscach, de bhruach an locha agus do lig scread bhrónach as. Do baineadh geit as Nóra nuair a chuala sí glór an éin chomh hobann sin agus siabhrán a sciathán.

Do lean uirthi agus a croí ag bualadh in aghaidh a huchta. D'fhág sí an Turlach Beag ina  p.78 diaidh agus thug aghaidh ar an mbóthar fada díreach a théas go cros-bhóthar Chill Bhriocáin.

Is ar éigean d'aithnigh sí cuma na dtithe ar an ardán nuair a shroich sí an cros-bhóthar. Bhí solas i dteach Pheadair Uí Neachtain, agus chuala sí glórtha ó thaoibh Snámh Bó.

Do lean uirthi ag tarraing ar an Turlach. Nuair a shroich sí Cnocán na Móna tháinig an ghealach amach, agus chonaic sí uaithi mothar na gcnoc.

Tháinig scamall mór trasna ar aghaidh na gealaí agus chonacthas di gur dhuibhe fá dhó a bhí an oíche anois. Do ghabh imeagla í, óir chuimhnigh sí nach raibh Cnoc an Leachta i bhfad uaithi, agus go mbeadh an reilig ar thaoibh a láimhe deise ansin. Is minic a chuala sí gur dhroch-áit é sin i lár oíche.

Do ghéaraigh sí ar a himeacht; thosnaigh sí ag rith. Do chonacthas di go rabhthas ar a tóir; go raibh bean cnos-nochtaithe ag satailt beagnach ar a sálaibh; go raibh fear caol dubh ag gluaiseacht lena taoibh; go raibh páiste agus léine bhán air ag imeacht an bóthar roimpi.

D'oscail sí a béal le scread do ligean aisti, ach ní tháinig aon ghlór uaithi. Bhí fuar-allas léi. Bhí a cosa ag lúbadh fúithi. Is beag nár thit sí ina cnap ar an mbóthar.

Bhí sí ag Cnoc an Leachta anois. Chonacthas di go raibh Cill Eoin lán de thaibhsíbh. Chuimhnigh sí ar an bhfocal a dúirt an sagart. “Fainic an mbéarfadh na taibhsí ort.” Bhíothas chuici! Chuala sí, dar léi, plub plab cosnochtaithe ar an mbóthar.

 p.79

D'iontaigh sí ar thaoibh a láimhe clé agus chaith sí léim thar claí. Is beag nach ndeachaigh sí dá báthadh i dtóin-ar-bhogadh a bhí i gan fhios di idir í féin agus an choill. Chas sí a cos ag iarraidh í féin a shábháil, agus mhothaigh sí pian. Ar aghaidh léi go fuadrach. Bhí sí ar thaltaibh Eileabhrach anois. Chonaic sí lóchrann an locha tríd an gcraobhaigh. Bhain préamh chrainn tuisle aisti, agus leagadh í. Chaill sí a mothú.

Tar éis tamaill an-fhada do samhlaíodh di gur líonadh an áit de chineál leath-sholais, solas a bhí idir solas gréine agus solas gealaí. Chonaic sí go han-tsoiléir buin na gcrann agus iad dorcha in aghaidh spéire buí-uaithne. Ní fhaca sí spéir ar an dath sin riamh roimhe, agus dob álainn léi í. Chuala sí an choiscéim, agus thuig sí go raibh duine éigin ag teacht chuici aníos ón loch. Bhí a fhios aici ar mhodh éigin go raibh míorúilt ábhal-mhór ar tí a taispeána di agus go raibh páis uafásach éigin le fulaing ansin ag Duine éigin.

Níorbh fhada di ag fanúint go bhfaca sí Mac Óg ag triall go tuirseach trí aimhréidhe na coille. Bhí a cheann cromtha aige agus cuma mór-bhróin Air. D'aithnigh Nóra é. Dob é Mac Muire a bhí ann, agus bhí a fhios ag Nóra go raibh sé ag triall ina aonar chun a pháise.

