Pádraic H. Pearse
Whole text
An Gadaí
Lá dár scaoileadh malraigh an Ghoirt Mhóir amach ó scoil, tar éis imeacht soir do mhuintir Ghlinne Chatha agus do mhuintir Dhoire an Bhainbh, d'fhan muintir an Turlaigh agus muintir Inbhir le scathamh cainte do bheith acu roimh scaradh dóibh ag bóthar Ros na gCaorach. Tá teach an mháistir go díreach ag ceann an bhóthair, a chúl leis an gcnoc agus a aghaidh ar Loch Eileabhrach.
“Chuala mé go raibh beacha an mháistir ag éirí,” adeir Micilín Bheairtle Éanna.
“Teanna uait isteach sa ngarraí go mbreathnaímid orthu,” adeir Darach Bhairbre an Droichid.
“Ní ligfeadh an faitíos dhom,” arsa Micilín.
“Cé an faitíos atá ort?” adeir Darach.
“Ar ndóigh, beidh an máistir agus an mháistreás anoir ar ball.”
“Cé fhanfas le focal na faire a thabhairt dúinn nuair bheas an máistir ag tíocht,” arsa Darach.
“Fanfaidh mise,” adeir Antoine beag Ó Mainnín.
“Déanfaidh sin,” arsa Darach, “lig fead nuair fheicfeas tú ag fágáil na scoile é.”
Isteach thar sconsa leis. Isteach thar sconsa leis an gcuid eile ina dhiaidh.
“Fainic an gcuirfí gath i nduine agaibh” arsa Antoine.
“Beag an baol,” adeir Darach. Agus as go brách leo.
Do shuigh Antoine ar an sconsa agus a chúl le bóthar. D'fhéadfadh sé an máistir d'fheiscint thar a ghualainn deis dá bhfágadh sé teach na scoile. Ba dheas an gairdín a bí ag an máistir, dar le Antoine. Bhí crainn rós agus crainn spíonán agus crainn úll aige. Bhí clocha beaga geala aige thart leis an gcasán. Bhí clocha móra geala ina gcarnán deas aige agus caonach agus dubh-chosach agus raithneach ag fás eatarthu. Bhí …
Do chonaic Antoine ionadh ba mhó ná aon ionadh dá raibh ag an máistir sa ngairdín. Do chonaic sé teaichín beag álainn fá scáth crainn de na crannaib rós; é déanta d'adhmad; seomraí dhá stór ann; dath bán ar an stór íochtair agus dath dearg ar an stór uachtair; doras beag glas air; trí fuinneoga gloine air, ceann ó íochtar agus dhá cheann ó uachtar; troscán tí ann, idir boird, cathaoireacha, leapacha, gréithre, agus eile; “agus,” arsa Antoine leis féin, “féach bean uasal an tí ina suí sa doras!”
Ní fhaca Antoine teach bábóige riamh roimhe sin, agus dob ionadh leis a ghleoiteacht agus a dheise mar áilleán. Thuig sé gur le cailín beag an mháistir é, le Neans bhig. Dá mbeadh a leithéid ag a dheirfiúirín bheag féin, ag Eibhlín, p.84 an créatúr, a bhí sínte ar a leaba le ráithe mhóir agus í lag tinn! Dá mbeadh an bábóigín féin aici!
Do chuir Antoine saint a chroí sa mbábóig sin d'Eibhlín. D'fhéach sé thar a ghualainn deis. Ní raibh an máistir ná an mháistreás le feiscint. D'fhéach sé thar a ghualainn chlé. Bhí na gasúir eile as amharc.
Ní dhearna sé an dara smaoineadh. Thug sé a shain-léim den sconsa, rug ar an mbábóig, do sháigh isteach fána chasóig í, d'imigh leis thar claí amach arís, agus do ghread leis abhaile.
“Tá bronntanas agam duit,” ar seisean le Eibhlín nuair ráinig sé an teach. “Féach!” Leis sin do thaispeáin sé an bhábóg di.
p.85Tháinig dath i leacain chaite an chailín bhig do bhí tinn, agus tháinig solas ina súilibh.
“Óra, a Antoine, a ghrá, cá bhfuair tú í?” ar sise.
