CELT document G950004-030

Brighid na nAmhrán

Pádraic H. Pearse

Whole text

 p.43

Brighid na nAmhrán

Dob í Brighid na nAmhrán an t-amhránaí ba mhó clú dá raibh i Ros na gCaorach ní hamháin le mo linn-se ach le linn m'athar. Deirtí go meallfadh sí an chéirseach den chraoibh le binneas an cheoil do gheall Dia dhi.

Agus do chreidfinn féin go meallfadh, mar is minic a mheall sí mise agus malraigh nach mé ónár ndinnéar nó ónár suipéar. Do bheinn i mo fhear shaibhir inniu dá mbeadh scilling agam in aghaidh gach uaire do sheasas taobh amuigh dá doras, ar mo bhealach abhaile ón scoil dom, ag éisteacht lena cuid amhrán, agus dúirt m'athair liom gur mion minic do rinne sé féin an cleas céanna nuair a bhí seisean ina stócach ag dul ar scoil.

Do bhí sé mar bhéaloideas i measc na ndaoine gurb ón Reachtúrach féin d'fhoghlaim Brighid Contae Mhuigheo. Agus nach le Contae Mhuigheo do bhain sí na deora móra as súilibh Sheáin Mhic Éil tráth a raibh sé ar cuairt anseo, bliain go díreach sul má rugadh mise?

Ní nach ionadh, nuair a chualamar go raibh Feis le bheith i Muigh Chaorthainn, do shocraíomar go léir inár n-intinn gurb ag Brighid a bheadh an duais ar an amhránaíocht, dá ngabhaidh sí ann.

 p.44

Ní raibh aon duine eile, d'amhránaí fir ná d'amhránaí mná, leath chomh maith léi siúd sna seacht bparáistibh. Níorbh fhéidir go mbuailfí í, dá mbeadh ceart le fáil.

Chuirfeadh sí ionadh ar mhuintir Mhuighe Chaorthainn agus ar na daoinibh uaisle a bheadh ann as Gaillimh agus as Tuaim. Thuillfeadh sí clú agus cáil do Ros na gCaorach. Bhéarfadh sí an duais go réidh agus cuirfí go Baile Átha Cliath í le amhrán do ghabháil ag an Oireachtas.

Bhí sórt leisce ar Bhrighid ar dtús. Bhí sí ró-shean, adúirt sí. Ní raibh a guth chomh maith is a bhíodh. Ní raibh a hanál aici. Bhí cuid de na hamhránaibh ag imeacht as a cuimhne. Níor theastaigh duais uaithi. Nach raibh a fhios ag fearaibh Fáil gurbh í an t-amhránaí dob fhearr in Iar-Chonnachtaibh í? Nár mhol an Reachtúrach í, nach ndearna Colm a Bhailís amhrán ina honóir? Nár bhain sí deora as súilibh Sheáin Mhic Éil?

Dúirt Brighid an méid sin agus a seacht n-oirid eile; ach ba léir san am chéanna go raibh fonn uirthi dul chun na Feise, agus bhí a fhios againn uile go ngabhfadh.

Le scéal gairid do dhéanamh dhe, bhíomar léi nó gur bhaineamar gealladh aisti go rachadh sí ann.

Do chuaigh. Is maith is cuimhneach liom lá na Feise. Bhí an saol Fódhlach ann, cheapfá. Bhí an teach ag cur thar maoil le daoinibh bochta is le daoinibh saibhre, le daoinibh uaisle is le daoinibh ísle, le hógánachaibh luatha láidre is le seanóiríbh críona caite. Bhí sagairt is bráithre ann ó gach ceard. Bhí dochtúirí is  p.45 dlíodóirí ann ó Thuaim is ó Ghaillimh is ó Uachtar Árd. Bhí lucht páipéar nuachta ann ó Bhaile Átha Cliath. Bhí mac tiarna ann ó Shasana.