Do chaith an Mac é féin ar a ghlúnaibh agus do ghabh ag guidhe. Ní chuala Nóra aon fhocal Uaidh, ach thuig sí ina croí cad a bhí Sé a rá. Bhí sé ag a iarraidh ar A Athair síorraí duine a chur Chuige a sheasfadh lenA thaoibh i láthair  p.80 A namhad agus d'iompródh leath A ualaigh. Ba mhian le Nóra éirí agus dul Chuige, ach níor fhéad sí corraí as an áit ina raibh sí.

Do chuala sí gleo, agus do líonadh an áit de lucht airm. Chonaic sí aighthe dorcha diabhlaí, agus laí lann, agus airm faobhair. Rugadh go naimhdeach ar an Mac mánla agus do stracadh A chuid éadaigh de agus do gabhadh de sciúirsíbh ann go raibh A cholann ina cosair chró agus ina bith-ghoin ó mhalainn go bonn troighe. Do cuireadh coróin spíonta ar A mhullach mhodhúil ansin agus do leagadh croch ar A ghuaillibh agus d'imigh roimhe go troigh-mhall truánta bealach brónach a thurais chun Calbhairí.

Bhris an slabhra a bhí ag ceangal teangan agus ball Nóra go dtí sin agus scread sí os ard.
“Lig dom dul leat, a Íosa, agus an chroch d'iompar duit!” ar sise.

Mhothaigh sí lámh ar a gualainn. D'fhéach sí suas. Chonaic sí éadan a hathar.
“Céard atá ar mo chailín beag, nó tuige ar imigh sí uainn?” arsa guth a hathar.

Thóg sé ina bhaclainn í agus thug abhaile í. Luigh sí ar a leaba go ceann míosa nia dhiaidh sin. Bhí sí ag rámhailleacht leath an ama sin.

Shíl sí ar uairibh go raibh sí ag siúl na mbóthar ina cadhan aonraic, agus ag iarraidh eolais an bhealaigh ar dhaoinibh, agus shíl sí ar uairibh eile go raibh sí ina luí fán gcrann istigh in Eileabhrach agus go raibh sí ag féachaint arís ar pháis an  p.81 Mhic mhánla agus í ag iarraidh teacht do chúnamh Air ach gan é ar a cumas.

D'imigh an mearbhall sin as a haigne i ndiaidh a chéile agus thuig sí sa deireadh go raibh sí sa mbaile arís. Agus nuair d'aithnigh sí éadan a máthar do líonadh a croí de shólás, agus d'iarr sí uirthi an naíonán a chur isteach sa leaba chuici, agus nuair do cuireadh isteach sa leaba é phóg sí go dil é.

“A Mhaimín,” ar sise, “shíl mé nach bhfeicfinn tusa ná m'athair ná Cuimín ná an páiste arís go brách. An raibh sibh anseo ar feadh na haimsire?”
“Bhí, a uain ghil,” adeir a máthair.
“Fanfaidh mé san áit a bhfuil sibh-se,” ar sise. “a Mhaimín chroí, bhí na bóithre an-dorcha. … Agus ní bhuailfidh mé go deo arís thú” ar sise leis an leanbh agus í ag tabhairt póigín eile dhó.

Do chuir an leanbh a lámh timpeall a muiníl agus rinne sí lúb di féin ar an leaba ar a lán-tsástacht.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Na Bóithre

Author: Pádraic H. Pearse

Responsibility statement

Donated to CELT by: Alan Mac an Bhaird

Electronic edition compiled by: Beatrix Färber

Funded by: University College, Cork

Edition statement

1. First draft, revised and corrected.

Responsibility statement

Proof corrections by: Alan Mac an Bhaird

Extent: 5650 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland.

Date: 2010

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G950004-029

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Notes statement

The English translation is available in a separate file, E950004-029.