“Neans bheag an mháistir a chuir chugat mar bronntanas í,” arsa Antoine.
Tháinig a mháthair isteach.
“A Mhaimín, a chuid,” arsa Eibhlín, “féach an bronntanas a chuir Neans bheag an mháistir chugam!”
“An dáiríribh?” arsan mháthair.
“Sea,” arsa Eibhlín. “Antoine a thug isteach chugam anois í.”
D'fhéach Antoine síos ar a chosaibh agus do ghabh ag comhaireamh na méar a bhí orthu.
“A mhainín féin,” adeir an mháthair, “nach í bhí go maith dhuit! Maise, mo ghoirm thú, a Neans! Rachaidh mé i mbannaíbh go gcuirfidh an bronntanas sin biseach mór ar mo chailín beag.”
Agus tháinig deora i súilibh na máthar de bharr an bhuíochais a bhí aici ar Neans bhig i dtaobh gur chuimhnigh sí ar an leanbh a bhí tinn.
Cé nár fhéad sé féachaint idir na súile ar a mháthair ná ar Eibhlín, le teann náire, bhí áthas ar Antoine go ndearna sé an ghoid.
Bhí eagla air a phaidreacha a rá an oíche sin, agus luigh sé ar a leaba gan paidir. Ní fhéadfadh sé gníomh croí-bhrúite a dhéanamh mar ní go fírinneach d'fhéad sé a rá le Dia go raibh brón air fán bpeacadh sin.
Is minic a scanraigh sé san oíche arna shamhlú dhó go raibh Neans bheag ag teacht ag iarraidh na bábóige ar Eibhlín, go raibh an máistir ag cur p.86 na gadaíochta ina leith os comhair na scoile, go raibh urchar iontach beach ag éirí ina choinne agus Darach Bhairbre an Droichid agus na gasúir eile dá ngríosadh le gárthaibh béil agus le ceol drumaí.
Ach ar maidin lá arna mhárach dúirt sé leis féin: “Is cuma liom. Cuirfidh an bhábóg biseach ar Eibhlín.”
Nuair a chuaigh sé chun scoile d'fhiafraigh na gasúir dhe cad chuige ar imigh sé i gan fios an tráthnóna roimhe sin agus é tar éis a gheallúna dhóibh go ndéanfadh sé faire.
“Mo mháthair a chuir fios orm,” arsa Antoine. “bhí gnó aici dhíom.”
Nuair tháinig Neans bheag isteach sa scoil d'fhéach Antoine uirthi os íseal. Shíl sé uirthi go raibh sí tar éis bheith ag gol; cheap sé go bhfaca sé rian na ndeor ar a leicnibh. An chéad uair a ghlaoigh an máistir ina ainm air do gheit sé, óir shíl sé go raibh sé ar tí an choir a chur ina leith, nó ceist a chur air i dtaoibh na bábóige. Níor chuir sé isteach lá riamh ar scoil chomh dona leis an lá sin.
Ach nuair a chuaigh sé abhaile agus nuair a chonaic sé biseach maith ar Eibhlín, agus í ina suí aniar sa leaba den chéad uair le mí agus an bhábóg fáiscthe lena hucht aici, ar seisean leis féin: “Is cuma liom. Tá an bhábóg ag cur bisigh mhóir ar Eibhlín.”
Ar a leaba dhó san oíche bí droch-bhrionglóidí aige arís. Cheap sé go raibh an máistir tar éis a inste do na pílears gur ghoid sé an bhábóg, agus go raibh na pílears ar a thí. Shíl sé uair
p.87
acu go raibh pílear i bhfolach fán leaba agus go raibh ceann eile ar a chromadh fá scáth brait na fuinneoige. Scread sé os ard trína chodladh.
“Céard tá ort?” adeir a athair leis.
“An pílear atá ar tí mé ghabháil,” arsa Antoine.
“Níl tú ach ag rámhailleacht, a ghasúir,” arsa a athair leis. “Níl aon phílear ann. Téire a chodladh duit féin.”
Ba dona an saol ag an duine bocht é as sin amach. Shíleadh sé go mbítí ag síneadh méir chuige agus é ag siúl an bhóthair. Shíleadh sé go mbíodh daoine ag crathadh an chinn agus ag rá lena chéile, “Sin gadaí,” nó, “Ar chuala tú céard a rinne Antoine Pháraic Uí Mhainnín? A bábóg a ghoid ó Neans bhig an mháistir! Anois céard deir tú?”