Chuaigh a lán daoine suas ag rá amhrán. Chuaigh Brighid suas. Bhíomar-ne ar chúl an tí ag éisteacht léi. Thosnaigh sí uirthi. Bhí beagán cúthalachta uirthi ar dtús, agus bhí an guth ró-íseal aici. Ach tháinig sí chuici féin i leaba a chéile de réir mar do bhí sí ag bogadh amach san amhrán, agus bhain sí deora as súilibh an chomhluadair leis an gceathrúin deiridh.

Chuireadar go léir na gártha asta nuair a bí críochnaithe aici agus í ag teacht anuas.  p.46 Chuireamar-ne liú asainn do shílfeá a phléascfadh díon an tí.

Chuaigh girseach óg suas. Bhí an guth i bhfad níb fhearr aici ná mar a bhí ag Brighid, ach, dar linne, ní raibh an t-uaigneas ná an binneas céanna san amhrán a bhí in amhrán Brighde.

Tháinig sí anuas. Chuir na daoine na gártha astu arís, ach ní thug mé fá deara go raibh éinne ag gol.

D'éirigh duine de na breithiúnaibh ina sheasamh. Mhol sé Brighid go mór. Mhol sé an ghirseach óg go mór, freisin. Bhí sé an-fhadálach.

“Cé acu a ghnóthaigh an duais?” arsa duine againne sa deireadh, nuair a bhí ár gcuid foighde caite.

“Ó, an duais!” ar seisean. “Sea, i dtaoibh na duaise, táimid ghá tabhairt do Nóra Ní Chaiside (an cailín óg), ach táimid ag moladh duais speisialta a thabhairt do Bhrighid Ní Mhainnín (Brighid s'againne). Cuirfear Nóra Ní Chaiside go Baile Átha Cliath le amhrán a rá ag an Oireachtas.”

Chuir muintir Mhuighe Caorthainn liú asta, mar b'as Muigh Chaorthainn Nóra Ní Chaiside. Ní dúramar-ne faic. Bhreathnaíos anonn ar Bhrighid. Bhí a héadan bán-liath, í ar creathadh ina ballaibh.

“Céard dúirt tú, a dhuine uasail, led thoil?” ar sise de ghlór aisteach. “An agam-sa atá an duais?”

“Táimid ag moladh duais speisialta a thabhairt duit, a bhean chóir, mar chruthaigh tú  p.47 go rí-mhaith, chruthaigh sin, ach is do Nóra Ní Chaiside atá duais na Feise molta.”

Níor labhair Brighid focal, ach is amhlaidh d'éirigh sí ina seasamh agus, gan breathnú thairrsti do thaoibh na láimhe deise ná do thaoibh na láimhe clé, thug an doras amach uirthi féin. Bhuail sí an bóthar go Ros na gCaorach, agus bhí sí romhainn nuair a shroicheamar an baile go deireannach san oíche.

Do bhí an tOireachtas le bheith i mBaile Átha Cliath an tseachtain dar gcionn. Ba bhrónach an dream sinn ar cuimhniú dhúinn nach mbeadh Brighid na nAmhrán ann. Bhíomar lán-chinnte nach bhfuair sí cothrom na Féinne i Muigh Chaorthainn, agus cheapamar dá ngabhadh sí go Baile Átha Cliath go bhfaigheadh sí sásamh agus cúiteamh.

Ach fairíor, ní raibh aon airgead againn lena cur ann, agus dá mbeadh féin bhí a fhios againn nach nglacfadh sí uainn é.

Do bhíomar ag cur na ceiste trí chéile tráthnóna amháin ag binn tí an Bhádóra, nuair dob sho chugainn Máirtín beag Ó Conghaile ar lán-rith, agus dúirt linn go raibh Brighid na nAmhrán imithe, an glas ar a doras, agus gan tásc ná tuairisc uirthi le fáil.

Ní raibh a fhios againn céard d'éirigh dhi go ceann coicíse ina dhiaidh sin. Seo mar tharla.

Nuair a chuala sí go raibh an tOireachtas le bheith i mBaile Átha Cliath ar a leithéid seo de lá, dúirt sí léi féin go mbeadh sí ann dá maireadh sí. Níor lig sí tada uirthi, ach d'imigh léi de shiúl oíche, ag coisíocht. Ní raibh ach cúpla  p.48 scilling aici ina póca. Ní raibh a fhios aici cá raibh Baile Átha Cliath ná cá fhaid uaithi é.