Source description

Select editions

  1. P.H. Pearse, An sgoil: a direct method course in Irish (Dublin: Maunsel, 1913).
  2. P.H. Pearse, How does she stand?: three addresses (The Bodenstown series no. 1) (Dublin: Irish Freedom Press, 1915).
  3. P.H. Pearse, From a hermitage (The Bodenstown series no. 2)(Dublin: Irish Freedom Press, 1915).
  4. P.H. Pearse, The murder machine (The Bodenstown series no. 3) (Dublin: Whelan, 1916). Repr. U.C.C.: Department of Education, 1959.
  5. P.H. Pearse, Ghosts (Tracts for the Times) (Dublin: Whelan, 1916.
  6. P.H. Pearse, The Spiritual Nation (Tracts for the Times) (Dublin: Whelan, 1916.
  7. P.H. Pearse, The Sovereign People (Tracts for the Times) (Dublin: Whelan, 1916.
  8. P.H. Pearse, The Separatist Idea (Tracts for the Times) (Dublin: Whelan, 1916.
  9. Pádraic Colum, E.J. Harrington O'Brien (ed), Poems of the Irish revolutionary brotherhood, Thomas MacDonagh, P.H. Pearse (Pádraic MacPiarais), Joseph Mary Plunkett, Sir Roger Casement. (New and enl. ed.) (Boston: Small, Maynard & Company, 1916). First edition, July, 1916; second edition, enlarged, September, 1916.
  10. Michael Henry Gaffney, The stories of Pádraic Pearse (Dublin [etc.]: The Talbot Press Ltd. 1935). Contains ten plays by M.H. Gaffney based upon stories by Pádraic Pearse, and three plays by Pádraic Pearse edited by M.H. Gaffney.
  11. Proinsias Mac Aonghusa, Liam Ó Reagain (ed), The best of Pearse (1967).
  12. Seamus Ó Buachalla (ed), The literary writings of Patrick Pearse: writings in English (Dublin: Mercier, 1979).
  13. Seamus Ó Buachalla, A significant Irish educationalist: the educational writings of P.H. Pearse (Dublin: Mercier, 1980).
  14. Seamus Ó Buachalla (ed), The letters of P. H. Pearse (Gerrards Cross, Bucks.: Smythe, 1980).
  15. Pádraic Mac Piarais (ed), Bodach an chóta lachtna (Baile Átha Cliath: Chonnradh na Gaedhilge, 1906).
  16. Pádraic Mac Piarais, Bruidhean chaorthainn: sgéal Fiannaídheachta (Baile Átha Cliath: Chonnradh na Gaedhilge, 1912).
  17. Pádraic Pearse, Collected works of Pádraic H. Pearse (Dublin: Phoenix Publishing Co.? 1910 1919). 4 vols. v. 1. Political writings and speeches.—v. 2. Plays, stories, poems.—v. 3. Songs of the Irish rebels and specimens from an Irish anthology. Some aspects of Irish literature. Three lectures on Gaelic topics.—v. 4. The story of a success, edited by Desmond Ryan, and The man called Pearse, by Desmond Ryan.
  18. Pádraic Pearse, Collected works of Pádraic H. Pearse (Dublin; Belfast: Phoenix,? 1916 1917). 5 vols. [v. 1] Plays, stories, poems.—[v. 2.] Political writings and speeches.—[v. 3] Story of a success. Man called Pearse.—[v. 4] Songs of the Irish rebels. Specimens from an Irish anthology. Some aspects of irish literature.—[v. 5] Scrivinni.
  19. Pádraic Pearse, Collected works of Pádraic H. Pearse … (New York: Frederick A. Stokes Company 1917). 3rd ed. Translated by Joseph Campbell, introduction by Patrick Browne.
  20. Pádraic Pearse, Collected works of Pádraic H. Pearse. 6th ed. (Dublin: Phoenix, 1924 1917) v. 1. Political writings and speeches — v. 2. Plays, stories, poems.