Ach níor fhulaing sé pian i gceart go ndeachaigh sé chun Aifrinn Dé Domhnaigh agus gur thosnaigh an tAthair Rónán ag tabhairt seanmóire uaidh ar an Seachtú hAithne: “Ná déan goid; agus má dhéanann tú goid, ní maithfear duit go dtuga tú cúiteamh.”
Bhí Antoine lán-chinnte go raibh sé i bpeacadh marfa. Bhí a fhios aige go mba cheart dó dul chun faoistine agus an peacadh d'insint don tsagart.
Ach ní fhéadfadh sé dul chun faoistine, mar bhí a fhios aige go n-abródh an sagart leis go gcaithfeadh sé an bhábóg a thabhairt ar ais. Agus ní thiúrfadh sé an bhábóg ar ais. Chruaigh sé a chroí agus dúirt nach dtiúrfadh sé an bhábóg ar p.88 ais go deo, mar bhí an bhábóg ag cur bisigh ar Eibhlín ó ló go ló.
Aon tráthnóna amháin bhí sé ina shuí cois na leapan i séis chomhrá le hEibhlín nuair a rith a mháthair isteach go deifreach agus ar sise—
“Seo aníos an bóithrín an mháistreás agus Neans bheag!”
Ba mhaith le Antoine go n-osclódh an talamh agus go sloigfeadh sí é. Bhí a éadan dearg suas go dtí an dá chluais. Bhí allas leis. Níor fhéad sé focal a rá ná smaoineamh a cheapadh.
Ach bhí na focla so ag rith trína cheann: “Bainfidh siad an bhábóg d'Eibhlín.” Ba chuma leis céard déarfaí nó céard déanfaí leis féin. Ní bheadh d'fhreagra aige ach: “Tá an bhábóg ag cur bisigh ar Eibhlín.”
Tháinig an mháistreás agus Neans bheag isteach sa seomra. D'éirigh Antoine. Níor fhéad sé féachaint san éadan orthu. Thosnaigh sé ar a shean-tseift, ag comhaireamh méar a chos. Cúig cinn ar gach cois; ceithre mhéar agus ordóg; nó trí mhéar, ordóg, agus ladhraicín; sin cúig cinn; a cúig fá dhó, a deich; deich gcinn ar fad. Níor fhéad sé a líon a mhéadú ná a laghdú.
Bhí a mháthair ag caint. Bhí an mháistreás ag caint, ach ní raibh aon aire ag Antoine orthu. Bhí sé ag fanúint nó go n-abrófaí rud éigin i dtaoibh na bábóige. Ní raibh le déanamh aige go dtí sin ach a mhéaracha a chomhaireamh. A haon, a dó, a trí …
Céard é sin? bhí Eibhlín ag tagairt don bhábóig. D'éist Antoine léi.
p.89
“Nár mhaith uait an bhábóg a chur chugam?” Bhí sí ag rá le Neans. “Ón lá thug Antoine isteach chugam í thosnaigh biseach ag teacht orm.”
“Thosnaigh sin,” adeir a máthair. “Beimid buíoch dhíot go deo i ngeall ar an mbábóig céanna a chur chuici. Go méadaí Dia do stór agus go gcúití Sé leat míle uair é.”
Níor labhair Neans ná an mháistreás. D'fhéach Antoine ar Neans fá cheilt. Bhí a dhá súil greamaithe sa mbábóig, óir bhí an bhábóg ina luí go seascair sa leaba le hais Eibhlín. Bhí a béal leath ar oscailt ag Neans agus ionadh an domhain uirthi faoi ráitibh Eibhlín agus a máthar.
“Is ar éigean a chreid mé Antoine nuair a thug sé isteach chugam í,” arsa Eibhlín; “agus nuair d'innis sé dhom gun chuir tú chugam mar bhronntanas í …”
D'fhéach Neans anonn ar Antoine. D'ardaigh Antoine a shúile go mall agus d'fhéachadar isteach i súilibh a chéile. Ní bheidh a fhios go deo céard a léigh Eibhlín i súilibh Antoine. Is é an rud a léigh Antoine i súilibh Neans, an trócaire, an bháidh, agus an mhilseacht. Do labhair Neans le hEibhlín.