Do lean sí uirthi, is cosúil, ag iarraidh eolais ar bhóthair ar na daoinibh a casadh di, ag coisíocht i gcónaí, nó gur fhág sí ina diaidh an Chois Locha, agus an Spidéal, agus Gaillimh, agus an tÓrán Mór, agus Baile Átha an Rí, agus Béal Átha na Slua, agus Béal Átha Luain, agus an Muileann Cearr, agus Magh Nuadhad, nó sa deireadh go bhfaca sí uaithi tithe Baile Átha Cliath.

Is cosúil go raibh a cuid airgid caite i bhfad roimhe sin, agus ní bheidh a fhios ag deoraí go deo cé an chaoi ar mhair an créatúir ar an aistear fada fíor-uaigneach sin.

Ach tráthnóna amháin nuair a bhí an tOireachtas ar lán-tsiúl sa halla mór i mBaile Átha Cliath, do chonacthas bean tuatha ag teacht isteach an doras, a cosa gearrtha gortaithe ag clochaibh crua an bhealaigh, a cuid éadaigh breactha le deannach is le smúr an bhóthair, agus í tugtha traochta sáraithe.

Do shuigh sí fúithi. Bhí daoine ag amhránaíocht ar an sean-nós. Do glaodh ar Bhrighid Ní Mhainnín ó Ros na gCaorach (mar bhí a hainm  p.49 curtha isteach againne ar shúil go bhféadfaimis a cur ann). D'éirigh an tsean-bhean, do chuaigh suas, agus do thosnaigh ar Contae Mhuigheo.

Nuair a chríochnaigh sí, bhí an teach in aon rí-rá amháin le gárthaibh, bhí an t-amhrán chomh breá sin. Dúradh léi ceann eile do rá. Do thosnaigh sí ar Sal Óg Rua. Ní raibh ach an dara ceathrúin ráite aici nuair tháinig meadhrán éigin ina ceann. Do stad sí agus thosnaigh uirthi arís. Tháinig an meadhrán uirthi arís, tháinig creathadh uirthi, agus thit sí i lagar ar an ardán. Tugadh amach as an halla í. Tháinig dochtúir ag breathnú uirthi.

“Tá sí seo ag fáil bháis den ocras agus den chruatan,” ar seisean.

Lena linn sin go díreach do cluineadh gártha móra istigh sa halla. Tháinig duine de na breithiúnaibh amach go deifreach.

“Tá an chéad duais gnóthaithe agat!” ar seisean. “Rinne tú go ——” do stad sé go hobann.

Do bhí sagart ar a ghlúnaibh ag cromadh os cionn Brighde. D'ardaigh sé a lámh agus thug sé an absolóid.

“Tá luach saothair níos fearr ná an chéad duais gnóthaithe aici,” ar seisean.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Brighid na nAmhrán

Author: Pádraic H. Pearse

Responsibility statement

Donated to CELT by: Alan Mac an Bhaird

Electronic edition compiled by: Beatrix Färber

Funded by: University College, Cork

Edition statement

1. First draft, revised and corrected.

Responsibility statement

Proof corrections by: Alan Mac an Bhaird

Extent: 3290 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland.

Date: 2010

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G950004-030

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Notes statement

The English translation is available in a separate file, E950004-030.