  21. Pádraic Pearse, Collected works of Pádraic H. Pearse (Dublin: Phoenix Pub. Co., 1924). 5 vols. [v. 1] Songs of the Irish rebels and specimens from an Irish anthology. Some aspects of Irish literature. Three lectures on Gaelic topics. — [v. 2] Plays, stories, poems. — [v. 3] Scríbinní. — [v. 4] The story of a success [being a record of St. Enda's College] The man called Pearse / by Desmond Ryan. — [v. 5] Political writings and speeches.
  22. Pádraic Pearse, Short stories of Pádraic Pearse (Cork: Mercier Press, 1968 1976 1989). (Iosagan, Eoineen of the birds, The roads, The black chafer, The keening woman).
  23. Pádraic Pearse, Political writing and speeches (Irish prose writings, 20) (Tokyo: Hon-no-tomosha, 1992). Originally published: Dublin: Maunsel & Roberts, 1922.
  24. Pádraic Pearse, Political writings and speeches (Collected works of Pádraic H. Pearse) (Dublin and London: Maunsel & Roberts Ltd., 1922).
  25. Pádraic Pearse, Political writings and Speeches (Collected works of Pádraic H. Pearse) (Dublin: Phoenix 1916). 6th ed. (Dublin [etc.]: Phoenix, 1924).
  26. Pádraic Pearse, Plays Stories Poems (Collected works of Pádraic H. Pearse) (Dublin, London: Maunsel & Company Ltd., 1917). 5th ed. 1922. Also pubd. by Talbot Press, Dublin, 1917, repr. 1966. Repr. New York: AMS Press, 1978.
  27. Pádraic Pearse, Filíocht Ghaeilge Pádraig Mhic Phiarais (Áth Cliath: Clóchomhar, 1981) Leabhair thaighde; an 35u iml.
  28. Pádraic Pearse, Collected works of Pádraic H. Pearse (New York: Stokes, 1918). Contains The Singer, The King, The Master, Íosagán.
  29. Pádraic Pearse, Songs of the Irish rebels and specimens from an Irish anthology: some aspects of Irish literature: three lectures on Gaelic topics (Collected works of Pádraic H. Pearse) (Dublin: The Phoenix Publishing Co. 1910).
  30. Pádraic Pearse, Songs of the Irish rebels (Collected works of Pádraic H. Pearse) (Dublin: Phoenix Pub. Co., 1917).
  31. Pádraic Pearse, Songs of the Irish rebels, and Specimens from an Irish anthology (Collected works of Pádraic H. Pearse) (Dublin: Maunsel, 1918).
  32. Pádraic Pearse, The story of a success (The complete works of P. H. Pearse) (Dublin: Phoenix Pub. Co., 1917) .
  33. Pádraic Pearse, Scríbinní (The complete works of P. H. Pearse) (Dublin: Phoenix Pub. Co., 1917).
  34. Julius Pokorny, Die Seele Irlands: Novellen und Gedichte aus dem Irisch-Galischen des Patrick Henry Pearse und Anderer zum ersten Male ins Deutsche übertragen (Halle a. S.: Max Niemeyer 1922)
  35. James Simmons, Ten Irish poets: an anthology of poems by George Buchanan, John Hewitt, Pádraic Fiacc, Pearse Hutchinson, James Simmons, Michael Hartnett, Eilean Ní Chuilleanáin, Michael Foley, Frank Ormsby & Tom Mathews (Cheadle: Carcanet Press, 1974).
  36. Cathal Ó hAinle (ed), Gearrscéalta an Phiarsaigh (Dublin: Helicon, 1979).
  37. Ciarán Ó Coigligh (ed), Filíocht Ghaeilge: Phádraig Mhic Phiarais (Baile Átha Cliath: Clóchomhar, 1981).
  38. Pádraig Mac Piarais, et al., Une île et d'autres îles: poèmes gaeliques XXeme siècle (Quimper: Calligrammes, 1984).