“An dtaithníonn sí leat?” ar sise.
“Ó, taithníonn thar cionn,” adeir Eibhlín. “Is fearr liom í ná aon rud dá bhfuil agam ar an domhan.”
“Tá teach beag agam ina gcónaíodh sí,” arsa Neans. “Caithfidh mé a chur chugat lena haghaidh. Tabharfaidh Antoine chugat amárach é.”
“Óra!” arsa Eibhlín, agus í ag bualadh a dhá boisín beaga tanaí lena chéile.
p.90
“Bheadh sé mór agat, a ghrá,” arsa máthair Eibhlín le Neans.
“Ní bheadh,” arsa Neans. “Cuirfidh sé biseach eile ar Eibhlín. Tá go leor rudaí agam-sa.”
“Lig di a dhéanamh, a Cháit,” ansan mháistreás leis an máthair.
“Tá sibh ró-mhaith,” adeir an bhean bhocht agus í ag sileadh na ndeor.
Do shíl Antoine gurb ag brionglóidigh a bhí sé. Nó shíl sé nach duine saolta Neans bheag ach aingeal as na flaitheasaibh anuas. Bhí fonn air dul ar a ghlúnaibh ina fianaise.
p.91Nuair d'imigh an mháistreás agus Neans bheag, rith Antoine amach an doras iata agus do réab leis trasna an gharraí ionas go raibh sé rompu ag bun an bhóithrín ag dul amach an bóthar dhóibh.
“A Neans,” ar seisean, “séard a rinne mé … a goid … an bhábóg.”
“Ná bac leis, a Antoine,” arsa Neans. “Rinne tú maitheas d'Eibhlín.”
D'fhan Antoine ina staic ar an mbóthar agus níor fhéad sé focal eile a rá.
Nach air a bhí an bród ag tabhairt tí na bábóige abhaile d'Eibhlín tar éis scoile lá arna mhárach! Agus nach acu a bhí an greann an tráthnóna sin ag réiteach an tí agus ag glanadh an troscáin agus ag cur na bábóige a chodladh ar a leaba bhig! An Satharn dar gcionn do chuaigh Antoine chun faoistine agus d'innis a pheacadh don tsagart. Is é an breithiúnas aithrí a chuir an sagart air: teach na bábóige do sciúradh uair sa tseachtain d'Eibhlín nó go mbeadh Eibhlín láidir a dóthain chun a sciúrtha í féin.
Bhí Eibhlín láidir a dóthain chuige fá cheann míosa. Bhí sí ar scoil arís fá cheann míosa eile.
Ní raibh aon tráthnóna Sathairn as sin amach nach gcloisfí bualadh beag éadrom ar dhoras an mháistir. Ar dul amach don mháistreás do bhíodh Antoine ina sheasamh ag an doras.
“Seo bronntanas beag do Neans,” deireadh sé, ag síneadh chuici leath-doisín ubh lachan, nó lán cráige fraochán, nó ar a laghad lán glaice de dhuileasc.
Agus ansin do scuabadh leis gan am a thabhairt don mháistreás focal a rá.
Document details
The TEI Header
File description
Title statement
Title (uniform): An Gadaí
Author: Pádraic H. Pearse
Responsibility statement
Donated to CELT by: Alan Mac an Bhaird
Electronic edition compiled by: Beatrix Färber
Funded by: University College, Cork
Edition statement
1. First draft, revised and corrected.
Responsibility statement
Proof corrections by: Alan Mac an Bhaird
Extent: 4000 words
Publication statement
Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork
Address: College Road, Cork, Ireland.
Date: 2010
Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.
CELT document ID: G950004-031
Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.
Notes statement
The English translation is available in a separate file, E950004-031.
Source description
Select editions
- P.H. Pearse, An sgoil: a direct method course in Irish (Dublin: Maunsel, 1913).
- P.H. Pearse, How does she stand?: three addresses (The Bodenstown series no. 1) (Dublin: Irish Freedom Press, 1915).
