Research Profile

Cormac Ó Haodha

Biography

Is cainteoir dúchais Gaeilge mé as Cúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí. Creidim go dtugann an cúlra seo tuiscint mhaith dom ar an gCultúr agus ar an dTraidisiún Gaelach, go háirithe maidir le seantraidisiún litríochta, amhránaíochta agus Gaeilge na Gaeltachta sin.

Tá tréimhsí éagsúla tugtha agam ag obair in earnálacha éagsúla aggus fiú in áiteanna difriúla. Thugas tamall ag obair mar fho-theidleoir in earnáil na teilifíse Gaeilge, seal im léachtóir le Gaeilge agus le Cultúr na hÉireann in Ollscoil Rennes 2 sa Bhriotáin mar a chuireas feabhas mór ar mo chuid Fraincise agus níos déanaí sa Bhruiséil, mar a thugas tamall im aistritheoir gairmiúil i gCoimisiún na hEorpa.

Tá na blianta tugtha mar theagascóir Gaeilge agam agus mar shaineolaí i suiteáil, in oiliúint agus in úsáid an bhogearra ríomhchuidithe (CAT) e.g. ‘SDL Trados Studio Professional 2015’. Tá taithí agam ar gach gné d’earnáil an aistriúcháin Ghaeilge in Éirinn agus sna hInstitiúidí Eorpacha; An Coimisiún, An Pharlaimint agus an Chomhairle.

Thosnaíos ag obair in Ionad na Gaeilge Labhartha mar Aistritheoir-Teagascóir i mí Bealtaine 2015.

Ón am sin tá ranganna oíche Gaeilge tugtha agam in Ionad na Gaeiilge Labhartha agus Ranganna Saotharlann Teanga tugtha agam i Roinn na Nua-Ghaeilge.

Publications

Conference Publications

 YearPublication
(2002)Bretagne et Irlande : régions celtiques, régions péripheroques?
Ó hAodha (2002) Some notes on the Tradition of Sean-nós Singing in Ireland Bretagne et Irlande : régions celtiques, régions péripheroques? [Details]

Books

 YearPublication
(2016)AMHRÁIN Ó MHÚSCRAÍ bailithe ag Próinséas Ó Ceallaigh.
Ó hAodha, Cormac (2016) AMHRÁIN Ó MHÚSCRAÍ bailithe ag Próinséas Ó Ceallaigh. Indreabhán, Co. na Gaillimhe: An Clóchomhar (Cló Iar-Chonnacht). [Details]

Professional Activities

Languages

 LanguageReadingWritingSpeaking
Gaeilge FluentFluentFluent
English FluentFluentFluent
French FluentFluentFluent

Teaching Activities

Teaching Interests

Tá na blianta tugtha mar theagascóir Gaeilge agam agus mar shaineolaí i suiteáil, in oiliúint agus in úsáid an bhogearra ríomhchuidithe (CAT) e.g. ‘SDL Trados Studio Professional 2015’. Tá taithí agam ar gach gné d’earnáil an aistriúcháin Ghaeilge in Éirinn agus sna hInstitiúidí Eorpacha; An Coimisiún, An Pharlaimint agus an Chomhairle.

Thosnaíos ag obair in Ionad na Gaeilge Labhartha mar Aistritheoir-Teagascóir i mí Bealtaine 2015.

Ón am sin tá ranganna oíche Gaeilge tugtha agam in Ionad na Gaeiilge Labhartha agus Ranganna Saotharlann Teanga tugtha agam i Roinn na Nua-Ghaeilge.

Contact details

Search profiles by name

Search profiles by topic

University College Cork

Coláiste na hOllscoile Corcaigh

College Road, Cork T12 K8AF

Top