Select bibliography

  1. Pádraic Mac Piarais: Pearse from documents (Dublin: Co-ordinating committee for Educational Services, 1979). Facsimile documents. National Library of Ireland. facsimile documents.
  2. Xavier Carty, In bloody protest—the tragedy of Patrick Pearse (Dublin: Able 1978).
  3. Helen Louise Clark, Pádraic Pearse: a Gaelic idealist (1933). (Thesis (M.A.)—Boston College, 1933).
  4. Mary Maguire Colum, St. Enda's School, Rathfarnham, Dublin. Founded by Pádraic H. Pearse. (New York: Save St. Enda's Committee 1917).
  5. Pádraic H. Pearse ([s.l.: s.n., C. F. Connolly) 1920).
  6. Elizabeth Katherine Cussen, Irish motherhood in the drama of William Butler Yeats, John Millington Synge, and Pádraic Pearse: a comparative study. (1934) Thesis (M.A.)—Boston College, 1934.
  7. Ruth Dudley Edwards, Patrick Pearse: the triumph of failure (London: Gollancz, 1977).
  8. Stefan Fodor, Douglas Hyde, Eoin MacNeill, and Pádraic Pearse of the Gaelic League: a study in Irish cultural nationalism and separatism, 1893-1916 (1986). Thesis (M.A.)—Southern Illinois University at Carbondale, 1986.
  9. James Hayes, Patrick H. Pearse, storyteller (Dublin: Talbot, 1920).
  10. John J. Horgan, Parnell to Pearse: some recollections and reflections (Dublin: Browne & Nolan, 1948).
  11. Louis N. Le Roux, La vie de Patrice Pearse (Rennes: Imprimerie Commerciale de Bretagne, 1932). Translated into English by Desmond Ryan (Dublin: Talbot, 1932).
  12. Proinsias Mac Aonghusa, Quotations from P.H. Pearse, (Dublin: Mercier, 1979).
  13. Mary Benecio McCarty (Sister), Pádraic Henry Pearse: an educator in the Gaelic tradition (1939) (Thesis (M.A.)—Marquette University, 1939).
  14. Hedley McCay, Pádraic Pearse; a new biography (Cork: Mercier Press, 1966).
  15. John Bernard Moran, Sacrifice as exemplified by the life and writings of Pádraic Pearse is true to the Christian and Irish ideals; that portrayed in the Irish plays of Sean O'Casey is futile (1939). Submitted to Dept. of English. Thesis (M.A.)—Boston College, 1939.
  16. Sean Farrell Moran, Patrick Pearse and the politics of redemption: the mind of the Easter rising, 1916 (Washington, D.C.: Catholic University of America, 1994).
  17. P.S. O'Hegarty, A bibliography of books written by P. H. Pearse (s.l.: 1931).
  18. Máiread O'Mahony, The political thought of Padraig H. Pearse: pragmatist or idealist (1994). Theses—M.A. (NUI, University College Cork).
  19. Daniel J. O'Neill, The Irish revolution and the cult of the leader: observations on Griffith, Moran, Pearse and Connolly (Boston: Northeastern U.P., 1988).
  20. Mary Brigid Pearse (ed), The home-life of Padraig Pearse as told by himself, his family and friends (Dublin: Browne & Nolan 1934). Repr. Cork, Mercier 1979.
  21. Maureen Quill, Pádraic H. Pearse—his philosophy of Irish education (1996). Theses—M.A. (NUI, University College Cork).
  22. Desmond Ryan, The man called Pearse (Dublin: Maunsel, 1919).
  23. Nicholas Joseph Wells, The meaning of love and patriotism as seen in the plays, poems, and stories of Pádraic Pearse (1931). (Thesis (M.A.)—Boston College, 1931).

The edition used in the digital edition

Pearse, Pádraic (1900). ‘Na Bóithre’. In: Ó Pheann an Phiarsaigh‍. Áth Cliath agus Corcaigh (Dublin and Cork): Comhlucht Oideachais na hÉireann Tta., pp. 66–81.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G950004-029,
  author 	 = {Pádraic Pearse},
  title 	 = {Na Bóithre},
  booktitle 	 = {Ó~Pheann an Phiarsaigh},
  address 	 = {Áth Cliath agus Corcaigh (Dublin and Cork)},
  publisher 	 = {Comhlucht Oideachais na hÉireann Tta.},
  date 	 = {1900},
  pages 	 = {66–81}
}

 G950004-029.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read twice and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text.

Quotation: Direct speech is marked q.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

Profile description

Creation: By Pádraic Henry Pearse (1879-1916).

Date: 1900

Language usage

  • The text is in Irish. (ga)
  • Some words are in English, including gaelicised English. (en)

Keywords: literary; prose; 20c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2010-10-28: XML encoding applied; file proofed (2); file parsed; conversion script run; SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-10-26: File converted to XML; header constructed based on companion file E950004-029. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2009-12-09: Text donated to CELT. (donation Alan Mac an Bháird)
  4. 2009-12: Text captured in RTF format and proofread (1). (data capture/ed. Alan Mac an Bháird)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G950004-029.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top