- P.H. Pearse, From a hermitage (The Bodenstown series no. 2)(Dublin: Irish Freedom Press, 1915).
- P.H. Pearse, The murder machine (The Bodenstown series no. 3) (Dublin: Whelan, 1916). Repr. U.C.C.: Department of Education, 1959.
- P.H. Pearse, Ghosts (Tracts for the Times) (Dublin: Whelan, 1916.
- P.H. Pearse, The Spiritual Nation (Tracts for the Times) (Dublin: Whelan, 1916.
- P.H. Pearse, The Sovereign People (Tracts for the Times) (Dublin: Whelan, 1916.
- P.H. Pearse, The Separatist Idea (Tracts for the Times) (Dublin: Whelan, 1916.
- Pádraic Colum, E.J. Harrington O'Brien (ed), Poems of the Irish revolutionary brotherhood, Thomas MacDonagh, P.H. Pearse (Pádraic MacPiarais), Joseph Mary Plunkett, Sir Roger Casement. (New and enl. ed.) (Boston: Small, Maynard & Company, 1916). First edition, July, 1916; second edition, enlarged, September, 1916.
- Michael Henry Gaffney, The stories of Pádraic Pearse (Dublin [etc.]: The Talbot Press Ltd. 1935). Contains ten plays by M.H. Gaffney based upon stories by Pádraic Pearse, and three plays by Pádraic Pearse edited by M.H. Gaffney.
- Proinsias Mac Aonghusa, Liam Ó Reagain (ed), The best of Pearse (1967).
- Seamus Ó Buachalla (ed), The literary writings of Patrick Pearse: writings in English (Dublin: Mercier, 1979).
- Seamus Ó Buachalla, A significant Irish educationalist: the educational writings of P.H. Pearse (Dublin: Mercier, 1980).
- Seamus Ó Buachalla (ed), The letters of P. H. Pearse (Gerrards Cross, Bucks.: Smythe, 1980).
- Pádraic Mac Piarais (ed), Bodach an chóta lachtna (Baile Átha Cliath: Chonnradh na Gaedhilge, 1906).
- Pádraic Mac Piarais, Bruidhean chaorthainn: sgéal Fiannaídheachta (Baile Átha Cliath: Chonnradh na Gaedhilge, 1912).
- Pádraic Pearse, Collected works of Pádraic H. Pearse (Dublin: Phoenix Publishing Co. ? 1910 1919). 4 vols. v. 1. Political writings and speeches.— v. 2. Plays, stories, poems.— v. 3. Songs of the Irish rebels and specimens from an Irish anthology. Some aspects of Irish literature. Three lectures on Gaelic topics.— v. 4. The story of a success, edited by Desmond Ryan, and The man called Pearse, by Desmond Ryan.
- Pádraic Pearse, Collected works of Pádraic H. Pearse (Dublin; Belfast: Phoenix, ? 1916 1917). 5 vols. [v. 1] Plays, stories, poems.—[v. 2.] Political writings and speeches.—[v. 3] Story of a success. Man called Pearse.—[v. 4] Songs of the Irish rebels. Specimens from an Irish anthology. Some aspects of irish literature.—[v. 5] Scrivinni.
- Pádraic Pearse, Collected works of Pádraic H. Pearse … (New York: Frederick A. Stokes Company 1917). 3rd ed. Translated by Joseph Campbell, introduction by Patrick Browne.
- Pádraic Pearse, Collected works of Pádraic H. Pearse. 6th ed. (Dublin: Phoenix, 1924 1917) v. 1. Political writings and speeches — v. 2. Plays, stories, poems.
- Pádraic Pearse, Collected works of Pádraic H. Pearse (Dublin: Phoenix Pub. Co., 1924). 5 vols. [v. 1] Songs of the Irish rebels and specimens from an Irish anthology. Some aspects of Irish literature. Three lectures on Gaelic topics. — [v. 2] Plays, stories, poems. — [v. 3] Scríbinní. — [v. 4] The story of a success [being a record of St. Enda's College] The man called Pearse / by Desmond Ryan. — [v. 5] Political writings and speeches.
- Pádraic Pearse, Short stories of Pádraic Pearse (Cork: Mercier Press, 1968 1976 1989). (Iosagan, Eoineen of the birds, The roads, The black chafer, The keening woman).