Source description

Select editions

  1. P.H. Pearse, An sgoil: a direct method course in Irish (Dublin: Maunsel, 1913).
  2. P.H. Pearse, How does she stand?: three addresses (The Bodenstown series no. 1) (Dublin: Irish Freedom Press, 1915).
  3. P.H. Pearse, From a hermitage (The Bodenstown series no. 2)(Dublin: Irish Freedom Press, 1915).
  4. P.H. Pearse, The murder machine (The Bodenstown series no. 3) (Dublin: Whelan, 1916). Repr. U.C.C.: Department of Education, 1959.
  5. P.H. Pearse, Ghosts (Tracts for the Times) (Dublin: Whelan, 1916.
  6. P.H. Pearse, The Spiritual Nation (Tracts for the Times) (Dublin: Whelan, 1916.
  7. P.H. Pearse, The Sovereign People (Tracts for the Times) (Dublin: Whelan, 1916.
  8. P.H. Pearse, The Separatist Idea (Tracts for the Times) (Dublin: Whelan, 1916.
  9. Pádraic Colum, E.J. Harrington O'Brien (ed), Poems of the Irish revolutionary brotherhood, Thomas MacDonagh, P.H. Pearse (Pádraic MacPiarais), Joseph Mary Plunkett, Sir Roger Casement. (New and enl. ed.) (Boston: Small, Maynard & Company, 1916). First edition, July, 1916; second edition, enlarged, September, 1916.
  10. Michael Henry Gaffney, The stories of Pádraic Pearse (Dublin [etc.]: The Talbot Press Ltd. 1935). Contains ten plays by M.H. Gaffney based upon stories by Pádraic Pearse, and three plays by Pádraic Pearse edited by M.H. Gaffney.
  11. Proinsias Mac Aonghusa, Liam Ó Reagain (ed), The best of Pearse (1967).
  12. Seamus Ó Buachalla (ed), The literary writings of Patrick Pearse: writings in English (Dublin: Mercier, 1979).
  13. Seamus Ó Buachalla, A significant Irish educationalist: the educational writings of P.H. Pearse (Dublin: Mercier, 1980).
  14. Seamus Ó Buachalla (ed), The letters of P. H. Pearse (Gerrards Cross, Bucks.: Smythe, 1980).
  15. Pádraic Mac Piarais (ed), Bodach an chóta lachtna (Baile Átha Cliath: Chonnradh na Gaedhilge, 1906).
  16. Pádraic Mac Piarais, Bruidhean chaorthainn: sgéal Fiannaídheachta (Baile Átha Cliath: Chonnradh na Gaedhilge, 1912).
  17. Pádraic Pearse, Collected works of Pádraic H. Pearse (Dublin: Phoenix Publishing Co. ? 1910 1919). 4 vols. v. 1. Political writings and speeches. —v. 2. Plays, stories, poems. —v. 3. Songs of the Irish rebels and specimens from an Irish anthology. Some aspects of Irish literature. Three lectures on Gaelic topics. —v. 4. The story of a success, edited by Desmond Ryan, and The man called Pearse, by Desmond Ryan.
  18. Pádraic Pearse, Collected works of Pádraic H. Pearse (Dublin; Belfast: Phoenix, ? 1916 1917). 5 vols. [v. 1] Plays, stories, poems.—[v. 2.] Political writings and speeches.—[v. 3] Story of a success. Man called Pearse.—[v. 4] Songs of the Irish rebels. Specimens from an Irish anthology. Some aspects of irish literature.—[v. 5] Scrivinni.
  19. Pádraic Pearse, Collected works of Pádraic H. Pearse … (New York: Frederick A. Stokes Company 1917). 3rd ed. Translated by Joseph Campbell, introduction by Patrick Browne.
  20. Pádraic Pearse, Collected works of Pádraic H. Pearse. 6th ed. (Dublin: Phoenix, 1924 1917) v. 1. Political writings and speeches — v. 2. Plays, stories, poems.