- Pádraic Pearse, Political writing and speeches (Irish prose writings, 20) (Tokyo: Hon-no-tomosha, 1992). Originally published: Dublin: Maunsel & Roberts, 1922.
- Pádraic Pearse, Political writings and speeches (Collected works of Pádraic H. Pearse) (Dublin and London: Maunsel & Roberts Ltd., 1922).
- Pádraic Pearse, Political writings and Speeches (Collected works of Pádraic H. Pearse) (Dublin: Phoenix 1916). 6th ed. (Dublin [etc.]: Phoenix, 1924).
- Pádraic Pearse, Plays Stories Poems (Collected works of Pádraic H. Pearse) (Dublin, London: Maunsel & Company Ltd., 1917). 5th ed. 1922. Also pubd. by Talbot Press, Dublin, 1917, repr. 1966. Repr. New York: AMS Press, 1978.
- Pádraic Pearse, Filíocht Ghaeilge Pádraig Mhic Phiarais (Áth Cliath: Clóchomhar, 1981) Leabhair thaighde; an 35u iml.
- Pádraic Pearse, Collected works of Pádraic H. Pearse (New York: Stokes, 1918). Contains The Singer, The King, The Master, Íosagán.
- Pádraic Pearse, Songs of the Irish rebels and specimens from an Irish anthology: some aspects of Irish literature: three lectures on Gaelic topics (Collected works of Pádraic H. Pearse) (Dublin: The Phoenix Publishing Co. 1910).
- Pádraic Pearse, Songs of the Irish rebels (Collected works of Pádraic H. Pearse) (Dublin: Phoenix Pub. Co., 1917).
- Pádraic Pearse, Songs of the Irish rebels, and Specimens from an Irish anthology (Collected works of Pádraic H. Pearse) (Dublin: Maunsel, 1918).
- Pádraic Pearse, The story of a success (The complete works of P. H. Pearse) (Dublin: Phoenix Pub. Co., 1917) .
- Pádraic Pearse, Scríbinní (The complete works of P. H. Pearse) (Dublin: Phoenix Pub. Co., 1917).
- Julius Pokorny, Die Seele Irlands: Novellen und Gedichte aus dem Irisch-Galischen des Patrick Henry Pearse und Anderer zum ersten Male ins Deutsche übertragen (Halle a. S.: Max Niemeyer 1922)
- James Simmons, Ten Irish poets: an anthology of poems by George Buchanan, John Hewitt, Pádraic Fiacc, Pearse Hutchinson, James Simmons, Michael Hartnett, Eilean Ní Chuilleanáin, Michael Foley, Frank Ormsby & Tom Mathews (Cheadle: Carcanet Press, 1974).
- Cathal Ó hAinle (ed), Gearrscéalta an Phiarsaigh (Dublin: Helicon, 1979).
- Ciarán Ó Coigligh (ed), Filíocht Ghaeilge: Phádraig Mhic Phiarais (Baile Átha Cliath: Clóchomhar, 1981).
- Pádraig Mac Piarais, et al., Une île et d'autres îles: poèmes gaeliques XXeme siècle (Quimper: Calligrammes, 1984).
Select bibliography
- Pádraic Mac Piarais: Pearse from documents (Dublin: Co-ordinating committee for Educational Services, 1979). Facsimile documents. National Library of Ireland. facsimile documents.
- Xavier Carty, In bloody protest—the tragedy of Patrick Pearse (Dublin: Able 1978).
- Helen Louise Clark, Pádraic Pearse: a Gaelic idealist (1933). (Thesis (M.A.)—Boston College, 1933).
- Mary Maguire Colum, St. Enda's School, Rathfarnham, Dublin. Founded by Pádraic H. Pearse. (New York: Save St. Enda's Committee 1917).
- Pádraic H. Pearse ([s.l.: s.n., C. F. Connolly) 1920).
- Elizabeth Katherine Cussen, Irish motherhood in the drama of William Butler Yeats, John Millington Synge, and Pádraic Pearse: a comparative study. (1934) Thesis (M.A.)—Boston College, 1934.
- Ruth Dudley Edwards, Patrick Pearse: the triumph of failure (London: Gollancz, 1977).
- Stefan Fodor, Douglas Hyde, Eoin MacNeill, and Pádraic Pearse of the Gaelic League: a study in Irish cultural nationalism and separatism, 1893-1916 (1986). Thesis (M.A.)—Southern Illinois University at Carbondale, 1986.
- James Hayes, Patrick H. Pearse, storyteller (Dublin: Talbot, 1920).
- John J. Horgan, Parnell to Pearse: some recollections and reflections (Dublin: Browne & Nolan, 1948).
- Louis N. Le Roux, La vie de Patrice Pearse (Rennes: Imprimerie Commerciale de Bretagne, 1932). Translated into English by Desmond Ryan (Dublin: Talbot, 1932).
- Proinsias Mac Aonghusa, Quotations from P.H. Pearse, (Dublin: Mercier, 1979).
- Mary Benecio McCarty (Sister), Pádraic Henry Pearse: an educator in the Gaelic tradition (1939) (Thesis (M.A.)—Marquette University, 1939).
- Hedley McCay, Pádraic Pearse; a new biography (Cork: Mercier Press, 1966).
- John Bernard Moran, Sacrifice as exemplified by the life and writings of Pádraic Pearse is true to the Christian and Irish ideals; that portrayed in the Irish plays of Sean O'Casey is futile (1939). Submitted to Dept. of English. Thesis (M.A.)—Boston College, 1939.
- Sean Farrell Moran, Patrick Pearse and the politics of redemption: the mind of the Easter rising, 1916 (Washington, D.C.: Catholic University of America, 1994).
- P.S. O'Hegarty, A bibliography of books written by P. H. Pearse (s.l.: 1931).
- Máiread O'Mahony, The political thought of Padraig H. Pearse: pragmatist or idealist (1994). Theses—M.A. (NUI, University College Cork).
- Daniel J. O'Neill, The Irish revolution and the cult of the leader: observations on Griffith, Moran, Pearse and Connolly (Boston: Northeastern U.P., 1988).
- Mary Brigid Pearse (ed), The home-life of Padraig Pearse as told by himself, his family and friends (Dublin: Browne & Nolan 1934). Repr. Cork, Mercier 1979.
- Maureen Quill, Pádraic H. Pearse—his philosophy of Irish education (1996). Theses—M.A. (NUI, University College Cork).
- Desmond Ryan, The man called Pearse (Dublin: Maunsel, 1919).
- Nicholas Joseph Wells, The meaning of love and patriotism as seen in the plays, poems, and stories of Pádraic Pearse (1931). (Thesis (M.A.)—Boston College, 1931).
The edition used in the digital edition
Pearse, Pádraic (1900). ‘An Gadaí’. In: Ó Pheann an Phiarsaigh. Áth Cliath agus Corcaigh (Dublin and Cork): Comhlucht Oideachais na hÉireann Tta., pp. 82–91.
You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:
@incollection{G950004-031, author = {Pádraic Pearse}, title = {An Gadaí}, booktitle = {Ó~Pheann an Phiarsaigh}, address = {Áth Cliath agus Corcaigh (Dublin and Cork)}, publisher = {Comhlucht Oideachais na hÉireann Tta.}, date = {1900}, pages = {82–91} }
Encoding description
Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling declarations
All the editorial text with the corrections of the editor has been retained.
Editorial declarations
Correction: Text has been checked, proof-read twice and parsed using NSGMLS.
Normalization: The electronic text represents the edited text.
Quotation: Direct speech is marked q.
Hyphenation: The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.
Segmentation: div0=the whole text.
Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.
Reference declaration
The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.
The title of the text is held as the first head element within each text.
div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).
Profile description
Creation: By Pádraic Henry Pearse (1879-1916).
Date: 1900
Language usage
- The text is in Irish. (ga)
Keywords: literary; prose; 20c
Revision description
(Most recent first)
- 2010-10-29: XML encoding applied; file proofed (2); file parsed; conversion script run; SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
- 2010-10-27: File converted to XML; header constructed based on companion file E950004-031. (ed. Beatrix Färber)
- 2009-12-09: Text donated to CELT. (donation Alan Mac an Bháird)
- 2009-12: Text captured in RTF format and proofread (1). (data capture/ed. Alan Mac an Bháird)