  21. Pádraic Pearse, Collected works of Pádraic H. Pearse (Dublin: Phoenix Pub. Co., 1924). 5 vols. [v. 1] Songs of the Irish rebels and specimens from an Irish anthology. Some aspects of Irish literature. Three lectures on Gaelic topics. — [v. 2] Plays, stories, poems. — [v. 3] Scríbinní. — [v. 4] The story of a success [being a record of St. Enda's College] The man called Pearse / by Desmond Ryan. — [v. 5] Political writings and speeches.
  22. Pádraic Pearse, Short stories of Pádraic Pearse (Cork: Mercier Press, 1968 1976 1989). (Iosagan, Eoineen of the birds, The roads, The black chafer, The keening woman).
  23. Pádraic Pearse, Political writing and speeches (Irish prose writings, 20) (Tokyo: Hon-no-tomosha, 1992). Originally published: Dublin: Maunsel & Roberts, 1922.
  24. Pádraic Pearse, Political writings and speeches (Collected works of Pádraic H. Pearse) (Dublin and London: Maunsel & Roberts Ltd., 1922).
  25. Pádraic Pearse, Political writings and Speeches (Collected works of Pádraic H. Pearse) (Dublin: Phoenix 1916). 6th ed. (Dublin [etc.]: Phoenix, 1924).
  26. Pádraic Pearse, Plays Stories Poems (Collected works of Pádraic H. Pearse) (Dublin, London: Maunsel & Company Ltd., 1917). 5th ed. 1922. Also pubd. by Talbot Press, Dublin, 1917, repr. 1966. Repr. New York: AMS Press, 1978.
  27. Pádraic Pearse, Filíocht Ghaeilge Pádraig Mhic Phiarais (Áth Cliath: Clóchomhar, 1981) Leabhair thaighde; an 35u iml.
  28. Pádraic Pearse, Collected works of Pádraic H. Pearse (New York: Stokes, 1918). Contains The Singer, The King, The Master, Íosagán.
  29. Pádraic Pearse, Songs of the Irish rebels and specimens from an Irish anthology: some aspects of Irish literature: three lectures on Gaelic topics (Collected works of Pádraic H. Pearse) (Dublin: The Phoenix Publishing Co. 1910).
  30. Pádraic Pearse, Songs of the Irish rebels (Collected works of Pádraic H. Pearse) (Dublin: Phoenix Pub. Co., 1917).
  31. Pádraic Pearse, Songs of the Irish rebels, and Specimens from an Irish anthology (Collected works of Pádraic H. Pearse) (Dublin: Maunsel, 1918).
  32. Pádraic Pearse, The story of a success (The complete works of P. H. Pearse) (Dublin: Phoenix Pub. Co., 1917) .
  33. Pádraic Pearse, Scríbinní (The complete works of P. H. Pearse) (Dublin: Phoenix Pub. Co., 1917).
  34. Julius Pokorny, Die Seele Irlands: Novellen und Gedichte aus dem Irisch-Galischen des Patrick Henry Pearse und Anderer zum ersten Male ins Deutsche übertragen (Halle a. S.: Max Niemeyer 1922)
  35. James Simmons, Ten Irish poets: an anthology of poems by George Buchanan, John Hewitt, Pádraic Fiacc, Pearse Hutchinson, James Simmons, Michael Hartnett, Eilean Ní Chuilleanáin, Michael Foley, Frank Ormsby & Tom Mathews (Cheadle: Carcanet Press, 1974).
  36. Cathal Ó hAinle (ed), Gearrscéalta an Phiarsaigh (Dublin: Helicon, 1979).
  37. Ciarán Ó Coigligh (ed), Filíocht Ghaeilge: Phádraig Mhic Phiarais (Baile Átha Cliath: Clóchomhar, 1981).
  38. Pádraig Mac Piarais, et al., Une île et d'autres îles: poèmes gaeliques XXeme siècle (Quimper: Calligrammes, 1984).

Select bibliography

  1. Pádraic Mac Piarais: Pearse from documents (Dublin: Co-ordinating committee for Educational Services, 1979). Facsimile documents. National Library of Ireland. facsimile documents.
  2. Xavier Carty, In bloody protest—the tragedy of Patrick Pearse (Dublin: Able 1978).
  3. Helen Louise Clark, Pádraic Pearse: a Gaelic idealist (1933). (Thesis (M.A.)—Boston College, 1933).
  4. Mary Maguire Colum, St. Enda's School, Rathfarnham, Dublin. Founded by Pádraic H. Pearse. (New York: Save St. Enda's Committee 1917).
  5. Pádraic H. Pearse ([s.l. s.n., C. F. Connolly) 1920).
  6. Elizabeth Katherine Cussen, Irish motherhood in the drama of William Butler Yeats, John Millington Synge, and Pádraic Pearse: a comparative study. (1934) Thesis (M.A.)—Boston College, 1934.
  7. Ruth Dudley Edwards, Patrick Pearse: the triumph of failure (London: Gollancz, 1977).
  8. Stefan Fodor, Douglas Hyde, Eoin MacNeill, and Pádraic Pearse of the Gaelic League: a study in Irish cultural nationalism and separatism, 1893-1916 (1986). Thesis (M.A.)—Southern Illinois University at Carbondale, 1986.
  9. James Hayes, Patrick H. Pearse, storyteller (Dublin: Talbot, 1920).
  10. John J. Horgan, Parnell to Pearse: some recollections and reflections (Dublin: Browne & Nolan, 1948).
  11. Louis N. Le Roux, La vie de Patrice Pearse (Rennes: Imprimerie Commerciale de Bretagne, 1932). Translated into English by Desmond Ryan (Dublin: Talbot, 1932).
  12. Proinsias Mac Aonghusa, Quotations from P.H. Pearse, (Dublin: Mercier, 1979).
  13. Mary Benecio McCarty (Sister), Pádraic Henry Pearse: an educator in the Gaelic tradition (1939) (Thesis (M.A.)—Marquette University, 1939).
  14. Hedley McCay, Pádraic Pearse; a new biography (Cork: Mercier Press, 1966).
  15. John Bernard Moran, Sacrifice as exemplified by the life and writings of Pádraic Pearse is true to the Christian and Irish ideals; that portrayed in the Irish plays of Sean O'Casey is futile (1939). Submitted to Dept. of English. Thesis (M.A.)—Boston College, 1939.
  16. Sean Farrell Moran, Patrick Pearse and the politics of redemption: the mind of the Easter rising, 1916 (Washington, D.C.: Catholic University of America, 1994).
  17. P.S. O'Hegarty, A bibliography of books written by P. H. Pearse (s.l.: 1931).
  18. Máiread O'Mahony, The political thought of Padraig H. Pearse: pragmatist or idealist (1994). Theses—M.A. (NUI, University College Cork).
  19. Daniel J. O'Neill, The Irish revolution and the cult of the leader: observations on Griffith, Moran, Pearse and Connolly (Boston: Northeastern U.P., 1988).
  20. Mary Brigid Pearse (ed), The home-life of Padraig Pearse as told by himself, his family and friends (Dublin: Browne & Nolan 1934). Repr. Cork, Mercier 1979.
  21. Maureen Quill, Pádraic H. Pearse—his philosophy of Irish education (1996). Theses—M.A. (NUI, University College Cork).
  22. Desmond Ryan, The man called Pearse (Dublin: Maunsel, 1919).
  23. Nicholas Joseph Wells, The meaning of love and patriotism as seen in the plays, poems, and stories of Pádraic Pearse (1931). (Thesis (M.A.)—Boston College, 1931).

The edition used in the digital edition

Pearse, Pádraic (1900). ‘Brighid na nAmhrán’. In: Ó Pheann an Phiarsaigh‍. Áth Cliath agus Corcaigh (Dublin and Cork): Comhlucht Oideachais na hÉireann Tta., pp. 43–49.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G950004-030,
  author 	 = {Pádraic Pearse},
  title 	 = {Brighid na nAmhrán},
  booktitle 	 = {Ó~Pheann an Phiarsaigh},
  address 	 = {Áth Cliath agus Corcaigh (Dublin and Cork)},
  publisher 	 = {Comhlucht Oideachais na hÉireann Tta.},
  date 	 = {1900},
  pages 	 = {43–49}
}

 G950004-030.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked, proof-read twice and parsed using NSGMLS.

Normalization: The electronic text represents the edited text.

Quotation: Direct speech is marked q.

Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation: div0=the whole text.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

Profile description

Creation: By Pádraic Henry Pearse (1879-1916).

Date: 1900

Language usage

  • The text is in Irish. (ga)

Keywords: literary; prose; 20c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2010-10-27: XML encoding applied; file proofed (2); file parsed; conversion script run; SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-10-26: File converted to XML; header constructed based on companion file E950004-030. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2009-12-09: Text donated to CELT. (donation Alan Mac an Bháird)
  4. 2009-12: Text captured in RTF format and proofread (1). (data capture/ed. Alan Mac an Bháird)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G950004-030.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top